<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0014</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0262/2025 -  Rapóirtéir:Francisco Assis)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2026 ar chearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2025 (2025/2166(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2, 3, 8, 21, 23 agus 36 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 17 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus do chonarthaí agus ionstraimí ábhartha eile na Náisiún Aontaithe um chearta an duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú, a glacadh an 9 Nollaig 1948,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Déileáil le Príosúnaigh Chogaidh, a glacadh an 12 Lúnasa 1949,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach Mídhaonna nó Táireach an 10 Nollaig 1984 agus don Phrótacal Roghnach an 18 Nollaig 2002 a ghabhann leis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 13 Meán Fómhair 2007,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas an 12 Nollaig 2006 agus don Phrótacal Roghnach a ghabhann leis, a glacadh an 13 Nollaig 2006,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú maidir le Gach Cineál Éadulaingthe agus Idirdhealaithe atá Bunaithe ar Reiligiún nó Creideamh a Dhíothú, a fógraíodh le Rún 36/55 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Samhain 1981,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga an 18 Nollaig 1992,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989 agus don dá Phrótacal Roghnacha a ghabhann leis, a glacadh an 25 Bealtaine 2000,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacail Uimhreacha 6 agus 13 a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Aibreán 1983 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint a mhéid a bhaineann le Deireadh a Chur le Pionós an Bháis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 maidir le Tosaíochtaí an Aontais i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024, a ghlac an Chomhairle an 17 Samhain 2020 agus a athbhreithniú meántéarma a glacadh an 9 Meitheamh 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine<FOOTNOTE><FIELD> IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1998/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj.</FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on">,</STRING>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh (COM(2021)0142),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn agus a chosaint,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh ar líne agus as líne, arna nglacadh ag an gComhairle an 12 Bealtaine 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte athbhreithnithe an Aontais maidir le beartas an Aontais i leith tríú tíortha maidir le céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, arna nglacadh ag an gComhairle an 16 Meán Fómhair 2019,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte athbhreithnithe an Aontais maidir le leanaí agus coinbhleacht armtha, arna bhformheas ag an gComhairle an 24 Meitheamh 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 3 Bealtaine 2023 le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh gníomhartha tromchúiseacha éillithe (JOIN(2023)0013),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an 17 Iúil 1998,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2019 maidir le Treoirlínte an Aontais Eorpaigh agus sainordú Thoscaire Speisialta an Aontais maidir le cur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas<FOOTNOTE><FIELD> IO C 411, 27.11.2020, lch. 30.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky an Aontais)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 152.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 i dtaca le Plean Gníomhaíochta 2020-2024 an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas a ailíniú leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta 2021-2025 an Aontais maidir leis an gComhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan i nGníomhaíocht Sheachtrach (GAP III),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, arna nglacadh ag an gComhairle an 14 Meitheamh 2004,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2024 an Aontais ar Chearta an Duine agus an Daonlathas ar Domhan,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta, a bronnadh in 2025 ar an iriseoir, Andrzej Poczobut, ón mBealarúis agus ar an iriseoir, Mzia Amaglobeli, ón tSeoirsia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus do bheartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4390, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4390/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus do na rúin uaithi roimhe sin maidir le tuarascálacha bliantúla níos luaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi maidir le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (ar a dtugtar rúin phráinne), arna nglacadh i gcomhréir le Riail 150 dá Rialacha Nós Imeachta, go háirithe na rúin sin a glacadh in 2023 agus 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0262/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, mar a leagtar amach in Airteagail 2 agus 21 CAE; de bhrí nach mór gníomhaíocht an Aontais ar fud an domhain a bheith treoraithe ag uilíocht agus doroinnteacht chearta an duine agus ós rud é go bhfuil caomhnú agus cosaint éifeachtach chearta an duine agus an daonlathais i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhsheasmhacht agus comhleanúnachas ar fud bheartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais ríthábhachtach chun beartas éifeachtach agus inchreidte an Aontais um chearta an duine a bhaint amach, agus chun an tsaoirse agus an daonlathas a chosaint agus chun tacú leo;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gurb iad na córais dhaonlathacha na córais is oiriúnaí chun a ráthú go mbeidh gach duine in ann a gcearta daonna agus a saoirsí bunúsacha a theachtadh; de bhrí gur sábháilte go mór fada é domhan na ndaonlathas, a thuigtear mar chórais dhaonlathacha aibí, i bhfianaise a gcóras suntasach srianta agus ceartúchán chun cosc a chur ar iompraíocht dhothuartha na n-uathlathas ar an leibhéal idirnáisiúnta; de bhrí nach bhfuil ach 29 % de dhaonra an domhain ina gcónaí i ndaonlathais liobrálacha sa lá atá inniu ann, ar laghdú géar é i gcomparáid le 52 % in 2009; de bhrí go bhfuil teacht chun cinn an údarásaíochais, an mhíliobrálachais agus an phobalachais ag bagairt ar an ord domhanda riailbhunaithe, ar chosaint agus ar chur chun cinn chearta an duine sa domhan, agus na luachanna agus na prionsabail ar a bhfuil an tAontas fothaithe; de bhrí go bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas ag dul i méid freisin agus go gcuireann siad na luachanna agus na prionsabail sin i mbaol freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go gcreideann AE go láidir san iltaobhachas, in ord domhanda riailbhunaithe agus sa tacar luachanna, prionsabal agus norm uilíoch a threoraíonn Ballstáit na Náisiún Aontaithe agus go dtacaíonn sé go hiomlán leo agus go bhfuil gealltanas tugtha ag Ballstáit na Náisiún Aontaithe seasamh leo, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go ndéanann an fhrithfhreagairt dhomhanda i gcoinne comhionannas inscne agus cearta bunúsacha, lena n-áirítear cearta na mban, agus an méadú ar reitric frith-LADTIA+, an bonn a bhaint de chearta na ndaoine is leochailí;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil mí-úsáid an fhaireachais dhigitigh agus theicneolaíochtaí na hintleachta saorga ina mbagairt mhéadaitheach ar phríobháideachas, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar chosantóirí chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil dlisteanacht an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, lena dtacaíonn an tAontas go láidir agus ar mian leis a choimirciú, ag brath ar orduithe ó chomhlachtaí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, amhail rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus orduithe agus cinntí arna n-eisiúint ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) agus ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC); de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar bhagairtí domhanda ar chomhlíonadh na n-orduithe agus na gcinntí sin, agus, go ginearálta, ar chomhlíonadh an dlí idirnáisiúnta, an dlí um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta i gcoinbhleachtaí atá ag teacht chun cinn agus atá ar siúl faoi láthair; de bhrí go ndéanann réimis fhorlámhacha agus neamhliobrálacha saobhadh ar úsáid fóram iltaobhach chun clár oibre frithghníomhach a chur chun cinn a thugann dúshlán do chearta an duine agus don ord iltaobhach agus riailbhunaithe; de bhrí go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ag baint le míchlú a tharraingt ar eagraíochtaí iltaobhacha agus ionsaí a dhéanamh orthu, amhail cultúr saoirse ó phionós a chothú; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na n-ionsaithe agus na mbagairtí atá á ndéanamh ar institiúidí idirnáisiúnta, ar a n-oifigigh, agus orthu siúd atá ag comhoibriú leo; de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar an gcomhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas, seasamh leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe trí chomhlíonadh uilíoch a áirithiú, lena n-áirítear trína chomhpháirtithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas anois ar cheann de na príomhghníomhaithe domhanda deireanacha sa réimse sin de dheasca ciorruithe ollmhóra ar chistiú idirnáisiúnta do chearta an duine, do thacaíocht daonlathais agus do na meáin neamhspleácha;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil na Náisiúin Aontaithe ag tabhairt aghaidh ar staid airgeadais atá an-imníoch agus léanmhar, le laghdú 20 % ar sholáthar foirne agus gearradh USD 500 milliún ar a bhuiséad ginearálta, mar aon le ciorruithe suntasacha breise ar a ghníomhaireachtaí síochánaíochta, daonnúla agus sláinte tar éis tacaíocht airgeadais idirnáisiúnta a tharraingt siar;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur cuireadh síneadh le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 go dtí 2027 agus gur cheart tús a chur leis an obair ar phlean feabhsaithe a dhréachtú do 2028-2034, in éineacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) nua, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua atá