<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0004</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cobhsaíocht airgeadais a choimirciú agus a chur chun cinn le linn éiginnteachtaí eacnamaíocha</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0232/2025 - Rapóirtéir:Johan Van Overtveldt)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2026 ar chobhsaíocht airgeadais a choimirciú agus a chur chun cinn le linn éiginnteachtaí eacnamaíocha (2025/2051(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024 maidir leis an athbhreithniú macrastuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa, na rioscaí sistéamacha a bhaineann le hIdirghabhálaithe Airgeadais Neamhbhainc (IANanna) agus a n-idirnascacht le hinstitiúidí airgeadais, faoi Airteagal 513 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (COM(2024)0021),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ó mhí na Samhna 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais ó BCE ó mhí na Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Athbhreithniú Ráithiúil ar an mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS) ó mhí an Mhárta 2025 maidir le forbairtí baincéireachta idirnáisiúnta agus forbairtí sa mhargadh airgeadais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ó Chathaoirleach an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) chuig Airí Airgeadais agus Gobharnóirí Bainc Ceannais G20 an 21 Feabhra 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil stádais FSB an 22 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">G20 Crypto-Asset Policy Implementation Roadmap</STRING> [Treochlár maidir le Cur Chun Feidhme Beartais Cripteashócmhainní G20],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil FSB ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 dar teideal<STRING ITALIC="on"> Policy proposals to enhance money market fund resilience</STRING>: <STRING ITALIC="on">Final report</STRING>, [Beartas tograí chun athléimneacht cistí margaidh airgid a fheabhsú: Tuarascáil chríochnaitheach],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do fhreagairt an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS) ó mhí na Samhna 2024 ar chomhairliúchán an Choimisiúin lena ndéantar measúnú ar leormhaitheas na mbeartas macrastuamachta le haghaidh idirghabháil airgeadais neamhbhainc, dar teideal ‘Cur chuige uile-chórais i leith beartas macrastuamachta’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil BERS maidir le comhlíonadh ó mhí Feabhra 2025 ar mholadh BERS an 2 Nollaig 2021 maidir le hathchóiriú ar chistí margaidh airgid (BERS/2021/9),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don nuashonrú ó Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach an 31 Márta 2025 maidir le rioscaí agus leochaileachtaí i gcóras airgeadais an Aontais – earrach 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) an 14 Feabhra 2022 maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an gCiste Margaidh Airgid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil um Chobhsaíocht Airgeadais Dhomhanda an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) an 22 Aibreán 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (Tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta an 17 Aibreán 2024 dar teideal Much more than a market [Margadh thar an gcoitiantacht] (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 6 Iúil 2011 maidir leis an ngéarchéim airgeadais, eacnamaíoch agus sóisialta: moltaí maidir leis na bearta agus na tionscnaimh atá le déanamh<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1 </STRING>IO C 33E, 5.2.2013, lch. 140.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil óna Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an 26 Márta 2025 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’éisteacht a Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an 19 Márta 2025 maidir le measúnú a dhéanamh ar leormhaitheas an chreata macrastuamachta d’institiúidí airgeadais neamhbhainc in AE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0232/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil cobhsaíocht airgeadais ina bunchloch den athléimneacht eacnamaíoch agus fás i gcónaí, lena n-éilítear forairdeall i bhfianaise éiginnteacht shuntasach eacnamaíoch, suaití seachtracha agus rioscaí sistéamacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur léirigh an ghéarchéim airgeadais dhomhanda na rioscaí neamhchobhsaíochta