<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0006</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Athchóiriú ar an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin – bacainní ar dhaingniú agus ar chur chun feidhme sna Ballstáit</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0252/2025 -  Rapóirtéir: Borja Giménez Larraz)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2026 maidir le hathchóiriú ar an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin – bacainní ar dhaingniú agus ar chur chun feidhme sna Ballstáit (2025/2028(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na Conarthaí agus go háirithe d’Airteagail 9, 10, 14 agus 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagail 22, 223(1) agus 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 278, 8.10.1976, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1976/787(2)/oj</FIELD></FOOTNOTE> (an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin) atá i gceangal le cinneadh ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976<FOOTNOTE><FIELD> 76/787/CEGC, CEE, Euratom: Cinneadh ó ionadaithe na mBallstát ag teacht le chéile dóibh sa chomhairle maidir leis an Ionstraim a bhaineann le toghadh ionadaithe an Tionóil trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (IO L 278, 8.10.1976, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1976/787(1)/oj</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat-Chomhaontú an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 304, 20.11.2010, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2010/1120/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún an 11 Samhain 2015 ar dhlí toghcháin an Aontais Eorpaigh a athchóiriú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 366, 27.10.2017, lch. 7.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasamh an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh (76/787/CEGC, CEE, Euratom) ón gComhairle agus an Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal leis an gCinneadh sin (2020/2220(INL) – 2022/0902(APP))<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 6.12.2022, lch. 171.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976<FOOTNOTE><FIELD> IO L 178, 16.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/994/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>	ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A10-0252/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go dtugann Airteagal 223 CFAE an ceart don Pharlaimint tús a chur le hathchóiriú ar a nós imeachta toghcháin féin, agus é mar aidhm leis nós imeachta aonfhoirmeach a tharraingt suas a bhfuil feidhm aige ar fud AE nó nós imeachta atá bunaithe ar phrionsabail is coiteann do na Ballstáit uile a tharraingt suas, agus a toiliú a thabhairt ina leith; de bhrí go bhfuil institiúidí AE agus na Ballstáit faoi cheangal ag prionsabal an chomhair dhílis fhrithpháirtigh mar a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí nach amháin go n-áiritheofaí le nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach comhionannas agus trédhearcacht níos fearr sa phróiseas toghcháin ach go gcothófaí teacht chun cinn réimse pholaitiúil agus phoiblí Eorpaigh freisin, rud a neartódh dlisteanacht AE agus a chuid institiúidí;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 223(1) CFAE, go bhfuil teacht i bhfeidhm na hIonstraime Eorpaí um Thoghcháin leasaithe faoi réir fhormheas na mBallstát uile i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla faoi seach, agus lánrogha iomlán ag gach Ballstát maidir le cathain a dhaingneoidh sé í;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go raibh an fhéidearthacht chun nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach a fhorbairt atá bunaithe ar vótáil chomhchoiteann dhíreach cumhdaithe sna Conarthaí ó 1957 i leith;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur leagadh amach in Ionstraim Eorpach um Thoghcháin 1976 an cuspóir nós imeachta aonfhoirmeach den sórt sin a bhunú, agus gur tugadh sainordú sainráite don Pharlaimint na bearta is gá a dhéanamh chun na críche sin; de bhrí nár tugadh isteach an fhéidearthacht ‘prionsabail choiteanna’ a leagan síos in ionad nós imeachta