os comhair an domhain; de bhrí go bhfuil clár tiomnaithe agus cur in áirithe sonrach buiséadach do chearta an duine, don daonlathas agus don smacht reachta in easnamh i struchtúr athbhreithnithe CAI nua atá beartaithe, rud a ardaíonn ábhair imní maidir le tearcmhaoiniú, easpa intuarthachta, agus creimeadh tosaíochtaí téamacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gur comhpháirtithe ríthábhachtacha iad cosantóirí chearta an duine (CCDanna), lena n-áirítear cosantóirí i réimse chearta na mban agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) in iarrachtaí an Aontais cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a choimirciú agus a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil rialtais agus gníomhaithe neamhstáit ar fud an domhain ag laghdú an spáis shibhialta trí chinsireacht agus ciapadh, ar bhonn méadaitheach a dhéanamh ar CCDanna, ESSanna, iriseoirí, pobail reiligiúnacha, ceannairí freasúra agus grúpaí leochaileacha eile, i measc daoine eile, ina gcuid oibre agus trína gcur ina dtost, lena laghdaítear an spás sibhialta tuilleadh fós;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, a mhéid a bhaineann le hobair CCDanna agus ESSanna, go bhfuil níos mó cinsireachta á déanamh ag rialtais ar fud an domhain orthu, go bhfuil siad á gcur ina dtost agus á gciapadh; de bhrí go n-áirítear leis an iompraíocht sin na bearta lena gcuimsítear cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí (SLAPPanna), beartais rialtais sriantacha, feachtais chlúmhillte, idirdhealú, imeaglú agus foréigean, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha, fuadaigh, gabhálacha agus coinneáil threallach; de bhrí go bhfuil na hionsaithe ar CCDanna á leathnú ar bhonn méadaitheach chuig a dteaghlaigh agus a bpobail;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gurb ionann géarleanúint ar mhionlaigh reiligiúnacha agus sárú ar an tsaoirse reiligiúin nó creidimh, ceann de na cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus sa dlí idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin amhail an ghéarleanúint thromchúiseach, an t-idirdhealú, an t-easáitiú éigeantach, agus srianta ar a saoirse reiligiúin nó creidimh fós roimh phobail Chríostaí sa Mheánoirthear, atá i measc na bpobal is sine ar domhan;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go ndearna Treoir (AE) 2024/1712<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2024/1712 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint (IO L, 2024/1712, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1712/oj).</FIELD></FOOTNOTE> leasú ar Threoir 2011/36/AE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1). http://data.europa.eu/eli/dir/2011/36/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun dúshaothrú na máthairionadaíochta, pósadh éigeantais agus uchtáil neamhdhleathach a áireamh ar na cleachtais arb ionann iad agus gáinneáil ar dhaoine;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go ndearbhaítear le Coinbhinsiún Iostanbúl, ar ghlac an tAontas Eorpach páirt ann le déanaí, d’ainneoin nár dhaingnigh ach roinnt Ballstát é, go mbíonn mar thoradh ar choinbhleachtaí armtha sáruithe leantacha ar chearta an duine a dhéanann difear do phobail shibhialta, go háirithe mná, a bhíonn faoi réir éigniú agus foréigean gnéasach mar arm cogaidh agus a fhulaingíonn foréigean inscnebhunaithe a ngéaraítear air le linn coinbhleachtaí agus ina ndiaidh, agus go bhfágtar marthanóirí gan rochtain ar thacaíocht leighis agus shíceolaíoch leormhaith; de bhrí go sainmhínítear foréigean i gcoinne na mban sa Choinbhinsiún thuasluaite mar shárú ar chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhionannas inscne ina chroíluach ag an Aontas Eorpach agus go leantar den sárú ar chearta daonna na mban agus na gcailíní, lena n-áirítear a gcearta gnéis agus atáirgthe, ar fud an domhain; de bhrí go mbíonn tionchar uathúil agus dhíréireach ag coinbhleachtaí, ag an athrú aeráide agus ag an imirce ar mhná, lena n-áirítear rioscaí méadaithe maidir le foréigean inscnebhunaithe, imeallú eacnamaíoch agus bacainní ar rochtain a fháil ar acmhainní; de bhrí go leantar den laghdú atá á dhéanamh ar an spás atá ag CCDanna agus ESSanna atá diríthe ar mhná maidir lena gcuid oibre criticiúla, chomh maith le bagairtí foréigin, ciapadh agus imeaglú;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar a dteaghlaigh maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus sochaithe daonlathacha agus cuimsitheacha a fhorbairt; de bhrí go mbíonn ar dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe mná agus cailíní, aghaidh a thabhairt ar idirdhealú trasnach i gcomhthéacs coinbhleachta, imirce agus gáinneála, agus de bhrí nach mór do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a gcuimsiú iomlán agus a rochtain chomhionann a chosaint, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur bagairt í an ghéarchéim aeráide don chine daonna ina iomláine agus go bhfuil sí, ina croílár, ina géarchéim maidir le cearta an duine—lena mbaintear an bonn de na cearta chun na beatha, chun bia, ar uisce agus ar shláintíocht, chun sláinte, cearta cultúir, agus tuilleadh lena chois i ngach réigiún den domhan, mar a aithníonn an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIAA) agus Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil tacaíocht don daonlathas i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach AE, agus go bhfuil breathnóireacht toghcháin ar cheann de phríomhionstraimí bhosca uirlisí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí, in 2024, go ndearna níos mó ná leath de dhaonra an domhain vóta a chaitheamh, agus go raibh cúbláil, bréagaisnéis agus iarrachtaí ar chur isteach ó laistigh nó ó lasmuigh den tír le sonrú in go leor de na toghcháin sin; de bhrí go bhfuil patrúin chomhchosúla le feiceáil in 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go léirítear in Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2025 ó Thuairisceoirí gan Teorainneacha (RSF) go bhfuil níos mó ná leath de dhaonra an domhain ina gcónaí i dtíortha ina bhfuil saoirse an phreasa i staid ‘an-tromchúiseach’, agus go bhfuil staid dhomhanda shaoirse an phreasa aicmithe anois mar ‘staid dheacair’ den chéad uair i stair an innéacs; de bhrí, amhail ón Déardaoin, an 10 Meán Fómhair 2025, de réir Bharaiméadar 2025 na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, gur maraíodh 51 iriseoir agus oibrí sna meáin ón 1 Eanáir 2025 i leith, go bhfuil 527 faoi choinneáil, go bhfuil 25 á gcoinneáil mar ghialla, agus go bhfuil 142 ar iarraidh in 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur léiríodh le bliain anuas iomadú breise tionchair eachtraigh agus dlíthe ‘gníomhairí eachtracha’, lena n-áirítear i dtíortha ag a bhfuil stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas, lena ndírítear ar ESSanna agus ar eagraíochtaí na meán agus lena ndéantar iarracht cosc a chur orthu tacaíocht airgeadais a fháil ón gcoigríoch, lena n-áirítear ó AE agus óna Bhallstáit, lena gcothaítear timpeallacht na heagla agus na féinchinsireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil 272 mhilliún leanbh agus duine óg ann a mbaintear a gceart bunúsach chun oideachais díobh agus nach bhfreastalaíonn ar scoil, arb ionann é agus méadú suntasach 21 mhilliún i gcomparáid leis an meastachán deireanach 251 mhilliún a tuairiscíodh de réir Thuarascáil Faireacháin 2025 ar an Oideachas Domhanda ó UNESCO; de bhrí go leantar den tionchar atá ag an mbochtaineacht ní hamháin ar chailíní agus ar mhná ach ag noirm chultúrtha, laofacht inscne, pósadh leanaí agus foréigean freisin trí bheartais oifigiúla idirdhealaitheacha a chuireann cosc orthu rochtain a fháil ar an oideachas agus ar mhargadh an tsaothair, agus go bhfuil cailín amháin as gach triúr atá sna déaga de bhlianta d’aois ó na teaghlaigh is boichte nach ndeachaigh ar scoil riamh de réir UNICEF;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go gcuireann Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (EUGHRSR) – Gníomh Magnitsky an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh (CFSP) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410I 7.12.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1999/oj) agus Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020.</FIELD></FOOTNOTE>, a glacadh i Nollaig 2020, ar chumas an Aontais bearta sriantacha a fhorchur ar dhaoine aonair agus eintitis atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil a reachtaíocht náisiúnta féin de chineál Magnitsky glactha ag Ballstáit áirithe an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur feiniméan dea-dhoiciméadaithe é an cos ar bolg trasnáisiúnta, a tharlaíonn i gcomhthéacs domhanda ina bhfuil cearta an duine ag dul in olcas, laghdú á dhéanamh ar an spás sibhialta agus an leitheadúlacht mhéadaitheach réimeas forlámhach atá ag éirí níos diansmachtúla agus níos teanntásaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go ndéanann an easpa neamhspleáchais bhreithiúnaigh an bonn a bhaint de scaradh na gcumhachtaí, an smacht reachta a lagú, agus go rannchuidíonn sí leis an gcúlú daonlathach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil críocha tíortha áirithe - lena n-áirítear san Aontas - faoi fhorghabháil mhíleata i gcónaí ag cumhachtaí eachtracha de shárú ar an dlí idirnáisiúnta agus ar rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; de bhrí do leantar de na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine, lena n-áirítear cearta maoine, saoirse gluaiseachta agus adhartha, chomh maith le srianta ar rochtain ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus reiligiúnaí sna limistéir faoi fhorghabháil; de bhrí go bhfuil saincheist na ndaoine atá ar iarraidh agus ceart na dteaghlach chun fírinne agus ceartais fós gan réiteach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bagairtí méadaitheacha agus dúshláin dhomhanda i leith chearta an duine agus an daonlathas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh a cuireadh in iúl i dtuarascáil bhliantúil 2024 uaithi a glacadh an 2 Aibreán 2025 maidir le huilíocht agus doroinnteacht chearta an duine agus cosaint dhínit dhúchasach gach uile dhuine dhaonna bunaithe ar luachanna agus prionsabail an Aontais a threoraíonn gníomhaíocht an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta faoi Airteagal 21 CAE; ag athdhearbhú, go háirithe, a conclúidí maidir le