<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0020</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dróin agus córais nua chogaíochta – an gá atá leis an Aontas dul in oiriúint chun bheith ullamh do dhúshláin slándála an lae inniu</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0270/2025 -  Rapóirtéir: Reinis Pozņaks)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Eanáir 2026 maidir le dróin agus córais nua chogaíochta – an gá atá leis an Aontas dul in oiriúint chun a bheith ullamh do dhúshláin slándála an lae inniu (2025/2088(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 42(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagal 222 CFAE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2028 go 2034 (COM(2025)0571),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Iomaíochais (‘CEI’) a bhunú, lena n-áirítear an clár sonrach maidir le taighde i réimse na cosanta agus gníomhaíochtaí nuálaíochta, lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2021/522, (AE) 2021/694, (AE) 2021/697, (AE) 2021/783, lena n-aisghairtear forálacha Rialacháin (AE) 2021/696, (AE) 2023/588, agus lena leasaítear Rialachán (AE) (COM(2025)0555), lena n-áirítear comhpháirt chosanta agus spáis chun bonn tionsclaíoch na cosanta a neartú, lena n-áirítear dróin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chruinniú Mullaigh ECAT 2025 sa Háig agus do dhoimhniú na comhpháirtíochta straitéisí idir an tAontas agus ECAT, go háirithe maidir le comhtháthú drón, nuálaíocht agus cumais na gcóras aerárthaí frithfhoireannaithe (C-UAS), lena n-áirítear Plean Gníomhaíochta ECAT um Ghlacadh Tapa agus Treochlár um Chomhar Nuálaíochta ECAT-na hÚcráine, atá ceaptha chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin agus cosaint an aerspáis chomhghuaillithe agus an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Phlean Gníomhaíochta um Ullmhacht, a seoladh ag Cruinniú Mullaigh ECAT sa Bhreatain Bheag in 2014 mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach na Crimé ag an Rúis, agus a fhorbairt ina chreat bonnlíne do sheasamh díspreagtha agus cosanta ECAT, arb é Samhail Fórsa ECAT 2022 an toradh a bhí air,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta saincheaptha de chuid an Aontais leis an Iorua, leis an Moldóiv, leis an tSeapáin, leis an gCóiré Theas, leis an Albáin, leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Ríocht Aontaithe, agus gach ceann acu ceaptha chun comhar a neartú i réimsí amhail bainistíocht géarchéime, slándáil mhuirí agus cibearshlándáil, soghluaisteacht mhíleata, agus comhoibriú sa tionscal cosanta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí na Comhairle an 26 Meitheamh 2025 maidir leis an Úcráin, an Meánoirthear, cosaint agus slándáil na hEorpa, an tAontas sa domhan mór, iomaíochas, imirce, Poblacht na Moldóive, na Balcáin Thiar, slándáil inmheánach, ullmhacht, gníomhaíochtaí hibrideacha agus míreanna eile, agus ullmhacht thionsclaíoch agus cuspóirí Phlean ReArm Europe / Ullmhacht 2030, tuarascáil eatramhach an Chiste Eorpaigh Cosanta (EDF) agus an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Deireadh Fómhair 2025 maidir le freagairt aontaithe ar sháruithe a rinne an Rúis le déanaí ar aerspás agus ar bhonneagar criticiúil Bhallstáit an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0230.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 21 Feabhra 2025 dar teideal: Plean gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí (JOIN(2025)0009),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2025 ar an bPáipéar Bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa (2025/2565(RSP))<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0034.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht an 29 Samhain 2022 ón gCoimisiún dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Drone Strategy 2.0 for a Smart and Sustainable Unmanned Aircraft Eco-System in Europe’</STRING> [Straitéis Dróin 2.0 le haghaidh Éiceachóras Aerárthaí Cliste agus Inbhuanaithe gan Foireann san Eoraip] (COM(2022)0652),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Márta 2024 dar teideal ‘Straitéis Nua Tionsclaíoch Chosanta na hEorpa: Ullmhacht an Aontais a bhaint amach trí Thionscal Cosanta na hEorpa atá freagrúil agus athléimneach’ (JOIN(2024)0010),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chruinniú Neamhfhoirmiúil na gCeann Stáit nó Rialtais i gCóbanhávan an 1 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chosaint Chomhtháite Aeir agus Diúracán (IAMD ECAT), atá saincheaptha chun aghaidh a thabhairt ar gach cineál bagartha aeir agus diúracán ó gach treo straitéiseach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 333, 27.12.2022, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Fhaisnéisiú 2025 ón Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Military drone systems in the EU and global context: Types, capabilities and regulatory frameworks’</STRING> [Córais drón míleata in AE agus sa chomhthéacs domhanda: Cineálacha, cumais agus creataí rialála], ina dtagraítear do thacaíocht chistiúcháin AE don chlár Eurodrone, lena n-áirítear EUR 98 milliún in 2020 agus EUR 100 milliún in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chaighdeán ECAT STANAG 4748 (Comharthaíocht Dhigiteach Faoi Uisce),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 04/2025 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Soghluaisteacht mhíleata an Aontais Eorpaigh – Níl sí faoi lán seoil de bharr laigí sa dearadh agus constaicí i gcaitheamh an bhealaigh’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO L 396, 18.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, (Rialachán REACH),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 27 Meitheamh 2025 ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Leas-Uachtarán / Ardionadaí) dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Common Foreign and Security Policy Report – Our Priorities in 2025’</STRING> [Tuarascáil ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála – Ár dTosaíochtaí in 2025],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 19 Meán Fómhair 2024 maidir le tacaíocht leanúnach airgeadais agus mhíleata ó Bhallstáit an Aontais don Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/7214, 10.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7214/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Páipéar bán comhpháirteach maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030’, ina dtagraítear don tSaoráid Eorpach Síochána agus don tacaíocht a thugann sí do sheachadadh cumais a‑ bhaineann le dróin san Úcráin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip, lena n-áirítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála, mar chumasóirí ríthábhachtacha chun nuálaíocht dé‑úsáide agus athléimneacht thionsclaíoch a mhéadú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/695<FOOTNOTE><FIELD> IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj.</FIELD></FOOTNOTE> ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 427, 30.11.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2085/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, lena leagtar síos an creat do Thaighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair, lena bhféachtar le comhtháthú drón míleata san aerspás comhroinnte a chumasú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] agus do Chaibidil a Ceathair di maidir leis an tslándáil a mhéadú agus spleáchais a laghdú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threoirlínte polaitiúla an 18 Iúil 2024 don Choimisiún Eorpach 2024-2029, ón iarrthóir ar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, an tráth sin, dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Europe’s choice’</STRING> [Rogha na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Iúil 2024 maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach an Aontais don Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6129, 22.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6129/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 15 Márta 2024 maidir le maoiniú na hionstraime chun tionscal cosanta na hEorpa a neartú trí sholáthar coiteann (EDIRPA) arna bhunú le Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus glacadh an chláir oibre do 2024-2025 (C(2024)1702),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 29 Feabhra 2024 maidir leis an ngá atá le tacaíocht bhuanseasmhach ón Aontas don Úcráin, tar éis 2 bhliain de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6745, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6745/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi an 18 Eanáir 2023 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 214, 16.6.2023, lch. 5.</FIELD></FOOTNOTE>, a leagann béim ar an bpráinn atá ann acmhainneachtaí drón agus frithdhrón a fhorbairt laistigh de mhisin an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Versailles an 10 agus 11 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 24 Eanáir 2022 maidir le staid slándála na hEorpa an 22 Eanáir 2018 maidir leis an gCur Chuige Comhtháite i ndáil le Coinbhleachtaí agus Géarchéimeanna Seachtracha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chompás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint maidir le Córais Uathrialacha (APAS), arna fhormheas an 11 Eanáir 2024, lena mbunaítear creat céimnithe, cuimsitheach chun dlús a chur le forbairt, idir-inoibritheacht, rialáil, caighdeánú, deimhniú agus imscaradh trasfhearainn córas uathrialach ar fud oibríochtaí talún, aeir, muirí agus hibrideacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do threochlár struchtúrtha APAS don tréimhse 2024-2038, lena n-áirítear tionscadail shuaitheanta a dhíríonn ar shaitheanna uathrialacha trasfhearainn agus ar chur le chéile le foireann nó gan foireann, a fhaigheann tacaíocht ó Phobal Leasa na gCóras Uathrialach agus ón Meitheal <STRING ITALIC="on">Ad Hoc</STRING> chun cur chun feidhme agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a chomhordú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhúnghaoisí agus do threoirlínte ábhartha ECAT maidir le Córais Aerárthaí Gan Foireann (UAS), lena n-áirítear STANAG 4671 (ceanglais aeracmhainneachta córas aerárthaí gan foireann), STANAG 4703 (C2), agus Straitéis Chomhpháirteach Aerchumhachta ECAT,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cheanglas Eorpach maidir le hAeracmhainneacht Mhíleata (EMAR) na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint an 18 Aibreán 2024, lena soláthraítear Modhanna Inghlactha Comhlíonta (AMC) agus Treoirábhar (GM) chun tacú leis na Ceanglais Eorpacha maidir le hAeracmhainneacht Mhíleata maidir le haeracmhainneacht leanúnach (EMAR M), agus chun iad a léirmhíniú, agus do chreat M EMAR agus a AMC agus GM mar uirlisí fíor-riachtanacha chun cleachtais aeracmhainneachta míleata a ailíniú leis na caighdeáin rialála is déanaí agus chun a gcur chun feidhme éifeachtach a áirithiú laistigh de thimpeallacht na heitlíochta míleata,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Samhain 2022 dar teideal, ‘An Plean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata 2.0’ (JOIN(2022)0048), a leathnaíonn agus a dhigitíonn bonneagar soghluaisteachta míleata agus próisis riaracháin chun gluaiseachtaí trúpaí agus trealaimh trasteorann a shruthlíniú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/675 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 a bhaineann le sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras rothstoic — innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE maidir le clár na gcineálacha údaraithe feithiclí iarnróid<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/675, 7.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/675/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus glacadh córas uathoibrithe ag Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair sa Choimisiún chun carráistí pearsanra a údarú i dtraenacha lasta míleata, mar chuid d’iarracht níos leithne chun nósanna imeachta lóistíochta a nuachóiriú agus dlús a chur leo ar fud an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh ón Eagraíocht um Chomhchomhar Armála agus ó na Ballstáit (an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Spáinn) clár Eurodrone MALE RPAS a sheoladh, a cuireadh ar bhonn foirmiúil leis an gconradh EUR 7,1 billiún a síníodh i mí Feabhra 2022 chun 60 drín a fhorbairt agus a tháirgeadh, agus a éabhlóid tríd an athbhreithniú réamhdhearaidh in 2024 agus an t-athbhreithniú criticiúil ar dhearadh atá ar na bacáin in 2025, tacaíocht chistithe AE (EUR 100 milliún in 2024) agus aontachas na hIndia mar bhreathnóir go luath in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholtaí Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála maidir le córais arm uathrialacha marfacha agus do thuarascálacha na Náisiún Aontaithe maidir le húsáid drón armtha faoin dlí idirnáisiúnta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chreataí náisiúnta agus d’fhoilseacháin bunaithe ar dhúnghaois maidir le dróin mhíleata,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092<FOOTNOTE><FIELD> IO L 170, 12.5.2021, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/697/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1835 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2015 lena sainítear reacht, suíomh agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO L 266, 13.10.2015, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1835/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shlándáil agus Cosaint (A10‑0270/2025]),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cogaíocht drón</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil athrú buan tagtha ar láthair an chatha nua-aimseartha mar gheall ar leathadh ollmhór cumas domhain-ionsaithe, riachtanais chosanta an Aontais agus riachtanais athléimneachta na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur léirigh teagmhais agus ionraí naimhdeacha drón le déanaí a díríodh ar Bhallstáit AE, go háirithe ar chliathán Oirthir an Aontais, an géarghá atá le cosaintí ilsrathacha allamuigh lena gcomhtháthaítear C-UAS cinéiteach agus neamhchinéiteach chun bonneagar criticiúil a chosaint agus athléimneacht a fheabhsú; de bhrí go bhfuil ilchuspóirí ag dróin anois lena n-áirítear taiscéalaíocht, oibríochtaí díthreoraithe, fáil targaidí agus ionsaithe beachtais, agus go bhfuil athmhúnlú déanta ag a n-úsáid fhorleathan, arna cruthú ag an gcogadh san Úcráin agus ag amharclanna gníomhacha eile ar cheanglais aerchosanta agus ar dhúnghaoisí oibríochtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil siad anois ina ngné shainiúil den chogaíocht nua-aimseartha agus de choinbhleachtaí hibrideacha, ag gníomhú dóibh mar iolraitheoirí fórsa a sholáthraíonn faisnéis fíor-ama agus a chuireann dlús leis an gcinnteoireacht; de bhrí go bhfuil fearainn ghaolmhara gan foireann (UGS, USV agus UUV) ag leathnú agus nach mór iad a léiriú i bpleanáil cosanta amach anseo; de bhrí nach mór don Eoraip a coincheapa maidir le haeroibríochtaí agus oibríochtaí comhpháirteacha a oiriúnú agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh úsáid mhíleata uile drón an dlí idirnáisiúnta go hiomlán, lena n-áirítear an dlí um chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go méadaíonn an fhorbairt thapa atá á déanamh ag na céilí comhraic ar acmhainneacht mhonaraíochta drón, le tacaíocht ó chomhpháirtithe seachtracha, mar aon le ceannas soláthraithe áirithe tríú tír de phríomh-chomhpháirteanna amhail braiteoirí, ceallraí, leathsheoltóirí agus ábhair tearc-chré, spleáchais straitéiseacha agus á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé bonn nuálaíochta dé-úsáide agus slabhraí soláthair slána na hEorpa a neartú; de bhrí go leanann an Rúis d’aschur drón a mhéadú, ag táirgeadh roinnt milliún in aghaidh na bliana, ag táirgeadh na Stát Aontaithe agus na hEorpa le chéile, le teacht chun cinn muinisean síománaíochta atá forbartha ag an Rúis agus fréamhshamhlacha de chórais níos troime; de bhrí go bhfuil an Iaráin agus an tSín ag tacú le cumais thionscal drón na Rúise agus go bhfuil iomadú ollmhór drón atá ag éirí níos marfaí agus níos sofaisticiúla mar thoradh orthu a bhfuil cumas beacht-ionsaithe acu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tá tionchar ag cineál síorathraitheach na cogaíochta drón ar fhórsaí armtha na mBallstát agus ar chreat slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil dróin anois ina ngné shainiúil den chogaíocht nua-aimseartha, rud atá léirithe san Úcráin, áit a bhfuil níos mó taismeach déanta acu ná ag aon arm eile; de bhrí go bhfuil a n-úsáid leathnaithe anois chuig coinbhleachtaí iomadúla ar fud an domhain, lena n-áirítear iad siúd in Gaza, Iosrael, an Liobáin, an Iaráin, Éimin, an tSúdáin, Maenmar, agus cogadh na hAsarbaiseáine i gcoinne na hAirméine, chomh maith le hionsaithe ar shoithí idirnáisiúnta sa Mhuir Rua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil éiceachóras drón na hEorpa comhdhéanta den chuid is mó de FBManna agus de ghnólachtaí nuathionscanta a spreagann nuálaíocht theicneolaíoch, solúbthacht agus iomaíochas agus gur féidir le himscaradh straitéiseach UAS feabhas suntasach a chur ar fheasacht staide i gcriosanna teorann iargúlta, leochaileacha nó ina bhfuil baol coinbhleachta, sonraí fíor-ama a bhailiú agus cabhrú go suntasach le raon bagairtí a bhrath agus a dhíspreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur léirigh úsáid fhorleathan UAS san Úcráin an ról cinntitheach atá acu ní hamháin mar uirlisí taiscéalaíochta agus ionsaí ach freisin mar bhealach chun línte cosanta a choinneáil, agus le haghaidh aslonnú agus soláthar leighis, faisnéis maidir le cogaíocht agus comharthaí leictreonacha, athsheachadán cumarsáide, mianaigh agus gairis phléascacha seiftithe (IEDanna) a bhrath agus a neodrú, mapáil agus faireachas fíor-ama, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, conbhuanna a chosaint, muinisin síománaíochta agus ionsaithe beachtais, misin díthreoraí agus mheabhlaireachta, faireachán CBRN, agus coireanna cogaidh a dhoiciméadú; de bhrí go bhfuil UAS á bhforbairt ó bheith ina n-uirlisí tacaíochta go croíchumasóirí comhraic, atá in ann feidhmiú faoi dhian ‘trasnaíocht bharáiste torainn’; de bhrí gur chruthaigh dróin mhuirí paraidím nua don tslándáil mhuirí, lena gcuimsítear brath mianach go hionsaithe ar thargaidí míleata, mar a léirítear sa Mhuir Dhubh agus i Muir Bhailt, agus go mbeidh siad ina ndúshlán nua do shlándáil an Aontais Eorpaigh in láithreacha móra cabhlaigh amhail an Mheánmhuir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur féidir le comhtháthú sócmhainní spásbhunaithe in íomhánna a bhailítear le dróin feasacht staide leanúnach, thrasbhailithe agus shlán a sholáthar le haghaidh luathrabhadh, bainistiú géarchéime, agus brath bagairtí hibrideacha, faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí sceimhlitheoireachta, ar bhealaí gáinneála agus ar limistéir teorann;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Leochaileachtaí sa slabhra soláthair</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur de thionscnamh na Stát Aontaithe agus na Síne 60 % de chomhpháirteanna na ndrón, rud a chruthaíonn leochaileacht chriticiúil d’Ullmhacht Cosanta 2030 an Aontais; de bhrí go monaraíonn cuideachtaí de chuid an Síne an chuid is mó de na comhpháirteanna is gá chun dróin a chóimeáil, amhail leathsheoltóirí, trasraitheoirí cumhachta, maighnéid, ceallraí agus sliseanna loingseoireachta; de bhrí gur cheart freisin, leis an gcomhar straitéiseach, aghaidh a thabhairt ar iomaíocht theicneolaíoch atá ag teacht chun cinn ón Rúis agus ón tSín agus rochtain na hEorpa ar an nuálaíocht agus ar na hábhair is gá le haghaidh cumais inbhuanaithe drón agus frithdhrón a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tSín tagtha chun cinn mar cheannaire i réimse na ndrón, agus raon leathan córas comhraic agus taiscéalaíochta á dtáirgeadh aici, agus infheistíocht á déanamh aici freisin i ndróin chabhlaigh agus i saithí miondhrón uathrialach; de bhrí gur onnmhairíodh a cuid drón armtha ar mórscála agus gur úsáid tríú tíortha iad in áiteanna éagsúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil sciar measta 74 % de mhargadh na ndrón tráchtála ag an gcuideachta Shíneach DJI, agus go monaraíonn cuideachtaí Síneacha formhór na gcomhpháirteanna is gá chun iad a chóimeáil, amhail leathsheoltóirí, trasraitheoirí cumhachta, maighnéid, ceallraí agus sliseanna loingseoireachta; de bhrí gur sa tSín a dhéantar 9 as 10 mbraiteoir nó gcóras optúla a bhfuil gá leo chun targaidí a shainaithint agus a bhualadh; de bhrí go rialaíonn Béising 85 % d’acmhainneacht dhomhanda ceallraí litiam agus 98 % de scagadh tearc-chré, ar cnámh droma na leictreonaice tomhaltóra agus na n-arm nua-aimseartha araon iad, rud a fhágann go bhfuil an Eoraip ag brath ar sholáthar na Síne; de bhrí go bhfuil tús curtha ag an tSín le srian a chur le honnmhairiú comhpháirteanna agus ábhar drón don Úcráin agus do cheannaitheoirí an Iarthair; de bhrí go mbíonn tionchar cinntitheach ag an tSín ar chineál na cogaíochta drón, trí rialú a dhéanamh, i ndairíre, ar rochtain ar na hábhair a bhfuil gá leo – ó amhábhair go ceallraí agus bogearraí – agus trína seachadtaí chuig an Rúis a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur thug an tSín rialuithe fadréimseacha onnmhairiúcháin isteach an 9 Deireadh Fómhair 2025 maidir le heilimintí tearc-chré agus teicneolaíochtaí próiseála gaolmhara, agus ábhair imní slándála náisiúnta á lua aici;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go gcumhdaítear leis na rialacha nua sin beagnach gach dúil tearc-chré atá riachtanach do mhonaraíocht drón agus do chumais frithdhrón agus go gceanglaítear ar sholáthróirí Síneacha ceadúnais onnmhairiúcháin a fháil ón Aireacht Tráchtála, rud a chuireann, i ndáiríre, tionscal drón iomlán an Aontais faoi réir fhormheas onnmhairiúcháin na Síne, ag léiriú an riachtanais straitéisigh a bhaineann le slabhra soláthair iartheachtach athléimneach agus uathrialach a thógáil do thionscal na ndrón;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go n-éilítear le srianta nua onnmhairiúcháin na Síne a fógraíodh agus a cuireadh chun feidhme go páirteach an 9 Deireadh Fómhair 2025 ceadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh táirgí ina bhfuil rianmhéideanna cothroma (os cionn 0,1 %) de mhiotail tearc-chré a bhaintear nó a phróiseáiltear sa tSín, agus go bhfuiltear á lua go sainráite i mBéising nach ndeonófar ceadúnais d’eintitis eachtracha san earnála cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí nach mór do AE foinsí