<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0049</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Straitéis nua de chuid an Aontais Eorpaigh i gcoinne na Bochtaineachta a fhorbairt</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0260/2025 - Rapóirtéir:João Oliveira)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2026 maidir le Straitéis nua de chuid an Aontais Eorpaigh i gcoinne na Bochtaineachta a fhorbairt (2025/2095(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 145 agus 161 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) agus a phlean gníomhaíochta, ina bhfuil a spriocanna le haghaidh 2030 agus scórchlár sóisialta an Aontais agus a phríomhtháscairí agus a tháscairí tánaisteacha,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021, do na gealltanais athnuaite a tugadh ag Fóram Sóisialta Porto 2023, agus do Dhearbhú La Hulpe an 16 Aibreán 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair 2015,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil 2025 maidir le Forbairt Inbhuanaithe<FOOTNOTE><FIELD> Sachs, J.D., Lafortune, G., Fuller, G., Iablonovski, G., <STRING ITALIC="on">Sustainable Development Report 2025 – Financing Sustainable Development to 2030 and Mid-Century</STRING>, Preas Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Báile Átha Cliath, Éire, 2025.</FIELD></FOOTNOTE>, a foilsíodh an 24 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, a glacadh in 1979,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), a glacadh an 11 Bealtaine 2011,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, a glacadh i Nua-Eabhrac an 16 Nollaig 1966,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, a glacadh i Nua-Eabhrac an 20 Samhain 1989, agus do Bharúlacha Ginearálta ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, a glacadh i Nua-Eabhrac an 12 Nollaig 2006,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ó na Náisiúin Aontaithe an 18 Nollaig 2019 maidir le cearta an linbh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do choinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, lena n-áirítear Coinbhinsiún Uimh. 102 maidir le Slándáil Shóisialta (Caighdeáin Íosta), Coinbhinsiún Uimh. 111 maidir le hIdirdhealú i gcúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha, agus Coinbhinsiún Uimh. 189 maidir le hobair chuibhiúil d’oibrithe tí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa, a glacadh in Torino in 1961,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 180, 19.7.2000, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/43/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha<FOOTNOTE><FIELD> IO L 303, 2.12.2000, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2000/78/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 188, 12.7.2019, lch. 79, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1158/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060<FOOTNOTE><FIELD> IO L 130, 16.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/955/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 dar teideal ‘Treochlár um Chearta na mBan’ (COM(2025)0097),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 30 Eanáir 2020 maidir leis an mbearna phá idir na hinscní<FOOTNOTE><FIELD> IO C 331, 17.8.2021, lch. 5.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le rochtain ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne do chách<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 145.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir le héagothromaíochtaí a laghdú agus béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht lucht oibre<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 17.11.2021, lch. 62.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2021 maidir le cearta an linbh i bhfianaise Straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 474, 24.11.2021, lch. 146.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 29 Aibreán 2021 maidir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C 506, 15.12.2021, lch. 94.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 maidir le bochtaineacht na mban san Eoraip<FOOTNOTE><FIELD> IO C 47, 7.2.2023, lch. 2</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2022 ar staid na Romach atá ina gcónaí i lonnaíochtaí san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 132, 14.4.2023, lch. 29</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Márta 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/400, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/400/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Bealtaine 2023 maidir le cur chun feidhme na scéime scoile do thorthaí, glasraí, bainne agus táirgí déiríochta faoin Rialachán maidir le Comheagrú an Mhargaidh<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1063, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1063/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Samhain 2023 ar neamhionannais a laghdú agus uilechuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn le linn géarchéimeanna do leanaí agus dá dteaghlaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4211, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4211/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Samhain 2023 dar teideal ‘Tús Áite do Leanaí – an Ráthaíocht do Leanaí a neartú, dhá bhliain tar éis a glactha’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4212, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4212/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 maidir le cruthú post – an t-aistriú cóir agus infheistíochtaí tionchair<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4224, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4224/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 dar teideal <STRING ITALIC="on">High-Quality Early Childhood Education and Care Systems</STRING> [Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige Ardcháilíochta]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 189, 5.6.2019, lch. 4.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh 2013/112/AE ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2013 dar teideal <STRING ITALIC="on">Investing in children: breaking the cycle of disadvantage</STRING> [Infheistíocht i leanaí: timthriall an mhíbhuntáiste a bhriseadh]<FOOTNOTE><FIELD> IO L 59, 2.3.2013, lch. 5.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 dar teideal ‘Straitéis an Aontais um chearta an linbh’ (COM(2021)0142),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2024/1238 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 maidir le córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú ar mhaithe le leas an linbh<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1238, 14.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/1238/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 223, 22.6.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/1004/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2023 maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte (COM(2023)0298),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">A Union equality: EU anti-racism action plan 2020-2025</STRING> [Aontas an Chomhionannais: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025] (COM(2020)0565),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025] (COM(2020)0698),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">A Union of Equality: EU Roma strategic framework for equality, inclusion and participation</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Creat straitéiseach an Aontais le haghaidh chomhionannas, chuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach] (COM(2020)0620),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholtaí ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 93, 19.3.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’] (COM(2021)0101),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">Green paper on ageing – Fostering solidarity and responsibility between generations</STRING> [Páipéar uaine maidir le haosú – Dlúthpháirtíocht agus freagracht a chothú idir na glúine] (COM(2021)0050),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">Building an economy that works for people: an action plan for the social economy</STRING> [Geilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine: plean gníomhaíochta maidir leis an ngeilleagar sóisialta] (COM(2021)0778),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 dar teideal <STRING ITALIC="on">Social protection for workers and the self-employed</STRING> [Rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 387, 15.11.2019, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">Access to essential services in the EU</STRING> [Rochtain ar sheirbhísí riachtanacha san Aontas Eorpach],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 41, 3.2.2023, lch. 1</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Ardán Eorpach chun an easpa dídine a chomhrac, a seoladh in 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireachtaí ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal <STRING ITALIC="on">A long-term Vision for the EU’s Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040</STRING> [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – I dtreo ceantair thuaithe a bheidh níos láidre, nasctha, athléimneach agus rathúil faoi 2040] (COM(2021)0345) agus an 27 Márta 2024 dar teideal ‘Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais: na príomhrudaí atá bainte amach agus bealaí chun tosaigh’ (COM(2024)0450),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 14 Deireadh Fómhair 2025 maidir le Straitéis AE i gcoinne na Bochtaineachta<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/6322, 3.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6322/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuarascálacha ábhartha ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhfíorbhochtaineacht agus cearta an duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar seasaimh ó Líonra na hEorpa in aghaidh na Bochtaineachta dar teideal <STRING ITALIC="on">Towards the eradication of poverty – EAPN vision and recommendations for the EU Anti-Poverty Strategy</STRING>, a foilsíodh in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéir seasaimh I agus II ó <STRING ITALIC="on">All Together in Dignity Fourth World</STRING> dar teideal <STRING ITALIC="on">Paving the Way towards an EU Anti-Boverty Strategy</STRING>, a foilsíodh i mí Eanáir agus i mí na Bealtaine 2025 faoi seach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na páipéir seasaimh ó <STRING ITALIC="on">Social Platform</STRING> ó mhí an Mhárta 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">A post-2027 Multiannual Financial Framework for Social Europe</STRING> agus ó mhí na Bealtaine 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">EU Anti-Poverty Strategy</STRING>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don seasamh ó <STRING ITALIC="on">Make Mothers Matter</STRING> dar teideal <STRING ITALIC="on">Mothers’ Poverty in the EU</STRING>, a foilsíodh in 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do staidéar ón gCoimisiún an 15 Samhain 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">Transport poverty: definitions, indicators, determinants, and mitigation strategies</STRING> [Bochtaineacht iompair: sainmhínithe, táscairí, deitéarmanaint, agus straitéisí maolaithe],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Eurochild dar teideal <STRING ITALIC="on">Children’s Realities in Europe:Progress & Gaps – Eurochild 2024 flagship report on children in need across Europe</STRING>, a foilsíodh in 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A10-0260/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, in 2024, go raibh 93,3 milliún duine san Aontas (21,0 % den daonra) i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, nach bhfuil ach beagán níos ísle ná leibhéal 2019; agus de bhrí, in 2024, go raibh 21,9 % de dhaonra an Aontais a bhí ina gcónaí i dteaghlaigh ina raibh leanaí cleithiúnacha i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, <STRING ITALIC="on">Severe material and social deprivation rate by age and sex</STRING>, [Ráta diandíothachta ábharaí agus sóisialta de réir aoise agus inscne], Brabhsálaí Sonraí Eurostat, an 14 Samhain 2025, arna rochtain an 9 Nollaig 2025, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_mdsd11/default/table?lang=en.