comhchuibhithe go dtí céim níos déanaí mar fhreagairt phragmatach ar na deacrachtaí leanúnacha a bhaineann le comhaontú d’aon toil a bhaint amach maidir le nós imeachta toghcháin aontaithe; de bhrí go bhfuil cur chun feidhme leanúnach agus míchothrom na n-athchóirithe toghcháin mar thoradh ar an aistriú cur chuige sin, rud a bhaineann an bonn de mheon bunaidh na gConarthaí agus Ionstraim Eorpach um Thoghcháin 1976, agus a chuireann moill ar chreat toghcháin Eorpach a bhunú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an athchóiriú ar nós imeachta toghcháin Pharlaimint na hEorpa feabhas a chur ar ghné dhaonlathach na dtoghchán Eorpach agus ar dhlisteanacht phróiseas cinnteoireachta AE trí rannpháirtíocht chomhionann a áirithiú do shaoránaigh uile AE, agus ar an gcaoi sin an creat toghcháin a ailíniú le ról na Parlaiminte mar chomhreachtóir arna thoghadh go díreach ag saoránaigh AE; de bhrí gur cheart go bhfeidhmeodh an t-athchóiriú sin chun coincheap shaoránacht AE a threisiú, feidhmiú na Parlaiminte agus rialachas AE a fheabhsú, agus prionsabail an chomhionannais toghcháin, an chomhionannais deiseanna agus an chuimsithe a neartú; de bhrí gur cheart dó trédhearcacht, inrochtaineacht agus rannpháirtíocht na hóige a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí nach bhfuil comhaontú cuimsitheach maidir le nós imeachta toghcháin atá fíor-aonfhoirmeach bainte amach go fóill, agus tá an creat atá ann faoi láthair ilroinnte go mór; de bhrí gur tharla cóineasú de réir a chéile i ngnéithe áirithe, ach go leanann na rialacha náisiúnta atá ann faoi láthair d’éagothromaíochtaí suntasacha a chruthú i bpríomhréimsí ar fud na mBallstát, rud a bhaineann an bonn den chomhionannas toghcháin agus a lagaíonn an dearcadh maidir le toghchán Eorpach aonair comhroinnte agus muinín na saoránach i bpróiseas daonlathach na hEorpa araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, in ainneoin roinnt athchóirithe, go bhfuil toghcháin Eorpacha fós á rialú le dlíthe náisiúnta den chuid is mó, go bhfuil feachtasaíocht toghcháin fós náisiúnta, agus nach féidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha a sainorduithe bunreachtúla a chomhlíonadh go leordhóthanach agus ‘rannchuidiú le feasacht pholaitiúil Eorpach a bhunú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl’ mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(4) CAE; de bhrí go bhfuil leibhéal soiléireachta tugtha ina leith sin le hathmhúnlú an rialacháin maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1141/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb éard is tairseach toghcháin maidir le leithdháileadh suíochán ann an céatadán íosta vótaí a chaithfidh páirtí polaitíochta nó comhrialtas a bhaint amach chun suíochán a fháil sa chomhthionól reachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go mbunaítear le Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976 (IO L 178, 16.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/994/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle tairseach idir 2 % agus 5 % do Bhallstáit a bhfuil toghlaigh acu ina bhfuil níos mó ná 35 shuíochán; de bhrí nach mór do thairseacha toghcháin cothromaíocht a bhaint amach idir inrialaitheacht agus iolrachas polaitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go raibh moill ar phróiseas daingniúcháin athchóiriú 2018, agus nár chuir roinnt Ballstát na nósanna imeachta daingniúcháin is gá i gcrích in am roimh thoghcháin Eorpacha 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil deis chomhionann ag gach saoránach AE páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach chun próiseas toghcháin níos cuimsithí a ráthú; de bhrí nach mbaineann ach cúpla Feisire Pharlaimint na hEorpa le mionlaigh náisiúnta agus eitneacha a aithnítear go hoifigiúil mar mhionlaigh ina mBallstáit faoi seach, i gcomhréir lena gcreataí bunreachtúla nó dlíthiúla faoi seach agus ionstraimí ábhartha Chomhairle na hEorpa; de bhrí gur mhol Coimisiún na Veinéise agus an Chomhairle um Thoghcháin Dhaonlathacha, ina dtuarascáil an 15 Márta 2005, maidir le rialacha toghcháin agus gníomhaíocht dhearfach do rannpháirtíocht mionlach náisiúnta sa phróiseas cinnteoireachta i dtíortha