<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0002</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An 28ú Córas: creat dlíthiúil nua do chuideachtaí nuálacha</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0269/2025 -  Rapóirtéir: René Repasi)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2026 maille le moltaí don Choimisiún maidir leis an 28ú Córas: creat dlíthiúil nua do chuideachtaí nuálacha (2025/2079(INL))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 50 agus d’Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (an Róimh I)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 177, 4.7.2008, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/593/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála<FOOTNOTE><FIELD> IO L 351, 20.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1215/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/102/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 i réimse dhlí na gcuideachtaí maidir le cuideachtaí príobháideacha teoranta aonbhaill<FOOTNOTE><FIELD> IO L 258, 1.10.2009, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/102/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 169, 30.6.2017, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1132/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féáchaint do Threoir (AE) 2019/2121 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann<FOOTNOTE><FIELD> IO L 321, 12.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/2121/oj.</FIELD></FOOTNOTE><STRING SUPERSCRIPT="on">,,</STRING>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2025/25 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Treoir 2009/102/CE agus Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próisis dhigiteacha i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú tuilleadh<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/25, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/25/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2001/86/CE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht do Chuideachta Eorpach maidir le rannpháirtíocht fostaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 294, 10.11.2001, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/86/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2025, dar teideal ‘Straitéis an Aontais Eorpaigh um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta an 17 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market’</STRING> [Margadh thar an gCoitiantacht],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá beartaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 47 agus do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0269/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go mbíonn ar fhiontair, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, ar fud an Aontais aghaidh a thabhairt ar chreataí rialála atá an-éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile; de bhrí go gcuireann an éagsúlacht rialála agus na costais ghaolmhara a bhaineann le dul i ngleic le timpeallachtaí nach bhfuil cur amach acu orthu bac ar mhaoiniú  agus scálú uile-Eorpach na ngnólachtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur thug an Coimisiún chun suntais, ina theachtaireacht dar teideal ‘Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú’, go gcuireann ilroinnt agus peirspictíochtaí fáis níos ísle brú ar chuideachtaí nuálacha maoiniú a lorg lasmuigh den Eoraip;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur minice ná riamh anois a éilíonn an timpeallacht ghnó dhomhanda lúfaireacht, digitiú agus rochtain ar mhargaí éagsúla agus ar linnte tallainne, rud a bhfuil deacrachtaí ag go leor cuideachtaí de chuid an Aontais iad a bhaint amach faoi láthair mar gheall ar chastacht rialála agus creataí neamhréireacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go n-oibreoidh an tAontas, agus é cúramach chun a áirithiú gur féidir le cuideachtaí dul san iomaíocht ar théarmaí comhionanna, mar a fhoráiltear in Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa atá bunaithe ar fhás eacnamaíoch cothrom agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ar ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí córas aontaithe Eorpach um an dlí corparáideach a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla, ní hamháin trí ghníomh reachtach neamhspleách de chuid an Aontais ach freisin trí shraith rialacha a thabhairt isteach a fheidhmíonn in éineacht leis an gcóras dlí náisiúnta atá ann i ngach Ballstát, gan ualaí breise riaracháin nó airgeadais nó cineálacha eile bacainní ar fhorbairt gnólachtaí, go háirithe FBManna, a bheith mar thoradh ar na rialacha sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil creataí dlíthiúla glactha ag an Aontas cheana féin le haghaidh cuideachta Phoiblí Eorpach atá Teoranta ó thaobh Dliteanais, Comharchumann Eorpach agus Grúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch; de bhrí nach bhfuil na foirmeacha corparáideacha sin oiriúnach, áfach, chun a chur ar chumas gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú oibriú ar bhealach níos éifeachtúla sa mhargadh inmheánach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, trí rochtain níos éasca ar chaipiteal agus ar thallann a éascú trí chreat dlíthiúil simplithe agus aonfhoirmeach, go gcuirfear feabhas ar chumas FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú dul san iomaíocht ar fud an domhain, infheistíocht a mhealladh agus rannchuidiú le cruthú post agus comhtháthú sóisialta laistigh den Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur gá soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’infheisteoirí Eorpacha agus eachtracha trína chur ar a gcumas infheistíocht trasteorann a dhéanamh agus rialacha comhchuibhithe á n-úsáid ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil rochtain fheabhsaithe ar chineálacha éagsúla caipitil, soghluaisteacht trasteorann, inscálaitheacht, oibrithe ardoilte, aschur eolaíoch agus taighde, lena n-áirítear sonraí, soláthar poiblí, cosaint ar ‘éadálacha maraithe’ agus straitéisí infheistíochta fadtéarmacha ag teastáil ó FBManna, ó ghnólachtaí nuathionscanta agus ó ghnólachtaí atá ag méadú chun go mbeidh rath orthu laistigh den mhargadh inmheánach<STRING BOLD="on">;</STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag FBManna, ag gnólachtaí nuathionscanta agus ag gnólachtaí atá ag méadú, ar fiontair shóisialta agus cuideachtaí iad go leor acu arna mbunú ag fiontraithe óga nó céaduaire, maidir le nuálaíocht a spreagadh, comhtháthú sóisialta a chruthú agus rannchuidiú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, ach gur minic a bhíonn dúshláin níos mó rompu maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú, ar líonraí agus ar thacaíocht speisialaithe; de bhrí gur féidir le comhar le hollscoileanna, le hinstitiúidí taighde agus le hoifigí aistrithe teicneolaíochta dlús a chur leis an bpróiseas ón tsaotharlann go dtí an margadh, rochtain ar shaineolas agus ar bhonneagar a éascú, agus borradh a chur faoi thráchtálú torthaí taighde;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil teicneolaíochtaí ceannródaíocha á bhforbairt ag go leor gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú san Aontas; de bhrí gur minic a fhaigheann fiontair eachtracha na gnólachtaí nuathionscanta agus na gnólachtaí atá ag méadú sin sula dtagann siad in aibíocht; de bhrí gur minic a bhíonn éadálacha den sórt sin faoi bhun thairseacha rialaithe cumasc an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin an chomharbais roimh FBManna, atá lárnach d’iomaíochas an Aontais, go háirithe gnólachtaí atá faoi úinéireacht teaghlaigh; de bhrí gur féidir le samhlacha rannpháirtíochta airgeadais fostaithe peirspictíochtaí eacnamaíocha a chothú do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú, tallann a dhreasú agus aghaidh a thabhairt ar an mbearna chomharbais i gcás nach bhfuil comharbas teaghlaigh inmharthana agus, dá bhrí sin, tacú le cobhsaíocht agus fás fadtéarmach;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a fheabhsú do chuideachtaí atá ag feidhmiú ar fud na mBallstát chun seasamh an Aontais mar shuíomh ceannasach don fhiontraíocht, don nuálaíocht agus d’fhorbairt inbhuanaithe gnó a neartú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Prionsabail Ghinearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin togra reachtach a thíolacadh maidir leis an 28ú córas dlí do chuideachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór don 28ú córas a bheith uaillmhianach ó thaobh substainte agus foirme de; á chur i bhfios go láidir nach mór na rialacha a bhaineann leis an 28ú córas a bheith mar an gcéanna ar fud an Aontais ar fad agus nár cheart cead a thabhairt do na Ballstáit forálacha a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta, ar forálacha iad atá éagsúil ó na forálacha a leagtar síos sa ghníomh reachtach maidir leis an 28ú córas; á mheas gurb é rialacháin a úsáid an beart is iomchuí chun an 28ú córas a thabhairt isteach; á aithint go bhféadfadh treoir chomhchuibhithe uasta freastal ar an gcuspóir céanna; á chur in iúl go bhfuil sí i gcoinne Airteagal 352(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a úsáid mar bhunús dlí toisc go n-éilíonn sé aontoilíocht sa Chomhairle, rud a d’fhéadfadh moill shuntasach a chur ar ghlacadh an ghnímh reachtaigh maidir leis an 28ú córas, agus uaillmhian agus comhleanúnachas na foirme corparáidí arna glacadh faoin 28ú córas a chur i mbaol; á áitiú go n-úsáidfí bunús dlí lena bhféadfar an gníomh reachtach maidir leis an 28ú córas sa Chomhairle a ghlacadh trí thromlach cáilithe; á mheas, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé go mbeadh pacáiste tograí reachtacha ar leithligh sa 28ú córas; á aithint gurb iad Airteagal 50 agus Airteagal 114(1) CFAE an bunús dlí iomchuí le haghaidh ábhair a bhaineann leis an dlí corparáideach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá treoir maidir leis an 28ú córas a bheith ina treoir chomhchuibhithe uasta chun cuspóirí an 28ú córas a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cáineadh úsáid an chomhair fheabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 20 CAE agus in Airteagal 329 CFAE chun an 28ú córas a bhunú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go ndéanfaidh cur chuige den sórt sin an margadh inmheánach a ilroinnt, rud atá contrártha le próiseas lánpháirtithe an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á aithint gur gá bearta comhchuibhithe i ndlí na gcuideachtaí, bunaithe ar Airteagail 50 agus 114(1) CFAE, a chur chun feidhme i ndlí náisiúnta na mBallstát; á mheas go bhfuil gá le treoir chomhchuibhithe uasta ina bhfuil sraith príomhábhar atá sainithe go soiléir, gan dochar