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go sainmhínítear géardhíth ábharach mar an easpa earraí riachtanacha agus inmhianaithe a bhfuil gá leo chun saol leormhaith a bheith ag duine; de bhrí, in 2024, go raibh diandíothacht ábharach agus shóisialta ar 6,4 % de dhaonra an Aontais, lena n-áirítear easpa téimh leormhaith, tithíocht phlódaithe agus cothú neamhleor; de bhrí go ndéanann an feiniméan sin difear díréireach do leanaí agus do mhná i gcomparáid le grúpaí daonra eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, i bplean gníomhaíochta EPSR 2021, gur ghlac an tAontas Eorpach an sprioc maidir le líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a laghdú 15 mhilliún ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le 2019, lena n-áirítear 5 mhilliún leanbh ar a laghad; de bhrí, fiú dá mbainfí amach an sprioc sin, d’fhágfadh sé sin go mbeadh thart ar 78 milliún duine san Aontas Eorpach, lena n-áirítear 15 mhilliún leanbh, fós i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta faoin tráth sin; de bhrí go bhfuil na Ballstáit tiomanta do spriocanna náisiúnta chun an phríomhsprioc sin a bhaint amach agus de bhrí go bhfuil an treocht ag dul sa treo eile i gcás beagnach leath de na Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gurb ionann an bhochtaineacht agus sárú ar dhínit an duine a bhaineann an bonn d’fhíorú iomlán chearta an duine agus a léiríonn dáileadh éagothrom rachmais; de bhrí go n-éilíonn an gá atá leis an mbochtaineacht a dhíothú rochtain chomhionann ar fhostaíocht agus ar sheirbhísí, agus beartais lena n-áirithítear cineál dodhealaithe agus uilíoch na gceart polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha; de bhrí gur feiniméan ilghnéitheach í an bhochtaineacht a théann níos faide ná díth ábharach agus lena gcuimsítear bacainní ar oideachas, ar chúram sláinte, ar rannpháirtíocht shóisialta agus dhaonlathach, agus ar dheiseanna eacnamaíocha;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, gan athrú ar an gcur chuige maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú ar leibhéal an Aontais, nach mbeifear in ann an treocht a aisiompú agus a áirithiú go mbeidh comhdheiseanna ag gach duine a bheith rannpháirteach sa tsochaí; de bhrí, chun an bhochtaineacht a dhíothú, go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe agus iomlánaíoch agus le beartais chomhtháite a oibríonn i gcomhar le chéile chun comhtháthú sóisialta a bhaint amach agus chun éagothromaíochtaí a chosc ó dhul in olcas; de bhrí go n-éilíonn straitéis chuimsitheach den sórt sin rannpháirtíocht na mBallstát, na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil teaghlaigh aontuismitheora, go háirithe iad siúd a bhfuil mná i gceannas orthu, i mbaol bochtaineachta méadaithe 32 % i gcomparáid le 11,2 % i measc teaghlaigh le beirt thuismitheoirí<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, <STRING ITALIC="on">At-risk-of-poverty rate by poverty threshold and household type</STRING> [Ráta riosca na bochtaineachta de réir na tairsí bochtaineachta agus an chineáil teaghlaigh], Brabhsálaí Sonraí Eurostat, an 14 Samhain 2025, arna rochtain an 9 Nollaig 2025,https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_li03/default/table?lang=en.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a fhágann gur minice a bhíonn baill teaghlaigh sáinnithe i bhfáinne fí na bochtaineachta a tugtar ar aghaidh ó ghlúin go glúin; de bhrí go mbaineann tosca sistéamacha amhail easpa rochtana ar sheirbhísí, éagobhsaíocht tithíochta, éiginnteacht ioncaim agus seirbhísí neamhleora coisctheacha agus tacaíochta teaghlaigh an bonn ó chumas teaghlach aire a thabhairt dá leanaí i suíomhanna pobail; de bhrí go bhfuil tacaíocht agus cúnamh teaghlaigh atá coisctheach spriocdhírithe, lena n-áirítear d’íospartaigh drochíde baile, bunriachtanach chun na teaghlaigh sin a chumhachtú agus a chosaint agus chun timthriallta na bochtaineachta a bhriseadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar tháscairí maidir le líon na leanaí atá i mbaol bochtaineachta ó 23,6 % in 2019 go 24,2 % in 2024; de bhrí, bunaithe ar an gcúrsa reatha, nach mbainfidh an tAontas a sprioc amach maidir le líon na leanaí atá i mbochtaineacht a laghdú 5 mhilliún ar a laghad faoi 2030; de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí suntasacha le tabhairt faoi deara i measc leanaí de bhunadh mionlaigh eitnigh nó ó chúlraí imirceacha, leanaí faoi mhíchumas, agus leanaí Romacha; de bhrí nach leor acmhainní an Aontais Eorpaigh agus náisiúnta atá in úsáid faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na bochtaineachta leanaí san Aontas Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur minic a eascraíonn bochtaineacht leanaí as bochtaineacht teaghlaigh, agus in éagmais freagairt chuimsitheach, buanaítear an bhochtaineacht sin ar fud na saolré (san óige, ag an obair, agus ag an aois scoir); de bhrí, chun míbhuntáiste idirghlúine a bhriseadh, nach mór díriú ar an teaghlach ar fad atá thíos leis an mbochtaineacht – tuismitheoirí agus leanaí; de bhrí go ngníomhaíonn infheistíocht i leanaí agus san óige, go háirithe in oideachas agus cúram na luath-óige, lena n-áirítear forbairt uimhearthachta agus litearthachta, chomh maith le tacaíocht teaghlaigh, mar bheart coisctheach i gcoinne na bochtaineachta agus go ngineann sí sochair shóisialta fhadtéarmacha shuntasacha, agus nár cheart, dá bhrí sin, breathnú uirthi mar chaiteachas sóisialta amháin ach mar infheistíocht sa todhchaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, an 14 Meitheamh 2021, gur ghlac an Chomhairle a Moladh maidir le Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, ar deis mhór é chun éagothromaíochtaí a laghdú agus cuimsiú sóisialta leanaí a chur chun cinn, agus a léiríonn a tiomantas do bheartas comhtháite atá dírithe ar fháinne fí na bochtaineachta a bhriseadh agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí atá i ngátar ar phríomhsheirbhísí, mar shampla seirbhísí oideachais agus cúraim luath-óige saor in aisce, oideachas saor in aisce (lena n-áirítear gníomhaíochtaí scoilbhunaithe agus béile sláintiúil amháin ar a laghad in aghaidh an lae scoile), cúram sláinte saor in aisce, cothú sláintiúil agus tithíocht leordhóthanach; de bhrí, in ainneoin go bhfuil 5 % de chistiú Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) curtha i leataobh go sonrach chun bochtaineacht leanaí a laghdú, go bhfuil méadú tagtha ar ráta riosca na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta (AROPE) i measc leanaí i roinnt Ballstát, rud a léiríonn an gá atá le húsáid níos uaillmhianaí agus níos éifeachtaí a bhaint as cistiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil rochtain ar sheirbhísí oideachais agus cúraim luath-óige ar ardchaighdeán ríthábhachtach d’fhorbairt shláintiúil leanaí óga agus chun comhdheiseanna oideachais a áirithiú do leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, do leanaí faoi mhíchumas agus dóibh siúd a bhfuil riachtanais shonracha oideachais acu, lena leagtar síos an bunús chun timthriall na bochtaineachta a bhriseadh, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus torthaí sóisialta arda a bhaint amach sa todhchaí; de bhrí, de réir an Choimisiúin, gur gá don Aontas caiteachas breise níos mó ná EUR 11 bhilliún in aghaidh na bliana a infheistiú chun spriocanna Barcelona a bhaint amach agus chun a áirithiú, faoi 2030, go mbeidh 45 % ar a laghad de leanaí faoi bhun trí bliana d’aois agus 96 % ar a laghad de leanaí idir trí bliana d’aois agus aois an bhunoideachais éigeantaigh rannpháirteach in oideachas agus i gcúram luathóige<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, <STRING ITALIC="on">Employment and social developments in Europe 2024</STRING> [Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2024], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí, in 2022, gur tháinig laghdú 10  bpointe ar mheánscór an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí ar thomhais scileanna bunúsacha (léitheoireacht, matamaitic agus eolaíocht) déagóirí 15 bliana d’aois i gcomparáid leis an measúnú deiridh in 2018; de bhrí go bhfuil tearcghnóthachtáil i measc foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste, rud a léiríonn méadú ar neamhionannais oideachasúla; de bhrí go bhfuil an t-oideachas ar ardchaighdeán bunriachtanach sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta, agus béim ar leith á leagan ar litearthacht fheidhmiúil, uimhearthacht agus inniúlacht dhigiteach a neartú mar bhunscileanna, toisc go bhféadfadh deiseanna fostaíochta níos fearr, dálaí maireachtála feabhsaithe agus tionchar dearfach ar an meabhairshláinte agus ar an tsláinte fhisiciúil araon a bheith mar thoradh air; de bhrí go bhfuil infheistíocht in oideachas ar ardchaighdeán, go háirithe do dhaoine ó ghrúpaí mionlaigh agus leochaileacha, ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun an bhochtaineacht a laghdú go hinbhuanaithe agus go struchtúrach;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, i bplean gníomhaíochta EPSR 2021, gur ghlac an tAontas an sprioc gur cheart do 60 % ar a laghad de dhaoine fásta a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain faoi 2030; de bhrí go bhfuil na Ballstáit tiomanta do spriocanna náisiúnta chun an phríomhsprioc sin a bhaint amach agus de bhrí go bhfuil dul ar gcúl déanta ag formhór na mBallstát agus iad ag saothrú na spriocanna náisiúnta sin; de bhrí, in 2022, go raibh ráta rannpháirtíochta daoine fásta san fhoghlaim ag 39,5 %, fós i bhfad faoi bhun sprioc an Aontais do 2030<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, <STRING ITALIC="on">Education and training monitor 2024 – Comparative report</STRING> [Faireachán ar Oideachas agus Oiliúint 2024 – Tuarascáil chomparáideach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí substaintiúla chun a áirithiú go soláthrófar, agus go mbeidh rochtain, ar bheartais oiliúna ardchaighdeáin a chuireann foghlaim ar feadh an tsaoil chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur mó an difear a dhéanann an bhochtaineacht do mhná mar thoradh ar idirdhealú agus neamhionannais i gcomparáid le fir, amhail deacrachtaí níos mó a bheith acu agus iad ag iarraidh teacht ar fhostaíocht, bearnaí pá, déine oibre níos lú, gairmeacha beatha níos giorra, neamhionannais maidir le luach pinsean agus sochar sóisialta<FOOTNOTE><FIELD> Faisnéisiú – <STRING ITALIC="on">The gender gap in pensions in the EU</STRING> [An bhearna phinsin idir na hinscní san Aontas Eorpach], Parliamint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Mí Iúil 2019.</FIELD></FOOTNOTE>, deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar chúram sláinte sonrach, agus dáileadh éagothrom cúraim agus cúraimí tí<FOOTNOTE><FIELD> https://eige.europa.eu/publications-resources/toolkits-guides/gender-equality-index-2021-report/gender-differences-household-chores.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí nach mór an bhochtaineacht i measc ban, agus a héagsúlacht uile, a thuiscint mar fheiniméan casta ilghnéitheach ina n-áirítear ní hamháin gnéithe sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha, ach ioncam, tithíocht, sláinte agus rochtain ar oideachas agus seirbhísí sóisialta freisin, agus nach féidir an bhochtaineacht a dhíothú tríd an bhfostaíocht amháin, ach go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach uileghabhálach bunaithe ar chosc agus maolú na bochtaineachta araon; de bhrí, in 2024, i ngach tír seachas dhá thír de chuid an Aontais, go raibh an ráta diandíothachta ábharaí agus sóisialta níos airde do mhná (6,6 %) ná d’fhir (6,2 %)<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, <STRING ITALIC="on">Severe material and social deprivation rate by age and sex</STRING>, [Ráta diandíothachta ábharaí agus sóisialta de réir aoise agus inscne], Brabhsálaí Sonraí Eurostat, an 14 Samhain 2025, arna rochtain an 9 Nollaig 2025, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_mdsd11/default/table?lang=en.