<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0038</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú: iarratas EGF/2025/006 BE/ Audi - an Bheilg</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0006/2026 -  Rapóirtéir: Nicolae Ștefănuță)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2026 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/006 BE/Audi (COM(2026)0002 – C10-0002/2026 – 2026/0001(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2026)0002 – C10-0002/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj<STRING ITALIC="on">).</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CAI’), agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE> a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0006/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórimeachtaí agus mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2025/006 BE/Audi isteach ar ranníocaíocht airgeadais ó CED de dheasca 3 414 iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi rannán 29 de NACE Athbhreithniú 2 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí) i réigiúin Bruxelles Capitale (BE10), Provincie Oost-Vlaanderen (BE23) agus Provincie Hainaut (BE32) a raibh 3 148 n-iomarcaíocht acu laistigh de thréimhse thagartha ón 28 Feabhra 2025 go dtí an 28 Meitheamh 2025, arb é atá ann 2 580 oibrí iomarcach ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht in Audi S.A./n.V. (Audi) agus a fhochuideachtaí, agus 568 n-oibrí iomarcacha i gcúig sholáthróir agus tháirgeoir iartheachtacha, agus 266 iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a) de Rialachán CED; de bhrí, maidir leis na 266 iomarcaíocht ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht roimh an tréimhse thagartha 4 mhí nó ina diaidh, gur féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas a spreag deireadh le gníomhaíocht do na hoibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán CED;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nár táirgeadh ach samhail amháin sa ghléasra de chuid Audi lena mbaineann, agus gur scoireadh den táirgeadh níos luaithe ná mar a bhí beartaithe mar gheall ar chostais arda táirgthe a bhaineann le suíomh an ghléasra; de bhrí gur dúnadh an gléasra an 28 Feabhra 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil réamh-mhaoiniú agus cómhaoiniú náisiúnta na mbeart á soláthar ag an mBeilg;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur chomhlíon na fiontair lena mbaineann na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta maidir le comhiomarcaíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe lena dtairgtear oiliúint scileanna dóibh chun an rochtain atá acu ar an margadh saothair a éascú, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018)<FOOTNOTE><FIELD> Airteagal 8 de Rialachán CAI.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán CED agus go háirithe in Airteagal 4(2), pointe (a) de, comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 7 527 625 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán EUR 8 856 030, a chuimsíonn EUR 8 738 968 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 117 062 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 18 Meán Fómhair 2025, agus, tar éis faisnéis bhreise a fháil ón mBeilg, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 9 Eanáir 2026 agus gur thug sé fógra don Pharlaimint faoi an lá céanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-am a ghiorrú idir iarratas ar chúnamh CED a thíolacadh agus an cinneadh maoiniúcháin, agus cearta na Parlaiminte  mar bhrainse amháin den údarás buiséadach á gcosaint go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le hoibrithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht in Audi agus i gcúig sholáthróir agus tháirgeoir iartheachtacha agus gur tairbhithe spriocdhírithe a bheidh iontu go léir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an ráta dífhostaíochta i roinnt réigiún sa Bheilg mar gheall ar an incrimint i bhféimheachtaí le dhá bhliain anuas, go háirithe sa Bhruiséil agus in Hainaut (an Vallúin); ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an riosca dífhostaíochta i gcomhchoibhneas leis an leibhéal oideachais agus go bhfuil riosca dífhostaíochta níos airde roimh dhuine amháin as gach beirt a bhfuil oideachas íseal acu agus duine amháin as gach triúr a bhfuil meánoideachas acu, agus gurb ionann na grúpaí sin agus 83 % d’oibrithe iomarcacha; á chur in iúl gur oth léi go gcuirfidh na hiomarcaíochtaí sin leis an staid tuilleadh; á iarraidh ar údaráis na Beilge bearta a dhéanamh chun féimheachtaí a laghdú chun meath struchtúrach agus réigiúnach a chosc, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar éagothromaíochtaí sóisialta as a n-eascraíonn eisiamh an lucht saothair, amhail neamhionannais inscne agus leibhéal íseal oideachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil iomaíocht dhomhanda atá ag éirí níos iomaíche ina saintréith den mhargadh domhanda do tháirgeadh agus díol gluaisteán, go háirithe gluaisteáin leictreacha; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar na dúshláin atá roimh mhonaróirí gluaisteán na hEorpa maidir le samhlacha nuálacha agus inacmhainne a thabhairt chuig