do dhlí an tsaothair agus don dlí sóisialta, sa chás seo chun a áirithiú go mbeidh rialacha aonfhoirmeacha ann i ngach Ballstát, gan bacainní breise riaracháin nó airgeadais a chruthú do ghnólachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheas, mar gheall ar an ngá atá le haonfhoirmeacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil, a d’iarr oibreoirí eacnamaíocha, amhail FBManna atá nuálach ar fud an domhain, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, agus infheisteoirí san earnáil, gur gá treoir chomhchuibhithe uasta a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann le creat comhleanúnach, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna cánachais, lena mbaineann breisluach do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú, mar chuid den 28ú pacáiste córais chun infheistíochtaí idirnáisiúnta a mhealladh agus chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an bhfás san Aontas; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún comhordú a éascú agus dea-chleachtais a spreagadh chun bacainní a chuireann bac ar oibríochtaí trasteorann, ar infheistíocht agus ar mhealladh tallainne a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheas gur céim straitéiseach é an 28ú córas i dtreo bhreisdoimhniú an mhargaidh inmheánaigh, agus ar an gcaoi sin lánpháirtiú na hEorpa agus neart iomaíoch a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart go mbeadh cuideachtaí a roghnaíonn a bheith páirteach go deonach sa 28ú córas faoi cheangal ag na rialacha a ghabhann leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór rogha chuideachta a bheith páirteach sa 28ú córas a aithint go huathoibríoch i ndlíchórais náisiúnta na 27 mBallstát uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil aird á tabhairt aici ar an mbaol go bhféadfadh sé go gcumasófaí teacht timpeall ar chosaintí éigeantacha intíre d’oibrithe, dá n-ionadaithe agus dá gceardchumainn, agus do pháirtithe níos laige leis an 28ú córas; á chur i bhfios go láidir nár cheart, in imthosca ar bith, gur bealach a bheadh sa 28ú córas chun an bonn a bhaint de na leibhéil chosanta atá ann cheana ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, chun iad a laghdú, a lagú nó chun dul timpeall orthu; á áitiú go leagfar amach coimircí éifeachtacha trí bhíthin rialacha substainteacha a bhfuil ardleibhéal cosanta acu agus trí bhíthin rialacha easaontachta dlí lena n-áirithítear cur i bhfeidhm rialacha éigeantacha intíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheas go bhfuil bunú an 28ú córas bunriachtanach don nuálaíocht, don iomaíochas agus don fhás agus á chreidiúint gur cheart an togra, mar aon leis na bearta rialála agus feidhmiúcháin gaolmhara, a ghlacadh agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An creat dlíthiúil don 28ú córas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbainfeadh an 28ú córas go príomha le rialacha dhlí na gcuideachtaí agus nár cheart ach cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta nach bhfuil liostaithe ar an stocmhargadh a bheith in ann páirt a ghlacadh ann; á mheas gur cheart go mbeadh an 28ú córas ina thacar rialacha nach mór a ionchorprú i bhfoirmeacha corparáideacha náisiúnta atá ann cheana nó i bhfoirmeacha corparáideacha náisiúnta nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mholadh go n-ainmneofaí an fhoirm chorparáideach a chumhdaítear leis an 28ú córas ‘<STRING ITALIC="on">Societas Europaea Unificata’</STRING> (S.EU - Cuideachta Eorpach Aontaithe), lena mbaineann an giorrúchán ‘S.EU’ a chur le giorrúcháin na foirme corparáidí náisiúnta atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an 28ú córas gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta i réimse dhlí an tsaothair agus an dlí shóisialta, lena n-áirítear rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (k), de Threoir 2001/86/CE agus rialacha maidir le comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme san áit fostaíochta; á chur i bhfáth nach mór do S.EUanna a bheith faoi réir na rialacha céanna de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta céanna maidir le dócmhainneacht agus nár cheart dóibh maolú ar aon rialacha lena ndeonaítear cosaint fhabhrach d’oibrithe in imeachtaí dócmhainneachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá foirmiú agus clárú cuideachtaí atá simplí agus digiteach; á iarraidh go laghdófaí castacht an nós imeachta agus go gcuirfí an nós imeachta clárúcháin chun S.EU a chruthú i gcrích go digiteach laistigh de 48 n-uair an chloig, agus deimhneacht dhlíthiúil á háirithiú ag an am céanna; á iarraidh go ndéanfaí comhtháthú éigeantach ar uirlisí digiteacha chun doiciméid chuideachta a thíolacadh agus chun faisnéis a nochtadh ar líne ar feadh shaolré S.EU agus go ndéanfaí prionsabal ‘na haonuaire’ a chur chun feidhme go hiomlán chun S.EU a chlárú agus a riar; á iarraidh go bhféadfaí nósanna imeachta digiteacha a bheith ann, amhail cruinnithe digiteacha le haghaidh tionóil ghinearálta agus cruinnithe boird;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart cruthú S.EU a chomhtháthú go hiomlán leis an tionscnamh chun tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa a fhorbairt, lena bhféadfaí sainaithint dhigiteach agus fíordheimhniú digiteach a chuíchóiriú agus a shimpliú chomh maith le doiciméid bhunriachtanacha cuideachta a bhainistiú, agus ar an gcaoi sin idirghníomhaíochtaí digiteacha rianúla a áirithiú do S.EUanna ar fud na mBallstát agus oibríochtaí trasteorann a éascú; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfaí dlí an Aontais atá ann cheana maidir le húsáid uirlisí digiteacha i ndlí na gcuideachtaí a chur chun feidhme agus a mheasúnú go hiomlán, go háirithe Treoracha (AE) 2017/1132 agus 2009/102/CE, chomh maith le tuarascálacha chuig na húdaráis a dhigitiú agus a uathoibriú a thuilleadh, ar cheart é a bheith ina phríomhthosaíocht san obair ar shimpliú rialála san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh go gcruthófaí tairseach dhigiteach aonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais nó go ndéanfaí í a chomhtháthú i struchtúir atá ann cheana chun feidhmiú mar phointe iontrála díreach do S.EUanna, lena gcomhlánófar agus lena leathnófar Córas Idirnasctha na gClár Gnó (BRIS) atá ann cheana trí chomhéadan comhchuibhithe aon-rochtana a sholáthar le haghaidh úsáid trasteorann, gan clár nua ar leithligh nó comhthreomhar a chruthú; á chur i bhfáth nár cheart an tairseach dhigiteach a chur in ionad na rialacha corpraithe náisiúnta atá ann cheana ach, ina ionad sin, gur cheart é a bheith ina comhthairseach ar a ndéanfaí an fhaisnéis uile is gá d’infheisteoirí a chomhiomlánú; á chur i bhfáth nach mór rochtain éasca a bheith ar an tairseach dhigiteach, lena n-éascófar rochtain rianúil ar chlárlanna gnó náisiúnta, agus gur cheart di cur leis an tairseach r-Cheartais atá ann cheana nó, i gcás inarb iomchuí, í a athchóiriú; á iarraidh go bhfeidhmeodh an tairseach dhigiteach mar ardán lena n-éascaítear próisis dhigiteacha shlána, atá in ann doiciméid chomh maith le deimhnithe náisiúnta a stóráil, a d’fhéadfaí a aithint níos déanaí i ngach Ballstát chun inaistritheacht deimhnithe a chumasú, ag tacú leis an bprionsabal ‘cruthaigh é uair amháin’; á chur i bhfáth gur cheart go gcumasódh an tairseach dhigiteach dintiúir infhíoraithe, ríomhshíniú doiciméad, scaireanna a dhíol agus a leithdháileadh, rúin bhoird a chruthú agus a ghlacadh agus seirbhísí ríomhshonrasctha a sholáthar; á chur i bhfios go láidir nach mór don tairseach dhigiteach a bheith ilteangach agus tacú le hinoibritheacht trasteorann; á thabhairt chun suntais go gcuirfidh na huirlisí digiteacha sin feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil, go laghdóidh siad ualaí riaracháin agus go gcuirfidh siad oibriú rianúil cuideachtaí chun cinn laistigh den mhargadh inmheánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí aitheantóir cuideachta aonair de chuid an Aontais a fhorbairt agus a oiriúnú tuilleadh chun clárú a chuíchóiriú, trédhearcacht agus muinín a threisiú, fíorú céannachta cuideachta a éascú, agus calaois, sciúradh airgid agus imghabháil cánach a chomhrac; á chur i bhfáth go gcuirfeadh sé sin ar chumas cuideachtaí dintiúir infhíoraithe a stóráil agus a chomhroinnt go slán le húdaráis ar fud an Aontais; ag spreagadh an Choimisiúin oibriú ar idir-inoibritheacht le tionscnaimh dhomhanda d’aitheantóirí cuideachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheas gur cheart éagsúlacht na samhlacha gnó a chur i gcuntas leis an bhféidearthacht clárú mar S.EU agus nár cheart í a bheith teoranta do chatagóir nua ‘cuideachtaí nuálacha’ ná do thosca teorannacha eile; ag tabhairt rabhaidh go mbeadh rómhaorlathas nach bhfuil gá leis mar thoradh ar chatagóir nua den sórt sin a chruthú; á shoiléiriú nár cheart go mbeadh sé indéanta ach do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe san Aontas S.EU a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheas gur cheart go bhfeidhmeodh S.EU mar fhoirm chorparáideach d’eintitis aonair agus do bhainistíocht aonfhoirmeach grúpa agus á mheas gur cheart go mbeadh S.EU in ann oibriú mar mháthairchuideachta nó mar fhochuideachta de mháthairchuideachta S.EU;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór suíomh cláraithe cuideachta a bheith i gceann de na 27 mBallstát chun cáiliú do chlárú mar S.EU; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh an suíomh cláraithe agus an oifig chláraithe a bheith i mBallstáit éagsúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Coimircí, lena n-áirítear straitéisí fadtéarmacha agus foirmeacha roghnacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh go n-áireofaí cineálacha roghnacha úinéireachta maoirseachta, glais sócmhainní agus aicmí éagsúla scaireanna, go háirithe scaireanna dílseachta agus scaireanna dé-aicme, lena n-áirítear cros-scaireanna, mar chuid den togra reachtach maidir leis an 28ú córas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil bealaí malartacha de dhíth ar chuideachtaí nuálacha Eorpacha, go háirithe FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, chun rochtain a fháil ar chaipiteal; á chur i bhfáth go bhfuil gá le samhlacha maoinithe malartacha sna luathchéimeanna de shaolré S.EU; á mheas go mb’fhéidir gur mhaith le fiontraithe iad féin a chosaint ar‘éadálacha marfacha’ chun cosc a chur ar athlonnú na nuálaíochta, a fhaigheann tacaíocht go minic ó chistí taighde poiblí Eorpacha, atá lasmuigh den Aontas; á mheas nach leor an Rialachán um Chumaisc chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá gan an bonn a bhaint de na caighdeáin atá ann cheana ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an gcaoi sin deimhneacht dhlíthiúil a chothú agus leasanna an phobail a