malartacha, acmhainneacht athchúrsála agus eastóscadh ceannasach amhábhar criticiúil a fhorbairt go práinneach chun na leochaileachtaí a eascraíonn as srianta onnmhairiúcháin na Síne agus comhchruinniú domhanda an tslabhra soláthair a laghdú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthar agus maoiniú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur féidir a mheas gur seirbhís atá i ndróin agus cumais C-UAS a tháirgeadh, a sholáthar agus a mhaoiniú, seirbhís lena n-éilítear pearsanra cáilithe, infheistíochtaí cliste, nósanna imeachta simplithe, rochtain ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach, lárionaid táirgthe réigiúnacha agus dlúthchomhar le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), cuideachtaí teicneolaíochta agus an saol acadúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dúnghaois a ailíniú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur gá do na Ballstáit oibriú chun dúnghaoisí, áiseanna oiliúna, nósanna imeachta deimhniúcháin, línte cóimeála, comhordú ar láthair an chatha, aimsiú targaidí fíor-ama, oiliúint, C2 athléimneach agus comhtháthú iomlán gach ceann de na nithe thuasluaite a ailíniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gur cheart go n-áireofaí san ailíniú sin freisin dlíthe agus rialacháin ábhartha maidir le húsáid agus táirgeadh drón, chun comhoiriúnacht iomlán le dúnghaoisí ECAT agus le caighdeáin STANAG a áirithiú; agus oiliúint chomhpháirteach leis an Úcráin a chur chun cinn chun dlús a chur leis an ullmhacht oibríochtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag AE agus a Bhallstáit a bheith ar thús cadhnaíochta i réimse na ndrón trí chomhar a dhoimhniú maidir le hoiliúint, deimhniú, tionól tionsclaíoch agus comhordú oibríochtúil, agus lánurraim á tabhairt don cheannasacht náisiúnta mar a athdhearbhaítear in Airteagail 4(2) agus 42(2) CAE;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhpháirtíochtaí straitéiseacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhpháirtíochtaí straitéiseacha fíor-riachtanach chun an buntáiste cainníochtúil agus cáilíochtúil is gá a bhaint amach chun tairseacha oibríochtúla agus rochtain ar shaineolas agus ar amhábhair a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí nach mór do na comhpháirtíochtaí sin cumais slándála agus cosanta na hEorpa a threisiú, leanúint de bheith cómhalartach, trédhearcach agus comhsheasmhach agus spleáchais chriticiúla ar thríú tíortha i dteicneolaíochtaí cosanta, i gcomhpháirteanna, i mbogearraí agus in amhábhair á seachaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le comhar le príomh-chomhpháirtithe amhail an Úcráin, i bhfianaise a taithí ar láthair an chatha nach bhfuil a leithéid ag tír ar bith eile, timthriallta tapa nuálaíochta agus oiriúnaithe, comhtháthú éiceachóras nuálaíochta sibhialta agus míleata agus acmhainneacht táirgeachta drón ar mórscála, lena dtugtar léargais uathúla chun Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (BTTCE) a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach d’athléimneacht na hEorpa ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt le comhpháirtithe a bhfuil taithí acu in C-UAS a fhorbraíonn ardchórais cosanta drón;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhpháirtíochtaí sna Balcáin Thiar agus i ngarchomharsanacht AE bunriachtanach freisin don chobhsaíocht agus don athléimneacht réigiúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil tábhacht straitéiseach dhíreach ag baint leis na Balcáin Thiar, a roinneann níos mó ná 2 500 km de theorainneacha talún leis an Aontas Eorpach agus arb iad a réigiún comharsanachta is gaire dó, do shlándáil, cobhsaíocht agus rathúnas an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cogaí drón ar fud an fhorimill</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go mbíonn coinbhleachtaí iomadúla ina n-úsáidtear an-chuid drón i ngarchomharsanacht AE, agus go ndéantar ionraí naimhdeacha drón in aerspás roinnt Ballstát; de bhrí nach mór cosaint na gcliathán Eorpach uile a chur san áireamh sa mhachnamh ar dhróin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag réigiúin a bhfuil teorainn acu leis na Ballstáit, cibé acu ar tír nó ar muir, maidir le dróin agus teicneolaíochtaí cosanta a fhorbairt agus a thástáil, i bhfianaise na gceanglas sonrach a eascraíonn as a dtíreolaíocht agus a suíomh geopholaitiúil laistigh de thírdhreach slándála na hEorpa; á aithint go bhfuil réigiúin na mBalcán Thiar, na Meánmhara agus na Mara Duibhe go léir neamhchosanta ar thionchar eachtrach urchóideach, ar bhagairtí hibrideacha, ar bhréagaisnéis agus ar chur isteach polaitiúil lena bhféachtar leis an mbonn a bhaint de shlándáil na hEorpa; de bhrí go bhfuil na réigiúin sin leochaileach do ghníomhaíocht naimhdeach drón agus go bhfuil comhpháirtithe sna réigiúin sin bunriachtanach mar chéad líne chosanta chun an tslándáil chomhchoiteann a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil teicneolaíocht drón á húsáid ag eagraíochtaí sceimhlitheoireachta chun ionsaithe a dhéanamh ar dhaoine polaitiúla, chun dul isteach i saoráidí peannaideacha AE, agus chun pléascáin agus airm a iompar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí gur bagairt shuntasach iad dróin chabhlaigh do shoithí tráchtála agus míleata araon, agus do bhealaí trádála tábhachtacha, rud a fhágann gur gá cumais chosanta a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go dtáirgeann an Úcráin os cionn 4,5 milliún drón in aghaidh na bliana agus í faoi ionsaí laethúil ag saithí drón na Rúise atá ag éirí níos sofaisticiúla agus gur léirigh sí, ó rinne an Rúis fogha brúidiúil uirthi i mí Feabhra 2022, gur féidir tionscal na ndrón a uasghrádú agus a nuachóiriú go tapa, agus ar an gcaoi sin rochtain ar phríomhtheicneolaíochtaí a dhaonlathú agus féinchosaint éifeachtach a chumasú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ag méadú chun dul i ngleic le bagairt na Rúise</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí gur cheart nuálaíocht láthair chatha na hÚcráine agus acmhainneacht táirgeachta mhéadaitheach na hÚcráine a chomhtháthú de réir a chéile in BTTCE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Rúis agus an tSín chun tosaigh in ollfhorbairt agus leathadh theicneolaíocht na ndrón, ag feidhmiú dóibh ar thimthriall nuálaíochta 3 go 6 mhí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí gur leochaileacht straitéiseach dho-ghlactha é spleáchas stáit na hEorpa ar thríú tíortha san earnáil sin; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ngníomhóidh caiteachas cosanta uile na hEorpa mar luamhán chun stáit Eorpacha a dhéanamh go hiomlán neamhspleách i gcúrsaí cosanta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Réitigh chostéifeachtacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí nach mór do na Ballstáit tionscnaimh agus ionstraimí nua éagsúla um chaiteachas cosanta an Aontais a úsáid chun réitigh chostéifeachtacha a cheapadh maidir le cogaíocht drón; de bhrí gur cheart do na réitigh sin tosaíocht a thabhairt d’athléimneacht thionsclaíoch san Eoraip, ár spleáchais ar thríú tíortha a laghdú, tacú le FBManna in earnáil na cosanta, agus a áirithiú go n-eascróidh cumais nithiúla as infheistíochtaí atá in-imscartha go tapa chun tacú leis an Úcráin agus le cosaint AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí gur nithe dé-úsáid iad UAS go bunúsach, agus claochlú mór déanta acu ar shoghluaisteacht, lóistíocht agus bainistiú éigeandála agus go bhfuil éifeachtacht imscaradh drón agus oibríochtaí frithdhrón ag brath ar bhonneagar trasteorann athléimneach lena gcumasaítear iompar tapa córas lainseála soghluaiste, feithiclí ceannais agus aonad cothabhála; de bhrí go bhfuil gá le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le bonneagar iompair lenar féidir dróin a úsáidtear le haghaidh lóistíochta, faireachais agus faisnéise a oibriú go sábháilte in aerspás comhroinnte agus i gconairí iompair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dé-úsáid le haghaidh athléimneachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go bhfuil acmhainneacht dé-úsáide drón don chosaint shibhialta, don fhreagairt do thubaistí agus don bhainistiú teorainneacha ag éirí níos tábhachtaí ar fud an Aontais, agus na géarchéimeanna leanúnacha slándála agus imirce, chomh maith le bagairtí hibrideacha atá ann ina léiriú ar an ngéarghá atá le feasacht staide agus le cumais mhearfhreagartha; de bhrí gur de thionscnamh an réimse shibhialtaigh go leor teicneolaíochtaí criticiúla drón don chosaint agus go n-úsáideann siad comhpháirteanna criticiúla de chineál dé-úsáide, agus gur féidir le hearnáil na ndrón ina hiomláine rannchuidiú go mór le cumais oibríochtúla na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí gur cheart coimircí láidre don chosaint shibhialta, don athléimneacht shóisialta, agus do dhé-úsáid fhreagrach na teicneolaíochta a bheith ag gabháil le forbairt drón agus córas frithdhrón, á áirithiú go ndéanfaidh infheistíochtaí sa chosaint acmhainneachtaí sláinte, lóistíochta daonnúla agus cosanta sibhialta a neartú freisin; de bhrí go bhfuil luach straitéiseach ag baint le nuálaíocht trasearnálach agus dé-úsáide, go háirithe maidir le córais aeróige, mhuirí agus talún gan foireann a chomhtháthú le teicneolaíochtaí sibhialtacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Cogaíocht drón ar láthair an chatha nua-aimseartha</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Oibríochtaí a chur in oiriúint do chogaíocht drón</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag leagan béim ar an bhfíoras gur gá UAS agus C-UAS a chomhtháthú ar an leibhéal oirbheartaíochta agus oibríochtúil, agus á aithint, chun fórsaí armtha a bheith in ann oibriú go héifeachtach ar láthair an chatha nua-aimseartha atá ag athrú go tapa, nach mór do shaighdiúirí a bheith in ann ‘ballaí drón’ fíor-ama a chruthú lena gcomhtháthaítear radar, braiteoirí fuaimiúla, braiteoirí radaimhinicíochta, ceamaraí, braiteoirí leictrea-optúla agus infridhearga agus réitigh ‘mharaithe chrua’ atá bunaithe ar léasar chun a n-inmharthanacht, a soghluaisteacht, a marfacht, a bhfeasacht staide agus a n-acmhainneachtaí oibríochta cinéiteacha a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá inoiriúnaitheacht theicneolaíoch, nuachóiriú rialta agus timthriallta uasghrádaithe a áirithiú chun dífheidhmeacht a chosc, agus comhtháthú leanúnach córas nuálach a chur chun cinn ar fud na bhfearann oibríochtúil uile, lena n-áirítear talamh, aer, farraige agus faoi uisce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth, chun teicneolaíochtaí den sórt sin a fhorbairt agus a imscaradh, gur gá infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus san fhorbairt (T&F), comhpháirtíochtaí taighde sibhialta-míleata a éascú, agus tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna atá ag obair in earnáil thionsclaíoch cosanta ardteicneolaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún aerárthaí ilróil agus iompair (amhail ardáin A400M agus AEW&C) a chomhtháthú mar athsheachadán ceannais, rialaithe agus cumarsáide aerbheirthe (C3), mar bhainistiú cathanna agus mar nóid iompróra drón chun nascacht agus raon oibríochtúil a chothú; á mholadh go mbeadh comhar idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus tionscal na hEorpa chun éiceachórais idir-inoibritheacha, ailtireachta oscailte C3 a fhorbairt lena nascfar sócmhainní airde móire agus sócmhainní oirbheartaíochta gan foireann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le slabhra aeraistrithe míleata láidir ceannasach chun córais modúlacha drón a iompar, a imscaradh agus chun tacú leo, lena n-áiritheofar réamh-mheastachán mear fórsa, lóistíocht athléimneach, agus rialú iomlán Eorpach ar shonraí, ar líonraí agus ar neamhspleáchas misin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mholadh do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar impleachtaí fadtéarmacha an aistrithe sin do struchtúr fórsa agus d’oiliúint, agus do chaighdeáin eiticiúla sa chogaíocht;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Dúshláin líne tosaigh agus riachtanais trealaimh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á aithint go mbíonn dúshlán roimh shaighdiúirí túslíne maidir le dróin a aithint agus á mholadh go ndéanfaí raidhfilí frithdhrón, diúracáin, dróin idircheapóra, gabhálaithe drón, córais airm gar-raoin bunaithe ar ghunnaí, raidhfilí trasnaíochta frithdhrón agus faisnéis chomharthaíochta, cumais cogaíochta leictreonaí (EW) agus C2 athléimneach a chomhtháthú i bhfórsaí coisithe trí oiliúint a chur ar aonaid cogaíochta leictreonaí agus iad a cheangal ionas gur féidir le fórsaí coisithe oibriú go héifeachtach ar an líne thosaigh, a gcumas cosanta agus deisiúcháin a uasmhéadú, agus a áirithiú go ndéanfar dróin namhad a shainaithint agus a idircheapadh i gceart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go gcruthaíonn easpa UAS ar leibhéal aonaid bearna chumais atá criticiúil ó thaobh ama de sa chéad chéim den chomhrac a bhféadfadh na céilí comhraic leas a bhaint aisti, rud a d’fhágfadh go mbeadh líon níos airde taismeach agus saoirse oibríochtúil laghdaithe ann, agus á iarraidh go ndéanfaí bearta práinneacha chun an bhearna sin a dhúnadh trí oiliúint agus trí oiriúnú teagascach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An gá atá le cumais C-UAS ísealchostais</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil dúshlán ag baint leis an gcostas ard neamh-inbhuanaithe atá ar idircheapadh drón faoi láthair agus á iarraidh go mbeadh cláir chomhpháirteacha agus tionscnaimh faoi thionchar an mhargaidh ann chun forbairt chumais C-UAS atá costéifeachtach a chur chun cinn amhail EW, léasair, córais braite fuaime agus idircheapadh faoi threoir IS chun an costas in aghaidh an idircheaptha a laghdú agus á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé uirlisí tionsclaíocha cosanta atá ann faoi láthair a úsáid chun tacú leis an sprioc costas in aghaidh an idircheaptha dróin a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí feabhas ar tháirgeadh agus ar fhorbairt theicneolaíoch na gcóras frith-aerárthaí atá ann cheana, ag leanúint shampla na hÚcráine, áit a bhfuil sé cruthaithe go dtí seo go bhfuil siad ar an mbeart frith-UAS is éifeachtaí, is soghluaiste agus is costéifeachtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí béim ar chórais frith-UAS shimplí ar chostas íseal a fhorbairt ar féidir iad a tháirgeadh agus a imscaradh go tapa chun ullmhacht oibríochtúil láithreach a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Dúnghaois comhraic a chur in oiriúint do dróin</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mholadh do na fórsaí armtha dróin a chomhtháthú agus a ailíniú i ngach dúnghaois chomhraic mar shraith sa phleanáil oibríochtúil agus béim á leagan ar chásanna cogaíochta hibridí, lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht le córais C2 ECAT, le córais bainistithe aerthráchta sibhialta, agus le creat U-Spáis an Aontais maidir le comhtháthú drón;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí spriocanna cumais agus pleanáil idir fórsaí armtha na mBallstát a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go ndéanfar na ceachtanna a foghlaimíodh san Úcráin a chomhtháthú i sa dúnghaois chomhraic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór cumais frithdhrón a chomhtháthú ní hamháin laistigh d’aonaid coisithe ach freisin ar fud na mórardán míleata uile, lena n-áirítear soithí cabhlaigh, tancanna, iompróirí armúrtha pearsanra agus feithiclí lóistíochta; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar GEC a áirithiú go n-áireofar go córasach i gcláir soláthair agus nuachóirithe amach anseo modúil C-UAS atá curtha in oiriúint do thimpeallacht oibríochtúil gach ardáin; á chur i bhfios go láidir go bhfeabhsóidh an comhtháthú sin cosaint fórsaí, go bhfeabhsóidh sé inmharthanacht sócmhainní ardluacha, agus go neartóidh sé idir-inoibritheacht idir fearainn talún, aeir agus muirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mholadh go n-áireofaí i ngach conair drón agus i ngach bonneagar tacaíochta arna gcómhaoiniú ag an Aontas sraitheanna cibear-athléimneachta agus iomarcaíochta ionsuite, i gcomhréir leis an moladh ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) Colún III (‘Athléimneacht agus Ullmhacht’) de Phlean Gníomhaíochta 2.0 maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí cistiú marthanach laistigh d’ionstraimí AE agus de chláir náisiúnta chun flíteanna atá ann cheana a iarfheistiú agus chun ullmhacht bhuan a áirithiú trí thimthriallta oiliúna agus cothabhála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mholadh go mbunófaí stáisiúin cothabhála drón soghluaiste agus stáisiúin athsheachadta nasctha sonraí feadh conairí soghluaisteachta míleata uasghrádaithe chun cumais leanúnacha C2 agus deisiúcháin a áirithiú fiú i dtimpeallachtaí cumarsáide díghrádaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí dróin aerfhaireachais a chomhtháthú i gcórais Eorpacha faireacháin bonneagair iompair atá ann cheana (le haghaidh droichead, tollán agus aerpháirceanna), rud a chuirfeadh feabhas ar an gcosaint shibhialta agus ar an mearfhreagairt chosanta araon; á iarraidh go dtabharfaí tosaíocht do shamhlacha cistiúcháin dé-úsáide do chórais drón atá ailínithe le spriocanna iomaíochais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit plean céimnithe a chur chun feidhme go pras d’aonaid idir-inoibritheacha UAS, ina mbeidh garspriocanna soiléire, táirgí insoláthartha agus cuntasacht agus á mholadh go n-áireofaí sraitheanna cibear-athléimneachta agus iomarcaíochta ionsuite i ngach dorchla dróin agus sa bhonneagar tacaíochta arna gcómhaoiniú ag AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí conairí píolótacha faoi Thionscnamh an Aontais um Chosaint Drón, lena ndíreofaí ar bhonneagar calafoirt agus fuinnimh a chosaint, rud a d’fhónfadh chun beartleabhair oibríochtúla C-UAS a bhailíochtú agus chun deiseanna fíor-imscartha a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á aithint go bhfuil na rialacha rannpháirtíochta maidir le dróin doiléir agus á mholadh do na Ballstáit, i gcomhar le ECAT, athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha rannpháirtíochta maidir le gach cineál bagartha a bhaineann le dróin chun a áirithiú go mbeidh siad leormhaith chun freagairt do na bagairtí is nuálaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Píolótaí drón a oiliúint agus a dheimhniú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mholadh do na Ballstáit agus don Úcráin oiliúint chomhpháirteach a chur ar phíolótaí drón agus iad a dheimhniú le caighdeáin atá coibhéiseach le hoibreoirí airtléire nó oibreoirí aerfheithiclí gan foireann, infheistíocht a dhéanamh i gcórais frithdhrón – idir mharaithe crua agus mharaithe boga – ag gach aicme, athmheasúnú a dhéanamh ar inmharthanacht armúir, a áirithiú go ndéanfar tancanna agus iompróirí pearsanra armúrtha a mhodhnú chun aerfheithiclí gan foireann a chomhrac, aonaid EW a leathnú chun a áirithiú go mbeidh cumais trasnaíochta ag gach cathlán agus criosanna cosanta drón a bhunú timpeall ar bhonneagar criticiúil; aonaid EW a leathnú chun a áirithiú go mbeidh cumais cruachana trasnaíochta agus criosanna cosanta drón a bhunú timpeall ar bhonneagar criticiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le forbairt atriallach agus tástáil ar chórais drón chun a n-inoiriúnaitheacht agus a bhfreagrúlacht do bhagairtí atá ag teacht chun cinn a áirithiú, i bhfianaise luas tapa an dul chun cinn theicneolaíoch sa réimse sin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá córais bhogearraí-shainithe is féidir a mhodhnú agus a thabhairt cothrom le dáta go tapa chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais athraitheacha an láthair chatha, rud a chuirfidh ar chumas na bhfórsaí armtha fanacht chun tosaigh ar naimhde a d’fhéadfadh a bheith ann agus buntáiste iomaíoch a choinneáil sa réimse sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Bagairt atá ag dul i méid maidir le saithí drón domhain-ionsaithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as dróin in ionsaithe hibrideacha agus sceimhlitheoireachta ar bhonneagar criticiúil agus go bhféadfadh buntáistí neamhshiméadracha teacht as ionsaithe den sórt sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag meabhrú na n-ionraí a rinne dróin de thionscnamh anaithnid lenar chuir isteach ar bhonneagar criticiúil sa Danmhairg, san Iorua, sa Ghearmáin agus sa Bheilg, lena n-áirítear aerfoirt idirnáisiúnta agus bunáiteanna míleata agus Oibríocht ‘Líonra Spider’, iarracht sabaitéireachta in 2023 ar eangach fuinnimh na Moldóive, agus ionsaithe dróin a rinne na Houthi arís agus arís eile a chuir isteach ar loingseoireacht sa Mhara Rua; á chur i bhfáth go léiríonn cásanna den sórt sin conas is féidir le córais ar chostas íseal cur isteach a éascú; ag tathant ar na Ballstáit prótacail freagartha a bhaineann go sonrach le dróin a chomhtháthú i bpleananna athléimneachta náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cáineadh go láidir an na sraithe d’ionraí drón ón Rúis le déanaí agus traseitiltí naimhdeacha amhrasta i roinnt Ballstát de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Pholainn, an Rómáin agus na Stáit Bhaltacha, ag díriú ar limistéir teorann, ar shaoráidí fuinnimh agus ar mhoil lóistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go léiríonn na heachtraí sin cumas méadaitheach na ngníomhaithe stáit agus neamhstáit córais gan foireann ar chostas íseal a úsáid chun sábháilteacht an phobail a chur i mbaol, cur isteach ar shlabhraí soláthair, agus ullmhacht cosanta an Aontais agus ECAT a thástáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth go léiríonn cásanna den sórt sin conas is féidir le córais ar chostas íseal cur isteach a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ní hamháin rioscaí míleata a bheith ag baint le dróin ach rioscaí níos leithne don tsábháilteacht phoiblí freisin, lena n-áirítear an mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint astu i gcomhthéacsanna a dhéanann difear don tsláinte phoiblí, do chosaint an chomhshaoil agus don bhonneagar sibhialta; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún na gnéithe sin a chomhtháthú i measúnuithe riosca agus i straitéisí ullmhachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus prótacail freagartha a bhaineann go sonrach le dróin a áireamh i bpleananna athléimneachta náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á aithint gur léiriú iad ‘Oibríocht ‘Líon Damháin Alla’, ‘Oibríocht Éirí an Leoin’ agus úsáid chabhlach na Rúise ar an acmhainneacht le haghaidh cumas domhain-ionsaithe ó laistigh de stát sáraíochta i gcoinne sócmhainní straitéiseacha agus á mholadh do phleanálaithe cosanta sibhialta na mBallstát cosaint a thabhairt ar chásanna den sórt sin i ndúnghaois pleanála éigeandála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á aithint go bhfuil athmhúnlú déanta ag dróin ar thimpeallacht straitéiseach agus oibríochtúil na cogaíochta nua-aimseartha, ó thaiscéalaíocht oirbheartaíochta agus aimsiú targaidí ar láthair an chatha go domhain-ionsaithe straitéiseacha agus oibríochtaí cibearchumasaithe, agus go dtugann siad isteach neamhshiméadrachtaí lenar féidir seasaimh chosanta an Aontais a neartú agus a dhíchobhsú araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag leagan béim ar an mbaol a bhaineann le brat-ionsaithe ‘creasa liath’ ar bhonneagar an Aontais.