<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0015</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Aghaidh a thabhairt ar shaoirse ó phionós trí smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (“Gníomh Magnitsky an Aontais” mar a thugtar air)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0266/2025 - Rapóirtéir:Antonio López-Istúriz White)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2026 ar aghaidh a thabhairt ar an tsaoirse ó phionós trí smachtbhannaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (‘Gníomh Magnitsky an Aontais’ mar a thugtar air) (2025/2049(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine an 10 Nollaig 1948,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Eorpach an 4 Samhain 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla an 16 Nollaig 1966,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach an 10 Nollaig 1984,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 2, 3(5), 21, 23, 29 agus 31(2) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a bhaineann le bearta sriantacha a ghlacadh i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus grúpaí nó eintitis neamhstáit,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú 25 atá i gceangal le Conradh Liospóin, a bhaineann leis an ngá atá le cearta próise cuí na ndaoine aonair nó na n-eintiteas sin lena mbaineann bearta sriantacha de chuid an Aontais nó bearta de chuid an Aontais lena gcuirtear i gcoinne na sceimhlitehoireachta a chosaint agus a urramú;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi maidir le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (ar a dtugtar ‘rúin phráinne’), arna nglacadh i gcomhréir le Riail 150 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1999<FOOTNOTE><FIELD> IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1999/oj.</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2020/1998<FOOTNOTE><FIELD> IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1998/oj.</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne sáruithe agus treascairtí tromchúiseacha ar chearta an duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/371 ón gComhairle an 2 Márta 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO L 71 I, 02.03.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/371/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (AE) 2021/478 an 22 Márta 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO L 99 I, 22.03.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/478/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus (AE) 2025/1111 an 28 Bealtaine 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/1111, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1111/oj.</FIELD></FOOTNOTE> lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na cinntí ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle, lena n-áirítear Cinntí (CBES) 2021/372 an 2 Márta 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO L 71 I, 2.3.2021, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/372/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (CBES) 2021/481 an 22 Márta 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO L 99 I, 22.3.2021, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/481/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (CBES) 2021/2197 an 13 Nollaig 2021<FOOTNOTE><FIELD> IO L 445 I, 13.12.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2197/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (CBES) 2023/1504 an 20 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 183 I, 20.7.2023, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1504/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (CBES) 2023/1716 an 8 Meán Fómhair 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO L 221 I, 8.9.2023, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1716/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (CBES) 2024/1025 an 4 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1025, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1025/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (CBES) 2024/1074 an 4 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1074, 12.