chosaint, amhail sciúradh airgid a chosc, córais smachtbhannaí an Aontais a urramú, agus oibrithe, a n-ionadaithe agus a gceardchumainn, agus páirtithe leochaileacha eile i ndlíchórais náisiúnta na mBallstát a chosaint; á athdhearbhú nach mór d’aon S.EU na ceanglais a leagtar síos le dlí saothair an Aontais agus leis an dlí saothair náisiúnta a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á mheas gur gá coimircí a chur san áireamh maidir le rannpháirtíocht fostaithe, ionadaithe fostaithe, nó iad araon, i ngnóthaí cuideachta; á chur in iúl gur eol di rannpháirtíocht mar a shainmhínítear í in Airteagal 2, pointe (k), de Threoir 2001/86/CE; á athdhearbhú gur cheart d’aon Bhallstát óstach caitheamh le S.EU ar an mbealach céanna le cuideachtaí intíre inchomparáide ag a Bhallstát baile agus mar chuideachtaí inchomparáide faoi dhlí eachtrach an Aontais agus a áirithiú ag an am céanna go gcuirfear cosc éifeachtach ar úsáid shaorga S.EU d’fhonn dul timpeall ar na leibhéil reatha cosanta do rannpháirtíocht fostaithe i ndlí na mBallstát; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh S.EU faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát fostaíochta; á chur i bhfáth, dá réir sin, nach mór do S.EU, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme san áit fostaíochta, cearta ionadaíochta fostaithe ar leibhéal an bhoird a thabhairt isteach a luaithe a sháraíonn líon fostaithe S.EU aon tairseach, mar a leagtar síos i ndlí náisiúnta na háite fostaíochta, chun cearta ionadaíochta fostaithe ar leibhéal an bhoird a spreagadh sa Bhallstát sin; á mheas gur rogha chúltaca é an nós imeachta caibidlíochta mar a leagtar síos in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2001/86/CE, ar choinníoll nach dtéitear timpeall ar chearta rannpháirtíochta fostaithe a bunaíodh cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth nár cheart go gcruthófaí S.EUanna fadré ná go méadófaí cuideachtaí caocha mar thoradh ar an 28ú córas, ós rud é go mbaineann cleachtais den sórt sin an bonn ó shláine rialála, go ndéanann siad iomaíocht chóir a shaobhadh agus go gcreimeann siad fíorghníomhaíocht eacnamaíoch laistigh den Aontas; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an 28ú córas gan dochar do chearta na gceardchumann agus na n-eagraíochtaí fostóirí comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheas nár cheart cead a thabhairt do chuideachta a bhfuil sárú ar rialacha ceangailteacha maidir le calaois, cáin, imghabháil slándála sóisialta nó rannpháirtíocht fostaithe bunaithe go hoifigiúil ina leith, roghnú a bheith páirteach sa 28ú córas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An tallann a mhealladh agus a thacú  </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do chreat S.EU comhpháirtíochtaí a chothú le hollscoileanna, le hinstitiúidí taighde agus le hoifigí aistrithe teicneolaíochta chun dlús a chur leis an aistriú ón tsaotharlann go dtí an margadh, chun rochtain ar bhonneagar taighde agus ar shaineolas a áirithiú, agus chun tacú le tráchtálú torthaí taighde, agus ar an gcaoi sin éiceachórais atá dírithe ar an nuálaíocht a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart do chreat S.EU saorghluaiseacht laistigh den Aontas a éascú, gan gá a bheith le hidirghabhálaithe i bpróisis riaracháin, agus rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le dlí an tsaothair agus leis an dlí sóisialta á n-urramú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach an tallann is fearr a mhealladh don fhás agus don nuálaíocht san Aontas agus gur minic a bhíonn deacrachtaí ag FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú na dreasachtaí airgeadais iomaíocha cearta a thairiscint ar fud an mhargaidh aonair, amhail cothromas nó comhroinnt brabúis, chun gairmithe oilte a mhealladh agus a choinneáil; á chur i bhfios go láidir nach mór fás na táirgiúlachta, an nuálaíocht agus an cuimsiú sóisialta a bheith fite fuaite ina chéile; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart breithniú a dhéanamh ar rialacha maidir le rannpháirtíocht airgeadais fostaithe a chomhchuibhiú, go háirithe trí phleananna úinéireachta stoic fostaithe (‘ESOPanna’) agus scair-roghanna fostaithe (‘ESOnna’) a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil rialacha comhchuibhithe maidir le rannpháirtíocht airgeadais fostaithe i measc phríomhéilimh na bhfiontraithe a mbíonn deacrachtaí acu sochair chomhionanna a sholáthar dá bhfostaithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh na rialacha comhchuibhithe gan dochar don bheartas fioscach, ach, ina ionad sin, gur cheart go gceadófaí d’fhostaithe scair-roghanna forásacha a bheith acu; á mheas go gcuirfeadh rialacha comhchuibhithe den sórt sin ar chumas fostaithe leas úinéireachta a fháil agus tairbhe dhíreach a bhaint as rath a gcuideachta, rud a chothódh dílseacht fhadtéarmach, nuálaíocht agus dáileadh fáis níos cothroime; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé tábhachtach don Choimisiún treoirlínte a bhunú maidir le cothromas a luacháil agus maidir le tréimhsí dílseacháin; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil saincheisteanna a bhaineann le cánachas, lena ndéantar rannpháirtíocht airgeadais fostaithe tarraingteach go fioscach, íogair agus ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an tallann is fearr a mhealladh, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna den sórt sin mar chuid den 28ú pacáiste córais chun comhleanúnachas dlíthiúil agus infheidhmeacht trasteorann a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á áitiú gur cheart na rialacha comhchuibhithe maidir le scéimeanna rannpháirtíochta airgeadais d’fhostaithe a cheapadh ar bhealach a chuirfidh le timpeallacht oibre níos fabhraí agus gur cheart iad a bheith neamh-idirdhealaitheach; á chur i bhfáth nár cheart do scéimeanna den sórt sin teacht in ionad luach saothair ná é a laghdú agus nach mór tairseach íseal a bheith acu d’fhostaithe chun rochtain a fháil orthu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rochtain ar chaipiteal</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart don togra reachtach maidir leis an 28ú córas lena mbunaítear S.EU, soiléireacht a thabhairt go ginearálta d’infheisteoirí Eorpacha agus d’infheisteoirí coigríche trína chur ar a gcumas infheistíocht trasteorann a dhéanamh trí rialacha comhchuibhithe a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh S.EUnna doiciméid chaighdeánacha ilteangacha chaighdeánaithe a fhorbairt laistigh den Aontas ar fad le haghaidh comhaontuithe scairshealbhóirí agus airteagail chomhlachais agus á iarraidh go ndéanfaí na doiciméid chaighdeánacha sin agus teimpléid bhunúsacha agus oibríochtúla eile atá saincheaptha go sonrach do S.EUanna a úsáid agus a chomhlíonadh, a mbeidh faireachán le déanamh orthu leis an tairseach dhigiteach dá dtagraítear i bpointe 17 chun soiléireacht dhlíthiúil, éascaíocht úsáide trasteorann agus eolas infheisteoirí a áirithiú; á mholadh go bhfeidhmeodh na doiciméid chaighdeánacha sin mar theimpléid réamhshocraithe roghnacha laistigh de phróiseas clárúcháin S.EU; á mholadh gur cheart go bhféadfaí imeacht ó na doiciméid chaighdeánacha chun ceanglais shonracha ghnó a chur i gcuntas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á mheas gur cheart rialacha comhchuibhithe maidir le hionstraimí fiachais atá cosúil le cothromas a bheith sa togra reachtach maidir leis an 28ú córas, lena n-áirítear rialacha dócmhainneachta atá nasctha leis na hionstraimí sin, rud a chuirfeadh ar chumas infheisteoirí infheistíocht a dhéanamh i gcuideachta gan cearta rialaithe a fháil ar an gcuideachta sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á athdhearbhú nár cheart rochtain ar mhaoiniú a bheith teoranta do chaipiteal fiontair ach gur cheart cineálacha eile infheistíochtaí a chumhdach léi freisin, lena n-áirítear infheistíochtaí cothromais agus tionchair shóisialta, scéimeanna pinsin agus cistí infheistíochta poiblí, chun an rochtain is gá ar chaipiteal a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á mheas gur cheart foráil a dhéanamh chun comhar FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú le hinstitiúidí taighde a éascú chun tacú le seach-chuideachtaí agus aistriú eolais; á chur i bhfios go láidir, chuige sin, gur cheart cruthú S.EU a chomhtháthú go hiomlán le tionscnaimh an Aontais chun rochtain níos fearr ar shonraí a éascú i gcomhthéacs an taighde;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Réiteach díospóidí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á mheas gur cheart sásra um réiteach malartach díospóidí a bhunú le haghaidh díospóidí a bhaineann le S.EUanna chun réiteach tapa agus speisialaithe díospóidí a áirithiú; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar phainéal speisialta a thabhairt isteach laistigh dá gcúirteanna náisiúnta a bheadh tiomnaithe do dhíospóidí idir cuideachtaí a bhaineann le S.EUanna agus gur cheart go mbeadh painéil speisialta den sórt sin in ann an réiteach díospóidí a sheoladh i mBéarla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Measúnú tionchair, athbhreithniú agus meastóireacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún measúnú tionchair cuimsitheach agus trédhearcach a dhéanamh agus a fhoilsiú ar aon togra reachtach nua a bhaineann leis an 28ú córas, ag díriú ar thionchar na mbeart comhchuibhithe ar chuideachtaí agus ar iarmhairtí sóisialta, fioscacha agus dlíthiúla, chomh maith leis an riosca go ndéanfaí caighdeáin chosanta náisiúnta a lagú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach agus, i gcás inar gá, athbhreithniú ar an 28ú córas go tráthrialta, lena n-áirítear measúnú ar a rátaí glactha i measc cuideachtaí, go háirithe FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, a ailíniú le riachtanais ghnó agus shochaíocha atá ag teacht chun cinn, a oiriúnacht fhoriomlán don fheidhm agus a éifeacht ar iomaíochas an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an ngníomh reachtach nua ar fhorbairt agus ar fhás eacnamaíoch FBManna; á mheas gur cheart go dtarlódh an timthriall athbhreithnithe gach 4 bliana chun inoiriúnaitheacht do dhúshláin nua a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forálacha Críochnaitheacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar bhonn Airteagail 50 agus 114 CFAE, togra le haghaidh treorach a thíolacadh faoin gcéad ráithe de 2026 de réir na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheas gur cheart na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag an togra atá iarrtha a chumhdach leis na leithdháiltí buiséadacha stóinsithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA ARNA IARRAIDH</STRING></STI>
<NO.P>1.</NO.P><STRING BOLD="on">Prionsabail ghinearálta agus bunús dlí</STRING>

