<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0033</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ceapachán an Leas-Chathaoirligh ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0008/2026 -  Rapóirtéir: Aurore Lalucq)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2026 ar an togra ón mBanc Ceannais Eorpach le haghaidh cheapachán an Leas-Chathaoirligh ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (N10-0080/2025 – C10-0366/2025 – 2025/0906(NLE))</STRING></TI><NOTE>(Formheas)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Nollaig 2025 le haghaidh cheapachán an Leas-Chathaoirligh ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (C10-0366/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa<FOOTNOTE><FIELD> IO L 287, 29.10.2013, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1024/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus an Banc Ceannais Eorpach maidir leis na módúlachtaí praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na cuntasachta daonlathaí agus le formhaoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí a thugtar do BCE faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair<FOOTNOTE><FIELD> IO L 320, 30.11.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2013/1130/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa tar éis fostaíocht phoiblí a chosc<FOOTNOTE><FIELD> IO C 270, 7.7.2021, lch. 113.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 135 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0008/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go ndéantar foráil in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle go ndéanfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a thogra chun Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí nach mór Leas-Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta a roghnú as measc chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go ndéantar foráil in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle go ndéanfaidh ceapacháin don Bhord Maoirseachta i gcomhréir leis an Rialachán sin prionsabail na cothromaíochta inscne, na taithí agus na gcáilíochtaí a urramú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Pharlaimint tiomanta do chothromaíocht inscne a áirithiú sna príomhphoist i réimse na baincéireachta agus na seirbhísí airgeadais; de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go ndearna an Chomhairle Eorpach, an 10 Nollaig 2020<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh (AE) 2020/2049 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena gceaptar Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO L 420, 14.12.2020, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2049/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, Frank Elderson a cheapadh mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE le haghaidh téarma oifige 8 mbliana ón 15 Nollaig 2020 i gcomhréir le hAirteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, an 22 Feabhra 2021<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/325 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 maidir le ceapachán an Leas-Chathaoirligh ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO L 64, 24.2.2021, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/325/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, gur cheap an Chomhairle Frank Elderson mar Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta BCE ar feadh tréimhse 5 bliana ón 24 Feabhra 2021 ar aghaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur chuir BCE togra faoi bhráid na Parlaiminte, le litir dar dáta an 17 Samhain 2025, chun téarma oifige Frank Elderson mar Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta BCE a shíneadh don dara téarma, le fad atá i gcomhthráth le deireadh a théarma mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur lean an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh ansin le dintiúir an iarrthóra mholta a mheas, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur reáchtáil an coiste éisteacht leis an iarrthóir molta an 28 Eanáir 2026, ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ansin ó chomhaltaí an choiste;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas cheapachán Frank Elderson mar Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig rialtais na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>