<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0040</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Comhpháirtíochtaí straitéiseacha cosanta agus slándála an Aontais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0005/2026 -  Rapóirtéir: Michał Szczerba)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2026 maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha cosanta agus slándála an Aontais (2025/2119(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus do Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe na forálacha maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don phlean gníomhaíochta ‘<STRING ITALIC="on">Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security’</STRING> [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint – Ar mhaithe le hAontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta] a ghlac an Chomhairle an 21 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Versailles a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gCeannairí Stáit nó Rialtais an 11 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 14.12.2017, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2315/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/890 ón gComhairle an 18 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/890, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/890/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach, go háirithe conclúidí an 23 Deireadh Fómhair 2025, an 26 Meitheamh 2025, an 20 Márta 2025 agus an 6 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta a shínigh an tAontas agus an Mholdóiv an 21 Bealtaine 2024, a shínigh an tAontas agus an Iorua an 28 Bealtaine 2024, a shínigh an tAontas agus an tSeapáin an 1 Samhain 2024, a shínigh an tAontas agus an Chóiré Theas an 4 Samhain 2024, an 19 Samhain 2024 ag an Aontas agus an Mhacadóin Thuaidh, an 18 Nollaig 2024 ag an Aontas agus an Albáin, an 19 Bealtaine 2025 ag an Aontas agus ag an Ríocht Aontaithe agus an 23 Meitheamh 2025 ag an Aontas agus ag Ceanada,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na gealltanais chomhpháirteacha slándála idir AE agus an Úcráin a síníodh an 27 Meitheamh 2024;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092<FOOTNOTE><FIELD> IO L 170, 12.5.2021, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/697/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Pháipéar Bán maidir le Cosaint Eorpach – Ullmhacht 2030 arna chur i láthair ag Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh an 19 Márta 2025, agus dá Phlean Maoiniúcháin de chúig phointe, ‘ReArm Europe’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2025 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/694, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697, (AE) 2021/1153, (AE) 2023/1525 agus 2024/795 a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí a bhaineann le cosaint a dhreasú i mbuiséad an Aontais chun an Plean ReArm Europe a chur chun feidhme (COM(2025)0188),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2025 maidir leis an Omnibus Ullmhachta Cosanta (COM(2025)0820), arb é is aidhm di na creataí ábhartha dlíthiúla agus riaracháin a shimpliú chun ullmhacht cosanta an Aontais a neartú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘An tSíocháin a Chaomhnú – Treochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta’ (JOIN(2025)0027),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Sauli Niinistö an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Safer Together: Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness’</STRING> [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht agus ullmhacht shibhialtach agus mhíleata na hEorpa a neartú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na trí dhearbhú chomhpháirteacha maidir le comhar idir an tAontas agus ECAT arna síniú ag Uachtaráin na Comhairle Eorpaí agus an Coimisiún chomh maith le hArd-Rúnaí ECAT an 10 Eanáir 2023, an 5 Nollaig 2018 agus an 6 Nollaig 2016,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choincheap Straitéiseach a glacadh ag Cruinniú Mullaigh ECAT i Maidrid an 29 Meitheamh 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú an Chruinnithe Mullaigh sa Háig an 25 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4389, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4389/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2025 ar an bpáipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/3151, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3151/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2021 ar an gcomhar idir AE agus ECAT i gcomhthéacs an chaidrimh thrasatlantaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 99, 1.3.2022, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Márta 2024 dar teideal ‘Straitéis nua Tionsclaíoch Chosanta na hEorpa: Ullmhacht an Aontais a bhaint amach trí Thionscal Cosanta na hEorpa atá freagrúil agus athléimneach’ (JOIN(2024)0010),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029, dar teideal ‘Rogha na hEorpa’, a thíolaic an t-iarrthóir d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, an 18 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach maidir le Comhar NA-AE i mBainistiú Géarchéime a shínigh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí an 24 Meán Fómhair 2003,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Márta 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">European Union Space Strategy for Security and Defence’</STRING> [Straitéis Spáis an Aontais Eorpaigh don tSlándáil agus don