<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0022</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa agus bonneagar digiteach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0107/2025 -  Rapóirtéir: Sarah Knafo)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Eanáir 2026 ar cheannasacht theicneolaíoch na hEorpa agus bonneagar digiteach (2025/2007(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 173, 179 agus 190 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Clár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025: Dul ar aghaidh le chéile: Aontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla’ (COM(2025)0045),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh Eorpach um Shliseanna)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 229, 18.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1781/oj.</FIELD></FOOTNOTE> ,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil mhionsonraithe ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Foresight Cybersecurity Threats for 2030 – Update 2024’</STRING> [Fadbhreathnaitheacht i leith Bagairtí Cibearshlándála le haghaidh 2030 – Nuashonrú 2024], a foilsíodh i mí an Mhárta 2024<FOOTNOTE><FIELD> https://www.enisa.europa.eu/publications/foresight-cybersecurity-threats-for-2030-update-2024.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 151, 7.6.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/881/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/38, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/38/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/37 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/37, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/37/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Pháipéar Bán ón gCoimisiún Eorpach an 21 Feabhra 2024 dar teideal ‘Conas is féidir máistreacht a fháil ar riachtanais na hEorpa maidir le bonneagar digiteach?’ (COM(2024)0081),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING>, [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta an 17 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market’</STRING> [I bhfad níos mó ná margadh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Iúil 2024 dar teideal ‘Staid na Deacáide Digití 2024’ (COM(2024)0260),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 323, 19.12.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2481/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid<FOOTNOTE><FIELD> IO L 172, 26.6.2019, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1024/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2854, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1309 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1309, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1309/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 249, 14.7.2021, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1153/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240<FOOTNOTE><FIELD> IO L 166, 11.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/694/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 170, 12.5.2021, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/696/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 79, 17.3.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/588/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014<FOOTNOTE><FIELD> IO L 427, 30.11.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2085/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488<FOOTNOTE><FIELD> IO L 256, 19.7.2021, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1173/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1732 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san intleacht shaorga iontaofa<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1732, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1732/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 321, 17.12.2018, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1972/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 21 Feabhra 2025 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí’ (JOIN(2025)0009),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Secure 5G deployment in the EU – Implementing the EU toolbox’</STRING> [Imscaradh slán 5G san Aontas Eorpach – Bosca uirlisí an Aontais a chur chun feidhme] (COM(2020)0050),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, lena ngealltar ‘conair Eorpach chuig an gclaochlú digiteach a chur chun cinn, lena mbeidh an pobal i gcroílár an chlaochlaithe’<FOOTNOTE><FIELD> IO C 23, 23.1.2023, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Criteria for the analysis of the compatibility with the internal market of State aid to promote the execution of important projects of common European interest’</STRING> [Critéir chun anailís a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na Státchabhrach leis an margadh inmheánach chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn] (IPCEInna) (COM(2021)8481),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A10-0107/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur cheart breathnú ar cheannasacht theicneolaíoch mar an slabhra luacha iomlán ó bharr feabhais sa taighde go hiomaíocht níos fearr a chruthú agus ceannasacht Eorpach níos fearr a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go mbraitheann an tAontas ar thíortha nach de chuid an Aontais iad le haghaidh níos mó ná 80 % de tháirgí digiteacha, de sheirbhísí digiteacha, de bhonneagar digiteach agus de mhaoin intleachtúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil cumhacht chomhchruinnithe ag roinnt cuideachtaí teicneolaíochta ar phríomh-mhargaí digiteacha agus go bhfuil smacht acu ar bhonneagar foluiteach idirlín, lena n-áirítear córais oibriúcháin, ríomhaireacht, intleacht shaorga (IS), innill chuardaigh, acmhainneacht na meán sóisialta, fógraíocht dhigiteach agus seirbhísí íocaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go mbeidh ár gceannasacht theicneolaíoch ag brath go mór ar chumas na hEorpa na dálaí margaidh is gá a chruthú chun go mbeidh cuideachtaí Eorpacha faoi bhláth agus chun go mbeidh siad in ann dul in iomaíocht le chéile, agus ar an gcaoi sin cáilíocht a dtáirgí a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil an baol ann go dteipfidh ar an Aontas a spriocanna agus a chuspóirí maidir leis an deacáid dhigiteach a bhaint amach, lena n-áirítear néalríomhaireacht, mórshonraí agus IS a ghlacadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go gcuireann gnólachtaí Eorpacha le taighde agus forbairt (T&F) dhomhanda i mbogearraí, i dteicneolaíochtaí idirlín agus sa leictreonaic ar bhonn beag, agus go bhfuil na Stáit Aontaithe agus an tSín chun tosaigh sna hearnálacha sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur creataí bunriachtanacha iad Compás Digiteach, Clár Beartais don Deacáid Dhigiteach agus Compás Iomaíochais an Choimisiúin chun éiceachóras digiteach na hEorpa a neartú, chun ceannaireacht theicneolaíoch a dhaingniú agus chun athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an bonneagar digiteach comhdhéanta d’eilimintí crua-earraí a bhaineann le nascacht, lena n-áirítear snáithín, 5G agus 6G, cáblaí fomhuirí, satailítí agus speictream, agus ríomhaireacht, lena n-áirítear leathsheoltóirí, lárionaid sonraí, ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus teicneolaíochtaí candamacha, agus d’eilimintí bogearraí lena n-áirítear réitigh chéannachta, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, agus néalchórais agus córais IS, chomh maith leis an tsraith idirmheánach lena n-áirítear fógraíocht, innill chuardaigh, íocaíochtaí agus córais chumarsáide;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go mbeidh iomaíochas an tAontas ag brath níos mó agus níos mó ar dhigitiú na n-earnálacha uile, le tacaíocht ó bhonneagar digiteach athléimneach, sábháilte agus iontaofa; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur sócmhainn ríthábhachtach é an margadh aonair digiteach toisc gur féidir leis cur ar chumas cuideachtaí fás agus uas-scálú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil acmhainneacht iomlán an mhargaidh aonair dhigitigh fós neamhshaothraithe, agus nach ionann trádáil laistigh den Aontas in seirbhísí digiteacha ach 8 % de OTI, atá i bhfad níos ísle ná an 25 % don trádáil in earraí digiteacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar infhaighteacht scéimeanna ríomh-shainaitheantais agus seirbhísí poiblí digiteacha agus ar rochtain ar ríomhthaifid sláinte, ach tá bearnaí suntasacha fós ann i measc na mBallstát maidir le soláthar seirbhísí poiblí digiteacha atá go hiomlán úsáideoir-lárnach, inrochtana agus ceannasach lena gcaomhnaítear príobháideachas mar gheall ar dhifríochtaí i nglacadh ríomh-shainaitheantais;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil ríomh-shainaitheantas ar fáil faoi láthair do 93 % de dhaonra an Aontais, ach go bhfuil sé fós ina dhúshlán 100 % de sheirbhísí poiblí digiteacha a bhaint amach do shaoránaigh agus do ghnólachtaí faoi 2030;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go gcuirfeadh idir-inoibritheacht agus idirnascthacht feabhas ar iomaíochas gheilleagar na hEorpa agus go bhféadfadh siad tairbhe a bhaint as beartais amhail ‘foinse oscailte ar dtús’ agus ‘airgead poiblí, cód poiblí’, agus cur chun feidhme caighdeán coiteann agus oscailte;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil bonneagar digiteach ríthábhachtach do thionscal an Aontais, lena n-áirítear an tionscal gluaisteán agus forbairt fhéideartha feithiclí nasctha agus uathrialaitheacha; de bhrí go bhfuil gá le bonneagar láidir sonraí agus cumarsáide chun tacú le héiceachóras slán d’fheithiclí nasctha agus uathrialaitheacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil líonraí snáthoptaice ar cheann de na cnámha droma de bhonneagar digiteach an Aontais, ar líonraí iad a chumasaíonn idirlíon ardluais, líonraí 5G agus feabhsuithe teicneolaíochta amach anseo;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas chun deiridh i leith 5G a leathadh amach chun a spriocanna do 2030 a bhaint amach, agus go bhfuil cumhdach snáithín teoranta go fóill agus nach gcumhdaíonn sé ach thart ar 64 % de theaghlaigh na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur mór iad na riachtanais infheistíochta i nascacht úrscothach san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach dúshláin a bhaineann le rochtain ar thalamh agus ar eangacha a réiteach chun bonneagar digiteach a imscaradh go rathúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil mar aidhm le tionscnamh GOVSATCOM AE a áirithiú go mbeidh seirbhísí cumarsáide satailíte rialtais atá slán, iontaofa agus costéifeachtach ar fáil go fadtéarmach d’údaráis phoiblí an Aontais