an margadh i ndeighleoga atá dírithe ar an todhchaí amhail feithiclí ceallra-leictreacha;  á chur in iúl gur oth léi gur scoir Audi de ghníomhaíochtaí sa Bheilg in ainneoin go raibh sé fós brabúsach, agus go n-aistreofar an táirgeadh go dtí an tSín agus go Meicsiceo, agus gur cuireadh 3 414 oibrí ar iomarcaíocht mar thoradh air; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chuir dálaí táirgthe dúshlánacha, lena n-áirítear rochtain neamhleor ar fhoinsí fuinnimh ghlain níos saoire agus imscaradh na bhfoinsí sin, le hathlonnú shaoráidí Audi lasmuigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go léiríonn dúnadh an ghléasra tar éis níos mó ná 70 bliain oibríochta, d’ainneoin a tháirgthe feithiclí leictreacha, gur dúshláin de chineál struchtúrach iad na dúshláin atá roimh thionscal na hEorpa, agus nach dúshláin theicneolaíocha amháin iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé teacht ar réiteach inbhuanaithe chun athrú cuspóra a dhéanamh ar an monarcha dhúnta chun poist ardcháilíochta a chruthú sa réigiún; ag tathant ar údaráis na Beilge na bearta is gá a dhéanamh chun oscailt láithreáin monaraíochta nua ag iar-mhonarcha Audi a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil cáilíochtaí agus scileanna na n-oibrithe a leagadh as a bpost ríthábhachtach i gcónaí do gheilleagar Eorpach a sheasfaidh an aimsir agus a bhainfidh an t-aistriú glas amach agus bonn tionsclaíoch láidir á choinneáil ag an am céanna; á mheas, dá bhrí sin, gur gá slógadh CED a leabú i bhfreagairt bheartais níos mó ar gach leibhéal polaitiúil chun a áirithiú go bhfaighidh na hoibrithe a ndéantar difear dóibh deiseanna leormhaithe i gcomhréir lena gcáilíochtaí agus lena scileanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhaontú leis na ceardchumainn agus na comhpháirtithe sóisialta, gurb iad na bearta seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar do na hoibrithe: seirbhísí comhairleoireachta, faisnéise agus socrúcháin; oiliúint, lena n-áirítear scileanna TF; lá fostaíochta; rannchuidiú le gnólachtaí nuathionscanta, dreasachtaí le haghaidh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cuardaigh poist; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé poist ardcháilíochta atá dírithe ar an todhchaí a chothú chun athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth go n-áiritheoidh údaráis na Beilge infheictheacht an chistithe ón Aontas agus go leagfaidh siad béim ar a bhreisluach trí fhaisnéis éifeachtach agus spriocdhírithe a chur ar fáil do thairbhithe, d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, do chomhpháirtithe sóisialta agus don phobal i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí meastóireachtaí críochnaitheacha críochnúla ar na bearta a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear faisnéis shoiléir maidir leis an gcaoi ar úsáideadh na cistí agus faisnéis i dtaobh ar baineadh amach i ndáiríre na cuspóirí ar cruthaíodh CED ina leith leo, lena n-áirítear sonraí agus amlínte maidir le líon na n-oibrithe a ath-imeascadh go rathúil san fhostaíocht agus na poist a bhfuair siad rochtain orthu, agus maidir leis na hoibrithe a bhfuil bearta oiliúna agus uas-scilithe curtha i gcrích acu chomh maith leis na hamlínte ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 17 Feabhra 2025 agus, dá bhrí sin, gurb ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin a bheidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 9 Iúil 2024 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug údaráis na Beilge dearbhú go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á athdhearbhú nach ceadmhach cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheabhrú gur ionstraim dlúthpháirtíochta agus aistrithe chóir é CED agus cé go gcuireann sé tacaíocht ar fáil tar éis poist a chailleadh, nach féidir leis teacht in ionad beartas tionsclaíoch réamhghníomhach comhleanúnach agus comhordaithe de chuid an Aontais chun bonn fostaíochta tionsclaíoch agus slándáil shóisialta na hEorpa, agus athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch agus shóisialta, a choimirciú agus chun meath struchtúrach réigiúnach a chosc; á chur i bhfáth nach mór é a bheith ina phríomhchúram ag an Aontas cosc a chur ar dhúnadh den sórt sin ar an gcéad dul síos trí na dálaí a chruthú le haghaidh fuinneamh inacmhainne, glan agus iontaofa chun táirgeadh tionsclaíoch a choinneáil iomaíoch, agus ag an am céanna infheistíocht a dhéanamh i scileanna d’oibrithe ardcháilithe agus d’oibrithe tionsclaíocha araon; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil géarghá le hiarrachtaí comhleanúnacha agus comhordaithe iomaíochais ón Aontas, arna bhforbairt i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, chun bonn fostaíochta tionsclaíoch agus slándáil shóisialta na hEorpa a chosaint agus á chur i bhfios go láidir nach féidir ach le geilleagar Eorpach atá láidir agus athléimneach iomarcaíochtaí ar mhórscála a chosc go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin an gá atá le hidirghabháil CED a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/006 BE/Audi</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh 2026/454.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>