Chosaint] (JOIN(2023)0009),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shlándáil agus Cosaint (A10-0005/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn an comhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, go háirithe filleadh an chogaidh ar mhór-roinn na hEorpa mar gheall ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an cinneadh a rinne an tAontas ina dhiaidh sin freagracht níos mó a ghlacadh as an tslándáil agus as an gcosaint, lena n-áirítear tacaíocht mhíleata don Úcráin, ar an Aontas comhpháirtíochtaí níos láidre, inbhuanaithe agus saincheaptha a chruthú chun feabhas a chur ar an gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh; de bhrí nach bhfágann an t-athrú sa pharaidím mhíleata, mar aon leis an méadú ar bhagairtí hibrideacha, go bhfuil aon réigiún de chuid an Aontais díolmhaithe ó bhaol ionsaithe nó trasnaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí nach mór ról méadaitheach AE sa tslándáil agus sa chosaint a bheith comhsheasmhach i gcónaí le prionsabail agus cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais faoi Airteagal 21 CAE, lena n-áirítear urraim do Chairt na Náisiún Aontaithe, don dlí idirnáisiúnta, do chosc coinbhleachtaí, don fhorbairt inbhuanaithe, don daonlathas agus do chearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tAontas fós lántiomanta don chomhar idirnáisiúnta a chur chun cinn agus d’iltaobhachas éifeachtach a neartú ar gach leibhéal;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur príomhfhoinse nirt agus athléimneachta iad raon uile-Aontais na gcomhpháirtíochtaí agus na n-idirphléití maidir leis an tsíocháin, an tslándáil agus an chosaint; de bhrí gur cheart do na comhpháirtíochtaí sin aghaidh a thabhairt ar na riachtanais agus na dúshláin chosanta is práinní atá ag an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur iarradh sa Chompás Straitéiseach go ndéanfaí comhpháirtíochtaí le comhpháirtithe déthaobhacha, réigiúnacha agus iltaobhacha ar fud an domhain a leathnú agus a dhoimhniú chun comhshochar agus comhar feabhsaithe a áirithiú, agus béim á leagan ar an ngá atá le hidir-inoibritheacht, nuálaíocht agus comhleanúnachas idir creataí AE agus ECAT, chomh maith le comhar neartaithe leis an Úcráin agus leis na Stáit Aontaithe mar phríomh-chomhpháirtithe don tslándáil Eorpach agus thrasatlantach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil an borradh atá tagtha ar ghníomhaíocht eagraíochtaí gáinneála ar dhaoine agus ionstraimiú na himirce ina bpríomhriosca slándála don Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur cheart go bhféachfadh na comhpháirtíochtaí nua slándála agus cosanta (SDPanna) idir AE agus tíortha comhpháirtíochta leis na caighdeáin slándála Eorpacha is airde a dhaingniú agus a áirithiú trí rochtain a fháil agus a áirithiú ar na córais féinchosanta is forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de agus is éifeachtaí;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Timpeallacht slándála na hEorpa</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil SDPanna ríthábhachtach don Eoraip chun freagairt go héifeachtach do bhagairtí atá ag teacht chun cinn agus chun tacú le huaillmhian an Aontais a ról mar ghníomhaí straitéiseach domhanda a neartú; á chur i bhfáth go bhfuil comhpháirtíochtaí den sórt sin – a théann chun tairbhe don dá thaobh, a bhfuil fócas agus cuspóirí straitéiseacha soiléire acu – bunriachtanach chun go mbeidh an tAontas níos ceannasaí, níos freagraí as a chosaint féin, agus gur fearr a bheidh sé in ann gníomhú agus déileáil go neamhspleách agus ar bhealach comhordaithe le dúshláin agus bagairtí láithreacha agus amach anseo, le cur chuige 360°; á chur in iúl go bhfuil gá leis na comhpháirtíochtaí sin, nach rogha don Aontas iad; á chur i bhfáth gur cheart dóibh neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a fheabhsú agus, ag an am céanna, a bheith tiomanta go daingean don chomhar iltaobhach chomh maith le bheith comhlántach go hiomlán le ECAT, agus cumas an Aontais gníomhú i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo a neartú chun an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil chomhchoiteann a shaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>	ag tabhairt dá haire go bhfuil an staid slándála is criticiúla ag an Aontas faoi láthair ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus go bhfuil dúshláin mhóra os a chomhair amhail a chumais mhíleata agus a bhonneagar cibearshlándála a neartú, bagairtí hibrideacha a chomhrac, an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus a bhonneagar criticiúil a chosaint; á chur i bhfáth gurb iad mianta nua-impiriúla agus dearcadh athbhreithnitheach na Rúise an bhagairt is suntasaí ar shlándáil an Aontais agus á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé cumais chosanta agus díspreagtha an Aontais a threisiú; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go bhfuil impleachtaí slándála an athraithe aeráide agus dhíghrádú an chomhshaoil ag dul i méid do bhonneagar criticiúil, do chórais fuinnimh agus d’ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur oscailt súl don Eoraip é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine tosaíocht a thabhairt don tslándáil agus don chosaint agus níos mó infheistíochta a dhéanamh iontu; á chur i bhfios go láidir go leanann an Rúis dá fogha ar mhór-roinn na hEorpa freisin le tacaíocht óna hionadaithe, amhail na réimis san Iaráin, sa Chóiré Thuaidh agus sa Bhealarúis; ag tabhairt dá haire gníomhaíochtaí mailíseacha ár n-iomaitheoirí straitéiseacha agus an chogaíocht