<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0021</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Rogha na dtáscairí feidhmíochta le haghaidh iniúchóireachta agus rialú buiséadach i gcomhthéacs bearta maoiniúcháin chun tacú le cur chun feidhme iomaíochas na hEorpa amach anseo</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0268/2025 -  Rapóirtéir: Olivier Chastel)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Eanáir 2026 maidir le rogha na dtáscairí feidhmíochta le haghaidh iniúchóireachta agus rialú buiséadach i gcomhthéacs bearta maoiniúcháin chun tacú le cur chun feidhme iomaíochas na hEorpa amach anseo (2025/2034(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 318 agus 322(1)(a) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2022/2496 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 325, 20.12.2022, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2496/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2021 maidir leis an gcreat feidhmíochta do bhuiséad an Aontais faoi CAI 2021-2027 (COM(2021)0366) agus don doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi (SWD(2021)0133),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2028 go 2034 (COM(2025)0571),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat rianaithe caiteachais buiséid agus creat feidhmíochta buiséid agus rialacha cothrománacha eile le haghaidh chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais (COM(2025)0545) agus don tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis (SWD(2025)0590),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Iomaíochas (‘CEI’) a bhunú, lena n-áirítear an clár sonrach maidir le taighde i réimse na cosanta agus gníomhaíochtaí nuálaíochta, lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2021/522, (AE) 2021/694, (AE) 2021/697, (AE) 2021/783, lena n-aisghairtear forálacha Rialacháin (AE) 2021/696, (AE) 2023/588, agus lena leasaítear Rialachán (AE) [EDIP] (COM(2025)0555),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialáil Airgeadais), agus go háirithe Airteagal 33 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseachán an 18 Iúil 2024 ó Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen, dar teideal ‘Rogha na hEorpa: treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’ (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 17 Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market</STRING>’ [I bhfad níos mó ná margadh] (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Competitiveness Compass for the EU</STRING>’ [Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach] (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Bóthar i dTreo an Chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil Eile’ (COM(2025)0046),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0090.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhoilseacháin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar a d’iarr a Coiste um Buiséid dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Performance framework for the EU budget – Concepts and practices</STRING>’ [‘Creat feidhmíochta do bhuiséad an Aontais – Coincheapa agus cleachtais’], a foilsíodh i mí an Mhárta 2024<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar – ‘<STRING ITALIC="on">Performance framework for the EU budget – Concepts and practices</STRING>’ [‘Creat feidhmíochta do bhuiséad an Aontais – Coincheapa agus cleachtais’], Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um Ghnóthaí Buiséadacha, Márta 2024.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0268/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear le bainistíocht fhónta airgeadais, mar a shainmhínítear sa Rialachán Airgeadais, go gcuirfear cistí an Aontais chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta; de bhrí gur cheart coincheap na feidhmíochta maidir leis an mbuiséad a nascadh le cur i bhfeidhm díreach phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 318 CFAE ar an gCoimisiún cuntais na bliana airgeadais roimhe sin a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle go bliantúil, mar aon le tuarascáil mheastóireachta ar chúrsaí airgeadais an Aontais bunaithe ar na torthaí a baineadh amach; de bhrí, thairis sin, faoi Airteagal 322 CFAE, gur cheart rialacha airgeadais a ghlacadh lena gcinntear an nós imeachta chun an buiséad a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh; de bhrí, trí tháscairí iomchuí, iontaofa agus trédhearcacha a úsáid chun baint amach torthaí a thomhas agus chun críocha iniúchóireachta, go bhféadfar feabhas a chur ar an meastóireacht ar chur chun feidhme an bhuiséid agus ar an gcomparáid bhuiséadach a dhéanann an Pharlaimint agus an Chomhairle ar bhonn bliantúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, gur cheart nasc a bhunú idir na cuspóirí a leagtar amach agus na táscairí feidhmíochta, na torthaí agus prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta; de