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go raibh ráta riosca na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta níos airde do mhná (21,9 %) ná d’fhir (20 %) i dtíortha uile an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, <STRING ITALIC="on">Persons at risk of poverty or social exclusion by age and sex</STRING> [Daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta de réir aoise agus inscne], Brabhsálaí Sonraí Eurostat, an 14 Samhain 2025, arna rochtain an 9 Nollaig 2025, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_peps01n__custom_17280682/bookmark/table?lang=en&bookmarkId=1136c1ef-3d9f-4fda-82fb-cf7423eac65e&&page=time:2024.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, sa bhliain chéanna, gur mheas 23,7 % de mhná agus 22,7 % d’fhir san Aontas go raibh siad bocht<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, <STRING ITALIC="on">Subjective poverty by age and sex</STRING>, [Bochtaineacht shuibiachtúil de réir aoise agus inscne], Brabhsálaí Sonraí Eurostat, an 14 Samhain 2025, arna rochtain an 9 Nollaig 2025, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_sbjp01__custom_17284289/bookmark/table?lang=en&&bookmarkId=7d0decb7-866a-4494-b901-58a61bebd575&&page=time:2024.</FIELD></FOOTNOTE>, de bhrí go raibh 21,6 % de mhná atá 65 bliana d’aois agus níos sine i mbaol bochtaineachta, i gcomparáid le thart ar 16,5 % d’fhir san aoisghrúpa céanna<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, <STRING ITALIC="on">Persons at risk of poverty or social exclusion by age and sex</STRING> [Daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta de réir aoise agus inscne], Brabhsálaí Sonraí Eurostat, an 14 Samhain 2025, arna rochtain an 9 Nollaig 2025, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/ilc_peps01n__custom_17280682/bookmark/table?lang=en&bookmarkId=1136c1ef-3d9f-4fda-82fb-cf7423eac65e&&page=time:2024.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhghaol láidir idir an bhochtaineacht agus an foréigean inscnebhunaithe agus go gcuireann an bhochtaineacht le tionchar an fhoréigin inscnebhunaithe, go háirithe ar mhná imeallaithe, amhail daoine LGBTIQ+; de bhrí go bhfuil baol níos airde ann go bhfulaingeoidh mná atá thíos leis an mbochtaineacht foréigean, lena n-áirítear foréigean ó pháirtnéirí agus foréigean teaghlaigh, mar gheall ar thosca amhail spleáchas airgeadais, éiginnteacht tithíochta agus rochtain laghdaithe ar sheirbhísí tacaíochta<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, <STRING ITALIC="on">Financial independence and gender equality: Joining the dots between income, wealth, and power</STRING> [Neamhspleáchas airgeadais agus comhionannas inscne: ioncam, rachmas agus cumhacht a thabhairt le chéile], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024, https://eige.europa.eu/sites/default/files/documents/financial-independence-and-gender-equality.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, ar fud na mBallstát, go bhfulaingíonn 30,7 % de mhná foréigean fisiceach nó bagairtí agus/nó foréigean gnéasach ó dhuine éigin thar a saol<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, <STRING ITALIC="on">Gender-based violence survey</STRING> [Suirbhé ar fhoréigean inscnebhunaithe], https://eige.europa.eu/newsroom/eu-gender-based-violence-survey?language_content_entity=ga.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go gcuireann an bhochtaineacht mná i mbaol níos mó gáinneála agus teacht i dtír gnéasach;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil an bhochtaineacht ina cúis agus ina hiarmhairt freisin ar idirdhealú trasnach, a dhéanann difear díréireach do dhaoine aonair agus do phobail, eadhon mná, teaghlaigh, daoine ó chúlraí éagsúla cine agus eitneacha, Romaigh agus an Lucht Siúil, daoine atá gan dídean, leanaí faoi chúram institiúideach, daoine LGBTQIA+, daoine scothaosta agus óga, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil idirdhealú á dhéanamh orthu ar fhorais reiligiúin nó creidimh, daoine a bhfuil galair ainsealacha agus andúil rompu, cúramóirí neamhfhoirmiúla agus tuismitheoirí aonair; de bhrí go bhfuil na grúpaí sin níos leochailí i leith eisiamh sóisialta, chomh maith leis an trasnú le cineálacha eile sáraithe ar chearta an duine; de bhrí go bhfuil bacainní suntasacha ann sa mhargadh saothair agus sna córais cosanta sóisialta atá ann faoi láthair do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe; de bhrí, chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht, go bhfuil gá, dá bhrí sin, le beartais lena n-aithnítear agus lena dtéitear i ngleic leis na cineálacha forluiteacha imeallaithe sin, lena n-áirithítear go mbeidh cearta uile an duine á dteachtadh go hiomlán agus go cothrom ag gach duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go raibh baol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta do dhaoine faoi mhíchumas 61 % níos airde san Aontas Eorpach in 2024 i gcomparáid le daoine nach bhfuil teorainneacha den sórt sin acu; de bhrí, san Aontas Eorpach in 2023, go raibh thart ar 20,2 % de dhaoine faoi mhíchumas a bhí 16 bliana d’aois nó níos sine ina gcónaí i dteaghlach a bhí i mbaol bochtaineachta; de bhrí, san aoisghrúpa céanna, go raibh thart ar 10,5 % de dhaoine faoi mhíchumas ina gcónaí i dteaghlach a bhí i mbaol diandíothachta ábharaí agus sóisialta; de bhrí go bhfuil bearna fostaíochta 24 phointe céatadáin idir daoine faoi mhíchumas agus daoine nach bhfuil faoi mhíchumas san Aontas, agus bearna níos mó fós do mhná agus do dhaoine óga faoi mhíchumas<FOOTNOTE><FIELD> An Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas, <STRING ITALIC="on">EDF 7th Human Rights Report. The Right to work: The employment situation of persons with disabilities in Europe</STRING>, 2023, https://www.edf-feph.org/publications/human-rights-report-2023-the-right-to-work/.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil cuid de na leibhéil is airde bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta san Aontas fós ag pobail na Romach agus an Lucht Siúil, agus suas le 80 % i mbaol bochtaineachta agus 48 % ag tabhairt aghaidh ar dhiandíothacht ábharach, agus de bhrí go bhfuil leanaí Romacha an-leochaileach do na dálaí sin; de bhrí go léiríonn sonraí go mbíonn ar mhná Romacha aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáistí níos mó ná fir Romacha agus mná eile i bpríomhréimsí den saol sóisialta, amhail oideachas, fostaíocht agus sláinte<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, <STRING ITALIC="on">Roma Survey – Data in focus: Discrimination against and living conditions of Roma women in 11 Member States</STRING> [Suirbhé ar na Romaigh – Sonraí i bhfócas: Idirdhealú in aghaidh na mban Romach agus dálaí maireachtála na mban Romach in 11 Bhallstát], 2014, https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2014-roma-survey-dif-women-2_en.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí, in 2021, gur thuairiscigh 25 % de na Romaigh go ndearnadh idirdhealú orthu sa 12 mhí roimhe sin i gcásanna laethúla, lena n-áirítear cuardach poist, san ionad oibre, tithíocht, cúram sláinte agus oideachas, chomh maith le hidirdheighilt, agus eisiamh socheacnamaíoch<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, <STRING ITALIC="on">Roma survey 2021 – Roma in 10 European Countries: Main results</STRING> [Suirbhé 2021 ar na Romaigh – Romaigh i 10 dtír Eorpacha: Príomhthorthaí], 2021, https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2022-roma-survey-2021-main-results2_en.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a d’fhág go raibh leibhéil bochtaineachta díréireacha ard ann; de bhrí go bhfuil 80 % de na Romaigh ina gcónaí faoi bhun dtairseach náisiúnta maidir le baol bochtaineachta<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, <STRING ITALIC="on">Second European Union Minorities and Discrimination Survey: Roma – Selected findings</STRING> [Dara Suirbhé an Aontais Eorpaigh ar Mhionlaigh agus ar an Idirdhealú: Na Romaigh – Rogha torthaí], 2016, https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2016-eu-minorities-survey-roma-selected-findings_en.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil eisiamh digiteach fós ann san Aontas, lena mbaintear de dhaoine aonair agus de ghrúpaí rochtain iomlán a fháil ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus iad a úsáid, rud a chuireann bac ar a rannpháirtíocht sa saol eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil; de bhrí go bhfuil bearna dhigiteach de níos mó ná cúig phointe céatadáin fós ann idir ceantair uirbeacha agus thuaithe ar fud an Aontais; de bhrí go bhféadfadh an deighilt dhigiteach cur leis an eisiamh digiteach dóibh siúd atá thíos leis an mbochtaineacht agus go bhfuil sí suntasach go háirithe i measc grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine a bhfuil ioncam íseal nó leibhéil ísle oideachais acu, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe nó iargúlta; de bhrí nach bhfuil bunscileanna digiteacha ag beagnach leath den daonra fásta in ainneoin go bhfuil siad ag teastáil ó níos mó ná 90 % de na poist; de bhrí go bhfuil 5,4 % de leanaí in aois scoile ar fud na hEorpa ag fulaingt ó dhíothacht dhigiteach, agus go bhfuil éagothromaíochtaí suntasacha ann maidir le rochtain ar acmhainní digiteacha a thugtar faoi deara idir tíortha éagsúla<FOOTNOTE><FIELD> Ayllón, S., Holmarsdottir, H. & Lado, S., <STRING ITALIC="on">Digitally Deprived Children in Europe</STRING>, Child Indicators Research, Imleabhar 16, lgh. 1315–1339, 2023, https://doi.org/10.1007/s12187-022-10006-w.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, in 2023, go raibh rochtain ag 97,7 % de theaghlaigh uile an Aontais ar theicneolaíocht leathanbhanda fhosaithe amháin ar a laghad, i gcomparáid le 92,2 % i gceantair thuaithe; de bhrí, in 2023, go bhfuarthas amach go raibh scileanna digiteacha faoi bhun an bhunleibhéil ag 32 % de mhuintir na hEorpa idir 16 agus 29 mbliana d’aois, agus go raibh an figiúr sin ag ardú go 43 % i measc na ndaoine sin a bhfuil gnóthachtáil íseal oideachais acu, rud a léiríonn bearna shuntasach scileanna digiteacha laistigh de dhéimeagrafaic na hóige<FOOTNOTE><FIELD> Bertoni, E., Cosgrove, J. agus Cachia, R., <STRING ITALIC="on">Digital skills gaps - a closer look at the Digital Skills Index (DSI 2.0)</STRING> [Bearnaí scileanna digiteacha - súil níos géire ar an Innéacs Scileanna Digiteacha (DSI 2.0)], an Coimisiún Eorpach, Ispra, 2024, JRC140617, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC140617.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil rochtain ar idirlíon tapa agus iontaofa bunriachtanach chun páirt a ghlacadh i sochaí eolasbhunaithe agus eolasach, agus chun rochtain a fháil ar fhostaíocht, ar oideachas, ar sheirbhísí poiblí agus ar chúram sláinte; de bhrí go gcuireann digitiú na seirbhísí poiblí deiseanna suntasacha ar fáil, ach go bhfuil gá le hiarrachtaí spriocdhírithe chun cuimsiú grúpaí leochaileacha a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar láidir ag staid fostaíochta duine ar a riosca bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta san Aontas; de bhrí, in 2024, go raibh 8,2 % de na daoine uile atá fostaithe san Aontas thíos le bochtaineacht lucht oibre<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, Scórchlár Sóisialta, https://ec.europa.eu/eurostat/cache/dashboard/social-scoreboard.</FIELD></FOOTNOTE> mar thoradh ar phá íseal, éiginnteacht fostaíochta agus dálaí oibre forbhásacha; de bhrí go léirítear in anailís ar shonraí 2022 go raibh ar oibrithe páirtaimseartha aghaidh a thabhairt ar leibhéil bochtaineachta lucht oibre a bhí díréireach níos airde (13,5 %) i gcomparáid le hoibrithe lánaimseartha (7,1 %)<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip’ (ESDE), 2023, an Coimisiún Eorpach, arna rochtain an 9 Nollaig 2025, https://op.europa.eu/webpub/empl/esde-2023/.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil bochtaineacht lucht oibre fós ina dúshlán struchtúrach a chuireann brú suntasach sóisialta agus eacnamaíoch ar theaghlaigh atá buailte agus a chruthaíonn bacainní ar chuimsiú sóisialta agus ar chobhsaíocht eacnamaíoch; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht lucht oibre chun fostaíocht chothrom a chur chun cinn, neamhionannais a laghdú agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus chuimsitheach a áirithiú ar fud an Aontais; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an gcómhargáil, ag ceardchumainn agus ag an idirphlé sóisialta maidir le dálaí oibre agus fostaíochta a fheabhsú agus, dá bhrí sin, dálaí maireachtála a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go dtugadh chun suntais i dTuarascáil 2024 AE maidir le Leordhóthanacht Pinsean go raibh thart ar 18,5 milliún duine aonair a bhí 65 bliana d’aois nó níos sine san Aontas i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta in 2022<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú agus an Coiste um Chosaint Shóisialta (SPC), <STRING ITALIC="on">2024 Pension adequacy report – Current and future income adequacy in old age in the EU</STRING> [Tuarascáil 2024 maidir le Leordhóthanacht Pinsean – Leordhóthanacht ioncaim san Aontas faoi láthair agus amach anseo]. Imleabhar I, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://data.europa.eu/doi/10.2767/909323.