airgeadais do gheilleagair shárfhorbartha a ghlacann sciartha domhanda chucu féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil brú boilscitheach, luaineacht i margaí fuinnimh agus éiginnteacht airgeadais mar thoradh ar fhogha leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann leis sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go gcuireann forchur taraifí le hilroinnt na trádála domhanda, lena ngéaraítear ar shuaitheadh sa slabhra soláthair agus lena gcruthaítear rioscaí breise do mhargaí airgeadais agus don gheilleagar i gcoitinne;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil aontas na margaí caipitil (CMU) dea-chomhtháite bunriachtanach chun suaití a ionsú agus chun infheistíocht laistigh de AE a chothú agus an margadh aonair a chomhtháthú tuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go mbeidh cobhsaíocht IANanna níos tábhachtaí fós má aistríonn an tAontas Eorpach níos mó dá mhaoiniú chuig margaí caipitil;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go n-oibríonn IANanna ar fud earnálacha atá thar a bheith éagsúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag fás eacnamaíoch atá tite ar gcúl, atá níos measa mar gheall ar theannas trádála, ar eintitis ghiaráilte agus go méadóidh sé riosca creidmheasa d’institiúidí airgeadais;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go n-ardaíonn luachálacha sócmhainní arda i margaí cothromais agus fiachais chorparáidigh ábhair imní faoin bhféidearthacht go bhféadfadh ceartú margaidh tarlú rud a bhfuil iarmhairtí sistéamacha aige;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag earnáil na réadmhaoine cónaithe, a bhain tairbhe as timpeallacht an ráta úis ísil, sa chobhsaíocht airgeadais mar gheall ar a háit lárnach sa gheilleagar, an sciar suntasach de rachmas teaghlaigh atá comhchruinnithe i sócmhainní maoine, príomh-rannpháirtíocht na hearnála airgeadais i gcistiú infheistíochtaí réadmhaoine, agus feidhm ríthábhachtach na réadmhaoine mar chomhthaobhacht i margaí creidmheasa;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil castacht agus idirnascadh idir earnálacha airgeadais tar éis éirí níos tábhachtaí, agus gur glaniasachtóirí do bhainc agus don gheilleagar i gcoitinne iad IANanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar lorg IANanna i margaí airgeadais straitéiseacha, amhail margaí bannaí ceannasacha, mar a léiríodh le leachtú trádálacha ar bhonn todhchaíochtaí airgid ag cistí fálaithe i margadh státchiste na Stát Aontaithe le linn ghéarchéim taraife mhí Aibreáin 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh athchóirithe spriocdhírithe feabhas a chur ar athléimneacht chistí margaidh airgid an Aontais i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil an earnáil airgeadais leochaileach i gcónaí i leith cibearbhagairtí, oirbheartaíocht cogaíochta hibridí agus giaráil fholaithe a d’fhéadfadh bonneagar criticiúil airgeadais a dhíchobhsú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil:</STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> ionsú turrainge agus athléimneacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an díospóireacht athnuaite ar an ngá atá le borradh a chur faoi tháirgiúlacht agus iomaíochas an Aontais, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, trí mhargaí caipitil atá níos comhtháite agus geilleagar atá tíosach ar acmhainní, mar a leagtar amach i dtuarascálacha Draghi agus Letta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do chlár oibre Aontas na Margaí Caipitil lena dtacaítear le hiomaíochas an Aontais gan bac a chur ar an gcobhsaíocht airgeadais ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cur béim ar sprioc Aontas na Margaí Caipitil caipiteal príobháideach a shlógadh ar bhealach níos éifeachtaí chun bearna infheistíochta an Aontais agus an ról a d’fhéadfadh a bheith aige mar mhaolaire turrainge a dhúnadh; á chur i bhfáth gur cheart go rannchuideodh clár oibre Aontas na Margaí Caipitil freisin le míchothromaíochtaí struchtúracha i gcóras airgeadais an Aontais a cheartú; á chur in iúl gur oth léi a mharthanaí atá claontacht fiachais-cothromais de thoradh cánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á aithint nach mór tabhairt chun críche an Aontais Baincéireachta a bheith ina thosaíocht straitéiseach chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag cur sonrú sna dúshláin a eascraíonn as margaí airgeadais atá níos comhtháite in éagmais maoirseacht