<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF3" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0028</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Leasú a dhéanamh ar Rialacháin maidir le táirgí talmhaíochta a mhéid a bhaineann le rialacha margaidh agus bearta tacaíochta earnála san earnáil fíona agus do tháirgí fíona cumhraithe</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0220/2025 - Rapóirtéir: Esther Herranz García)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2026 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, Rialachán (AE) 2021/2115 agus Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha margaidh áirithe agus bearta tacaíochta earnála áirithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh táirgí fíona cumhraithe (COM(2025)0137 – C10-0058/2025 – 2025/0071(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0137),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 42, an chéad mhír, agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0058/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Iúil 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/5161, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5161/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 2 Iúil 2025<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4418, 29.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4418/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Nollaig 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0220/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (Sraith C);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2025)0071</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Feabhra 2026 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) Uimh. 251/2014 agus (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann le rialacha margaidh áirithe agus bearta tacaíochta earnála áirithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh táirgí fíona cumhraithe agus Rialachán (AE) 2024/1143 a mhéid a bhaineann le rialacha lipéadaithe áirithe le haghaidh deochanna biotáilleacha</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2026/471.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI>
Ráiteas ón gCoimisiún tráth a glacadh Rialachán (AE) 2026/471 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2026<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2026/471, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/471/oj.</FIELD></FOOTNOTE> lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) Uimh. 251/2014, agus (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann le rialacha margaidh áirithe agus bearta tacaíochta earnála áirithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh táirgí fíona cumhraithe, agus Rialachán (AE) 2024/1143 a mhéid a bhaineann le rialacha lipéadaithe áirithe le haghaidh deochanna biotáilleacha

Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall an méid seo a leanas a chur i láthair an tsainghrúpa nó an choiste ábhartha in 2026:

<NO.P>1)</NO.P>dréachtghníomh cur chun feidhme lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/274 a bhaineann leis an bhféidearthacht leathnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm <STRING BOLD="on">an nós imeachta simplithe maidir le húdaruithe athphlandaithe a dheonú</STRING> a leagtar síos in Airteagal 9 den Rialachán sin.

<NO.P>2)</NO.P>dréachtleasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún, chun córas de chuid an Aontais a shainiú, córas lena ndéantar <STRING BOLD="on">na modhanna leictreonacha</STRING> dá dtagraítear in Airteagal 119(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a léiriú ar an bpacáiste nó ar lipéad táirgí fíniúna.

<NO.P>3)</NO.P>dréachtleasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún chun an fhéidearthacht fíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe a chumasc le fíonta socra chun fíonta páirt-dhí-alcólaithe a tháirgeadh a chuimsiú sa <STRING BOLD="on">sainmhíniú ar ‘coupage’</STRING> (‘cumasc’).

<NO.P>4)</NO.P>dréachtghníomh tarmligthe lena leagtar síos na coinníollacha maidir le <STRING BOLD="on">fíonghoirt thréigthe a ghrafadh</STRING> dá dtagraítear in Airteagal 62(6) nua de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.’
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>