bhrí gur neartaigh athmhúnlú 2024 ar an Rialachán Airgeadais bunús dlí an chreata feidhmíochta agus gur dheimhnigh sé gur cheart faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí a bhaint amach trí úsáid a bhaint as táscairí feidhmíochta a chomhlíonann critéir RACER (ábhartha, inghlactha, inchreidte, éasca, láidir), atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch a aithnítear go forleathan, a bhfuil sainmhínithe soiléire acu agus a chuirtear ar fáil i bhformáid oscailte, mheaisín-inléite; de bhrí, i gcás inarb infheidhme, gur cheart na táscairí sin a mhiondealú de réir inscne agus gur cheart iad a bheith in-chomhiomlánaithe; de bhrí gur cheart modheolaíocht éifeachtach, thrédhearcach agus chuimsitheach a shainiú, i gcás inarb ábhartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go mbunaítear leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán lena mbunaítear creat rianaithe caiteachais agus feidhmíochta buiséid creat aonair le haghaidh buiséadú feidhmíochta; de bhrí go sainmhínítear ‘táscaire aschuir’ sa togra mar tháscaire feidhmíochta cainníochtúil lena ndéantar faireachán ar an méid a tháirgtear go díreach nó a dtacaítear leis trí ghníomhaíocht a chur chun feidhme, agus go sainmhínítear ‘táscaire toraidh’ mar tháscaire feidhmíochta cainníochtúil lena ndéantar faireachán ar éifeachtaí díreacha na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo; de bhrí go n-úsáidtear ‘táscairí tionchair’ go coitianta chun treochtaí sna cuspóirí fadtéarmacha a dtugtar aghaidh orthu le hidirghabháil a thomhas; de bhrí go n-úsáidtear ‘táscairí ionchuir’ go coitianta chun tomhas a dhéanamh ar na hacmhainní airgeadais, daonna, ábhartha, riaracháin nó rialála a úsáidtear chun idirghabháil a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur cuid de thosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin don tréimhse 2024-2029 é rathúnas agus iomaíochas inbhuanaithe an Aontais a áirithiú, cothroime shóisialta a chur chun cinn agus comhtháthú réigiúnach a neartú; de bhrí gur gá infheistíocht phríobháideach a mhealladh agus a shlógadh chun na cuspóirí sin a bhaint amach go héifeachtach, agus go mbeidh sé bunriachtanach chun na críche sin an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche agus an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a fhorbairt;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur tugadh rabhadh i dtuarascáil Draghi gur bagairt eiseach ar an Aontas é iomaíochas an Aontais atá ag dul i laghad, rud atá níos measa mar gheall ar an timpeallacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos éagobhsaí, mar aon le sraith géarchéimeanna a bhí os a chomhair le blianta beaga anuas; de bhrí go meastar sa tuarascáil gur gá don Aontas infheistíocht bhreise phoiblí agus phríobháideach a shlógadh atá coibhéiseach le 4,4-4,7 % de OTI an Aontais – thart ar EUR 750-800 billiún in aghaidh na bliana idir 2025 agus 2030 – chun an bhearna infheistíochta a dhúnadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go leagtar amach sa Chompás Iomaíochais, ag tógáil freisin ar thuarascáil Draghi, conair straitéiseach an Aontais chun a iomaíochas a athbhunú ar fud an domhain trí dhíriú ar thrí cholún lárnacha – nuálaíocht, dícharbónú agus slándáil eacnamaíoch – arna gcomhlánú le cumasóirí cothrománacha amhail simpliú, comhordú méadaithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát agus margadh aonair treisithe, i gcomhréir le tuarascáil Letta;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur aimsigh CIE laigí arís agus arís eile i ndearadh, i gcur chun feidhme agus i gcuntasacht na gcóras tomhais feidhmíochta a úsáidtear le haghaidh chláir chistiúcháin an Aontais, agus gur iarr sí go mbainfí úsáid mhéadaithe as táscairí feidhmíochta lena ndéantar éifeachtaí fadtéarmacha chaiteachas an Aontais a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu; de bhrí go bhfuil sé fíor-riachtanach iontaofacht na faisnéise feidhmíochta a áirithiú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun muinín an phobail as buiséad an Aontais a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le bearta cinntitheacha chun iomaíochas na hEorpa a mhéadú chun tacú le leibhéil níos airde táirgiúlachta, fostaíochta agus rathúnais; de bhrí go bhfuil an margadh aonair comhtháite fós ina chnámh droma do neart eacnamaíoch an Aontais agus ina bhunchloch dá rathúnas fadtéarmach; de bhrí go bhfuil nuálaíocht, forbairt scileanna agus saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus saothair ina bpríomhspreagthaí don iomaíochas agus don fhás;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha ginearálta maidir leis an gcreat feidhmíochta do bhuiséad an Aontais agus maidir le húsáid táscairí feidhmíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú gur gá a áirithiú go mbainfidh buiséad an Aontais tosaíochtaí beartais an Aontais amach, lena n-áirítear borradh a chur faoin iomaíochas, rathúnas inbhuanaithe agus