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1074/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (CBES) 2024/1175 an 19 Aibreán 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1175, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1175/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, 2024/1967 an 15 Iúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1967, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1967/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (CBES) 2024/3004 an 2 Nollaig 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3004, 3.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3004/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (CBES) 2025/346 an 18 Feabhra 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/346, 19.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/346/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus (CBES) 2025/1110 an 27 Bealtaine 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/1110, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1110/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (Gníomh Magnitsky an Aontais Eorpaigh)<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 152.</FIELD></FOOTNOTE> agus do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 maidir le cearta an duine agus an daonlathas sa domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh ar an ábhar – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4390, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4390/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Samhain 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais ar Chearta an Duine agus ar an Daonlathas 2020-2024, a athnuadh go dtí 2027,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/2721 ón gComhairle an 4 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine,<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2721, 5.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2721/oj.</FIELD></FOOTNOTE>lenar cuireadh síneadh 3 bliana le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE), go dtí an 8 Nollaig 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0266/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go sonraítear in Airteagal 21 CAE go mbeidh gníomhaíochtaí an Aontais bunaithe ar ‘an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta’;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gcuireann EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais, a glacadh i Nollaig 2020, ar chumas an Aontais bearta sriantacha a fhorchur ar dhaoine aonair agus eintitis atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil a reachtaíocht náisiúnta féin maidir le stíl Magnitsky glactha ag Ballstáit áirithe AE agus gur uirlisí tábhachtacha iad sin chun smachtbhannaí AE a chomhlánú; de bhrí go bhfuil córais smachtbhannaí chomhchosúla glactha ag na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Ríocht Aontaithe, an Astráil agus tíortha eile atá ar aon intinn leo; de bhrí go méadaíonn comhar agus comhordú i measc tíortha atá ar aon intinn maidir le smachtbhannaí a n-éifeachtacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, i rialú d’aon toil ó sheachtar breithiúna sa chás <STRING ITALIC="on">Magnitsky agus Daoine Eile</STRING> v an <STRING ITALIC="on">Rúis</STRING> (iarratas Uimh. 32631/09 agus 53799/12) an 27 Lúnasa 2019, go raibh an Rúis freagrach as bás Sergei Magnitsky sa phríosún agus go ndearnadh gníomhartha foréigin d’aon ghnó air arbh ionann iad agus íde mhídhaonna tháireach; de bhrí, in ainneoin imscrúduithe ar a choinneáil, ar a chéasadh, ar ionchúiseamh neamhdhleathach iarbháis agus ar a bhás, nár tugadh aon duine chun cuntais go coiriúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, i rún uaithi an 8 Iúil 2021 maidir le EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais, gur gheal leis an bParlaimint gur glacadh an córas smachtbhannaí mar bhreis bhunriachtanach ar bhosca uirlisí an Aontais um chearta an duine agus um an mbeartas eachtrach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil feidhm ag EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais maidir le réimse leathan sáruithe ar chearta an duine agus gur féidir déantóirí ciona, cumasóirí agus tríú páirtithe a sholáthraíonn ábhar nó cúnamh teicniúil d’fhonn cos ar bolg a dhéanamh, gur féidir iad sin a áireamh ar na daoine agus na heintitis arna liostú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go ndírítear le EUGHRSR ar dhéantóirí agus ar eintitis aonair, seachas ar earnálacha eacnamaíocha