cearta na mban, na leanaí, na n-imirceach agus na ndídeanaithe, na mionlach reiligiúnach agus eitneach, agus iad siúd uile a ndéanann sáruithe ar chearta an duine difear dóibh i gcónaí ar bhealaí fealltacha ar leith mar gheall ar a gcine, a n-eitneacht, a reiligiún, a sainaicme, a n-inscne, a ngnéasacht, a míchumas nó a stádas socheacnamaíoch chomh maith leis an imní atá ann maidir le sáruithe ar shaoirse smaointeoireachta, coinsiasa nó reiligiúin, ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar shaoirse na meán, ar an gceart chun faisnéise agus chun rannpháirtíochta poiblí; á athdhearbhú go bhfuil sí i gcoinne phionós an bháis ar bhonn diongbháilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á áitiú nach mór d’urraim éifeachtach agus do chosaint éifeachtach chearta an duine agus saoirsí a bheith ina chuid lárnach de bheartas seachtrach an Aontais; á iarraidh ar an Aontas leanúint de bhosca uirlisí cuimsitheach a fhorbairt chun cearta an duine agus an daonlathas a neartú ar fud an domhain; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit leanúint de dhea-shampla a thabhairt, i gcomhréir lena luachanna, chun cearta an duine agus an ceartas idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a chaomhnú go docht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cúlú daonlathach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag cáineadh mheathlú thírdhreach domhanda chearta an duine agus na dtreochtaí méadaitheacha soiléire maidir le sáruithe agus mí-úsáidí ar chearta an duine agus chúlú an daonlathais ar fud an domhain amhail sáruithe ar chearta na mban, básuithe, maruithe seachbhreithiúnacha, gabhálacha agus coinneáil threallach, céasadh agus drochíde, foréigean inscnebhunaithe, agus dianteannadh ar an tsochaí shibhialta, ar fhreasúraí polaitiúla, ar ghrúpaí imeallaithe agus leochaileacha lena n-áirítear leanaí agus daoine scothaosta, imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn, agus mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór do AE a bheith go hiomlán ullamh chun cur i gcoinne theacht chun cinn an údarásaíochais, an ollsmachtachais agus an phobalachais, chomh maith leis na sáruithe méadaitheacha ar phrionsabail uilechoitinne chearta an duine, an daonlathais agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire go bhfuil an ceart chun páirt a ghlacadh i dtoghcháin shaora agus chóra faoi ionsaí ag réimis fhorlámhacha, ollsmachtacha agus neamhliobrálacha; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil bacainní ar theachtadh iomlán na gceart sin ag dul i méid i roinnt daonlathais aibí; á thabhairt chun suntais go reáchtálann na réimis thuasluaite toghcháin bhréige agus é mar aidhm acu a gcumhacht a dhlisteanú, ós rud é nach bhfuil fíorchoinníollacha acu maidir le conspóid, dlisteanacht ná iolrachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé oideachas ardcháilíochta a sholáthar do chailíní agus comhdheiseanna a áirithiú mar nithe atá fíor-riachtanach maidir le cumhachtú na mban agus lánfheidhmiú a ceart; á chur i bhfáth go mbíonn torthaí dearfacha ar infheistíocht in oideachas cailíní ar fud an domhain do shochaithe le haghaidh na nglúnta atá le teacht; á athdhearbhú go bhfuil gá le hoideachas cuimsitheach gnéasachta agus caidrimh atá oiriúnach ó thaobh aoise de agus atá bunaithe ar fhianaise agus, laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin araon, deireadh a chur le steiréitíopaí inscne agus noirm shochaíocha dhíobhálacha a spreagann neamhionannais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá cearta na mban torrach a chosaint, lena n-áirithítear tacaíocht chuimsitheach dá sláinte, dá sábháilteacht agus dá ndínit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gach cineál teacht i dtír gnéasach ar mhná a chomhrac, lena n-áirítear gáinneáil chun críoch an teacht i dtír gnéasach; á chur i bhfios go láidir gur gá cosc a chur ar fhíorú agus ar normalú an striapachais, agus cur ina gcoinne, a bhfuil mar thoradh orthu an dúshaothrú, an mhí-úsáid agus an choireacht eagraithe; á iarraidh go ndéanfaí beartais éifeachtacha atá díríthe ar chosc, ar chosaint agus ar thacaíocht a thabhairt d’íospartaigh agus an t-ionchúiseamh orthu siúd a bhaineann buntáiste as teacht i dtír gnéasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil an t-éigniú fós ar cheann de na sáruithe is forleithne ar chearta an duine agus á mheabhrú gur gá éigniú, a shainítear ar bhonn easpa toilithe, a choiriúlú faoi dhlí an Aontais faoin mbunús dlí atá ann cheana; ag géarcháineadh úsáid an éignithe agus cineálacha eile foréigin ghnéasaigh mar arm cogaidh, a úsáidtear chun sceimhlitheoireacht a dhéanamh ar phobail shibhialtacha, chun an fhrithbheartaíocht a chur faoi chois agus chun pobail a scriosadh; á mheabhrú gur féidir leis na gníomhartha sin a bheith ina gcoireanna cogaidh, ina gcoireanna in aghaidh an chine dhaonna, nó ina ngníomhartha a rannchuidíonn le cinedhíothú faoin dlí idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar ghníomhaithe domhanda cleachtais amhail ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantais agus pósadh faoi aois, foréigean agus maruithe ‘onóra’ a cháineadh; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chinntitheach ar fud an Aontais agus ar fud an domhain chun gáinneáil ar mhná agus ar chailíní a chosc agus chun tacú le híospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth go rannchuidíonn cibirionsaithe, bréagaisnéis agus mífhaisnéis, a úsáidtear go minic mar uirlisí trasnaíochta eachtraí, lena n-áirítear le linn tréimhsí toghchán, leis an treocht sin maidir le meath daonlathach; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá foinsí iontaofa, neamhspleácha agus éagsúla faisnéise agus iriseoireachta ar ardchaighdeán, ní hamháin don trédhearcacht agus don chuntasacht ach freisin d’athléimneacht na n-institiúidí daonlathacha agus do rannpháirtíocht eolach na saoránach sa saol poiblí; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, dá bhrí sin, na dúshláin mhéadaitheacha agus ilghnéitheacha atá os comhair na meán neamhspleách, lena n-áirítear ionsaithe méadaitheacha i gcoinne iriseoirí agus an laghdú ar an gcistiú atá ar fáil; á athdhearbhú gur ceart bunúsach í an tsaoirse cainte, atá ríthábhachtach chun sochaí iolraíoch, dhaonlathach a fhorbairt; ag cáineadh na cinsireachta agus an chiaptha atá á dhéanamh ar iriseoirí, ar CCDanna agus ar ESSanna ina gcuid oibre agus na gcásanna ina ndéantar iad a chur ina dtost trí dhlíthe ‘gníomhairí eachtracha’, mar a thugtar orthu, a chur i bhfeidhm, chomh maith le bearta eile reachtacha agus neamhreachtacha arna nglacadh ag réimis údarásaíocha agus ag réimis neamhliobrálacha; ag tabhairt dá haire go n-áirítear leis an iompraíocht sin bearta lena gcuimsítear cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna), beartais shriantacha rialtais, cos ar bolg trasnáisiúnta, feachtais chlúmhillte, idirdhealú, imeaglú, coinneáil threallach agus foréigean, a mbíonn tionchar fadtéarmach acu uilig ar a ngairm bheatha agus ar a sábháilteacht; ag cur béim, ina leith sin, ar an ról atá ag seiceálaithe fíricí i dtírdhreach na meán, lena n-áirithítear gur féidir leis an bpobal brath ar an bhfaisnéis a fhaigheann siad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta maidir le daonlathas dea-fheidhmiúil; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an srian leanúnach ar spás na sochaí sibhialta agus na bagairtí atá ag dul i méid ar obair CCDanna agus chomhaltaí ESSanna, chomh maith lena dteaghlaigh, lena bpobail agus lena ndlíodóirí, agus á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go háirithe na modhanna, atá ag éirí níos sofaisticiúla, a úsáidtear chun géarleanúint a dhéanamh orthu; ag géarcháineadh a gcoinneála agus a maruithe treallacha; á chur in iúl gur saoth léi gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag rialtais ar fud an domhain chun an spás sibhialta a laghdú, amhail trí reachtaíocht shaincheaptha a thabhairt isteach atá dírithe ar mhaoiniú a shrianadh d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n-áirítear cistiú ó fhoinsí eachtracha, glacadh dlíthe gníomhairí eachtracha, mar a thugtar orthu, agus mí-úsáid dlíthe frithsceimhlitheoireachta nó frithéillithe chun srian a chur le saoirse comhthionóil agus chun CCDanna a chur faoi chois; ag cáineadh na cniogbheartaíochta ar agóideoirí síochánta agus ar agóidí agus eagraíochtaí atá faoi stiúir daoine óga agus mac léinn ar fud an domhain a raibh cásanna céastóireachta agus drochíde ina gcúis le básanna agus sáruithe tromchúiseacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cáineadh na bacainne atá á cur ar rannpháirtíocht neamhspleách na sochaí sibhialta i bhfóraim iltaobhacha, mar shampla trí ENRanna atá cleamhnaithe leis an rialtas a ionstraimiú agus trí imeaglú agus bearta díoltais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil obair ríthábhachtach á déanamh ag CCDanna maidir le cearta an duine a chur chun cinn; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, na hionsaithe méadaitheacha ar CCDanna; ag cáineadh na saoirse ó phionós lena ndéanann déantóirí coire sáruithe i gcoinne CCDanna, sa réimse poiblí agus sa réimse príobháideach araon; á áitiú go bhfuil bagairtí ar leith os comhair CCDanna dírithe ar mhná agus go bhfuil easpa cuntasachta ann i leith na ngníomhartha sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar shofaisticiúlacht na modhanna a úsáidtear chun géarleanúint a dhéanamh orthu laistigh agus lasmuigh dá dtíortha, lena n-áirítear trí chineálacha éagsúla cos ar bolg trasnáisiúnta agus bagairtí, lena n-áirítear trí mhodhanna airgeadais, faireachas, imeaglú, ciapadh digiteach, agus coinneáil easaontóirí agus gníomhaithe thar lear ar chúiseanna polaitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil córais uathlathacha agus neamhliobrálacha ag baint leas neamhdhleathach níos mó agus níos mó as reachtaíocht idirnáisiúnta airgeadais agus cibearshlándála, amhail dlíthe maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac nó caighdeáin an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais, chun díriú ar ghuthanna easaontacha agus chun a sonraí iompraíochta a fháil, i gcríoch an Aontais freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil daoine LADTIA+ an-leochaileach le linn cogaidh agus easáitithe éigeantaigh, agus go mbíonn orthu dul i ngleic le géarleanúint agus