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gurbh ionann rátaí riosca na bochtaineachta san aoisghrúpa sin in 2022 agus 14,2 % d’fhir agus 19,8 % do mhná; de bhrí go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar ráta riosca na bochtaineachta i measc daoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine mar gheall ar rátaí bochtaineachta atá ag dul i méid agus aosú an daonra araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil seirbhísí poiblí ardcháilíochta agus inacmhainne bunriachtanach chun ardleibhéil cosanta sóisialta, comhtháthaithe shóisialta agus cuimsithe shóisialta a bhaint amach; de bhrí go bhfuil roinnt saincheisteanna ann a thugann dúshlán do sholáthar seirbhísí poiblí ardcháilíochta, lena n-áirítear fadhbanna a bhaineann le leanúnachas seirbhíse, éileamh méadaithe agus acmhainní neamhleora, atá níos measa i bpáirt mar gheall ar aosú an daonra; de bhrí go bhfuil sé de cheart ag gach duine san Aontas rochtain a fháil ar sheirbhísí bunriachtanacha ardcháilíochta agus bearta tacaíochta ag gabháil leo dóibh siúd atá i ngátar; de bhrí go bhfuil bacainní struchtúracha i ndáil leis sin, easpa bonneagair, scileanna nó acmhainní airgeadaíochta roimh dhaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, go háirithe Romaigh agus daoine gan dídean;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí nach raibh thart ar 8 % de mhuintir na hEorpa in ann íoc as béile cothrom in 2024, lena n-áirítear feoil, iasc nó coibhéis veigeatórach gach dhá lá, arb ionann é agus thart ar 36 mhilliún duine ar fud an Aontais, agus go bhfuil an tsaincheist an-ghéar i measc daoine aonair, mac léinn agus daoine fásta óga, teaghlaigh ar ioncam íseal agus inimircigh; de bhrí gur cheart rochtain éifeachtach ar bhia a mheas mar cheart bunúsach an duine, mar a iarradh i dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh atá ar siúl faoi láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil rochtain ar uisce ina riachtanas bunriachtanach agus ina ceart bunúsach daonna; de bhrí nach bhfuil seirbhísí uisce óil a bhainistítear go sábháilte ag thart ar 9.8 milliún duine san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> An Banc Domhanda, <STRING ITALIC="on">People using safely managed drinking water services (% of population) - European Union</STRING>, arna rochtain an 9 Nollaig 2025, https://data.worldbank.org/indicator/SH.H2O.SMDW.ZS?locations=EU.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go mbraitheann 9.4 milliún eile ar sheirbhísí bunúsacha uisce seacháitribh<FOOTNOTE><FIELD> An Banc Domhanda, <STRING ITALIC="on">People using at least basic drinking water services (% of population) - European Union</STRING>, arna rochtain an 9 Nollaig 2025, https://data.worldbank.org/indicator/SH.H2O.BASW.ZS?locations=EU.</FIELD></FOOTNOTE>, agus nach bhfuil rochtain ag thart ar 450 000 duine ar sheirbhísí bunúsacha uisce óil fiú<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, <STRING ITALIC="on">Population having neither a bath, nor a shower, nor indoor flushing toilet in their household by poverty status</STRING> [Daonra nach bhfuil folcadán ná cithfholcadán ná leithreas insruthlaithe laistigh ina dteaghlach de réir stádas bochtaineachta], Brabhsálaí Sonraí Eurostat, an 28 Deireadh Fómhair 2025, arna rochtain an 9 Nollaig 2025, https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/sdg_06_10/default/table?lang=ga.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go ndéanann an easpa rochtana ar uisce óil agus ar bhonneagar uisce difear díréireach do ghrúpaí imeallaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go raibh thart ar 1 286 691 duine san Eoraip gan dídean gach aon oíche in 2024<FOOTNOTE><FIELD> Cónaidhm Eorpach na nEagraíochtaí Náisiúnta atá ag Obair le Daoine gan Dídean (FEANTSA), <STRING ITALIC="on">9th overview of housing exclusion in Europe 2024</STRING>, https://www.feantsa.org/resources/9th-overview-of-housing-exclusion-in-europe-2024.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go ndéanann díshealbhú éigeantach ó chóiríocht bhardasach difear díréireach do Romaigh agus do ghrúpaí imeallaithe eile, lena n-áirítear Romaigh ar íocóirí cíosa rialta iad; de bhrí, in go leor cásanna, nach gcuireann na húdaráis tithíocht mhalartach nó cúiteamh leormhaith ar fáil as díshealbhú<FOOTNOTE><FIELD> Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, <STRING ITALIC="on">Housing conditions of Roma and Travellers in the European Union – Comparative report</STRING> [Dálaí Tithíochta na Romach agus an Lucht Siúil san Aontas Eorpach – Tuarascáil chomparáideach], 2009, https://fra.europa.eu/ga/publication/2011/housing-conditions-roma-and-travellers-european-union-comparative-report.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil ar a laghad 1,4 milliún duine fós ina gcónaí in institiúidí san Aontas Eorpach, cé go bhféadfaí an figiúr sin a mheas faoina luach mar gheall ar easpa infhaighteachta, comhsheasmhachta agus cumhdaigh sonraí; de bhrí go bhfuil an bhochtaineacht fós ar cheann de na tosca a chuireann le scaradh teaghlach san Aontas; de bhrí go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ag leanaí a chur in institiúidí do leanaí agus do theaghlaigh trí stiogma agus imeallú sóisialta a bhuanú agus trí thimthriall idirghlúine míbhuntáiste a chothú<FOOTNOTE><FIELD> UNICEF, <STRING ITALIC="on">Policy brief: Keeping families together in Europe</STRING>, 2024, https://www.unicef.org/eca/media/36541/file/Keeping%20families%20together%20in%20Europe.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur minic gur féidir le cónaitheoirí institiúidí a bhrath go bhfuil siad scoite amach ón bpobal i gcoitinne agus, cé gur mhaith leo smacht níos fearr a bheith acu ar a saol, nach bhfuil smacht leordhóthanach acu ar a saol agus ar na cinntí a dhéanann difear dóibh; de bhrí, cé go bhfuil an tAontas tiomanta le fada an lá do phróiseas an díinstitiúidithe, go bhfuil gá fós le hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun a chur ar chumas grúpaí leochaileacha maireachtáil i dteaghlach nó i dtimpeallacht phobail;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go ndéanann rochtain theoranta ar bhia sláintiúil agus ar chúram sláinte ar ardchaighdeán difear díréireach do dhaoine atá ag maireachtáil i mbochtaineacht; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil baint ag an mbochtaineacht le riosca méadaithe fadhbanna sláinte fisiciúla agus meabhairshláinte; de bhrí go bhfuil an nasc idir an bhochtaineacht agus an tsláinte faoi thionchar suntasach ag bacainní ar chúram sláinte, amhail rochtain ar chúram príomhúil, agus líon laghdaithe ospidéalaithe; de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir an bhochtaineacht, an t-imeallú sóisialta agus an strus ainsealach, rud a bhaineann an bonn den fholláine mheabhrach agus a mhéadaíonn an baol andúile agus rátaí mortlaíochta níos airde, agus a mhéadaíonn an baol báis anabaí; de bhrí go dtreisíonn an bhochtaineacht agus an andúil a chéile, rud a chruthaíonn fáinne fí a chuireann leis an eisiamh sóisialta; de bhrí, chun an bhochtaineacht a dhíothú, go bhfuil gá le cur chuige atá bunaithe ar an tsláinte agus ar fhianaise i leith na handúile lena dtugtar tús áite don chosc agus don téarnamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin iomadúla agus idirghaolmhara roimh theaghlaigh nach féidir le haon seirbhís ná eagraíocht aonair a réiteach aisti féin; de bhrí go bhfuil leanúnachas seirbhísí chomh maith le comhordú cuí idir seirbhísí bunriachtanach chun ullmhú do na haistrithe a mbeidh ar leanaí aghaidh a thabhairt orthu agus chun iad a éascú; de bhrí go bhféadfadh rochtain theoranta a bheith ag teaghlaigh atá i mbaol ar sheirbhísí meabhairshláinte mar gheall ar bhacainní airgeadais, stiogma nó easpa infhaighteachta; de bhrí go bhfuil nasc díreach ag an idirdhealú leis an mbochtaineacht, ós rud é go gcuireann eispéiris idirdhealaitheacha cosc ar dhaoine atá thíos leis an mbochtaineacht caighdeán leormhaith maireachtála a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí nach mór córais slándála sóisialta a neartú chun oiriúnú do dhúshláin dhéimeagrafacha, do chineálacha nua oibre agus don aistriú glas agus don aistriú digiteach; de bhrí gur tháinig laghdú ar éifeachtacht na cosanta sóisialta maidir leis an mbochtaineacht a laghdú sa tréimhse 2021-2024 ó 37,1 % go 34,4 %<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, Scórchlár Sóisialta, https://ec.europa.eu/eurostat/cache/dashboard/social-scoreboard.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil bacainní suntasacha ann sa mhargadh saothair agus sna córais cosanta sóisialta atá ann faoi láthair do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí go bhfuil scéimeanna ioncaim íosta fós ina n-uirlis thábhachtach chun ioncam a áirithiú agus chun neamhionannas agus bochtaineacht a laghdú ar fud an Aontais; de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór idir na scéimeanna ioncaim íosta sin idir na Ballstáit ó thaobh leordhóthanacht agus chumhdach na sochar de agus ó thaobh an naisc atá acu le bearta gníomhachtúcháin mhargadh an tsaothair; de bhrí go bhfuil íosleibhéil ioncaim i bhfad faoi bhun thairseacha náisiúnta na bochtaineachta i bhformhór na mBallstát; de bhrí go meastar gurb ionann an ráta neamhghlactha do scéimeanna ioncaim íosta agus idir 30 % agus 50 % den daonra incháilithe, rud a bhaineann an bonn de chuspóirí na hionstraime tacaíochta sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí gur gá rannpháirtíocht daoine a bhfuil taithí acu de bheith ag maireachtáil i mbochtaineacht ina saol féin a áirithiú i gceapadh agus i meastóireacht beartas a dhéanann difear dóibh, d’fhonn rannpháirtíocht dhaonlathach, cumhachtú agus fuascailt shóisialta daoine atá ag maireachtáil i mbochtaineacht a mhéadú, chomh maith le torthaí níos éifeachtaí agus níos cothroime a fháil ó na beartais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go gcuireann iargúltacht, oileánachas, beagmhéid, topagrafaíocht agus aeráid achrannach na réigiún is forimeallaí (RIFanna), agus spleáchas eacnamaíoch ar thionscail agus ar tháirgí sonracha srian mór ar a bhforbairt; de bhrí go bhfuil neamhionannais ar cheann de na dúshláin shóisialta is mó atá os comhair RIFanna agus de bhrí go ndéanann leibhéil arda bochtaineachta agus dífhostaíochta, rátaí arda luathfhágálaithe scoile agus rátaí arda daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna difear díréireach dóibh; de bhrí go bhfuil an olltáirgeacht intíre sna RIFanna go mór faoi bhun mheán an Aontais agus na mBallstát (60 % den mheán ar fud AE-27);