Molann an Pharlaimint an teideal seo a leanas a thabhairt ar an bhfoirm chorparáideach a chumhdaítear leis an 28ú réimeas -‘<STRING ITALIC="on">Societas Europaea Unificata</STRING>’ (S.EU) (Cuideachta Eorpach Aontaithe). Ní mór na rialacha do S.EU a bheith mar an gcéanna i ngach Ballstát, agus, chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a shárú, ní fhéadfaidh na Ballstáit aon fhorálacha nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacha sin a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta. Chun creat rialála láidir, uaillmhianach agus cuimsitheach a áirithiú, áitíonn an Pharlaimint go nglacfaí S.EU le bunús dlí lena bhforáiltear don ghnáthnós imeachta reachtach le tromlach cáilithe sa Chomhairle. Dá bhrí sin, tá an Pharlaimint i gcoinne Airteagal 352(1) CFAE a úsáid mar bhunús dlí. Tá an Pharlaimint cáinteach maidir le húsáid an chomhair fheabhsaithe ós rud é nach mbeadh an 28ú córas infheidhme ansin ach amháin i bhfothacar Ballstát, a dhéanfadh, in ionad ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a shárú, é a ilroinnt tuilleadh agus a bhainfeadh an bonn ó tharraingteacht S.EUnna, nach n-aithneofaí, i gcás den sórt sin, laistigh den Aontas ar fad. D’fhéadfadh sé gur ghá an 28ú córas lena mbunaítear S.EU a ghlacadh trí bhíthin roinnt gníomhartha reachtacha, seachas trí ionstraim reachtach chuimsitheach aonair. Sa chás sin, ba cheart do gach togra reachtach ar leith na coimircí céanna a sholáthar a mhéid a bhaineann le leasanna poiblí a chosaint amhail dlí an tsaothair agus cearta oibrithe agus ceardchumainn. Ní mór gnéithe dlí chorparáidigh an chórais a ghlacadh faoi Airteagail 50 agus 114(1) CFAE, arb iad an t-aon bhunús dlí atá ar fáil do ghníomhartha reachtacha i réimse an dlí chorparáidigh lena bhforáiltear don ghnáthnós imeachta reachtach le vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle; Ní cheadaítear le hAirteagal 50 CFAE, áfach, ach treoracha a ghlacadh. I bhfianaise an mhéid sin, ní foirm chorparáideach uathrialach a bheadh in S.EU, ach foirm chorparáideach náisiúnta i ngach Ballstát nach mór a bheith comhdhéanta de shraith eilimintí riachtanacha atá comhchuibhithe le dlí an Aontais, chun rórialáil agus S.EUanna náisiúnta éagsúla a sheachaint a rachadh i gcoinne chuspóir an 28ú córas. Ba cheart go gcuirfí an giorrúchán ‘S.EU’ le giorrúcháin na foirme corparáidí náisiúnta atá ann cheana;