foréigean; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a áirithiú go n-áireofar i gcabhair sheachtrach an Aontais bearta cosanta agus coimirce sna staideanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth, go dtiteann an t-ualach cúraim go díréireach ar mhná agus ar chailíní le linn coinbhleachtaí agus easáitithe éigeantaigh, rud a chuireann teorainn lena rochtain ar oideachas, ar fhostaíocht agus ar rannpháirtíocht pholaitiúil; á iarraidh go n-áireofaí i gcabhair dhaonnúil an Aontais bearta chun tacú le cúramóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheas, cé go bhféadfadh úsáid teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga (IS), feabhas suntasach a chur ar fholláine an duine, go bhfuil a gcur i bhfeidhm gan srian agus gan ghrinneas ina bhagairt thromchúiseach ar an daonlathas agus ar chearta an duine freisin, agus é á chur san áireamh freisin gur féidir an claochlú sin a mhúnlú le sonraí claonta agus a thiomáint le halgartaim a threisíonn an t-idirdhealú go minic; ag cáineadh na mí-úsáide agus na drochúsáide méadaithí atá á ndéanamh ag réimis fhorlámhacha ar theicneolaíocht aghaidh-aitheanta, ar ollfhaireachas digiteach, ar dhomhainbhrionnuithe agus ar fheachtais bhréagaisnéise, ar chinsireacht ar ábhar ar líne, ar shochtadh faisnéise, ar chibirionsaithe, ar sháruithe sonraí, ar oibríochtaí tionchair státurraithe ar líne agus ar líon méadaitheach na múchtaí idirlín mar ionstraimí cumhachtacha comhéigneacha; á thabhairt chun suntais gur minic a úsáideann réimis fhorlámhacha múchadh idirlín chun easaontas polaitiúil a chur ina thost agus chun srian a chur leis an tsaoirse pholaitiúil; ag tabhairt dá haire, in éagmais coimircí íosta láidre maidir le cearta an duine, go bhfuil an baol ann go n-onnmhaireofar teicneolaíochtaí ábhartha chuig córais uathlathacha, agus ar an gcaoi sin sáruithe ar chearta an duine i dtíortha eile a éascú freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cáineadh an rabharta freasúra in áiteanna éagsúla ar fud an domhain i gcoinne an chomhionannais inscne, chearta na mban agus cearta LADTIA+; á chur i bhfáth gur bagairt iad na treochtaí sin ar na bunphrionsabail a chumhdaítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag géarcháineadh na n-ionsaithe méadaitheacha ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe ar fud an domhain; á athdhearbhú gur cineál foréigin inscnebhunaithe é seirbhísí cuimsitheacha sláinte gnéis agus atáirgthe ar ardchaighdeán a dhiúltú, lena n-áirítear ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di sáruithe ar an gceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh, agus an méadú domhanda atá tagtha ar an éadulaingt i leith gníomhaithe creidimh áitiúla agus pobail reiligiúnacha; á chur in iúl gur saoth léi ionstraimiú polaitiúil féiniúlachtaí reiligiúnacha agus eisiamh mionlach reiligiúnach, lena n-áirítear ó rannpháirtíocht pholaitiúil, chomh maith le hionsaithe ar shuíomhanna cultúrtha agus stairiúla; á chur i bhfáth gur ceart daonna nach féidir pionós a ghearradh ina leith is ea an tsaoirse chun reiligiún nó creideamh a roghnú; ag cáineadh, dá bhrí sin, gur ann do dhlíthe séanta creidimh agus dlíthe blaisféime, mar a thugtar orthu, agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme, ar dlíthe iad as a n-eascraíonn pionóis ghéara, íde tháireach agus, i gcásanna áirithe, fiú pionóis an bháis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cáineadh chleachtas na máthairionadaíochta tráchtála, a bhféadfadh dúshaothrú atáirgthe agus úsáid choirp na mban chun sochair airgeadais nó eile a bheith i gceist leis, go háirithe i gcás mná atá an-leochaileach i dtíortha nach de chuid an Aontais iad; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun tacú le haghaidh a thabhairt ar chleachtas na máthairionadaíochta tráchtála;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An tIltaobhachas </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di géarchéim dhomhanda leanúnach na cuntasachta agus ag tabhairt chun suntais go bhfuil streachailt leanúnach ann chun deireadh a chur le saoirse ó phionós i gcás sáruithe ar chearta bunúsacha idirnáisiúnta an duine agus ar an dlí daonnúil i gcoinbhleachtaí ar fud an domhain; ag athdhearbhú neodracht bhunriachtanach agus ról ríthábhachtach na cabhrach daonnúla i ngach cás coinbhleachta agus géarchéime; á thabhairt chun suntais go mbaineann iarmhairtí tromchúiseacha leis an mbonn a bhaint d’eagraíochtaí iltaobhacha, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe, agus ionsaí a dhéanamh orthu, rud a d’fhéadfadh cultúr saoirse ó phionós a chothú agus an mhuinín as córas na Náisiún Aontaithe agus éifeachtacht an chórais sin araon a lagú; á iarraidh ar an Aontas an creat dlíthiúil idirnáisiúnta a chosaint agus bearta láidre a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcloífear leis na dlíthe sin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil obair na n-institiúidí iltaobhacha maidir le cearta an duine agus an t-ord iltaobhach riailbhunaithe faoi bhagairtí agus ionsaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; á chur in iúl gur saoth léi go mór an cinneadh a rinne roinnt tíortha tarraingt siar ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus na fógraí uathu nach mbeidh siad rannpháirteach san Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann; ag cáineadh na n-iarrachtaí leanúnacha chun an bonn a bhaint de na Náisiúin Aontaithe, d’Ard-Rúnaí, Rapóirtéirí Speisialta agus gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear gníomhaireachtaí a sholáthraíonn cabhair dhaonnúil, agus míchlú a tharraingt orthu, chomh maith leis na hionsaithe ar mhisin síochánaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á athdhearbhú gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit labhairt d’aon ghuth ag na Náisiúin Aontaithe agus i bhfóraim iltaobhacha eile chun dul i ngleic go héifeachtach le dúshláin dhomhanda do chearta an duine agus don daonlathas sna fóraim sin agus chun tacú leis an teanga is láidre is féidir i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á chur i bhfáth nach mór don ord iltaobhach atá ann faoi láthair gníomhaithe domhanda a dhíríonn ar an daonlathas agus ar chearta an duine, amhail an tAontas, a ionchorprú go hiomlán ina ollstruchtúr; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar a Bhallstáit oibriú chun suíochán buan a áirithiú don Aontas i bhfóraim iltaobhacha, go háirithe in gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe sa bhreis ar shuíocháin na mBallstát atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hionsaithe ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe atá ag dul in olcas ag réimis fhorlámhacha, ollsmachtacha agus neamhliobrálacha, go háirithe trína n-ionsaí gan chúis agus gan údar i gcoinne tíortha comharsanachta síochánta, agus trí ghníomhaíochtaí atá dírithe ar an mbonn a bhaint d’fheidhmiú éifeachtach chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear mí-úsáid na cumhachta crosta i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo straitéis láidir a fhorbairt, dlús a chur lena n-iarrachtaí gníomhú in aghaidh an ghéaraithe scáfair sin agus teachtaireacht aontaithe agus láidir tacaíochta a chur chuig na heagraíochtaí sin nuair a dhéantar ionsaí orthu nó nuair a bhíonn siad faoi bhagairt á mheas go bhfuil athchóiriú de dhíth ar na Náisiúin Aontaithe, ar chomh-chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe agus ar eagraíochtaí iltaobhacha eile chun freagairt go héifeachtach do na dúshláin agus do na bagairtí sin atá ag dul i méid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach amháin go bhfuil an t-imeacht sin ó chur chuige iltaobhach i leith an oird dhomhanda ina bhagairt ar réiteach éifeachtach na ngéarchéimeanna atá ann faoi láthair, ach go bhfágann sé freisin gur dóchúla go dtarlóidh géarchéimeanna nua; á chur i bhfios go láidir gurb é an córas iltaobhach, a bhfuil na Náisiúin Aontaithe agus fóraim iltaobhacha eile ina chroílár, an bealach is éifeachtaí i gcónaí chun iarrachtaí ar son na síochána agus na slándála agus urraim do chearta an duine a chur chun cinn, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda ar bhealach cóir, inbhuanaithe agus prionsabálta; ag moladh ról na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, réiteach coinbhleachta agus rialachas domhanda a chur chun cinn, go háirithe i limistéir choinbhleachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur bagairt eiseach ar an ord domhanda riailbhunaithe é an dímheas méadaitheach ar an dlí idirnáisiúnta agus polaitiú na ndíospóireachtaí maidir le hinstitiúidí ceartais idirnáisiúnta, amhail an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an neamhaird agus an deighilt atá ag dul i méid maidir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine; á chur in iúl gur saoth léi na bagairtí gan fasach atá os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, go háirithe mar gheall ar smachtbhannaí arna bhforchur ar a breithiúna agus ar a foireann; á mheabhrú go bhfuil an dlí idirnáisiúnta agus na húdaráis dhlíthiúla neamhspleácha inniúla bunriachtanach chun seasamh leis an gceartas idirnáisiúnta, chun cuntasacht a áirithiú agus chun saoirse ó phionós a chomhrac, ar réamhchoinníollacha riachtanacha iad d’aon phróiseas athmhuintearais agus do shíocháin leanúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar Bhallstáit uile an Aontais, mar pháirtithe i Reacht na Róimhe, barántais ghabhála na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú; de bhrí go sáraíonn aon chinneadh neamhaird a thabhairt ar na hoibleagáidí sin nó tarraingt siar ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus go mbaineann sé an bonn den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn an tAontas go láidir leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine; ag tathant ar gach Stát sínithe sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine cloí go hiomlán le rialuithe na Cúirte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil iarracht déanta arís agus arís eile ag roinnt tíortha téarmaíochtaí agus coincheapa a leabú sa Chomhairle um Chearta an Duine rud a fhágann go ndéantar cuntasacht a choibhneasú ar deireadh; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a áirithiú go gcuirfear i gcoinne na foclaíochta sin go córasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di