<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0027</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0009/2026 -  Rapóirtéir: Adrián Vázquez Lázara)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2026 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh (2025/2077(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh, a fuarthas i litir dar dáta an 24 Deireadh Fómhair 2024 ó Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt na Gearmáine, lena dtarchuirtear iarraidh ón bPríomh-Ionchúisitheoir Poiblí in München, i dtaca le himeachtaí coiriúla a tionscnaíodh i gcoinne Petr Bystron, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 3 Aibreán 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhíoras go meastar gur dhiúltaigh Petr Bystron dá cheart chun éisteachta i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013, 19 Nollaig 2019 agus an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5 Iúil 2023, <STRING ITALIC="on">Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 46 de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0009/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur tharchuir Aireacht Chónaidhme Dlí agus Cirt na Gearmáine iarraidh ón bPríomh-Ionchúisitheoir Poiblí in München ar dhíolúine Petr Bystron, Feisire de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh sa Ghearmáin, a tharscaoileadh i ndáil le gníomhartha líomhnaithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcalaois faoi Alt 263(1) de Chód Coiriúil na Gearmáine, maidir le dearbhú bréagach líomhnaithe i ndáil le liúntas ar ráta comhréidh a eisíoc;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, go raibh Petr Bystron ina chomhalta de Bundestag na Gearmáine ó 2017 go dtí mí Iúil 2024; de bhrí, ina cháil mar chomhalta de Bundestag na Gearmáine, go raibh sé i dteideal, faoi Alt 12(3) de dhlí na Gearmáine (AbgG), liúntas ar ráta comhréidh lena gcumhdaítear, <STRING ITALIC="on">inter alia</STRING>, fostú foirne; de bhrí, an 10 Samhain 2021, gur shínigh Petr Bystron conradh fostaíochta chun ball foirne a fhostú mar ‘oifigeach cléireachais/clóscríobhaí’ ina oifig toghlaigh in München; de bhrí go líomhnaítear gur dhearbhaigh Petr Bystron go sainráite, tríd an gconradh fostaíochta a chur faoi bhráid riarachán an Bundestag, go mbeadh an ball foirne sin ag obair mar oifigeach cléireachais/clóscríobhaí ina oifig toghlaigh; de bhrí go léirítear san iarraidh, go deimhin, nár oibrigh an ball foirne sin mar oifigeach cléireachais/clóscríobhaí; de bhrí go líomhnaítear, mar gheall ar an bhfaisnéis mhícheart sa chonradh fostaíochta, gur ghlac riarachán an Bundestag leis, go mícheart, gur comhlíonadh na coinníollacha faoi Alt 12(3) AbgG maidir le heisíocaíocht an liúntais ar ráta comhréidh agus, dá bhrí sin, gur thug sé treoracha maidir le híocaíochtaí tuarastail a dhéanamh leis an mball foirne (thart ar EUR 14 850 san iomlán); de bhrí, de réir na hiarrata, go raibh na himthosca sin ar eolas ag Petr Bystron agus, dá bhrí sin, go bhfuil amhras ann go ndearna sé dearbhú bréagach d’aon ghnó;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur toghadh Petr Bystron chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha in 2024 agus nach raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach ionann an cion líomhnaithe, agus nach bhfuil baint ag an iarraidh dá éis ar dhíolúine Petr Bystron a tharscaoileadh, le tuairim a nocht sé ná le vóta a chaith sé agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go bhfuil ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí parlaiminte a mBallstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear mar a leanas le hAirteagal 46(2), (3) agus (4) de Dhlí Bunúsach Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<LIST LEVEL="1" TYPE="ARAB"><INT.LI LEVEL="0">‘(2) 	I gcás cion atá inphionóis, ní fhéadfar Feisire a chur faoi dhliteanas ná a ghabháil ach amháin le formheas an Bundestag, mura rud é gur gabhadh é nó í le linn dó nó di an cion a dhéanamh nó le linn an lae dár gcionn.</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(3)</SYMBOL>Beidh formheas an Bundestag de dhíth freisin chun aon srian eile maidir le saoirse an duine a chur ar Fheisire nó chun imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Feisire faoi Airteagal 18.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(4)</SYMBOL>Déanfar aon imeachtaí coiriúla nó aon imeachtaí faoi Airteagal 18, arna dtionscnamh i gcoinne Feisire, agus aon choinneáil nó aon srianadh eile ar a shaoirse nó a saoirse phearsanta a chur ar fionraí ar iarratas ón Bundestag.’;</ITEM></LIST>
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir í a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin, na gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é rún na n-imeachtaí dlíthiúla atá i gceist ná dochar a dhéanamh dá ghníomhaíocht pholaitiúil ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Petr Bystron a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chun údarás inniúil Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus chun Petr Bystron.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>