<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0034</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Banc Ceannais Eorpach – tuarascáil bhliantúil 2025</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0002/2026 - Rapóirtéir: Johan Van Overtveldt)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2026 ar an mBanc Ceannais Eorpach – tuarascáil bhliantúil 2025 (2025/2182(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’aiseolas an 28 Aibreán 2025 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir leis an ionchur a sholáthair Parlaimint na hEorpa faoi chuimsiú a rúin maidir le Tuarascáil Bhliantúil 2023 BCE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus BCE, go háirithe Airteagail 2, 15 agus 21 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 119, 123(1), 125, 127(1) agus (2), 130, 282(2) agus 284(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 3 agus 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don idirphlé airgeadaíochta le hUachtarán BCE, Christine Lagarde, an 20 Márta 2025, an 23 Meitheamh 2025, agus an 6 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mheasúnú straitéise beartais airgeadaíochta 2025 BCE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil 2025 ó BCE maidir le ról idirnáisiúnta an euro,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phlean aeráide agus dúlra 2024-2025 BCE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mheastachán Eurostat ar bhoilsciú an 20 Lúnasa 2025 agus do thobmheastacháin Eurostat an 1 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’fhaisnéisiú EGOV ó mhí Dheireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Turning point or continuity</STRING>? Athbhreithniú ar straitéis 2025 BCE’ [Cor cinniúnach nó leanúnachas? An t-athbhreithniú ar straitéis 2025 BCE] arna fhoilsiú ag a Ard-Stiúrthóireacht um an nGeilleagar, um Chlaochlú agus um Thionscal<FOOTNOTE><FIELD> Faisnéisiú – ‘Cor cinniúnach nó leanúnachas? An t-athbhreithniú ar straitéis 2025 BCE’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um an nGeilleagar, um Chlaochlú agus um Thionscal, an tAonad um Ghrinnscrúdúchán ar an Rialachas Eacnamaíoch agus AEA (EGOV), mí Dheireadh Fómhair 2025.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’anailís EGOV i mí an Mheithimh 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The silent hand of central banking: collateral framework’</STRING> [An ghné den bhaincéireacht cheannais a meastar faoina luach: an creat comhthaobhachta] arna fhoilsiú ag a Ard-Stiúrthóireacht um an nGeilleagar, um Chlaochlú agus um Thionscal<FOOTNOTE><FIELD> Mionanailís – ‘An ghné den bhaincéireacht cheannais a meastar faoina luach: an creat comhthaobhachta’, Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um an nGeilleagar, um Chlaochlú agus um Thionscal, EGOV, mí an Mheithimh 2025.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0002/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, de réir Eurostat, gurbh ionann boilsciú bliantúil AE agus 2,5 % agus boilsciú an limistéir euro agus 2,1 % i mí Dheireadh Fómhair 2025, arna thomhas leis an innéacs comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir Shuirbhé BCE ar Ionchais Tomhaltóirí i mí Dheireadh Fómhair 2025, go bhfuil ionchais airmheánacha i gcás boilsciú fós os cionn 2 %;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur aistrigh sprioc bhoilscithe BCE le himeacht ama ó luach tagartha ‘faoi bhun 2 %’ go cuspóir ‘faoi bhun, ach gar do 2 %’, go sprioc shiméadrach ‘2 %’ le linn an mheántéarma;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil conair dhocht bunaithe ar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin ag an tsaoráid iasachta imeallach agus ag an ráta saoráide taisce;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil teorainneacha BCE maidir le fiachas rialtais a cheannach ag leathnú go seasta, ó Chlár na Margaí Urrús go hIdirbhearta Airgeadaíochta Glan Amach, chomh maith le Clár Ceannaithe Sócmhainní na hEarnála Poiblí, an Clár Ceannaigh le haghaidh Éigeandáil na Paindéime (PEPP) agus an Ionstraim um Chosaint Tarchuir<FOOTNOTE><FIELD> Cochrane, J.H. et al., ‘Crisis Cycle: Challenges, Evolution, and Future of the Euro’[Timthriall Géarchéime: Dúshláin, Éabhlóid agus Todhchaí an Euro], Preas Ollscoil Princeton, 2025.