agus d’údaráis phoiblí náisiúnta a bhainistíonn bonneagar agus misin chriticiúla slándála;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag sliseanna maidir le hiomaíochas teicneolaíoch agus athléimneacht na hEorpa a mhéadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur beag tagairt a dhéantar do theicneolaíochtaí leathsheoltóra i gCompás Iomaíochais an Choimisiúin, sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus i gClár Oibre 2025 an Choimisiúin, in ainneoin a ríthábhachtaí atá siad d’uaillmhian thionsclaíoch an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur sásra oiriúnaithe <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> a bhí sa Ghníomh um Shliseanna a raibh sé mar aidhm leis aghaidh a thabhairt ar dhúshláin áirithe maidir le ganntanais leathsheoltóirí; de bhrí go bhfuil a réimsí gníomhaíochta teoranta den chuid is mó do leathsheoltóirí ardfhorbartha; de bhrí nach leor rannpháirtíocht an Aontais maidir le leathsheoltóirí leagáide; de bhrí go bhfuiltear ag dréim leis go ndéanfar athbhreithniú ar an nGníomh um Shliseanna i mí Mheán Fómhair 2026;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról le himirt ag na braislí réigiúnacha Eorpacha atá ann cheana in earnáil na leathsheoltóirí agus gur cheart iad a neartú tuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí go bhfuil próiseálaithe, teicneolaíochtaí cuimhne, aonaid próiseála grafaicí (GPUnna), agus sliseanna candamacha ríthábhachtach do bhonneagar digiteach agus slándáil shlabhra soláthair na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil néalseirbhísí bunriachtanach do raon leathan gníomhaíochtaí ríomhaireachtúla agus seirbhísí ríomhaireachta atá anois ina gcumasóir bunriachtanach iomaíochais;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh samhlacha cónasctha iomaíochas mhargadh an Aontais a fheabhsú trí theacht chun cinn roghanna malartacha suntasacha Eorpacha a éascú, ag tógáil ar shaineolas agus láithreacht an mhargaidh áitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil bonneagar IS ar mhórscála, amhail gigeamhonarchana IS, bunriachtanach chun forbairt oscailte agus chomhoibríoch na samhlacha IS is casta a chumasú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil slabhra luacha IS fós á fhorbairt agus nach mbaineann dul i ngleic le forbairt samhlacha IS ach le cuid de; de bhrí go bhféadfar réitigh Eorpacha IS a fhorbairt trí úsáid a bhaint as bonneagar ríomhaireachta poiblí agus príobháideach na hEorpa, lena spreagfar an nuálaíocht, agus gur cheart go mbeadh gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí beaga go háirithe ina dtairbhithe rochtana ar bhonneagar ríomhaireachta poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí, le samhlacha IS is féidir a rith ar chrua-earraí atá ar fáil go forleathan ar chostais mheasartha, go lamháiltear do líon níos mó gníomhaithe an chaoi a gcruthaítear agus a n-úsáidtear córais IS a mhúnlú, rud a fhágann go soláthraítear luach níos láithrí i bhfeidhmchláir agus go gcumasaítear úsáid níos daonlathaí IS;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí, faoi láthair, gur minic a mhúnlaíonn líon beag cuideachtaí móra teicneolaíochta leathadh amach, margaíocht agus imscaradh IS; de bhrí nach ndéantar roinnt gnéithe de IS a leathadh amach san Aontas ag an am céanna le tíortha nach de chuid an Aontais iad, rud a chruthaíonn míbhuntáiste iomaíoch do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí Eorpacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí gur cuid bhunriachtanach de shochaí dhigiteach ardfhorbartha iad lárionaid sonraí, mar chumasóirí ar phróiseáil dháilte agus ar stóráil éifeachtach sonraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil acmhainneacht iontaofa agus infhaighteacht stórála sonraí bunriachtanach d’athléimneacht agus d’fhorbairt na hEorpa; de bhrí nach bhfuil formhór na lárionad sonraí san Eoraip faoi úinéireacht cuideachtaí Eorpacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le hinfheistíocht shuntasach chun lárionaid sonraí ar mhórscála a thógáil agus a oibriú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go dtagann thart ar 9 % den tomhaltas leictreachais domhanda ó lárionaid sonraí, néalseirbhísí agus nascacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí gur bonneagar criticiúil iad cáblaí fomhuirí don nascacht dhomhanda, don chobhsaíocht eacnamaíoch agus don tslándáil, a iompraíonn os cionn 99 % de chumarsáid idirnáisiúnta tríothu, agus go bhfuil siad fós leochaileach i leith damáiste fisiciúil, cibearbhagairtí agus rioscaí geopholaitiúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go bhfuil bonneagar digiteach slán agus athléimneach ríthábhachtach, go háirithe i bhfianaise líon méadaitheach na gcibirionsaithe i gcoinne an Aontais, a Bhallstát agus a thionscail agus a shochaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí go bhfuil bosca uirlisí an Aontais do shlándáil 5G tábhachtach chun cibirspiaireacht a chosc agus athléimneacht slabhraí soláthair i mbonneagar digiteach an Aontais a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go luann 21 % de ghnólachtaí comhlíonadh agus éiginnteachtaí dlíthiúla mar bhacainn ar infheistíocht dhigiteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí go n-áirithítear leis an gcur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ go ndéantar gach ualach a thugtar isteach le tionscnaimh an Choimisiúin a mheas agus go ndéantar ualaí riaracháin a fhritháireamh trí ualaí ar luach coibhéiseach a bhaint sa réimse beartais céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí gur gá inbhuanaitheacht a chomhtháthú i straitéisí bonneagair dhigitigh mar gheall ar na dúshláin a bhaineann le hídiú fuinnimh in IS, sa néalríomhaireacht agus sa ríomhaireacht chandamach, agus freisin i lárionaid sonraí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí go meastar go dtiocfaidh méadú beagnach faoi thrí ar ídiú cumhachta na lárionad sonraí faoi dheireadh na ndeich mbliana seo, a mhéadóidh ó thart ar 62 theireavatuair (TWh) sa lá atá inniu ann go níos mó ná 150 TWh, agus ar an gcaoi sin ídiú cumhachta iomlán na hEorpa a mhéadú ó 2 % go 5 %;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí gur cúis mhór imní fós í an bhearna scileanna digiteacha, agus nach bhfuil ach bunscileanna digiteacha ar a laghad ag 54 % de shaoránaigh na hEorpa – rud atá i bhfad faoi bhun na sprice 80 % atá leagtha síos i gclár beartais don Deacáid Dhigiteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AQ.</NO.P>de bhrí go meastar go sroichfidh ganntanas gairmithe TFC san Aontas 12 mhilliún faoi 2030, rud atá i bhfad níos lú ná an sprioc de 20 milliún oibrí oilte a bhí leagtha síos ag an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>AR.</NO.P>de bhrí go leagtar béim i dtuarascáil 2024 ar Staid na Deacáide Digití agus sa tuarascáil ó Draghi araon ar an ngá práinneach atá le hinfheistíocht a dhéanamh i scileanna digiteacha agus scileanna eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) chun cumais theicneolaíocha agus iomaíochas domhanda na hEorpa a chaomhnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AS.</NO.P>de bhrí go dtuairiscíonn 60 % de chuideachtaí an Aontais go bhfuil deacrachtaí acu oibrithe oilte a earcú i réimsí amhail IS, an chibearshlándáil agus teicneolaíochtaí glana, rud a chuireann bac suntasach ar an nuálaíocht, ar an iomaíochas agus ar na haistrithe glasa agus digiteacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AT.</NO.P>de bhrí go gcruthaíonn forbairtí reatha i margadh an tsaothair, lena n-áirítear asleaganacha ar fud an domhain agus éagobhsaíocht pholaitiúil lasmuigh den Aontas, deis chun tallann dhigiteach ardoilte a mhealladh chuig an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>AU.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le cistiú iomchuí chun iomaíochas agus athléimneacht a mhéadú; de bhrí gur féidir le cistiú poiblí gníomhú mar chatalaíoch agus go bhfuil infheistíocht phríobháideach agus fórsaí iomaíocha an mhargaidh ríthábhachtach d’fhorbairt fhadtéarmach an bhonneagair dhigitigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AV.</NO.P>de bhrí go bhfuil éiceachóras taighde agus nuálaíochta (T&N) atá láidir, sofhreagrúil agus barr feabhais-tiomáinte bunriachtanach chun iomaíochas agus ceannaireacht dhomhanda an Aontais i dteicneolaíochtaí straitéiseacha, amhail teicneolaíochtaí candamacha agus IS, a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>AW.</NO.P>de bhrí go bhfuil an caighdeánú i gcroílár fhíorcheannasacht dhigiteach agus theicneolaíoch na hEorpa; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar thábhacht na gcaighdeán mar gheall ar iomaíocht theicneolaíoch atá ag dul i méid ar fud an domhain, go háirithe leis na Stáit Aontaithe agus leis an tSín;
</CONS><CONS>
<NO.P>AX.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas tiomanta do chomhaontuithe cuimsitheacha trádála digití a chaibidliú chun forbairt bonneagair dhigitigh atá slán, athléimneach agus iomaíoch a chur chun cinn le tíortha comhpháirtíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AY.</NO.P>de bhrí gur fhógair an Coimisiún comhaontuithe trádála digití suntasacha leis an gCóiré Theas agus le Singeapór, lena leagtar síos fasach tábhachtach do chomhaontuithe amach anseo;
</CONS><CONS>