níos comhleanúnaí, lena n-áirítear an chomhbhabhtáil idir comhroinnt riosca agus éagsúlú éifeachtúil, ar thaobh amháin, agus rioscaí tógálachta, iarmharta agus aimpliúcháin, ar an taobh eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag aithint na comhbhabhtála maidir le comhdhlúthú baincéireachta trasteorann idir éagsúlú geografach, seirbhísí airgeadais trasteorann, barainneachtaí scála, agus lagú féideartha ar an bhfáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach, ar thaobh amháin, agus an fhadhb ‘rómhór le cliseadh’, an lagú féideartha ar lárionaid airgeadais bheaga agus ar naisc le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus le geilleagair áitiúla ar an taobh eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh riosca sistéamach eascairt as institiúidí beaga freisin, toisc go bhféadfaidís cláir chomhardaithe an-chomhghaolaithe a thaispeáint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rochtain ar chaipiteal, go háirithe do FBManna, amhail caipiteal fiontair a théann chuig cuideachtaí fáis, agus cobhsaíocht airgeadais á caomhnú ag an am céanna, lena n-áiritheofar go mbeidh fás agus athléimneacht fite fuaite ina chéile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rioscaí macra-airgeadais agus leochaileacht gheopholaitiúil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar phríomhchuspóir BCE maidir le cobhsaíocht praghsanna a chaomhnú agus an ról lárnach atá ag BERS, ag na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha agus ag na bainc cheannais maidir le rannchuidiú le cobhsaíocht airgeadais san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú gur tógadh an tEurochóras ar phrionsabal na ceannasachta airgeadaíochta; á iarraidh go gcaomhnófaí neamhspleáchas BCE mar thoisc a thacaíonn le cobhsaíocht airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil baol saofa margaidh ag gabháil le hidirghabhálacha margaidh áirithe na mbanc ceannais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur sonrú i nochtadh an Aontais do shuaití seachtracha trí idirnaisc láidre le margaí agus eintitis eachtracha airgeadais, do spleáchas earnáil airgeadais an Aontais ar sholáthraithe seirbhíse nach den Aontas iad agus brúnna ó theannas trádála atá ag dul i méid le linn éiginnteacht gheopholaitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cur béim ar na rioscaí a bhaineann le hardfhiachas ceannasach agus le heasnaimh; á mheabhrú go raibh ábhair imní an mhargaidh maidir le hinbhuanaitheacht fiachais cheannasaigh, an creat rialála baincéireachta neamhleor ag an am, agus tógálacht trí chórais airgeadais idirnasctha ina spreagthóir do ghéarchéim airgeadais 2008 agus do ghéarchéim an limistéir euro ina dhiaidh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt rabhadh faoi éifeachtaí iarmhartacha ar an earnáil airgeadais; ag cur sonrú, ina leith sin, sna hiarrataí ar leochaileachtaí sistéamacha a mhaolú; á chur i bhfáth, áfach, nár cheart go ndéanfadh aon fhorbairtí amach anseo an bonn a bhaint de fhreagrachtaí fioscacha náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún comhlíonadh chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus cóineasú le rialacha fioscacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a fhorfheidhmiú chun airgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á aithint go bhféadfadh athchóirithe struchtúracha chun struchtúr airgeadais agus institiúideach an limistéir euro a neartú agus laghdú ar ilroinnt an mhargaidh ról idirnáisiúnta an euro a ardú agus cobhsaíocht airgeadais agus airgeadaíochta a neartú; ag cur sonrú sa phlé leanúnach atá ar siúl maidir leis an euro digiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cur béim ar an éagobhsaíocht ionchasach a eascraíonn as institiúidí airgeadais ardghiaráilte, agus á aithint ag an am céanna gur féidir róil eacnamaíocha a bheith acu amhail fálú, leachtacht an mhargaidh a fheabhsú, praghas-aimsiú nó comhroinnt riosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhordú i measc maoirseoirí macrastuamachta trí anailís agus maoirseacht ar riosca sistéamach agus trí ailíniú le maoirseacht mhicreastuamachta chun comhoiriúnacht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag aithint na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chobhsaíocht airgeadais a eascraíonn as léirithe níos minice ar rioscaí fisiceacha i dtaca le guaiseacha aeráide agus dúlra agus rioscaí aistrithe a bhaineann leis an