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá gréasáin fuinnimh, bóithre, iarnróid, moil iompair agus bonneagar digiteach na hEorpa a chosaint mar thargaidí tosaíochta na cogaíochta hibridí agus an tsineirge is gá idir an t-arm, forfheidhmiú an dlí, céadfhreagróirí, rialú teorann agus an tsochaí shibhialta le haghaidh teagasc pleanála éigeandála a chur chun feidhme go héifeachtach; á mholadh go mbunófaí ardán chun dea-chleachtais a chomhroinnt i measc na n-údarás a bhainistíonn bonneagar straitéiseach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le faireachas muirí feabhsaithe i réigiún Mhuir Bhailt, na Mara Thuaidh agus na Mara Duibhe ina bhfuil gníomhaíochtaí drón na Rúise ina mbagairtí ar leith; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar scáthchabhlach na Rúise i bhfianaise na n-ábhar amhrais a bhaineann lena rannpháirtíocht in ionraí drón in aerspás na hEorpa; á chreidiúint gur gá straitéisí slándála muirí agus aerárthaí gan foireann a chomhtháthú mar gheall ar ghné oibríochtúil nua na cogaíochta hibridí; á chur in iúl gur geal léi seoladh oibríochtaí faoi stiúir ECAT, amhail Sentry Mhuir Bhailt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Athléimneacht agus spásanna cosanta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á mholadh go bhforbrófaí straitéisí cuimsitheacha náisiúnta cosanta sibhialta chun ionsaithe drón a chomhrac, rud lena n-áiritheofar ullmhacht ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, bardasach, pobail agus teaghlaigh, agus béim á leagan ar chórais luathrabhaidh do phobail áitiúla, ar threoracha soiléire maidir le conas freagairt, agus ar spásanna cosanta (foscadh) don phobal agus don bhonneagar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le treoirlínte comhchoiteanna maidir le conas straitéisí náisiúnta C-UAS a mhúnlú, agus lánurraim á tabhairt do cheannasacht na mBallstát agus de réir shainiúlachtaí na láithreacha inar gá na straitéisí C-UAS sin a oibriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí nuashonrú rialta ar Lámhleabhair an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde atá ann cheana maidir le ‘Cosaint i gcoinne Córais Aerárthaí gan Foireann’ chun a áirithiú go leanfaidh frithbhearta i gcoinne na bagartha sin atá ag síorathrú de bheith éifeachtúil ó thaobh teicneolaíochta, dúnghaoisí agus cleachtais de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcosnófar bonneagair agus eintitis chriticiúla AE ar ionsaithe drón a d’fhéadfadh a bheith ann, i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2557;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á mholadh do na mBallstáit iniúchadh agus measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an mbonneagar foscaidh atá ann cheana agus ag tacú le criosanna buana gan eitilt agus frith-UAS a chruthú timpeall ar bhonneagar criticiúil AE, arna gcomhordú ag na húdaráis náisiúnta agus ag Frontex, agus le tacaíocht ó ardáin chomhroinnte C2; á mholadh go gcuirfí córais bhraite agus mhaolaithe shrathacha ar fáil do na criosanna sin, arna gcistiú ag an gCiste Slándála Inmheánaí, ag imchlúdach frith-UAS CEF, agus ag ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le plean neartaithe cosanta frithdhrón a imscaradh maidir le bonneagar criticiúil fuinnimh agus á mholadh do na Ballstáit féachaint an bhféadfadh gníomhaithe deonacha náisiúnta cosanta a bheith rannpháirteach mar chuid d’iarrachtaí cosanta sibhialta agus forbartha athléimneachta; ag tabhairt dá haire gur féidir ról ríthábhachtach a bheith ag na gníomhaithe sin maidir le hullmhacht, feasacht agus acmhainneacht tacaíochta áitiúil a fheabhsú i gcásanna hibrideacha agus géarchéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mholadh do na mBallstáit athbhreithniú a dhéanamh ar dhúnghaoisí náisiúnta agus ar choincheapa oibríochtúla chun bainistiú éigeandála a dhéanamh ar ionsaithe UAS chun go n-áireofar anailís riosca agus mapáil bagairtí, forbairt caighdeán foscaidh éifeachtach agus cosaint bonneagair straitéisigh, oiliúint do sheirbhísí éigeandála, d’údaráis áitiúla agus do phobail, comhtháthú teicneolaíoch, lena n-áirítear córais C4I agus anailís ar bhagairtí bunaithe ar IS, agus bunú ionaid náisiúnta bainistithe éigeandála (NEMC) lena mbunaítear agus lena gcuirtear chun feidhme cláir oiliúna ilbhliantúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á mholadh, thairis sin, go mbainfí úsáid níos láidre as acmhainní cosanta náisiúnta deonacha Bhallstáit an Aontais mar chuid de chreataí cosanta sibhialta, go háirithe chun feabhas a chur ar ullmhacht an phobail áitiúil agus ar chumais bainistithe géarchéime, agus á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach do na Ballstáit córais luathrabhaidh éifeachtacha agus prótacail chumarsáide shoiléire a áirithiú chun muinín an phobail a choinneáil, scaoll a laghdú agus comhlíonadh a áirithiú le linn éigeandálaí; á mholadh go n-áireofaí sna straitéisí sin forálacha maidir le seirbhísí tacaíochta síceolaíochta agus sóisialta do na pobail a ndéantar difear dóibh agus oiliúint cosanta sibhialta do phobail áitiúla chun athléimneacht fhoriomlán a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cláir arna gcistiú ag an Aontas ann chun comhar idir earnálacha na cosanta, an spáis, na cosanta sibhialta agus an iompair a chothú chun dlús a chur le forbairt córas idir-inoibritheach, ilfhearainn gan foireann agus córas in aghaidh aerárthaí gan foireann; á mheas gur cheart go rannchuideodh cistiú le haghaidh taighde i réimse na ndrón freisin le feabhas a chur ar úsáidí sibhialtacha drón, mar shampla sa chomhrac i gcoinne dóiteáin foraoise nó in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála; á mholadh go ndéanfaí malartuithe a éascú idir na hearnálacha sibhialta agus cosanta, as a dtiocfadh taighde dé-úsáide oiriúnach, i gcomhréir le Straitéis maidir le Dróin 2.0 ón gCoimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá feachtais chuimsitheacha faisnéise poiblí agus tionscnaimh oideachais chun feasacht shochaíoch a mhúscailt maidir le slándáil drón, arna gcomhlánú le bearta feabhsaithe chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí bréagaisnéise i réimse na gcóras gan foireann agus chun iad a chomhrac, go háirithe iad siúd arb é is aidhm leo tionchar síceolaíoch a imirt ar phobail shibhialtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á mheas go bhfuil géarghá le straitéis chuimsitheach um chosaint shibhialta; á mholadh go n-áireofaí an méid seo a leanas inti:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>a.</SYMBOL>an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar bhagairtí agus ar riachtanais a shainiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>b.</SYMBOL>coincheap oibríochtúil a cheapadh agus a chur chun feidhme lena n-áiritheofar cinnteoireacht shoiléir, comhordú idirghníomhaireachta, agus sreabhadh faisnéise fíor-ama ar gach leibhéal;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>c.</SYMBOL>ullmhacht agus luathrabhadh lena mbunaítear sásraí maidir le luath-ullmhacht, foláirimh thráthúla, agus treoracha soiléire don phobal;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>d.</SYMBOL>an chéad fhreagairt le róil atá sainithe go soiléir agus comhordú idir céadfhreagróirí, seirbhísí leighis, cosaint shibhialta, fórsaí míleata agus saorálaithe, le tacaíocht ó ardchórais chumarsáide;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>e.</SYMBOL>cosaint fhisiceach agus leanúnachas le leibhéil shainithe chosanta don phobal agus don bhonneagar criticiúil chun caillteanais a laghdú agus oibríochtaí gan bhriseadh a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>f.</SYMBOL>athléimneacht an bhonneagair chriticiúil arb é is aidhm di inmharthanacht agus feidhmiúlacht leanúnach seirbhísí fíor-riachtanacha a ráthú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>g.</SYMBOL>cosaint teorann lena gcomhtháthaítear réitigh theicneolaíocha chun insíothlú a chosc, le tacaíocht ó chumais faisnéise agus mearfhreagartha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>h.</SYMBOL>athléimneacht an phobail a fheabhsú trí thacú le ceannaireacht náisiúnta agus áitiúil, saorálaithe a lánpháirtiú, tacú le pobail leochaileacha, agus treoir phobail fíor-ama a sholáthar;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>i.</SYMBOL>tacaíocht d’fheachtais faisnéise agus cumarsáide poiblí lena dtugtar comhairle maidir le straitéisí cumarsáide inchreidte trí chainéil oifigiúla agus trí na meáin shóisialta chun muinín agus feasacht a choinneáil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>j.</SYMBOL>athléimneacht eacnamaíoch a fhorbairt trí thacú le comhordú stoc agus acmhainní éigeandála, agus le leanúnachas seirbhísí riachtanacha ar gach leibhéal;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>k.</SYMBOL>oiliúint agus bearta a dhéantar go comhpháirteach, le hionsamhlúcháin lena ndírítear ar ullmhacht agus ar bhainistiú éifeachtach géarchéime a áirithiú;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí córais chosanta ilsrathacha a fhorbairt agus a sholáthar go comhpháirteach agus go mbeadh ullmhacht láidir ann don tír dhúchais agus béim á leagan ar chórais foláirimh shibhialta, ar dhídean faoi chosaint agus ar fheachtais oideachais phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil córais gan foireann an-leochaileach i leith cibirionsaithe agus insíothlú faisnéise; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí ábhartha AE slándáil fhoriomlán theicneolaíochtaí drón a neartú, lena n-áirítear cibear-athléimneacht, caighdeáin chriptiúcháin, rialú úinéireachta, agus frithsheasmhacht in aghaidh spiaireachta agus gníomhaíochtaí faisnéise naimhdeacha, lena n-áiritheofar cosaint ar feadh shaolré iomlán na gcóras sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">In-imscarthacht thapa</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfáth na dúshláin a bhaineann le córais aerárthaí gan foireann (UASanna) do na Ballstáit mar gheall ar a spriocdhíriú dinimiciúil i dtimpeallachtaí uirbeacha agus ceilte, a solúbthacht oirbheartaíochta, a sár-chruinneas, a mbuntáiste neamhshiméadrach agus a n-acmhainneacht oll-imscartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag aithint na ndúshlán a bhaineann le hoibríochtaí srathacha dróin ag an Rúis lena gcomhcheanglaítear dróin faisnéise, faireachais agus taiscéalaíochta (ISR) lena soláthraítear sonraí fíor-ama, agus dróin ionsaithe díreach ina ndiaidh aniar, rud a fhágann am teoranta ag fórsaí cosanta náisiúnta chun cosaintí a neartú agus cumais freagartha a eagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag cáineadh go láidir an tsraith d’ionraí drón ón Rúis le déanaí agus traseitiltí naimhdeacha amhrasta i roinnt Ballstát de chuid an Aontais, lena ndírítear ar limistéir teorann, ar shaoráidí fuinnimh, ar láithreáin mhíleata agus ar mhoil lóistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh go léiríonn na heachtraí sin cumas méadaitheach na ngníomhaithe stáit agus neamhstáit córais gan foireann ar chostas íseal a úsáid chun sábháilteacht an phobail a chur i mbaol, cur isteach ar shlabhraí soláthair, agus ullmhacht cosanta an Aontais agus ECAT a thástáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di imscaradh dróin na Rúise arna seachadadh ag a comhpháirtithe ar chríoch na hÚcráine agus mar shárú ar aerspás Bhallstáit an Aontais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go gcuirfear leis na smachtbhannaí atá dírithe ar shlabhraí soláthair agus ar mhonaraíocht chomhpháirteanna na Rúise, chomh maith le haistrithe teicneolaíochta na Rúise a chuireann ar chumas tíortha eile teicneolaíocht dróin a sholáthar don Rúis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór tacú le straitéisí éifeachtacha náisiúnta cosanta sibhialta i gcoinne ionsaithe dróin le bonneagar nuachóirithe dé-úsáide iompair agus cumarsáide lenar féidir aonaid frithUASanna, sócmhainní radair shoghluaiste agus foirne deisiúcháin a aistriú thart go tapa, lena n-áiritheofar go mbeidh soghluaisteacht oibríochtúil mar thoradh ar phleananna athléimneachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á mheas gur modheolaíocht luachmhar ar fiú aithris a dhéanamh uirthi is ea glacadh na hÚcráine le haonaid dróin dhíláraithe a rialaítear ar leibhéal buíne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á mholadh go ndéanfar foirne ionsaithe dróin a bhfuil lúba cinnteoireachta uathrialacha acu a chomhtháthú isteach i mbriogáidí fhórsaí armtha na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, in éineacht le ECAT, tionscadal píolótach 6 mhí idir an tAontas agus ECAT a sheoladh chun aonaid tosaigh comhraic dróin ar leibhéal complachta a chruthú, a dheimhniú agus a bhailíochtú chun iad a imscaradh le briogáidí comhghuaillithe, agus an oibleagáid ann an tuarascáil bhailíochtaithe maidir leis an tionscadal píolótach a fhoilsiú mar aon leis na gníomhaíochtaí leantacha a molfar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á aithint go mbraitheann éifeachtacht chórais aerárthaí gan foireann (UASanna) go príomha ar chruinneas na loingseoireachta agus iad ag oibriú i dtimpeallachtaí diana na cogaíochta leictreonaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á mholadh go nglacfaidh oibreoirí drón na bhfórsaí armtha le haeróga patrún glactha rialaithe (CRPAanna) agus le h-úsáid córais domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) ar féidir brath orthu amhail Seirbhís Phoiblí Rialáilte Galileo ar mhaithe le tagairt uainithe bheacht agus chun earráid loingseoireachta a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá infheistíochtaí in UASanna ionsaitheacha a chomhlánú le córais frith-UASanna, le bearta cosanta leictreonaí agus le hathléimneacht GNSS chun leochaileacht i leith trasnaíocht ón namhad a íoslaghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar aonaid comhraic dróin a chistiú láithreach agus a chur chun feidhme go pras, idir aonaid fritancanna agus fhrithphearsanra, ar fud fhórsaí armtha ECAT agus an Aontais ar leibhéil chomplachta, chathláin agus briogáide, agus go ndéanfar iad sin a leabú go horgánach laistigh d’aonaid chomhraic ar fud na hEorpa; á iarraidh go n-áireofar an Úcráin mar chomhpháirtí iomlán oibríochtúil agus teagaisc sa phróiseas forbartha, oiliúna agus deimhniúcháin; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an Ardionadaí clár brostaithe dhá bhliain a chur le chéile maidir le soláthar, oiliúint, cothú agus deimhniúchán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á mholadh go bhforbróidh na Ballstáit, ar bhonn a gcuid straitéisí cosanta náisiúnta, freagairt chomhpháirteach ar ionsaithe UASanna, lena n-áirítear réitigh theicneolaíocha a fhorbairt agus a sholáthar go comhpháirteach ar féidir iad a imscaradh go comhpháirteach agus atá idir-inoibritheach go hiomlán le córais C2 ECAT agus ar féidir iad a chomhtháthú go héasca sna córais bainistithe aerthráchta shibhialta agus i gcreat U-Spáis an Aontais le haghaidh comhtháthú dróin chun aghaidh a thabhairt ar chásanna cogaíochta hibridí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil poitéinseal agus tairbhí ag baint le dróin shibhialta agus leis an gclaochlú mór atá cúisithe acu ar an tsoghluaisteacht, ar an lóistíocht, ar an mbainistiú éigeandála agus ar an gcartagrafaíocht, i measc go leor réimsí eile, agus ag tabhairt dá haire gur dul chun cinn suntasach iad cheana féin maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála agus chosanta an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Dróin agus cumais C-UAS a fháil, a mhaoiniú agus a sholáthar</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Díoltóirí réamh-fhormheasta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á iarraidh ar na húdaráis soláthair agus chonarthacha idir náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING> an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), liostaí oscailte agus trédhearcacha do dhíoltóirí réamh-fhormheasta a bhunú mar aon le horduithe tosaíochta le haghaidh comhpháirteanna agus ardáin dróin ríthábhachtacha, agus an méid sin a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus rochtain chomhionann a áirithiú do FBManna ar fud an Aontais, chun conraitheoireacht níos tapúla a éascú le linn géarchéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart liostaí den sórt sin a bheith bunaithe ar phróisis roghnúcháin thrédhearcacha iomaíocha a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta chun aiseolas oibríochtúil a léiriú (lena n-áirítear aiseolas ón Úcráin), agus nár cheart dóibh fabhair mhargaidh fhadtéarmacha a chruthú a d’fhéadfadh an iomaíocht a chur as riocht; á iarraidh go leathnófar rochtain ar ionstraimí airgeadais AE agus ar nósanna imeachta soláthair lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus institiúidí taighde ar théarmaí comhionanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas uainchlár díoltóirí réamh-fhormheasta a bhunú, arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), le haghaidh fochóimeálacha ríthábhachtacha dróin, agus ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé ligean do FBManna cáiliú trí bhíthin iniúchtaí ar an láthair seachas an fheidhmíocht iomlán san am a caitheadh a léiriú, chun a rannpháirtíocht i mbonn tionsclaíoch cosanta na hEorpa a éascú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Tacaíocht do FBManna</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Maidir le moil réigiúnacha agus ionstraimí maoiniúcháin</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát agus GEC chun caighdeáin deimhniúcháin agus aeracmhainneachta a chuíchóiriú chun dlús a chur leis an gcomhtháthú agus chun dúbáil a laghdú sa tástáil agus i mbronnadh na ndintiúr; ag spreagadh an Chláir um Thionscal Cosanta na hEorpa (EDIP) agus ionstraimí airgeadais eile chun tosaíocht a thabhairt do mhaoiniú monaraíocht réigiúnach dróin mar aon le moil nuálaíochta do chórais in aghaidh aerárthaí gan foireann (C-UAS) le bonneagar comhroinnte agus luathú rialála, go háirithe sna stáit ar an líne thosaigh; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cleachtais chothroma oibreachais, cosaint shóisialta agus forbairt scileanna a chur chun cinn do lucht saothair ardcháilíochta, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna do phobail áitiúla agus do FBManna, agus béim á leagan ar dheiseanna fostaíochta inbhuanaithe a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh go dtabharfar tacaíocht ar leith do FBManna chun rochtain a fháil ar na hionstraimí airgeadais sin, lena n-áirítear nósanna imeachta iarratais simplithe agus critéir dhámhachtana shimplithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Maidir le rochtain FBManna ar chistiú agus ar sholáthar</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil bacainní suntasacha roimh FBManna maidir le rochtain a fháil ar chistí cosanta an Aontais agus gur minic a eisiatar iad ó sholáthar ar mhórscála a bhfuil ceannas ag conraitheoirí oidhreachta air; ag spreagadh, dá bhrí sin, go gcruthófar sásraí sonracha chun tacú le hionduchtú FBManna trí bhíthin ualaí riaracháin a laghdú, ionstraimí cistiúcháin dhírigh a thabhairt isteach lena ngabhann caoinfhulaingt i gcás cliseadh, agus deiseanna a chur ar fáil do mhiondeontais agus d’uirlisí mearchistiúcháin atá bunriachtanach do FBManna, agus dálaí cothroma á n-áirithiú ag an am céanna trí bhíthin ceanglais chomhréireacha cuibhreannais, ráthaíochtaí réasúnacha agus téarmaí íocaíochta solúbtha; á mholadh go gcuirfear gnólachtaí nuathionscanta agus eagraíochtaí taighde san áireamh sna próisis soláthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á aithint gur FBManna iad 80 % de thionscail na hEorpa a bhfuil baint acu le dróin éadroma a fhorbairt, a mhonarú agus a oibriú, ar fiontair iad atá bunriachtanach do T&F agus don nuálaíocht i dteicneolaíocht na ndrón agus chun freagairt go tapa d’athruithe gan choinne sa tionscal, mar a léiríodh san Úcráin, agus go bhfuil deacrachtaí ag na cuideachtaí sin maoiniú a fháil dá dtionscadail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún pointe teagmhála amháin a bhunú chun FBManna monaraíochta dróin de chuid an Aontais a chur ar an eolas agus cabhrú leo maoiniú a fháil agus a rochtain, ós rud é go bhfágann an struchtúr gnó acu go bhfuil sé deacair orthu an t-ualach maorlathais a bhaineann leis na próisis sin a iompar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh atá ag an gCoimisiún cheana, go háirithe trí Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais (EUDIS) de chuid an Chiste Eorpaigh Cosanta, chun tacú le FBManna agus le gnólachtaí nuathionscanta cosanta de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á iarraidh ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus ar an gCoimisiún tógáil ar na hiarrachtaí sin trí fhéachaint ar bhearta breise chun dlús a chur le himscaradh córais chosanta ardtionchair ag FBManna dróin na hEorpa ar bhealach a chuirfidh ar chumas na bhFBManna sin deiseanna easpórtála a thapú lasmuigh den Eoraip — chun a n-inmharthanacht tráchtála a áirithiú — agus ag an am céanna cumais chosanta na hEorpa a fhorbairt mar aon le comhtháthú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (FAU) a éascú agus iarrachtaí comhpháirteacha nuálaíochta tráthrialta a chur chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Maidir le fás, méadú agus comhtháthú tionsclaíoch FBManna</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á aithint gur FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta iad formhór na ngnólachtaí i dtionscal na ndrón, agus go bhfuil sé bunriachtanach, dá bhrí sin, nósanna imeachta agus bearta tacaíochta a shimpliú do FBManna, cosúil le deontais, tacaíocht rialála, comhtháthú agus méadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí braislí nuálaíochta dróin réigiúnacha lena nascfar FBManna, ionaid taighde agus