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí go bhfuil na tosca a chuireann le timthriall na bochtaineachta i gceantair thuaithe sonrach agus go bhfuil na dúshláin a bhaineann le daoine leochaileacha atá ina gcónaí i gceantair thuaithe éagsúil le dúshláin daoine leochaileacha atá ina gcónaí i gceantair uirbeacha; de bhrí go gcuireann easpa deiseanna fostaíochta, seirbhísí poiblí (lena n-áirítear oideachas agus iompar poiblí) agus nascachta digití, praghsanna arda fuinnimh agus iompair agus forbairtí déimeagrafacha amhail dídhaonrú le méadú ar an mbochtaineacht i gceantair thuaithe; de bhrí go bhfuil mná atá ina gcónaí i gceantair thuaithe an-leochaileach i leith na bochtaineachta mar gheall ar rochtain theoranta ar fhostaíocht, ar sheirbhísí agus ar thacaíocht shóisialta; de bhrí nach mór na sainiúlachtaí críochacha sin a chur san áireamh i straitéis AE i gcoinne na bochtaineachta agus freagairtí saincheaptha beartais agus sásraí cistiúcháin a áirithiú lena gcuirtear cuimsiú sóisialta agus comhtháthú críochach chun cinn go héifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh comhordú agus comhtháthú il-leibhéil ann maidir le hionstraimí atá nasctha leis an straitéis i gcoinne na bochtaineachta; de bhrí go bhfuil sásra rialachais láidir chun faireachán a dhéanamh ar chuspóirí na straitéise bunriachtanach; de bhrí nach mbainfear torthaí amach leis an straitéis ach amháin má tá acmhainní airgeadais leormhaithe ag gabháil léi agus má thacaíonn cistí earnálacha ábhartha éagsúla an Aontais lena cuspóirí; de bhrí gur cheart na forálacha maidir le bochtaineacht agus cuimsiú sóisialta sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) reatha a athnuachan, a chistiú go leormhaith agus a imfhálú sa CAI atá ar na bacáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go bhfuil gá le sásraí bailithe sonraí agus tuairiscithe atá trédhearcach agus domhain ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i ndáil le príomhspriocanna EPSR do 2030, lena n-áirítear an cuspóir líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a laghdú 15 mhilliún ar a laghad i gcomparáid le figiúirí 2019;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Straitéis atá dírithe ar dhíothú na bochtaineachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, in 2024, go raibh 93,3 milliún duine san Aontas fós i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, lena n-áirítear 20 milliún leanbh, arb ionann é agus leanbh amháin as gach ceathrar san Aontas, agus go raibh tionchar ag diandíothacht ábharach agus shóisialta ar 27 milliún duine san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur feiniméan casta í an bhochtaineacht a dhéanann difear do gach réimse den saol, atá fréamhaithe in éagóir shistéamach agus struchtúrach, agus a thrasnaíonn le neamhionannais stairiúla bunaithe ar inscne agus léiriú inscne, cine agus eitneacht, reiligiún, stádas imirce, aois, gnéaschlaonadh agus míchumas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth gurb é an beartas i gcoinne na bochtaineachta is inbhuanaithe an beartas lena gcuirtear cosc ar an mbochtaineacht teacht chun cinn ar an gcéad dul síos; á iarraidh go mbeadh cur chuige cuimsitheach ann maidir le cosc lena dtéitear i ngleic le bunchúiseanna agus gnéithe ilghnéitheacha na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, chomh maith lena bpointí trasnála, maidir le rochtain ar phoist dea-cháilíochta, cosaint shóisialta agus ioncam íosta, seirbhísí poiblí, oideachas, idirghabháil luath-óige, cúram sláinte, bia, tithíocht, fuinneamh agus cánachas; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir an bhochtaineacht a chomhrac ach amháin trí bheartais a chur chun cinn lena n-áirithítear dodhealaitheacht agus uilíocht na gceart polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú go ndéanann an bhochtaineacht difear díréireach do ghrúpaí imeallaithe agus leochaileacha den tsochaí, amhail mná, teaghlaigh, daoine ó chúlraí éagsúla cine agus eitneacha, Romaigh agus an Lucht Siúil, daoine atá gan dídean, leanaí faoi chúram institiúideach, daoine LGBTQIA+, daoine scothaosta agus óga,  daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil idirdhealú á dhéanamh orthu ar fhorais reiligiúin nó creidimh, daoine a bhfuil galair ainsealacha agus andúil rompu, cúramóirí neamhfhoirmiúla agus tuismitheoirí aonair; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le bearta spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt air sin, agus aird ar leith á tabhairt orthu siúd is leochailí ó thaobh na fíorbhochtaineachta de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas, faoi phlean gníomhaíochta EPSR, líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a laghdú 15 mhilliún ar a laghad faoi 2030, lena n-áirítear 5 mhilliún leanbh ar a laghad; á chur i bhfáth nach mbainfidh an tAontas ná a Bhallstáit na cuspóirí laghdaithe bochtaineachta sin amach gan athrú paraidíme sa chur chuige chun an bhochtaineacht a chomhrac agus gan cistiú leordhóthanach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéis i gcoinne na bochtaineachta atá cuimsitheach, uaillmhianach agus cistithe go leormhaith a chur i láthair ina n-áireofar na cuspóirí ginearálta agus treorlínte seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>aitheantas a thabhairt don bhochtaineacht mar shárú ar dhínit an duine lena mbaintear an bonn d’fhíorú iomlán chearta an duine agus mar bhonn chun cur chuige cearta-bhunaithe a chur chun cinn i gcomhréir le creataí dlíthiúla idirnáisiúnta, go háirithe Airteagal 25 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>an sprioc a leagan síos maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú go práinneach faoi 2035 ar a dhéanaí, ag tógáil ar chaighdeáin Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus EPSR, agus táscairí maidir le dul chun cinn eatramhach, garspriocanna soiléire agus creat faireacháin á bhforbairt ag an am céanna lena gcumasófar comhordú leordhóthanach ar bheartais agus ar riachtanais chistiúcháin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>comhordú cuí idir an Coimisiún agus na Ballstáit, agus, nuair is infheidhme, leis na húdaráis réigiúnacha ábhartha, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú, chun an sprioc sin a bhaint amach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>cur chuige cuimsitheach, duinelárnach agus comhtháite saolré maidir le beartais fhadtéarmacha i gcoinne na bochtaineachta, lena gcomhcheanglaítear bearta uilíocha agus spriocdhírithe ag tosú san óige agus ag gach céim den saol, agus é mar aidhm leis an bhochtaineacht a dhíothú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn mar chritéar trasearnálach i mbeartais earnála;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>rannpháirtíocht daoine a bhfuil taithí acu de bheith ag maireachtáil i mbochtaineacht ina saol féin maidir le beartais lena ndéantar difear dóibh a shainiú, a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ar bhealach cuimsitheach, éifeachtach agus trédhearcach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>prionsabal bunúsach agus cothrománach an neamh-idirdhealaithe ar fud na straitéise i gcoinne na bochtaineachta chun dul i ngleic le héagothromaíochtaí struchtúracha agus le stiogmaí sochaíocha atá fréamhaithe san idirdhealú a chuireann leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>acmhainní buiséadacha leordhóthanacha agus marthanacha a leithdháileadh le haghaidh bearta i gcoinne na bochtaineachta trí CAI agus trí shásraí buiséadacha náisiúnta chun tacú le cur chun feidhme iomlán na straitéise i gcoinne na bochtaineachta agus chun a tionchar fadtéarmach a áirithiú;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na naisc struchtúracha idir an bhochtaineacht agus foréigean inscnebhunaithe a aithint agus aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe mar phríomhstraitéis chun an bhochtaineacht a dhíothú, go háirithe an bhochtaineacht i measc na mban agus na leanaí, agus a aithint go bhfuil sé bunriachtanach deireadh a chur le gach cineál foréigin ionas go mbeidh mná in ann páirt iomlán a ghlacadh ina bpobail agus sa gheilleagar, rochtain a fháil ar oideachas, ar fhostaíocht, agus ar sheirbhísí sóisialta, agus ar an gcaoi sin neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí i mbeartais lena dtugtar aghaidh ar fhoréigean inscnebhunaithe; á chur in iúl gur geal léi daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Aontas agus ag tathant ar an mBulgáir, ar an tSeicia, ar an Ungáir, ar an Liotuáin agus ar an tSlóvaic a bpróisis daingniúcháin a thabhairt chun críche gan a thuilleadh moille; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme éifeachtach na Treorach maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac a áirithiú, lena ráthófar go mbeidh rochtain leormhaith agus neamhchoinníollach ag mná atá thíos leis an mbochtaineacht agus cineálacha eile foréigin ar dhídean, ar sheirbhísí tacaíochta do mharthanóirí, ar chúnamh dlíthiúil, agus ar leas sóisialta, gan beann ar a stádas cónaithe nó imirce;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dálaí oibre cothroma agus dáileadh níos cothroime ioncaim agus rachmais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an sprioc maidir le lánfhostaíocht chuibhiúil a chur chun feidhme, chomh maith le cosaint shóisialta leormhaith, seirbhísí do chách agus dáileadh cothrom ioncaim agus rachmais mar threoirlíne do bheartais eacnamaíocha agus shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, sa chomhthéacs sin, a mbeartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a neartú, go háirithe dóibh siúd is faide ón bhfostaíocht; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go rachadh beartais ghníomhacha éifeachtacha maidir leis an margadh saothair níos faide ná rochtain ar fhostaíocht agus gur cheart go n-áireofaí leo freisin seirbhísí cumasúcháin do dhaoine chun fanacht i bhfostaíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais a chur chun cinn chun cearta saothair, poist dea-cháilíochta, caidreamh fostaíochta cobhsaí agus cosaint ar dhífhostú gan údar maith, pá cóir, lena n-áirítear pá comhionann as obair chomhionann agus pá comhionann idir mná agus fir, foghlaim ar feadh an tsaoil, uas-sciliú agus athsciliú, sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre, neamh-idirdhealú agus rochtain ar chosaint shóisialta leormhaith a chosaint agus a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an fógra maidir le Treochlár um Poist Dea-cháilíochta chun aistriú cóir a áirithiú do gach oibrí agus do gach duine féinfhostaithe, go háirithe trí chumhdach cómhargála a mhéadú; á chur i bhfáth gur deis é an treochlár sin chun ceart an duine aonair chun oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil a bhunú; á chur i bhfáth go bhfuil bochtaineacht lucht oibre fós ann do dhuine as gach dáréag oibrí ar fud an Aontais; á áitiú, sa chomhthéacs sin, nár cheart go mbeadh aon bhochtaineacht lucht oibre san Aontas, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic go dáiríre leis an bhfadhb sin, trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha seachas cáilíocht poist, lena n-áirítear rochtain ar sheirbhísí cúraim leanaí agus tacaíocht dóibh, feabhas a chur ar aitheantas do cháilíochtaí, agus aghaidh a thabhairt ar an easpa gairmthreorach saincheaptha agus tacaíochta oiliúna; á chur i bhfáth go mbeidh trasuí Threoir (AE) 2022/2041 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach ríthábhachtach chun rioscaí bochtaineachta i measc oibrithe a chosc agus a chomhrac, agus dreasachtaí chun oibre á dtreisiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá rannpháirtíocht dhaonlathach ag an obair a neartú mar uirlis chun bochtaineacht lucht oibre a chomhrac, tríd an gceart eagrúcháin agus chun gníomhaíocht chomhchoiteann agus chun cómhargála feabhsaithe, trí chearta ceardchumainn, eadhon an tsaoirse chun ceardchumainn a bhunú agus a bheith ina gcomhalta de cheardchumainn, trí chothromaíocht oibre agus saoil a fheabhsú agus trí dhálaí oibre cothroma a sholáthar, lena n-áirítear am oibre, agus trí dhálaí oibre a chur in oiriúint do riachtanais an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá seirbhísí poiblí fostaíochta, conairí oiliúna agus córais tacaíochta cuardaigh poist a neartú do dhaoine atá thíos leis an mbochtaineacht agus do ghrúpaí leochaileacha, go háirithe daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine ar bheagán oiliúna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá treoir phearsantaithe, aitheantas do scileanna neamhfhoirmiúla agus oiliúint a nascadh le deiseanna fostaíochta ardcháilíochta; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhforbrófar agus go leathnófar creataí náisiúnta chun foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú, lena gcumasófar aitheantas a thabhairt do thaithí phraiticiúil in earnálacha amhail tógáil, talmhaíocht, cúram sláinte agus cúram sóisialta, fáilteachas, monaraíocht, ceardaíocht, lóistíocht, agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, ag tógáil ar an Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla<FOOTNOTE><FIELD> IO C 398, 22.12.2012, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le fiontraíocht agus deiseanna féinfhostaíochta na mban, go háirithe i gceantair thuaithe, oileánacha agus i gceantair iargúlta eile ó thaobh na geografaíochta de, mar bhealach chun cuimsiú eacnamaíoch agus comhionannas inscne níos fearr a bhaint amach agus an bhochtaineacht a chomhrac, fostaíocht