<NO.P>AZ.</NO.P>de bhrí gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil le forálacha cothrománacha an Aontais maidir le sreafaí sonraí trasteorann agus cosaint sonraí pearsanta agus phríobháideachais sa Teideal maidir le Trádáil Dhigiteach de chomhaontuithe trádála an Aontais, a d’fhormhuinigh an Coimisiún agus atá fós ina n-uirlis thábhachtach i ndáil le trádáil dhigiteach agus bunú comhaontuithe trádála digití nua;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Réamhrá ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gurb í ceannasacht na hEorpa an cumas acmhainneacht, athléimneacht agus slándáil a fhorbairt trí spleáchais straitéiseacha a laghdú, spleáchas ar ghníomhaithe eachtracha agus ar sholáthraithe seirbhísí aonair a chosc, agus teicneolaíochtaí criticiúla agus bonneagar criticiúil a chosaint; á iarraidh go bhforbrófaí creat cuimsitheach measúnaithe riosca chun faireachán a dhéanamh ar spleáchais ar fud an tslabhra luacha dhigitigh agus chun aghaidh a thabhairt orthu; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh creat den sórt sin mar bhonn chun ullmhacht agus athléimneacht an Aontais a áirithiú trí bheartas tionsclaíoch na hEorpa a fheabhsú agus trí bhorradh a chur faoi chumais intíre T&F agus monaraíochta i dteicneolaíochtaí straitéiseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chreidiúint gurb í an cheannasacht theicneolaíoch an acmhainneacht chun na teicneolaíochtaí digiteacha is gá d’iomaíochas ár ngeilleagair, do leas ár saoránach agus d’uathriail straitéiseach oscailte an Aontais i ndomhan domhandaithe a dhearadh, a fhorbairt agus a mhéadú; á chreidiúint go n-áirítear leis sin cumas an Aontais cinntí uathrialacha a dhéanamh, dul i mbun rannpháirtíochta le tíortha agus eintitis iontaofa nach de chuid an Aontas iad, slabhraí soláthair a éagsúlú agus a neartú agus coincheap na hoscailteachta agus na hidir-inoibritheachta a chur chun cinn chun a áirithiú go leanfaidh an Eoraip de bheith ina mol tarraingteach don infheistíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á aithint go bhfuil méadú ag teacht ar chomhchruinniú na cumhachta i gcuideachtaí nach de chuid an Aontais iad, rud a chuireann srian ar chumas na hEorpa a bheith nuálach, dul san iomaíocht agus smacht a choinneáil ar a geilleagar digiteach, ar a sochaí agus ar a daonlathas; á chur in iúl gur cúis bhuartha di spleáchais iomarcacha ar ghníomhaithe nach de chuid an Aontais iad i réimsí criticiúla amhail néalbhonneagar, leathsheoltóirí, IS agus an chibearshlándáil – ina bhfuil an baol ann go mbainfeadh comhchruinniú margaidh agus rialú eachtrach an bonn d’iomaíochas, d’athléimneacht dhaonlathach agus de shlándáil na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á athdhearbhú nach mór don Aontas leanúint de bheith ceannasach ina dhlíthe a fhorfheidhmiú, go háirithe sa réimse digiteach; ag cáineadh go láidir agus á iarraidh go gcealófaí na toirmisc taistil a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe ar cheannairí na sochaí sibhialta Imran Ahmed, Clare Melford, Anna-Lena von Hodenberg agus Josephine Ballon, a gcuireann a gcuid oibre le timpeallacht dhigiteach níos sábháilte do chách agus a thugann ardáin dhigiteacha chun cuntais, chomh maith leis an toirmeasc taistil a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe ar iar-Choimisinéir an Aontais Thierry Breton, a raibh ról lárnach aige i rialacha digiteacha an Aontais a bhunú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit freagairt dhaingean a thabhairt ar na hionsaithe sin nár tharla riamh cheana; ag cur sonrú i ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a rinneadh le déanaí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> i gcás sáruithe ar oibleagáidí trédhearcachta agus maolaithe riosca, amhail fíneáil EUR 120 milliún ar X; á mheabhrú gurb é aidhm fhorfheidhmiú reachtaíocht dhigiteach an Aontais comhall dhlí AE agus cosaint na gceart bunúsach a áirithiú agus gan tuairimí polaitiúla a rialáil; á chur i bhfios go láidir nach mór coimircí iomchuí agus bearta maolaithe riosca a bheith ag gabháil le himscaradh feidhmiúlachtaí nua, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar IS giniúnach, ag ardáin an-mhór ar líne chun comhall iomlán dhlí an Aontais a áirithiú, go háirithe maidir le scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh nó ionramháilte a chosc; ag cáineadh na tacaíochta a chuireann páirtithe polaitiúla áirithe ar fáil – amhail AfD, Reconquête, Fidesz nó Konfederacja – ina n-athdhéantar insintí ó lasmuigh den Aontas agus ina lagaítear reachtaíocht dhigiteach agus luachanna daonlathacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chreidiúint gur cheart d’uaillmhianta teicneolaíochta tionsclaíche an Aontais díriú ar phríomhtheicneolaíochtaí straitéiseacha na todhchaí, amhail teicneolaíochtaí leathsheoltóra nó candaim, a rannchuidíonn le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus atá bunriachtanach dár n-aistrithe glasa, digiteacha agus cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag aithint an athraithe atá tagtha ar an tírdhreach geopholaitiúil agus an deis a eascraíonn as sin d’éileamh an mhargaidh ar tháirgí agus ar sheirbhísí Eorpacha; á mheas gur deis é sin chun an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le réitigh dhigiteacha iontaofa agus shlána;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá timpeallacht thacúil rialála a chothú lena spreagtar nuálaíocht, infheistíocht agus forbairt teicneolaíochtaí ceannródaíocha san Eoraip, agus úsáideoirí deiridh an Aontais á gcosaint ag an am céanna ar iarmhairtí seach-chríochachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á aithint gur gá beartas tionsclaíoch cuimsitheach Eorpach don éiceachóras digiteach, lena gcomhtháthófar na réimsí beartais ábhartha uile amhail rochtain ar an margadh, caighdeánú, T&F, infheistíocht, trádáil agus comhar idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún an beartas cuimsitheach sin a fhorbairt agus é mar aidhm leis spleáchais straitéiseacha dhíobhálacha a laghdú, slabhraí luacha intíre a neartú agus éiceachóras digiteach slán, iontaofa agus nuálaíocht-tiomáinte a áirithiú, ar éiceachóras é a chloíonn le luachanna Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú go mbraitheann margaí na dtáirgí ardteicneolaíochta agus na seirbhísí digiteacha go mór ar shlabhraí soláthair seachtracha, rud a chuireann ceannasacht agus athléimneacht i mbaol; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé borradh a chur faoin acmhainneacht thionsclaíoch agus faoin saineolas teicneolaíoch i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus i dteicneolaíochtaí suaiteacha chun tacú le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá feabhas a chur ar an nuálaíocht agus ar an tráchtálú chun borradh a chur faoi cheannasacht theicneolaíoch na hEorpa i ré na forbartha gasta teicneolaíche chun na cumais is gá a fhorbairt; á thabhairt chun suntais nach mór don Eoraip í féin a chlaochlú ina timpeallacht ghnó atá tarraingteach agus sofhreagrúil ar fud an domhain trí mhaorlathas a laghdú, intuarthacht rialála a fheabhsú agus fiontraíocht agus dul i riosca a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á aithint nach mór uathriail straitéiseach oscailte agus athléimneacht dhaonlathach a bheith i gcroílár chlár oibre an Choimisiúin agus nach mór do chur chuige cuimsitheach soláthar, cistiú agus creataí institiúideacha fadtéarmacha a chomhtháthú chun bonneagar digiteach ceannasach a bhunú i réimsí criticiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún liosta cuimsitheach de spleáchais chriticiúla i mbonneagar digiteach agus i dteicneolaíochtaí digiteacha a anailísiú agus a bhunú, lena ndéanfaí measúnú, ar a laghad, ar sheirbhísí stórála, ar chórais chéannachta agus íocaíochta, ar ardáin chumarsáide, agus freisin ar na bogearraí, na prótacail agus na caighdeáin a thacaíonn leo, agus bearta a mholadh chun rochtain ar an margadh a chur chun cinn do tháirgí agus do sheirbhísí a bhfuil tionchar dearfach láidir acu ar cheannasacht theicneolaíoch, athléimneacht agus inbhuanaitheacht an Aontais; á chreidiúint, i ndáil leis sin, go bhféadfaí úsáid critéar dámhachtana sonrach sa soláthar poiblí a chur chun cinn i réimsí ina bhfuil spleáchais chriticiúla den sórt sin ann; á chreidiúint gur féidir leis na critéir sin cabhrú le hiomaíocht a dhreasú agus ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa a neartú trí sholáthar táirgí agus seirbhísí digiteacha Eorpacha a éascú, i gcás inar féidir;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bonneagar poiblí digiteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chreidiúint go láidir gurb é an bonneagar digiteach cnámh droma ár ngeilleagair agus gur cheart, dá bhrí sin, bunsraith de bhonneagar poiblí digiteach a bheith ann lena n-áiritheofar ceannasacht agus timpeallacht mhargaidh atá fabhrach don iomaíocht; á thabhairt faoi deara nár fhorbair an margadh an bhunsraith sin in go leor réimsí tábhachtacha, a bhfuil monaplachtaí agus spleáchas ar ghníomhaithe eachtracha mar thoradh air; á chur i bhfios go láidir, chun an bhearna sin a líonadh, gur cheart don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le bunús láidir a chruthú do bhonneagar poiblí digiteach trí shraitheanna de theicneolaíochtaí digiteacha a chruthú ina bhfuil leathsheoltóirí, réitigh nascachta, néalbhonneagar, bogearraí, sonraí agus IS; á chreidiúint gur cheart bonneagar poiblí digiteach na hEorpa a bhunú ar shamhlacha eacnamaíocha cothroma agus iomaíocha agus samhlacha rialachais a úsáid freisin i gcás nach gcoinníonn cuideachtaí príobháideacha ná rialtais smacht láraithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart é a bheith bunaithe ar chaighdeáin choiteanna agus oscailte, gur cheart dó glacadh le hidir-inoibritheacht agus idirnascthacht, chun cosc a chur ar ‘gaibhniú’ úsáideoirí agus díoltóirí, agus nuálaíocht a spreagadh trí iontrálaithe nua sa mhargadh a éascú, agus gur cheart dó príobháideachas agus slándáil a áirithiú freisin mar réamhshocrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chreidiúint gur cheart imscaradh bonneagar poiblí digiteach a dhíriú ar réimsí ina bhfuil spleáchais chriticiúla, mar a shainaithnítear i liosta cuimsitheach an Choimisiúin; á iarraidh ar an gCoimisiún plean mionsonraithe agus cuimsitheach a ullmhú chun bonneagar poiblí digiteach na hEorpa a bhunú trí na teicneolaíochtaí is oiriúnaí do ghníomhaíocht Eorpach a shainaithint, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit acmhainní iomchuí a thiomnú chun bonneagar poiblí digiteach na hEorpa a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart bonneagar poiblí digiteach na hEorpa a spreagadh trí ghníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun láithreacht agus iomaíochas soláthraithe Eorpacha, chomh maith le timpeallacht iomaíoch margaidh, a áirithiú; á chur i bhfios go láidir nach mbainfear na cuspóirí sin amach trí rialáil amháin agus go mbeidh gá le hinfheistíocht shuntasach phoiblí ina leith; á aithint gur cheart, dá bhrí sin, cistiú breise a áireamh sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá ar na bacáin chun na críche sin, lena ndíreofar ar bhreisluach an Aontais agus ar bhunshraith bhonneagar poiblí digiteach na hEorpa a mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á aithint, mar chuid de CAI atá le teacht, nach mór don Aontas gealltanas a thabhairt caiteachas méadaithe a dhéanamh chun ceannasacht theicneolaíoch a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí leis sin imchlúdach tiomnaithe chun sraitheanna an bhonneagair phoiblí dhigitigh a shainaithnítear i liosta cuimsitheach an Choimisiúin a fhorbairt agus a imscaradh, chomh maith le cistí breise chun timpeallacht mhargaidh atá fabhrach don iomaíocht a áirithiú i réimsí digiteacha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chreidiúint gur cheart don chistiú faoin CAI atá le teacht tosaíocht a thabhairt d’fhothú acmhainneachta gníomhach i bpríomhréimsí crua-earraí, bogearraí agus seirbhíse, lena n-áirítear ríomhaireacht ardfheidhmíochta, ríomhaireacht chandamach, criptiú agus cumarsáid, nascacht, néal, sonraí, éiceachórais ghréasáin agus IS, agus leabharlanna digiteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart bonneagar