hibrideach leanúnach atá á déanamh ag gníomhaithe éagsúla stáit agus neamhstáit, ar bagairtí iad ar shlándáil na hEorpa agus ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe; ag cur béim ar na hábhair imní slándála ar leith atá ag Ballstáit an Aontais ar a thaobh thoir, a bhfuil bagairtí díreacha rompu ó fhogha na Rúise agus ó chogaíocht hibrideach; á chur i bhfáth gur gá athmheasúnú a dhéanamh ar an gcomhar eacnamaíoch leanúnach idir AE agus an tSín i bhfianaise thacaíocht na Síne do gheilleagar cogaidh na Rúise, d’fhonn athléimneacht eacnamaíoch an Aontais a neartú trí dhí-rioscú, i measc bearta eile; á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas iomaíocht straitéiseach ón tSín a bhainistiú, ar cumasóir agus tacadóir criticiúil é de chogadh foghach na Rúise, agus iarmhairtí ó choinbhleachtaí sa Mheánoirthear agus san Afraic, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar bhagairtí agus ar dhúshláin choiteanna dhomhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go ngeallann an tAontas, trí Chompás Straitéiseach an Aontais, go mbeidh sé rannpháirteach ar bhealach níos comhleanúnaí, níos comhsheasmhaí agus níos cuimsithí lena chomhpháirtithe agus, ar an gcaoi sin, go bhforbróidh sé comhpháirtíochtaí saincheaptha a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh bunaithe ar luachanna agus leasanna comhroinnte;  ag cur béim ar a thábhachtaí atá idir-inoibritheacht, oiliúint chomhpháirteach agus nuálaíocht thionsclaíoch i réimse na cosanta laistigh de na comhpháirtíochtaí sin, go háirithe trí thionscnaimh amhail an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus SAFE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta i gcónaí don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, atá bunaithe ar urraim don dlí idirnáisiúnta, do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus do luachanna an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta, mar a chumhdaítear in CAE; á chur i bhfáth go bhfuil an gealltanas sin mar bhunús le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus lena iarrachtaí an tsíocháin, an chobhsaíocht, an t-iltaobhachas agus an rathúnas a chur chun cinn ar fud an domhain; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cosc coinbhleachtaí, slándáil aeráide agus inbhuanaitheacht a chomhtháthú mar thosaíochtaí trasearnálacha sna SDPanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le nuashonrú rialta a dhéanamh ar an gCompás Straitéiseach, chun a áirithiú go mbeidh fís straitéiseach agus cuspóirí coiteanna an Aontais i gcomhréir i gcónaí leis na forbairtí geopholaitiúla, sóisialta agus teicneolaíocha a rinneadh le déanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) pleanáil athléimneachta a chomhtháthú i dtionscnaimh slándála, lena gcumhdaítear bonneagar criticiúil, slabhraí soláthair agus neamhspleáchas fuinnimh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ríthábhacht na comhpháirtíochta straitéisí idir an tAontas agus ECAT</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais an chomhpháirtíocht straitéiseach threisithe le ECAT, lena n-áirítear idirphlé struchtúrtha agus comhar feabhsaithe oibríochtúil agus earnála, go háirithe i réimsí amhail an tsoghluaisteacht mhíleata, an tslándáil mhuirí chomh maith leis an tionscal cosanta agus forbairt cumais, a dhéantar go háirithe trí dhruileanna comhpháirteacha agus trí chomhar idir foirne, agus ar an gcaoi sin colún Eorpach ECAT a neartú; á chur i bhfios go láidir nach mór don chomhar sin leanúint de bheith ag treisiú a chéile agus a bheith bunaithe ar mhuinín, ar thrédhearcacht agus ar urraim do neamhspleáchas cinnteoireachta an dá eagraíocht; á chur i bhfáth go bhfuil cuntasacht dhaonlathach agus formhaoirseacht pharlaiminteach bunriachtanach chun a áirithiú go neartóidh an comhar sin an tslándáil Eorpach agus thrasatlantach; á chur i bhfáth gur comhaltaí ECAT iad 23 as 27 mBallstát an Aontais, agus á chreidiúint gur cheart comhar le comhaltaí ECAT Eorpacha nach bhfuil san Aontas a athdhearbhú trí fhéachaint ar na féidearthachtaí chun na comhpháirtíochtaí sin a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>	á chur i bhfios go láidir gurb é ECAT an chomhghuaillíocht mhíleata agus pholaitiúil is rathúla sa stair nua-aimseartha, tar éis cosaint, cobhsaíocht agus slándáil chomhchoiteann a áirithiú dá chomhaltaí le breis agus seacht mbliana anuas; á chur i bhfios go láidir, i dteannta a chéile, go ndéanann an tAontas agus ECAT ionadaíocht ar níos mó ná billiún saoránach agus go gcuimsíonn siad cuid de na geilleagair is mó ar domhan, lena gcruthaítear comhphobal atá aontaithe ag luachanna daonlathacha agus leasanna slándála comhroinnte; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an t-idirphlé sin a institiúidiú trí chomhairliúcháin rialta aireachta idir an tAontas agus ECAT, trí chleachtaí comhpháirteacha fadbhreathnaitheachta straitéisí, agus trí phleanáil chomhordaithe freagartha ar ghéarchéimeanna, lena n-áiritheofar go mbeidh an comhordú polaitiúil bord ar bhord leis an gcomhar oibríochtúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur tosaíocht é caidreamh an Aontais le ECAT agus gur gá leanúint dá fhorbairt, go háirithe trí chomhroinnt mhéadaithe eolais agus faisnéise; á chur i bhfáth go bhfuil comhar AE-ECAT ríthábhachtach chun díspreagadh, cosaint an bhonneagair chriticiúil, soghluaisteacht mhíleata, eangacha fuinnimh, cumarsáid dhigiteach, cibearéiceachórais, éiceachórais spáis agus chosanta, agus athléimneacht shochaíoch agus dhaonlathach a bhaint amach; á iarraidh go ndéanfaí dearbhuithe