Eorpacha roinnt beart chun ionadaíocht chothrom mionlach a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí nach mór don athchóiriú ar an nós imeachta toghcháin ar bhonn Airteagal 223(1) CFAE prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus sainchumais ghrinnscrúdaithe agus daingniúcháin na bparlaimintí náisiúnta a urramú go hiomlán;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Príomhchonclúidí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú go mbainfeadh an bealach i dtreo Eorpú rialacha toghcháin náisiúnta a bhaineann leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa tairbhe as neartú breise, eadhon maidir le hinrochtaineacht do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, spriocdhátaí coiteanna chun liostaí toghcháin a thabhairt chun críche, vótáil dhúbailte a chosc agus infheictheacht agus ról na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha i bpróisis toghcháin a fheabhsú; á mheabhrú, áfach, go bhfuil go leor forálacha atá ann cheana san Ionstraim Eorpach um Thoghcháin atá ann faoi láthair curtha chun feidhme i ngach Ballstát, eadhon córas ionadaíochta cionmhaire, uastairseach toghcháin 5 % agus toirmeasc ar Fheisirí a bhfuil dé-shainordú acu sna parlaimintí náisiúnta agus i bParlaimint na hEorpa; á mheas, mar sin féin, nach bhfuil sé i bhfad ó ‘phobal daonlathach’ Eorpach a thabhairt chun críche agus nach mór iarrachtaí beartais a threisiú chun AE a dhéanamh níos neamhmhaorlathaí agus níos daonlathaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á athdhearbhú go leantar de thoghcháin Eorpacha a reáchtáil den chuid is mó faoi chreataí náisiúnta dlíthiúla agus institiúideacha, a ceapadh i gcéim an-difriúil den lánpháirtiú Eorpach; á chur i bhfáth nach gcomhfhreagraíonn na rialacha sin a thuilleadh do ról feabhsaithe agus do chumhachtaí reachtacha Pharlaimint na hEorpa, go háirithe ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil roinnt forálacha i gCinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle a bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit iad a chur chun feidhme nó a n-iarrtar orthu iad a chur chun feidhme; á chur i bhfios nár chuir roinnt Ballstát bearta roghnacha chun feidhme agus go bhfuil roinnt beart éigeantach curtha chun feidhme ar bhealaí éagsúla ag roinnt Ballstát, amhail iad siúd a bhaineann le vótáil dhúbailte a chosc; ag tabhairt dá haire go bhfuil formhór na bhforálacha a leagtar síos i gCinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle fós roghnach; á mheas go léirítear le trasuí teoranta na bhforálacha neamhcheangailteacha sin easpa tola polaitiúla chun an fhrithbheartaíocht náisiúnta a shárú agus chun gealltanas a thabhairt maidir le próiseas daonlathach lena léirítear an ghné Eorpach ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil éagsúlacht mhór idir na spriocdhátaí chun liostaí toghcháin a thabhairt chun críche roimh thoghcháin Eorpacha i measc na mBallstát, ó 21 lá go 90 lá faoi láthair, rud a chuireann iarrthóirí agus vótálaithe ar fud an Aontais i staid mhíchothrom a mhéid a bhaineann leis an am atá ar fáil chun feachtas a dhéanamh nó chun machnamh a dhéanamh ar a rogha vótála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach réimse poiblí Eorpach agus díospóireacht pholaitiúil a chruthú a théann thar theorainneacha náisiúnta, go háirithe i gcomhthéacs na dtoghchán Eorpach, chun daonlathas AE a neartú; á chur i bhfios go láidir gur príomhionstraim iad páirtithe polaitiúla Eorpacha chun díospóireacht den sórt sin a chothú; á mheas nach mór go n-áireofaí i ngach páipéar ballóide ainmneacha na n-iarrthóirí agus lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a bhfuil gach páirtí náisiúnta cleamhnaithe leis, agus gur cheart go mbeadh infheictheacht chuí ag na hiarrthóirí ar chraoltaí ar líne, ar chraoltaí feachtais teilifíse agus raidió, ar phóstaeir agus ar ábhar eile a úsáidtear i bhfeachtais toghcháin Eorpacha; á mheas gur íoscheanglas iad na bearta sin chun vótálaithe a chur ar an eolas faoi ghné Eorpach a vóta agus chun a chur ar chumas páirtithe polaitiúla Eorpacha a ról faoi Airteagal 10(4) CAE a chomhlíonadh; á chreidiúint go ndéanfadh na bearta sin na toghcháin Eorpacha níos trédhearcaí, go