poiblí digiteach na hEorpa a bheith bunaithe ar luachanna an Aontais agus a bheith oscailte do chomhpháirtithe nach de chuid an Aontais iad atá den dearcadh céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint dá n-iarrachtaí agus tuilleadh spreagtha a thabhairt don phróiseas le Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe maidir le bonneagar poiblí digiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á aithint go bhfuil ríomhsheirbhísí rialtais ina bpríomhchumasóir soláthair seirbhísí poiblí atá éifeachtúil, slán agus inrochtana, ar cheart iad a cheapadh chun céannacht dhigiteach, comhroinnt sonraí rialtais agus íocaíochtaí na hearnála poiblí a éascú gan margaí a shaobhadh ná an bonn a bhaint de réitigh na hearnála príobháidí atá ann cheana; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go ndíreodh cur chuige an Aontais i leith ríomhsheirbhísí rialtais ar idirghníomhaíochtaí digiteacha idir rialtais agus saoránaigh agus idirghníomhaíochtaí digiteacha idir rialtais agus gnólachtaí a neartú, agus muinín, idir-inoibritheacht agus inrochtaineacht á n-áirithiú ag an am céanna; á chreidiúint, dá bhrí sin, go bhfuil gá le creat ríomh-shainaitheantais iontaofa chun rochtain shlán agus réidh a fháil ar sheirbhísí poiblí agus á chur in iúl gur geal léi an fógra maidir le ‘tiachóg le haghaidh gnó’ atá dírithe ar an idirnasc idir gnólachtaí agus údaráis phoiblí a shimpliú go suntasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún ardáin sonraí leasa phoiblí a fhorbairt tuilleadh, lena gcumasófar comhroinnt shlán trasteorann sonraí idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha le haghaidh cásanna úsáide, go háirithe, i gcúram sláinte, pleanáil uirbeach agus faireachán comhshaoil; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún idir-inoibritheacht a chur chun cinn idir leas an phobail agus ardáin sonraí a bhaineann go sonrach leis an tionscal, lena n-áiritheofar sreabhadh réidh sonraí agus ualaí riaracháin á n-íoslaghdú ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí é sin a bhaint amach trí réitigh margadhthiomáinte atá ann cheana lena gcothaítear nuálaíocht, lena gcoinnítear muinín agus lena gcaomhnaítear caighdeáin phríobháideachais agus slándála a ghiaráil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á aithint, faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh na hEorpa smacht a bheith acu ar a gcuid sonraí pearsanta agus nach mór sonraí a ghintear laistigh den Aontas a phróiseáil i gcomhréir le dlí an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil sé bunriachtanach príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint chun muinín a chothú sa gheilleagar digiteach, lena lamháiltear do thomhaltóirí na hEorpa páirt a ghlacadh ann le muinín, gan beann ar an áit a ndéantar a gcuid sonraí a phróiseáil; á thabhairt chun suntais nach mór do chuideachtaí Eorpacha – go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) – a bheith in ann úsáid a bhaint as sonraí ar bhealach dleathach, eiticiúil agus slán chun fás inbhuanaithe agus iomaíochas a spreagadh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bonneagar digiteach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt chun suntais gurb é an bonneagar digiteach cnámh droma gheilleagar agus shochaí na hEorpa agus go leanfaidh a thábhacht de bheith ag fás; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cuimsitheach ar chomhdhéanamh an bhonneagair dhigitigh Eorpaigh a áireamh sa liosta de spleáchais chriticiúla a iarradh chun anailís leormhaith a dhéanamh ar staid na himeartha, measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus gníomhaíocht a chomhordú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chreidiúint, chun an bonneagar digiteach a neartú, go bhfuil sé bunriachtanach tionscnaimh fothaithe acmhainneachta a chur chun feidhme i réimsí criticiúla ar leibhéal an Aontais; á mheas gur cheart go ndíreodh na tionscnaimh sin ar bhunsraith de bhonneagar poiblí a fhorbairt, amhail líonra de ghigeamhonarchana IS agus samhail innéacs gréasáin Eorpaigh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go dtabharfaidh an bhunshraith sin cumhacht do chuideachtaí a samhlacha gnó a fhorbairt agus borradh a chur faoi cheannasacht theicneolaíoch; ag tarraingt aird ar na réitigh dhigiteacha a chruthaigh an tAontas, amhail céannacht dhigiteach an Aontais, lenar féidir bonneagar nuálach a chur ar fáil do gheilleagar digiteach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á aithint go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le bonneagar digiteach criticiúil agus gur gá a shlándáil agus a athléimneacht a neartú; á chur in iúl go dtuigeann sí go n-áirítear le bonneagar digiteach criticiúil cáblaí (trastíre agus fomhuirí), túir líonra cheallaigh, córais cumarsáide satailíte, trealamh speictrim agus raidió, néalfhreastalaithe ina bhfuil faisnéis íogair agus lárionaid sonraí a phróiseálann faisnéis íogair, chomh maith le heilimintí bogearraí áirithe, lena n-áirítear bogearraí slándála lena gcosnaítear líonraí criticiúla agus lárionaid sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go dtagann an bonneagar sin faoi dhlínse an Aontais, rud a chiallaíonn go gcloíonn sé go hiomlán le dlí an Aontais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá príobháideachas agus slándáil trí dhearadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, reachtaíocht a thabhairt isteach chun na rioscaí a bhaineann le díoltóirí ardriosca ó thíortha nach de chuid an Aontais iad a mhaolú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le soláthraithe acmhainní fuinnimh atá faoi rialú eachtrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, agus tograí reachtacha a bheidh ann amach anseo agus an CAI atá le teacht á n-ullmhú aige, iarrachtaí a dhíriú ar an margadh aonair a dhoimhniú, i gcomhréir leis na moltaí a rinneadh sa tuarascáil ó Enrico Letta dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market’</STRING> [I bhfad níos mó ná margadh] agus sa tuarascáil ó Mario Draghi dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa], agus é mar aidhm leis sin an glas a bhaint d’acmhainneacht an mhargaidh aonair dhigitigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag cur sonrú sna moltaí a leagtar síos sa dá thuarascáil sin go bhfuil aistriú paraidíme de dhíth ar an Aontas ó nascacht a chur chun cinn san Aontas go margadh aonair a bhunú don chumarsáid leictreonach agus don nascacht; ag tacú le creat teileachumarsáide simplithe, comhchuibhithe agus fabhrach don nuálaíocht lena n-áirithítear iomaíocht chóir agus inrochtaineacht bonneagair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an páipéar bán ón gCoimisiún faoi conas máistreacht a fháil ar riachtanais bhonneagair dhigitigh na hEorpa, ina leagtar amach trí cholún: ‘Líonra 3C’ – ‘An Ríomhaireacht Chomhoibríoch Nasctha’ a chruthú, an margadh aonair digiteach a chur i gcrích, agus bonneagar digiteach slán athléimneach a chruthú don Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag breathnú ar an bpáipéar bán agus ar an bpróiseas comhairliúcháin ina dhiaidh sin mar chuid d’ullmhú na dtionscnamh reachtach atá beartaithe don téarma sin, lena n-áirítear an Gníomh um Líonraí Digiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún dearcadh níos iomlánaíche a ghlacadh ar an mbonneagar digiteach le linn an phróisis sin agus a aithint go bhfuil go leor gnéithe sa bhonneagar digiteach seachas nascacht amháin; á chur i bhfios go láidir gur gá measúnú tionchair a chur le haon bheart nua beartais dhigitigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún rialacha teileachumarsáide a shimpliú agus a chomhchuibhiú mar chuid den Ghníomh um Líonraí Digiteacha atá le teacht agus den Phacáiste Digiteach níos leithne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún gníomh de chuid an Aontais maidir le forbairt néil agus IS a thabhairt isteach chun bonneagar sonraí Eorpach a neartú agus néalsoláthraithe Eorpacha a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an ngníomh sin margadh aonair Eorpach don néal agus IS a fhorbairt go gníomhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á aithint go bhfuil gá le hinfheistíocht shuntasach chun bonneagar digiteach ceannródaíoch a imscaradh ar fud an Aontais agus go bhfuil cistiú poiblí agus príobháideach araon bunriachtanach chun an sprioc sin a bhaint amach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ganntanas leanúnach caipitil fiontair agus maoinithe infheistíochta san Eoraip, lena mbaintear an bonn de cheannasacht theicneolaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún ionstraimí infheistíochta poiblí príobháidí a mhéadú go suntasach, lena n-áirítear caipiteal fiontair, ardáin straitéiseacha agus uirlisí cistiúcháin tiomnaithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis in earnálacha teicneolaíochta criticiúla; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an soláthar poiblí a ghiaráil chun tacú le himscaradh agus méadú réiteach digiteach oscailte agus idir-inoibritheach agus chun a áirithiú go mbeidh caipiteal príobháideach, iomaíocht agus nuálaíocht ar na príomhspreagthaí le claochlú digiteach na hEorpa sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Nascacht ardluais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór don Ghníomh um Líonraí Digiteacha atá ar na bacáin tacú leis an gcuspóir nascacht ardcháilíochta a chur ar fáil do thomhaltóirí uile an Aontais faoi 2030, go háirithe i gceantair iargúlta agus thuaithe, chomh maith le deireadh a chur le bacainní riaracháin ar leathadh amach 5G, 6G agus leathanbhanda slán ardluais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag aithint cóineasú méadaitheach an bhonneagair teileachumarsáide le néalteicneolaíochtaí agus imeall-theicneolaíochtaí, agus á mheas go bhfuil acmhainneacht ag líonraí rochtana raidió oscailte chun ardréitigh theicneolaíocha a sholáthar, costais a laghdú agus idir-inoibritheacht na nascachta a fheabhsú; á chreidiúint go bhfuil todhchaí na nascachta i gcomhlántacht teicneolaíochtaí éagsúla amhail 5G/6G, Wi-Fi agus teicneolaíochtaí satailíte, ina dtéann comhtháthú réidh chun tairbhe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á aithint, agus néalseirbhísí agus imeallseirbhísí i gcroílár a gclaochlaithe, go bhfuil líonraí nascachta ag athrú go tapa ina n-ardáin don nuálaíocht agus go mbeidh siad ag brath níos mó agus níos mó ar néalríomhaireacht, IS, fíorúlú agus teicneolaíochtaí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh go mbeadh spriocanna uaillmhianacha ann maidir le forbairt agus nuálaíocht líonraí cumarsáide gan sreang, ag aithint an ghá atá le cur chuige leathan lena n-áirítear néalríomhaireacht, IS, imeall-ríomhaireacht agus ríomhaireacht chandamach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go