staid chearta an duine i gcríocha atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, lena n-áirítear i gcríoch an Aontais, agus i gcásanna coinbhleachtaí fadtréimhseacha agus coinbhleachtaí iomadúla reoite agus dofheicthe, agus á iarraidh go ndéanfaí bearta éifeachtacha chun sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine ar an láthair a chosc;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Measúnú a dhéanamh ar bhosca uirlisí an Aontais chun cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2027</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á aithint go bhfuil creat ama Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas ailínithe anois le timthriall buiséid an Aontais, agus gur cheart go gcabhródh sé sin le cistiú a áirithiú do thosaíochtaí an phlean gníomhaíochta; á mheabhrú, áfach, nach raibh tagarmharcanna measúnaithe soiléire san athbhreithniú meántéarma agus, dá bhrí sin, nár chuir sé treoir shoiléir ar fáil chun dul i ngleic le heasnaimh; á chreidiúint nár cheart moill bhreise a chur ar athbhreithniú iomlán ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas agus gur cheart tús a chur láithreach leis an obair maidir leis na paraiméadair a leagan síos do phlean feabhsaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á áitiú nach mór do Pharlaimint rannpháirteach go gníomhach in ullmhú an phlean gníomhaíochta nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag taidhleoireacht phoiblí, pharlaiminteach agus chultúrtha an Aontais, agus ag a chaidreamh cultúrtha idirnáisiúnta, maidir le cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn, agus á iarraidh go ndéanfadh rannóg na Cumarsáide Straitéisí agus na Fadbhreathnaitheachta de SEGS a hiarrachtaí a mhéadú i ndáil leis sin, ar cheart acmhainní leordhóthanacha a thabhairt di ina leith;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Gníomhaíocht sheachtrach a chistiú le haghaidh chearta an duine agus an daonlathais – an ionstraim atá beartaithe don Eoraip Dhomhanda faoi CAI 2028-2034</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na cuspóirí a bhaineann le cearta an duine agus leis an daonlathas i ngach colún den ionstraim atá beartaithe don Eoraip Dhomhanda agus an méadú atá beartaithe ar chistiú an Aontais do ghníomhaíocht sheachtrach, go háirithe i bhfianaise na gciorruithe suntasacha a rinne rannchuiditheoirí móra domhanda eile a bhfuil tionchar díreach acu ar na pobail is leochailí; á chur i bhfáth nach féidir leis an Aontas an bhearna a dhúnadh leis féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl saoth oth léi go mór, áfach, gur scriosadh an clár téamach maidir le cearta an duine agus an daonlathas mar ionstraim shuaitheanta de chuid an Aontais chun cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain, agus béim á leagan ar an ngá atá le cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a chomhtháthú go comhsheasmhach ar fud ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais chun comhleanúnachas a áirithiú, agus nach bhfuil buiséid thiomnaithe agus cur in áirithe ann; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an bParlaimint i bpróiseas clársceidealaithe na hionstraime agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS an fhaisnéis ábhartha uile a chomhroinnt go tráthúil chun a chur ar chumas na Parlaiminte a ról a chomhlíonadh dá réir sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le spriocanna soiléire céatadáin, línte buiséid imfhálaithe, agus rianú trédhearcach chun a áirithiú go dtabharfaidh cistí aghaidh go héifeachtach ar dhúshláin dhomhanda agus go dtacóidh siad le pobail leochaileacha; á athdhearbhú go bhfuil toirmeasc ar chistí an Aontais a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí atá contrártha do bhunluachanna an Aontais, amhail an sceimhlitheoireacht nó an t-antoisceachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi nach ann do choinníollacht thrédhearcach agus in-fhorfheidhmithe maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas le haghaidh comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas, rud a bheadh ina uirlis éifeachtach chun éifeacht inláimhsithe a thabhairt do thiomantas an Aontais do chearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) um Chearta an Duine</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á mheas i gcónaí gur guth bunriachtanach de bheartas seachtrach an Aontais maidir le cearta an duine é ISAE um Chearta an Duine, rud a chuireann lena infheictheacht agus lena chomhleanúnachas i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhordú le comhlachtaí uile an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Toscaire Speisialta an Aontais um chur chun cinn agus cosaint saoirse reiligiúin nó creidimh lasmuigh den Aontas Eorpach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil post Thoscaire Speisialta an Aontais um chur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas Eorpach folamh le níos mó ná bliain anuas; á thabhairt chun suntais gur gá dlúthchomhar a áirithiú le ISAE um Chearta an Duine agus le Meitheal na Comhairle um Chearta an Duine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhaontuithe trádála agus idirnáisiúnta an Aontais le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe comhlachais agus trádála, agus ag ionstraimí amhail scéim na bhfabhar ginearálaithe (GSP) agus GSP+ chun cearta an duine agus caighdeáin dhaonlathacha a chur i gcroílár chaidreamh an Aontais le tíortha nach bhfuil san Aontas, chun comhlíonadh na gcaighdeán sin a spreagadh agus faireachán a dhéanamh air agus chun coinníollacht chearta an duine a chur chun feidhme i mbeartas seachtrach an Aontais; ag athdhearbhú a hiarrata measúnuithe ar chearta an duine a chomhtháthú agus clásail láidre maidir le cearta an duine a áireamh i gcomhaontuithe ábhartha idir an tAontas agus tíortha nach bhfuil san Aontas; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar neamhionannas inscne agus cearta na mban a chur chun cinn trí na comhaontuithe sin, lena n-áirítear trí thacú le rannpháirtíocht na mban sa gheilleagar agus iad a chosaint ar idirdhealú agus ar dhúshaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á áitiú nach mór cearta na bpobal dúchasach, mar a luaitear i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, a urramú go comhsheasmhach i gcomhaontuithe an Aontais, i dtionscadail forbartha agus i ngníomhaíochtaí corparáideacha a dhéanann difear dá dtailte nó dá n-acmhainní; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé seasamh le cearta dúchasacha don fhorbairt inbhuanaithe, don ghníomhú ar son na haeráide agus do chaomhnú na bithéagsúlachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil freagracht ar ghnólachtaí a áirithiú nach bhfuil baint ag a n-oibríochtaí ná a slabhraí soláthair le sáruithe ar chearta an duine; á chur i bhfios go láidir gur gá bealaí éalaithe dlíthiúla agus rialála a dhúnadh a bhféadfadh gnólachtaí leas a bhaint astu chun dochair do chearta an duine agus don chomhshaol; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go láidir le meitheal idir-rialtasach oscailte na Náisiún Aontaithe maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair ghnó eile i ndáil le cearta an duine i dtaca le hionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de a fhorbairt maidir le gnó agus cearta an duine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Idirphléití an Aontais Eorpaigh maidir le cearta an duine</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eagraíodh 35 idirphlé agus comhairliúchán maidir le cearta an duine in 2024; á mheas go bhfuil na hidirphléití sin fós ina n-ionstraim thábhachtach chun cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn, ach á chur in iúl gur oth léi gur minic a mheastar gur ionstraim neamhspleách iad seachas príomhghné de rannpháirtíocht leanúnach maidir le cearta an duine sa chaidreamh le tíortha agus réigiúin nach bhfuil san Aontas; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht fheabhsaithe agus fhóinteach ag an tsochaí shibhialta sna hidirphléití; á chur i bhfáth nár cheart bac a chur ar fhíor-ESSanna a bheith rannpháirteach in idirphléití maidir le cearta an duine agus nach mór iad a áireamh gan aon teorainneacha in aon idirphlé; á mheas go bhfuil spás ann chun ról na Parlaiminte a fheabhsú ar bhealach níos córasaí sa phróiseas idirphlé; á athdhearbhú gur gá cásanna aonair a ardú, go háirithe na cásanna sin ar tharraing an Pharlaimint aird orthu ina rúin, agus obair leantach leormhaith a áirithiú; ag tabhairt dá haire nach bhfuil roinnt idirphléití maidir le cearta an duine fós á reáchtáil i gceanncheathrú an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ionstraimí agus uirlisí smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear an Córas Domhanda Smachtbhannaí i ndáil le Cearta an Duine (GHRSR</STRING> – <STRING ITALIC="on">Gníomh Magnitsky</STRING>)</ACTINIT><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí le húsáid GHRSR a mhéadú, mar aon le creataí smachtbhannaí <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> eile, mar phríomhuirlis bheartais pholaitiúil de chuid an Aontais lena gcuirtear an smacht reachta, an daonlathas agus cearta an duine chun cinn, agus lena gcomhlánaítear ionstraimí breithiúnacha eile; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit raon feidhme Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky an Aontais) a leathnú, chun gníomhartha éillithe, mar a d’iarr an Pharlaimint roinnt uaireanta cheana féin, agus liostuithe córasacha do dhéantóirí brú faoi chois trasnáisiúnta, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar phobail diaspóra, a áireamh; á mheabhrú, áfach, go bhfuil teorainneacha agus moill ag baint leis an gcóras cinnteoireachta atá ann faoi láthair maidir le gníomhachtú na n-ionstraimí sin agus go bhfuil lúba ar lár i sásraí forfheidhmithe lena gceadaítear imchéimniú; ag athdhearbhú a hiarrata go dtabharfaí isteach vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí maidir le GHRSR; á iarraidh go ndéanfaí smachtbhannaí a fhorfheidhmiú go cothrom, go prionsabálta agus go hiomlán agus go rachfaí i ngleic le himchéimniú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Tacaíocht an Aontais do CCDanna</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, in 2024, gur thacaigh an Sásra um Chosantóirí Chearta an Duine, arna chistiú faoi chlár