cuimsitheach a chothú agus ceannasacht agus neamhspleáchas an Aontais mar ghníomhaí geopholaitiúil a dhaingniú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil athruithe rialála chomh tábhachtach céanna le bearta cistiúcháin chun na spriocanna sin a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbainfí torthaí nithiúla amach le caiteachas an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus gur cheart é a infheistiú i réimsí ina bhfuil tionchar agus breisluach níos mó ag gníomhaíocht chomhpháirteach an Aontais ná mar atá ag gníomhaíocht bheartais náisiúnta nó fhonáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth go bhféadfaidh bearta chun iomaíochas a fheabhsú rannchuidiú le tairbhí sochaíocha níos leithne, ar choinníoll go leanfaidh na bearta sin de bheith dírithe ar tháirgiúlacht, fás agus cruthú post; á áitiú gur cheart d’aon chreat feidhmíochta uileghabhálach do bhuiséad an Aontais torthaí eacnamaíocha agus torthaí beartais intomhaiste a bhaint amach go príomha, agus éifeachtaí sochaíocha níos leithne á gcur san áireamh, i gcás inarb ábhartha, gan an bonn a bhaint ó phrionsabail na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndíreodh buiséad an Aontais níos mó ar thorthaí agus gur cheart go soláthródh gach euro a chaitear luach intomhaiste do shaoránaigh agus do ghnólachtaí; á athdhearbhú gur gá táscairí feidhmíochta a shocrú agus a úsáid atá sonrach, intomhaiste, indéanta, ábhartha agus faoi cheangal ama (SMART), lena n-áirithítear go gcaitear acmhainní an Aontais go héifeachtúil, go héifeachtach agus go hinbhuanaithe chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach; á mheas go bhfuil gach cineál táscaire bunriachtanach chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an chláir agus, dá bhrí sin, gur cheart cothromaíocht a lorg idir táscairí ionchuir, aschuir, toraidh agus tionchair; á chur i bhfios go láidir nach mór táscairí feidhmíochta a dhíorthú go sainráite ó chuspóirí gach cláir; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an t-ualach riaracháin atá i gceist, an costas a bhaineann le sonraí a bhailiú, agus inchomparáideacht agus in-chomhiomlánaitheacht a chur san áireamh freisin agus na táscairí iomchuí á roghnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuair CIE arís agus arís eile, ina cuid iniúchtaí, gur táscairí ionchuir agus aschuir iad formhór na dtáscairí feidhmíochta a úsáidtear le haghaidh chláir chistiúcháin an Aontais, ar táscairí iad nach gcuireann faisnéis ábhartha ar fáil maidir leis an dul chun cinn i mbaint amach chuspóirí na ngníomhaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, go bhfuarthas i mórán cásanna go raibh sonraí bonnlíne le haghaidh táscairí ar iarraidh agus nach raibh na sonraí foluiteacha a úsáideadh le haghaidh na dtáscairí inrianaithe ná iontaofa; á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil sainmhínithe ar tháscairí feidhmíochta éagsúil ó chlár cistiúcháin go chéile; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na táscairí a úsáidtear le haghaidh tionscadail arna gcistiú ag an Aontas intomhaiste, infhíoraithe agus bunaithe ar fhoinsí sonraí iontaofa lena n-áirithítear inrianaitheacht na sonraí foluiteacha síos go dtí leibhéal an chonartha agus leibhéal an tairbhí deiridh, le bonnlínte agus sainmhínithe soiléire chun léirmhínithe éagsúla a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an creat feidhmíochta do bhuiséad an Aontais don tréimhse 2021-2027 fós róchasta agus ilroinnte; ag tabhairt dá haire dá haire agus is oth léi an mheasúnaithe ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ar an measúnú tionchair (SWD(2025)0590) a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh an rialacháin lena mbunaítear creat rianaithe caiteachais agus feidhmíochta buiséid (COM(2025)0545).</FIELD></FOOTNOTE> ina léirítear go bhfuil úsáid á baint as os cionn 5 000 táscaire feidhmíochta ilchineálach neamh-inchomhiomlánaithe faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (CAI) agus gur sainíodh thart ar 7 000 cloch mhíle agus sprioc faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) lena dtugtar aghaidh ar riachtanais éagsúla, amhail measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht i gcomhthéacs an dréachtbhuiséid, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chláir, ar phleananna de chuid na mBallstát agus ar eisíocaíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfáth, go háirithe, nach n-áirithítear le dearadh STA inrianaitheacht, trédhearcacht agus in-iniúchtacht leordhóthanach úsáid chistí an Aontais ná inchomparáideacht na dtorthaí le torthaí ionstraimí caiteachais eile an Aontais; ag iarraidh ar an gCoimisiún creat táscairí feidhmíochta níos cuimsithí, níos comhchuibhithe, níos trédhearcaí agus níos infhíoraithe a bhunú d’ionstraimí a bheidh ann amach anseo, lena n-áiritheofar gur féidir leis an bParlaimint agus le CIE a bhfreagrachtaí formhaoirseachta a fheidhmiú go hiomlán; ag iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar chur chun feidhme ionstraimí feidhmíochtbhunaithe i gcomhthéacsanna tíre agus réigiúnacha eile, agus na ceachtanna a foghlaimíodh á sainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire an togra ón gCoimisiún go ndéanfaí faireachán ar CAI 2028-2034, lena n-áirítear an Ciste Eorpach um Iomaíochas (CEI), trí thacar caighdeánaithe táscairí feidhmíochta is infheidhme maidir le cláir bhuiséadacha uile an Aontais, mar a leagtar amach ina thogra le haghaidh rialachán feidhmíochta<FOOTNOTE><FIELD> COM(2025)0545.