comhtháthairí cosanta atá níos mó chun aistriú teicneolaíochta agus sineirgí tionsclaíocha a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>ag aithint poitéinseal an Chiste Eorpaigh Cosanta chun cabhrú le forbairt FBManna le bheith ina soláthróirí ríthábhachtacha agus ag spreagadh cláir lena gcuidítear le hacmhainneacht FBManna chun comhpháirteanna a fháil, innealtóireacht mhonaraíochta a fhorbairt agus tacú le leibhéil arda uathoibrithe chun cur leis an táirgeacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>ag spreagadh chláir an Chiste Eorpaigh Cosanta chun go bhféadfar FBManna a mhéadú níos tapúla trí bhíthin shraith babhtaí cistiúcháin lena dtacaítear le fás luath agus rochtain ar chaipiteal, forbairt táirgí, tástáil agus meastóireacht, ag tógáil ar an tionscnamh BraveTech EU;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún comhfhiontair idir conraitheoirí móra cosanta na hEorpa agus FBManna ar nuálaithe dróin iad a dhreasú chun an táirgeacht a mhéadú; á mholadh go n-áireofaí tionscal na hÚcráine i ndáil leis sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Maidir le tástáil, deimhniú agus simpliú rialála</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>ag aithint go mbíonn tréimhse fhada i gceist idir dróin a thástáil agus iad a bhailíochtú agus ag spreagadh na mBallstát chun aisghairm a dhéanamh ar srianta soláthair a chuireann bac ar FBManna cumais ríthábhachtacha a thástáil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (BTTCE)</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát agus na Comhairle chun teicneolaíochtaí dróin den chéad ghlúin eile cosúil le IS imeall-ríomhaireachta, uathriail saithe agus naisc chruaite C2 a chomhtháthú in BTTCE, agus ag an am céanna go bhféachfaí le teicneolaíocht chosanta agus bonn tionsclaíoch na hÚcráine a comhtháthú de réir a chéile chun tairbhe an dá thaobh agus úsáid a bhaint as treochláir thionsclaíocha fhadtéarmacha, braislí suaitheanta an Chiste Eorpaigh Cosanta agus ionstraimí meara EDIP chun oiriúnú tráthúil a áirithiú agus buntáiste teicneolaíoch an Aontais a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á iarraidh go measfaidh an tAontas gur cumais ríthábhachtacha iad na dróin; á chur i bhfáth go bhfuil práinn le hinfheistíocht a dhéanamh in BTTCE chun olltáirgeacht drón inacmhainne a chumasú, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le córais chost-éifeachtacha ar féidir é iad a imscaradh ar scála mór agus a áirithiú amhlaidh go mbeidh an tAontas uathrialach maidir le hacmhainneachtaí dróin; á mheas nach mór na cumais sin a fhorbairt i ndlúthchomhar leis an Úcráin agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé níos mó infheistíochtaí cosanta de chuid an Aontais a dhíriú i dtreo soláthar comhpháirteach, le tacaíocht ó nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a chuid Ballstát oibriú go práinneach ar thionscadail nithiúla atá dírithe ar bhearnaí cumais a líonadh i réimse na cosanta comhtháite aeir agus diúracán, go háirithe maidir le cogaíocht dróin agus frithdhróin, chun crios domhain ilsrathach de chórais ardfhorbartha teicneolaíochta a chruthú ag a bhfuil cumais idir-inoibritheacha frithdhróin chun dróin a bhrath, a rianú agus a neodrú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tábhacht chéanna ag baint le forlámhas san aer, cosúil le tionscadal an Chórais Aerchomhraic don Todhchaí (FCAS); á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar úsáid a bhaint as creat na dTionscadal Eorpach Leasa Choitinn um an gCosaint chun na tionscadail sin a chur ar bun; á aithint go bhfuil gá le comhar trasearnála idir na pobail chosanta, chibearshlándála agus taighde chun straitéisí iomlánaíocha a fhorbairt lena gcomhtháthófar na teicneolaíochtaí digiteacha agus cibearchosanta is déanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá na cumais sin a leathnú chun na Ballstáit uile a chumhdach, go háirithe i gcás na réimsí a bhaineann le bonneagar ríthábhachtach agus limistéir a bhfuil daonra iontu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á chur i bhfáth, áfach, nach mór na cláir chomhpháirteacha sin a struchtúrú freisin chun timthriallta mearfhorbartha a áirithiú agus chun rannpháirtíocht FBManna nuálacha a chumasú go gníomhach; á chur i bhfios go láidir gur minic a bhíonn cuideachtaí den sórt sin i bhfad níos sofhreagrúla agus níos samhlaíche ná príomhchonraitheoirí traidisiúnta, agus go bhfuil sé bunriachtanach a gcruthaitheacht agus a luas a ghiaráil chun coinneáil suas leis an timpeallacht bhagartha atá ag teacht chun cinn agus le réitigh chost-éifeachtacha chur chun páirce go tapa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag aithint nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo maidir le luas na héabhlóide teicneolaíche i réimse na gcóras gan foireann agus na bhfrith-chóras gan foireann agus á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus ar na Ballstáit timthriallta nuálaíochta agus éadála níos tapúla a ghlacadh, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann teicneolaíochtaí nua dróin agus C-UAS a chur chun páirce go tapa; á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann go bhfágfaidh próisis fhada deimhniúcháin, soláthair agus tástála go mbeidh cumais an Aontais imithe i léig faoin am a imscarfar iad;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Balla Frithdhrón</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>ag tacú le córas faireachais agus cosanta dróin (‘balla frithdhrón’) arna mholadh ag Uachtarán an Choimisiúin, ina mbeadh córas láidir ó cheann go ceann lena gcuimseofaí ardchumais braite, C2 athléimneach, agus cumais i dtaobh tascradh atá costéifeachtach agus á iarraidh go bhforbrófaí treochlár teicniúil i ndlúthchomhar leis an Úcráin; á áitiú nach mór do na tograí ón gCoimisiún leas suntasach a bhaint as taithí túslíne na hÚcráine, rud a léiríonn go mbraitheann éifeachtacht ní hamháin ar theicneolaíocht ardáin ach ar cheannas agus rialú comhtháite, ar phearsanra oilte, agus ar éiceachóras cogaíochta athléimneach, lena n-áirítear monaróirí, oibreoirí, nuálaithe agus soláthraithe sonraí/anailísíochta áitiúla;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Deimhniú a chuíchóiriú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát, Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (GSEE) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) chun caighdeáin deimhniúcháin agus aeracmhainneachta a chuíchóiriú chun dlús a chur leis an gcomhtháthú agus chun dúbáil a laghdú sa tástáil agus i mbronnadh na ndintiúr; ag tabhairt dá haire gur gá EMARanna agus trasdeimhniúchán a ghlacadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á iarraidh ar Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (GSEE) dlús a chur le próiseáil iarratais ar ‘ceadanna eitilte’ agus critéir shoiléire deimhniúcháin a shainiú do chórais den aicme HALE/MALE i gcomhar le ECAT; á chur i bhfáth go bhfuil práinn le líon leordhóthanach iniúchóirí a ainmniú agus nósanna imeachta a chuíchóiriú chun moilleanna neamhriachtanacha sa nuálaíocht a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á iarraidh go nglacfar creat Eorpach chun trasnú teorann agus idirthuras trealamh UAS/dróin i measc na mBallstát a údarú go tapa i gcomhthéacs na soghluaisteachta míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht rialála dróin atá dírithe ar chosaint a chomhchuibhiú chun creat rialála ceangailteach de chuid an Aontais a chruthú d’oibríochtaí míleata dróin (i gcomhthreo le rialacha sibhialtacha Ghníomhaireachta Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (GSEE)); á chur i bhfáth gur cheart dó rialacha aontaithe comhraic, deimhniúchán, úsáid aerspáis mhíleata agus coimircí eiticiúla a shoiléiriú do mhisin de chuid an Chomhbheartais Shlándála agus Chosanta (CBSC) agus do phleanáil cosanta náisiúnta chun idir-inoibritheacht a éascú agus chun dlús a chur le hoibríochtaí comhpháirteacha faoi mhisin CBSC nó ECAT;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Aistrithe laistigh den Aontas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha a bhaineann le haistrithe laistigh den Aontas a shimpliú le haghaidh teicneolaíocht a bhaineann le dróin agus le bearta frithdhróin agus sineirgí a chruthú idir Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal<FOOTNOTE><FIELD> IO L 146, 10.6.2009, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> agus an teicneolaíocht ghaolmhar agus Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun easpórtálacha, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 206, 11.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/821/oj.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>á iarraidh go mbainfí bacainní maorlathais agus rómhaorlathas nach gá agus a chuireann moill ar ullmhacht oibríochtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá infheistíochtaí in UASanna ionsaitheacha a chomhlánú le córais frith-UASanna, le bearta cosanta leictreonaí agus le hathléimneacht GNSS chun leochaileacht i leith trasnaíocht ón namhad a íoslaghdú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhlíonadh na gcritéar maidir le nithe de thionscnamh AE</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á iarraidh go n-aislonnófaí monaraíocht chun go seachnófaí spleáchas díréireach ar thriú tíortha, go sonrach an tSín, chun córais dróin a tháirgeadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) aghaidh a thabhairt go práinneach ar dhianspleáchas an Aontais ar mhiotail tearc-chré na Síne atá bunriachtanach don tionscal cosanta, lena n-áirítear réimse na monaraíochta dróin agus trealamh frithdhróin; á chur i bhfáth gur gá foinsí malartacha agus inbhuanaithe a bhunú maidir le h-eastóscadh agus próiseáil mhiotail tearc-chré, infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus forbairt i réimse na dteicneolaíochtaí athchúrsála agus ionadaíochta, agus na tosaíochtaí sin a áireamh i gcláir an Chiste Eorpaigh Cosanta agus an Chláir um an Tionscal Cosanta Eorpach a bheidh ann amach anseo arb é is aidhm dóibh athléimneacht thionsclaíoch straitéiseach na hEorpa a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach ardán dróin a chistítear ó chláir Eorpacha agus/nó ó ionstraimí airgeadais Eorpacha na critéir incháilitheachta faoi seach maidir le nithe de thionscnamh AE le haghaidh fo-chomhpháirteanna tábhachtacha agus gníomhú chun a áirithiú gur féidir brath ar sholáthar na bhfo-chomhpháirteanna sin agus go mbeidh an soláthar sin faoi ráthaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, go mbeadh fochonraitheoirí faoi réir na gcritéar céanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh smacht iomlán agus díreach ag an Eoraip ar chomhéadain duine-le-meaisín agus ar bhogearraí eile a bhaineann le dróin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach ardán drón a chistítear ó bhuiséad an Aontais na critéir maidir le nithe de thionscnamh AE agus go mbeidh siad saor ó shrianta ó thríú tíortha maidir le sainmhíniú, oiriúnú agus éabhlóid dhearadh an táirge, lena n-áirítear an t-údarás dlíthiúil chun comhpháirteanna atá faoi réir srianta den sórt sin a ionadú nó a dhíchomhtháthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á iarraidh go mbeadh dreasachtaí ann chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ardáin dróin a mhaoinítear tríd an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) na critéir maidir le nithe de thionscnamh AE, nó go dtiocfaidh siad ó thíortha comhpháirtíochta amhail an Úcráin, an Iorua agus an Ríocht Aontaithe, go háirithe maidir le príomh-chomhpháirteanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Struchtúr deontais agus critéir dhámhachtana an Chiste Eorpaigh Cosanta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="ARAB"><INT.LI LEVEL="0">á mholadh go ndreasófar deontais an Chiste Eorpaigh Cosanta chun an méid seo a leanas a áirithiú:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(1)</SYMBOL>go dtabharfar le linn comórtais pointí breise do chuideachtaí a fhaigheann comhpháirteanna ón Aontas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(2)</SYMBOL>go mbeidh tairiscintí oscailte do thríú tíortha ar leith amhail an Úcráin agus do thríú tíortha a bhfuil Comhaontuithe Comhpháirtíochta Straitéisí acu leis an Aontas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(3)</SYMBOL>malartuithe ó fhoireann go foireann maidir le comhpháirteanna a fháil;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á iarraidh ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) measúnú a dhéanamh ar dhíoltóirí maidir lena dtionchar oibríochtúil agus a gcostéifeachtúlacht maidir le cuspóirí misin a chur i gcrích seachas díriú go hiomlán ar an bpraghas aonaid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát le cur chun páirce coinníollach agus turgnamhaíocht a cheadú maidir le córais nach bhfuil deimhnithe go hiomlán fós le haghaidh úsáid oibríochtúil phráinneach le meastóireacht fíor-ama i dtimpeallachtaí rialaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>ag spreagadh an Chláir um Thionscal Cosanta na hEorpa (EDIP) agus ionstraimí airgeadais eile le tosaíocht a thabhairt do mhaoiniú moil mhonaraíochta réigiúnacha dróin le bonneagar comhroinnte mar aon le formheas rialála mear, go háirithe i measc stáit ar an líne thosaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Moil Mhonaraíochta Réigiúnacha</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">C-UAS agus moil mhonaraíochta réigiúnacha </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur go práinneach le leathnú acmhainneachtaí forbartha agus táirgeachta dróin agus bearta frithdhróin na hEorpa, lena n-áirítear tríd an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún pacáiste dróin AE a mholadh lena ndíreofar ar chórais dróin agus frithdhróin agus ar chumais chúnta, ar cheart straitéis a bheith mar chuid díobh chun ionstraimí atá ann cheana a úsáid chun taighde agus forbairt agus logánú slabhraí soláthair ríthábhachtacha a spreagadh mar aon le rialachán maidir le húsáid drón i gcomhthéacsanna sibhialtacha agus míleata atá oiriúnach don chás bagartha atá ann faoi láthair; á iarraidh go ndéanfar infheistíochtaí méadaithe lena ndíreofar ar theicneolaíochtaí digiteacha den chéad ghlúin eile a chomhtháthú i gcórais chosanta dróin agus frithdhróin chun a n-athléimneacht, a n-inscálaitheacht agus a n-éifeachtúlacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á iarraidh go mbunófar moil náisiúnta le haghaidh tástáil, deimhniú agus idir-inoibritheacht dróin ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go n-éascódh moil den sórt sin tástáil agus deimhniú córas aerárthaí gan foireann (UAT) agus córais C-UAS i gcomhréir le caighdeáin an Aontais agus ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tástáil, táirgeacht agus oiliúint dróin agus C-UAS, agus é mar aidhm leo na teorainneacha seachtracha a neartú agus ionsaithe hibrideacha a dhíspreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart moil mhonaraíochta réigiúnacha dróin a chomhlonnú le nóid lóistíochta dé-úsáide atá nasctha le TEN-T, lena gcumasófar gluaiseacht éasca sócmhainní dróin idir mhíleata agus sibhialta, páirteanna spártha agus oibreoirí thar theorainneacha ar bhealach comhtháite ar fud an Aontais agus i gcomhréir le haon choincheap ‘balla frithdhrón’ a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>ag tacú le cruthú ionaid chothabhála arna gcomhshuíomh le saoráidí ECAT le trealamh teicniúil iomchuí chun seirbhísiú tapa shócmhainní C-UAS a chumasú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Monaróirí cáilithe, iomaíocht chóir agus éiceachórais réigiúnacha</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart margadh Eorpach na ndrón a fhorbairt faoi phrionsabail na hiomaíochta córa, na nuálaíochta agus na rochtana oscailte do mhonaróirí cáilithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil cobhsaíocht éilimh agus meon fadtéarmach soiléir bunriachtanach d’inbhuanaitheacht tháirgeoirí drón na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an acmhainneacht thionsclaíoch áitiúil a mhéadú chun iomaíochas, athléimneacht agus inmharthanacht fhadtéarmach earnálacha na gcóras gan foireann san Eoraip a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go roinnfí go cothrom ó thaobh na tíreolaíochta de tairbhe na nuálaíochta agus na monaraíochta a bhaineann le dróin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á iarraidh go gcruthófaí conairí nuálaíochta agus láithreáin tástála ar fud réigiúin uile an Aontais, chun rochtain ar chistiú a áirithiú agus chun go spreagfaí éiceachórais áitiúla gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus institiúidí taighde a chuireann le ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil cleachtais réamhbhunaithe a théann siar i bhfad ann do ghníomhaíochtaí a bhaineann le cumais dróin agus frithdhróin agus, dá bhrí sin, ag tathant ar an Aontas agus ar a chuid Ballstáit an deis seo a thapú trína áirithiú ón tús go ndéanfar pleanáil, taighde, forbairt, soláthar agus bainistiú na gcumas sin níos mó trí lionsa Eorpach agus go mbeidh rochtain san Aontas ar theicneolaíochtaí ceannasacha ríthábhachtacha a bhaineann le cogaíocht dróin agus frithdhróin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á iarraidh go n-áiritheofaí go ndéanfar critéir incháilitheachta an Chiste Eorpaigh Cosanta a choigeartú chun scóráil níos airde a áirithiú do sholáthairtí comhpháirteacha le hionadaíocht thíreolaíoch níos cothroime ar na Ballstáit, lena n-áiritheofar go mbeidh cuibhreannais atá á dtógáil in ann dlús a chur lena dtáirgeacht thionsclaíoch cosanta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Nuálaíocht, braislí T&F agus monaraíocht chomhpháirteanna ríthábhachtacha</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a chuid ionstraimí um cosaint agus um beartais thionsclaíocha cosanta a oiriúnú chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm tacú le cumais dróin agus frithdhróin a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cistiú ón Aontas ann chun tacú le mol ardfhorbartha monaraíochta comhpháirteanna dróin a chruthú, go háirithe i réigiúin ina bhfuil earnálacha láidre innealtóireachta agus TF trí rannchuidiú leis an bhforbairt réigiúnach agus le huathriail straitéiseach an Aontais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>á iarraidh ar an gCiste Eorpach Cosanta braislí ilnáisiúnta T&F atá dírithe ar thiomáint dróin, uathriail IS agus naisc C2 chruaite a mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí straitéiseacha a dhíriú ar mhoil thionsclaíocha agus theicneolaíocha ábhartha ar fud an Aontais agus tacú le próiseáil amhábhair, táirgeacht leathsheoltóirí, monaraíocht ceallraí, cóimeáil dróin agus comhtháthú C2, agus a áirithiú ag an am céanna go neartóidh infheistíochtaí den sórt sin bonn tionsclaíoch cosanta na hEorpa i gcoitinne;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cur chun páirce mear</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Luasaire nuálaíochta agus turgnamhaíochta maidir le dróin</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an chéad fheachtas Turgnamhaíochta Oibriúcháin den Chosaint Nuálaíoch Eorpach (OPEX) a sheol GEC agus á iarraidh ar GEC é sin a chlaochlú ina luasaire seasta nuálaíochta maidir le dróin agus C-UASanna lena gcur chun páirce go mear agus aiseolas túslíne a bhailíochtú, chomh maith le dlús a chur le fréamhshamhaltú, agus cur chun páirce mear trí ghlaonna gearra ar thairiscintí iomaíocha ar mhaithe le dul chun cinn agus nuálaíocht a áisiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Solúbthacht soláthair agus éadáil bhrostaithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>123.</NO.P>á iarraidh ar GEC conarthaí Seachadta Éiginnte/Cainníochta Éiginnte (IDIQ) a cheadú chun a áirithiú go gcomhlíonfar soláthar bonnlíne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>124.</NO.P>á iarraidh ar GEC agus ar ghníomhaireachtaí tairisceana eile cosán tiomnaithe éadála a bhunú le haghaidh UASanna chun UASanna ardfhorbartha a sholáthar ar bhonn réamhdhéanta chun na gnáthphróisis éadála ilbhliantúla agus na gnáthchonarthaí seirbhíse a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>125.</NO.P>á iarraidh go n-áiritheofaí go mbeidh orduithe rátála tosaíochta lena gcabhraítear le próisis éadála tapa agus lena laghdaítear castachtaí maidir le soláthairtí ag tionscadail CEF agus ag tionscnaimh soláthair chomhpháirtigh eile de chuid an Aontais i réimse na cosanta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">FBManna agus díoltóirí neamhthraidisiúnta a chuimsiú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>126.</NO.P>ag spreagadh forbairt na dtionscal cosanta náisiúnta agus tacú le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha áitiúla gan dochar do na ceanglais cháilíochta, sábháilteachta agus slándála is infheidhme maidir leis an teicneolaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>127.</NO.P>ag spreagadh go gcuirfí deireadh le bacainní iontrála níos ísle do dhíoltóirí neamhthraidisiúnta trí dheireadh a chur le ceanglais slándála nach bhfuil ríthábhachtach maidir le luaththástáil agus cur chun páirce chun cur ar chumas FBManna agus díoltóirí neamhthraidisiúnta páirt a ghlacadh sa nuálaíocht cosanta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Plean gníomhaíochta maidir le monarú comhpháirteanna ríthábhachtacha dróin</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>128.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta monaraíochta a dhréachtú i gcomhar le ECAT maidir le comhpháirteanna ríthábhachtacha dróin lena gcuirfear ar fáil fóirdheontais spriocdhírithe do chomhpháirteanna ríthábhachtacha, go háirithe mótair srutha dhírigh gan scuab, ceallraí litiam, braiteoirí agus breiseán a mhonarú san Aontas; á iarraidh go bhforbrófar agus go dtáirgfear laistigh den Aontas teicneolaíochtaí agus ábhair atá bunriachtanach agus ag teacht chun cinn, lena n-áirítear optaic, modúil chumarsáide agus monarú breiseán; á chur i bhfios go láidir gur gá athléimneacht agus neamhthuilleamaíocht an Aontais i dtáirgeacht drón a áirithiú, le dianchritéir incháilitheachta chun athléimneacht an tslabhra soláthair a áirithiú, agus aird a thabhairt ar an sprioc fhadtéarmach maidir le huathriail straitéiseach a bhaint amach trí theicneolaíochtaí dróin dúchasacha Eorpacha a fhorbairt bunaithe ar chomhpháirteanna bunriachtanacha AE, le tacaíocht ó shlabhraí soláthair athléimneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>129.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach mór do phlean gníomhaíochta den sórt sin comhar le FBManna Eorpacha a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>130.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá micrishliseanna, bogearraí ardfhorbartha agus cibear-athléimneacht a thabhairt san áireamh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Timpeallacht rialála/ESG</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Simpliú agus comhchuibhiú rialála</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>131.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá deireadh a chur le hualaí rialála agus riaracháin nach bhfuil gá leo, go háirithe do FBManna, do thionscal na ndrón agus dá sholáthróirí agus Innéacs Eorpach um Cheannasacht Drón a bhunú chun fónamh mar uirlis iniúchóireachta uile-AE chun measúnú a dhéanamh ar chéatadán gach ardáin maidir le spleáchais neamh-AE, ar féidir é a úsáid chun tosaíocht a thabhairt do chistiú i bhfabhar ardáin agus cláir a bhfuil an céatadán is airde comhpháirteanna as na Ballstáit acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>132.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí in áit maoluithe meara maidir le ceadúnais laistigh den Aontas chun trádáil inmheánach a éascú agus ag an am céanna rialuithe ar easpórtáil sheachtrach a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>133.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á iarraidh go neartófaí comhchuibhiú rialála agus rialaithe ar easpórtáil tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>a.</SYMBOL>ceadúnú easpórtála uile-AE agus conairí comhpháirteanna a chomhlíonann Rialachán (AE) 2021/821 a fhorbairt chun dróin Eorpacha a dhéanamh níos iomaíche thar lear agus ag an am céanna rialacha easpórtála an Aontais agus rialacha easpórtála náisiúnta a urramú chun dróin Eorpacha a dhéanamh níos iomaíche thar lear;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>b.</SYMBOL>rialacháin shibhialtacha maidir le dróin (e.g. caighdeáin EASA) a ailíniú le riachtanais soláthair mhíleata chun dlús a chur leis an nuálaíocht dé-úsáide;</ITEM></LIST>