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur scoireadh d’athinfheistíochtaí faoin gclár ceannaithe sócmhainní (APP) amhail ó mhí Iúil 2023, agus i gcás PEPP amhail ó mhí na Nollag 2024, lena réitítear an bealach, dá bhrí sin, chun laghdú a dhéanamh ar mhéid chlár comhardaithe BCE;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur féidir leis an díbhoilsciú a bheith ina iarmhairt neamhurchóideach do dhul chun cinn teicneolaíoch;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, le hAirteagal 123 CFAE agus le hAirteagal 21 de Reacht CEBC agus BCE, go dtoirmeasctar maoiniú díreach airgeadaíochta rialtas;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialachas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú go luaitear in Airteagal 127 CFAE ‘go mbeidh de chuspóir príomhúil ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais, cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh CEBC leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d’fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar atá siad leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Gníomhóidh CEBC i gcomhréir le prionsabal geilleagair margaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 119 á n-urramú aige’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur réamhriachtanas é neamhspleáchas reachtúil BCE, mar a leagtar síos sna Conarthaí é, chun a shainordú a chomhlíonadh i ndáil le cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil BCE cuntasach do Pharlaimint na hEorpa; á chur i bhfáth nach mór do BCE cinntí a dhéanamh chun a shainordú a chomhlíonadh gan cur isteach polaitiúil; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh bainc cheannais neamhspleách ach nach mbeidís leithlisithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá trédhearcacht don chuntasacht agus go bhfuil gá le sásraí láidre deartha agus cuntasachta institiúideacha; á chur in iúl gur geal léi na socruithe i bhfoirm malartú litreacha idir Parlaimint na hEorpa agus BCE maidir le struchtúrú na gcleachtas le haghaidh idirghníomhaíocht i réimse na baincéireachta ceannais,
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar BCE iarrachtaí a dhéanamh feabhas a chur ar ionstraimí a chuireann leis an trédhearcacht, amhail tagarmharcanna, léargais ar a thoimhdí samhailbhunaithe agus measúnuithe na Comhairle Rialaithe ar fhorbairtí maidir le boilsciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi neamhspleáchas BCE mar a chumhdaítear in Airteagal 130 CFAE; ag cur béim ar an bhfíoras go n-éilítear le neamhspleáchas go staonfadh BCE ó ghníomhaíochtaí polaitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag athdhearbhú an ráitis dlúthpháirtíochta le Cúlchiste Feidearálach na Stát Aontaithe a rinne BCE agus bainc cheannais ar fud an domhain ina leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé neamhspleáchas na mbanc ceannais a chaomhnú, agus lánurraim á tabhairt don smacht reachta agus don chuntasacht dhaonlathach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas airgeadaíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur béim ar phríomhchuspóir BCE cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun, atá ar cheann de na coinníollacha riachtanacha le haghaidh fás, iomaíochas agus cobhsaíocht eacnamaíoch san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hardleibhéil bhoilscithe sna blianta tar éis phaindéim COVID-19, arna spreagadh ag suaití soláthair; ag tabhairt dá haire go mbeadh údar le filleadh tráthúil ar chobhsaíocht praghsanna sa tréimhse sin trí chinntí BCE; á iarraidh ar BCE measúnú críochnúil a dhéanamh ina thuarascáil bhliantúil ar na cúiseanna atá leis na hardleibhéil bhoilscithe sin, mar aon le sraith moltaí beartais chun teacht ar na conclúidí cearta ó aon ghéarchéim bhoilscitheach a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an laghdú ar bhoilsciú ó rátaí 2022-2023 chomh maith leis an gcobhsú boilscithe le déanaí; ag tabhairt dá haire gur laghdaigh BCE an ráta taisce faoi 200 bonnphointe idir mí an Mheithimh 2024 agus mí an Mheithimh 2025; á aithint go bhfuil baol leanúnach ann go dtiocfaidh borradh nua faoin mboilsciú; á chur i bhfios go láidir, chun an beartas airgeadaíochta a mhaolú, gur cheart céimeanna breise ina leith sin a bheith stuama, sonraíbhunaithe agus á dtreorú ag cobhsaíocht praghsanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an costas ard maireachtála, ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar phraghsanna bia agus fuinnimh san Eoraip ó bhí paindéim COVID-19 ann; á thabhairt dá haire go raibh praghas béile sa limistéar euro in 2025 aon trian níos airde ar an meán ná mar a bhí roimh an bpaindéim<FOOTNOTE><FIELD> Blag an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ‘When groceries bite, the role of food prices for inflation in the euro area’ [Nuair a bhíonn tionchar mór ag earraí grósaera – ról na bpraghsanna bia don bhoilsciú sa limistéar euro], 25 Meán Fómhair 2025.