aeráid;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Strus na hearnála baincéireachta agus formhaoirseacht NBFI</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cur chun feidhme chreat Basel III a áirithiú chun athléimneacht agus iomaíochas domhanda bhainc an Aontais a fheabhsú; ag cur sonrú san easpa leanúnach soiléireachta maidir le caighdeáin Basel III a chur chun feidhme i roinnt dlínsí móra nach dlínsí de chuid an Aontais iad agus gur gá do chóras baincéireachta an Aontais leanúint de bheith iomaíoch i gcomhthéacs idirnáisiúnta; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé sláine chreat Basel a choimeád, agus á chur i bhfios go láidir gur féidir breathnú ar an gcobhsaíocht airgeadais féin mar bhuntáiste iomaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé creat fónta macrastuamachta a choinneáil lena n-áirithítear simpliú, soiléiriú dlíthiúil agus laghdú ualaigh, d’eintitis bheaga go háirithe’; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí simpliú agus comhchuibhiú a dhéanamh ar cheapadh agus ar chur i bhfeidhm maolán macrastuamachta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis mhaoirseachta prionsabail na comhréireachta, na costéifeachtúlachta agus an tsimplithe dhigitigh a chur i bhfeidhm go córasach i gcás inar féidir agus gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart simpliú na n-athchóirithe géarchéime airgeadais tar éis 2008 a bhreithniú má tá tairbhí soiléire agus réasúnaithe ann don fhíorgheilleagar agus mura bhfuil aon rioscaí ann don chobhsaíocht airgeadais; ag cur sonrú sa díospóireacht maidir leis an bpacáiste urrúsúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cur sonrú in anailís BCE ar leochaileachtaí leanúnacha i margaí réadmhaoine tráchtála, rud atá níos measa fós mar gheall ar rátaí úis atá ag dul i méid agus neamhchosaintí IAN, ar cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar BERS dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ról IANanna atá gníomhach i margaí réadmhaoine agus moltaí ábhartha a eisiúint; ag aithint, ina theannta sin, na n-ardleibhéal féichiúnais teaghlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tathant ar BCE measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint na n-institiúidí airgeadais ar rioscaí geopholaitiúla, lena n-áirítear éifeachtaí indíreacha smachtbhannaí, taraifí agus ilroinnt eacnamaíoch mar chuid den Phróiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta rialta i gcomhthéacs na huathrialach straitéisí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag aithint ábharthacht shistéamach IANanna atá ag dul i méid, arb ionann iad agus os cionn 40 % de shócmhainní earnáil airgeadais an Aontais; á mheas go bhféadfaidh eintitis den sórt sin rannchuidiú le rioscaí cobhsaíochta airgeadais nuair nach ndéantar rialáil leordhóthanach orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cur sonrú in éagsúlacht shamhlacha gnó IANanna agus an ról tábhachtach maoinithe atá acu; á thabhairt chun suntais, i gcás go leor earnálacha, go bhfuil rialáil earnála Eorpach i bhfeidhm cheana féin, amhail le haghaidh cistí fálaithe (an Treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2 </STRING>Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/61/oj).</FIELD></FOOTNOTE>), cistí margaidh airgid (an Rialachán maidir le Cistí Margaidh Airgid<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3 </STRING>Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid IO L 169, 30.6.2017, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1131/oj).</FIELD></FOOTNOTE>), gnóthais árachais (Sócmhainneacht II), gnólachtaí infheistíochta (an Treoir maidir le Gnólachtaí Infheistíochta agus<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4 </STRING>Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/2034/oj).</FIELD></FOOTNOTE> an Rialachán<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5 </STRING>Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2033/oj).</FIELD></FOOTNOTE>) nó cistí pinsin (an Treoir maidir le hinstitiúidí le haghaidh soláthar scoir ceirde<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6 </STRING>Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um sholáthar pinsean ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/2341/oj).</FIELD></FOOTNOTE>); ag tabhairt dá haire go ndíríonn an creat atá ann faoi láthair, áfach, go príomha ar chosaint infheisteoirí agus ar shláine an mhargaidh seachas ar rioscaí sistéamacha a laghdú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7 </STRING>Athbhreithniú ar chobhsaíocht airgeadais BCE, Bealtaine 2025, lch. 78.