Ba cheart do S.EU tógáil ar fhoirmeacha corparáideacha arna mbunú faoin dlí náisiúnta. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit i dtaobh an roghnaíonn siad cead a thabhairt foirmeacha corparáideacha náisiúnta atá ann cheana a chomhshó go S.EU nó foirm chorparáideach náisiúnta nua a chruthú. Ba cheart do bhunaitheoirí nó d’úinéirí foirme corparáidí náisiúnta a bheith in ann roghnú dá ndeoin féin a bheith páirteach sa chóras nua, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí lipéad na cuideachta ‘S.EU’ a úsáid.

Ba cheart go n-aithneofaí, mar chuideachta faoi dhliteanas teoranta, gur ann do S.EU go huathoibríoch i ndlíchórais náisiúnta na mBallstát uile.

Ba cheart gurb é dlí an Bhallstáit ina bhfuil an chuideachta i dtrácht corpraithe an dlí is infheidhme maidir le S.EU a chruthú. De mhaolú ar an bprionsabal sin agus chun leasanna poiblí réamhshainithe a chosaint, ba cheart go bhféadfaí an dlí is infheidhme a chinneadh trí bhíthin nascfhachtóir sáraitheach seachas an áit chorpraithe.

Chun deimhneacht dhlíthiúil a bhaint amach maidir le gnéithe bunaitheacha S.EU, ní mór an treoir a ghlactar faoi Airteagail 50 agus 114(1) CFAE a bheith ina treoir uasta chomhchuibhithe.

Tá aird ag an bParlaimint ar an riosca go bhféadfadh teacht timpeall ar rialacha éigeantacha intíre lena gcosnaítear oibrithe, a n-ionadaithe agus a gceardchumainn, agus páirtithe leochaileacha eile chomh maith le leasanna poiblí eile a bheith mar thoradh ar S.EU a aithnítear go huathoibríoch. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha corparáideacha S.EU a bheith gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta i réimse an dlí saothair aonair agus chomhchoitinn, lena n-áirítear rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe i ngnóthaí na cuideachta, agus ba cheart coimircí a bheith iontu lena gcuirtear cosc go héifeachtach ar mhí-úsáid S.EU.

<NO.P>2.</NO.P><STRING BOLD="on">Raon feidhme</STRING>

Ba cheart do na Ballstáit sraith rialacha a sholáthar ina ndlíchórais náisiúnta lena gceadaítear, i gcás ina gcomhlíontar na rialacha, foirm chorparáideach náisiúnta chun an giorrúchán S.EU a áireamh in ainm a chuideachta. Chun bheith incháilithe chun clárú mar S.EU, ba cheart foirm chorparáideach náisiúnta an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

<NO.P>–</NO.P>ní mór gur eintiteas dlítheanach a bheadh ann, ag a bhfuil inniúlacht dhlíthiúil a aithnítear go huathoibríoch i ngach Ballstát ar dháta a chláraithe;

<NO.P>–</NO.P>ní mór gur cuideachta faoi dhliteanas teoranta a bheadh ann, ina bhfuil dliteanas na n-úinéirí i leith fhiacha na cuideachta teoranta do mhéid a ranníocaíochtaí;

<NO.P>–</NO.P>ní fhéadfaidh sé a bheith ina chuideachta liostaithe;

<NO.P>–</NO.P>ní mór é a bheith bunaithe ag duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nó atá bunaithe i mBallstát;

<NO.P>–</NO.P>ní mór dó a bheith in ann feidhmiú mar chuideachta aonair uathrialach nó mar fhochuideachta de mháthairchuideachta S.EU;

<NO.P>–</NO.P>ní mór a cheanncheathrú chláraithe a bheith suite i gceann de na Ballstáit;

<NO.P>–</NO.P>ní mór dó a bheith i dteideal a shuíomh cláraithe a aistriú chuig Ballstát eile gan díscaoileadh ná athchorprú a bheith de dhíth, i gcomhréir le nósanna imeachta comhchuibhithe lena n-áirithítear leanúnachas na pearsantachta dlíthiúla;

Chun cuideachta atá incháilithe chun clárú mar S.EU a bhunú, ní mór an t-íoscheanglas caipitil a íoctar isteach láithreach a shocrú, chun críche chlárú na cuideachta sin, ag EUR 1, gan beann ar an íoschaipiteal a cheanglaítear ar shlí eile faoin dlí náisiúnta atá i gceist.

Chun cosaint creidiúnaithe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún creat dlíthiúil cuimsitheach a chur ar aghaidh ina n-ionchorpraítear sásraí malartacha amhail tástálacha sócmhainneachta. Ba cheart sásraí malartacha den sórt sin a bheith comhréireach agus trédhearcach, le critéir shoiléire chun measúnú a dhéanamh ar shláinte airgeadais cuideachtaí agus chun rioscaí do chreidiúnaithe a mhaolú.

Ar mhaithe le simpliú, níor cheart an fhéidearthacht clárú mar S.EU a theorannú do chatagóir nua ‘cuideachtaí nuálacha’ ná d’fhachtóirí teorannaithe eile toisc go gcruthódh sé sin rómhaorlathas breise agus ualach maorlathach nach bhfuil gá leis.