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go ndearna sé seo difear ar leith do theaghlaigh ar ioncam íseal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag cur béim go háirithe ar an tionchar saobhach a d’fhéadfadh a bheith ag éiginnteacht gheopholaitiúil, rioscaí slándála fuinnimh agus suaitheadh trádála ar fhorbairtí praghsanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh ar BCE measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht a sprice siméadraí, agus tosca cáilíochtúla á gcur san áireamh freisin; ag cur sonrú i measúnú 2025 ar straitéis beartais airgeadaíochta agus ag moladh do BCE na measúnuithe sin a dhéanamh go tréimhsiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth gur uirlisí neamhghnácha beartais airgeadaíochta iad cláir cheannaigh BCE ag a bhfuil fo-iarmhairtí; ag tabhairt dá haire go háirithe gur féidir le cláir ceannaithe sócmhainní comharthaí praghais a shaobhadh; ag tabhairt dá haire nár thosaigh BCE ag laghdú a chláir chomhardaithe ach de réir a chéile; ag tacú le BCE chun a ról díreach a laghdú tuilleadh maidir le hurrúis a cheannach; ag spreagadh BCE chun deireadh a chur de réir a chéile lena chláir ceannaithe bannaí rialtais; á chur in iúl gur oth léi an tionchar atá ag an seasamh fioscach ar BCE maidir lena phríomh-shainordú a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil scéimeanna iasachta gearrthéarmacha BCE tagtha in ionad an mhargaidh cistiúcháin phríobháidigh idirbhainc den chuid is mó ó tharla géarchéim airgeadais 2008; á iarraidh ar BCE gan rátaí taisce na mbanc atá os cionn rátaí an mhargaidh a íoc, ós rud é go bhfuil sé sin contrártha le prionsabal an mhargaidh oscailte lena ngabhann saoriomaíocht, agus chun deireadh a chur le haon chonstaic lena gcuirtear bac ar théarnamh na margaí idirbhainc neamhurraithe gearrthéarmacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ardchaighdeáin maidir le ceanglais cháilíochta le haghaidh comhthaobhachta a áirithiú i socruithe iasachtaithe le BCE; á aithint gur féidir caighdeáin chomhthaobhachta a úsáid mar uirlis chun beartas airgeadaíochta a tharchur;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tacú le BCE agus iarrachtaí á ndéanamh aige tithíocht úinéir-áitithe a áireamh ina fhaireachán ar innéacsanna praghsanna ar chúiseanna ionadaíochais agus inchomparáideachta araon ar fud tíortha sa limistéar euro, ag brath ar chur chuige atá comhchuibhithe agus láidir ó thaobh na modheolaíochta de;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cuspóir tánaisteach: tacú leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach mór do BCE, de bhun Airteagal 127(1) CFAE, tacú le beartais ghinearálta eacnamaíocha an Aontais d’fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar a leagtar síos iad in Airteagal 3 CAE, chomh fada agus nach ndéanfar difear dá thiomantas i leith cobhsaíocht praghsanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú gur tógadh an tEurochóras ar phrionsabal na ceannasachta airgeadaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt chun suntais, i gcomhthéacs an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, a thábhachtaí atá airgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe chun timpeallacht ráta ard úis a sheasamh, chun iarrachtaí BCE a chomhlánú chun boilsciú a choinneáil íseal, chun geilleagar cobhsaí a chothabháil agus chun fanacht athléimneach i gcoinne suaití eacnamaíocha agus airgeadais amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur sonrú in iarmhéideanna éagsúla TARGET2 a eascraíonn as idirbhearta trasteorann; ag cur sonrú sna rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann go dtiocfadh iarmhéideanna TARGET2 chun bheith struchtúrach agus á mholadh gur cheart coigeartuithe beartais neamhairgeadaíochta a bhreithniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nár cheart do BCE ach breithniú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide ó thaobh cobhsaíocht praghsanna de agus laistigh dá shainordú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann coincheap neodracht an mhargaidh le prionsabal ‘geilleagar margaidh oscailte lena ngabhann saoriomaíocht’; á iarraidh ar BCE, agus a neamhspleáchas á urramú aige, aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh agus leithdháileadh éifeachtúil acmhainní a áirithiú in imeacht tréimhse fhadtéarmach, agus é ag fanacht chomh neamhpholaitiúil agus is féidir, agus neodracht an mhargaidh á urramú aige; á thabhairt chun suntais nár cheart na cinntí sin a dhéanamh chun dochar do ghnóthú shainordú BCE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil beartais airgeadaíochta BCE atá dírithe ar a phríomh-shainordú a chur i gcrích faoi réir measúnú comhréireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gnéithe eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil rochtain chomhionann ar sheirbhísí íocaíochta bunriachtanach le haghaidh rannpháirtíocht sa saol eacnamaíoch; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go gcruthófaí cineálacha nua eisiaimh d’úsáideoirí agus do cheannaithe araon mar gheall ar dhigitiú méadaitheach íocaíochtaí, má fhágtar faoi ghníomhaithe príobháideacha agus faoi ghníomhaithe nach bhfuil san Aontas amháin iad; á chur i bhfáth gur cheart go rannchuideodh euro digiteach ar líne agus as líne le rochtain uilíoch ar íocaíochtaí agus glacadh forleathan ag ceannaithe ar fud an Aontais a choimirciú, lena n-urramófaí caighdeáin phríobháideachais agus cosanta sonraí go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an plé leanúnach atá ar siúl maidir leis an euro digiteach; á chur i bhfios go láidir, i gcomhthéacs éiginnteacht gheopholaitiúil mhéadaithe agus spleáchas iomarcach ar bhonneagair íocaíochta nach bhfuil san Aontas, go bhfuil sé ríthábhachtach euro digiteach a thabhairt isteach, atá ceaptha chun seirbhísí airgid thirim agus baincéireachta príobháidí a chomhlánú, chun ceannasacht airgeadaíochta an Aontais a neartú, chun ilroinnt in íocaíochtaí miondíola a laghdú agus chun tacú le sláine agus athléimneacht an mhargaidh aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na rianta gearrthéarmacha (Pontes) agus fadtéarmacha (Appia) leanúnacha do thionscadail teicneolaíochta mórleabhar dáilte le haghaidh socraíocht airgid bainc ceannais mhórdhíola;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról an airgid thirim a choimeád ar bun; ag cur sonrú sa phlé atá ar siúl faoi láthair maidir leis an togra maidir le dlíthairiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar BCE dlús a chur leis an bhfaireachán ar chriptea-shócmhainní, amhail cripteamhonaí cobhsaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tacú le BCE agus iarrachtaí á ndéanamh aige freastal ar ról idirnáisiúnta an euro trí, inter alia, línte leordhóthanacha babhtála airgeadra agus athcheannaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gurb í Poblacht na Bulgáire an 21ú ball den limistéar euro, le héifeacht ón 1 Eanáir 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di éaradh sealadach chóras ollsocraíochta fíor-ama T2 agus T2S BCE i mí Feabhra 2025; á iarraidh ar BCE dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fheidhmiú cuí na gcóras socraíochta agus é a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na caillteanais as a chéile a rinne BCE in 2023 agus in 2024 mar gheall ar riosca an ráta úis; ag tabhairt dá haire nár chuir na caillteanais sin isteach ar chumas oibríochtúil an Eurochórais a bheartas airgeadaíochta a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tacú le ról BCE maidir le cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn laistigh den sásra maoirseachta aonair agus maidir le feidhm BCE mar iasachtóir na rogha deiridh d’institiúidí sócmhainneacha, i gcoinne dea-chomhthaobhachta agus ar rátaí pionóis, chun leachtacht agus muinín a choimirciú le linn géarchéimeanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tacú le BCE ina iarrachtaí litearthacht airgeadais in AE a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi tiomantas BCE d’iarrachtaí simpliúcháin, amhail Tascfhórsa Ardleibhéil BCE maidir le Simpliú a chruthú; á chur i bhfios go bhfuil gá le hardleibhéal uaillmhéine san obair agus san obair leantach ar an tascfhórsa agus á chur in iúl gur geal léi dianphlé BCE le Parlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar BCE idirphlé inmheánach oscailte agus cuiditheach a chothú; á iarraidh go gcuirfí tuilleadh feabhais ar chreataí ionadaíochta foirne agus ar chreat inmheánach sceithireachta BCE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á athdhearbhú gur cheart go mbeadh na hainmniúcháin chuig Bord Feidhmiúcháin BCE cothrom ó thaobh inscne de, bunaithe ar fhiúntas agus ar chumas, agus go gcuirfí gearrliostaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, agus gur cheart go mbeadh comhdheiseanna ag daoine de gach inscne feidhmiú mar ghobharnóirí ar a mbainc cheannais náisiúnta faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar CEBC leanúint dá idirphléití leis na parlaimintí náisiúnta agus iad a neartú, ar idirphléití iad a chreideann sé a neartódh dlisteanacht agus beartais CEBC;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>