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Uathriail thionsclaíoch, coinníollacht Chomhshaoil, Shóisialta agus Rialachais (ESG) agus éifeachtúlacht oibríochtúil</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>134.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart leithdháileadh cistí chun dróin agus C-UASanna a fhorbairt agus a tháirgeadh a bheith bunaithe go heisiach ar chritéir na éifeachtúlachta, na slándála, na athléimneachta agus na feidhmíochta oibríochtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>135.</NO.P>á iarraidh go dtabharfar tosaíocht do pháirteanna spártha, don indeisitheacht mhodúlach, agus do chumais mhear-athsholáthair innill chun a áirithiú go leanfaidh aonaid de bheith oibríochtúil faoi dhálaí comhraic; á chur i bhfáth go bhfuil gá le beartas comhleanúnach tionsclaíoch agus maidir le slabhra soláthair lena gcuirfear dreasachtaí ar fáil do thionscal na hEorpa chun córais inscálaithe atá indeisithe go héasca a tháirgeadh, agus ag an am céanna stoc-chairn leordhóthanach de chomhpháirteanna ríthábhachtacha a choinneáil; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur le scrogaill soláthair a chuireann bac ar tháirgeadh tráthúil agus ar chur chun páirce trealaimh cosanta bhunriachtanaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Slándáil na táirgeachta agus rialáil uileghabhálach an Aontais maidir le dróin</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>136.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do threisiú agus do chosaint ghnólachtaí airm an Aontais agus do shaoráidí thionscal cosanta na hEorpa, chun bagairtí féideartha ó dhróin idir hibrideacha agus díreacha ar a gcuid línte táirgeachta a mhaolú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>137.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún Pacáiste Dróin AE a mholadh, lena ndíreofar ar chórais dróin agus frithdhróin agus ar chumais chúnta, a mbeidh straitéis mar chuid de chun ionstraimí atá ann cheana a úsáid chun T&F agus logánú slabhraí soláthair ríthábhachtacha a spreagadh mar aon le rialachán maidir le húsáid drón i gcomhthéacsanna sibhialtacha agus míleata atá oiriúnach don chás bagartha atá ann faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>138.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar infheistíochtaí méadaithe lena ndíreofar ar theicneolaíochtaí digiteacha den chéad ghlúin eile a chomhtháthú i gcórais cosanta dróin agus frithdhróin chun a n-athléimneacht, a n-inscálaitheacht agus a n-éifeachtúlacht a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>139.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí comhchuibhiú ar na rialacha aontaithe comhraic ar fud na mBallstát maidir le húsáid ionsaitheach UASanna, lena n-áirítear rialuithe easpórtála agus creataí dlíthiúla, lena n-áiritheofar go gclóifear go hiomlán leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Plean oibre le haghaidh ábhair thábhachtacha </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>140.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún plean oibre a dhréachtú chun cúltacaí straitéiseacha agus stoc-chairn comhpháirteanna ríthábhachtacha a fhorbairt, lena n-áirítear pléascáin, tiomántáin, príméir, frámaí carbóin, fearais leictreonacha, mótair, micrishliseanna agus ábhair thábhachtacha eile le haghaidh forbairt UASanna, árthaigh dromchla gan foireann (USVanna) agus feithiclí faoi uisce gan foireann (UUVanna), lena laghdófar spleáchas ar thríú tíortha agus lena méadófar athléimneacht BTTCE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>141.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart na cúltacaí sin a bhainistiú le comhordú ECAT chun idir-inoibritheacht a áirithiú agus chun dúbláil stoc-charn a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>142.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá teicneolaíocht nua léastreoraithe sreinge do dhróin, í deartha chun cur i gcoinne trasnaíochta agus don chogaíocht leictreonach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>143.</NO.P>á iarraidh ar chuideachtaí Eorpacha na cáblaí ceangailte snáthoptaice sin a mhonarú laistigh den Aontas nó i dtír ar comhghuaillí de ECAT í chun teicneolaíochtaí teimhneacha a sheachaint agus slándáil comhpháirteanna teicneolaíochta dróin a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Imchlúdaigh airgeadais an Aontais — an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI), SAFE, ReArm, etc.</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cistiú straitéiseach agus imchlúdaigh airgeadais an Aontais</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>144.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá a áirithiú, trí na hionstraimí atá ann faoi láthair agus tríd an gcéad CAI eile, go ndéanfar forbairt inbhuanaithe ar nuálaíocht cosanta a bhaineann le dróin, ar scileanna, ar chaighdeáin deimhniúcháin, ar thástáil agus ar bhonneagar oiliúna ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>145.</NO.P>á iarraidh go n-úsáidfear rochtain na hÚcráine ar shásra na Gníomhaíochta Slándála don Eoraip (SAFE) chun infheistíocht a thabhairt san áireamh i bhforbairt a cumais UAS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>146.</NO.P>á iarraidh go nglacfar go pras an pacáiste Omnibus um Chosaint a thíolaic an Coimisiún i mí an Mheithimh 2025, arb é is aidhm dó ualaí riaracháin agus maorlathais (e.g. ceadú) agus scrogaill (e.g. rochtain ar mhaoiniú) a laghdú do chuideachtaí cosanta, d’eagraíochtaí agus do na Ballstáit, agus go n-éascófaí ar an gcaoi sin forbairt dróin nuálacha agus táirgeacht nuálach dróin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>147.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as cláir chistiúcháin amhail SAFE chun béim a leagan ar an ngá atá ann do thíortha an Aontais a dtionscal dróin a fhorbairt, agus á mholadh do na Ballstáit an aird agus an tosaíocht atá tuillte aige seo a thabhairt dó;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ionstraimí cosanta agus creataí infheistíochta a ailíniú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>148.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an bheogacht a bhaineann le cumais theicneolaíocha C-UASanna; á iarraidh ar na Ballstáit an infheistíocht chuí a dhéanamh i gcumais dróin agus C-UASanna araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>149.</NO.P>á mheabhrú gur cheart infheistíochtaí a bhaineann le dróin a ailíniú le hionstraimí an Aontais lena dtacaítear le bonn tionsclaíoch na cosanta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla, an Gníomh Eorpach um Shliseanna,<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna) (IO L 229, 18.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1781/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, an t-ardán um theicneolaíochtaí straitéiseacha don Eoraip (STEP) agus creataí eile, chun a áirithiú go rannchuideoidh an nuálaíocht dé-úsáide go fóinteach le hullmhacht oibríochtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>150.</NO.P>á iarraidh ar GEC spriocanna sonracha maidir le cumas dróin a áireamh i bplean forbartha cumais an Aontais (CDP AE) atá ar na bacáin, a ndéanfar faireachán orthu tríd an athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint (CARD) agus a mbeidh tionscadail faoi chreat an Bhuanchomhair Struchtúrtha (PESCO) mar thaca leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>151.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi úsáid SAFE agus na Saoráide Cothromais Cosanta chun táirgeacht a mhéadú, slabhraí soláthair a dhaingniú agus tacú le rannpháirtíocht FBManna in earnáil na gcóras gan foireann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>152.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin chun dreasachtaí scórála an Chiste Eorpaigh Cosanta a threisiú lena dtabharfar tús áite do chuibhreannais ilnáisiúnta, d’ardáin chomhroinnte agus d’inneachar ard de thionscnaimh AE; á chur i bhfáth go bhfuil bearta den sórt sin ríthábhachtach chun an t-éileamh a chomhdhlúthú, chun borradh a chur faoin athléimneacht agus chun cumais uathrialacha dróin na hEorpa a mhéadú; ag tacú le hinnéacs ceannasachta a fhorbairt chun laghdú an spleáchais ar fhoinsí neamh-AE ar fud shlabhra luacha na ndrón a thomhas agus a dhreasú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Rialachas agus coimhdeacht maidir le bainistiú cistí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>153.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ligean do na córais riaracháin áitiúla agus réigiúnacha a bheith páirteach i mbainistiú thionscadail chosanta an Aontais, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Slabhraí soláthair a threisiú</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Tionscail a aislonnú agus a logánú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>154.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">ag moladh do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do chomhpháirteanna ríthábhachtacha a aislonnú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>a.</SYMBOL>saoráidí táirgeachta sna Ballstáit a chómhaoiniú le haghaidh mótair SD gan scuaba, ceallraí litiam-ian, leathsheoltóirí, agus braiteoirí leictrea-optaice trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>b.</SYMBOL>fóirdheontais agus dreasachtaí cánach, arna dtacú ag na Ballstáit, a thairiscint do ghnólachtaí atá toilteanach an táirgeacht a logánú laistigh den Aontas agus a áirithiú go ndéanfar é sin a chomhordú ar leibhéal an Aontais chun an éifeachtúlacht is mó agus is féidir a áirithiú agus chun saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a mhaolú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>c.</SYMBOL>an Gníomh Eorpach um Shliseanna a ghiaráil chun tosaíocht a thabhairt d’fheidhmeanna cosanta agus cistiú straitéiseach leathsheoltóirí á leithdháileadh;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>155.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hiarracht thras-Aontais chun rochtain ar féidir brath uirthi a áirithiú maidir le hamhábhair ríthábhachtacha, amhail litiam, maighnéid tearc-chré agus leathsheoltóirí, agus chun infheistíocht a dhéanamh i gceallraí d’ardfheidhmíocht, i mbraiteoirí agus i naisc shlána sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>156.</NO.P>á iarraidh go leathnófaí comhaontuithe comhpháirteacha slándála le comhpháirtithe straitéiseacha chun athléimneacht an tslabhra soláthair agus rochtain fhrithpháirteach ar theicneolaíochtaí straitéiseacha a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Éagsúlú agus iomarcaíocht straitéiseach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>157.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á iarraidh go dtógfar slabhraí soláthair iomarcacha agus éagsúlaithe lena ndéanfar an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>a.</SYMBOL>straitéisí dé-fhoinsithe a spreagadh le haghaidh comhpháirteanna bunriachtanacha dróin ar fud roinnt Ballstát den Aontas agus chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>b.</SYMBOL>tacú le hiarrachtaí intíre chun mianraí tearc-chré a eastóscadh agus a scagadh faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, agus acmhainneacht athchúrsála a fhorbairt le haghaidh maighnéid litiam, chóbailt agus neoidimiam;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>c.</SYMBOL>stoc-chairn éigeandála de chomhpháirteanna ríthábhachtacha drón a bhunú le húsáid le linn briseadh sa soláthar geopholaitiúil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>d.</SYMBOL>a áirithiú go ndéanfar táirgeacht dróin a dhílárú ar fud an Aontais chun rioscaí sa slabhra soláthair a theorannú agus chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú do dhróin;</ITEM></LIST>
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Lucht saothair, caighdeáin agus comhpháirtíochtaí inbhuanaithe </STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>158.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh sa lucht saothair agus sa bhonneagar monaraíochta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>a.</SYMBOL>ailtireachtaí oscailte agus comhéadain a chaighdeánú ar son na hidir-inoibritheachta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>b.</SYMBOL>caighdeáin mhodúlacha oscailte a shainordú do gach córas dróin arna gcistiú ag an Aontas chun gur féidir comhpháirteanna plugála-agus-seinnte a bhabhtáil (e.g. braiteoirí, raidiónna) ón iliomad soláthróirí, agus comhordú le ECAT chun caighdeáin agus riachtanais idir-inoibritheachta a ailíniú;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>159.</NO.P>ag meabhrú an aithisc a thug Príomh-Aire na Graonlainne Jens-Frederik Nielsen don Pharlaimint an 8 Deireadh Fómhair 2025, agus á chur i bhfios go láidir an raon feidhme straitéiseach a bhaineann le comhar níos láidre a fhorbairt idir an tAontas agus an Ghraonlainn chun go mbeidh cuideachtaí Eorpacha in ann rochtain a fháil ar amhábhair i gcomhpháirtíocht le Rialtas na Graonlainne bunaithe ar chleachtais inbhuanaithe a úsáid;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Saoráidí tástála agus oiliúint laistigh den Aontas</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Bonneagar tástála agus simpliú rialála</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>160.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le dróin agus forbairtí teicneolaíochta nua a thástáil i spásanna móra oscailte, chun sábháilteacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht na nuálaíochtaí sin a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rómhaorlathas agus ualaí maorlathacha nach bhfuil gá leo a laghdú, nósanna imeachta tástála a chuíchóiriú agus imscaradh tapa agus meastóireacht ar theicneolaíochtaí dróin atá ag teacht chun cinn a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>161.</NO.P>ag spreagadh tionscnaimh chomhpháirteacha chun rochtain thapa ar bhonneagar tástála a áirithiú trí bhacainní rialála atá as dáta a athchóiriú nó trí thástáil a sheachfhoinsiú chun trialacha a chumasú i ndálaí a dhéanann macasamhlú ar thimpeallachtaí oibríochtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>162.</NO.P>á mheas go bhfuil rialacháin maidir le ceanglais tástála UASanna i gcogaíocht leictreonach, eitiltí fadraoin agus minicíochtaí neamhchaighdeánacha ina mbacainn ar leith ar bhuntáiste míleata cáilíochtúil i measc fhórsaí armtha na mBallstát agus ag spreagadh inrochtaineacht fheabhsaithe do nuálaithe cruthaithe i gcumais UASanna chun rochtain tráthrialta agus éasca ar limistéir tástála a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Aonaid nuálaíochta agus oiliúint IS-chumasaithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>163.</NO.P>ag moladh do na Ballstáit tacú le haonaid bhuana nuálaíochta agus le hoiliúint ar fud na seirbhísí slándála náisiúnta ina ndéantar teicneolaíochtaí tráchtála a thástáil i bhfíorshuíomhanna oibríochtúla agus ag úsáideoirí deiridh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>164.</NO.P>á iarraidh ar Fhoireann Mhíleata an Aontais (EUMS) agus ar GEC oiliúint chomhpháirteach ar chórais UASanna atá cumasaithe ag IS a áirithiú i measc na mBallstát agus tacú le soláthar chórais UASanna atá cumasaithe ag IS ionas gur féidir iad a oiliúint agus a thástáil i ndálaí atá ábhartha go hoibríochtúil chun feidhmiú go héifeachtach i gcásanna sa saol nithiúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Raonta comhpháirteacha, comhtháthú agus idir-inoibritheacht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>165.</NO.P>ag spreagadh comhar idir na mBallstát go mbunóidh siad go comhpháirteach Raonta Nuálaíochta ECAT inar féidir le fórsaí armtha agus le díoltóirí páirt a ghlacadh i dtástáil ó cheann ceann na bliana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>166.</NO.P>á mholadh go mbunófar sásra AE maidir le comhtháthú agus tástáil idir-inoibritheachta idir córais roghnaithe gan foireann agus frithchórais roghnaithe gan foireann, lena n-áirítear cásanna a bhaineann le cibearshlándáil, cogaíocht leictreonach, agus rialacha aontaithe comhraic (ROE), lena dtáirgtear próifílí comhtháthaithe fíoraithe seachas taispeántais theicniúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>167.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a thabhairt san áireamh, laistigh de chreat an Chomhaontuithe um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú, an gá go bhfaighidh tionscal dróin na hEorpa agus na Ballstáit cúlstoic leordhóthanacha de ábhair thábhachtacha agus de chomhpháirteanna atá bunriachtanach d’fhorbairt UASanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Deimhniúchán</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>168.</NO.P>á iarraidh ar GEC conairí deimhniúcháin ilteangacha caighdeánaithe d’oibreoirí a fhorbairt ar fud na mBallstát uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>169.</NO.P>ailtireachtaí córais mhodúlaigh a spreagadh, ionas gur féidir comhpháirteanna (e.g. pálastaí, raidiónna agus ceamaraí) a uasghrádú go neamhspleách gan athdheimhniú iomlán ardáin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Caighdeánú</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Caighdeáin theicneolaíocha, modúlacht agus comhtháthú digiteach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>170.</NO.P>á iarraidh ar CEF institiúidiú a dhéanamh ina chuid próiseas taighde agus forbartha den fhréamhshamhaltú tapa, den dhearadh modúlach agus den C2 dúchasach digiteach mar ghnáthchaighdeán maidir leis na samhlacha forbraíochta go léir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>171.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcumasófar le rialacháin a dhéanfar amach anseo, comhtháthú dróin atá slán, sábháilte, agus inscálaithe lena ndírítear ar an gcibearshlándáil, ar chórais atá slán i gcás teipe agus ar chaighdeánú dé-úsáide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>172.</NO.P>á mholadh go nglacfaí an cur chuige ‘tús áite don ní tráchtála’ le haghaidh UASanna lena dtugtar tús áite don éadáil dhíreach ó sholáthraithe tráchtála chun samhlacha éadála nua a thástáil ar féidir iad a mhéadú níos déanaí thar réimsí cumais eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>173.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cistiú tiomnaithe UASanna ag brath ar chatagóirí leathana atá ailínithe le misin chun réiteach tapa fadhbanna a chumasú agus chun tacú le nuálaíocht tráchtála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>174.</NO.P>á iarraidh ar GEC ardán digiteach aontaithe a sheoladh chun comhar ó cheann go ceann leis an earnáil tráchtála a bhainistiú, lena gcumasófar cumarsáid fíor-ama, rianú tograí agus faireachán ar dhul chun cinn;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Idir-inoibritheacht agus creataí oibríochtúla</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>175.</NO.P>ag tabhairt dá haire a ríthábhachtaí atá cumais mhearbhraite, sannta agus neodraithe do chórais gan foireann agus á iarraidh go mbeadh comhchreat de chuid an Aontais ann maidir le comhroinnt sonraí trasteorann, feasacht staide idir-inoibritheach agus prótacail spriocdhírithe chomhpháirteacha chun ionraí a chosc agus chun freagairt dóibh; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí sa chomhar sin caighdeáin choiteanna do bhraiteoirí agus C2, soláthar comhordaithe i gcás inarb iomchuí, agus sásraí chun tuarascálacha teiliméadrachta agus teagmhais a mhalartú ar bhealach slán, fíor-ama chun gníomhaíocht chomhordaithe a chumasú ar fud na mBallstát agus le comhaltaí Eorpacha ECAT; á chur i bhfáth gur gá caighdeán idir-inoibritheachta uile-Aontais a bhunú trí shainordú a thabhairt maidir le caighdeáin mhodúlacha oscailte do chórais C-UAS faoi chláir arna gcistiú ag CEF chun comhoiriúnacht ‘plugáil agus seinn’ a áirithiú agus chun gaibhniú díoltóirí a laghdú; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé ceanglais oibríochtúla a chaighdeánú do dhróin Aicme I-III ar fud an Aontais chun ceannacháin chomhpháirteacha agus idir-inoibritheacht a chumasú bunaithe ar chatagóiriú atá dírithe ar chumas lena gcuirtear san áireamh caighdeáin oibríochtúla do dhróin a bhfuil úsáidí oibríochtúla éagsúla acu lena n-úsáidtear comhtháthú na cogaíochta leictreonaí agus brath bagairtí le cúnamh ón intleacht shaorga;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Nuachóiriú rialála agus sábháilteacht eitlíochta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>176.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an creat rialála eitlíochta a thabhairt cothrom le dáta chun sábháilteacht eitlíochta a áirithiú i bhfianaise úsáid mhéadaitheach drón agus bonneagair frithdhrón;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An Intleacht Shaorga</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Dul chun cinn teicneolaíoch agus tábhacht straitéiseach</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>177.