leathana, lena laghdaítear damáiste comhthaobhachta don phobal i gcoitinne agus lena seachnaítear dochar a dhéanamh do rochtain ar bhia, ar leigheas nó ar sheirbhísí poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go gcumhdaítear le EUGHRSR freisin sáruithe nó mí-úsáidí forleathana agus ábhair imní chórasacha nó thromchúiseacha maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE, amhail céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, sclábhaíocht, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach éigeantach daoine, gabhálacha nó coinneáil threallach, gáinneáil ar dhaoine, foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, sáruithe nó mí-úsáidí ar shaoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais, sáruithe nó mí-úsáidí ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus sáruithe nó mí-úsáidí ar shaoirse reiligiúin nó creidimh;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur cineál aitheantais idirnáisiúnta d’íospartaigh sáruithe ar chearta an duine iad liostuithe EUGHRSR;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nár áiríodh cos ar bolg trasnáisiúnta go fóill ar liosta na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a spreagann smachtbhannaí faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur iarr go leor rún ó Pharlaimint na hEorpa go n-úsáidfí ionstraimí smachtbhannaí ar bhealach níos solúbtha agus níos minice i gcásanna croíchoireanna idirnáisiúnta nó sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, amhail an 4 Samhain 2025, go bhfuil 168 liostú déanta faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais (131 duine aonair agus 37 n-eintiteas); de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar liosta na n-ainmniúchán faoin gcóras sin, agus nach bhfuil mórán eolais ann faoina thionchar agus faoina éifeachtacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, in ainneoin dul chun cinn atá déanta, go bhfuil bearnaí suntasacha fós ann i gcumhdach geografach agus téamach na liostuithe agus i mbunú tagarmharcanna atá ailínithe le cuspóirí na smachtbhannaí; de bhrí, in ainneoin roinnt iarrataí ón bParlaimint, nach meastar fós gur coir é an t-éilliú laistigh de EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur díríodh sna liostuithe go príomha ar sháruithe ar shláine fhisiciúil agus ar chearta sibhialta-pholaitiúla, go háirithe iad siúd atá dírithe ar lucht freasúra polaitiúil agus ar ghníomhaithe polaitiúla, ar fir iad den chuid is mó, i réimis fhorlámhacha, seachas ar chroíchoireanna idirnáisiúnta, amhail cinedhíothú agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna, agus sáruithe sistéamacha ar chearta socheacnamaíocha;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go díríodh sna liostaí, i gcomhréir le caidrimh straitéiseacha agus leasanna geopholaitiúla AE, ar limistéir atá cóngarach dá chéile ó thaobh geografaíochta de, rud a d’fhág nár tugadh aghaidh ar limistéir eile ná ar chomhthéacsanna eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil rúndacht maidir le liostú nó díliostú a d’fhéadfaí a dhéanamh ríthábhachtach chun éifeachtacht EUGHRSR– Gníomh Magnitsky an Aontais a áirithiú; de bhrí gur cheart go mbeadh ról ag an bParlaimint sa phróiseas sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le grinnscrúdú parlaiminteach ar EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE chun a dhlisteanacht a neartú; de bhrí nach ndéanann an Chomhairle breithniú leordhóthanach fós ar rúin na Parlaiminte ina bhfuil moltaí le haghaidh liostuithe breise;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gurb amhlaidh, in EUGHRSR– Gníomh Magnitsky an Aontais, nach ndéantar foráil ach do chalcadh sócmhainní agus do thoirmisc ar víosaí faoi láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí an córas reatha maidir le reo sócmhainní agus toirmisc ar víosaí a chomhlánú le bearta breise, amhail srianta ar sheirbhísí airgeadais, soláthar poiblí agus rannpháirtíocht i dtionscadail arna gcistiú ag AE, agus gur cheart a raon feidhme a leathnú chun baill neasteaghlaigh na sáraitheoirí ar chearta an duine a chumhdach;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí nach leor fós treoir ón gCoimisiún chun raon feidhme na dtoirmeasc maidir le haon chineál tacaíochta a sholáthar a shoiléiriú, lena n-áirítear tacaíocht theicniúil agus ábhartha do dhaoine agus d’eintitis atá