téamach na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, le 10,050 CCD measadh a bheith ardriosca, ar mná iad 51 % díobh, agus gur thug sé tacaíocht do níos mó ná 700 iriseoir a bhí i mbaol i 60 tír le linn na tréimhse céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil dóthain acmhainní ag roinnt sásraí a dhéanann CCDanna a chosaint, amhail ProtectDefenders, chun freastal ar an ngá atá ann agus á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit tacaíocht bhuiséadach a neartú, lena n-áiritheofar cistiú solúbtha, inrochtana agus fadtéarmach chun cur ar chumas CCDanna leanúint dá n-obair ríthábhachtach le linn brú faoi chois atá ag dul i méid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag toscaireachtaí an Aontais agus ag ionadaíochtaí na mBallstát maidir le breathnóireacht trialach, cuairteanna le linn coinneála agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do dhlíodóirí CCDanna a ndéantar géarleanúint orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an nuashonrú ar Lámhleabhar Chód Víosaí an Aontais in 2024, arb é is aidhm dó soiléiriú a thabhairt do na Ballstáit ar na féidearthachtaí a bhaineann le láimhseáil sholúbtha cásanna CCD chun dlús a chur le hiarratais ar víosaí gearrfhanachta dóibh siúd atá i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról luachmhar ag Pobal Dhuais Sakharov, lena n-áirítear trí chlár Chomhaltacht Sakharov, maidir le rannchuidiú le tuiscint níos fearr a fháil ar fheiniméan an bhrú faoi chois i gcoinne CCDanna, ar na himpleachtaí éagsúla a bhaineann leis agus ar na bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun dul i ngleic leis, lena n-áirítear ar an leibhéal trasnáisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí pobal Dhuais Sakharov a neartú tuilleadh mar ardán le haghaidh taithí dhíreach ar fhaireachán a dhéanamh ar sháruithe, ar fheasacht a mhúscailt agus ar líonraí idirnáisiúnta a shlógadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Gníomhaíochtaí an Aontais ar an leibhéal iltaobhach chun an t-ord domhanda riailbhunaithe a chaomhnú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Aontais rúin a urrú nó chun tacú leo ag Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil impleachtaí inláimhsithe cheana féin ag cinntí a rinne tíortha nach bhfuil san Aontas le déanaí chun cistiú a laghdú don Chomhairle um Chearta an Duine agus do chóras na Náisiún Aontaithe ina iomláine maidir lena gcumas a misean a chur i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go raibh Comhairle na hEorpa ar thús cadhnaíochta maidir le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní agus maidir le bunú norm agus caighdeán domhanda a chur chun cinn i roinnt réimsí a bhaineann le cearta an duine, amhail foréigean inscnebhunaithe, saoirse acadúil, cosaint dlíodóirí agus iriseoirí, IS agus cearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a cuid oifigeach agus a comhpháirtithe comhoibríocha ag tabhairt aghaidh ar bhagairtí agus ar ionsaithe; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go láidir leis an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta mar chomhlachtaí breithiúnacha bunriachtanacha, neamhspleácha agus neamhchlaonta; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht airgeadais leanúnach an Aontais don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta le linn tréimhse thar a bheith dúshlánach don cheartas idirnáisiúnta; á chur in iúl gur saoth léi an mhainneachtain leanúnach reacht blocála an Aontais a ghníomhachtú chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chosaint ar éifeachtaí seach-chríochacha smachtbhannaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cur chuige Fhoireann na hEorpa agus tacaíocht don daonlathas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag aithint a luachmhaire atá sé cineálacha cur chuige maidir le cosaint agus cur chun cinn chearta an duine a ailíniú ar fud institiúidí agus chomhlachtaí uile an Aontais agus ionadaíochtaí na mBallstát atá i mbun gníomhaíocht sheachtrach, ar an gcéad dul síos ar fud ambasáidí na mBallstát agus thoscaireachtaí an Aontais i dtíortha nach bhfuil san Aontas, ach freisin leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na Parlaiminte; á chur i bhfáth gur cheart go leanfadh cuir chuige sholúbtha agus chomhordaithe de bheith cuimsitheach chun go mbeidh córas institiúideach AE maidir le srianta agus ceartúcháin in ann feidhmiú go hiomlán; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról láidir ag an bParlaimint maidir le luachanna an Aontais agus cearta an duine a chaomhnú, mar shampla trí thaidhleoireacht pharlaiminteach, idirphléití idirpharlaiminteacha agus rúin, idirghabháil a chur chun cinn agus cultúr idirphlé agus comhréitigh a spreagadh, go háirithe i measc ceannairí polaitiúla óga, agus parlaiminteoirí ar mná iad, CCDanna agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ó na meáin neamhspleácha a chumhachtú; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún leanúint dá ghníomhaíochtaí sna réimsí sin agus iad a leathnú trí thacaíocht do chomhlachtaí an Aontais a mhéadú; ag tabhairt dá haire go bhfuil obair leanúnach á déanamh ag an tionscnamh ‘Foireann na hEorpa’ maidir leis an daonlathas i roinnt tíortha; á mheas go rannchuideodh comhar feabhsaithe idir Grúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán na Parlaiminte, Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin agus SEGS go mór le gníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais i dtíortha nach bhfuil san Aontas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas na huirlisí atá ar fáil dó a úsáid chun cur i gcoinne na ndúshlán méadaitheach don iltaobhachas, chun go n-áiritheofar go leanfar d’obair na n-institiúidí idirnáisiúnta a urramú; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena dtacaíocht d’obair na Náisiún Aontaithe agus dá ngníomhaireachtaí uile, ó thaobh na polaitíochta agus airgeadais de araon, lena n-áirítear san athchóiriú orthu, chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach dá bhfeidhm, chun cur i gcoinne thionchar na réimeas forlámhach agus ollsmachtach agus chun a áirithiú go leantar den iltaobhachas mar bhonn don rialachas domhanda; á iarraidh ar an Aontas a iarrachtaí tacaíochta agus cistiúcháin féin a leathnú chun an brú a bhfuil cúiseanna polaitiúla leis a fhrithchothromú agus nósanna imeachta neamhspleácha a choimirciú; á athdhearbhú gur gá don Aontas agus dá Bhallstáit labhairt d’aon ghuth i bhfóraim iltaobhacha; á iarraidh go mbeadh ról níos láidre ag toscaireachtaí an Aontais i bhfóraim iltaobhacha, ar cheart acmhainní iomchuí a thabhairt dóibh ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh go dtacófaí le hobair ISAE trí acmhainní méadaithe agus comhordú níos fearr le toscaireachtaí an Aontais ar fud an domhain, agus béim á leagan ar an bhfíoras go bhféadfadh trédhearcacht agus infheictheacht theoranta – amhail easpa tuairisciú poiblí ar chuairteanna tíre, ar chlár oibre agus ar thosaíochtaí, nó easpa suíomh gréasáin tiomnaithe – bac a chur ar ghrinnscrúdú poiblí agus ar chuntasacht phoiblí; á chur in iúl gur saoth léi, in ainneoin iarrataí leanúnacha, eisiamh na Parlaiminte ón bpróiseas chun ISAE a roghnú agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcleachtas sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gceapfar Toscaire Speisialta an Aontais um Shaoirse Reiligiúin nó Creidimh go tráthúil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúnachas, acmhainní agus infheictheacht leormhaith a chur ar fáil don Toscaire Speisialta chun saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn go héifeachtach ar fud an domhain; á chur i bhfáth go ndéanfadh tuairisciú rialta chuig Parlaimint na hEorpa trédhearcacht agus comhar sa réimse sin a neartú tuilleadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí deireadh le dlíthe a bhaineann le séanadh creidimh agus dlíthe blaisféime; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh a chosaint, an tsaincheist a ardú i bhfóraim na Náisiún Aontaithe, agus tuarascálacha ó thoscaireachtaí AE ar an ábhar a chomhdhlúthú; á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ar SEGS agus ar an gCoimisiún cás na géarleanúna ar mhionlaigh reiligiúnacha a ardú go córasach in idirphlé polaitiúil agus in idirphlé maidir le cearta an duine agus a áirithiú go n-urramófar go hiomlán an tsaoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh; á iarraidh ar an gComhairle úsáid a bhaint as Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine i gcoinne daoine aonair agus eintitis atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar shaoirse reiligiúin nó creidimh; á iarraidh ar SEGS tíortha tosaíochta a shainaithint do ghníomhaíocht AE maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh agus tuairisciú go bliantúil don Pharlaimint maidir leis an dul chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tathant ar Bhallstáit uile an Aontais, mar Stáit is Páirtithe i gCairt na Náisiún Aontaithe, i Reacht na Róimhe agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, cloí go hiomlán le rialuithe na gcúirteanna idirnáisiúnta inniúla, lena n-áirítear an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine; á iarraidh ar an Aontas a áitiú ar thíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear a phríomh-chomhpháirtithe agus a thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, a bheith ina Stáit is Páirtithe i Reacht na Róimhe; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit leanúint dá dtacaíocht don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus í a threisiú leis na hacmhainní is gá lena n-áirítear acmhainní agus tacaíocht pholaitiúil; ag tathant ar na Ballstáit uile gníomhaíochtaí agus cinntí orgáin uile na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a urramú agus seasamh leo, lena n-áirítear trí bharántais ghabhála na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú; á éileamh go ndéanfaí an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a hoifigigh, agus iad siúd a oibríonn i gcomhar léi a chosaint ar bhagairtí agus ar ionsaithe agus, sa chiall sin, ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún an reacht blocála a ghníomhachtú go práinneach chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chosaint ar iarmhairtí smachtbhannaí agus chun a fheidhmiú leanúnach ar bhealach