comhpháirteacha AE-ECAT a chur chun feidhme go hiomlán; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de ECAT freisin dlús a chur lena dtiomantas do ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth gurb é ECAT an phríomh-chomhghuaillíocht chosanta thrasatlantach i gcónaí, agus go bhfuil róil chomhlántacha, chomhleanúnacha agus a threisíonn a chéile ag an Aontas agus ECAT chun an tslándáil a áirithiú san Eoraip agus chun an tslándáil idirnáisiúnta a fheabhsú, agus á mholadh go mbeadh dlúthchomhar agus comhpháirtíocht chomhthairbheach ann leis na Stáit Aontaithe sa réimse sin;7 á chur i bhfios go láidir go rannchuideoidh Aontas níos láidre agus níos cumasaí i réimse na slándála agus na cosanta go dearfach leis an tslándáil dhomhanda agus thrasatlantach araon; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le colún láidir cosanta an Aontais laistigh de ECAT, a bheidh in ann gníomhú go neamhspleách agus ECAT á chomhlánú ag an am céanna, agus ar an gcaoi sin an chomhpháirtíocht thrasatlantach a neartú agus na ráthaíochtaí slándála is gá a chur ar fáil don Aontas, dá Bhallstáit agus don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe; á chur i bhfios, ag an am céanna, nach mór do chosaint na hEorpa seasamh ar a dhá chos féin agus cumas díspreagthach atá láidir go leor a bheith aici; ag tabhairt rabhadh faoi na rioscaí a bhaineann le fócas athraitheach bheartas eachtrach na Stát Aontaithe, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le laghdú ar a ghealltanais slándála don Eoraip; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, gur gá don Aontas a chumas pleanála agus oibríochtúil féin a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil neartú na slándála ag brath ar chumas na mBallstát iad féin a fheistiú le hionstraimí míleata idir-inoibritheacha, arna bhforbairt go comhpháirteach trí thionscal cosanta na hEorpa, chun freagairt thapa agus éifeachtach ar aon bhagairt ar iomláine chríochach agus ar cheannasacht Bhallstáit an Aontais a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras, sa chomhthéacs sin, nach mór cumais mhíleata a shainaithint i sineirgíocht le Próiseas Pleanála Cosanta ECAT (NDPP) agus i gcomhréir leis an bprionsabal ‘aon tacar amháin fórsaí’; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról lárnach ag an Aontas i réimse na rialála agus in infheistíochtaí atá dírithe ar thacú le hiomaíochas tionsclaíoch, forbairt theicneolaíoch agus lóistíocht chosanta na hEorpa; á chur i bhfáth go bhfuil caighdeánú fós ina cholún ríthábhachtach den chomhar idir AE agus ECAT chun idir-inoibritheacht, comhlántacht iarrachtaí, agus úsáid éifeachtúil acmhainní a ráthú, agus dúbailt neamhriachtanach á seachaint ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na rialacha maidir le táirgeadh, deimhniú, aistriú, soghluaisteacht mhíleata agus cothabháil ábhar agus córas cosanta a shimpliú agus a chomhchuibhiú, chun slabhra soláthair tionsclaíoch Eorpach atá iomaíoch, athléimneach agus comhtháite a thógáil a bheidh in ann ullmhacht oibríochtúil níos fearr agus idir-inoibritheacht iomlán agus éifeachtach a áirithiú idir an tAontas agus ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt chun suntais ról ECAT mar ghníomhaí domhanda agus mar chomhpháirtí iontaofa sna hiarrachtaí i dtreo neamhleathadh arm ollscriosta, amhail airm núicléacha, cheimiceacha, bhitheolaíocha agus raideolaíocha, agus sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta domhanda;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Riachtanas SDPanna an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an tAontas ag seasamh mar chomhpháirtí slándála domhanda iontaofa trína CBSC a neartú, lena n-áirítear trí SDPanna a théann chun tairbhe don dá thaobh agus idirphlé déthaobhach agus iltaobhach níos doimhne; ag tabhairt dá haire go bhfuil SDPanna i bhfeidhm le hocht dtír go dtí seo agus go bhfuil níos mó díobh ar na bacáin, lena n-áirítear leis an Íoslainn; á iarraidh go n-áireofaí sna comhpháirtíochtaí sin comhar tionsclaíoch struchtúrtha atá dírithe ar acmhainneachtaí táirgeachta atá bunaithe san Aontas a mhéadú le haghaidh croíshócmhainní táirgthe cosanta i gcomhthéacs bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa (EDTIB) a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chreidiúint go bhfuil an creat SDP ag tabhairt spreagadh nua don idirphlé leanúnach slándála agus cosanta agus don chomhar praiticiúil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé spriocanna insoláthartha agus garspriocanna nithiúla a bheith ann le spriocdhátaí comhaontaithe; á chur i bhfáth go bhfuil gá le faireachán ar thorthaí, le hathbhreithnithe déthaobhacha agus le hidirphlé maidir le braistintí bagartha ilfhearainn agus leasanna frithpháirteacha, atá ríthábhachtach chun na comhpháirtíochtaí a chur chun feidhme; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé soláthar iontaofa amhábhar criticiúil atá ríthábhachtach do chosaint na hEorpa a áirithiú trí SDPanna straitéiseacha; á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála measúnú rialta a chur ar fáil don Pharlaimint ar stádas cur chun feidhme SDPanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go n-áirítear le SDPanna comhar le misin CBSC, ós rud é go bhfuil sé beartaithe leo sineirgí a chruthú, idir-inoibritheacht agus comhordú a fheabhsú, agus cumais fhoriomlána slándála agus cosanta an Aontais a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí agus a riachtanaí atá sé tosaíocht a thabhairt do na SDPanna a síníodh leis an Iorua, leis an Ríocht Aontaithe agus le Ceanada, ar