leanfadh an t-éiceachóras nuálaíochta don chumarsáid leictreonach, go háirithe do theileachumarsáid atá comhtháite go hingearach, de bheith margadhthiomáinte, agus á áitiú go mbeadh bearta rialála amach anseo bunaithe ar mheasúnuithe tionchair críochnúla eolasbhunaithe ar na rialacháin atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á aithint go bhfuil iomaíocht idir oibreoirí de gach méid fós ina príomhspreagadh don infheistíocht i líonraí nascachta; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí líonraí copair a mhúchadh de réir a chéile i bhfabhar teicneolaíochtaí snáthoptaice nó 5G, go háirithe i gcás ina bhfuil gá leis an líonra a chothabháil nó a nuashonrú go rialta, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go ndéanfaí an t-aistriú ar bhealach insroichte agus go lamhálfaí do sholáthraithe pleanáil lóistíochta agus airgeadais a dhéanamh roimh ré;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart rochtain a bheith ag gach tomhaltóir san Aontas ar nascacht iontaofa, inacmhainne agus de cháilíocht leormhaith, rud a chuirfeadh leis an éileamh méadaithe ar sheirbhísí nascachta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit líonraí digiteacha a leathnú agus a uasghrádú, go háirithe i gceantair thuaithe, agus tacú le hinfheistíochtaí príobháideacha poiblí i leathanbhanda agus in imscaradh 5G/6G, agus caighdeáin chibearshlándála agus prionsabail atá slán trí dhearadh á gcoinneáil ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí suite de, ós rud é go mbeidh bonneagar nascachta digití amhail snáithín, 5G agus 6G ríthábhachtach don iomaíochas tionsclaíoch amach anseo, gur cheart go n-áireofaí sa CAI atá le teacht cistí chun bonneagar líonra a imscaradh ar mhórscála, lena ndúnfaí an bhearna imscartha atá ann cheana chun spriocanna 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach, lena gcruthófaí cumhdach 5G uile-Eorpach d’úsáid na saoránach agus lena n-áiritheofaí imscaradh rathúil uirlisí Thionscal 4.0;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Snáithín</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlús a chur le himscaradh líonraí snáthoptaice agus córas cumarsáide nua-aimseartha gan sreang lenar féidir seirbhísí digiteacha tapa, slána agus iontaofa a sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á aithint go bhfuil sé ríthábhachtach tosaíocht a thabhairt do naisc snáithín dhíreacha do thithe, do ghnólachtaí agus d’institiúidí poiblí chun nascacht shárthapa agus iontaofa a áirithiú, chomh maith le leathadh amach líonraí le hoibreacha poiblí, amhail bóithre, uisce agus leictreachas, chun leathadh amach snáithín a chuíchóiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin, a fhreagraíonn do na riachtanais mhéadaitheacha maidir le nascacht atá níos tapa, iontaofa agus dian ar shonraí; ag aithint a thábhachtaí atá sé úsáid chomhroinnte a bhaint as duchtanna agus cuaillí chun líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh ar mhaithe le hacmhainní a bharrfheabhsú agus costais a laghdú; ag tathant ar na Ballstáit próisis cheadúcháin a chuíchóiriú agus rialacháin a chomhchuibhiú chun bacainní airgeadais agus riaracháin ar leathnú an bhonneagair snáithín a laghdú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">5G agus 6G</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil infheistíochtaí príobháideacha bunriachtanach chun líonraí cumarsáide leictreonaí, 5G agus 6G a imscaradh atá forbartha go leor maidir le tarchur, luas, acmhainneacht stórála, cumhacht imeall-ríomhaireachta agus idir-inoibritheacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá breise le forfheidhmiú agus cur chun feidhme an Ghnímh um Bonneagar Gigighiotáin chun ionad ilfhreastail le haghaidh ceadanna agus próiseas ceadúcháin digiteach láraithe a chruthú chun moilleanna ar imscaradh bonneagair a laghdú agus chun rialacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le rochtain ar bhonneagar, praghsáil agus measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí iarrachtaí láidre sa réimse sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil cosaint láidir cibearshlándála de dhíth ar an Aontas i ngach earnáil bonneagair chriticiúil, agus bearta níos déine chun an riosca a bhaineann le díoltóirí ardriosca i líonraí 5G agus 6G a laghdú, lena n-áiritheofar dlúth-imscaradh ceall beag agus macrathúr, go háirithe i gceantair uirbeacha agus thuaithe a bhfuil cumhdach neamhréireach acu, agus lena n-áiritheofar inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht fuinnimh an bhonneagair chun tacú le hiomaíochas domhanda na hEorpa sa gheilleagar digiteach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Speictream</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú i dtreo comhordú feabhsaithe ar leithdháiltí speictrim, go háirithe trí eisiúint minicíochtaí nua a shainaithint níos luaithe agus a chomhchuibhiú, ag tosú le minicíochtaí 6 GHz; á iarraidh go mbeadh beartas speictrim raidió ann lena gcuirfear infheistíocht san Eoraip chun cinn, lena n-áirítear trí bheartais sannta speictrim a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát chun dlús a chur le himscaradh 5G bunaithe ar dhea-chleachtais, tréimhsí ceadúnais níos faide a chur chun cinn agus rochtain ar speictream nua amhail an banda 6 GHz uachtarach chun freastal ar an éileamh a bheidh ann amach anseo agus chun 6G a chumasú; á chreidiúint go bhfuil gá le hiarracht chomhroinnte ó eintitis phoiblí agus phríobháideacha chun iomaíochas na hEorpa a mhéadú agus gan a bheith chun deiridh ar na líonraí is mó fás ar domhan, i.e. sa tSín agus sa Chóiré Theas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Satailítí agus córais cumarsáide satailíte</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cumarsáid satailítbhunaithe i dtaobh bhonneagar digiteach an Aontais a fhorbairt, a athléimneacht a mhéadú, cumais ghníomhaithe an Aontais a neartú, agus spleáchas ar sholáthraithe nach de chuid an Aontais iad a laghdú, go háirithe i réimse na cosanta; á thabhairt chun suntais gur gá réitigh nascachta mhalartacha a chur ar fáil do thomhaltóirí i gceantair iargúlta agus thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról straitéiseach ag clár spáis an Aontais, mar cheann de cholúin cheannasacht an Aontais, maidir le seirbhísí suite, loingseoireachta agus uainiúcháin úrscothacha agus slána a chur ar fáil do Galileo agus EGNOS agus seirbhísí cumarsáide satailíte costéifeachtacha do GOVSATCOM; ag tabhairt dá haire go gcuireann sé sin ar chumas an Aontais agus a Bhallstát ceannasacht níos mó a bheith acu ina gcumais satailíte, lena n-áirítear geoshuíomh, faire na cruinne, faireachas spáis agus nascacht; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, cláir GOVSATCOM agus IRIS<STRING SUPERSCRIPT="on">2</STRING> de chuid an Aontais, a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go mbeidh seirbhísí cumarsáide satailíte rialtais atá slán, iontaofa agus costéifeachtach ar fáil go gearrthéarmach agus go fadtéarmach d’údaráis phoiblí an Aontais agus d’údaráis phoiblí náisiúnta a bhainistíonn bonneagar agus misin chriticiúla slándála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an spleáchas láidir ar shonraí nach de chuid an Aontais iad chun spásréada a rianú agus chun faireachas a dhéanamh orthu; á chur i bhfios go láidir gur gá don Eoraip a cumais agus a bonneagar féin a threisiú go práinneach i bhfeasacht staide an spáis (SSA) chun uathriail straitéiseach oscailte agus slándáil a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht i sócmhainní faireachais agus rianaithe atá faoi úinéireacht an Aontais a mhéadú go suntasach, agus sásraí éifeachtacha a fhorbairt chun faisnéis a chomhroinnt i measc na mBallstát, lena gcuirfear ar chumas na hEorpa faireachán neamhspleách a dhéanamh ar a bonneagar criticiúil spáis agus é a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na hearnála príobháidí i dteicneolaíochtaí lainseálaithe chun dlús breise a chur le himscaradh IRIS<STRING SUPERSCRIPT="on">2</STRING>; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé earnáil Eorpach spáslainseála atá láidir agus iomaíoch a chothú trí rannpháirtíocht níos mó ón earnáil phríobháideach agus trí thacaíocht a thabhairt do thionscail réamhtheachtacha agus iartheachtacha; á iarraidh ar an gCoimisiún beartas Eorpach don tionscal spáis a chur chun cinn lena neartófar ceannasacht i dteicneolaíochtaí agus seirbhísí spáis trí spleáchais straitéiseacha a laghdú agus trí rialachas oibríochtúil chláir spáis na hEorpa a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh, chun na críche sin, go ndéanfaí bearta nithiúla chun soláthar seirbhísí satailíte a éascú ar fud na hEorpa, lena n-áirítear trí nósanna imeachta agus coinníollacha comhchoiteanna a shainiú; á iarraidh, ag an am céanna, go mbeadh iomaíocht chóir ann, le rialacha soiléire agus infhorfheidhmithe do na buíonta satailítí uile a bhfuil rochtain acu ar mhargadh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt saincheisteanna ann faoi láthair maidir le haga folaigh i líonraí satailíte agus á aithint go bhfuil comhtháthú líonraí satailíte le teicneolaíochtaí 5G agus, amach anseo, le teicneolaíochtaí 6G ríthábhachtach chun rochtain agus iontaofacht líonraí trastíre a leathnú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Córais ríomhaireachta ardfheidhmíochta (HPC)</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á aithint go ndearnadh dul chun cinn le blianta beaga anuas maidir le HPC a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún an chumhacht ríomhaireachta in ionaid HPC de chuid an Aontais a chomhtháthú agus a fheabhsú go leanúnach, go háirithe, feabhas a chur ar oiliúint samhlacha IS agus ullmhú do dhul chun cinn sa tsár-ríomhaireacht amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chomhordaithe a fhorbairt chun an bhearna idir teicneolaíocht cheannródaíoch HPC de chuid na hEorpa agus a himscaradh praiticiúil, inscálaithe ar fud na dtionscal a dhúnadh, lena n-áirítear trí líonra poiblí don tsár-ríomhaireacht a chruthú; ag tabhairt dá haire gur cheart go gcothódh an straitéis sin comhar idir institiúidí poiblí agus comhpháirtithe san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear FBManna, chun a áirithiú go mbeidh cumais HPC de chuid na hEorpa ina bpríomhspreagadh don iomaíochas eacnamaíoch agus don cheannasacht theicneolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach mór d’ionaid HPC inrochtaineacht a áirithiú d’fhorbróirí agus d’imlonnóirí bunsamhlacha IS, IS ghiniúnaigh agus IS fheidhmigh; ag tabhairt dá haire gur cheart Lárionaid EuroHPC a bheith ar fáil do na cásanna úsáide sin agus go háirithe do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór é sin a chomhlánú go réidh le tionscnaimh chun forbairt agus imscaradh IS san Aontas