faoi smachtbhannaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gurb amhlaidh, mar gheall ar lúba ar lár éagsúla a bheith ann sa chur chun feidhme, amhail clásail mhaolaithe a d’fhág gurbh fhéidir conarthaí a thabhairt i gcrích sular liostaíodh duine aonair nó eintiteas, atá deiseanna ann ar theacht timpeall ar smachtbhannaí agus éifeachtacht smachtbhannaí a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí, i gcórais smachtbhannaí geografacha sin an Aontais atá ann cheana, go n-áirítear mórshrianta a d’fhéadfadh comhlánú a dhéanamh ar EUGHRSR– Gníomh Magnitsky an Aontais trí thrasliostú;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur díríodh le EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE ar oifigigh agus ar fheidhmeannaigh ar leibhéal níos ísle den chuid is mó, agus gur minic a d’fhan na daoine sin a bhfuil fíorchumhacht pholaitiúil agus mhíleata acu lasmuigh de raon feidhme a ainmniúchán;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí nár díríodh le liostuithe faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE go dtí seo ar aon ghníomhaithe atá freagrach as cuid de na croíchoireanna idirnáisiúnta a aithnítear i Reacht na Róimhe a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go leanann gníomhaithe na sochaí sibhialta de bheith ag obair i gcomhar go neamhfhoirmiúil le hinstitiúidí an Aontais chun ainmneacha a mholadh lena liostú, in éagmais sásra struchtúrtha dá n-ionchur; de bhrí nach bhfuil na hacmhainní ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) chun an fhaisnéis a fhaigheann sí a mheasúnú, a imscrúdú agus chun freagairt di;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfágfadh trédhearcacht fheabhsaithe, comhordú le sásraí cuntasachta, comhordú le gníomhaithe idirnáisiúnta agus tíortha atá ar aon intinn agus glacadh liostuithe ar leibhéal na Náisiún Aontaithe go neartófaí éifeachtacht an chórais smachtbhannaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur mhainnigh roinnt Ballstát smachtbhannaí de chuid an Aontais a chomhlíonadh trí chead a thabhairt do dhaoine aonair atá faoi smachtbhannaí dul isteach i gcríoch an Aontais; de bhrí, mar gheall ar an mainneachtain sin na smachtbhannaí a chomhlíonadh, go ndéantar dochar suntasach d’inchreidteacht an Aontais agus go mbaintear an bonn ó éifeachtacht chórais smachtbhannaí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go ndéantar an cur chun feidhme den chuid is mó ar an leibhéal náisiúnta agus go bhfuil gach Ballstát freagrach as na smachtbhannaí a fhorfheidhmiú ar a chríoch; de bhrí go gcruthaíonn sé sin an baol go mbeadh naisc laga ann ina bhféadfaidh daoine aonair nó cuideachtaí iarracht a dhéanamh dul timpeall ar na smachtbhannaí trí airgead nó gníomhaíochtaí a aistriú chuig Ballstáit ina bhfuil cur chun feidhme níos moille nó nach bhfuil chomh dian céanna; de bhrí gur leag institiúidí AE béim arís agus arís eile ar an ngá atá le cur i bhfeidhm níos aonfhoirmí agus níos comhordaithe chun smachtbhannaí a dhéanamh fíoréifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí gur iarr an Pharlaimint, i rúin iomadúla, go dtabharfaí isteach vótáil trí thromlach cáilithe i leith glacadh smachtbhannaí faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfágann an síneadh a cuireadh le EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais go Nollaig 2026 deis a bheith ann ar athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú go dtacaíonn sí le EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE  toisc é a bheith ina uirlis fhíor-riachtanach beartais eachtraigh chun cearta an duine a fheabhsú ar fud an domhain agus chun bosca uirlisí AE um chearta an duine a neartú, go háirithe i bhfianaise go háirithe toisc go bhféadfadh sé rannchuidiú le hiompar na ndaoine agus na n-eintiteas a bhfuiltear ag díriú orthu a athrú agus leis na hiarrachtaí ar dhéantóirí, cumasóirí agus gríosóirí díreacha sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, agus iad sin a thacaigh leis na sáruithe sin go hindíreach, a thabhairt chun cuntais, chomh maith leo siúd a bhaineann tairbhe dhíreach nó indíreach as na sáruithe sin, lena n-áirítear a ngarghaolta; á thabhairt chun suntais go bhfuil an ionstraim deartha ionas nach ndéanfar difear do theachtadh chearta an duine ag an bpobal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil rún daingean aici dul i ngleic leis