seachnófaí aon saobhadh ar cheart na vótálaithe a bheith ar an eolas faoi chomhaontuithe comhghuaillíochta a bheith ann idir páirtithe polaitiúla i dtoghcháin Eorpacha, agus go gcuirfeadh siad ar chumas na saoránach a vóta a chaitheamh go comhfhiosach do pháirtí polaitiúil a bhaineann leis an ngrúpa polaitiúil is fearr leo i bParlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur saoth léi nach ach beart roghnach é sin faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle agus nach ndearnadh é a thrasuí go fóill in aon reachtaíocht náisiúnta go dtí seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú gur gá leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh maidir leis an bpróiseas toghcháin a dhéanamh níos cuimsithí chun a áirithiú go mbeidh deis chomhionann ag gach saoránach, gan beann ar a gcúinsí, páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach; á chur i bhfios nach gceadaíonn rialacha náisiúnta roinnt Ballstát do vótálaithe faoi mhíchumas a stáisiún vótála sannta a athrú go stáisiún vótála eile a fhreastalaíonn níos fearr ar a riachtanais, nó rochtain a fháil ar fhaisnéis toghcháin i bhformáidí inrochtana; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil aon bhacainní ar an gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir do dhaoine faoi mhíchumas ar neamhréir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus gur cheart iad a bhaint chun inrochtaineacht a ráthú do chách le linn an phróisis toghcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuirtear vótáil tríd an bpost agus a modhanna comhlántacha i láthair i gCinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle mar bheart roghnach atá dírithe ar inrochtaineacht a éascú do dhaoine faoi mhíchumas; á chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil an cuspóir sin bunriachtanach, go bhfuil ról níos leithne ag vótáil tríd an bpost freisin maidir le rannpháirtíocht toghcháin a dhéanamh níos solúbtha agus níos cuimsithí; á chur i bhfáth go rachadh tairiscint vótála tríd an bpost mar rogha ráthaithe i ngach Ballstát chun tairbhe ní hamháin do dhaoine faoi mhíchumas ach do shaoránaigh freisin nach bhfuil in ann vótáil go pearsanta mar gheall ar imthosca urghnácha; á mheas, dá n-áiritheofaí rochtain níos leithne ar vótáil tríd an bpost, go bhfeabhsófaí rannpháirtíocht, go háirithe i measc saoránaigh shoghluaiste AE agus vótálaithe óga, agus go rannchuideofaí le líon foriomlán na vótálaithe a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú nár réitíodh staid déshaoránach AE go fóill, ós rud é gur féidir déshaoránach AE a áireamh fós ar rollaí toghthóirí níos mó ná Ballstát amháin go huathoibríoch agus gan aon bhealach ar fáil chun díchlárú; ag tabhairt dá haire go bhféadfar a mheas, mar sin féin, nár vótáil déshaoránach AE atá cláraithe go huathoibríoch ar níos mó ná rolla toghthóirí amháin, ach nach vótálann ach i mBallstát amháin, de réir mar is gá, agus go bhféadfadh pionós a bheith air mar thoradh air sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnamh na Parlaiminte socruithe seachvótála a thabhairt isteach do chásanna saoire máithreachais trí leasú a dhéanamh ar an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin, mar réiteach cothrom agus praiticiúil chun tacú le Feisirí agus leanúnachas na hionadaíochta á áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle i bhfeidhm go fóill toisc go bhfuil an próiseas daingniúcháin fós ar siúl i mBallstát amháin atá fágtha; ag tabhairt dá haire, cé gur dhaingnigh an Ghearmáin Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle, nár leasaíodh dlí toghcháin na Gearmáine do na toghchán Eorpacha toisc, fad nach bhfuil an tairseach 2 % éigeantach faoi dhlí AE, nach féidir é a thabhairt isteach i ndlí na Gearmáine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire ról an Choimisiúin mar éascaitheoir sna cainteanna institiúideacha idir an Pharlaimint agus an Chomhairle maidir leis an togra nua chun an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin a athchóiriú; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach dul i mbun idirphlé cuiditheach leis an gComhairle chun meastóireacht a dhéanamh ar thogra 2022 ón bParlaimint agus dul chun