Má tá sé ar intinn ag S.EU é féin a liostú ar an stocmhargadh, ba cheart a cheangal air comhshó go cuideachta phoiblí theoranta faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha comhshó náisiúnta.

<NO.P>3.</NO.P><STRING BOLD="on">An fhoirm chorparáideach a chruthú</STRING>

Ba cheart cruthú agus clárú S.EU a bheith go hiomlán digiteach agus ba cheart dó an prionsabal ‘aon uair amháin’ a chomhlíonadh nár cheart go mbeadh ar chuideachtaí a chuireann doiciméad isteach i mBallstát amháin é a chur isteach arís i mBallstát eile. Ní mór bunú S.EU a thabhairt chun críche laistigh de 48 n-uair an chloig.

Nuair a chruthaítear é, ba cheart do S.EU céannacht dhigiteach aontaithe agus aitheantóir cuideachta a fháil chun clárú a chuíchóiriú, trédhearcacht agus muinín a threisiú, fíorú céannachta cuideachta a éascú, agus calaois, sciúradh airgid agus imghabháil cánach a chomhrac, agus deimhneacht dhlíthiúil á háirithiú ag an am céanna.

Chun gnóthú na gcuspóirí sin a éascú, ba cheart tairseach dhigiteach aonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais a fheidhmíonn mar phointe iontrála díreach do S.EUnna a chruthú nó a chomhtháthú i struchtúir atá ann cheana agus ba cheart don Choimisiún í a oibriú. Ba cheart don tairseach sin an Córas Idirnasctha Clár Gnó (BRIS) atá ann cheana a chomhlánú agus a leathnú trí chomhéadan comhchuibhithe aon-rochtana a sholáthar le haghaidh úsáid trasteorann, gan clár nua ar leithligh nó comhthreomhar a chruthú. Níor cheart an tairseach dhigiteach a chur in ionad na rialacha náisiúnta corpraithe atá ann cheana ach, ina ionad sin, ba cheart í a bheith ina hardán coiteann ar a ndéanfaí an fhaisnéis ábhartha uile is gá d’infheisteoirí a chomhiomlánú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit doiciméid a tharchur go huathoibríoch chuig an tairseach, lena n-áiritheofar aitheantas agus rochtain rianúil do gheallsealbhóirí. Ba cheart don ardán faisnéis a sholáthar freisin faoi nósanna imeachta agus acmhainní náisiúnta agus rochtain a thabhairt ar dhoiciméid samhla infheisteora do S.EUs, fíorú dintiúr, ríomhshíniú doiciméad, díol agus leithdháileadh scaireanna a chumasú, rúin bhoird a chruthú agus a ghlacadh agus seirbhísí ríomhshonrasctha a sholáthar. Agus an tairseach dhigiteach á húsáid chun S.EU a chlárú, ní mór do chuideachta Ballstát a roghnú mar an áit chorpraithe agus, tríd an méid sin a dhéanamh, an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcorprú.

Leis an tairseach dhigiteach ar leibhéal an Aontais do chuideachtaí, ba cheart é a bheith indéanta clárú mar S.EU agus cuideachta atá cláraithe mar S.EU a chuardach. Níor cheart clárú, líonadh agus nuashonruithe a riar tríd an tairseach dhigiteach ach aon uair amháin agus ba cheart rochtain a bheith orthu ar fud na mBallstát ar bhonn comhéadan ilteangach agus caighdeáin chomhchuibhithe aitheantais faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. D’fhéadfadh an tairseach dhigiteach úsáid a bhaint as líonra príobháideach mórleabhar dáilte (DLT) lena dtaifeadtar príomhimeachtaí corparáideacha, amhail clárúcháin nó aistrithe scaireanna, le stampaí ama do-athraithe.

Ba cheart go bhféadfaí aon ranníocaíochtaí airgid chun an chuideachta a chur ar bun a dhéanamh le gníomhaireacht iontaobhais phoiblí don tréimhse sula dtabharfar oscailt cuntais bainc chun críche. Tar éis oscailt an chuntais bainc, ba cheart don ghníomhaireacht iontaobhais na ranníocaíochtaí airgid a aistriú chuig an gcuntas bainc sin.

<NO.P>4.</NO.P><STRING BOLD="on">Coimircí</STRING>

Ba cheart na rialacha maidir le S.EUnna a bheith gan dochar do dhlí saothair an Aontais agus don dlí saothair náisiúnta lena n-áirítear rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe, ionadaithe fostaithe, nó iad araon, i ngnóthaí cuideachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (k), de Threoir 2001/86/CE. Mar phrionsabal, ba cheart dá Bhallstát baile caitheamh le S.EU ar an mbealach céanna leis an gcuideachta intíre faoi dhliteanas teoranta ar a bhfuil sí tógtha agus ba cheart d’aon Bhallstát óstach déileáil leis ar an mbealach céanna le cuideachtaí dlí eachtraigh inchomparáide de chuid an Aontais, agus a áirithiú ag an am céanna go gcuirfear cosc éifeachtach ar úsáid shaorga S.EU d’fhonn dul timpeall ar na leibhéil reatha cosanta do rannpháirtíocht fostaithe i ndlí na mBallstát.

Tá an dlí is infheidhme maidir le conarthaí fostaíochta aonair fós á chinneadh go heisiach faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus tá an dlínse ar chonarthaí fostaíochta aonair fós á cinneadh faoi Roinn 5 de Chaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, lena n-áirítear cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Dá réir sin, ní fhéadfaidh rogha na bpáirtithe an chosaint a thugtar d’fhostaithe le forálacha éigeantacha nach féidir maolú orthu trí chomhaontú a bhaint díobh.

Maidir le rannpháirtíocht fostaithe, ní mór S.EU a bheith faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, i mBallstát na hoifige cláraithe. Mar sin féin, má dhéanann S.EU gníomhaíocht eacnamaíoch lena mbaineann fostaíocht i mBallstát eile gan brainse, gníomhaireacht ná fochuideachta a chur ar bun, ní mór S.EU a bheith faoi réir na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, i mBallstát na háite fostaíochta seachas i gcás ina ndéantar foráil i ndlíchóras oifig chláraithe S.EU maidir leis an leibhéal céanna ar a laghad de chearta ionadaíochta fostaithe ar leibhéal an bhoird agus a cheanglaítear faoi dhlí na háite fostaíochta. Más gá, ba cheart do S.EU a airteagail chomhlachais a choigeartú dá réir.

I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa mhír roimhe seo, mar rogha chúltaca, ní mór nós imeachta caibidlíochta atá coibhéiseach leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2001/86/CE a thionscnamh a luaithe a shroichfidh líon na bhfostaithe i mBallstát amháin ar a laghad aon tairseach lena spreagtar cearta ionadaíochta fostaithe ar leibhéal an bhoird sa Bhallstát sin, ar choinníoll nár thug S.EU rannpháirtíocht fostaithe isteach go fóill nó ar choinníoll go dtugtar le tuiscint le baint amach na tairsí go ndéanfar athruithe ar rannpháirtíocht fostaithe atá ann cheana.

Má dhéantar S.EU de chuideachta náisiúnta atá ann cheana, ní mór feidhm mutatis mutandis a bheith ag Airteagail 86l, 133 agus 160l de Threoir (AE) 2017/1132 ar choinníoll nach dtéitear timpeall ar chearta rannpháirtíochta fostaithe atá bunaithe cheana féin.