áitiúil a chruthú agus forbairt eacnamaíoch chuimsitheach a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht spriocdhírithe a áirithiú d’fhiontraithe ban trí rochtain níos fearr ar chistiú, ar oiliúint ghnó, ar uirlisí digiteacha agus ar mhargaí; á iarraidh ar an gCoimisiún beartais a fhorbairt lena n-éascófar rochtain na mban ar phoist dea-cháilíochta agus ar chonairí fiontraíochta, trí dhreasachtaí do chuideachtaí mná a fhostú agus arduithe céime a thabhairt dóibh, go háirithe máithreacha aonair, agus socruithe solúbtha oibre a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt chun suntais go mbíonn eisiamh sóisialta mar thoradh ar idirdheighilt maidir le rochtain ar oideachas príomhshrutha do leanaí faoi mhíchumas, agus gur dúshlán fós é ar fud an Aontais; á iarraidh go n-áiritheofar leis an straitéis i gcoinne na bochtaineachta inrochtaineacht an oideachais do leanaí faoi mhíchumas, ó thaobh bonneagar fisiceach agus acmhainní oideachais de araon, chun comhdheiseanna a ráthú do gach dalta; á chur i bhfáth go bhfuil acmhainneacht ag teicneolaíochtaí cúnta inacmhainne agus ag an intleacht shaorga (IS) chun feabhas a chur ar theagasc cuimsitheach do dhaltaí faoi mhíchumas, trí thacaíocht phearsantaithe, uirlisí oiriúnaitheacha agus cumarsáid fheabhsaithe a chur ar fáil; ag spreagadh na mBallstát infheistíocht a dhéanamh sna teicneolaíochtaí sin agus a áirithiú go gcuirfear oiliúint ar mhúinteoirí chun iad a chomhtháthú go héifeachtach; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit coimircí láidre a áirithiú i gcoinne mídhiagnóis míchumais intleachta nó riachtanas speisialta oideachais i measc leanaí Romacha, rud a bhíonn ina chúis le hidirdheighilt oideachais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cleachtais mheasúnaithe neamh-idirdhealaitheacha, chomh maith le beartais oideachais chuimsitheacha a sheasann le cearta agus dínit gach linbh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mholadh go gcuirfeadh an Coimisiún agus na Ballstáit san áireamh cur chuige thuarascáil 2023 ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhfíorbhochtaineacht agus cearta an duine, chun an bhochtaineacht a chomhrac trí rochtain éifeachtach ar obair agus trí sprioc na lánfhostaíochta agus na bpost dea-cháilíochta, eadhon trí ionstraimí sonracha a chruthú nó a neartú arb é is aidhm dóibh go príomha an dífhostaíocht agus an tearcfhostaíocht a chomhrac, tacaíocht phearsantaithe a chur ar fáil agus infhostaitheacht na ndaoine is faide ó mhargadh an tsaothair a mhéadú, go háirithe iad siúd ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus ó ghrúpaí leochaileacha, amhail Romaigh agus daoine faoi mhíchumas; á mheas gur cheart ról na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí araon agus freagrachtaí sóisialta na mBallstát a chur san áireamh sna hionstraimí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheas gur comhpháirt bhunriachtanach de gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais é an geilleagar sóisialta agus go bhfuil sé ina spreagadh do chur chun feidhme EPSR agus a spriocanna, go minic trí fhostaíocht a sholáthar do ghrúpaí leochaileacha agus eisiata; á iarraidh go ndéanfaí an geilleagar sóisialta a neartú leis an straitéis i gcoinne na bochtaineachta i gcomhréir le plean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an ngeilleagar sóisialta agus le treochlár Liège don gheilleagar sóisialta san Aontas Eorpach; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún féachaint ar shásraí nuálacha cistiúcháin, amhail bannaí tionchair shóisialta, chun tionscadail a mhaoiniú chun tacú le forbairt an gheilleagair shóisialta san Aontas<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2022 maidir le plean gníomhaíochta AE don gheilleagar sóisialta (IO C 47, 7.2.2023, lch. 171).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i bhfianaise ghéarchéim an chostais maireachtála, rochtain ar earraí agus seirbhísí bunriachtanacha inacmhainne amhail bia, fuinneamh, uisce, tithíocht, iompar agus cumarsáid a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rochtain ar sheirbhísí poiblí dea-cháilíochta, cosaint shóisialta agus bearta tacaíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an bhochtaineacht a chomhrac trí beartais phoiblí a chur chun cinn lena n-áirithítear dodhealaitheacht agus uilíocht na gceart polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha; á áitiú a thábhachtaí atá cur chuige ildisciplíneach maidir leis an mbochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, go háirithe trí rochtain ar thithíocht, ar spásanna poiblí agus ar sheirbhísí poiblí, ar chúram sláinte, ar fholláine agus ar cháilíocht saoil a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit modheolaíochtaí a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar bhacainní struchtúracha nó córasacha ar éalú ón mbochtaineacht agus ón eisiamh sóisialta agus chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí, bíodh na bacainní sin le fáil ina gcórais dlí, ina mbeartais phoiblí, nó ina gcur chun feidhme ar an leibhéal críochach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh go n-áireofaí táscairí cáilíochtúla i straitéis AE i gcoinne na bochtaineachta chun gnéithe ilghnéitheacha na bochtaineachta a léiriú ar bhealach níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht phoiblí a mhéadú go suntasach i mbeartais lena ráthaítear cearta sóisialta, trí rochtain uilíoch a sholáthar ar sheirbhísí poiblí ardcháilíochta, agus ar earraí agus seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch agus sóisialta ginearálta amhail tithíocht chuibhiúil, bia, uisce, sláintíocht, fuinneamh, iompar, cumarsáid, agus gníomhaíochtaí cultúrtha agus fóillíochta; á chur i bhfáth gur bunriachtanas é rochtain ar chothú sláintiúil agus inacmhainne, go háirithe do dhaoine aonair agus do theaghlaigh atá thíos leis an bhfíorbhochtaineacht, do leanaí, do dhaoine scothaosta atá ina gcónaí ina n-aonar agus do phobail imeallaithe; ag leagan béim ar rannchuidiú na hinfheistíochta sin le timthriallta idirghlúine na bochtaineachta a bhriseadh agus le cuimsiú sóisialta agus fostaíochta a chumasú, go háirithe i réimsí amhail oideachas, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige, cúram sláinte, lena n-áirítear cúram meabhairshláinte, agus cosaint shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit beartas tithíochta a chur chun cinn lena n-áiritheofar rochtain uilíoch ar thithíocht chuibhiúil agus inacmhainne, i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, eadhon Airteagal 25 de, agus lena n-áirítear gníomhaíocht shonrach chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfreastalóidh an plean Eorpach um thithíocht inacmhainne ar riachtanais tithíochta thíortha uile an Aontais, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú ag an am céanna, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine atá thíos leis an mbochtaineacht, ar leanaí leochaileacha, ar dhaoine óga agus ar phobail imeallaithe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag tithíocht inacmhainne agus inrochtana chun tacú le dí-institiúidiú agus chun institiúidiú mar gheall ar bhochtaineacht, tithíocht neamhleor nó easpa tacaíochta a chosc<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, <STRING ITALIC="on">Paths towards independent living and social inclusion in Europe</STRING> [Conairí i dtreo maireachtáil neamhspleách agus cuimsiú sóisialta san Eoraip], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh go ndéanfaí leis an bplean sin cistiú láidir AE a thiomnú do leathnú agus d’athchóiriú an stoic tithíochta poiblí agus sóisialta; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na rialacha maidir le Státchabhair chun go mbeidh na Ballstáit in ann infheistíocht níos mó a dhéanamh i dtithíocht phoiblí agus shóisialta, bearta chun tacú le scéimeanna tithíochta sóisialta agus comharchumainn de chuid na hearnála neamhbhrabúis agus an gheilleagair shóisialta, agus bearta chun tionóntaí a chosaint, cobhsaíocht tithíochta a áirithiú, díshealbhuithe gan locht a chosc agus cleachtais amhantracha a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú ag an am céanna, cláir agus bearta a chur chun feidhme agus a leathnú, amhail Tithíocht ar dTús, chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine agus í a chosc, agus aird ar leith á tabhairt ar easpa dídine leanaí, agus aitheantas á thabhairt don easpa dídine mar cheann de na cineálacha bochtaineachta agus eisiata shóisialta is déine agus is infheicthe; ag tathant ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta láidir a chur ar aghaidh, ina mbeidh spriocanna sonracha, d’fhonn deireadh a chur leis an easpa dídine ar fud an Aontais faoi 2030, nach mór a áireamh ann bearta sonracha chun easpa dídine i gcoitinne, easpa dídine leanaí agus teaghlaigh, easpa dídine mar gheall ar chaillteanais post agus dálaí fostaíochta éiginnte a chosc go háirithe, agus chun dul i ngleic le heaspa dídine na mban — arb é foréigean teaghlaigh agus baile is cúis léi go minic — chomh maith le bearta chun feabhas a chur ar inrochtaineacht tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit ionaid atá tiomnaithe do dhaoine gan dídean a bhunú agus tacú leo, lena gcuirfear cúram leighis bunúsach agus speisialaithe ar fáil atá saincheaptha do riachtanais daoine gan dídean, lena n-áirítear seirbhísí sláinte fisiciúla agus meabhairshláinte, arna gcomhlánú le cláir oideachais atá dírithe ar mhí-úsáid drugaí a chosc, lena n-áirítear comhairleoireacht, agus tionscnaimh forbartha scileanna chun tacú le hathimeascadh sa tsochaí; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a chur ar fáil agus malartú dea-chleachtais i measc na mBallstát a éascú chun oibriú éifeachtach agus daonnúil na n-ionad sin a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta agus beartais éifeachtacha a ghlacadh arb é is aidhm dóibh an prionsabal ‘pá comhionann as obair chomhionann’ a chur chun feidhme, neamhionannais agus idirdhealú san ionad oibre a chomhrac, go háirithe iad siúd atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar mhíchumas, ar aois, ar chúlra socheacnamaíoch, ar ghnéaschlaonadh, ar fhéiniúlacht inscne nó ar stádas imirce; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé Treoir (AE) 2023/970 maidir le pá comhionann as obair chomhionann, agus feachtais faisnéise agus oiliúint maidir le claontachtaí comhfhiosacha agus neamh-chomhfhiosacha a chur chun feidhme go pras, chun neamhionannais agus idirdhealú den sórt sin a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí dlús nua leis na hiarrachtaí chun an bhearna fostaíochta idir na hinscní agus an bhearna phinsin idir na hinscní a dhúnadh agus chun infheistíocht i seirbhísí poiblí agus i mbonneagar sóisialta a mhéadú; ag tathant ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun gníomhaíochtaí spriocdhírithe a fhorbairt chun leibhéil leordhóthanacha phinsin a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit beartais a fhorbairt chun cearta máithreachais, atharthachta agus tuismitheoirí agus cúramóirí eile a neartú, lena gcuirfear cothromaíocht oibre is saoil chun cinn, lena n-áirítear socruithe solúbtha maidir le ham oibre, lena n-éascófar rochtain na mban ar ioncam ráthaithe le linn saoire máithreachais, agus lena dtacófar le hathimeascadh na mban san obair tar éis toirchis agus saoire mháithreachais, agus lena n-áiritheofar dálaí leordhóthanacha le haghaidh beathú cíche san ionad oibre; ag spreagadh na mBallstát beartais maidir le saoire atharthachta atá inrochtana agus cúitithe go leordhóthanach a thabhairt isteach agus a chur chun cinn, lena gcuirfear ar chumas aithreacha naisc láidre a bhunú lena leanaí, freagrachtaí cúraim a chomhroinnt go cothrom, agus an t-am saor is gá a thógáil chun tacú le forbairt na luath-óige agus le folláine teaghlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar díréireach ag obair chúraim gan íocaíocht ar mhná agus ar a slándáil eacnamaíoch; á iarraidh ar na Ballstáit a gcórais chúraim phoiblí náisiúnta agus réigiúnacha a threisiú chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach duine aonair, idir shean agus óg, gan beann ar a gcúlra, ar sheirbhísí cúraim ghairmiúil lena ráthaítear dálaí maithe oibre do ghairmithe cúraim; á thabhairt chun suntais go bhfuil seirbhísí cúraim baile bunriachtanach chun cúram ardcháilíochta duinelárnach