iomlán neamhspleách a chumasú; á iarraidh ar na Ballstáit dlínse uilíoch a chur i bhfeidhm sa chomhrac i gcoinne saoirse ó phionós;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS Plean Gníomhaíochta nua maidir le hInscne a ghlacadh tar éis 2027 lena dtabharfar aghaidh ar an ngá atá le tacaíocht bhreise don chomhionannas inscne agus do chearta na mban agus lena rachfar i ngleic go sonrach leis an bhforéigean inscnebhunaithe agus leis an ngá atá le cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de i leith na cabhrach daonnúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a mholadh go n-áireofaí ‘apartheid inscne’ mar choir in aghaidh an chine dhaonna chun iad siúd atá freagrach as an gcoir sin a thabhairt chun cuntais; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht láidir don sainmhíniú ar apartheid inscne arna mholadh ag meitheal na Náisiún Aontaithe maidir le hidirdhealú in aghaidh na mban agus na gcailíní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí sibhialtaigh a chosaint i gcónaí le linn coinbhleachtaí armtha agus go gcruthófaí conairí daonnúla, nuair is gá, chun go mbeidh sibhialtaigh in ann éalú ó choinbhleachtaí, agus ag cáineadh go láidir aon ionsaithe ar shibhialtaigh; á iarraidh go dtabharfaí cosaint níos éifeachtaí d’iriseoirí agus do chosantóirí chearta an duine le linn coinbhleachtaí armtha toisc go ndéantar ionsaí orthu go háirithe mar gheall ar a gcuid oibre maidir le sáruithe ar chearta an duine a dhoiciméadú; á thabhairt chun suntais gur mó an baol do mháithreacha agus do leanaí an t-ocras agus an míchothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí rannpháirtíocht na mban agus na bhfear faoi mhíchumas san áireamh i ndearadh bonneagair shábháilte agus inrochtana le linn próisis atógála tar éis coinbhleachtaí armtha nó tubaistí nádúrtha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS táscairí agus amlínte soiléire a bhunú i bplean gníomhaíochta an Aontais tar éis 2027 maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas chun rath a thomhas, comhleanúnachas idir gníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha an Aontais a neartú agus naisc níos fearr a shonrú idir tosaíochtaí mar a luaitear sa phlean gníomhaíochta agus tagarmharcanna níos cúinge a shonrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS ról níos cuimsithí a thabhairt don tsochaí shibhialta agus torthaí na gcomhairliúchán a chur san áireamh ar bhealach níos fearr agus a bheartas seachtrach um chearta an duine á fhorbairt agus á chur chun feidhme aige, lena n-áirítear comhairliúcháin le gníomhaithe áitiúla atá is gaire don leibhéal cur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á iarraidh go mbeadh buiséad soiléir curtha in áirithe do chearta an duine, agus don daonlathas agus don smacht reachta in CAI a bheidh ann amach anseo, ina mbeidh spriocanna soiléire ann maidir le comhionannas inscne lena gcuimseofar tacaíocht chistiúcháin leormhaith d’fhorbairt struchtúr daonlathach agus d’fhás na meán saor, lena n-áirítear sna tíortha comharsanachta; á chur i bhfáth gur gá buiséad an Aontais a chosaint ina ghné sheachtrach freisin toisc go gcuireann sé giaráil ríthábhachtach ar fáil chun go gcomhlíonfaidh tíortha comhpháirtíochta cearta an duine agus caighdeáin dhaonlathacha ar bhealach níos fearr; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí isteach clásail in-fhorfheidhmithe maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas láidir san ionstraim nua don Eoraip Dhomhanda chun tíortha comhpháirtíochta nach bhfuil san Aontas a chistiú; á iarraidh go mbeadh creat coinníollachta oibríochtúil ann a mbeidh feidhm aige, inter alia, maidir le cúnamh macrairgeadais, fabhair thrádála agus éascú víosaí, le tagarmharcanna soiléire agus sásraí dlíthiúla in-fhorfheidhmithe chun comhlíonadh a áirithiú, lena n-áirítear clásail fionraíochta i gcásanna sáruithe leanúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á áitiú nach mór do thíortha nach tíortha den Aontas iad a fhaigheann tacaíocht ón Aontas i réimsí chearta an duine, an smachta reachta, nó fhorbairt na sochaí sibhialta institiúidí náisiúnta neamhspleácha um chearta an duine a bhunú, amhail oifigí ombudsman, i gcomhréir le Prionsabail Pháras; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh láithreacht na n-institiúidí sin ina réamhriachtanas chun incháilitheacht a chistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á iarraidh ar a chomhpháirtithe institiúideacha ón Aontas féachaint ar bhealaí nua chun feabhas a chur ar an gcinnteoireacht, lena n-áirítear vótáil trí thromlach cáilithe, agus, nuair a úsáidfear cineálacha cur chuige níos solúbtha, amhail cur chuige Fhoireann na hEorpa, chun a áirithiú go ndéanfar cearta an duine a ráthú go leordhóthanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí idirphlé maidir le cearta an duine a threisiú trí thagarmharcanna agus spriocanna insoláthartha soiléire ionas gur féidir an dul chun cinn a léiriú agus a mheasúnú go soiléir le linn gach babhta idirphlé faoi seach; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht chórasach agus fhóinteach ag gníomhaithe na sochaí sibhialta in idirphlé maidir le cearta an duine agus san obair leantach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á iarraidh go mbeadh na hidirphléití sin agus a dtorthaí níos infheicthe, lena n-áirítear preasráitis chomhpháirteacha a fhoilsiú, agus go mbeadh na hidirphléití sin dírithe ar thorthaí nó bunaithe ar thagarmharcanna soiléire lena gcumasaítear faireachán éifeachtach, lena n-áirítear trí chomhairliúchán <STRING ITALIC="on">ex ante </STRING>agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> le fíoreagraíochtaí sochaí sibhialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an gcomhar leis an bParlaimint sa phróiseas plé as a dtiocfaidh an t-idirphlé; á chur i bhfáth, ina theannta sin, gur gá don Aontas leanúint de bhrú a chur maidir leis an idirphlé a bheith á reáchtáil ag ceanncheathrú an Aontais; á mheas gur cheart go mbeadh ról ar leith ag an tsochaí shibhialta agus ag institiúidí náisiúnta um chearta an duine maidir le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn chur chun feidhme na spriocanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas leanúint d’ionstraimí Eorpacha agus idirnáisiúnta a bhunú chun rochtain ar cheartas agus leigheasanna éifeachtach a ráthú do dhaoine a ndéanann sáruithe corparáideacha ar chearta an duine difear dóibh; á iarraidh go ndéanfar rialacha reatha an Aontais maidir le hiompar freagrach corparáideach i ndáil le cearta an duine, cearta saothair agus cearta comhshaoil a chur chun feidhme go héifeachtach agus go críochnúil, amhail reachtaíocht an Aontais maidir le dícheall cuí; á chur i bhfáth gur gá beartais agus sásraí AE a bhunú a mbeidh sé de chumas acu ceanglais an aistrithe inbhuanaithe a chomhréiteach go héifeachtach le hurraim do shlite beatha na bpobal áitiúil; á iarraidh ar an Aontas pobail áitiúla agus cearta na bpobal dúchasach a chur chun cinn agus a chosaint ina bheartas eachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas gealltanas daingean a thabhairt maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta maidir leis an aeráid; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar impleachtaí an athraithe aeráide ar an tsíocháin agus ar an tslándáil ar an leibhéal is airde;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an bhosca uirlisí chun aghaidh a thabhairt ar fheachtais bhréagaisnéise i gcoinne an Aontais, go háirithe i dtíortha a fhaigheann cúnamh daonnúil agus forbartha suntasach ón Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht den Aontas; á iarraidh go práinneach ar an Aontas Eorpach tacú le heagraíochtaí iontaofa meán agus faisnéise a chuireann cuntasacht na n-údarás chun cinn agus a thacaíonn le haistrithe daonlathacha, agus béim á leagan ar an ngá atá le prionsabail an iolrachais, na trédhearcachta agus an neamhspleáchais a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an treoir atá ceaptha chun iriseoirí agus CCDanna a chosaint ar chaingne dlí ionsaitheacha agus ar SLAPPanna; ag spreagadh reachtóirí i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad reachtaíocht a mbeidh an sprioc chéanna aici a fhorbairt, mar chuid d’iarrachtaí níos leithne chun saoirse agus iolrachas na meán a chur chun cinn agus a chosaint; á iarraidh go ndéanfaí ionsaithe ar shaoirse na meán, chomh maith le hídiú leanúnach agus córasach an chirt chun faisnéise, a chur san áireamh san fhaireachán a dhéanfaidh an tAontas Eorpach ar chomhlíonadh comhaontuithe idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an mbréagaisnéis inscne agus leis an gciapadh ar líne lena ndírítear ar mhná atá gníomhach sa pholaitíocht, san iriseoireacht agus sa tsochaí shibhialta, arb é is aidhm dóibh easaontú a chur ina thost, an bonn a bhaint den rannpháirtíocht dhaonlathach agus insintí i gcoinne an Aontais Eorpaigh a scaipeadh; á chur i bhfáth gur cheart oibleagáidí ceangailteacha a áireamh san ionstraim chun tionchair inscne-shonracha ar chearta an duine a chosc, a mhaolú agus a leigheas; á iarraidh go mbeadh frithbhearta comhréireacha agus éifeachtacha agus uirlisí faireacháin feabhsaithe ann chun na feiniméin sin a chosc, a nochtadh agus chun freagairt dóibh, agus cearta bunúsacha agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh á gcosaint; á iarraidh go mbeadh bearta tiomnaithe tacaíochta agus cosanta ann chun sábháilteacht iriseoirí, gníomhaithe agus polaiteoirí ar mná iad a áirithiú ar líne agus as líne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an tsaoirse acadúil a chur chun cinn mar phríomhghné de shochaithe oscailte agus daonlathacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cos ar bolg trasnáisiúnta a aithint mar bhagairt shonrach ar chearta an duine, agus córais a bhunú chun é a rianú, a dhoiciméadú agus aghaidh a thabhairt air, mar aon le hoiliúint agus acmhainní a chur ar fáil d’fhorfheidhmiú an dlí, agus a áirithiú go dtabharfar chun cuntais déantóirí na coire, lena n-áirítear oifigigh agus gníomhairí de thíortha nach de chuid an Aontais iad agus cumasóirí áitiúla; á chur i bhfáth gur cheart do fhreagairtí AE na treochtaí sin a chomhtháthú i dtreoirlínte maidir le cearta an duine agus sa chomhar idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit leanúint dá dtacaíocht do chosantóirí chearta an duine agus