</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt dá haire gur moladh cur i bhfeidhm simplithe an chreata feidhmíochta le haghaidh na ráthaíochtaí buiséadacha agus na n-ionstraimí airgeadais faoi CEI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheas gur cheart an creat feidhmíochta do bhuiséad an Aontais a shimpliú chun cur chuige comhchuibhithe agus comhréireach a áirithiú maidir le héifeachtaí chaiteachas an Aontais ar fud na mBallstát a thomhas ar bhealach cruinn, chun an t-ualach riaracháin foriomlán agus oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus d’údaráis áitiúla, agus trédhearcacht a mhéadú trí ró-ualach faisnéise a laghdú, agus cumasú á dhéanamh fós i ndáil le héifeachtaí chistiú an Aontais a ghabháil ina n-iomláine, lena n-áirítear breisluach idirghabhálacha an Aontais nach bhféadfadh na Ballstáit a bhaint amach agus iad ag gníomhú ina n-aonar; ag iarraidh ar an gCoimisiún táscairí a chuíchóiriú, teimpléid a shimpliú, dúbláil iarrataí ar shonraí a sheachaint agus prionsabal na haonuaire a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheas gur fearr is féidir measúnú a dhéanamh ar an tionchar trí mheastóireachtaí; á chur i bhfáth nach mór don Choimisiún meastóireachtaí meántéarma a dhéanamh ar CEI agus ar na hionstraimí uile a bheidh ann amach anseo; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear iad siúd a mhol CIE tar éis a iniúchtaí, a thabhairt isteach gan mhoill mura n-éiríonn leis na torthaí na cuspóirí a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nár cheart go dtiocfadh simpliú ar chostas trédhearcachta, cuntasachta agus iniúchóireachta, ach gur cheart go gcuideodh sé le tuairisciú a chuíchóiriú agus faisnéis faoi fheidhmíocht chistiú an Aontais a dhéanamh níos inrochtana agus níos úsáidí; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur cheart anailís costais is tairbhe agus riosca a bheith ag gabháil le laghdú ar líon na dtáscairí; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le naisc níos soiléire idir caiteachas agus torthaí intomhaiste beartais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil éagsúlacht sna cineálacha cur chuige maidir le bailiú sonraí ar fud na mBallstát agus laistigh de na Ballstáit freisin, rud a fhágann go bhfuil sé deacair sonraí feidhmíochta a chomhiomlánú agus comparáid a dhéanamh eatarthu ar leibhéal an Aontais; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún bonneagar TF slán agus idir-inoibritheach a fhorbairt, agus leas á bhaint ag an am céanna as an intleacht shaorga, as an meaisínfhoghlaim agus as cumais mianadóireachta sonraí chun feabhas a chur ar sholáthar beartais agus chun faireachán, tuairisciú agus maoirseacht a éascú; á chur i bhfáth nach mór maoirseacht láidir dhaonna a bheith ag gabháil le húsáid na hintleachta saorga san fhaireachán agus sa phróiseáil sonraí agus nach mór í a rialú le prionsabail eiticiúla chun mí-úsáid agus idirdhealú nó claontacht algartamach a chosc agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú, agus cosaint sonraí agus lánurraim do chearta bunúsacha á ráthú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á áitiú go gcuirfí sonraí agus modheolaíochtaí táscairí ar fáil go poiblí i bhfíor-am trí chóras idir-inoibritheach faireacháin, tuairiscithe agus iniúchóireachta, agus ar an gcaoi sin trédhearcacht a mhéadú agus inrianaitheacht a áirithiú síos go dtí leibhéal an tionscadail agus an tairbhí deiridh; á mheabhrú a thábhachtaí atá ‘trédhearcacht na dtairbhithe deiridh’ do chistí an Aontais; á chur i bhfáth nach mór cistiú ón Aontas, lena n-áirítear cistiú faoi bhainistíocht indíreach, a bheith trédhearcach agus gur cheart go mbeifí in ann iniúchadh éifeachtach a dhéanamh agus cistiú dúbailte a chosc; á áitiú, thairis sin, gur cheart go n-áireofaí sna sonraí sin faisnéis chuimsitheach maidir leis na tionscadal arna maoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún a thuairisciú feidhmíochta a neartú tríd an bhfaisnéis airgeadais agus feidhmíochta a bhaineann le cistí an Aontais a chomhtháthú agus achoimrí soiléire, feidhmíochta so-úsáidte agus caiteachais a fhoilsiú, lena n-áirítear forléargais aon leathanaigh agus deaiseanna idirghníomhacha le tacair sonraí meaisín-inléite, i gcomhréir le moltaí ECFE<FOOTNOTE><FIELD> OECD (2025), ‘<STRING ITALIC="on">Strengthening performance reporting practices</STRING>’ [Cleachtais tuairiscithe feidhmíochta a neartú], <STRING ITALIC="on">OECD Papers on Budgeting</STRING>, Uimh. 2025/07, OECD Publishing, Páras.