<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0030</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Clásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha i gComhaontú Comhpháirtíochta AE-Mercosur agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE-Mercosur a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0254/2025 -  Rapóirtéir: Gabriel Mato)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2026 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme an clásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha i gComhaontú Comhpháirtíochta AE-Mercosur agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE-Mercosur a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta (COM(2025)0639 – C10-0247/2025 – 2025/0322(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0639),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0247/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 9 Eanáir 2026 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0254/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é<FOOTNOTE><FIELD> Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 16 Nollaig 2025 (Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0315).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (Sraith C);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2025)0322</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Feabhra 2026 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce dhéthaobhacha i gComhaontú Comhpháirtíochta AE‑Mercosur agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE‑Mercosur le haghaidh táirgí talmhaíochta</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2026/687.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on">Ráiteas ón gCoimisiún maidir le caighdeáin táirgthe a chuirtear i bhfeidhm i leith táirgí agraibhia allmhairithe agus rialuithe sláintíochta agus fíteasláintíochta tráth a glacadh Rialachán (AE) 2026/687</STRING><FOOTNOTE><FIELD> IO L 2026/687, 19.3.2026, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2026/687/oj.</FIELD></FOOTNOTE></STI>
San Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia, d’fhógair an Coimisiún a phleananna chun ailíniú níos láidre a shaothrú ar chaighdeáin táirgthe a chuirtear i bhfeidhm maidir le táirgí allmhairithe, go háirithe i dtaca le leas ainmhithe agus lotnaidicídí.

Maidir le lotnaidicídí, áirítear san Fhís an prionsabal nár cheart na lotnaidicídí is guaisí a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas ar chúiseanna sláinte agus comhshaoil a cheadú ar ais chuig an Aontas trí tháirgí allmhairithe agus, ar an gcaoi sin, é mar aidhm aici a sheachaint go mbeadh feirmeoirí an Aontais agus an earnáil agraibhia faoi mhíbhuntáiste iomaíoch agus í ag freagairt d’ionchais tomhaltóirí san am céanna.  Chun an méid sin a chur chun cinn, sheol an Coimisiún staidéar an 25 Samhain 2025 chun measúnú tionchair a ullmhú ina ndéanfar tionchair an chur chuige sin a mheas.  I bhfianaise na dtorthaí, agus, más iomchuí, molfaidh an Coimisiún leasuithe ar an gcreat dlíthiúil is infheidhme.  Tá coinne leis go dtabharfar an réamhstaidéar i gcrích faoi shamhradh 2026, agus go ndéanfar na chéad chéimeanna eile den mheasúnú tionchair ina dhiaidh sin. Cé go gcosnaítear tomhaltóirí cheana féin le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus go gcinntítear léi go gcomhlíonann an bia uile a chuirtear ar an margadh ár n ardchaighdeáin sláinte agus sábháilteachta, tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí ailíniú níos dlúithe a dhéanamh ar na caighdeáin táirgthe a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí allmhairithe, rud a áirithíonn cothrom iomaíochta dár bhfeirmeoirí agus dár dtáirgeoirí agus a choinníonn cosaint tomhaltóirí ar bun.

Idir an dá linn, mhol an Coimisiún faoin togra maidir leis an bPacáiste um Shimpliú Bia agus Sábháilteachta an 16 Nollaig 2025 an reachtaíocht atá ann faoi láthair a leasú chun foráil a dhéanamh, i gcás substaintí nach bhformheastar san Aontas agus a bhfuil airíonna fíorghuaiseacha áirithe iontu, go bhféadfar Uasleibhéil Iarmhair (MRL) a shocrú ag nialas má mheastar gurb iomchuí sin tar éis toradh measúnaithe tionchair a fháil.

Maidir le leas ainmhithe, thug an Coimisiún comhairliúchán poiblí i gcrích an 17 Nollaig 2025 maidir le hathbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe ar an bhfeirm le haghaidh ainmhithe áirithe, lena n áirítear i dtaobh ar cheart feidhm a bheith ag caighdeáin choibhéiseacha leasa ainmhithe maidir le hallmhairí ainmhithe agus allmhairí táirgí ainmhithe agus a mhéid ba cheart feidhm a bheith acu. Tar éis an mheasúnaithe tionchair, rachaidh an Coimisiún ar aghaidh leis na tograí ábhartha.

Maidir le rialuithe allmhairiúcháin, d’fhógair an Coimisiún an 9 Nollaig 2025 pleananna chun dlús a chur leis na hiniúchtaí a dhéantar go díreach ar an láthair i ngach tríú tír agus feabhas a chur orthu, lena n áirítear maidir le hallmhairí bia a thagann ó thíortha Mercosur.  Cuirfidh an Coimisiún méadú 50 % ar a iniúchtaí a bhaineann le honnmhairiú i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad sna 2 bhliain amach romhainn, ag tosú ón 1 Eanáir 2026. Cuirfidh an Coimisiún dlús freisin leis an bhfaireachán ar thráchtearraí agus ar thíortha neamhchomhlíontacha agus cuirfidh sé minicíocht na seiceálacha in oiriúint dóibh siúd dá réir.  Ina theannta sin, neartóidh an Coimisiún leibhéal na rialuithe laistigh den Aontas, is é sin ag na príomhphointí iontrála. I ndáil leis an méid sin, déanfaidh an Coimisiún líon níos airde seiceálacha sna Ballstáit, chun a áirithiú go bhfuil na seiceálacha ag na teorainneacha go hiomlán i gcomhréir le caighdeáin an Aontais, agus tacóidh sé leis na Ballstáit na seiceálacha sin a dhéanamh i gceart.  Bunóidh an Coimisiún Tascfhórsa tiomnaithe de chuid an Aontais chun rialuithe allmhairiúcháin a dhéanamh níos éifeachtúla, tascfhórsa a dhíreoidh go háirithe ar iarmhair lotnaidicídí, ar shábháilteacht bia agus beatha agus ar leas ainmhithe agus a fhéachfaidh ar ghníomhaíocht faireacháin chomhordaithe an Aontais a dhéanamh i leith táirgí allmhairithe.’
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>