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú críochnúil ar bhearnaí rialála maidir le IANanna, lena n-áirítear i réimsí nach bhfuil chomh rialáilte céanna amhail oifigí teaghlaigh agus cuideachtaí airgeadais an tslabhra soláthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag cur sonrú i dtuarascáil 2023 ón gCoimisiún maidir le feidhmiú cistí margaidh airgid agus na leasuithe a rinneadh le déanaí ar chreat Chistí an Mhargaidh Airgid; á iarraidh ar an gCoimisiún an Rialachán maidir le Cistí Margaidh Airgid a athchóiriú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">8 </STRING>Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid IO L 169, 30.6.2017, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1131/oj).</FIELD></FOOTNOTE> i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, dul chun cinn rialála a rinneadh i ndlínsí eile agus moltaí BERS agus ÚEUM;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rioscaí leachtachta, éarlaise agus digiteacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur spreag glaonna ar chorrlach comhthimthriallach le linn géarchéimeanna amhail COVID-19 agus suaitheadh fuinnimh 2022 strus suntasach leachtachta; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá ullmhacht leachtachta, agus go ginearálta giaráil agus maoláin chaipitil ina leith sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh go mbeadh uirlisí ann chun scála agus luas eis-sreafaí leachtachta a eascraíonn as glaonna ar chorrlach le linn teagmhais shistéamacha a ghabháil ar bhealach níos fearr, go háirithe i gcás fóntais fuinnimh agus IANanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le bonneagar imréitigh athléimneach, creataí comhthaobhachta láidre agus maoirseacht chomhordaithe ar chontrapháirtithe lárnacha (CPLanna); ag cur sonrú i gcinneadh an Choimisiúin síneadh a chur leis an gcóras coibhéise do CPLanna atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe agus ag tabhairt dá haire go bhfuil imní fós ann maidir le spleáchas na hEorpa ar CPLanna nach den Aontas iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tacú le trédhearcacht agus formhaoirseacht mhacrastuamachta níos fearr i gcleachtais corrlaigh, lena n-áirítear tástáil struis agus anailís ar chásanna, agus leas á bhaint as an obair a rinne an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais le déanaí maidir le hullmhacht leachtachta le haghaidh glaonna ar chorrlach agus ar chomhthaobhacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hidirnaisc mhéadaitheacha idir cripteashócmhainní agus margaí airgeadais díláraithe agus an córas airgeadais traidisiúnta; ag tacú leis an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais, leis na comhlachtaí a leagann síos caighdeáin agus le BERS ina n-iarrachtaí creat rialála a shuiteáil agus a aicmiú a chomhchuibhiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cosúil go bhfuil rioscaí cobhsaíochta airgeadais a eascraíonn as margaí cripteashócmhainní teoranta faoi láthair luaite in anailís an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">9 </STRING>Tuarascáil Stádais G20 ar Chur Chun Feidhme Beartais Cripteashócmhainní. An 22 Deireadh Fómhair 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; ag tarraingt aird, áfach, ar an ábharthacht shistéamach a d’fhéadfadh a bheith ag forbairtí sna margaí le haghaidh cripteashócmhainní; ag tabhairt dá haire gur de chineál amhantrach den chuid is mó iad cripteashócmhainní agus go bhfuil ról tábhachtach acu in idirbhearta aindleathacha; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar BERS súil ghéar a choinneáil ar fhorbairtí sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil creat stuamachta curtha i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach le haghaidh cripteashócmhainní (MiCAR); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chun feidhme tráthúil agus comhsheasmhach agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na bearnaí rialála atá fós ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil fás tapa ag teacht ar an margadh cripteamhona cobhsaí, atá fós teoranta den chuid is mó don éiceachóras criptea-airgeadra go dtí seo; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tírdhreach rialála maidir le cripteamhonaí cobhsaí i ndlínsí móra nach dlínsí de chuid an Aontais iad ag athrú