an tsaoirse ó phionós i gcás sáruithe agus treascairtí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain trí úsáid éifeachtach a bhaint as ionstraimí agus uirlisí smachtbhannaí sin an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais; á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta go daingean don chóras ceartais idirnáisiúnta, a bhfuil dúshláin gan fasach os a chomhair, lena n-áirítear smachtbhannaí gan bonn i gcoinne breithiúna agus fhoireann na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, ar náisiúnaigh de chuid an Aontais cuid acu; ag tathant ar AE, ina leith sin, a Reacht Blocála<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear i gcoinne éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an Rialachán sin nó a eascraíonn as (IO L 309, 29.11.1996, lch. 1, ELI:) http://data.europa.eu/eli/reg/1996/2271/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a ghníomhachtú chun tionchar na smachtbhannaí sin a shrianadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhtháthu beartas agus éifeachtacht straitéiseach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí measúnú tionchair cuimsitheach ar EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais agus ar a idirghníomhaíochtaí le smachtbhannaí tírshonracha sin an Aontais agus le bearta sriantacha cothrománacha eile sin an Aontais chun meastóireacht a dhéanamh ar a chomhleanúnachas, a chomhréireacht agus a éifeachtacht, lena n-áirítear maidir le hiompar na ndaoine agus na n-eintiteas sin arna liostú a athrú, chun bearnaí oibríochtúla a shainaithint agus chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus straitéiseach a áirithiú ar fud an domhain, agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais i gcomhréir le torthaí an mheasúnaithe tionchair sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú leanúnach agus córasach ar na liostuithe arna dtarraingt suas faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE, uair amháin gach 12 mhí ar a laghad, chun a gcomhsheasmhacht, a gcomhréireacht agus a gcomhréireacht leis an bhfaisnéis agus na cinntí breithiúnacha is déanaí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheas gur cheart faisnéis bhreise ar na critéir um dhíliostú a chur ar fáil chun soiléireacht dhlíthiúil, próis chuí, trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais comhsheasmhach agus comhlántach le bearta sriantacha tírshonracha agus cothrománacha an Aontais, le bearta earnálacha agus le trádbhaic arm, agus leis na creataí idirnáisiúnta smachtbhannaí atá ann cheana freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag moladh don Chomhairle féachaint le liostuithe EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais a ailíniú le liostaí smachtbhannaí na gcomhpháirtithe atá ar aon intinn, go háirithe iad siúd in G7, agus le liostaí smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, i gcás inar féidir déanamh amhlaidh go polaitiúil agus go dlíthiúil, chun an dlisteanacht dhomhanda agus an éifeachtacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar shineirgí idir EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE agus sásraí cuntasachta idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe, an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus cúirteanna réigiúnacha um chearta an duine, chun éifeachtacht ghníomhaíochtaí AE i gcoinne sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach go n-ailíneodh tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht san Aontas le EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais, i gcomhréir lena n-ailíniú cuimsitheach le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tacú go hiomlán le smachtbhannaí spriocdhírithe frithéillithe a fhorchur laistigh de chreat AE, ar tosaíocht sheanbhunaithe de chuid na Parlaiminte é, bíodh sin trína áireamh in EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE nó faoi chóras eile; á mholadh go leathnófaí raon feidhme an réimis chun cásanna éillithe mórscála agus mí-úsáid conarthaí soláthair stáit a chumhdach lena gcothaítear réimis fhorlámhacha go díreach, agus ar an gcaoi sin sáruithe ar chearta an duine a nascadh le cleachtais chreachlathacha; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart do smachtbhannaí frithéillithe an comhthéacs sistéamach níos leithne a chur i gcuntas agus a bheith nasctha go dlúth le