feabhas a chur ar an tacaíocht sin agus coimircí rialála leormhaithe a ghlacadh san Aontas chun cos ar bolg trasnáisiúnta a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ceannaireacht an Aontais maidir le IS agus taidhleoireacht dhigiteach ríthábhachtach chun samhlacha a chur chun cinn lena n-áirithítear ardchaighdeáin i leith chearta an duine, agus a n-ábharthacht agus a n-athléimneacht chomh maith; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an Aontas cur lena thaidhleoireacht dhigiteach agus IS, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a fhorfheidhmiú agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh cuideachtaí teicneolaíochta agus ardáin meán sóisialta oibleagáidí maidir le cearta an duine agus go dtabharfaidh siad aghaidh ar an gcos ar bolg trasnáisiúnta, lena n-áirítear i gcoinne CCDanna; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a áirithiú go dtabharfar chun cuntais gníomhaithe atá ag cumasú cos ar bolg digiteach trasnáisiúnta, go háirithe in earnáil na teicneolaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá Misin Bhreathnóireachta an Aontais um Thoghcháin chun meastóireacht neamhspleách neamhchlaonta a dhéanamh ar na próisis toghcháin a ndéanann siad faireachán orthu, i bhfianaise an chur isteach atá ag dul i méid ó roinnt stát i dtoghcháin tíortha eile trí oirbhearta hibrideacha lena n-áirítear úsáid IS; á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar a dtionscnaimh chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le IS i bpróisis toghcháin agus iad a thuairisciú don Pharlaimint; á iarraidh go ndéanfaí breathnóirí toghcháin idirnáisiúnta a chosaint; á iarraidh go ndéanfaí obair leantach ar ghlacadh agus ar chur chun feidhme na moltaí ó na misin bhreathnóireachta toghcháin sin i dtíortha nach de chuid an Aontais iad, agus go n-áireofar iad mar phríomhghné i gcreat an chaidrimh idir an tAontas agus an tír i dtrácht nach de chuid an Aontais í; á thabhairt chun suntais go rannchuidíonn an Pharlaimint leis na misin sin mar ghné bhunriachtanach dá gníomhaíocht sheachtrach, chomh maith le modheolaíocht na misean sin a fhorbairt agus a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhfuil go bhfuil tíortha ag diúltú níos mó agus níos mó cuireadh a thabhairt don Aontas breathnóireacht a dhéanamh ar a dtoghcháin agus á iarraidh ar SEGS aghaidh a thabhairt ar an staid sin; á chur in iúl gur geal léi obair na Dearlaice Eorpaí don Daonlathas agus á athdhearbhú gur gá leanúint dá hobair agus dá hacmhainní a neartú; á iarraidh go dtabharfadh an tAontas tuilleadh tacaíochta airgeadais chun misin toghcháin a eagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á iarraidh go neartófaí na hiarrachtaí chun rannpháirtíocht phoiblí mionlach a ráthú, chomh maith le hionadaíocht na mban agus na ndaoine óga i bpróisis toghcháin a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí gach cineál ciníochais, éadulaingthe, frithsheimíteachais, Ioslamafóibe, ghéarleanúint na gCríostaithe, seineafóibe agus idirdhealaithe bunaithe ar chine, eitneacht, náisiúntacht, aicme shóisialta, míchumas, sainaicme, reiligiún, creideamh, aois, gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne; á iarraidh go nglacfaí nó go neartófaí sásraí chun iompraíochtaí idirdhealaitheacha a thuairisciú, chomh maith le rochtain ar leigheasanna éifeachtacha dlí, chun cabhrú le deireadh a chur le saoirse ó phionós na ndaoine sin a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht den sórt sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, cé gurb í an Chríostaíocht an reiligiún is mó a ndéantar géarleanúint air ar domhan sa lá atá inniu ann, agus go bhfuil níos mó ná 380 milliún duine thíos leis an ngéarleanúint sin, nach bhfuil aon chomhordaitheoir Eorpach freagrach as an gCríostófóibe a chomhrac, cé gur ceapadh comhordaitheoir chun an Ioslamafóibe a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle sainordú uaillmhianach a ghlacadh don Aontas chun páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht leanúnach maidir le hionstraim de chuid na Náisiún Aontaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun cuideachtaí a thabhairt chun cuntais as a sáruithe ar chearta an duine a luaithe is féidir; á iarraidh ar an Aontas chun a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht náisiúnta a ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus chun comhar le réigiúin eile agus le heagraíochtaí domhanda eile a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ar chearta an duine a chur chun feidhme go córasach agus go n-áireofaí clásail láidre in-fhorfheidhmithe maidir le cearta an duine i gcomhaontuithe idir an tAontas agus tíortha nach de chuid an Aontais iad, le tacaíocht ó shraith shoiléir tagarmharcanna agus nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcás sáruithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS a áirithiú go ndéanfar faireachán gníomhach ar na clásail maidir le cearta an duine i gcomhaontuithe idirnáisiúnta reatha agus go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear le fionraí, agus go gcuirfear feabhas ar a gcumarsáid leis an bParlaimint maidir le breithnithe agus cinntí i ndáil leis an bhforfheidhmiú sin; á athdhearbhú, i gcás sáruithe leanúnacha ar chlásail chearta an duine ag a thíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear na tíortha sin sa scéim GSP+, gur cheart don Aontas freagairt go mear agus go cinntitheach, lena n-áirítear trí na comhaontuithe atá i gceist a chur ar fionraí má bhíonn roghanna eile neamhéifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á iarraidh go gcruthófaí tairseach láimhseála gearán, faoi chuimsiú ionstraimí trádála agus airgeadais an Aontais, b’fhéidir trí Phointe Iontrála Aonair an Choimisiúin a oiriúnú chun go bhféadfar gearáin a chur isteach maidir le mainneachtain clásail maidir le cearta an duine a chomhlíonadh; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an tairseach sin inrochtana, fabhrach do shaoránaigh agus trédhearcach, agus oscailte do shaoránaigh de thíortha nach cuid den Aontas iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí faireachán agus measúnú cúramach ar chumas thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh ionas go n-áiritheofaí go mbeidh pointe teagmhála ainmnithe acu uilig le haghaidh cásanna sáruithe ar chearta an duine le hacmhainní leordhóthanacha chun freagairt ar bhealach éifeachtach agus tráthúil; á mholadh go gcuirfí oiliúint rialta ar fhoireann thoscaireachtaí AE maidir le Treoirlínte AE reatha a bhaineann le saincheisteanna sonracha maidir le cearta an duine; á éileamh go nglacfaidh ambasáidí na mBallstát páirt i gcosaint agus i gcur chun cinn chearta an duine i dtíortha nach de chuid an Aontais iad ar bhealach níos teanntásaí, ag tacú go gníomhach le ról thoscaireachtaí AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur minic i roinnt mhaith réigiún ar domhan gurb iad na micrifhiontair agus na fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) a thugann spreagadh do gheilleagair áitiúla agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mban atá i gceannas orthu; á chur i bhfios go láidir gurb ionann MFBManna agus 90% de ghnólachtaí, 60% go 70% den fhostaíocht agus 50% den olltáirgeacht intíre ar fud an domhain; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá MFBManna ar a mhéid a rannchuidíonn siad le Clár Oibre 2030 agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, eadhon na spriocanna sin maidir le deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus dálaí oibre cuibhiúla do chách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á iarraidh an athuair go dtabharfaí tús áite don chomhrac i gcoinne an éillithe mar thoisc lena gcumasaítear ionsaithe ar chearta an duine agus ar an daonlathas; ag tathant ar an gComhairle córas smachtbhannaí frith-éillithe a ghlacadh faoi dheireadh, ar tosaíocht sheanbhunaithe de chuid na Parlaiminte é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas dlús a chur leis an rannpháirtíocht taidhleoireachta le tíortha a leanann de phionós an bháis a chur i bhfeidhm, rud atá ar neamhréir leis an gceart chun na beatha agus leis an toirmeasc ar chéasadh, a leanann d’idirphlé agus comhar a spreagadh maidir le saincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt athchóirithe breithiúnacha a bhféadfadh díothú an phionóis a bheith mar thoradh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas raon feidhme an Rialacháin Frithchéastóireachta<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 30, 31.1.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/125/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe sa mhargadh idirnáisiúnta um threalamh slándála, athruithe ar úsáid agus ar mhí-úsáid trealaimh forfheidhmithe dlí a léiriú, chomh maith le dúshláin atá ag teacht chun cinn a léiriú freisin, go háirithe céasadh seachchoimeádta agus drochíde le linn agóidí síochánta a bheith á gcur faoi chois; á iarraidh ar an Aontas comhlíonadh Choinbhinsiún na Ginéive maidir le Cóireáil Príosúnach Cogaidh a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á iarraidh go dtreiseofaí tionscnaimh AE chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac lena ndírítear ar shainaithint luath, ar chosaint íospartach-lárnach (lena n-áirítear leanaí) agus ar shuaitheadh airgeadais líonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá leas iomlán a bhaint as cur chun feidhme críochnúil Threoirlínte an Aontais maidir le CCDanna agus as athbhreithniú cuimsitheach chomh maith chun aghaidh a thabhairt ar an leibhéal méadaitheach sofaisticiúlachta a bhaineann le géarleanúint agus ciapadh CCDanna, lena n-áirítear bagairtí digiteacha agus cos ar bolg trasnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á iarraidh go leathnófaí úsáid GHRSR AE – Gníomh Magnitsky an Aontais chun smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine aonair a dhéanann géarleanúint ar CCDanna nó a dhéanann ciapadh orthu, lena n-áirítear cosantóirí an chomhshaoil agus na gceart talún;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig an Uachtarán ar an 80ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chuig Uachtarán Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chuig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Cinn Toscaireachta an Aontais Eorpaigh.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>