a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cruthú monarchana nua IS; á chur i bhfios go láidir go ndéanfaidh monarchana IS sár-ríomhairí EuroHPC a uasghrádú chun acmhainneacht ríomhaireachta a sholáthar do IS agus chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis maidir le hoiliúint a chur ar shamhlacha IS ilchuspóireacha agus iontaofa agus iad a fhorbairt ar mhórscála;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Crua-earraí don ríomhaireacht: leathsheoltóirí, sliseanna agus sliseanna candamacha </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach chun borradh a chur faoi mhonarú leathsheoltóirí inmheánach an Aontais, agus athléimneacht an tslabhra soláthair a fheabhsú trí chomhpháirtíochtaí domhanda straitéiseacha a bhunú, gnólachtaí nuathionscanta agus nuálaíocht a spreagadh, comhar trasteorann a chothú i bhforbairt ardleibhéil leathsheoltóirí agus dreasachtaí airgeadais, tacaíocht rialála agus rochtain ar an margadh a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le deimhneacht dhlíthiúil chun tacú le forbairt leathsheoltóirí, agus slabhraí soláthair slána d’amhábhair chriticiúla a áirithiú agus suaitheadh de bharr éiginnteachtaí infheistíochta a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag tathant go dtabharfaí fíorthábhacht pholaitiúil do sholáthar leordhóthanach sliseanna IS a áirithiú san Aontas agus go mbeadh sé sin ina phointe fócasach de bheartais tionscail dhigitigh an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú tagtha ar an éileamh ar shliseanna IS atá spreagtha ag feidhmeanna méadaitheacha sa néalríomhaireacht, in imeallghairis, i gcórais uathrialacha agus in IS giniúnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún freagairt do na réaltachtaí geopholaitiúla nua agus d’úsáid slabhraí soláthair digiteacha mar uirlisí brú; ag tathant ar an gCoimisiún teacht ar réiteach caibidlithe ar thoirmeasc na Stát Aontaithe ar shliseanna IS a onnmhairiú chuig 16 Bhallstát de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún sliseanna ardfhorbartha IS, lena n-áirítear a ndearadh agus a dtáirgeadh, a chur i gcroílár an athbhreithnithe ar an nGníomh um Shliseanna; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-athbhreithniú a thíolacadh i mbliana, ina mbeidh straitéis fhadtéarmach atá fréamhaithe sna réaltachtaí geopholaitiúla atá ann faoi láthair agus a chuireann lena fíor-riachtanaí atá an Eoraip go straitéiseach trí bhíthin ceannaireacht theicneolaíoch, cumais táirgthe leormhaithe agus éiceachóras láidir T&F, a bheidh bunriachtanach chun ceannasacht Eorpach a dhaingniú le linn tréimhsí atá ag éirí níos deacra; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach na hidirghníomhaíochtaí i measc taighde, oiliúna, soláthraithe agus bonneagar poiblí láidir a neartú chun dlús a chur leis an gconair ó thaighde, forbairt, tástáil agus, ar deireadh, táirgeadh lánualaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chreidiúint gur cheart don Aontas feabhas a chur ar a iarrachtaí maidir le sliseanna candamacha a fhorbairt má tá sé ar intinn aige dlús a chur leis an am go dtí an margadh do nuálaíocht thionsclaíoch an Aontais sa teicneolaíocht chandamach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le monarú sliseanna laistigh den Aontas, ar sliseanna iad a úsáidtear go forleathan e.g. le haghaidh gairis leictreonacha agus carranna; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht d’fhorbairt sliseanna lena laghdaítear ídiú fuinnimh na hearnála digití;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá tacú le feidhmíocht an gheilleagair chiorclaigh agus á mheabhrú go bhfuil táirgí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus leictreonaic eile mar chuid de na grúpaí táirgí tosaíochta sa phlean oibre atá le glacadh faoi mhí Aibreáin 2025 faoi Rialachán (AE) 2024/1781<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE, (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>á chreidiúint nach mór cistiú breise faoin CAI atá le teacht a leithdháileadh ar acmhainneachtaí táirgthe leathsheoltóirí a fhorbairt agus ar theicneolaíochtaí agus próisis leathsheoltóra eile den chéad ghlúin eile (e.g. sliseanna fótónaice, sliseanna banda leathain, chomh maith le dearadh, monarú, tástáil, cóimeáil agus pacáistiú ardfhorbartha) laistigh den Aontas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Néalseirbhísí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á aithint go bhfuil gá sa mhargadh le réitigh cheannasacha lena gcuirtear leibhéil fheabhsaithe rialaithe ar shonraí ar fáil do chatagóirí áirithe sonraí íogaire agus ag aithint na rioscaí a bhaineann le spleáchas ar sholáthraithe ceannasacha aonair; á iarraidh go mbeadh straitéis ann chun spleáchas ar néalsoláthraithe eachtracha a laghdú, agus roghanna malartacha Eorpacha á gcothú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach raibh aon toradh ar an bplé ar Scéim an Aontais um Dheimhniú Cibearshlándála le haghaidh Néalseirbhísí; á chur i bhfios go bhfuil breithnithe ceannasachta ann, go háirithe maidir le seach-chríochachas córas dlíthiúil ceangailteach, nach féidir a réiteach trí phlé teicniúil; á iarraidh ar an gCoimisiún sainmhíniú ar néal ceannasach agus a raon feidhme a mholadh sa ghníomh atá beartaithe maidir le forbairt néil agus IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur gá stóráil sonraí agus cumhacht ríomhaireachtúil, agus bonneagar ríomhaireachta dáilte, a dhaingniú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh sé de chumas ag néal-úsáideoirí réitigh a chomhlíonann a riachtanais a roghnú trí dheireadh a chur go práinneach le bacainní ar sholáthraithe a athrú agus a éagsúlú trí straitéisí ilnéil, agus trí mhargadh néalseirbhísí Eorpach iomaíoch a chothú, agus ar an gcaoi sin spleáchas ar sholáthraithe aonair a laghdú agus ceannasacht dhigiteach a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh amhail 8ra agus IPCEI CIS a ghiaráil chun bonneagar díláraithe néil agus imill a chur chun cinn, ar cumasóirí ceannasachta iad agus a rannchuidíonn le spleáchas ar sholáthraithe eachtracha a laghdú agus athléimneacht a áirithiú, agus solúbthacht oibríochtúil laistigh den Eoraip á feabhsú ag an am céanna;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Córais IS</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tionscnamh InvestAI, lena n-áirítear gigeamhonarchana IS; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá don Eoraip a bheith ina ceannaire domhanda maidir le hoiliúint samhlacha IS, taighde eolaíoch agus dul chun cinn ríomhaireachta candamaí; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhorbairt IS trí thionscnaimh amhail monarchana IS a sheoladh chun cumhacht ríomhaireachta a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí atá i mbun fáis agus do thaighdeoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do dhearadh agus d’fhorbairt IS Eorpaigh agus beartais agus bearta a ghlacadh lena gcuirfear ar chumas earnálacha tionsclaíocha na hEorpa tairbhe a bhaint as a sonraí agus as imscaradh IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann moill ar imscaradh nuálaíochtaí faoi thiomáint IS bac ar dhul chun cinn teicneolaíoch, iomaíochas margaidh agus claochlú digiteach laistigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>ag dréim leis go gcuirfidh an tsamhail maoiniúcháin phoiblí agus phríobháidigh infheistíocht phríobháideach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo in IS ar fáil lena n-osclófar rochtain ar shár-ríomhairí do ghnólachtaí nuathionscanta agus don tionscal;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Teicneolaíocht chandamach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á aithint go bhfuil géarghá le treochlár soiléir a shainiú d’fhorbairt na teicneolaíochta candamaí, lena n-áirítear ríomhaireacht chandamach agus criptiú candamach, lena n-áiritheofar go mbeidh feidhmeanna tráchtála inláimhsithe mar thoradh ar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chreataí náisiúnta um bosca gainimh candamach atá ann cheana agus ar an gcaoi a bhfuil feidhm ag an reachtaíocht atá ann cheana ina leith chun ilroinnt an mhargaidh a chosc; á chur in iúl gur geal léi an fógra maidir leis an Straitéis Chandamach agus an Gníomh Candamach i gCompás Iomaíochais an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an Eoraip, mar thoradh ar an nGníomh Candam, agus measúnú tionchair ag gabháil leis, mar an réigiún ceannródaíoch maidir le barr feabhais agus nuálaíocht chandamach trí infheistíocht a dhéanamh in T&F agus sa nuálaíocht, trí chistiú a shlógadh chun éiceachóras, cumais agus táirgeadh candamach na hEorpa a mhéadú, agus trína áirithiú go ndéanfar mórthaighde candamach na hEorpa a thráchtálú san Eoraip; á chur i bhfios go láidir gur cheart go soláthrófaí leis sin feidhmeanna teicneolaíochta inláimhsithe trí bheartais a chothú lena gcuirtear dlús le haibíocht theicneolaíoch agus lena n-éascaítear an t-aistriú ó thaighde go rath tráchtála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí spriocdhírithe, comhar tionscail agus creataí rialála lena dtacaítear le teicneolaíochtaí candamacha a fhorbairt, a mhéadú agus a ghlacadh sa mhargadh ar fud na bpríomhearnálacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á iarraidh go mbeadh straitéis chomhordaithe de chuid an Aontais ann maidir le cripteagrafaíocht iar-chandamach chun sonraí a chosaint ar chibearbhagairtí a bheidh ann amach anseo;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Lárionaid sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le héiceachórais chun sonraí a bhaineann go sonrach leis an tionscal a chomhroinnt laistigh d’earnálacha tionsclaíocha, comhar a chothú agus nuálaíocht a spreagadh, agus ceannasacht sonraí á coinneáil agus comhlíonadh rialacháin an Aontais á áirithiú ag an am céanna, mar a leagtar amach sa Ghníomh um Shonraí; ag tathant ar an gCoimisiún go mbeadh forfheidhmiú dian ann chun a áirithiú nach bhforchuirfidh gníomhaithe ceannasacha sa mhargadh téarmaí éagóracha ar FBManna agus ar fhiontair mheánmhéide agus sonraí á rochtain agus á gcomhroinnt acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á chreidiúint gur gá bonneagar idirnasctha a áirithiú a chuirfeadh ar chumas lárionaid sonraí oibriú go héifeachtúil le chéile faoi chaighdeáin choiteanna le nascacht ardluais, agus solúbthacht, slándáil agus inscálaitheacht á gcoinneáil ar bun; á chreidiúint go gcabhródh an córas idirnasctha sin le hiomarcaíocht dháilte a áirithiú ionas go mbeadh sonraí agus seirbhísí fós ar fáil fiú i gcás ina dteipfeadh ar lárionad sonraí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt don idir-inoibritheacht ar fud na n-ardán, lena gcumasófar comhtháthú réidh sonraí ar fud gnólachtaí agus earnálacha, i gcomhréir le ceanglais an Ghnímh um Shonraí, lena dtugtar sainordú maidir le hiniomparthacht sonraí agus oibleagáidí idir-inoibritheachta le haghaidh néalseirbhísí agus imeallseirbhísí; á chur i bhfáth gur gá na forálacha sin a fhorfheidhmiú go láidir chun gaibhniú díoltóirí a chosc agus chun a áirithiú gur féidir le héiceachórais thionsclaíocha na hEorpa nuálaíocht shonraíbhunaithe a ghiaráil gan bacainní teicniúla nó conarthacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>ag meabhrú phlean an Choimisiúin lárionaid sonraí a dhéanamh aeráidneodrach agus an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de faoi 2030; á chur in iúl gur léir di gur gá feabhas a chur ar chomhtháthú na lárionad sonraí leis an gcóras fuinnimh, ag díriú ar athúsáid teasa agus ag soláthar seirbhísí solúbthachta do riachtanais na heangaí leictreachais; á aithint gur gá taighde ar fhuarú agus ar phróiseálaithe atá tíosach ar fhuinneamh a dhreasú, agus gur cheart aird ar leith a thabhairt ar thacaíocht a thabhairt do lárionaid sonraí an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaí na ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana d’oibreoirí lárionaid sonraí a chur chun feidhme go soiléir agus go comhsheasmhach ar fud reachtaíocht an Aontais agus ar fud na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht phoiblí a mhéadú agus a spriocdhíriú agus infheistíocht phríobháideach sa bhonneagar digiteach a dhreasú chun fás agus nuachóiriú lárionad sonraí a chumasú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cáblaí fomhuirí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>84.