straitéisí cuimsitheacha i leith na ngníomhaithe faoi seach; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Coimisiún togra ar aghaidh le haghaidh córas smachtbhannaí frithéillithe; á chur in iúl gur oth léi gur chuir roinnt Ballstát bac ar an gcomhad ag an gComhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE aghaidh a thabhairt freisin ar sháruithe ar chearta an duine arna gcumasú trí fhaireachas digiteach, onnmhairí earraí spiaireachta agus teicneolaíochtaí eile a úsáidtear le haghaidh cos ar bolg, agus gníomhartha scriosta comhshaoil d’aon ghnó le hintinn shoiléir dochar a dhéanamh don phobal sibhialta; á iarraidh go ndéanfaí daoine aonair a bhfuil baint acu leis na mí-úsáidí sin a liostú go sainráite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an úsáid a baineadh le déanaí as EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE i gcoinne gníomhaithe atá freagrach as easaontaigh agus cosantóirí chearta an duine a chur faoi chois ar bhonn trasnáisiúnta, agus á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh liostuithe chun an treocht dhomhanda sin atá ag dul i méid a léiriú agus chun measúnú córasach a dhéanamh ar ghníomhartha diansmachta trasnáisiúnta, lena n-áirítear faireachas digiteach, ciapadh ar dheoraithe, agus imeaglú trasteorann, bréagaisnéis agus mí-úsáid dhlíthiúil; á iarraidh ar an gComhairle sainmhíniú oibre ar bhrú faoi chois trasnáisiúnta a ghlacadh chun smachtbhannaí comhsheasmhacha a áirithiú, lena n-áirítear smachtbhannaí ar ionadaithe neamhstáit amhail cuideachtaí slándála príobháideacha agus eagraíochtaí diaspóra; á iarraidh ar AE dlús a chur le cur i bhfeidhm smachtbhannaí i gcoinne daoine aonair agus eintiteas atá doiciméadaithe go hinchreidte mar dhaoine atá freagrach as gníomhartha diansmachta trasnáisiúnta i gcoinne chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear ciapadh gaolta, ionsaithe digiteacha agus imeaglú thar lear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit staonadh ó ghníomhaíochtaí déthaobhacha polaitiúla nó taidhleoireachta a bhaineann an bonn óna dtiomantas do shásraí idirnáisiúnta ceartais choiriúil, lena n-áirítear Reacht na Róimhe, agus do chosaint chearta an duine, nó a thagann salach ar sheasamh aontaithe AE maidir le smachtbhannaí; á threorú do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, mura gcuirtear an moladh sin i gcuntas, a iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann a ngníomhaíochtaí a ailíniú agus aontacht AE a choinneáil; á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar chomhordú agus úsáid a bhaint as a n-ionstraimí féin, amhail dlínse uilíoch agus smachtbhannaí náisiúnta, ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach comhordaithe chun tacú le cuspóirí coiteanna AE, chun athrú suntasach a bhaint amach agus chun cuidiú le cuspóirí smachtbhannaí AE a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi gur mhainnigh Ballstáit éagsúla de chuid an Aontais smachtbhannaí de chuid an Aontais a chomhlíonadh trí chead a thabhairt do dhaoine aonair atá faoi smachtbhannaí dul isteach i gcríoch an Aontais, rud a d’fhág go ndearnadh dochar d’inchreidteacht agus éifeachtacht na smachtbhannaí; ag tathant ar Bhallstáit uile an Aontais smachtbhannaí an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán agus gan choinníoll; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, a áirithiú go gcomhlíonfaidh Ballstáit AE na smachtbhannaí agus aghaidh a thabhairt go dian agus gan idirdhealú ar aon chásanna de neamhchomhlíonadh ag na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth nach féidir le bearta sriantacha AE a bheith go hiomlán éifeachtach ach amháin má dhéanann na Ballstáit uile iad a léirmhíniú, a fhorfheidhmiú agus a chur chun feidhme go comhsheasmhach, go tapa agus go haonfhoirmeach; ag tabhairt dá haire go bhfuil difríochtaí ann idir na Ballstáit ó thaobh creataí dlíthiúla, struchtúir riaracháin agus acmhainní oibríochtúla de chun smachtbhannaí a chur chun feidhme; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun cur i bhfeidhm níos comhchuibhithe agus níos comhordaithe a áirithiú, lena n-áirítear tríd an acmhainneacht le haghaidh reo sócmhainní a neartú, trí mhalartú faisnéise a fheabhsú agus trí shásraí coiteanna faireacháin agus forfheidhmithe ar leibhéal an Aontais a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tathant ar SEGS bealaí