comhghuaillithe ECAT agus comhpháirtithe cosanta ríthábhachtacha an Aontais iad; á mholadh go ndéanfaí na comhpháirtíochtaí sin a dhoimhniú, lena n-áirítear i réimse an tionscail cosanta, cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha agus na slándála muirí agus chun cumais mhíleata chomhpháirteacha a fhorbairt agus comhar níos dlúithe a spreagadh; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don chomhar tionsclaíoch tosaíocht a thabhairt do thionscadail a rannchuidíonn le huathriail straitéiseach agus athléimneacht, lena n-áiritheofar dáileadh geografach cothrom infheistíochtaí ar fud na mBallstát, agus aird ar leith á tabhairt ar an taobh thoir; ag spreagadh an Aontais chun comhaontuithe comhchosúla a shíniú freisin le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, lena n-áirítear iad siúd nach comhaltaí ECAT iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil an caidreamh idir AE agus SAM mar bhunchloch i gcónaí do shlándáil agus cosaint na hEorpa; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé SDP foirmiúil a fhiosrú leis na Stáit Aontaithe lena ndéanfaí ailíniú le leasanna agus luachanna an Aontais agus lena gcuirfí ord idirnáisiúnta riailbhunaithe chun cinn; á chur i bhfios go bhfuil gá le hidirphlé leanúnach agus comhar ar bhraistintí bagartha; á athdhearbhú go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint lenár gcomhpháirtíocht leis na Stáit Aontaithe agus á iarraidh go ndoimhneofaí ár gcomhar ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh, agus go bhféachfaí ar na féidearthachtaí maidir leis an gcomhar is fearr is féidir idir tionscail chosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur i bhfáth nach féidir slándáil Eorpach a bheith ann gan slándáil na hÚcráine; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé SDP foirmiúil a fhiosrú leis an Úcráin; á dhearbhú gur comhpháirtí tosaíochta straitéiseach don Aontas í an Úcráin agus í ag ullmhú chun a bheith ina ball den Aontas; á athdhearbhú go gcuirfidh an tAontas tacaíocht leanúnach inbhuanaithe ar fáil, agus go ndéanfaidh sé gach rud is féidir, chun bua na hÚcráine a dhaingniú a luaithe is féidir; á áitiú nach mór don Aontas rannchuidiú le ráthaíochtaí láidre slándála don Úcráin chun an Rúis a chosc ar bhreis ionsaithe a dhéanamh; á chur i bhfáth gur tosaíocht é comhar níos dlúithe idir an tAontas agus earnáil thionsclaíoch cosanta na hÚcráine, lena n-áirítear ailíniú le caighdeáin Eorpacha agus trédhearcacht; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí an Aontais agus na gealltanais chomhpháirteacha slándála naoi bpointe idir an tAontas agus an Úcráin maidir le cúnamh don Úcráin a chomhordú; á iarraidh an athuair go mbainfí úsáid phráinneach as sócmhainní reoite na Rúise chun tacú leis an Úcráin, agus an dlí idirnáisiúnta á urramú ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leas córasach a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí oibríochtúil na hÚcráine, go háirithe i réimse na ndrón/na gcóras aerárthaí gan foireann agus na cogaíochta leictreonaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit comhoibriú go gníomhach agus sineirgí a bhunú leis an Úcráin, go háirithe i réimsí na cosanta aeir agus diúracán agus na cogaíochta ladrann agus frithdhrón, agus aitheantas á thabhairt dá saineolas oibríochtúil ceannródaíoch agus dá hardchumais, agus ar an gcaoi sin cumais chosanta an Aontais agus na hÚcráine araon a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag moladh chonclúid SDP idir AE agus an Mholdóiv an 21 Bealtaine 2024 agus béim á leagan ar bhagairtí hibrideacha a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an tábhacht straitéiseach a bhaineann le comhpháirtíochtaí an Aontais le tíortha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, amhail an tSeapáin, Poblacht na Cóiré agus an India, a bhfuil SDPanna sínithe acu cheana féin, agus á mholadh go dtabharfaí an chaibidlíocht leis an Astráil chun críche go pras agus go bhféachfaí ar chomhpháirtíochtaí breise le tíortha eile sa réigiún, go háirithe an Nua-Shéalainn; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil dúshláin slándála Eora-Atlantacha agus Ind-Chiúin-Aigéanacha fite fuaite ina chéile; á chur i bhfios go láidir gur gá an comhar leis an Téaváin maidir le slándáil agus cosaint a dhoimhniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá féachaint ar chomhar feabhsaithe ar leibhéil éagsúla agus i bhformáidí éagsúla maidir le slándáil fuinnimh, nascacht agus cosaint an bhonneagair chriticiúil le tíortha Chugas agus na hÁise Láir; ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis na réigiúin sin chun soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, conairí iompair slána a fhorbairt agus athléimneacht fhoriomlán na hEorpa a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le réigiún na Mara Duibhe do shlándáil na hEorpa; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an gcomhar slándála agus cosanta le comhpháirtithe atá ar aon intinn i réigiún na Mara Duibhe agus go bhforbrófaí straitéis chuimsitheach slándála de chuid an Aontais don Mhuir Dhubh; ag tacú le hinfheistíocht mhéadaithe an Aontais i gcumais chabhlaigh na Mara Duibhe, i gcosaint chósta, agus i bhfeasacht ar an limistéar muirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar SEGS féachaint an bhféadfaí SDPanna breise a bhunú, ar bhonn rannpháirtíochtaí soiléire, comhthairbheacha, le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn linn agus atá tiomanta d’ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé SDPanna struchtúrtha a