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh chun cáblaí fomhuirí a chosaint agus chun slándáil cáblaí agus cumais deisiúcháin a threisiú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíocht leanúnach i dtógáil cáblaí fomhuirí nua chun iomarcaíocht a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi ról an Aontais maidir le tionscadail den sórt sin a chómhaoiniú chun bonneagar digiteach agus nascacht dhigiteach a fheabhsú ar fud na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar shineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir bonneagar digiteach agus bonneagar fuinnimh faoin bhfarraige a chothabháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chumais deisiúcháin agus sásraí freagartha an Aontais agus na mBallstát chun bristeacha ar cháblaí fomhuirí a láimhseáil, atá bunriachtanach chun cumarsáid shlán gan bhriseadh a choinneáil ar bun; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta maidir le cáblaí a ndearnadh sabaitéireacht orthu a dheisiú agus na hinfheistíochtaí is gá a éascú, agus á iarraidh go mbunófaí flít mearfhreagartha deisiúcháin a bheadh bunaithe san Aontas chun téarnamh tapa agus leanúnachas oibríochtúil a áirithiú i gcás briseadh; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhearta rialála chun rochtain chóir agus slándáil a áirithiú, gan beann ar an mbonneagar a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an plean gníomhaíochta maidir le slándáil cáblaí, a eagrófar bunaithe ar cheithre cholún: cosc, brath, freagairt agus deisiú, agus díspreagadh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé é a chur chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil; ag tathant, sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe i dteicneolaíochtaí chun slándáil agus athléimneacht an bhonneagair fhomhuirí agus an bhonneagair amach ón gcósta a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún T&N a chur chun cinn chun nuálaíochtaí teicneolaíochta ardfhorbartha i slándáil cáblaí a chumasú, lena n-áirítear córais luathrabhaidh agus measúnuithe ar bhagairtí faoi thiomáint IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na hionstraimí atá ar fáil, ar ionstraimí iad a cheaptar chun infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil ar bhealach níos fearr chun tacú le Tionscadail Cháblaí ar mhaithe le Leas na hEorpa (CPEInna); á iarraidh ar an gCoimisiún tionscadail cáblaí fomhuirí a áireamh ar liosta na dTionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna); á aithint gur gá an próiseas iarratais agus riaracháin lena rialaítear IPCEInna a chuíchóiriú agus a shimpliú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cibearshlándáil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>ag meabhrú na hoibre reachtaí a rinneadh le linn an téarma reachtaigh roimhe seo arb é is aidhm di feabhas suntasach a chur ar an gcibearshlándáil san Aontas; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gur glacadh an Gníomh um Chibear-Athléimneacht, an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht agus Treoir NIS2; á chur i bhfáth gur gá na bearta sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach comhchuibhithe agus tráthúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil mheastóireachta a thíolacadh maidir leis an nGníomh um Chibearshlándáil agus gníomh reachtach a mholadh chun athbhreithniú a dhéanamh air ar mhaithe le creat cibearshlándála an Aontais a neartú, agus béim ar leith á leagan ar an idirghníomhú idir ceannasacht agus slándáil; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún feabhas a chur ar chosaint bonneagair straitéisigh agus chriticiúil agus trasnaíocht eachtrach ó eintitis atá faoi réir reachtaíocht sheach-chríochach a chosc, chomh maith le dlús a chur leis an bpróiseas glactha do scéimeanna an Aontais um dheimhniú cibearshlándála; á iarraidh go neartófaí sainordú ENISA chun freagairt ar ghéarchéimeanna a chomhordú, formhaoirseacht a dhéanamh ar dheimhniú cibearshlándála do bhonneagar criticiúil agus cur chun feidhme aonfhoirmeach caighdeán cibearshlándála a áirithiú ar fud an mhargaidh aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá an straitéis Eorpach slándála inmheánaí atá ar na bacáin maidir leis an gcibearshlándáil agus cosaint an bhonneagair chriticiúil a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, de réir an dara tuarascáil ar dhul chun cinn na mBallstát i dtaobh bosca uirlisí de chuid an Aontais maidir le cibearshlándáil 5G a chur chun feidhme, go bhfuil 14 Bhallstát ann nach bhfuil aon srian ar sholáthraithe ardriosca curtha chun feidhme acu go fóill, rud a chruthaíonn leochaileachtaí suntasacha slándála; á iarraidh go ndéanfaí bosca uirlisí de chuid an Aontais do shlándáil 5G a chur chun feidhme go hiomlán chun spleáchas ar dhíoltóirí ardriosca a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún an bosca uirlisí a dhéanamh ceangailteach, go háirithe maidir le díoltóirí ardriosca i mbonneagar criticiúil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Simpliú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach mór roghanna malartacha tráchtála inmharthana a bheith ag an Aontas chun fíorcheannasacht theicneolaíoch a bhaint amach; á chur i bhfáth nach mór don Aontas clár oibre cuimsitheach a shaothrú go práinneach maidir le simpliú agus laghdú maorlathais chun timpeallacht atá fabhrach don nuálaíocht a chothú a bheidh in ann tacú le roghanna malartacha iomaíocha Eorpacha ar ghníomhaithe digiteacha domhanda ceannasacha; á chur i bhfios go láidir go mbíonn tionchar díréireach ag ualaí iomarcacha riaracháin, creataí rialála ilroinnte, margadh aonair digiteach neamhiomlán agus nósanna imeachta comhlíontachta atá róchasta ar ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha, ar ghnólachtaí atá i mbun fáis agus ar FBManna, rud a chuireann teorainn lena n-acmhainneacht dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda; á aithint gur cheart don Aontas, dá bhrí sin, tús áite a thabhairt do chuíchóiriú rialála agus doimhniú an mhargaidh aonair dhigitigh, lena n-áiritheofar go mbeidh an reachtaíocht comhréireach, faoi thiomáint na nuálaíochta agus nach gcuirfidh sí bac ar fhorbairt réiteach teicneolaíoch Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tograí reachtacha nua a ailíniú le prionsabail maidir le rialáil níos fearr, lena n-áiritheofar go mbeidh measúnú tionchair ag gabháil le haon bheart nua beartais dhigitigh a dhéanann difear don iomaíochas, lena n-áirítear seiceáil ar iomaíochas, ar FBManna agus ar fhiontair mheánchaipitlithe bheaga chun a mheas an bhfuil ionstraim reachtach ar leith riachtanach agus comhréireach agus nach gcruthaíonn sí ualaí nach bhfuil gá leo do ghnólachtaí, go háirithe FBManna, agus, ar an gcaoi sin, measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá aici ar iomaíochas, ar ionchais infheistíochta agus ar leas tomhaltóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á thabhairt chun suntais nár cheart go gcuirfeadh simpliú reachtaíocht an Aontais aon cheann de chearta bunúsacha na saoránach agus na ngnólachtaí i mbaol agus, ar an gcaoi sin, deimhneacht rialála a chur i mbaol; á chreidiúint nár cheart aon togra maidir le simpliú a dhéanamh faoi dheifir ná a mholadh gan breithniú cuí, comhairliúchán cuí agus measúnú tionchair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin prionsabal an laghdaithe ualaigh do chuideachtaí a chur chun feidhme go hiomlán i reachtaíocht an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, feabhas a chur ar a iarrachtaí trí dhíriú ar níos mó ualaí costais agus riaracháin a bhaint do ghnólachtaí i gcomparáid leis na tairbhí a thiocfadh as aon cheanglais rialála nua a thabharfaí isteach ar leibhéal an Aontais sa réimse beartais céanna, ionas go mbainfear bacainní ar iontráil sa mhargadh chun cabhrú le cuideachtaí Eorpacha fás agus méadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhsheasmhach reachtaíocht dhigiteach an Aontais a áirithiú tríd an bPacáiste Digiteach, sainmhínithe agus nósanna imeachta tuairiscithe a chuíchóiriú, measúnú a dhéanamh ar bhealaí chun oibleagáidí tuairiscithe a mhaolú agus an bhearna idir an tionscal agus an rialtas a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach tacú le cuideachtaí agus nuálaithe fanacht san Eoraip tríd an Aontas a fhorbairt mar thimpeallacht ghnó tharraingteach agus shofhreagrúil chun ceannasacht theicneolaíoch a fheabhsú; ag cur béim ar an bhfíoras, ina leith sin, gur cheart ualaí iomarcacha rialála agus riaracháin a sheachaint agus gur cheart rialacha an Aontais a bheith soiléir, comhsheasmhach, intuartha, comhréireach agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, agus ar an gcaoi sin timpeallacht rialála atá iomaíoch ar fud an domhain a chothabháil; á chreidiúint gur cheart go rannchuideodh modhanna nua soláthair phoiblí agus forbairt boscaí gainimh rialála agus binsí tástála le creat atá fabhrach don nuálaíocht freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir leis an 28ú córas dlí, lena n-aithnítear go mbeidh sraith aonair chomhchuibhithe rialacha uile-Aontais ina deis chinniúnach don infheistíocht dhigiteach agus don nuálaíocht dhigiteach; á chreidiúint, trí ilroinnt rialála a laghdú ar fud 27 gcóras dlí náisiúnta, go gcuirfear borradh faoin infheistíocht phríobháideach, go laghdófar costais chomhlíontachta agus go gcuirfear dlús le himscaradh bonneagair, táirgí agus seirbhísí digiteacha den chéad ghlúin eile; ag spreagadh an Choimisiúin chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh go sonrach leis an gcreat sin ar bhacainní rialála san earnáil dhigiteach, amhail ceadú agus sreafaí sonraí trasteorann, chun fíormhargadh aonair digiteach a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún pointe teagmhála aonair a chruthú chun an próiseas iarratais maidir le rochtain na hearnála príobháidí ar shásraí cistiúcháin an Aontais a shimpliú, lena n-áiritheofar gur féidir le cuideachtaí príobháideacha, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a bheith rannpháirteach ar bhealach níos éasca i gcláir infheistíochta digití;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fuinneamh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go gcuirfidh lárionaid sonraí brú breise ar eangacha leictreachais, rud a fhágann go bhfuil sé ríthábhachtach iad a threisiú trí infheistíochtaí réamh-mheasta; á chur i bhfáth gur féidir le lárionaid sonraí cabhrú freisin leis an eangach a chobhsú trí pháirt a ghlacadh i solúbthacht ar thaobh an éilimh; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun rannchuidithe den sórt sin a dhreasú bunaithe ar chur chun feidhme an athbhreithnithe ar athchóiriú mhargadh leictreachais na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>102.