dlíthiúla a shainiú chun leas a bhaint as an ús a fabhraíodh ó shócmhainní reoite daoine aonair ar forchuireadh smachtbhannaí orthu faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE ionas gur féidir é a úsáid chun tairbhe íospartaigh na sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine a bhfuil na daoine aonair ar forchuireadh smachtbhannaí orthu freagrach astu; ag spreagadh AE, thairis sin, féachaint an bhféadfaí nós imeachta sonrach a bhunú maidir le gnóthachain nach bhfuarthas go maith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mór gur ghlac an Chomhairle pacáistí smachtbhannaí téamacha faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE; ag tathant ar an gComhairle bearta spriocdhírithe comhchosúla a ghlacadh go córasach agus go réamhghníomhach chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe sonracha agus tromchúiseacha eile ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh, fuadach forfheidhmithe, coinneáil threallach, agus cos ar bolg ar an tsochaí shibhialta agus ar chosantóirí chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh an athuair ar an gComhairle athrú de réir a chéile chuig vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh cinntí i réimsí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála nach bhfuil impleachtaí míleata ná cosanta acu, amhail smachtbhannaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An comhrac i gcoinne na saoirse ó phionós a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh go mbeadh córas smachtbhannaí an Aontais comhsheasmhach agus comhlántach leis an dlí coiriúil idirnáisiúnta, leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus le beartais sin an Aontais a bhaineann leis an smacht reachta agus le saoirsí bunúsacha, d’fhonn an comhrac i gcoinne na saoirse ó phionós a neartú ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tathant ar AE liostaí EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE a ailíniú go straitéiseach le hiarrachtaí ceartais choiriúil náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí dhaoine aonair atá díotáilte ag cúirteanna idirnáisiúnta, amhail an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus déantóirí croíchoireanna idirnáisiúnta agus gníomhaithe eile a chuireann bac ar na próisis chuntasachta sin a liostú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart go bhfónfadh smachtbhannaí freisin chun a áirithiú nach bhfanfaidh déantóirí sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus éillithe anaithnid, agus ar an gcaoi sin na daoine atá freagrach a nochtadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tathant ar an gComhairle a áirithiú go gcaithfear le réigiúin uile an domhain le grinnscrúdú agus tiomantas comhionann, agus míchothromaíochtaí geografacha agus téamacha reatha i liostuithe faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE a cheartú trí liostuithe a leathnú thar an gcomhchruinniú geografach atá ann faoi láthair chuig gach duine agus eintiteas atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, gan beann ar a dtír thionscnaimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag spreagadh na Comhairle aird ar leith a thabhairt ar sháruithe amhail foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, beartais idirdhealaitheacha, agus géarleanúint ar cheannairí ban, ar iriseoirí agus ar ghníomhaithe, ionas go léireofar na catagóirí sin go leormhaith i liostuithe amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire, go dtí seo, go raibh cion suntasach de dhaoine aonair ar forchuireadh smachtbhannaí orthu faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE rannpháirteach i ngaireas diansmachta an stáit, ach nach ndearna siad cinntí, agus nach bhfuil poist cheannaireachta pholaitiúla nó mhíleata ach ag mionlach díobh siúd atá liostaithe; ag tathant ar an gComhairle ainmniúcháin a leathnú thar ainmniúcháin ar leibhéal íseal chun ceannairí polaitiúla agus míleata a áireamh, agus smachtbhannaí a chur orthu siúd atá freagrach as cinntí a dhéanamh as ar eascair sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cumarsáid níos mó agus níos éifeachtaí ann maidir le smachtbhannaí forchurtha chun seasamh domhanda AE maidir le cearta an duine agus an comhrac i gcoinne na saoirse ó phionós a athdhearbhú, ós rud é, i gcásanna áirithe, go bhfuil daoine aonair atá faoi smachtbhannaí á léiriú