cinn a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir nach bacainní teicniúla ná dlíthiúla is cúis leis an easpa dul chun cinn ach easpa tola polaitiúla i measc na mBallstát chun dul i ngleic le tograí na Parlaiminte; á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur cheart go dtabharfadh an tuarascáil sin spreagadh nua chun tús a chur le caibidlíocht idirinstitiúideach maidir le togra 2022 gan mhoill agus ag tathant ar uachtaránachtaí na Comhairle atá ar na bacáin a n-oibleagáidí faoi phrionsabal an chomhair fhrithpháirtigh agus dhílis a chomhlíonadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheas gur gnéithe bunriachtanacha iad trédhearcacht an phróisis toghcháin agus rochtain ar fhaisnéis iontaofa chun feasacht pholaitiúil Eorpach a ardú agus chun ráta vótála toghcháin a áirithiú atá ard go leor chun a bheith ina shainordú ó na toghthóirí; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh na deiseanna céanna ag iarrthóirí feachtasaíocht a dhéanamh agus gur cheart saoránaigh a chur ar an eolas i bhfad roimh ré faoi na hiarrthóirí atá ag seasamh sna toghcháin Eorpacha; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé comhchuibhiú a dhéanamh ar na spriocdhátaí chun liostaí toghcháin a thíolacadh ar fud na mBallstát, mar a d’iarr an Pharlaimint roinnt uaireanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach rochtain ar vótáil i dtoghcháin Eorpacha a éascú agus a ráthú go mbeidh gach duine atá i dteideal vóta a chaitheamh in ann an ceart sin a fheidhmiú trí vótáil tríd an bpost nó trí mhodhanna comhlántacha eile; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain chomhionann ar fhaisnéis agus ar an bpróiseas toghcháin a áirithiú do gach saoránach, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe nuair nach bhfuil struchtúir phoiblí inrochtana go hiomlán; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit an ceart chun vótáil agus chun seasamh i dtoghchán do dhaoine faoi mhíchumas a ráthú trí fhorálacha a bhunú lena gcomhchuibhítear inrochtaineacht saoráidí vótála, stáisiún vótála, nósanna imeachta toghcháin agus ábhar toghcháin do dhaoine faoi mhíchumas, agus lena gcuirtear ar a gcumas vótáil go neamhspleách agus faoi rún; ag tabhairt dá haire gur ar na Ballstáit i gcónaí atá an fhreagracht iomlán as inrochtaineacht a rialáil agus á iarraidh orthu comhoibriú le heagraíochtaí daoine faoi mhíchumas chun measúnú a dhéanamh ar na bacainní dlíthiúla agus praiticiúla lena gcuirtear cosc ar a rannpháirtíocht i dtoghcháin, mar vótálaithe agus mar iarrthóirí araon, agus chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit uile na bearta roghnacha uile a áirítear i gCinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle a chur chun feidhme agus, go háirithe, infheictheacht na gcomhghuaillíochtaí toghcháin i dtoghcháin Eorpacha a fheabhsú, páirtithe polaitiúla náisiúnta a chleamhnú le páirtithe polaitiúla Eorpacha, comhlachais Eorpacha vótálaithe agus eintitis toghcháin Eorpacha eile, trí fheachtais meán, páipéir bhallóide aonfhoirmeacha a dháileadh lena léirítear go soiléir comhghuaillíochtaí Eorpacha ar fud gach Ballstáit, agus tásca maidir le gach ábhar toghcháin eile; á mheas gur cheart do pháirtithe náisiúnta agus comhlachais vótálaithe, i gcás inarb infheidhme, a gcleamhnacht le páirtithe polaitiúla Eorpacha, nó le heintitis toghcháin Eorpacha eile a léiriú le linn an fheachtais toghcháin, lena n-áirítear ar pháipéir bhallóide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit uile bearta nithiúla a dhéanamh chun ceanglais iarrthóireachta a chomhchuibhiú chun rochtain chothrom agus chomhionann ar an bpróiseas toghcháin a áirithiú do na gníomhaithe polaitiúla uile, i gcomhréir le prionsabal na hiomaíochta córa agus an iolrachais dhaonlathaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé fós éigeantach go ndéanfadh na Ballstáit uile Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle a dhaingniú chun go mbeidh sé in ann teacht i bhfeidhm; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an mBallstát eile tús a chur leis an nós imeachta daingniúcháin;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún Eorpach.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>