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don tábhacht straitéiseach a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn do thionscal drón na hEorpa, go háirithe i réimse na hintleachta saorga, agus iad a chur chun cinn tuilleadh; ag meabhrú ‘Operation Spiderweb’ agus na teicneolaíochta a úsáideann dróin na hÚcráine, lenar cuireadh ar chumas na gcóras gan foireann sin spriocanna míleata a shainaithint agus a ghabháil go neamhspleách; ag spreagadh CEF chun leanúint de thacaíocht a thabhairt do chláir amhail AIR-D-EPE agus iad a fhorbairt tuilleadh chun taighde, tástáil agus imscaradh réiteach IS-bhunaithe a chur chun cinn le haghaidh oibriú agus loingseoireacht uathrialaitheach drón;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>178.</NO.P>á mholadh, thairis sin, go ndearfaí algartaim rialaithe inscálaithe lena ndéantar straitéisí saithe a thástáil agus timpeallachtaí a shintéisiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Éabhlóid oibríochtúil agus rioscaí atá ag teacht chun cinn</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>179.</NO.P>ag aithint an luais ag a bhfuil dróin ag athrú ó thaobh algartaim IS a chomhtháthú le haghaidh cinnteoireacht fíor-ama, seachaint bacainní agus barrfheabhsú misean, rud a chumasaíonn neamhspleáchas, beachtas agus solúbthacht níos fearr; á aithint freisin, a luaithe a chuirfear dróin lán-uathrialaitheacha in úsáid ar láthair an chatha, go mbeidh cúrsaí i bhfad níos casta do phleanálaithe éigeandála míleata agus sibhialta ar gach leibhéal, rud a d’fhéadfadh géarú breise a dhéanamh ar bhagairtí UAS amhail saithí dróin lán-uathrialaitheacha, domhain-ionsaithe agus feallmharuithe spriocdhírithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Rialachas, eitic agus dlí idirnáisiúnta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>180.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar forbairt agus imscaradh córas nua cogaíochta, lena n-áirítear dróin a bhfuil cumais uathrialacha acu, a rialú go docht leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus prionsabal ‘duine i mbun idirghabhála’ chun rialú fóinteach daonna ar fhórsa marfach a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Airm dhíreacha fuinnimh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>181.</NO.P>ag spreagadh tús áite a thabhairt d’fhorbairt agus do tháirgeadh ceallraí soladstaide mar phríomhchumasóir do theicneolaíochtaí drón agus cosanta den chéad ghlúin eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>182.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcuireann na ceallraí sin dlús fuinnimh níos airde, saolré níos faide, agus luasanna luchtaithe níos tapúla ar fáil; á chur i bhfios go láidir go gcuireann a leictrilítí soladacha neamh-inadhainte go mór leis an tsábháilteacht agus go laghdaíonn siad an baol dóiteáin nó pléasctha, rud a fhágann go bhfuil ceallraí soladstaide ríthábhachtach chun neamhspleáchas teicneolaíoch agus athléimneacht oibríochtúil an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>183.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar GEC agus ar CEF tosaíocht a thabhairt do T&F i réimse na n-ardchóras cogaíochta leictreonaí agus na dteicneolaíochtaí arm dírithe ar fhuinneamh atá dírithe ar bhagairtí hibrideacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus ionsaithe drón atá dírithe ar na Ballstáit a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>184.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, go gcothófaí forbairt friththeicneolaíochtaí agus beart cosanta atá in ann éifeachtaí na n-arm dírithe fuinnimh sin a mhaolú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Déantúsaíocht bhreisithe</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>185.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát roghanna ísealchostais a fhiosrú tuilleadh, lena n-áirítear monarú suimitheach, agus á iarraidh go gcuirfí maoiniú T&F CEF ar fáil d’acmhainneacht soc cogaidh UAS arb é is aidhm dó soic phléascáin nua agus cuir chuige cheimiceacha nua a chruthú do shoic phléascáin atá dírithe ar mheaitseáil spriocanna arm a bhaint amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Forbairt scileanna</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>186.</NO.P>ag aithint ról Luasaire Gnó EUDIS maidir le forbairt agus imscaradh cumas drón agus C-UAS a chuíchóiriú ar fud na mBallstát trí fhréamhshamhaltú tapa, trí thástáil chomhpháirteach, agus trí dheimhniú mear ar theicneolaíochtaí nua chun coinneáil bord ar bhord le ceanglais athraitheacha ar láthair an chatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>187.</NO.P>á iarraidh ar EUDIS oibriú na saotharlann beo a leathnú chuig trí Bhallstát ar a laghad, agus an Úcráin ina comhpháirtí comhlachaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>188.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún feachtas oideachais phoiblí a sheoladh maidir le húsáid fhreagrach teicneolaíochtaí i sásraí cosanta, cosanta sibhialtaí agus cuntasachta dlíthiúla chun dlisteanacht a chothú agus chun tacaíocht pholaitiúil a áirithiú do leathnú na ndrón;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>189.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí cláir oiliúna do mhic léinn chun feidhme ar fud na mBallstát, arna gcomhordú le ECAT agus GEC, chun tacú le hoideachas i réimse na ndrón eitilte, lena n-áirítear scileanna teicniúla agus eolas innealtóireachta, agus chun leas an phobail a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>190.</NO.P>á mholadh do na Ballstáit, don Úcráin agus don Choimisiún gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar scileanna i réimse fhorbairt agus oibriú na ndrón, lena n-áirítear comhpháirteanna bogearraí agus crua-earraí araon, agus tallann a mhealladh ó earnálacha domhainteicneolaíochta eile agus tacú le foirne lúfara a chruthú a bheidh in ann bogearraí ábhartha a dhearadh, a mhonarú agus a ríomhchlárú; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí leis sin tionscnaimh oideachais eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM), amhail ceardlanna tógála dróin, seimineáir ghréasáin agus haiceatóin, chun oiliúint a chur ar dhaoine i dtógáil agus in oibriú drón; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na tionscnaimh atá déanta cheana féin ag an gCoimisiún, amhail Haiceatóin EUDIS agus BraveTechEU, arb é is aidhm dóibh forbairt réiteach nuálach cosanta a éascú agus comhar a chothú i measc geallsealbhóirí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Dea-chleachtais agus teagasc</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Seasamh díspreagtha agus cosanta agus Airteagal 42(7)</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>191.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit ar an líne thosaigh pleananna forbartha straitéiseacha agus creataí infheistíochta a ghlacadh, agus cláir agus tionscadail straitéiseacha a shainiú atá dírithe ar chumais chuimsitheacha drón agus C-UAS a fhorbairt agus a dhaingniú laistigh dá gcríocha, lena gcumhdaítear an timthriall cumais iomlán ó thaighde agus forbairt, tástáil agus deimhniú go táirgeadh, imscaradh agus oiliúint; á chur i bhfios go láidir gur cheart tacú leis na hiarrachtaí sin, i gcás inarb iomchuí, trí ionstraimí de chuid an Aontais amhail CEF, an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus Acmhainneacht Mhear-Imscartha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>192.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil na bearta sin bunriachtanach chun freagairt leormhaith, chomhordaithe agus thráthúil a áirithiú ar na dúshláin slándála hibrideacha agus thraidisiúnta atá ag teacht chun cinn san Eoraip, go háirithe feadh a cliatháin thoir agus theas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>193.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cur chuige saincheaptha rioscabhunaithe ann maidir le cumais frithdhrón ar fud an Aontais lena n-aithnítear riachtanais oibríochtúla éagsúla; ag tabhairt dá haire, cé go n-éilíonn an cliathán thoir meascán de roghanna gníomhacha frithdhrón agus ionsaithe beacht-ionsaithe chun bagairtí ar talamh a dhiúltú agus a dhíspreagadh i gcás iarracht ar ionradh, go bhféadfadh sé go mbeadh tosaíochtaí cumais éagsúla ag teastáil ó stáit eile, lena n-áirítear stáit na Meánmhara; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhroinnt ualaigh a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar phacáistí cumais i gcoinne próifílí bagartha réigiúnacha chun éifeachtacht agus luas seachadta araon a uasmhéadú gan an bonn a bhaint d’idir-inoibritheacht fhoriomlán na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>194.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a bheith réidh chun Airteagal 42(7) CAE a ghníomhachtú i gcás inarb ionann gníomhaíochtaí ionsaitheacha agus ionsaí armtha, nó ina rannchuidíonn siad le hullmhú d’ionsaí atá ar tí tarlú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>195.</NO.P>ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit nósanna imeachta agus sásraí oibríochtúla a shainiú i gcás ina ngníomhachtaíonn Ballstát Airteagal 42(7) CAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>196.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go spreagfadh gníomhachtú den sórt sin sásra comhpháirteach freagartha de chuid an Aontais, lena n-áirítear bearta cosanta comhordaithe, mearmhalartú faisnéise, cúnamh frithpháirteach, agus cumarsáid straitéiseach aontaithe chun díspreagadh, dlúthpháirtíocht agus athléimneacht phoiblí a áirithiú ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>197.</NO.P>á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha pleananna nithiúla a thíolacadh chun Airteagal 42(7) CAE maidir le cúnamh frithpháirteach a oibríochtú, lena n-áirítear i gcomhthéacs freagairt do bhagairtí drón, lena n-áiritheofar dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, go háirithe iad siúd a bhfágann a suíomh geografach go bhfuil siad neamhchosanta go díreach ar gharbhagairtí agus ar ghardhúshláin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>198.</NO.P>ag tacú le hiarrachtaí ECAT seasamh díspreagtha agus cosanta na hEorpa a threisiú feadh a chliatháin thoir, lena n-áirítear trí Oibríocht ‘Eastern Sentry’ a sheoladh agus trí speictream iomlán na mbeart faoin oibríocht sin a fhorbairt; ag moladh go ndéanfaí iarrachtaí díspreagtha i ndlúthchomhar le ECAT agus le tíortha comhpháirtíochta, agus á iarraidh ar an Aontas a áirithiú nach n-eisiafar aon Bhallstát de chuid an Aontais ó chomhoibriú <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> cosanta agus slándála idir an tAontas agus ECAT;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Acadamh drón</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>199.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar GEC agus ar na Ballstáit acadamh drón cosanta Eorpach a sheoladh chun oiliúint a chur ar innealtóirí, oibreoirí agus teicneoirí, agus ar chinnteoirí laistigh de struchtúir cheannais; á iarraidh go mbeadh an t-acadamh in ann céimeanna comhpháirteacha, oiliúint ghairmiúil agus deimhniú oibreora a thairiscint i gcomhar leis an tionscal agus le hollscoileanna teicniúla ceannródaíocha; ag cur béím ar an ngá atá le modúil éigeantacha maidir le hintleacht shaorga, róbataic, cogaíocht leictreonach, cosaint fórsaí agus cibear-athléimneacht a áireamh chun caighdeáin oibríochtúla a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>200.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí aonaid oiliúna thiomnaithe laistigh d’institiúidí taighde, d’ollscoileanna teicniúla agus d’acadaimh mhíleata chun cláir oiliúna a bhaineann le dróin a chomhordú eatarthu féin, le hollscoileanna, agus ar fud Bhallstáit an Aontais agus ECAT, lena n-áiritheofar malartú dea-chleachtas agus idir-inoibritheacht curaclam lena n-áirítear béim ar mhodúil cosanta sibhialta agus ar fheidhmeanna dé-úsáide;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Dílárú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>201.</NO.P>á mholadh go mbunófaí ‘sásra nuálaíochta drón agus frithdhrón’ an Aontais faoi GEC chun comhfhorbairt leanúnach idir cumais ionsaitheacha agus chosantacha a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras go gcuirfeadh lúb den sórt sin feabhas ar athléimneacht na hEorpa i gcoinne bagairtí neamhshiméadracha agus go n-áiritheofaí ag an am céanna go bhforbródh caighdeáin eiticiúla, dhlíthiúla agus oibríochtúla i gcomhthráth leis an nuálaíocht theicneolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>202.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go méadaíonn an spleáchas ar shaoráidí táirgthe móra láraithe amháin leochaileacht i leith ionsaithe straitéiseacha agus suaitheadh soláthair; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé cruthaithe go bhfeabhsaíonn samhlacha monaraíochta díláraithe, amhail na samhlacha sin a forbraíodh san Úcráin, athléimneacht oibríochtúil le linn cogaidh trí phointí aonair teipe a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>203.</NO.P>ag spreagadh beartais náisiúnta agus beartais de chuid an Aontais a fhorbairt lena dtacaítear le cur chuige tionsclaíoch measctha, lena gcomhcheanglaítear acmhainneacht straitéiseach na monaróirí cosanta seanbhunaithe le braislí táirgeachta sofhreagrúla ar mhionscála, líonraí FBManna, agus comhar sibhialta-míleata, lena gcumasaítear meartháirgeadh áitiúil, slabhraí soláthair modúlacha, cothabháil atá dáilte go geografach, agus deisiúcháin ghasta allamuigh mar chomhlánú ar chláir thionsclaíocha ar mhórscála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>204.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfí samhlacha díláraithe agus hibrideacha den sórt sin san áireamh in ionstraimí airgeadais an Aontais agus i sásraí cistiúcháin a bhaineann le cosaint, lena n-áirítear CEF agus EDIP, agus critéir incháilitheachta agus tacaíocht tionscadail á gceapadh, lena n-áiritheofar go gcúiteofar solúbthacht, athléimneacht agus inscálaitheacht in éineacht le hacmhainneacht thionsclaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>205.</NO.P>ag meabhrú chonclúid CIE inar cinneadh nach raibh measúnú láidir ar riachtanais ná bearnaí cainníochtaithe sa bhonneagar curtha ar fáil ag an gCoimisiún sular seoladh glaonna ar chistiú; ag tathant, dá bhrí sin, go n-áireofaí go sainráite sna hanailísí ar bhearnaí a dhéanfar amach anseo faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa nóid iompair agus láithreáin fuinnimh agus chumarsáide atá ábhartha do dhróin, chun a áirithiú go ndéanfar bonneagar dé-úsáide a phleanáil ar bhonn fianaise seachas ar chritéir <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING>;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Teagasc agus éileamh comhiomlán a ailíniú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>206.</NO.P>ag spreagadh ailíniú mear na dúnghaoise agus chomhiomlánú an éilimh ar dhróin leis an Úcráin, chun forbairt agus comhtháthú drón a shruthlíniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>207.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí dlús suntasach leis an gcomhar cosanta leis an Úcráin, go háirithe maidir le teicneolaíocht drón agus frithbhearta araon, lena n-áirítear trí chomhar tionsclaíoch feabhsaithe idir na Ballstáit agus an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>208.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór dlús a chur le próisis soláthair agus iad a shimpliú chun seachadadh tráthúil cumas a áirithiú in ainneoin timthriallta teicneolaíochta an-ghearr i réimse na gcóras gan foireann, lena n-éilítear nuálaíocht agus oiriúnú leanúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>209.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhar agus malartú taithí leis an Úcráin bunriachtanach, ach á chur i bhfáth gur cheart réaltachtaí oibríochtúla agus struchtúir chosanta éagsúla gach Ballstáit a chur san áireamh agus teagasca á n-ailíniú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO)</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>210.</NO.P>á iarraidh go bhforbrófaí treochlár uile-Aontais maidir le cumas dróin faoi chreat PESCO chun buiséid náisiúnta a ailíniú agus chun dúbailt a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>211.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscadail shuaitheanta an Aontais amhail Eurodrone, INTERACT, iarrachtaí an séú tonn PESCO, léiritheoirí róbataice saithí GEC, agus creataí U-space/Aerthrácht an Aerspáis Eorpaigh Aonair mar bhloic thógála bhunriachtanacha d’éiceachóras drón na hEorpa; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról acu maidir leis an mbealach a réiteach do chumais a bheidh ann amach anseo agus á iarraidh ar na Ballstáit forbairt chomhpháirteach a mhéadú, iarrachtaí a chomhdhlúthú agus luas na mbagairtí atá ag teacht chun cinn a mheaitseáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>212.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur seoladh cláir chomhoibríocha forbartha cumais cheana féin arb é is aidhm dóibh teacht ar réitigh C-UAS éifeachtúla agus chostéifeachtacha faoi CEF (Comhchóras Eorpach C-UAS agus C-UAS Eorpach) agus faoi chreataí PESCO (C-UAS);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>213.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na cláir sin chun a áirithiú go mbeidh a gcuspóirí agus na torthaí a bhfuiltear ag dréim leo i gcomhréir le réaltacht nua na cogaíochta drón, go háirithe iad siúd a eascraíonn as na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcogadh san Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>214.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, chun na torthaí inmhianaithe a bhaint amach, nach mór do thionscadail atá dírithe ar theicneolaíochtaí úrscothacha C-UAS a fhorbairt cistiú leormhaith a fháil thar gach céim, ó thaighde agus forbairt go tionsclú agus soláthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>215.</NO.P>ag moladh forbairt ardán coiteann Eorpach UAS, amhail an Córas Aerárthaí Cianrialaithe Meánairde Fad-Aga (Euro-drone), nó trealamh frith-UAS a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail an gaireas Ionsaithe Leictreonaigh Aerbheirthe, mar thionscadail úrscothacha sa chomhar cosanta Eorpach faoi PESCO; ag spreagadh iniúchadh a dhéanamh ar thionscadail chosanta chomhchosúla, amhail dróin chabhlaigh, gairis iniompartha frithdhrón nó modúil chomhtháite cogaíochta leictreonaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>216.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an mhoill imníoch ar thionscadal Eurodrone;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>217.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar níos doimhne ann idir GEC agus an clár Fís Eorpach chun nuálaíocht dé-úsáide agus forbairt cláir a chothú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Stoc-charnadh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>218.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar comhpháirteanna drón agus amhábhair ríthábhachtacha a charnadh ar fud na mBallstát, seachas córais iomlána, agus go gcruthófar moil deisiúcháin agus athghiniúna arna n-imscaradh ar an láthair, agus iad suite i gcomhpháirt le stórais ECAT, chun ullmhacht oibríochtúil leanúnach agus uainíocht thapa na gcomhpháirteanna uasghrádaithe a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún na hiarrachtaí sin a chomhtháthú i straitéis uileghabhálach amhábhar lena ndaingneofar slabhraí soláthair tríd an spleáchas straitéiseach ar an tSín mar sholáthróir tábhachtach amhábhar agus mianraí a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>219.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur chuir suaitheadh sa slabhra soláthair le haghaidh comhpháirteanna criticiúla amhail mótair, ceallraí agus leathsheoltóirí srian ar chumas FBManna Eorpacha rannchuidiú go héifeachtach le bonn tionsclaíoch cosanta an Aontais; á iarraidh go mbunófaí sásra ‘rochtain ar stoc-chairn comhpháirteanna’ lena gcuirfí ar chumas FBManna atá deimhnithe ag GEC agus ag na Ballstáit comhpháirteanna den sórt sin a tharraingt ó stoc-chairn straitéiseacha an Aontais ar phraghsanna caibidlithe agus aisíocaíocht chomhchineáil a dhéanamh nuair a bheidh méadú tagtha ar an táirgeadh; á áitiú gur cheart go mbeadh rochtain ag an Úcráin ar na stoc-chairn sin freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>220.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an cur chuige sin ailínithe go hiomlán le cuspóirí Phlean ReArm Europe agus an Ghnímh Eorpaigh um Shliseanna, lena dtreisítear ullmhacht thionsclaíoch agus athléimneacht ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>221.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur léirigh an cogadh san Úcráin na timthriallta teicneolaíochta an-ghearr i réimse na gcóras gan foireann, lena n-éilítear nuálaíocht agus oiriúnú leanúnach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhar agus malartú taithí leis an Úcráin bunriachtanach, ach á chur i bhfáth gur cheart réaltachtaí oibríochtúla agus struchtúir chosanta éagsúla gach Ballstáit a chur san áireamh agus teagasca á n-ailíniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>222.</NO.P>á iarraidh go bhforbrófaí córais mhodúlacha ina bhfuil comhpháirteanna inmhalartaithe, chun coinneáil suas le timthriallta nuálaíochta tapa i ndróin olltáirgthe agus chun oiriúnú d’éabhlóid leanúnach na gceanglas aerchosanta i dteagmhais ard-déine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>223.</NO.P>á chur i bhfáth, áfach, go mbaineann costais shuntasacha don tionscal le hullmhacht agus acmhainneacht stoc-charntha den sórt sin a choinneáil ar bun, agus nach dócha go gcoinneoidh cuideachtaí fardail de chomhpháirteanna criticiúla gan treoir phoiblí shoiléir agus tacaíocht airgeadais shoiléir; á mholadh go bhféadfadh gníomhaireachtaí náisiúnta um shlándáil an tsoláthair feidhmiú mar allmhaireoirí agus mórdhíoltóirí le haghaidh príomh-chomhpháirteanna, agus ar an gcaoi sin leibhéil leordhóthanacha stoic a áirithiú, uainíocht rialta stoic a chumasú, agus an t-ualach airgeadais ar ghnólachtaí aonair a mhaolú; á chur i bhfios go láidir go mbeadh gá le comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach chomhordaithe agus sásraí cistiúcháin tiomnaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun athléimneacht agus leanúnachas soláthair a áirithiú leis an tsamhail sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>224.