mar laochra ag bolscaireacht náisiúnta agus go dtugann réimis dhiansmachtúla luach saothair dóibh fiú; ag tabhairt dá haire go n-oibríonn an ghné dhíspreagthach de EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE ar an mbealach is éifeachtaí i gcoinne daoine aonair agus eintitis a bhfuil maoin acu san Aontas nó a bhfuil sé d’acmhainn acu taisteal chuig an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cáineadh aon fhrithsmachtbhannaí a fhorchuirtear ar AE nó ar a institiúidí, ar na Ballstáit, ar chomhlachtaí nó ar shaoránaigh chun cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a chaomhnú trí EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE, agus chuige sin amháin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trédhearcacht, cuntasacht agus ról na sochaí sibhialta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mholadh go gcuirfí feabhas ar thrédhearcacht agus ar threoirlínte soiléire sa phróiseas smachtbhannaí, agus cearta daoine aonair liostaithe chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a choinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí athrú iompraíochta marthanach, inléirithe, fíor agus marthanach ag daoine aonair agus eintitis liostaithe, amhail comhar leanúnach le sásraí ceartais idirnáisiúnta, a aithint go foirmiúil mar chritéar díliostála chun cuntasacht agus comhlíonadh a dhreasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mholadh go mbunófaí sásra comhairliúcháin struchtúrtha agus trédhearcach le haghaidh thuairisciú agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa phróiseas smachtbhannaí, le bearta cosanta do sceithirí, lena n-áirítear pointe teagmhála tiomnaithe SEGS a bhunú; á mholadh go dtabharfaí isteach ionú buiséadach chun acmhainneacht SEGS a neartú maidir le faisnéis agus tograí ón tsochaí shibhialta a mheasúnú, a imscrúdú, freagairt dóibh agus iad a phróiseáil go córasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle agus ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ról comhlántach a shamhlú don Pharlaimint maidir le cásanna sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a bhailiú agus a mholadh a bheidh le breithniú faoin gcóras smachtbhannaí, agus tuarascálacha bliantúla a chur ar fáil don Pharlaimint faoi chinntí maidir le smachtbhannaí faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE, lena n-áirítear maidir le teacht timpeall ar smachtbhannaí; á iarraidh go ndéanfadh an Chomhairle breithniú críochnúil ar na moltaí maidir le liostú atá i rúin na Parlaiminte;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Teacht timpeall a chosc agus na huirlisí forfheidhmiúcháin a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar EUGHRSR – Gníomh Magnitsky AE chun teacht timpeall ar smachtbhannaí a chosc trí threoir shainráite agus nuashonraithe a eisiúint maidir leis an toirmeasc ar acmhainní eacnamaíocha agus tacaíocht theicniúil agus ábhartha a sholáthar do dhaoine aonair agus d’eintitis liostaithe, lena soiléirítear go n-áirítear cúnamh neamhairgeadais amhail bonneagar TFC, bogearraí, éascú dlíthiúil agus cibearuirlisí a úsáidtear le haghaidh brú faoi chois sa toirmeasc ar thacaíocht theicniúil agus ábhartha a sholáthar; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá córas smachtbhannaí AE a neartú trí úsáid smachtbhannaí tánaisteacha a leathnú agus a éagsúlú d’fhonn díriú ar oifigigh rialtais, ar eintitis, ar ghnólachtaí agus ar dhaoine aonair a bhfuil baint acu le sáruithe nó teacht timpeall ar smachtbhannaí a éascú, rud a chuirfeadh ar chumas réimis fhorlámhacha leanúint dá sáruithe tromchúiseacha i réimse chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus le haonaid náisiúnta um fhaisnéis airgeadais chun a shainaithint go córasach an bhfuil táirgí airgeadais teimhneacha, cripteashócmhainní agus struchtúir eischósta á n-úsáid chun smachtbhannaí a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí eintitis a thrasliostú faoi EUGHRSR – Gníomh Magnitsky an Aontais agus faoi chórais smachtbhannaí geografacha i gcás inarb iomchuí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar chlásail mhaolaithe chun a áirithiú nach rachaidh conarthaí a thugtar i gcrích sula liostaítear duine chun tairbhe dá mhuintir ná dá chomhlaigh, ná chun tairbhe d’aon eintitis atá á rialú ag an duine atá faoi smachtbhannaí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>