bhunú le tíortha na mBalcán Thiar, go háirithe an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, chun cobhsaíocht réigiúnach a fheabhsú, chun bagairtí hibrideacha a chomhrac agus chun ailtireacht slándála na hEorpa a neartú i ngarchomharsanacht an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do na comhpháirtíochtaí sin tógáil ar rannpháirtíocht CBSC atá ann cheana sa réigiún, lena n-áirítear oibríocht Althea EUFOR, idirphlé polaitiúil agus slándála, agus rannpháirtíocht chomhpháirteach i misin an Aontais, agus creat níos straitéisí agus níos fadtéarmaí á chur ar fáil don chomhar i réimsí amhail an chibear-athléimneacht, cur i gcoinne na bréagaisnéise, agus fothú acmhainneachta cosanta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhpháirtíochtaí na Náisiún Aontaithe agus comhpháirtíochtaí iltaobhacha eile a fhorbairt</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht straitéiseach idir AE agus na Náisiúin Aontaithe maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime; á chur in iúl gur geal léi tosaíochtaí nua na Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe do 2025-2028 agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhleanúnachas méadaithe idir misin agus oibríochtaí an Aontais agus na Náisiún Aontaithe agus le héifeachtacht na misean agus na n-oibríochtaí sin, lena n-áirítear trí phleanáil chomhpháirteach agus trí phróisis cheachtanna foghlamtha; á iarraidh go ndéanfaí an clár oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil a chur chun feidhme go hiomlán agus a chomhtháthú go córasach, i gcomhréir le Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go háirithe maidir le sibhialtaigh a chosaint, rannpháirtíocht iomlán, chomhionann agus fhóinteach na mban i bpróisis síochána, agus foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht a chosc; á iarraidh go ndéanfaí feidhmiú na Náisiún Aontaithe a athchóiriú chun a áirithiú go mbeidh misin agus oibríochtaí éifeachtach agus go mbeidh an éifeacht inmhianaithe acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil comhpháirtíocht straitéiseach á coinneáil ag AE agus ag an Aontas Afracach, go háirithe maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil; á chur i bhfáth gur gá comhpháirtíochtaí straitéiseacha a dhoimhniú le heagraíochtaí réigiúnacha eile, lena n-áirítear an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, Léig na Stát Arabach, Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille agus Eagraíocht na Stát Meiriceánach, i réimsí leasa fhrithpháirtigh trí thionscnaimh chomhpháirteacha, idirphlé agus gníomhaíocht taidhleoireachta mhéadaithe; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an comhar le comhpháirtithe Mheiriceá Laidinigh chun aghaidh a thabhairt ar an gcoireacht eagraithe idirnáisiúnta, ar gháinneáil thrasnáisiúnta, ar bhagairtí hibrideacha agus ar an tslándáil mhuirí, agus chun athléimneacht dhaonlathach agus cobhsaíocht réigiúnach a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh go neartófaí gné oibríochtúil chomhar slándála agus cosanta an Aontais le comhpháirtithe atá ar aon intinn agus le comhpháirtithe eile i gComharsanacht an Deiscirt, go háirithe sa Mheánmhuir, agus béim á leagan ar an tslándáil mhuirí, ar an bhfrithsceimhlitheoireacht, ar bhainistiú teorainneacha agus ar chosaint an bhonneagair chriticiúil, agus ag tógáil ar na gealltanais a leagtar amach sa Chomhshocrú don Mheánmhuir chun an comhar slándála le comhpháirtithe na Meánmhara a dhoimhniú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar díreach ag éagobhsaíocht sa réigiún ar shlándáil inmheánach an Aontais agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le freagairt níos straitéisí agus níos comhordaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Borradh a chur faoi bhealaí leathana agus saincheaptha comhair</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth go n-áirítear i gcur chuige comhtháite an Aontais i leith CBSC na creataí dlíthiúla le haghaidh rannpháirtíocht tríú tíortha agus eagraíochtaí réigiúnacha i misin agus in oibríochtaí CSDP; á chur i bhfáth nach mór do na comhpháirtithe sin seasamh lenár luachanna agus ár leasanna a roinnt; ag spreagadh an Choimisiúin agus SEGS nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú tuilleadh chun rannpháirtíocht níos tapúla agus níos solúbtha comhpháirtithe atá ar aon intinn leo a áirithiú, go háirithe in oiliúint, i bhfothú acmhainneachta agus i misin freagartha ar ghéarchéimeanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról straitéiseach ag an tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) mar phríomhionstraim chun acmhainneachtaí míleata agus cosanta a neartú, chun tacú le gnéithe míleata d’oibríochtaí síochána agus chun trealamh a chur ar fáil d’fhórsaí armtha chomhpháirtithe an Aontais; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht iomlán agus grinnscrúdú daonlathach ann maidir leis an ionstraim sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an bac leanúnach atá á chur ag Rialtas na hUngáire ar úsáid na hionstraime sin chun cabhrú leis an Úcráin, lena n-áirítear trí chaingean dlí os comhair na Cúirte Ginearálta, agus an bac leanúnach atá á chur aige ar thacaíocht na Saoráide Eorpaí Síochána don Airméin; ag tathant ar na Ballstáit brú a chur go gníomhach ar Rialtas na hUngáire deireadh a chur lena imshuí mífhreagrach ar an tSaoráid Eorpach Síochána; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí teacht ar réitigh mhalartacha chun an staid sin a shárú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi neartú líonra