</NO.P>á iarraidh go mbeadh ‘pacáiste iontaofach ó thaobh brabúis’ ann chun éifeachtúlacht maoinithe cosanta a fheabhsú trí theimpléid chaighdeánacha phacáiste iasachta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta/CEF a fhoilsiú, lena n-áirítear sceidil gharspriocanna, forálacha baránta agus clásail maoine intleachtúla, chun achrann dlíthiúil le bainc na mBallstát a bhfuil baint acu le línte creidmheasa a bhaineann le cosaint a dháileadh a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>225.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a áireamh, faoi chuimsiú a Chomhaontuithe um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú, chun a áirithiú go bhfaighidh tionscal drón na hEorpa agus na Ballstáit cúlchistí leordhóthanacha de phríomhábhair agus de chomhpháirteanna atá bunriachtanach d’fhorbairt UAS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>226.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún na hiarrachtaí sin a chomhtháthú i straitéis uileghabhálach amhábhar lena ndaingneofar slabhraí soláthair trí spleáchas straitéiseach ar an tSín a laghdú agus á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit slándáil an tsoláthair do dhróin a choimirciú trí chomhpháirteanna agus inniúlachtaí criticiúla nach mór a fhoinsiú go háitiúil a shainaithint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Buiséad tiomnaithe GEC</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>227.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle Eorpach sainordú a thabhairt do GEC buiséad tiomnaithe, solúbtha a bhunú do UAS a chumhdaíonn saolré iomlán an chumais, lena n-áirítear T&F, fréamhshamhaltú, oiliúint, páirceáil agus cothabháil, le ceanglais agus leithreasuithe solúbtha chun dlús a chur le fáil agus le cur chun páirce;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>228.</NO.P>á mheas go bhféadfadh Struchtúr do Chláir Armála na hEorpa (SEAPanna) a bheith ina uirlis úsáideach chun UASanna a fhorbairt toisc go gcuimsíonn sé saolré iomlán an chumais, rud a chuirfeadh dlús le fáil nó táirgeadh na gcumas ábhartha agus lena n-infhaighteacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>229.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don tSlándáil agus ar na Ballstáit, i gcomhairle le ECAT, línte cistiúcháin tiomnaithe de chuid an Aontais a bhunú chun aonaid UAS comhraic a sholáthar go tapa, oiliúint a chur orthu, iad a chothú agus páirteanna spártha a sholáthar dóibh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Córais braite stát ar an líne thosaigh</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>230.</NO.P>á mheas go léiríonn an iliomad ionraí a rinne dróin na Rúise in aerspás go leor Ballstát nach bhfuil an tAontas faoi bhagairt a thuilleadh ach go bhfuil sé á spreagadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>231.</NO.P>á chreidiúint nach gníomh hibrideach é traseitilt aerspáis cheannasaigh ag scairdeitleáin trodaíochta nó dróin mhíleata, ach gur sárú d’aon ghnó ar cheannasacht é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>232.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit an acmhainneacht a fhorbairt chun ionsaithe den sórt sin a dhíspreagadh, a bhrath go tapa, a shannadh, a idircheapadh agus a bheith réidh chun iad a neodrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>233.</NO.P>á mholadh do na Ballstáit, go háirithe stáit ar an líne thosaigh, córais nua braite diúracán agus lainseálacha drón a uasghrádú nó a ghlacadh ar féidir leo faisnéis a tharchur ar fud an Aontais chun fónamh mar ‘sciath’ do chumais ilchisealacha aerchosanta na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>234.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí comhtháthú iomlán le struchtúir cosanta aeir agus spáis ECAT chun idir-inoibritheacht a uasmhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>235.</NO.P>á iarraidh ar Thionscnamh Sciath Aerspáis AE cumais C-UAS a chomhtháthú laistigh d’ailtireacht níos leithne chreat chóras Eorpach maidir le cosaint chomhtháite aeir agus diúracán, agus ag tacú leis an líonra luathrabhaidh agus comhroinnte sonraí uile-Aontais lena gcomhtháthaítear teiliméadracht bhraite agus lena seoltar tásca le córais ceannais aerchosanta an Aontais agus náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>236.</NO.P>á mheabhrú nach féidir leis an Aontas a theorainneacha a chosaint go héifeachtach ach amháin le cur chuige cuimsitheach 360°;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>237.</NO.P>á iarraidh go ndéanfadh an tAontas cómhaoiniú spriocdhírithe ar chosaintí frithdhrón chun bonneagar criticiúil fuinnimh agus iompair a chosaint sna Ballstáit ar an líne thosaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>238.</NO.P>á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit cosaint bhunlíne, shrathach C-UAS a chur chun feidhme do bhonneagar criticiúil amhail córais fuinnimh, nóid iompair, líonraí teileachumarsáide agus deighleoga spáis ar talamh bunaithe ar chomhéadain idir-inoibritheacha agus ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna, le tuairisciú comhchuibhithe teagmhas agus comhordú soiléir sibhialta-míleata, agus oiliúint agus tástáil cogaíochta leictreonaí atá údaraithe go dlíthiúil agus díchoinbhleachta go sábháilte mar bhonn taca leis;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Oiliúint rialta a chómhaoiniú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>239.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí oiliúint rialta agus forbairt saineolais theicniúil a chómhaoiniú ar fud acadaimh seirbhíse agus coláistí míleata trí GEC le comhordú ón gColáiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint, lena n-urraítear bloic forbartha cumais theicniúil trí oiliúint chomhpháirteach lena dtugtar tús áite do phríomhréimsí amhail comhéadain saithe dhaonna, algartaim faisnéise saithe, imeall-ríomhaireacht, naisc shlána sonraí, cláir/ardáin il-inmharthana, ionsamhlú ardán turgnamhaíochta d’fhorbairt oirbheartaíochta IS, agus ionsamhlúcháin lena mbarrfheabhsaítear seicheamhú bagairtí agus éifeachtúlacht arm, lena n-áirithítear go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin a ailíniú le caighdeáin oiliúna ECAT agus go rannchuideoidh siad le cuspóirí comhchoiteanna Eorpacha fothaithe acmhainneachta agus idir-inoibritheachta, lena n-áirítear ionchorprú IS, róbataic agus teicneolaíochtaí aeraspáis, chun iomaíochas a fheabhsú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Oiliúint chomhpháirteach C-UAS i bpleanáil cosanta sibhialta</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>240.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí C-UASanna a chomhtháthú i gcleachtaí oiliúna comhpháirteacha agus i bpleanáil cosanta sibhialta ar leibhéal an Aontais, agus béim á leagan ar bhonneagar criticiúil lena gcuirtear ar chumas na bpóilíní, na n-údarás aerfoirt agus na n-oibreoirí san earnáil fuinnimh rochtain a fháil ar oiliúint uile-Aontais agus ar chumais chaighdeánaithe C-UAS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>241.</NO.P>á mholadh go neartófaí tástáil thionsclaíoch sa lúb agus trialacha allamuigh atriallacha chun teicneolaíochtaí frithdhrón agus coincheapa oibríochtúla nua a bhailíochtú go tapa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>242.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát tosaíocht a thabhairt do chórais cheannais agus rialaithe a chomhtháthú le céadfhreagróirí, le teagasc cosanta sibhialta agus cosanta UAS chun a áirithiú go ndéanfar ullmhacht shibhialta, dídean, luathrabhadh agus comhtháthú teicneolaíoch a bharrfheabhsú a mhéid is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>243.</NO.P>á mheas gur cheart na bagairtí a bhaineann le húsáid neamhdhleathach drón a chur san áireamh i gcur chun feidhme na treorach maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus á iarraidh ar an gCoimisiún creat rialála a bhunú lena n-údarófar do chomhlachtaí slándála stáit, lena n-áirítear póilíní, gardaí teorann agus fórsaí inmheánacha eile, córais C-UAS a sholáthar agus a oibriú; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an t-údarú sin faoi réir forálacha diana formhaoirseachta agus cuntasachta atá inchomparáide leo siúd a chuirtear i bhfeidhm ar airm mharfacha, lena n-áirithítear cosaint éifeachtach an bhonneagair shibhialtaigh agus caighdeáin sábháilteachta agus slándála an Aontais á gcaomhnú ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Caighdeánú UAS ar fud an Aontais</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>244.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí caighdeánú UAS ar fud an Aontais, go mbeadh aeracmhainneacht leanúnach éigeantach ar deireadh, agus go mbeadh gá le Cibearbhonneagar Monatóra Oscailte agus EMAR agus ceannasacht na mBallstát á hurramú go hiomlán agus á áirithiú nach gcruthóidh na ceanglais sin ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ná nach gcuirfidh siad bac ar nuálaíocht agus ar fhás FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>245.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh, trí úsáid a bhaint as ionstraimí trádála an Aontais, ar iomadú na monaróirí drón a chuireann cleachtais láimhseála sonraí theimhneacha i bhfeidhm; á iarraidh go bhforbrófaí creat rialála chun inrianaitheacht iomlán na dteicneolaíochtaí crua-earraí agus bogearraí a úsáideann dróin a oibríonn laistigh den Aontas a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Láthair thástála a leathnú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>246.</NO.P>á iarraidh go leathnófaí láthair thástála deimhnithe le haghaidh oiliúna ar chumais drón agus chun iad a chomhtháthú i gcás inar féidir leis an tionscal agus leis na fórsaí armtha réitigh drón a chomhfhorbairt, a thástáil agus a atriail go tapa i ndálaí oibríochtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>247.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún maoiniú leormhaith a chur ar fáil d’fhothú acmhainneachta agus bonneagair na suíomhanna sin chun a n-acmhainneacht nuálaíochta optamach a bhaint amach; á mholadh go gcuirfí FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta san áireamh chun dlús a chur le T&F chun buntáiste teicneolaíoch na hEorpa a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>248.</NO.P>á aithint gur samhail d’fhorbairt fórsaí amach anseo é cumais drón a chomhtháthú de réir a chéile in aonaid ilnáisiúnta, amhail gné frithdhrón a ionchorprú le déanaí i mbriogáid Réamhláithreachta Feabhsaithe ECAT sa Laitvia; á iarraidh go mbainfí úsáid níos mó as na forais tástála deimhnithe atá ann cheana le haghaidh oiliúna agus comhtháthaithe; á chur i bhfáth go n-éilíonn oibreoirí rochtain ar raonta slána, ar thimpeallachtaí ionsamhlúcháin agus ar chleachtaí dóiteáin bheo chun oiliúint a chur ar oirbheartaíocht saithe, ar fhrithUAS agus ar spriocdhíriú uathrialach; ag tabhairt dá haire go gcuirfeadh lárionaid chomhpháirteacha Eorpacha, agus leas á bhaint as taithí oibríochtúil chathlán na Réamhláithreachta Feabhsaithe (eFP) faoi stiúir Cheanada le dróin ar an gcliathán thoir, feabhas ar roghanna oiliúna trastíre, ar idir-inoibritheacht, ar chóineasú praiticiúil agus ar éifeachtúlacht ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>249.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin, i gcomhairle leis na Ballstáit, rialacháin a shimpliú do limistéir tástála gan daonra chun tástáil a chumasú i gcomhréir le comhchaighdeáin sábháilteachta; á mholadh go n-ionchorprófaí ionsamhlú IS-chumasaithe agus fíorchleachtaí chun ullmhacht teicneolaíochta agus ábharthacht teagascach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>250.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin chun ualaí riaracháin a laghdú, más gá, chun nósanna imeachta a chuíchóiriú i gcomhréir le forálacha Omnibus maidir le hUllmhacht Cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>251.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach mór dróin a dhéantar san Eoraip a thástáil i bhfíordhálaí cogaidh amhail san Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>252.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí ‘meiteachruinne cosanta’ arna bainistiú ag GEC a mhaoiniú agus a thógáil le haghaidh comhrac ionsamhlaithe drón (cabhlach agus aer), ag tosú le hionsamhlúcháin bunaithe ar cháithníní agus ansin ag bogadh i dtreo timpeallachtaí ardtaifigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>253.</NO.P>á mholadh go bhforbrófaí straitéisí comhordaithe cliste agus go ndéanfaí meastóireacht orthu go minic le haghaidh saithí drón trí úsáid a bhaint as timpeallachtaí ionsamhlúcháin a fhaigheann tacaíocht ón ríomhaireacht ardfheidhmíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>254.</NO.P>á aithint go bhfuil gá le bonneagar ríomhaireachta ardfheidhmíochta le braislí aonad próiseála grafaicí agus próiseáil chomhthreomhar chun saithí drón a thástáil agus a shintéisiú, agus go bhfuil gá le ríomh inscálaithe chun inscálaitheacht a bhaint amach; á mholadh, dá bhrí sin, go gcuirfí maoiniú ar fáil do GEC chun tús áite a thabhairt d’oiliúint sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>255.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le comhordú aerspáis shibhialta-mhíleata níos láidre, go háirithe trí dhróin a chomhtháthú i gconairí U-spáis faoin tionscnamh Aerspás Eorpach Aonair; ag tacú le leathnú na gcleachtaí comhpháirteacha ionsamhlúcháin agus idircheaptha a bhfuil baint ag gníomhaithe sibhialta, forfheidhmithe dlí agus míleata leo chun ullmhacht do bhagairtí ilfhearainn a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir gur cheart cleachtaí den sórt sin a dhéanamh ar bhonn éigeantach bliantúil chun ullmhacht agus idir-inoibritheacht leanúnach a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ardán um fhaireachán ar bhagairtí</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>256.</NO.P>á mholadh go mbunófaí ardán Eorpach um fhaireachán ar bhagairtí hibrideacha do chórais gan foireann, arna óstáil ag Cill Chomhtháthaithe an Aontais Eorpaigh in aghaidh Bagairtí Hibrideacha agus arna chomhordú le EUMS faoi Acmhainneacht Aonair Anailíse Faisnéise an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>257.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart don ardán foláirimh straitéiseacha a chur ar fáil do Choiste Polaitiúil agus Slándála na Comhairle, le hionchur míleata ó Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh agus ó Chumas Míleata Pleanála agus Seolta an Aontais, agus a bheith idir-inoibritheach le saineolas ECAT, a Ionaid Barr Feabhais um Chibearchosaint Chomhoibríoch, agus chórais luathrabhaidh na mBallstát, agus a bheith bunaithe ar an saineolas sin; á chur i bhfios go láidir gur gá geallsealbhóirí na Parlaiminte a choinneáil ar an eolas go rialta chun maoirseacht chuí a ráthú agus chun ceapadh beartas fianaisebhunaithe a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>258.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart do Bhallstáit an Aontais ar an líne thosaigh a saineolas réigiúnach agus a seasamh straitéiseach a ghiaráil chun feasacht staide agus éifeachtacht oibríochtúil a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>259.</NO.P>á iarraidh go n-imscarfaí gníomhaíocht ar fud an Aontais maidir le sraith feasachta staide trí bhunachar sonraí comhtháite rianaithe agus bagartha UAS a chistiú, bunaithe ar chórais ECAT maidir le cosaint chomhtháite aeir agus diúracán atá ceaptha chun feabhas a chur ar bhrath, ar chomhordú agus ar chosaint shibhialtach thar theorainneacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>260.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit lárionad náisiúnta oibríochtaí C-UAS a ainmniú chun comhordú de lá agus d’oíche agus comhroinnt idir-inoibritheach sonraí a áirithiú i measc na n-údarás inniúil, lena n-áirítear eitlíocht shibhialta agus seirbhísí aerloingseoireachta, forfheidhmiú an dlí, cosaint, faisnéis, gardaí teorann agus cósta, údaráis cosanta sibhialta agus oibreoirí bonneagair chriticiúil, agus le Ballstáit eile, bunaithe ar chomhéadain choiteanna nó oscailte, formáidí tuairiscithe comhchuibhithe agus creataí láidre dlíthiúla agus príobháideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>261.</NO.P>ag aithint ‘shamhail na Danmhairge’ mar dhea-chleachtas do na Ballstáit aithris a dhéanamh chun feabhas a chur ar fháil córas arm ceannródaíoch ag an bpointe praghais is ísle atá ar fáil, agus ag an am céanna tacú le geilleagar na hÚcráine agus taighde agus forbairt níos tapúla a spreagadh ó na gnólachtaí is fearr atá in ann nuálaíocht a dhéanamh de réir réaltachtaí láthair an chatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>262.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil deis ag na Ballstáit táirgeadh cumas cosanta a cheadú trí sholáthar comhpháirteach agus trí chomhar tionsclaíoch le cuideachtaí na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>263.</NO.P>ag spreagadh tástáil chomhpháirteach UAS idir EUMS agus UAF lena gceadaítear conair chuíchóirithe le haghaidh comhtháthú ar an leibhéal Eorpach lena bhfreastalaítear ar inscálaitheacht, idir-inoibritheacht, agus lena mbaintear úsáid as láidreachtaí na hÚcráine i réitigh mhodúlacha, ísealchostais, nuálaíocht dhigiteach dhúchasach C2 agus nuálaíocht atá dírithe ar an réimse;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cumais cogaíochta leictreonaí agus cogaíochta frithleictreonaí a chomhfhorbairt</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>264.</NO.P>á aithint gur spreag diansaothrú na cogaíochta leictreonaí san Úcráin rás i gcumais ‘suaitheadh bacainní’, rud a léiríonn gur gá d’fhórsaí armtha an dúshlán sin a shárú trí chumais cogaíochta leictreonaí a fhorbairt go comhpháirteach ar féidir leo gunnaí frithdhrón, barróga minicíochta, modhanna as líne agus ainlithe seachanta eile a shárú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Córais C2</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>265.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí infheistíocht i gcruthú modhanna cumarsáide tarchuir sonraí gan sreang le haghaidh maitrís éifeachtach, éifeachtúil agus atá frithsheasmhach in aghaidh na cogaíochta leictreonaí, chun go mbeidh C2 éifeachtach ar láthair an chatha a mheastar a bheidh tuilte le feithiclí eitilte gan foireann agus feithiclí talún gan foireann a dteastaíonn sonraí éifeachtacha gan sreang uathu chun go bhfeidhmeoidh siad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>266.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar GEC tosaíocht a thabhairt do chomhtháthú chláir GOVSATCOM agus IRIS2 le haghaidh cumarsáid satailíte iontaofa, shlán agus chostéifeachtach lena dtacaítear le misin chosanta an Aontais agus le naisc dhróin C2;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>267.</NO.P>ag tathant go ndéanfaí infheistíocht spriocdhírithe CEF i gcríochfoirt satailíte íseal-aga, ard-bhandaleithid agus i bpálastaí cumarsáide athléimneacha chun tarchur sonraí fíor-ama agus cosaint ar thrasnaíocht, idircheapadh agus trasnaíocht a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>268.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit caighdeáin idir-inoibritheacha C3 a bhunú lena gcomhtháthófar córais le foireann agus gan foireann ar fud chreataí an Aontais agus ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>269.</NO.P>ag spreagadh tacaíocht CEF agus EDIP d’ailtireachtaí aontaithe, slána ina n-úsáidtear IS agus comhleá sonraí néalbhunaithe chun oibríochtaí ilardáin comhordaithe, fíor-ama a chumasú agus maoirseacht dhaonna agus cibearshlándáil á n-áirithiú ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Comhar idir an tAontas agus ECAT maidir le cogaíocht frithdhrón</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Ionad barr feabhais drón AE-ECAT</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>270.</NO.P>á iarraidh go gcruthófaí lárionad comhpháirteach barr feabhais drón idir an tAontas agus ECAT i stát ar an líne thosaigh le Láithreacht Fheabhsaithe ECAT, saoráidí tástála gníomhacha agus mol gníomhach monaraíochta drón chun freachnaimh chomhpháirteacha agus idirmhalartacht ar fud na mBallstát a chuíchóiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>271.</NO.P>á iarraidh go gcomhoibreodh ionad barr feabhais drón AE-ECAT le tionscadal PESCO maidir le soghluaisteacht mhíleata agus leis an gCeannasaíocht Aeriompair Eorpach chun caighdeáin chomhpháirteacha a fhorbairt maidir le córais gan foireann a iompar, a athbhreoslú agus a imscaradh trí chonairí soghluaisteachta míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>272.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór cur chuige 360° a bheith ag lárionad den sórt sin, dúbláil le struchtúir ECAT atá ann cheana a sheachaint agus díriú ar aistriú tapa na gceachtanna a foghlaimíodh ón Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>273.</NO.P>á mholadh go gcruthófaí, faoi 2027, líonra d’ionaid barr feabhais AE d’oibríochtaí drón, a mbeidh gach ceann acu ag speisialú i réimse (e.g. muinisin síománaíochta, saithí, máithreachais, UAS oirbheartaíochta, dróin mhuirí agus frith-UASanna), lena gcomhthiomsófar saineolas náisiúnta agus lena ndéanfar ailíniú le hionaid barr feabhais ECAT agus le scéim deimhniúcháin chomhchuibhithe GEC;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Cláir aistrithe eolais idir an Úcráin, ECAT agus an tAontas</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>274.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí cláir aistrithe eolais idir an Úcráin agus ECAT agus an tAontas a institiúidiú trí mhalartuithe foirne uainíochta le pearsanra UAF agus trí chláir oiliúna chomhpháirteacha faoi EUMS agus faoi Aonad an Aontais in SHAPE a leathnú; á mholadh go mbunófaí mol oiliúna agus lóistíochta buan, comhchistithe idir an tAontas agus ECAT-an Úcráin i stát ar an líne thosaigh chun pleanáil oibríochtúil, lóistíocht agus cothabháil a chuíchóiriú, agus béim á leagan ar fhíor-inmharthanacht drón agus ar cheachtanna nuálaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>275.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar idir an tAontas agus ECAT chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí catha na hÚcráine a institiúidiú trí nuálaíochtaí teagasacha agus teicneolaíocha a chomhtháthú i ndálaí comhraic nua-aimseartha, i gcomhar leis an gColáiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint agus le EUMS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>276.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar a rannpháirtíocht i misin oiliúna san Úcráin chun an saineolas agus na teicnící nuálacha atá ag Fórsaí Armtha na hÚcráine a ionsú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>277.