<NO.P>5.</NO.P><STRING BOLD="on">Straitéisí fadtéarmacha agus foirmeacha roghnacha a spreagadh</STRING>

D’fhonn cuideachtaí nuálacha Eorpacha a spreagadh, infheistíocht a mhealladh agus bealaí malartacha a chruthú chun rochtain a fháil ar chaipiteal agus ar shamhlacha maoiniúcháin agus cosc a chur ar athlonnú na nuálaíochta, a dtacaíonn cistí taighde poiblí Eorpacha go minic lena cruthú, lasmuigh den Aontas, ba cheart do na Ballstáit rialacha a thabhairt isteach lena gceadófar do chuideachtaí scéimeanna cosanta dlíthiúla breise a roghnú go deonach agus go neamh-inchúlghairthe. Ba cheart é a bheith mar chuspóir ag scéimeanna breise cosanta dlíthiúla den sórt sin cabhrú le cuideachtaí Eorpacha a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh iad féin a chosaint ar ‘éadálacha marfacha’ agus ar athlonnú. Is féidir an méid seo a leanas a áireamh ar na scéimeanna sin:

<NO.P>—</NO.P>cearta vótála agus cearta eacnamaíocha a dheighilt trí aicmí éagsúla scaireanna, lena n-áirítear scaireanna dé-aicme, scaireanna crosta agus scaireanna tosaíochta;

<NO.P>—</NO.P>cearta vótála a cháiliú mar chearta neamh-inaistrithe agus neamhdhúchais;

<NO.P>—</NO.P>brabúis a dháileadh ar infheisteoirí nó ar shealbhóirí ceart eacnamaíoch ar bhonn comhaontú conarthach atá teoranta ó thaobh ama nó méideanna de agus ar féidir le ceachtar páirtí iad a fhoirceannadh tráth ar bith;

<NO.P>—</NO.P>tiontú trasteorann a theorannú in eintitis a roghnaigh an scéim bhreise cosanta dlíthiúla, go háirithe maidir le glais sócmhainní.

Cuideachtaí a roghnaigh a bheith páirteach i scéimeanna cosanta dlíthiúla breise den sórt sin, ba cheart dóibh a bheith in ann an lipéad ‘faoi mhaor-úinéireacht’ a áireamh in ainm a gcuideachta.

Ba cheart Treoir (AE) 2017/1132 a leasú maidir le comhshónna, cumaisc agus deighiltí trasteorann chun a chur ar chumas na mBallstát a roghnaigh a bhfoirm chorparáideach náisiúnta féin de mhaor-úinéireacht a thabhairt isteach teorainn a chur le comhshó trasteorann na foirme corparáidí náisiúnta sin d’fhoirmeacha corparáideacha Ballstát eile lena bhforáiltear freisin do chineálacha comhchosúla maor-úinéireachta.

<NO.P>6.</NO.P><STRING BOLD="on">Tallann a mhealladh agus a thacú </STRING>

Tá sé ríthábhachtach tallann oilte agus nuálach a mhealladh chun fás eacnamaíoch a spreagadh, nuálaíocht a chothú agus iomaíochas a choinneáil ar bun i margadh domhanda atá ag athrú go tapa. Ní mór fás na táirgiúlachta, an nuálaíocht agus an cuimsiú sóisialta a bheith fite fuaite ina chéile; Ba cheart do chreat S.EU an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas a éascú, gan gá a bheith le hidirghabhálaithe i bpróisis riaracháin, agus rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le dlí an tsaothair agus an dlí sóisialta á n-urramú ag an am céanna. Ba cheart do S.EU foráil a dhéanamh maidir le rialacha comhchuibhithe roghnacha ar fud an Aontais maidir le scéimeanna rannpháirtíochta airgeadais fostaithe, go háirithe maidir le pleananna úinéireachta stoic fostaithe (‘ESOPanna’) a struchtúrú, arna n-éascú trí eintiteas dlíthiúil ar leithligh agus maidir le pleananna scair-rogha fostaithe (‘ESOnna’) a chruthú. Cuirfidh sé sin ar chumas FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis ní hamháin tallann a mhealladh, tiomantas fadtéarmach a dhreasú agus a n-oibríochtaí a éascú ar fud margaí náisiúnta éagsúla mar gheall ar dhearadh creataí ar leith atá ann cheana, ach freisin rannpháirtíocht iomlán agus chothrom fostaithe a chur chun cinn sa luach a chuidíonn siad a chruthú trína gcaipiteal saothair agus intleachtúil. Leis na rialacha comhchuibhithe maidir le ESOPanna agus ESOnna roghnacha, ba cheart díriú ar chomhchuibhiú a dhéanamh ar phríomheilimintí an dlí chorparáidigh, ar an gcreat agus ar ghnéithe struchtúracha na bpleananna le haghaidh rannpháirtíocht airgeadais fostaithe, gan difear a dhéanamh do rialacha fioscacha. Ní mór na prionsabail seo a leanas a chur san áireamh agus rialacha comhchuibhithe á gceapadh faoi chuimsiú an S.EU:

<NO.P>—</NO.P>mar réamhchoinníoll, níor cheart scéimeanna rannpháirtíochta airgeadais fostaithe, in imthosca ar bith, teacht in ionad gnáthluach saothair bunúsach nó aon chineál ranníocaíochta eile amhail ranníocaíochtaí slándála sóisialta ná iad a laghdú, ach ba cheart iad a bheith ina sochar atá comhlántach leis na cearta sóisialta agus conarthacha uile;

<NO.P>—</NO.P>ní mór trédhearcacht agus rialachas daonlathach a bheith ina bpríomhphrionsabail le linn cheapadh agus chur chun feidhme na scéimeanna sin;

<NO.P>—</NO.P>ní mór rannpháirtíocht i scéimeanna den sórt sin a bheith neamh-idirdhealaitheach, agus ní mór di a bheith oscailte agus eisiach do gach fostaí;

<NO.P>—</NO.P>ní mór rannpháirtíocht i scéimeanna den sórt sin a bheith deonach i gcónaí d’fhostaithe agus ní mór bunú scéimeanna den sórt sin a bheith roghnach i gcónaí do S.EUnna;

<NO.P>—</NO.P>ní mór sásraí a bheith ag gabháil le scéimeanna den sórt sin chun fostaithe a chosaint ar rioscaí airgeadais míréasúnta.

Ba cheart don Choimisiún, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis na geallsealbhóirí ábhartha agus bunaithe ar dhea-chleachtas, treoir a cheapadh do S.EUnna chun cur chun feidhme a éascú, chun feasacht a fheabhsú maidir le rannpháirtíocht airgeadais fostaithe agus chun cóineasú scéimeanna rannpháirtíochta airgeadais fostaithe ar fud na mBallstát a áirithiú. Ba cheart go n-áireofaí sa treoraíocht faisnéis faoi rioscaí airgeadais gaolmhara d’fhostaithe, roghanna ceannaigh thar barr amach d’fhostaithe agus rialachas daonlathach a shonrú, agus an tionchar ar fhostaithe a mheas.

Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt, mar chuid den 28ú pacáiste córais, ar shaincheisteanna a bhaineann le cóireáil cánach rannpháirtíochta airgeadais fostaithe chun comhleanúnachas dlíthiúil agus infheidhmeacht trasteorann a áirithiú. Go dtí go mbainfear comhchuibhiú uile-Aontais amach, ba cheart na Ballstáit a spreagadh go láidir chun bearta tacaíochta a ghlacadh go réamhghníomhach le haghaidh rannpháirtíocht airgeadais fostaithe, i gcomhréir le cuspóirí S.EU, chun é a dhéanamh tarraingteach d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon, agus soghluaisteacht agus cothroime trasteorann á gcothú.

Chun acmhainneacht nuálach S.EUanna a neartú agus chun dlús a chur le tráchtálú torthaí taighde, ba cheart bearta a bheith ag gabháil leis an togra reachtach chun comhpháirtíochtaí struchtúrtha idir S.EUanna agus ollscoileanna, institiúidí taighde agus oifigí aistrithe teicneolaíochta a chur chun cinn agus a éascú. Ba cheart don Choimisiún treoir agus samhail-chomhaontuithe comhair a fhorbairt le haghaidh comhpháirtíochtaí den sórt sin, lena n-áiritheofar go mbeidh siad simplí, trédhearcach agus cothrom do na páirtithe uile lena mbaineann.