comhairleoirí míleata SEGS i dToscaireachtaí an Aontais, lena neartaítear an caidreamh le hinstitiúidí míleata agus sibhialta na gcomhpháirtithe; á iarraidh go mbunófaí cruinnithe comhordúcháin rialta i measc na gcomhairleoirí sin chun dea-chleachtas a roinnt, feasacht staide a fheabhsú agus comhleanúnachas a chothú i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á áitiú go n-éilítear comhpháirtíochtaí agus rannpháirtíocht an Aontais le comhpháirtithe atá ar aon intinn le hullmhacht cosanta AE 2030; á chur i bhfáth gur gá slabhraí soláthair a dhaingniú, lena n-áirítear amhábhair agus comhpháirteanna criticiúla, chun spriocanna fógartha an Aontais a bhaint amach, EDTIB a threisiú agus a neartú agus spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú, gan cinn nua a chruthú; á thabhairt chun suntais, mar shampla, spleáchas an Aontais ar an tSín d’amhábhair chriticiúla, arb ionann é agus leochaileacht shuntasach gheopholaitiúil agus eacnamaíoch; á iarraidh go ndéanfaí maoirseacht dhaonlathach agus trédhearcacht i gcomhpháirtíochtaí thionscal na cosanta, i measc nithe eile, chun comhlíonadh caighdeán saothair agus comhshaoil a áirithiú; á aithint go bhfuil sé ríthábhachtach fíormhargadh aonair don chosaint a bhaint amach agus go neartóidh sé cumais mhíleata an Aontais agus a neamhspleáchas straitéiseach araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí rochtain phribhléideach ar ionstraim SAFE a dheonú, sa bhreis ar chomhaontuithe déthaobhacha sonracha, do na tíortha sin a bhfuil SDP ann leo; ag tabhairt dá haire gur tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gcomhaontú a chomhlíonann SAFE le Ceanada i gcrích; á chur in iúl gur oth léi nár tugadh an comhaontú leis an Ríocht Aontaithe chun críche go fóill; á chur i bhfáth go rachadh cuimsiú an dá thír i dtionscnaimh chosanta an Aontais chun tairbhe don dá thaobh agus go ndéanfadh sé breisluach gach tionscail a ghiaráil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na hÚcráine in SAFE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint freisin le tríú tíortha, eagraíochtaí agus eintitis faoi chuimsiú socruithe riaracháin saincheaptha; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go rannchuideoidh na socruithe sin le EDTIB a chomhdhlúthú agus le teicneolaíochtaí suaiteacha a chosaint; á iarraidh go ndéanfaí athmheasúnú ar na socruithe riaracháin agus ar a n-éifeachtacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh go mbeadh na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá ag SEGS chun SDPanna atá ann cheana a chur chun feidhme, lena n-áiritheofar go mbainfidh siad torthaí nithiúla amach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Príomhréimsí comhair laistigh de SDPanna a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag SDPanna i mbainistiú comhtháite teorainneacha le roinnt comhpháirtithe, rud atá thar a bheith tábhachtach i bhfianaise briogadh agus sáruithe a rinne réimis na Rúise agus na Bealarúise le déanaí ar aerspás ECAT, go háirithe a dhéanann difear do stáit an chliatháin thoir, agus i bhfianaise ghnéithe seachtracha na himirce neamhrialta; á mheabhrú go ndéanann gnéithe seachtracha den imirce neamhrialta difear freisin do Bhallstáit an chliatháin theas; á iarraidh go méadófaí tacaíocht airgeadais agus oibríochtúil an Aontais do chumais bainistithe teorainneacha na stát túslíne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag spreagadh na Comhairle Eorpaí machnamh a dhéanamh ar rannpháirtíocht tíortha a shínigh SDPanna, go háirithe an Iorua, an Ríocht Aontaithe agus Ceanada, i dtionscadail shuaitheanta an Aontais amhail Faireachán ar an gCliathán Thoir, an Tionscnamh Eorpach um Chosaint Drón, an Aersciath Eorpach agus an Sciath Eorpach Spáis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go léireodh tosaíochtaí cistiúcháin an Aontais an gá atá le dáileadh geografach cothrom na n-acmhainneachtaí tionsclaíocha, agus aird ar leith á tabhairt ar tháirgeadh cosanta a neartú ar thaobh thoir an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghaireacht do limistéir ardriosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh go mbeadh níos mó freachnaimh chomhpháirteacha slándála muirí ann le comhpháirtithe ábhartha na gcomhghuaillithe chun idir-inoibritheacht agus ullmhacht oibríochtúil a chur chun cinn in uiscebhealaí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo agus i scrogaill ar fud an domhain, go háirithe i réimsí ina bhfuil leasanna ríthábhachtacha an Aontais i mbaol; á áitiú a thábhachtaí atá sé faireachas a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil muirí agus é a chosaint, lena n-áirítear cáblaí agus píblínte faoin bhfarraige chun ionsaithe hibrideacha atá ag éirí níos minice a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá SDPanna do mhisin agus d’oibríochtaí CBSC, ós rud é gurb iad fós bunchloch rannpháirtíocht slándála seachtraí an Aontais, agus gur príomhcholún iad d’obair an Aontais maidir le coinbhleachtaí a chosc, maidir le bainistiú géarchéime, agus maidir le cobhsú iarchoinbhleachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfáth gur bagairt slándála don Aontas atá ag dul i méid iad ionsaithe cibearshlándála, bréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI), gníomhaíochtaí eagraíochtaí coiriúla trasnáisiúnta a bhfuil baint acu le smuigleáil drugaí agus gáinneáil ar dhaoine, agus ionstraimiú na himirce ag tríú tíortha trodacha; á iarraidh go mbeadh tuilleadh comhair ann le comhpháirtithe an Aontais chun a athléimneacht a neartú, a bhonneagar criticiúil a chosaint agus dea-chleachtas