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach iontaofacht na sonraí a úsáidtear chun táscairí feidhmíochta a chruthú a fhíorú agus a áirithiú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, mar gheall ar thabhairt isteach agus úsáid mhéadaitheach samhlacha seachadta, amhail STA, atá bunaithe ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais – i gcás ina ndéantar eisíocaíochtaí in aghaidh garspriocanna agus spriocanna a leagadh síos roimhe seo a bhaint amach – go bhfágann laigí maidir le hiontaofacht sonraí go bhfuil sé níos deacra leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á áitiú, dá bhrí sin, go ndéanfaí fíorú éigeantach <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ar gharspriocanna agus spriocanna, go ndéanfaí calaois amhrasta nó neamhrialtachtaí tromchúiseacha a tharchur go córasach chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus go bhféadfaí íocaíochtaí a chur ar fionraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis shubstainteach maidir leis an dearbhú cáilíochta a úsáidtear le haghaidh na dtáscairí feidhmíochta a áireamh ina thuairisciú feidhmíochta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil athbhreithniú rialta, trédhearcach ar ábharthacht agus iontaofacht táscairí bunriachtanach chun inchreidteacht agus muinín an phobail i gcaiteachas an Aontais a áirithiú; á éileamh go mbeadh aon sonraí feidhmíochta arna dtuairisciú ag na Ballstáit faoi réir fíorú neamhspleách, lena n-áirítear ag comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta agus ag CIE, agus go gcuirfí torthaí ar fáil don Pharlaimint; á iarraidh, thairis sin, go gcuirfí tuarascálacha fíorúcháin agus tacair shonraí ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta inniúla i bhformáid atá inrochtana, inchomparáide agus infhíoraithe, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar thoradh an ghrinnscrúdaithe ar úsáid chistí an Aontais, agus a áirithiú ag an am céanna go gcloífear le rialacha cosanta sonraí agus rúndachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth go nglactar leis go n-urramófar an smacht reachta agus go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais le bainistiú éifeachtach feidhmíochta; á mheabhrú, i gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha i gcórais rialaithe fós ann, nach mór íocaíochtaí a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheas gur réamhchoinníoll bunriachtanach é an smacht reachta chun iomaíochas an Aontais a neartú; á chur i bhfios go láidir go mbíonn drochthionchar ag dúshláin atá roimh an smacht reachta ar mhuinín na n-infheisteoirí, ar mhuinín na dtomhaltóirí agus ar shláine an mhargaidh aonair, mar a tugadh faoi deara i dTuarascáil 2025 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart go n-áireofaí freisin sa chreat feidhmíochta do bhuiséad an Aontais táscairí a bhaineann leis an smacht reachta, amhail feidhmiú an chórais ceartais, an comhrac i gcoinne an éillithe agus srianta agus ceartúcháin éifeachtacha, a chuireann le deimhneacht dhlíthiúil agus le timpeallacht intuartha do ghnólachtaí chun oibriú ann;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Táscairí feidhmíochta a bhaineann le hiomaíochas an Aontais a chothú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á mheabhrú go n-iarrtar i dtuarascáil Draghi ar an Aontas athchóirithe doimhne a shaothrú chun borradh a chur faoin iomaíochas, ag díriú ar an nuálaíocht, ar an dícharbónú agus ar an gcosaint, agus á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht ollmhór in earnálacha straitéiseacha amhail fuinneamh glas, bonneagar digiteach agus ardmhonaraíocht, le tacaíocht ó shimpliú rialála agus ó chomhordú níos láidre ar leibhéal an Aontais; á mheas, i ndáil leis sin, go bhfuil creat feidhmíochta agus córas táscairí láidir bunriachtanach chun dul chun cinn a rianú agus chun tionchar ar iomaíochas, neart eacnamaíoch, inbhuanaitheacht agus athléimneacht an Aontais a thomhas, agus feidhmíocht á nascadh go díreach le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do chaiteachas atá dírithe ar iomaíochas tosaíocht a thabhairt d’éifeachtúlacht agus do ghnóthachain táirgiúlachta fhadtéarmacha seachas d’athdháileadh gearrthéarmach; á chur i bhfios go láidir gur cheart acmhainní an Aontais a dhíriú ar neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh a cheartú, infheistíocht phríobháideach a spreagadh agus tacú le tionscadail a bhfuil tionchar eacnamaíoch intomhaiste agus breisluach soiléir acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme mholtaí thuarascáil Draghi le táscairí feidhmíochta ábhartha, láidre agus trédhearcacha lena léirítear dul chun cinn an Aontais maidir le borradh a chur faoina iomaíochas agus faoina fhás eacnamaíoch trí nuálaíocht, ceannaireacht theicneolaíoch agus athléimneacht thionsclaíoch, agus cothroime