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ionstraimí a mholadh agus a chur chun feidhme lena n-áiritheofar pleanáil ordúil maidir leis an méadú ar an éileamh ar fhuinneamh ó lárionaid sonraí, lena n-éascófar a socrú straitéiseach gar d’fhoinsí fuinnimh atá ar fáil agus, ar an gcaoi sin, spleáchas ar bhonneagar eangaí níos leithne a íoslaghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>103.</NO.P>á aithint go bhfuil snáithín níos tíosaí ar fhuinneamh ná líonraí traidisiúnta copair; ag aithint a thábhachtaí atá sé ídiú fuinnimh a laghdú i dtarchur sonraí agus cobhsaíocht agus éifeachtúlacht fhadtéarmach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>104.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh soláthar iontaofa agus leordhóthanach d’fhuinneamh glan agus de theicneolaíocht ghlan-nialasach ann chun tacú le bonneagar digiteach na todhchaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Scileanna</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>105.</NO.P>á aithint go bhfuil géarghá le gairmithe níos oilte i réimsí digiteacha chun cuspóirí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach; á iarraidh ar na Ballstáit straitéisí agus dreasachtaí náisiúnta a fhorbairt chun tallann na hEorpa a choinneáil agus na gairmithe digiteacha is fearr ar domhan a mhealladh, agus ar an gcaoi sin acmhainneacht nuálaíochta agus ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>106.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an bhearna scileanna digiteacha agus ETIM a dhúnadh chun athléimneacht theicneolaíoch, acmhainneacht nuálaíochta agus uathriail straitéiseach oscailte a fheabhsú; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíochtaí san oideachas digiteach, san uas-sciliú agus san athsciliú a neartú, go háirithe i réimsí atá bunriachtanach don aistriú glas agus don aistriú digiteach; ag tacú le tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí lena dtugtar aghaidh ar ghanntanais scileanna digiteacha, go háirithe in AI, sa chibearshlándáil, in anailís sonraí agus i dteicneolaíochtaí glana, chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an gceannasacht theicneolaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>107.</NO.P>á iarraidh go mbeadh straitéisí comhordaithe ann ar an leibhéal náisiúnta chun rochtain ar oideachas ardcháilíochta ETIM a fheabhsú, chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn agus chun tallann a mhealladh chuig TFC agus chuig réimsí gaolmhara; ag spreagadh comhpháirtíochtaí idir institiúidí poiblí, lucht tionscail agus soláthraithe oideachais chun ailíniú a áirithiú idir curaclaim agus riachtanais athraitheacha an mhargaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>108.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí níos déine chun litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha a fheabhsú ar fud na ndéimeagrafach uile, agus go ndíreofaí ar luathoideachas ETIM, ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint, agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil i dteicneolaíochtaí digiteacha; á mholadh go ndéanfaí straitéisí náisiúnta oideachais agus oiliúna a ailíniú le sprioc Dheacáid Dhigiteach an Aontais go mbeidh bunscileanna digiteacha ag 80 % den daonra faoi 2030, agus béim á leagan ar bheartais inscne-chuimsitheacha chun rannpháirtíocht na mban i réimsí TFC agus ETIM a mhéadú; á iarraidh ar institiúidí an Aontais céimeanna nithiúla a ghlacadh chun seasamh leis na gealltanais dá dtagraítear sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, laistigh de chreat Aontais agus i gcomhar an Aontais le tríú tíortha araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>109.</NO.P>ag tacú le comhchreat deimhniúcháin an Aontais a bhunú do scileanna digiteacha agus teicniúla chun aitheantas agus inaistritheacht cáilíochtaí i measc na mBallstát a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>110.</NO.P>ag spreagadh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus na n-institiúidí náisiúnta forbartha tacú le tallann dhigiteach a choinneáil trí chomhinfheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí nuathionscanta teicneolaíochta doimhne Eorpacha, lena n-áiritheofar go bhfanfaidh nuálaíocht arna cistiú ag an Aontas laistigh den réigiún agus go rannchuideoidh sí le ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Taighde agus nuálaíocht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>111.</NO.P>ag aithint a thábhachtaí atá sé an bhearna idir an taighde agus an tráchtálú a dhúnadh agus á iarraidh ar an gCoimisiún luachshocrú na nuálaíochta laistigh den Aontas a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>112.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil cumas na hEorpa réitigh atá réidh don mhargadh a dhéanamh as taighde ríthábhachtach chun na cumais is gá a fhorbairt agus chun spleáchas ar theicneolaíochtaí nach de chuid an Aontais iad a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>113.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cistiú a leithdháileadh go straitéiseach chun dlús a chur le forbairt agus tabhairt isteach réiteach ar an margadh lena neartaítear athléimneacht theicneolaíoch na hEorpa agus lena spreagtar an nuálaíocht; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá struchtúr cistiúcháin atá níos sofhreagrúla agus bunaithe ar bharr feabhais, go háirithe maidir le feabhas a chur ar fheidhmeanna tionsclaíocha a dhéanamh as taighde; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe in T&N chun eolas agus cumais theicneolaíocha na hEorpa a neartú agus á áitiú go mbeadh cistiú taighde, forbartha agus nuálaíochta (TFN) an Aontais bunaithe ar iomaíocht oscailte agus ar bharr feabhais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>114.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le beartais a thacaíonn leis an nuálaíocht thionsclaíoch, lena n-áirítear infheistíocht spriocdhírithe i bpríomhtheicneolaíochtaí straitéiseacha inar féidir leis an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain, amhail ríomhaireacht chandamach, chun éiceachóras nuálaíochta a thógáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>115.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil infheistíocht phríobháideach in TFN ríthábhachtach agus á iarraidh ar an Aontas dreasachtaí a chruthú lena ndéanfar cistiú príobháideach a ghiaráil go héifeachtach chun teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>116.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le dreasachtaí níos láidre chun caipiteal na hearnála príobháidí a shlógadh don nuálaíocht atá faoi thiomáint na teicneolaíochta; ag spreagadh na mBallstát dreasachtaí fioscacha spriocdhírithe, simpliú rialála agus ionstraimí comhroinnte riosca a thabhairt isteach atá ceaptha chun cothromas príobháideach a mhealladh chuig na hearnálacha teicneolaíochta agus digiteacha; á thabhairt chun suntais gur gá sreafaí caipitil trasteorann laistigh den mhargadh aonair a chuíchóiriú chun rochtain ar mhaoiniú a éascú do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha nuálacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Caighdeáin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>117.</NO.P>á chreidiúint go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach idir-inoibritheacht agus caighdeáin an Aontais a chur chun cinn chun iomaíochas a chothú in earnáil na teicneolaíochta, ós rud é go n-áirithítear leis sin gur féidir táirgí a nascadh agus oibriú le chéile, agus ar an gcaoi sin nuálaíocht agus margaí oscailte a chothú; á mheabhrú go réitíonn idir-inoibritheacht agus comhchaighdeáin theicneolaíocha araon an bealach d’fheidhmiú an mhargaidh aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>118.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór don Choimisiún a rannpháirtíocht sna struchtúir dhomhanda um chaighdeánú atá ann cheana a mhéadú agus díriú ar ghlacadh idirnáisiúnta caighdeán Eorpach trí bhíthin cur chuige ón mbun aníos, agus lárú a sheachaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhpháirtíochtaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>119.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Aontais comhaontuithe trádála digití a chaibidliú lena n-éascaítear forbairt bonneagair dhigitigh atá slán agus iomaíoch le tíortha comhpháirtíochta; ag spreagadh an Choimisiúin chun cur leis na hiarrachtaí chun comhaontuithe trádála digití a chaibidliú le tíortha comhpháirtíochta breise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>120.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an gcomhar teicniúil i bhfóraim iltaobhacha amhail G7, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) chun caighdeáin dhomhanda a fhorbairt don rialachas digiteach, do rialáil IS, do shreafaí sonraí trasteorann agus do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>121.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún caibidlíocht a chur chun cinn maidir le réiteach buan ar mhoratóir EDT ar ríomhthráchtáil chun cosc a chur ar thabhairt isteach taraifí digiteacha, rud a áiritheoidh go mbeidh trádáil dhigiteach idirnáisiúnta oscailte, intuartha agus fabhrach don nuálaíocht i gcónaí;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>122.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>