go mear; ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh bealaí tógálachta a bheith ann, amhail i gcás ileisiúna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil bearta glactha ag an Aontas chun athléimneacht dhigiteach eintiteas airgeadais a neartú, go háirithe tríd an Rialachán maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">10 </STRING>Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag spreagadh na nuálaíochta i réimse an airgeadais dhigitigh agus na hinfheistíochta fairsinge sa chibear-athléimneacht chun bonneagar airgeadais a chosaint ar bhagairtí seachtracha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BCE spleáchais an chórais airgeadais Eorpaigh ar sholáthraithe seirbhísí digiteacha nach den Aontas iad, ar phointí aonair teipe agus ar an riosca ionsaithe hibrideacha a mhapáil agus aghaidh a thabhairt orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur féidir le feabhsuithe ar litearthacht airgeadais cur le hathléimneacht an duine aonair, le margaí airgeadais níos cobhsaí, agus le rannpháirtíocht mhéadaithe in Aontas na Margaí Caipitil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur gné bhunriachtanach den chobhsaíocht airgeadais agus de mhuinín an phobail fós é lóistíocht agus bonneagar réasúnta agus iontaofa a choimeád ar mhaithe le hinfhaighteacht airgid thirim;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhordú maoirseachta, cumais sonraí agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a fheabhsú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tacú le cur chuige maoirseachta uile-chórais níos comhleanúnaí agus gníomhaíocht-bhunaithe lena sainaithnítear agus lena dtugtar aghaidh ar rioscaí agus leochaileachtaí a bhaineann le cineálacha éagsúla gníomhaíochta ar fud na hearnála airgeadais, amhail iasachtú, idirbhearta agus bainistiú sócmhainní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá creat bainistithe géarchéime atá láidir agus inchreidte; ag cur béim ar ról an tSásra Réitigh Aonair chun réiteach éifeachtach ar institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu a áirithiú agus ag tacú le feidhm BCE mar iasachtóir na rogha deiridh chun leachtacht agus iontaoibh a choimirciú le linn géarchéimeanna; ag tabhairt dá haire go bhfuil cúlstop le haghaidh an Chiste Réitigh Aonair fós in easnamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tacú le BCE, le BERS, leis na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha agus náisiúnta agus leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta chun cobhsaíocht airgeadais an Aontais a choimirciú agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí airgeadais domhanda atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear maoirseacht chomhleanúnach ag ESMA ar IANanna sistéamacha trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh i gcoinne arbatráiste rialála agus á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí giarála folaithe a nochtadh i suaití roimhe seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún seasamh le hardleibhéal uaillmhéine i gcur chun feidhme mholtaí an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais maidir le giaráil san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh sonraí cáilíochtúla agus atá inrochtana go héasca ag údaráis, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus gur cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith acu chun anailís a dhéanamh ar na sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh go bhfeabhsófaí trédhearcacht, cumais anailísíochta sonraí agus sásraí cuíchóirithe comhroinnte sonraí idir na húdaráis náisiúnta agus údaráis an Aontais, maidir le coimircí cosanta sonraí, chun tacú le creat faireacháin riosca níos cuimsithí agus le cumais tástála struis ar fud an chórais, lena n-áirítear maidir le cibear-athléimneacht, éaradh fuinnimh agus an creat comhthaobhachta; ag tabhairt dá haire gur chuir roinnt údarás náisiúnta in iúl cheana féin go bhfuil sé ar intinn acu tástálacha struis a dhéanamh ar idirnaisc idir earnáil na baincéireachta agus earnáil IAN;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh go neartófaí an comhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais, lena n-áirítear CAI, Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, BIS agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, chun dul i ngleic le rioscaí cobhsaíochta trasteorann;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>