shóisialta á háirithiú ag an am céanna; á chur i bhfáth nach mór táscairí a dhearadh go cúramach agus gur cheart go ngabhfadh siad ní hamháin aschuir (e.g. líon na dtionscadal arna maoiniú), ach torthaí agus tionchair freisin (e.g. fás táirgiúlachta, astaíochtaí laghdaithe, poist inbhuanaithe agus shlána a cruthaíodh, feabhas a chur ar an gcomhtháthú sóisialta agus críochach, athruithe ar an gcomhardú trádála, méadú ar éagsúlú onnmhairiúcháin, éifeacht ghiarála chláir an Aontais, go háirithe maidir le hinfheistíocht phríobháideach a shlógadh, agus uathriail straitéiseach neartaithe), chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht chaiteachas an Aontais a thomhas; á mheabhrú go bhfuil athchóirithe ríthábhachtach chun cuspóirí iomaíochais a bhaint amach agus nach mór iad a léiriú i gcreataí tomhais feidhmíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann táscairí maidir le hionsú cistí nó ráta forghníomhaithe an bhuiséid faisnéis ar fáil maidir le dul chun cinn riaracháin seachas maidir le tionchar iarbhír eacnamaíoch nó sochaíoch chaiteachas an Aontais; á thabhairt chun suntais gur féidir le táscairí den sórt sin tuiscint mhíthreorach a chruthú maidir le rath nuair a chaitear cistí go hiomlán ach nach ngineann siad feabhsuithe intomhaiste sa nuálaíocht, san infheistíocht nó san fhostaíocht; á mheabhrú gur cháin CIE arís agus arís eile an spleáchas iomarcach ar rátaí caiteachais agus ar gharspriocanna íocaíochta sa chreat feidhmíochta do chláir an Aontais; á iarraidh go n-aistreofaí i dtreo táscairí toraidh agus táscairí tionchair lena léirítear fíoréifeachtaí chaiteachas an Aontais ar an iomaíochas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an t-iomaíochas ag brath ar shraith chomhleanúnach coinníollacha cumasúcháin, lena n-áirítear lucht saothair oilte agus sláintiúil, bonneagar straitéiseach éifeachtúil, earnáil láidir airgeadais atá in ann maoiniú saincheaptha a chur ar fáil don nuálaíocht, agus institiúidí agus margaí dea-fheidhmiúla a thugann luach saothair d’fheidhmíocht agus d’fhiontraíocht; ag iarraidh ar an gCoimisiún táscairí sonracha feidhmíochta a fhorbairt lena léireofar na cumasóirí struchtúracha sin agus an méid a chuireann siad leis an táirgiúlacht agus leis an bhfás;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á mheabhrú go gcuirtear i bhfios go láidir i dtuarascáil Draghi go bhfuil barr feabhais sa taighde agus sa nuálaíocht bunriachtanach d’iomaíochas an Aontais agus nár cheart ach critéar roghnúcháin amháin a bheith ann, eadhon barr feabhais, laistigh de chóras taighde agus nuálaíochta an Aontais, lena n-áirítear an clár Fís Eorpach; ag athdhearbhú, ina leith sin, a seasaimh gur cheart go leanfadh cistiú don taighde agus don nuálaíocht de bheith á threorú ag prionsabal an bharr feabhais agus gur cheart go leanfadh sé de bheith bunaithe ar fhiúntas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart sonraí ar leibhéal an tionscadail a bheith ina mbonn de thuairisciú feidhmíochta feabhsaithe le haghaidh ionstraimí airgeadais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, amhail InvestEU; á thabhairt dá haire, áfach, gur cheart iad sin a bheith i bhformáid chaighdeánaithe agus teoranta don phríomhfhaisnéis is gá chun rath an chláir a thomhas, amhail infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a shlógadh nach bhféadfaí a dhéanamh gan an clár; á aithint, mar gheall ar chineál na n-ionstraimí airgeadais atá faoi thionchar an mhargaidh agus an éilimh, go mbraitheann feidhmíocht na gclár sin ar an margadh a bheith ag glacadh leo, rud a chuireann teorainn le cumas an Choimisiúin garspriocanna agus spriocanna réamhshainithe a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le haistriú ó bhainistiú géarchéime gearrthéarmach go straitéis fhadtéarmach atá bunaithe ar nuálaíocht, éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht, uathriail straitéiseach agus oscailteacht dhomhanda chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais; á iarraidh go mbeadh tiomantas athnuaite ann chun an margadh aonair a neartú, ilroinnt rialála a laghdú agus a áirithiú go dtacóidh cláir an Aontais leis an bhfíorgheilleagar; á thabhairt chun suntais go bhfuil rath thionscadail iomaíochais na hEorpa ag brath ar chaipiteal poiblí agus príobháideach a shlógadh; ag iarraidh ar an gCoimisiún táscairí sonracha a thabhairt isteach chun éifeacht ghiarála chistí an Aontais a thomhas maidir le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh, an cóimheas idir cistiú poiblí agus príobháideach agus an toradh ar infheistíocht a bhaintear amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheas gur gá creat cuimsitheach measúnaithe riosca ex ante a bhunú, go háirithe do thionscadail a bhfuil próifíl ardriosca ardluacha mar shaintréith acu, chun meastóireacht chothrom ar a mbreisluach, ar a gcostais agus ar a dtairbhí a áirithiú; á chur i bhfios go láidir, chun cuspóirí beartais an Aontais maidir le