a chur ar fáil do dhaoine atá i ngátar, lena n-áirítear daoine scothaosta, chomh maith le cúram leanaí ar ardchaighdeán; ag spreagadh na mBallstát féachaint an bhféadfaí cleachtais agus bearta a ghlacadh lena dtugtar tacaíocht do chúramóirí neamhfhoirmiúla, go háirithe iad siúd a thugann aire do dhaoine aonair ó theaghlaigh ar ioncam íseal, a mheastar, tar éis measúnú gairmiúil a dhéanamh, nach bhfuil in ann maireachtáil go neamhspleách, mar bhealach chun tacú le cúram díniteach pobalbhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit beartais agus rochtain ar thacaíocht chun filleadh ar an obair a fhorbairt d’oibrithe, go háirithe mná atá as an lucht saothair le roinnt blianta mar gheall ar fhreagrachtaí teaghlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit rochtain uilíoch ar chúram sláinte poiblí inacmhainne agus ar ardchaighdeán a áirithiú do chách, lena n-áirítear cúram sláinte réamhbhreithe, máthartha, nuabheirthe agus péidiatraiceach — lena n-áirítear cosc príomhúil, cláir vacsaínithe agus cúram príomhúil — rochtain ar dhiagnóis, ar chóireáil agus ar athshlánú, agus rochtain ar raon éagsúil sainchóireálacha leighis agus teiripeacha, lena ráthaítear an ceart chun cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe do gach bean, chomh maith le bearta spriocdhírithe chun sainaithint agus idirghabháil luath a áirithiú dóibh siúd atá i mbaol fadhbanna sláinte agus forbartha, agus chun feabhas a chur freisin ar sheirbhísí spriocdhírithe idirghabhála luath-óige atá dírithe ar fhorbairt, folláine agus cuimsiú sóisialta leanaí a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag aithint gur cineál struchtúrach bochtaineachta agus neamhionannais inscne in AE í an bhochtaineacht mhíosta, a dhéanann difear do thart ar 10 % den daonra atá ag míostrú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar díréireach aige ar mhná agus ar chailíní ar ioncam íseal, ar dhídeanaithe, ar iarrthóirí tearmainn, ar dhaoine óga, ar dhaoine gan dídean, ar dhaoine faoi mhíchumas, agus ar dhaoine eile atá i staideanna leochaileacha; á chur i bhfáth go gcuireann bochtaineacht mhíosta srian tromchúiseach ar rannpháirtíocht sa saol sóisialta, oideachais agus gairmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta cuimsitheach a fhorbairt mar chuid de straitéis frithbhochtaineachta AE, lena n-áiritheofar rochtain saor in aisce nó inacmhainne ar tháirgí míosta, ar fhaisnéis agus ar shaoráidí sláintíochta leormhaithe, go háirithe in áiteanna poiblí amhail institiúidí oideachais, áiteanna oibre, foirgnimh phoiblí agus ionaid ghlactha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit córais slándála sóisialta poiblí, uilíocha atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht a neartú chun cosaint shóisialta iomlán agus éifeachtach a áirithiú do chách, lena n-áirítear oibrithe, daoine féinfhostaithe agus pinsinéirí, agus chun bunchúiseanna na bochtaineachta agus bochtaineachta don lucht oibre a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, i gcomhréir le Moladh 2019 ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe; á áitiú a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair daoine i bhfostaíocht fhorbhásach nó neamhchaighdeánach, go háirithe daoine óga a bhfuil idirdhealú aoise os a gcomhair agus nach bhfuil taifid leordhóthanacha ranníocaíochta acu chun rochtain a fháil ar shochair slándála sóisialta, agus lena n-áirítear ealaíontóirí agus oibrithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht i measc daoine scothaosta trí bhearta sonracha, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná, a ndéantar difear díréireach dóibh; á iarraidh ar na Ballstáit tréimhsí neamhláithreachta ón obair mar gheall ar shaoire tuismitheora a chur san áireamh go leordhóthanach ina scéimeanna pinsin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar an ngeilleagar neamhfhoirmiúil sa straitéis i gcoinne na bochtaineachta, ós rud é go bhfuil sé fós forleathan ar fud an Aontais, rud a fhágann go mbíonn poist ann gan rochtain ar chearta, pá leordhóthanach, cosaint shóisialta, nó nach mbíonn caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ag an obair leo; ag spreagadh na mBallstát conairí cuimsithe a chruthú idir na geilleagair neamhfhoirmiúla agus fhoirmiúla, mar shampla trí nósanna imeachta clárúcháin simplithe a thabhairt isteach d’oibrithe séasúracha, láimhe agus tí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht i measc na hóige agus ar neamhionannas socheacnamaíoch, ag aithint dóibh go ndéanann dífhostaíocht, fostaíocht fhorbhásach, eisiamh tithíochta agus leochaileacht shóisialta difear díréireach do dhaoine óga; á chur i bhfáth go bhfuil ró-ionadaíocht á déanamh ar dhaoine óga in earnálacha arb é is príomhthréith dóibh obair pháirtaimseartha, shéasúrach, fhorbhásach agus neamhdhearbhaithe, agus go bhfuil rátaí na ndaoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna fós ard i roinnt Ballstát agus níos mó ná dhá oiread níos airde ná ráta foriomlán dífhostaíochta an Aontais; á thabhairt chun suntais gur gá an Ráthaíocht don Aos Óg a neartú mar phríomhionstraim chun cuimsiú daoine óga i margadh an tsaothair a chur chun cinn, chomh maith leis an ngá atá leis an straitéis a úsáid chun tuilleadh sineirgí a fhorbairt idir an ionstraim sin agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, agus an dá ionstraim a neartú trí bhearta spriocdhírithe a ghlacadh, trí réitigh tithíochta inacmhainne do dhaoine óga a chur chun cinn laistigh den phlean tithíochta inacmhainne atá ar na bacáin, agus trí thacaíocht shaincheaptha mheabhairshláinte agus seirbhísí cuimsithe sóisialta atá deartha go sonrach do dhaoine óga a fheabhsú; á iarraidh go mbeadh tacaíocht neartaithe ann do dhaoine óga atá ag aistriú amach as cúram malartach, chun conair chobhsaí agus dhíniteach isteach san aosacht a áirithiú, eadhon trí rochtain fheabhsaithe ar oiliúint agus ar dheiseanna fostaíochta a chur ar fáil, nó trí thacaíocht a thabhairt chun rochtain a fháil ar oideachas agus oiliúint ollscoile nó ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint, chun baol na bochtaineachta, an eisiata shóisialta agus na heaspa dídine a laghdú le linn na tréimhse criticiúla sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar fheiniméin fholaithe na bochtaineachta, chun stiogmatú daoine atá ag maireachtáil i mbochtaineacht agus neamhghlacadh na sochar sóisialta atá ar fáil a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bacainní riaracháin a shárú a d’fhéadfadh cosc a chur ar ghrúpaí leochaileacha, amhail na Romaigh, rochtain a fháil ar sheirbhísí bunriachtanacha agus ar chosaint shóisialta, ós rud é go ndéantar an bhochtaineacht agus an t-eisiamh a bhuanú agus a ghéarú leis na bacainní sin; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí le huimhreacha aitheantais náisiúnta rochtain chomhionann ar sheirbhísí bunriachtanacha a éascú, agus soiléireacht riaracháin agus cuntasacht á gcoinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha chun toirmeasc sainráite a chur ar idirdhealú bunaithe ar stádas socheacnamaíoch, agus a nasc le cineálacha eile idirdhealaithe á aithint; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le bunús dlí soiléir chun cearta agus cosaint in-fhorfheidhmithe a áirithiú do dhaoine atá thíos leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta; á iarraidh, thairis sin, ar an gComhairle a seasamh a ghlacadh maidir leis an treoir chothrománach i gcoinne an idirdhealaithe chun tús a chur le caibidlíochtaí idirinstitiúideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais agus ar bhearta lena ngearrtar pionós ar dhaoine atá thíos leis an bhfíorbhochtaineacht, agus ar na pionóis ina gcoinne siúd a chuireann tacaíocht ar fáil; ag cur béim ar an bhfíoras gur minic a bhaineann bearta den sórt sin an bonn den dínit, go ndéanann siad an t-eisiamh níos measa agus go mbíonn siad fritorthúil do chuspóirí fadtéarmacha maidir le cuimsiú sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit sásraí réamhghníomhacha a fhiosrú agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear gach duine aonair atá incháilithe do shochair shóisialta, go háirithe iad siúd i ngrúpaí a ndírítear orthu le haghaidh cúnamh sóisialta, ar an eolas go héifeachtach fúthu agus go dtabharfar rochtain dóibh orthu, agus ar an gcaoi sin neamhghlacadh a laghdú, lena n-áirítear trí ualach riaracháin na n-éileamh ar shochair a laghdú, trí níos mó trédhearcachta a áirithiú, agus trína áirithiú go gcuirfear oiliúint ar an bhfoireann chun teagmháil a dhéanamh le daoine atá thíos leis an mbochtaineacht agus cúnamh a thabhairt dóibh, chun muinín a chothú sna hinstitiúidí ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil sprioc Chreat Straitéiseach AE maidir leis na Romaigh 2021-2030 i ndáil leis an mbearna bhochtaineachta idir pobail na Romach agus an pobal i gcoitinne a laghdú faoina leath ar a laghad fós i bhfad ó bheith bainte amach; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh sé mar sprioc choiteann ag straitéis AE i gcoinne na bochtaineachta cearta bunúsacha a chur chun cinn, neamhionannas a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar idirdhealú struchtúrach le Creat Straitéiseach AE maidir leis na Romaigh agus leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na tionscnaimh sin chun feidhme i sineirge, go háirithe chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí agus chun timthriall an mhíbhuntáiste idirghlúine i measc theaghlaigh na Romach agus phobail den Lucht Siúil a bhriseadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an deighilt dhigiteach ag dul i méid, ar féidir léi an bhochtaineacht a dhoimhniú trí rochtain ar fhaisnéis a theorannú, agus go bhfuil gá le bearta chun aghaidh a thabhairt ar eisiamh digiteach grúpaí ar ioncam íseal agus grúpaí imeallaithe, lena n-áirítear daoine scothaosta; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cuimsiú digiteach grúpaí leochaileacha a chothú trí bhearta agus cláir thacaíochta lena n-áiritheofar a rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha, ar bhonneagar digiteach agus ar nascacht dhigiteach, chomh maith le hoiliúint maidir le bunscileanna digiteacha; á mholadh go n-áireofaí táscairí soiléire chun faireachán a dhéanamh ar chuimsiú digiteach, go háirithe i measc leanaí, agus a ngníomhaíocht ar líne agus gníomhaíocht déagóirí á gcosaint ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á mheas gur féidir leis an sprioc maidir le digitiú iomlán na bpríomhsheirbhísí poiblí a leagtar amach i gclár beartais an Aontais don Deacáid Dhigiteach neamhionannais a threisiú, go háirithe idir ceantair uirbeacha agus thuaithe, aoisghrúpaí agus grúpaí socheacnamaíocha, trí imeacht ó thacaíocht aonair; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá cothromaíocht a bhaint amach idir próiseas digitithe na seirbhísí poiblí agus an riaracháin, agus riachtanais grúpaí leochaileacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin i gcomhthéacs na straitéise i gcoinne na bochtaineachta agus na bpleananna gníomhaíochta náisiúnta, lena n-áiritheofar na hacmhainní is gá, tacaíocht i bpearsa agus oiliúint chuí do bhaill foirne i bpríomhsheirbhísí riaracháin phoiblí, chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí poiblí a áirithiú agus chun leathnú na deighilte digití a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á mheabhrú go bhféadfadh rioscaí suntasacha a bheith ag baint le húsáid mhéadaitheach algartam agus córas IS i seirbhísí poiblí bunriachtanacha maidir leis na cineálacha idirdhealaithe atá ann cheana a threisiú, go háirithe i gcoinne daoine atá thíos leis an mbochtaineacht; ag tathant ar an gCoimisiún, ina leith sin, córais IS atá eiticiúil trí dhearadh a chur chun cinn agus prionsabal cothrománach an neamh-idirdhealaithe a áirithiú i rialacháin uile AE a bhaineann le IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an bhochtaineacht agus an mheabhairshláinte fite fuaite ina chéile agus gur féidir leis an mbeirt acu tionchar diúltach a imirt ar a chéile; á mholadh do na Ballstáit tacaíocht do dhaoine a neartú, lena n-áirítear teaghlaigh agus leanaí atá i staideanna leochaileacha, trí sheirbhísí meabhairshláinte agus tacaíochta síceasóisialta, agus a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní leordhóthanacha agus gairmithe atá oilte go leordhóthanach chun na seirbhísí sin a