</NO.P>á mholadh gur cheart go n-áireofaí sa chomhar sin freisin malartú taithí oibríochtúla maidir le haonaid drón a chomhtháthú mar bhrainsí neamhspleácha de na fórsaí armtha, mar a léiríodh le déanaí le bunú Fhórsaí na gCóras Gan Foireann ag an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>278.</NO.P>á iarraidh go mbeadh sineirge ann idir comhar an Aontais leis an Úcráin agus Treochlár Comhair um Nuálaíocht ECAT-na hÚcráine mar phríomhbhealach chun naisc níos dlúithe a bhunú idir institiúidí taighde agus tionscail chosanta, píblínte nuálaíochta a chuíchóiriú agus fréamhshamhaltú tapa agus imscaradh tapa córas a bhaineann le dróin a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>279.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí freachnaimh chomhpháirteacha bhliantúla maidir le comhtháthú teagaisc drón ar fud oibríochtaí CBSC agus Chathghrúpaí an Aontais, arna gcomhordú tríd an gCumas Míleata Pleanála agus Seolta agus arna meas i gcomhpháirtíocht le Lárionad Ceannais agus Anailíse, Oiliúna agus Oideachais Comhpháirteach Fhórsa ECAT, chun comhoiriúnacht dhochrach agus réalachas oibríochtúil a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>280.</NO.P>á mholadh go seolfaí freachnaimh chomhpháirteacha AE-ECAT maidir le cosaint saithe drón, athléimneacht cogaíochta leictreonaí, éifeachtóirí cinéiteacha ar chostas íseal agus córais fuinnimh dhírithe ag raonta tástála ilnáisiúnta, le stádas breathnóra struchtúrtha an Aontais agus rochtain chómhalartach do thionscnaimh faoi stiúir an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>281.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí teicneolaíochtaí UAS agus C-UAS a chomhtháthú i struchtúr EUMS agus i mbuanfhreachnaimh mhíleata na mBallstát;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Aonad comhordúcháin drón AE-ECAT</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>282.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí buanaonad comhordaithe drón idir an tAontas agus ECAT chun bearnaí maidir le teagasc agus bearnaí oibríochtúla idir oibríochtaí an Aontais agus ECAT a líonadh le buanaonad comhordaithe comhpháirteach laistigh d’Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh a mbeidh sé de chúram uirthi teagasc maidir le dróin a shioncrónú, tosaíocht a thabhairt do chomhtháthú cumais, agus comhroinnt faisnéise fíor-ama a éascú idir misin CBSC an Aontais agus oibríochtaí ECAT;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhchaighdeáin idir-inoibritheachta a bhunú</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>283.</NO.P>á iarraidh go mbeadh caighdeán idir-inoibritheachta aontaithe UAS idir an tAontas agus ECAT ann a bheadh ceaptha le haghaidh prótacail choiteanna chumarsáide, córais aicmithe do UAS/C-UAS, agus le haghaidh formáidí comhroinnte sonraí a bheadh ceaptha a bheith ceangailteach do mhisin uile CBSC agus a bheadh sioncrónaithe le teagasc C-UAS ECAT chun comhordú gan uaim in oibríochtaí comhpháirteacha a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá dlúthchomhar idir ECAT agus an tAontas chun leas a bhaint as róil chomhlántacha an dá eagraíocht chun cosaint agus díspreagadh na hEorpa a neartú; á iarraidh, go háirithe, ar an gCoimisiún ionstraimí atá ceangailteach ó thaobh dlí a mholadh chun a áirithiú go gcloífear le caighdeáin ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>284.</NO.P>á áitiú go mbeidh cistiú CEF, EDIP agus ReArm Europe coinníollach ar na caighdeáin sin a chomhlíonadh go docht chun gaibhniú díoltóirí a sheachaint agus chun comhoiriúnacht phlugála agus sheinnte a uasmhéadú; á mholadh go bhféachfaí ar thorthaí an Réamhbhirt do Thaighde Cosanta 2019 INTERACT - Caighdeáin Idir-inoibritheachta do Chórais na bhFórsaí Armtha gan Foireann mar thagairt dea-chleachtais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>285.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí comhtháthú drón i misin CBSC a institiúidiú, go mbunófaí caighdeáin chomhpháirteacha idir-inoibritheachta le ECAT, agus go n-úsáidfí cur chuige cosanta srathach chun bagairtí frith-UAS a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>286.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí Tástáil chomhpháirteach C-UAS a institiúidiú ag suiteálacha agus raonta nuálaíochta CBSC agus ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>287.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí cumais C-UAS a chomhtháthú i dTionscnamh Eorpach um Chosaint Aerspáis laistigh d’ollstruchtúr níos leithne chóras Eorpach maidir le cosaint chomhtháite aeir agus diúracán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>288.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí isteach creat CBSC ‘úsáid fhreagrach teicneolaíochtaí i réimse na cosanta’, le hionchur ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, lena ndíreofar ar mhaolú díobhála sibhialtaí, ar chosaint sonraí, agus ar shásraí cuntasachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>289.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar idir an tAontas agus ECAT ann maidir le cur chun feidhme Plean Gníomhaíochta ECAT um Ghlacadh Tapa, a bhfuil sé d’aidhm aige dlús a chur le próisis soláthair náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit timthriallta éadála a athchóiriú, lena n-áirítear samhlacha féideartha a fhorbairt chun aerárthaí gan foireann a sholáthar mar sheirbhís, prótacail tástála, agus creataí deimhniúcháin, chun a áirithiú go mbeidh an nuálaíocht mhíleata bord ar bhord leis an timpeallacht bhagartha; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an togra atá ar na bacáin le haghaidh Treochlár AE um Chlaochlú Thionscal na Cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>290.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta um Mearghlacadh ECAT a nascadh le tionscadail bhonneagair soghluaisteachta míleata an Aontais, lena n-áiritheofar gur féidir córais drón nuafhorbartha a iompar go tapa agus a chomhtháthú in oibríochtaí comhpháirteacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Comhpháirtíochtaí straitéiseacha </STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING></STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhghuaillíocht drón</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>291.</NO.P>ag tacú le comhar an Aontais leis an gComhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Dhróin chun soláthar láthair an chatha a ailíniú le cuspóirí an Chiste Eorpaigh Cosanta; ag iarraidh ar an gCoimisiún cómhaoiniú le príomh-chomhpháirtithe a fhiosrú chun borradh a chur faoi tháirgeadh a bhaineann le dróin, i gcomhréir le tionscnaimh thionsclaíocha agus theicneolaíocha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>292.</NO.P>ag aithint an róil leanúnaigh atá ag Comhghuaillíocht na nDrón i gcaighdeánú UAS, a cabhair chriticiúil don Úcráin agus a áirithiú go gcoinneoidh na Ballstáit suas le ceanglais atá ag athrú go tapa ar láthair an chatha; ag spreagadh na mBallstát chun úsáid a bhaint as an gcomhpháirtíocht sin chun soláthar fada, imréitigh, ceanglais forbartha agus tástála a laghdú chun cabhrú le UASanna a fháil go tapa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>293.</NO.P>ag tacú le comhar an Aontais leis an gComhghuaillíocht Idirnáisiúnta Drón agus ag spreagadh na mBallstát chun páirt a ghlacadh sa Chomhghuaillíocht agus rannchuidiú go gníomhach léi, a leanann de dhróin a cheannach agus de thacú le forbairtí nuálacha chun feabhas a chur ar chumais láithreacha catha fhórsaí na hÚcráine; á iarraidh ar na Ballstáit a soláthar ar láthair an chatha a ailíniú le cuspóirí Chomhghuaillíocht na nDrón; ag iarraidh ar an gCoimisiún deiseanna cómhaoinithe le príomh-chomhpháirtithe a fhiosrú chun borradh a chur faoi tháirgeadh a bhaineann le dróin, agus chun comhar tionsclaíoch a chur chun cinn, i sineirgíocht le tionscnaimh thionsclaíocha agus theicneolaíocha an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhar comhpháirtíochta slándála agus cosanta (SDP)</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>294.</NO.P>ag spreagadh comhpháirtíochtaí straitéiseacha nua de chuid an Aontais agus comhaontuithe comhpháirtíochta slándála agus cosanta a ghiaráil chun timpeallacht rialála agus próisis soláthair a shaothrú lena gcomhordaítear agus lena gcomhtháthaítear leis an éiceachóras Eorpach atá ann faoi láthair, trína dtugann comhpháirtithe straitéiseacha na cumais chriticiúla agus na hamhábhair is gá agus trína gcuireann siad béim ar fhorbairt chomhpháirteach sa tiomáint, san fhaisnéis chomharthaíochta, i gcogaíocht leictreonach, i bhforbairt chinéiteach, léasair agus i mbogearraí atá criticiúil ó thaobh misin de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>295.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas atá ailínithe go hiomlán le CBSC an Aontais rannpháirteach i bhfothú acmhainneachta drón na hEorpa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhaontuithe déthaobhacha nua le haghaidh drón</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>296.</NO.P>á mholadh go mbunófaí comhaontuithe déthaobhacha le comhpháirtithe straitéiseacha neamh-AE le haghaidh comhtháirgeadh agus aistriú teicneolaíochta slán, agus úsáid á baint as samhlacha comhfhorbartha agus cómhaoinithe chun rochtain a fháil ar chórais chruthaithe agus acmhainneacht táirgeachta á forbairt ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>297.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór coimircí dochta do mhaoin intleachtúil a áireamh sna comhaontuithe sin, agus iomaíochas tionsclaíoch agus ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa a chosaint agus idir-inoibritheacht le fórsaí ECAT nach de chuid an Aontais iad a áirithiú, go háirithe stáit in Iarthar na hEorpa nach de chuid an Aontais iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>298.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tíortha toilteanacha na mBalcán Thiar a chomhtháthú i dtionscadal an Bhalla Dróin, in éineacht le comhar níos doimhne i réimsí na slándála agus na cosanta, lena n-áirítear fothú acmhainneachta, cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus bonneagar criticiúil a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>299.</NO.P>á mholadh go dtabharfaí tús áite do chúnamh a bhaineann go sonrach le dróin faoi chuimsiú na Saoráide Eorpaí Síochána agus ionstraimí ábhartha eile gníomhaíochta seachtraí de chuid an Aontais, lena gcuirfear ar chumas tíortha comhpháirtíochta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhagairtí neamhshiméadracha agus a bheith níos ullmhaithe d’oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta (CT);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>300.</NO.P>ag aithint an dul chun cinn agus an tsaineolais shuntasaigh atá ag comhpháirtithe daonlathacha atá ar aon intinn sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, maidir le dróin agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus maidir le taighde dé-úsáide; á iarraidh go bhfeabhsófaí an comhar slándála agus cosanta agus an chomhpháirtíocht le comhpháirtithe an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, lena n-áirítear an Téaváin, go háirithe i dteicneolaíocht na ndrón agus i dtionscail ábhartha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé slabhraí soláthair slána, neamhdhearga a thógáil a mbeidh luachanna daonlathacha mar bhonn taca leo chun an tslándáil agus an athléimneacht a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>301.</NO.P>á mholadh go n-úsáidfí samhlacha comhfhorbartha agus cómhaoinithe le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo nach sáraíonn leasanna slándála an Aontais agus a Bhallstát chun rochtain a fháil ar chórais chruthaithe agus acmhainneacht táirgeachta an Aontais á forbairt ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>302.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh comhaontuithe nua trádála nó polaitiúla an Aontais le tíortha eile, nó modhnuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chomhaontuithe atá ann cheana, rochtain ar phríomhtheicneolaíochtaí d’fhorbairt drón a chur i mbaol ná spleáchais leochaileacha a chruthú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">Comhar leis an Úcráin</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>303.</NO.P>á thabhairt chun suntais gurb iad an Rúis agus an Úcráin an dá thír is mó a bhfuil taithí acu ar chogaíocht drón faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>304.</NO.P>ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dul i gcomhpháirtíocht leis an Úcráin dá thionscnaimh uile a bhaineann le dróin, mar bhealach chun dlús a chur le forbairt drón san Aontas agus chun tacaíocht don Úcráin a mhéadú; á iarraidh, go háirithe, ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar a rannpháirtíocht i misin oiliúna san Úcráin maidir le cogaíocht drón agus frithdhrón chun an saineolas agus na teicnící nuálacha atá ag Fórsaí Armtha na hÚcráine a ionsú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>305.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí comhroinnt eolais ón Úcráin a institiúidiú trí chláir fhoirmiúla malartaithe a fhorbairt idir oibreoirí dróin na hÚcráine agus oiliúnóirí AE/ECAT, arna gcomhordú trí Ionad Comhpháirteach Anailíse, Oiliúna agus Oideachais ECAT, ionad Cúnaimh Slándála ECAT don Úcráin agus GEC, chun a áirithiú go ndéanfar oirbheartaíocht atá cruthaithe ag láthair an chatha a inmheánú go tapa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>306.</NO.P>á mholadh go mbunófaí malartú marthanach agus córasach dea-chleachtas agus oiliúna leis an Úcráin, lena gcomhtháthófar a dtaithí mhíleata oibríochtúil agus oirbheartaíochta ar fud roinnt éisliún, lena n-áirítear ar an leibhéal ceannais straitéisigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>307.</NO.P>á iarraidh go n-áireofaí saineolaithe ón Úcráin ar bhoird rialachais, ar fhoirne trialach agus i malartuithe oiliúna píolótacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>308.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí bunachar sonraí maidir le ceachtanna a foghlaimíodh agus comhordúchán le rannpháirtíocht na hÚcráine chun sonraí ó láthair an chatha a bhailiú, oirbhearta bailíochtaithe a fhoilsiú agus teagasca a thabhairt cothrom le dáta go tapa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>309.</NO.P>á iarraidh ar GEC oifig a bhunú san Úcráin, lena ndéanfar Oifig Nuálaíochta Cosanta AE atá ann cheana a ghiaráil le attaché GEC a bhfuil sainordú aige páirt a ghlacadh i Meithleacha na hÚcráine-na mBallstát chun comhroinnt dea-chleachtas idir an Úcráin agus na Ballstáit a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>310.</NO.P>ag spreagadh na hÚcráine chun níos mó oibreoirí eitilte drón a imscaradh chuig scoileanna agus cláir oiliúna an Aontais agus ECAT chun líon na mBallstát ar féidir leis an Úcráin comhoibriú leo a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>311.</NO.P>á aithint go gcuireann infheistíocht chaipitiúil bac go leor ar aschur drón na hÚcráine agus á áitiú go n-úsáidfí sócmhainní reoite na Rúise chun cabhrú le forbairt drón na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>312.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar a dtionscail chosanta tacú le tionscal cosanta na hÚcráine, infheistíocht a dhéanamh ann agus dul i gcomhpháirtíocht leis chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na n-acmhainneachtaí táirgeachta san Úcráin ar an mbealach is éifeachtúla, i gcomhréir le ‘samhail na Danmhairge’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>313.</NO.P>ag spreagadh an comhar tionsclaíoch a dhoimhniú le monaróirí drón na hÚcráine a bhfuil taithí catha acu, inacmhainne agus cumasach; ag tathant ar na Ballstáit agus ar a dtionscail chosanta infheistíochtaí breise a dhéanamh, comhfhiontair a chur ar bun, agus comhpháirtíochtaí a fhorbairt leis an Úcráin chun táirgí cosanta a fhorbairt go comhpháirteach san Aontas, go háirithe i réimsí UAS agus C-UAS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>314.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá straitéis fhadtéarmach a fhorbairt chun nuálaíocht agus forbairt cumas drón a spreagadh tar éis dheireadh an chogaidh san Úcráin, ós rud é go leanfar de dhróin a úsáid tuilleadh i gcoinbhleachtaí domhanda eile agus go bhfuil an baol ann go gcaillfidh fócas cúng ar amharclann na hEorpa amach ar fhorbairt leanúnach dhomhanda agus ar éabhlóid theicneolaíochtaí na ndrón;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING ITALIC="on">An timpeallacht rialála a chomhordú le comhpháirtithe straitéiseacha</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>315.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát timpeallacht rialála agus próisis soláthair a shaothrú lena ndéantar an t-éiceachóras Eorpach atá ann faoi láthair a chomhordú agus a chomhtháthú le comhpháirtithe straitéiseacha amhail na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Astráil agus an tSeapáin, go háirithe i gcás ina dtugann siad na cumais chriticiúla agus na hamhábhair chriticiúla is gá, agus béim á leagan ar fhorbairt chomhpháirteach sa tiomáint, cogaíocht leictreonach, forbairt léasair agus bogearraí criticiúla misin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>316.</NO.P>ag aithint na ndifríochtaí i gcreataí rialála idir na Ballstáit agus tíortha nach bhfuil san Aontas agus ag spreagadh comhoibriú le stáit mhóra eile a tháirgeann dróin chun ailíniú rialála a fheabhsú agus chun tacú le comhtháthú domhanda UAS níos sábháilte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>317.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cheart don éiceachóras leathsheoltóirí a bunaíodh leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna tacú freisin le cnámh droma digiteach chonairí dróin na hEorpa agus an bhonneagair soghluaisteachta míleata, lena gcumasófar malartú slán sonraí, cumasc braiteoirí, agus comhordú tráchta faoi thionchar IS do chórais mhíleata agus shibhialtacha gan foireann araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>318.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí anailís ar an slabhra soláthair agus go ndéanfaí comhpháirteanna criticiúla atá riachtanach d’acmhainneachtaí fadtéarmacha táirgthe drón a chur ar bun sa bhaile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>319.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhar agus malartú taithí teicniúla agus oibríochtúla a choinneáil i ndearadh, i dtáirgeadh agus in oibriú córas gan foireann, lena n-áirítear le comhpháirtithe lasmuigh den Aontas agus de ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>320.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí sa chomhar sin comhar i measc innealtóirí, speisialtóirí meicitreonaice, saineolaithe TF, agus gairmithe leictreonaice agus optaileictreonaice, chun nuálaíocht, idir-inoibritheacht agus forbairt theicneolaíoch a fheabhsú ar fud an éiceachórais cosanta i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>321.</NO.P>á iarraidh go mbeadh sineirge níos fearr ann idir an Gníomh um Shliseanna agus tionscnaimh chistiúcháin cosanta an Aontais trí úsáid a bhaint as ‘an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip’ den ghníomh agus as an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí chun cabhrú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhonarú leathsheoltóirí i measc na mBallstát;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Dróin agus oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta lasmuigh den Aontas</STRING></ACTINIT><ACTINIT><STRING ITALIC="on">C-UAS a chomhtháthú i gcleachtaí frithsceimhlitheoireachta an Aontais</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>322.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí curaclam oiliúna modúlach C-UAS d’aonaid frithsceimhlitheoireachta (CT), lena gcumhdófar aithint drón, teicnící díchumasaithe, agus ionsamhlúcháin foirne dearga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>323.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí teagasc C-UAS a ionchorprú i bhfreachnaimh chomhpháirteacha fhrithsceimhlitheoireachta an Aontais faoi GEC agus Frontex; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhroinnt faisnéise le ECAT agus le comhpháirtithe straitéiseacha chun úsáid sceimhlitheoireachta drón a réamh-mheas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>324.</NO.P>ag spreagadh dróin a úsáid i misin an Aontais agus in oibríochtaí teorann FRONTEX chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí amhrasta sceimhlitheoireachta, ar bhealaí smuigleála agus gáinneála, agus ar réimsí brú imirce; ag tabhairt dá haire go gcuireann UASanna íomhánna ardtaifigh agus braiteoirí radair cró theirmigh, ilspeictrigh agus shintéisigh ar fáil lenar féidir néalchlúdach nó dorchadas a threá, rud a fhágann gur féidir gluaiseacht amhrasach nó feithiclí amhrasacha a bhrath; ag tabhairt dá haire gur féidir le dróin, i gcriosanna teorann ina bhfuil coinbhleacht nó i gcriosanna teorann iargúlta, cumais faisnéise, faireachais agus taiscéalaíochta leanúnacha, ísealriosca a chur ar fáil i bhfad níos mó ná an méid is féidir le hardáin reatha le foireann nó ar talamh a bhaint amach, agus a gcuid sonraí ag rannchuidiú go díreach le cumasc intleachta, le ceannas agus rialú teorann, agus le cinnteoireacht mhear;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>325.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag dróin faireachais i slándáil teorann an Aontais, ach ag tabhairt rabhaidh freisin go bhféadfadh dróin a bheith ina n-uirlis ríthábhachtach agus neamh-inathsholáthraithe d’oibríochtaí smuigleála; ag tathant ar na Ballstáit prótacail freagartha a bhaineann go sonrach le dróin a chomhtháthú i bpleananna athléimneachta náisiúnta; á iarraidh go n-áireofaí oifigigh rialaithe teorann agus forfheidhmithe dlí in oibriú drón agus in oiliúint idircheaptha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>326.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí soláthar comhpháirteach agus taighde agus forbairt a chistiú do chórais C-UAS tríd an gCiste Eorpach Cosanta, agus tosaíocht á tabhairt do réitigh mhóibíleacha atá in-imscartha go tapa agus atá oiriúnach d’oibríochtaí gasta frithsceimhlitheoireachta arna iarraidh sin;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>327.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig Uachtarán an Choimisiúin agus chuig Coimisinéirí inniúla, chuig Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig Ardrúnaí ECAT, chuig Uachtarán Thionól Parlaiminteach ECAT, chuig gníomhaireachtaí slándála agus cosanta an Aontais, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>