hiomaíochas a bhaint amach, go bhfuil gá le córas láidir iniúchóireachta agus rialaithe a mbeidh modheolaíocht chomhleanúnach measúnaithe riosca mar thaca leis; á chur i bhfáth gur cheart go gceadófaí le modheolaíocht den sórt sin leibhéil chomhréireacha riosca atá bunriachtanach chun nuálaíocht a chothú, agus coimircí leormhaithe á n-áirithiú ag an am céanna chun buiséad an Aontais a chosaint, go háirithe i gcoinne calaoise agus rioscaí neamhairgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mholadh, chun meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar thionchar chistiú an Aontais ar iomaíochas, gur cheart samhaltú maicreacnamaíoch níos críochnúla a úsáid, lena gcomhtháthófar an dul chun cinn is déanaí sa taighde eacnamaíoch; á thabhairt dá haire go bhfágann samhlacha lena ngabhtar ilchineálacht teaghlaigh agus gnólachta agus éifeachtaí dáileacháin gur féidir measúnú ex ante níos cuimsithí a dhéanamh ar thionchar chistiú an Aontais ar tháirgiúlacht, iompraíocht infheistíochta agus iomaíochas réigiúnach; á mholadh go gcomhlánófaí an cur chuige sin trí úsáid a bhaint as micreashonraí agus táscairí feidhmíochta réigiúnacha chun feabhas a chur ar an mbonn fianaise le haghaidh ceapadh beartais agus spriocdhíriú cistí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ar feadh an chéad CAI eile, tacar comhchuibhithe croítháscairí a chruthú agus a úsáid go comhsheasmhach amhail iad siúd atá mar chuid den Scórchlár Eorpach Nuálaíochta cheana féin, ar croítháscairí iad a bhfuil sé d’aidhm acu iomaíochas a chothú ar fud na mBallstát chun inchomparáideacht, tagarmharcáil agus comhiomlánú sonraí ar leibhéal an Aontais a cheadú, agus úsáid táscairí atá saincheaptha do riachtanais náisiúnta nó réigiúnacha a cheadú ag an am céanna, i gcás inarb iomchuí; á chur i bhfáth gur cheart dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile maidir le táscairí a shainiú agus a athbhreithniú chun a áirithiú go léireoidh siad fíor-riachtanais iomaíochais, agus cloí le hardchaighdeáin saothair agus shóisialta ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á mheas, i gcás tionscadail lena gcothaítear nuálaíocht agus lena dtacaítear le teicneolaíochtaí straitéiseacha, go bhféadfaí na táscairí aschuir seo a leanas a úsáid: méid an chistithe ón Aontas agus ón earnáil phríobháideach a slógadh, líon na dtionscadal a cistíodh in aghaidh na hearnála (i.e. an intleacht shaorga, an ríomhaireacht chandamach, an bhith-theicneolaíocht), agus líon na n-aonbheannach, na ngnólachtaí nuathionscanta agus na ngnólachtaí atá ag méadú a cruthaíodh nó a leathnaíodh san Aontas agus a fuair cistiú ón Aontas, lena dtomhaistear freisin céatadán na ngnólachtaí nuathionscanta faoi stiúir na mban a cistíodh i gcás inarb iomchuí; á mheas go bhféadfaí a áireamh ar na táscairí toraidh líon na bpaitinní arna gcomhdú ag tionscadail arna gcistiú ag an Aontas, an toradh ar infheistíocht AE de réir earnála, an t-athrú ar an ráta fostaíochta, ráta marthanais na gcuideachtaí arna gcistiú ag an Aontas tar éis 3 bliana, an méadú ar líon na dtairiscintí poiblí tosaigh Eorpacha (TTPanna), an méadú ar líon na gcuideachtaí onnmhairiúcháin, agus líon na bhfiontar a bhaineann déine dhigiteach ard amach; á mheas gur gá táscairí tionchair a rianú agus a thuairisciú amhail an méadú ar acmhainneacht (aschur in aghaidh na bliana) i monaraíocht teicneolaíochtaí doimhne agus digiteacha (e.g. cineálacha sonracha trealaimh), an méadú ar mhéid an chaipitil fiontair a infheistítear san Aontas, an méadú ar chaipitliú margaidh chuideachtaí an Aontais, agus glacadh margaidh agus fás ioncaim atá inchurtha i leith nuálaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á mheas gur cheart tacú le hathlonnú tionsclaíoch agus neamhthuilleamaíocht maidir le hamhábhair chriticiúla chun spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú; á mholadh go bhféadfaí dul chun cinn a thomhas le táscairí aschuir amhail líon na dtionscadal agus na FBManna a d’athlonnaigh chuig an Aontas, líon na ngnólachtaí nuathionscanta agus na ngnólachtaí atá ag méadú a cruthaíodh nó a leathnaíodh – lena dtomhaistear freisin céatadán na ngnólachtaí nuathionscanta agus na ngnólachtaí atá ag méadú faoi stiúir na mban i gcás inarb iomchuí – agus leibhéal an chruthaithe post tionsclaíoch i réigiúin spriocdhírithe; á mheas go bhféadfaí a áireamh ar tháscairí toraidh an méadú ar sciar na n-amhábhar criticiúil a allmhairítear ó chomhpháirtithe straitéiseacha nua nó a fhoinsítear ón Aontas agus an méadú ar mhéid (tonaí) na n-amhábhar criticiúil a athchúrsáiltear, táirgiúlacht níos airde agus oll-bhreisluach i slabhraí luacha spriocdhírithe, athléimneacht soláthair níos fearr, agus feidhmíocht trádála fheabhsaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh in eangacha cliste, i stóráil fuinnimh agus i gconairí hidrigine chun córas fuinnimh athléimneach agus iomaíoch a éascú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil bearta i ndáil leis