a mhalartú maidir le dul i ngleic le FIMI; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá SDPanna chun athléimneacht shochaíoch agus dhaonlathach a fhorbairt; ag moladh go gcruthófaí freachnaimh chomhpháirteacha chibearfhreagartha agus go bhforbrófaí bealaí slána comhroinnte faisnéise idir an tAontas agus a chomhpháirtithe chun bagairtí hibrideacha a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfios go léiríonn cur chuige an Aontais maidir le bonneagar criticiúil faoi uisce a chosaint feasacht mhéadaitheach ar dhúshláin slándála neamhthraidisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá an fhrithsceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chosc, agus aghaidh á tabhairt ar bhagairtí stáit agus neamhstáit araon trí chreataí comhtháite slándála; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le comhar idir-rialtasach fairsing agus comhroinnt faisnéise, laistigh den Aontas agus le tríú tíortha araon, chun an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chomhrac agus a chosc go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhpháirtíochtaí bunriachtanach chun iompraíochtaí síochánta agus freagracha a chur chun cinn sa chianspás, chun freagairt do bhagairtí spáis agus chun tacú le húsáid seirbhísí spáis chun críocha slándála agus cosanta; á chur i bhfáth, go háirithe, gur cheart an earnáil ‘spás nua’ atá ag teacht chun cinn agus a hacmhainneacht nuálach maidir le teicneolaíochtaí dé-úsáide a shaothrú go hiomlán freisin le haghaidh forbairtí cosanta agus sibhialtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á áitiú go bhfuil clásal athbhreithnithe éifeachtach sna SDPanna lena gceadaítear coigeartuithe a bhaineann le cur chun feidhme agus freagairt d’fhorbairtí slándála nua; ag cur béim ar an bhfíoras, má chuirtear na comhpháirtíochtaí sin chun feidhme go maith, go mbainfear torthaí nithiúla amach a chuirfidh le hord slándála na hEorpa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ról na Parlaiminte a fhorbairt maidir le comhar cosanta a chothú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á mheabhrú gur leag an Pharlaimint béim arís agus arís eile ar thábhacht na gcomhpháirtíochtaí maidir le slándáil agus cosaint; á chreidiúint go gcomhlánaíonn an taidhleoireacht pharlaiminteach na comhpháirtíochtaí sin agus go dtacaíonn sí leo; á chur i bhfios go láidir na príomhróil atá ag an gCoiste um Shlándáil agus um Chosaint agus an Toscaireacht don Chaidreamh le Tionól Parlaiminteach ECAT; á iarraidh ar SEGS tuarascálacha rialta a chur ar fáil don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme SDPanna agus maidir le stádas na gcaibidlíochtaí atá ar siúl nó atá beartaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á gheallúint go saothrófar cruinnithe coiste comhpháirteacha rialta leis an gCoiste um Shlándáil Náisiúnta, um Chosaint agus um Fhaisnéis de chuid Verkhovna Rada na hÚcráine chun idirphlé a chothú ar an leibhéal parlaiminteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur eagraíodh an chéad chruinniú idirpharlaiminteach de choistí cosanta Bhallstáit an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus go ndearnadh an chomhpháirtíocht le foireann na bparlaimintí náisiúnta a dhoimhniú tuilleadh, lena n-áirítear tríd an gColáiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tionóladh an 107ú Seimineár Rose-Roth de Thionól Parlaiminteach ECAT, dar teideal ‘Comhar AE-ECAT: Comhpháirtíocht fhíor-riachtanach agus Athléimneacht Dhaonlathach’, ar áitreabh na Parlaiminte; á chur i bhfáth gur leag sé sin béim ar ról nua agus gníomhach na Parlaiminte i bhfianaise a stádais comhpháirtíochta feabhsaithe i dTionól Parlaiminteach ECAT;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur éirigh go maith leis an gcéad treoirthionscadal riamh de chuid Pharlaimint na hEorpa agus Thionól Parlaiminteach ECAT maidir le fothú acmhainneachta parlaimintí in earnáil na slándála agus na cosanta d’fhoireann Verkhovna Rada na hÚcráine; á iarraidh go leathnófaí an treoirthionscadal sin chuig Verkhovna Rada na hÚcráine, chuig parlaimintí limistéar an mhéadaithe agus chuig gach SDP;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chreidiúint gur deis é Fóram Schuman maidir le Slándáil agus Cosaint, arna eagrú ag SEGS agus arna chomhóstáil ag an bParlaimint, chun ardán rialta ardleibhéil a chur ar fáil le haghaidh idirphlé le comhpháirtithe; á iarraidh ar an bParlaimint ról gníomhach a ghlacadh maidir lena clár oibre agus a hobair leantach a mhúnlú, lena n-áiritheofar go gcuirfear na torthaí san áireamh san obair reachtach ar bheartas slándála agus cosanta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag spreagadh naisc níos dlúithe a chothú le sochaithe i dtíortha comhpháirtíochta, agus cumarsáid straitéiseach an Aontais a neartú; á iarraidh go seolfar feachtais a mbeidh an Pharlaimint, institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile AE, na Ballstáit agus tíortha comhpháirtíochta, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha, an saol acadúil agus na meáin rannpháirteach iontu, chun SDPanna atá ann cheana a chur chun cinn agus chun comhpháirtíochtaí nua a spreagadh, agus ar an gcaoi sin íomhá agus seasamh an Aontais i measc thíortha SDP a neartú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cur i gcoinne na bréagaisnéise agus insintí cúblála eachtraí trí straitéisí cumarsáide comhordaithe agus tionscnaimh taidhleoireachta poiblí a bhfuil Toscaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit rannpháirteach iontu;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>