<NO.P>7.</NO.P><STRING BOLD="on">Caipiteal a mhealladh</STRING>

Ba cheart do na Ballstáit ionstraim fiachais comhchuibhithe de chineál cothromais a thabhairt isteach lena gceadaítear d’infheisteoirí infheistíocht a dhéanamh i gcuideachtaí gan cearta rialaithe a fháil ar chuideachta, amhail cearta rannpháirtíochta brabúis, comhpháirtíochtaí tosta nó iasachtaí atá nasctha le brabús. I gcás na n-ionstraimí fiachais sin de chineál cothromais, ba cheart:

<NO.P>—</NO.P>go cruthófaí iad trí chomhaontú conarthach a thabhairt i gcrích idir an chuideachta agus an t-infheisteoir le haghaidh ranníocaíocht chaipitil; go sonrófaí i gcomhaontú den sórt sin an phríomhshuim infheistithe, go n-áireofaí ann dáta aisíocaíochta sainithe agus go ndéanfaí foráil ann maidir le cúiteamh a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm úis sheasta nó athraithigh, nó i bhfoirm rannpháirtíocht bhrabúis;

<NO.P>—</NO.P>go mbeidís faoi réir gnáthéilimh fiachais;

<NO.P>—</NO.P>go gcaithfí leo mar chaipiteal cothromais nó caipiteal ionadach cothromais chun críoch rialála agus cuntasaíochta.

D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú ar fud 27 ndlínse náisiúnta an mhargaidh inmheánaigh agus d’fhonn bacainní ar infheistíocht in S.EUanna a laghdú, ba cheart don Choimisiún forbairt samhail-airteagal comhlachais caighdeánach ilteangach, comhaontuithe scairshealbhóirí agus gach doiciméad ábhartha eile do S.EUnna a éascú agus ardán a bhunú ar a gcuirfear na doiciméid mhúnla agus an fhaisnéis phraiticiúil sin ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

Ba cheart don Choimisiún grúpa saineolaithe a cheapadh a mbeidh sé de chúram air airteagail chomhlachais eiseamláireacha chaighdeánaithe ardcháilíochta a fhorbairt a chomhfhreagraíonn do na ceanglais chomhchuibhithe le haghaidh S.EUnna. Ba cheart go n-áireofaí sa ghrúpa saineolaithe sin, i measc grúpaí eile, ionadaithe bunaitheoirí, infheisteoirí agus ceardchumann.

Ba cheart don Choimisiún grúpa breise de shaineolaithe a cheapadh a mbeidh sé de chúram air comhaontuithe scairshealbhóirí caighdeánacha, cothroma agus ardcháilíochta a fhorbairt. Ba cheart do na samhail-chomhaontuithe scairshealbhóirí sin cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna bunaitheoirí agus leasanna infheisteoirí. Ba cheart go n-áireofaí sa ghrúpa saineolaithe sin, i measc grúpaí eile, ionadaithe bunaitheoirí agus infheisteoirí caipitil fiontair.

Ba cheart don Choimisiún tacú le tionscnaimh atá ann cheana a bhaineann le taighde ar dhlí gnó Eorpach agus ar dhlí gnó comparáideach agus cur leo chun rochtain oscailte agus faisnéis inchomparáide a bhunú maidir le rialáil gnó sna Ballstáit i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.

<NO.P>8.</NO.P><STRING BOLD="on">Réiteach speisialaithe díospóidí</STRING>

Chun dlús a chur le réiteach díospóidí a bhaineann le S.EUnna, ba cheart sásra speisialaithe malartach um réiteach díospóidí a bhunú. Ba cheart rannpháirtíocht sa sásra sin a bheith faoi réir thoiliú na bpáirtithe lena mbaineann. Ba cheart díospóidí a bhaineann leis an dlí saothair aonair agus leis an dlí saothair comhchoiteann a eisiamh ón sásra sin, agus ba cheart dlínse i gcásanna den sórt sin a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 20 go 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar phainéal speisialta a thabhairt isteach laistigh dá gcúirteanna náisiúnta – painéal amháin laistigh de chúirt shonrach amháin ar an leibhéal náisiúnta nó painéal amháin laistigh d’aon chúirt shonrach amháin i ngach eintiteas cónaidhme, ag brath ar an gcóras breithiúnach náisiúnta atá i gceist. Ba cheart painéil den sórt sin a thiomnú do réiteach a fháil ar dhíospóidí dlí shibhialta idir cuideachtaí a bhaineann le foirm chorparáideach S.EU, ar dhíospóidí a eascraíonn as S.EUnna nó scaireanna in S.EUnna a fháil nó a bhaineann leis sin, agus ar dhíospóidí idir S.EU agus comhaltaí dá bhord bainistíochta nó maoirseachta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir imeachtaí os comhair na bpainéal sin a sheoladh i mBéarla, ar choinníoll go dtoilíonn na páirtithe lena mbaineann.

<NO.P>9.</NO.P><STRING BOLD="on">Measúnú Tionchair, Athbhreithniú agus Meastóireacht </STRING>

Ba cheart faireachán leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht an 28ú córas maidir le nuálaíocht a chur chun cinn, iomaíochas a fheabhsú, deimhneacht dhlíthiúil a choimirciú agus cosc a chur ar dhul timpeall rialála ar chaighdeáin shóisialta agus saothair an Aontais agus ar chaighdeáin náisiúnta shóisialta agus saothair.

Ba cheart don Choimisiún measúnú tionchair cuimsitheach agus trédhearcach a dhéanamh agus a fhoilsiú ag an am céanna le haon togra reachtach nua a bhaineann leis an 28ú córas, agus béim á leagan ar iarmhairtí sóisialta, fioscacha agus dlíthiúla, chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le caighdeáin chosanta an Aontais agus caighdeáin chosanta náisiúnta a lagú. Chun deimhneacht dhlíthiúil agus comhleanúnachas a áirithiú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar shamhlacha náisiúnta agus ar dhea-chleachtais atá ann cheana, amhail feidhmiúlacht na gclárlann corparáideach náisiúnta, agus ar phróisis dhigiteacha uathoibrithe lena n-éascaítear cruthú cuideachtaí agus ardchaighdeáin trédhearcachta agus cuntasachta á gcoinneáil ag an am céanna. Ba cheart don Choimisiún féachaint go sonrach ar bhealaí chun nósanna imeachta a bharrfheabhsú chun a áirithiú gur féidir an próiseas clárúcháin ina iomláine, lena n-áirítear fíoruithe breise agus seiceálacha comhlíontachta, a chur i gcrích laistigh de 48 n-uair an chloig, gan difear a dhéanamh don deimhneacht dhlíthiúil agus i gcomhréir le coimircí nós imeachta.

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin go ndéanfar athbhreithniú cuimsitheach agus, i gcás inar gá, athbhreithniú ar an 28ú córas go tráthrialta, lena n-áirítear measúnú ar a rátaí glactha i measc cuideachtaí, go háirithe FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, agus gnólachtaí atá ag méadú, ar a ailíniú le riachtanais ghnó agus shochaíocha atá ag teacht chun cinn, ar iomaíochas, ar chosaint shóisialta agus ar fhostaíocht an Aontais agus ar a oiriúnacht fhoriomlán don fheidhm.

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an ngníomh reachtach ar fhorbairt agus fás eacnamaíoch FBManna agus ar chomhlíonadh dhlí saothair an Aontais agus an dlí saothair náisiúnta agus caighdeáin cosanta oibrithe agus ar an tionchar orthu gach 4 bliana chun inoiriúnaitheacht do dhúshláin nua a áirithiú. Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha le haghaidh athbhreithniú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin.
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>