sin bunriachtanach chun luaineacht praghsanna fuinnimh a laghdú, chun iomaíochas tionsclaíoch a neartú agus chun aistriú na hEorpa chuig geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á mheas gur cheart ceannach comhpháirteach fuinnimh thionsclaíoch agus dícharbónú tionsclaíoch a shaothrú chun costais fuinnimh a laghdú agus slándáil an tsoláthair a fheabhsú, agus á áirithiú ag an am céanna nach mbeidh tionchar míchuí ag na bearta a eascraíonn as sin ar shlándáil fuinnimh aon Bhallstáit; á mholadh go bhféadfaí dul chun cinn a thomhas le táscairí aschuir amhail líon na gcuideachtaí rannpháirteacha, méid na gceannachán fuinnimh agus sciar an fhuinnimh in-athnuaite i gconarthaí comhpháirteacha; á mheas go bhféadfaí táscairí toraidh amhail acmhainneacht bhreise fuinnimh arna suiteáil i dtáirgeadh leictreachais (MW) a úsáid; á mheas, thairis sin, go bhféadfaí a áireamh ar tháscairí tionchair na hathruithe ar mheánphraghsanna fuinnimh i dtionscail spriocdhírithe, an laghdú ar bhriseadh sa soláthar, an méadú ar úsáid fuinnimh ghlain agus an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (e.g. in tCO2e);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheas gur cheart don Aontas infheistíocht a dhéanamh i dtallann in earnálacha straitéiseacha agus criticiúla chun a iomaíochas fadtéarmach a mhéadú trí lucht saothair cumasach, lena n-áirítear trí thacú le rannpháirtíocht sa ghairmoiliúint, san fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus i bhforbairt scileanna; á mholadh go bhféadfaí dul chun cinn a thomhas le táscairí aschuir amhail líon na ndaoine a gcuirtear oiliúint orthu go bliantúil (agus béim ar leith á leagan ar chothromaíocht inscne agus ar chuimsiú sóisialta), líon na ndaoine a bhfuil céim eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta nó matamaitice (ETIM) bainte amach acu ón ollscoil nó a bhfuil cúrsaí gairmoideachais agus gairmoiliúna le béim ar ETIM déanta acu, an ráta rannpháirtíochta i gcláir foghlama aosaí agus cláir foghlama ar feadh an tsaoil agus ráta sástachta cuideachtaí comhpháirtíochta agus comhpháirtithe sóisialta; á mheas go bhféadfaí a áireamh ar tháscairí toraidh athruithe ar an ráta fostaíochta, an ráta aistrithe ó oiliúint nó fostaíocht shealadach go fostaíocht bhuan, an ráta fostaíochta, an ráta dul chun cinn pá agus an ráta coinneála in earnálacha spriocdhírithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil ualaí iomarcacha rialála agus riaracháin fós ag baint an bhoinn d’iomaíochas chuideachtaí an Aontais i gcomparáid le bloic eacnamaíocha dhomhanda eile; á chur i bhfáth go n-ardaíonn ualaí den sórt sin costais oibríochtúla, go laghdaíonn siad táirgiúlacht earnála agus go gcruthaíonn siad bacainní ar iontráil sa mhargadh do ghnólachtaí nua, rud a dhíspreagann iomaíocht agus nuálaíocht; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhféadfadh praghsanna níos airde do thomhaltóirí a bheith mar thoradh ar na neamhéifeachtúlachtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á mheas, chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach araon, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar FBManna nuálacha a bhfuil simpliú ríthábhachtach ina leith; á chur i bhfáth gur cheart go ndíreodh simpliú ar rómhaorlathas agus costais riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú do FBManna; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór simpliú a dhéanamh agus creat rialála comhréireach agus éifeachtúil á áirithiú, lena ráthaítear deimhneacht rialála chomh maith le measúnú tionchair cuí; ag moladh go bhféadfaí dul chun cinn maidir leis an ualach riaracháin a laghdú a thomhas le táscairí amhail líon na dtionscadal a fhormheastar agus líon na dtionscadal a thugtar i gcrích go bliantúil le FBManna, an laghdú atá tagtha ar ráta na n-achomharc nó na ndíospóidí a bhaineann le nósanna imeachta iarratais agus an laghdú ar an am is gá chun rochtain a fháil ar chistiú an Aontais, ó iarratas go heisíocaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús breise a chur leis na hiarrachtaí chun an t-ualach rialála a laghdú agus chun a áirithiú go mbeidh reachtaíocht an Aontais comhréireach, fianaise-bhunaithe agus go gcuirfidh sí breisluach soiléir ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí; á mheas nach leor an cur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ atá ann faoi láthair i ndáil leis sin; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí i bhfeidhm prionsabal ‘ceann amháin isteach, dhá cheann amach’, lena ndéantar tabhairt isteach aon chostas nua trí oibleagáidí rialála a fhritháireamh le laghduithe ar chostais rialála a eascraíonn as reachtaíocht eile de chuid an Aontais le dhá oiread an mhéid choibhéisigh ar a laghad, agus é mar chuspóir glanlaghdú ar an ualach rialála a bhaint amach, agus an t-ualach ar chuideachtaí agus ar an riarachán poiblí á láimhseáil ar leithligh ag an am céanna.
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>