sholáthar go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an ceart a áirithiú do gach duine rochtain a fháil ar chultúr, é a chruthú agus páirt a ghlacadh ann, agus deireadh a chur le hidirdhealú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach maidir le rochtain ar chultúr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt chun suntais go mbíonn tionchar díréireach ag an athrú aeráide ar dhaoine atá i mbaol bochtaineachta agus eisiata shóisialta; á athdhearbhú nach mór don aistriú glas agus don aistriú digiteach a bheith cothrom agus cuimsitheach go sóisialta; á iarraidh go n-ionchorprófaí i straitéis AE i gcoinne na bochtaineachta bearta leordhóthanacha agus spriocdhírithe lena dtreisítear agus lena gcomhlánaítear iarrachtaí i dtreo aistriú cóir, lena n-áiritheofar cur chuige cuimsitheach chun dul i ngleic le neamhionannais shóisialta agus eacnamaíocha; ag tathant ar an gCoimisiún cistiú leordhóthanach a ghealladh in CAI 2028-2034 le haghaidh infheistíochtaí chun tacú le daoine le linn na n-aistrithe sin, agus aird ar leith á tabhairt ar theaghlaigh ar ioncam íseal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, i bpobail iargúlta agus i gceantair ina bhfuil dlús íseal seirbhísí poiblí níos leochailí i leith na bochtaineachta agus i leith an eisiata shóisialta a fhulaingt mar gheall ar easpa deiseanna fostaíochta, seirbhísí poiblí (lena n-áirítear oideachas agus iompar poiblí), nascacht dhigiteach, agus praghsanna arda fuinnimh agus iompair; á iarraidh go ndéanfaí riachtanais shonracha na ndaoine atá ina gcónaí sna limistéir sin a mheas sa straitéis i gcoinne na bochtaineachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Straitéis a bhfuil bochtaineacht leanaí ina croílár</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil méadú tagtha ar líon na leanaí atá i mbaol bochtaineachta agus eisiata shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh an straitéis i gcoinne na bochtaineachta bochtaineacht leanaí a chomhrac go gníomhach trí chur chuige saolré, ós rud é go bhfuil na chéad bhlianta de shaol an linbh ríthábhachtach dá bhforbairt fhisiciúil, mheabhrach, chognaíoch, shóisialta agus mhothúchánach, agus dá sásamh ar feadh an tsaoil, chun timthriall na bochtaineachta idirghlúine a bhriseadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>Ag meabhrú an ghealltanais a thug Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen, in 2019, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh san Eoraip atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar na cearta is bunúsaí, amhail cúram sláinte agus oideachas, agus ina dhiaidh sin glacadh, in 2021, moladh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí; á chur i bhfáth nach féidir cuspóirí na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí a bhaint amach gan buiséad tiomnaithe uaillmhianach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon; á iarraidh an athuair, sa chomhthéacs sin, go mbeadh buiséad suntasach tiomnaithe EUR 20 billiún ar a laghad ann don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá leis an mbuiséad tiomnaithe sin a leithdháileadh sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun freagairt do dhúshlán méadaitheach na bochtaineachta leanaí agus an eisiaimh shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a neartú agus a chur chun feidhme go hiomlán gan mhoill, chun rochtain ar chúram sláinte éifeachtach agus saor in aisce, oideachas, oideachas agus cúram na luath-óige, rochtain éifeachtach ar thithíocht leordhóthanach agus chuibhiúil, agus cothú sláintiúil a áirithiú do gach leanbh atá i ngátar; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá rochtain éifeachtach agus uilíoch ar bhéilí scoile inacmhainne; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí maidir le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta leanaí a chomhrac, agus á mholadh go ndéanfaí comhordú agus nasc cuí idir an ionstraim sin agus an straitéis i gcoinne na bochtaineachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go gcuirfidh na Ballstáit chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil í; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na hacmhainní uile a chur ar fáil, agus leas iomlán a bhaint astu, lena n-áirítear CSE+ agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chun an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme go héifeachtach, agus cistí méadaithe á n-áirithiú ag an am céanna chun cuimsiú oideachais a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh nuashonrú le déanaí ar an gcreat faireacháin don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí<FOOTNOTE><FIELD> An Coiste um Chosaint Shóisialta, Update of the monitoring framework for the European Child Guarantee (Autumn 2025) [Nuashonrú ar an gcreat faireacháin don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (Fómhar 2025], an 4 Feabhra 2026, https://webgate.ec.europa.eu/circabc-ewpp/ui/group/bab664d7-1188-47b2-9fa6-869902320ba2/library/d7064b47-8a07-47b6-8d9f-0dc08849f2b7/details.</FIELD></FOOTNOTE> agus gur cuireadh táscairí nua leis an gcreat chun feabhas a chur ar éifeachtacht an fhaireacháin a dhéantar ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na hionstraime sin sna Ballstáit; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag córais bailithe sonraí agus faireacháin maidir le tuiscint a fháil ar na bacainní a bhíonn roimh leanaí leochaileacha agus maidir le hidirghabhálacha saincheaptha agus leithdháileadh acmhainní a chumasú; á iarraidh ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta leanúint dá chuid oibre maidir le feabhas a chur ar an gcreat faireacháin chun a ábharthacht a choinneáil agus chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sonraí atá fós ann agus á iarraidh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcreat coiteann faireacháin sin agus é á oiriúnú dá n-imthosca sonracha maidir le bochtaineacht leanaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cúram iarscoile agus luathfhágáil na scoile a chomhrac; á mheas gur deis í an straitéis i gcoinne na bochtaineachta chun feabhas ar cháilíocht oideachas agus sheirbhísí cúraim na luath-óige a chur chun cinn trí acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna, oiliúint don fhoireann, córais luathrabhaidh fheabhsaithe, agus bearta chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht oideolaíoch agus chun feabhas leanúnach a chur uirthi, amhail litearthacht agus uimhearthacht, chun forbairt fhoriomlán leanaí a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearnaí leanúnacha sa litearthacht agus uimhearthacht fheidhmiúil a dhúnadh, trí idirghabhálacha spriocdhírithe i suíomhanna oideachais foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, chun bacainní suntasacha ar shárú na bochtaineachta a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leithdháilfear buiséad tiomnaithe suntasach ar an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, arna chur chun feidhme trí CSE+, chun freagairt ar na dúshláin mhéadaitheacha a bhaineann le bochtaineacht leanaí agus eisiamh sóisialta, agus á iarraidh ar na Ballstáit 5 % ar a laghad de chistí CSE+ a leithdháileadh ar thionscadail shonracha agus ar infheistíochtaí struchtúracha lena ndéantar bochtaineacht leanaí a chomhrac, agus 10 % ar a laghad curtha i leataobh do na Ballstáit a bhfuil leibhéil bochtaineachta leanaí agus eisiaimh shóisialta acu atá níos mó ná meán an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras gur infheistíocht fhónta í an infheistíocht sin sa chéad ghlúin eile, ar infheistíocht í lena n-áirithítear folláine leanaí agus lena seachnófaí costais shochaíocha amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, Update of the EU framework for monitoring the implementation of the European Child Guarantee [Nuashonrú ar chreat an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí], an 2 Meitheamh 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh úsáid na gcistí sin trédhearcach agus go mbeadh gá le rannpháirtíocht eagraíochtaí sóisialta ina bpleanáil, ina gcur chun feidhme agus ina meastóireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún faireachán cúramach a dhéanamh ar chur chun feidhme na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí sna Ballstáit uile mar chuid den Seimeastar Eorpach agus na moltaí a bhaineann go sonrach le tír; á mheas gur cheart go léireodh na moltaí a bhaineann go sonrach le tír comhlíonadh buiséadach na mBallstát leis an íoscheanglas leithdháilte chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí a leagtar amach i Rialachán CSE+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cúram leanaí ar ardchaighdeán ar fáil a mbeidh rochtain ag cách air, agus é mar aidhm leis tacú le hoideachas agus cúram na luath-óige mar spreagthóirí ríthábhachtacha chun timthriall na bochtaineachta a bhriseadh agus chun rannpháirtíocht tuismitheoirí i margadh an tsaothair a mhéadú, agus é á aithint gur ar mhná go díréireach a thiteann freagrachtaí cúraim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndíreofar ar leanaí ina gcórais cosanta sóisialta agus iad a neartú trí shochair shonracha a chur ar fáil do leanaí atá i ngátar, chun tacú lena bhforbairt agus lena bhfolláine, amhail liúntais leanaí, béilí scoile agus cláir laghdaithe costais do ghníomhaíochtaí cultúrtha, spóirt, fóillíochta agus seach-churaclaim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á chur i bhfáth go mbíonn deacrachtaí ag leanaí atá thíos leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta i réimsí éagsúla dá bhforbairt; ag cur béim, i ndáil leis an méid sin, ar a thábhachtaí atá cur chuige ilearnálach, ina n-oibríonn na geallsealbhóirí ábhartha uile i gcomhpháirtíocht chun straitéis chomhtháite a fhorbairt chun deacrachtaí a shainaithint agus chun neamhionannais san óige a chomhrac, lena gcuirtear seirbhísí cosanta leanaí agus tacaíochta teaghlaigh ar fáil; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh tacaíocht shonrach a bheith ag teastáil ó roinnt leanaí agus óna dteaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht, <STRING ITALIC="on">e.g.</STRING> ó theiripeoirí urlabhra, ó oftailmeolaithe, ó shíceolaithe, ó theiripeoirí ceirde agus ó shaineolaithe cothúcháin; á iarraidh go ndéanfaí comhpháirtíochtaí idir seirbhísí oideachais, cúraim sláinte agus sóisialta a chur chun cinn go gníomhach leis an straitéis i gcoinne na bochtaineachta chun rochtain ar chúram agus aistriú faisnéise idir seirbhísí a éascú, d’fhonn feabhas a chur ar shásraí comhtháite tacaíochta agus comhordaithe do leanaí atá i ngátar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ceart gach linbh chun saol an teaghlaigh a áirithiú, rud a chiallaíonn nach n-úsáidtear riamh an bhochtaineacht, staideanna tithíochta forbhásacha nó easpa rochtana ar sheirbhísí poiblí leordhóthanacha mar an t-aon fhoras amháin chun leanaí a chur faoi chúram institiúideach; á mholadh go bhforbródh na Ballstáit straitéisí náisiúnta coisctheacha agus beartais shóisialta réamhghníomhacha chun scaradh leanaí óna dtimpeallacht teaghlaigh a chosc; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcaithfear le dul i muinín institiúidiú leanaí agus daoine óga mar rogha dheireanach, agus infheistíocht a dhéanamh i gcórais shábháilte cúraim altrama do leanaí agus do dhaoine óga chun an t-aistriú ó chúram institiúideach go cúram teaghlaigh agus pobalbhunaithe a éascú; á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit sásraí faireacháin a cheapadh agus a chur chun feidhme chun deighilt teaghlaigh a bhaineann leis an mbochtaineacht a shainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag meabhrú chuspóir an Aontais maidir le haistriú ó chúram institiúideach go cúram pobail nó teaghlaigh; ag aithint na deise a chuirtear ar fáil leis an straitéis i gcoinne na bochtaineachta chun naisc a chruthú leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, go háirithe le bearta chun tacú leis an spriocghrúpa leanaí i gcúram institiúideach; á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as CSE+, mar aon le cistí Eorpacha agus náisiúnta ábhartha eile, chun an próiseas dí-institiúidithe a thabhairt chun críche chun a áirithiú gur féidir le leanaí maireachtáil i dtimpeallacht teaghlaigh nó pobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag cáineadh gach cineál foréigin, mí-úsáide, dúshaothraithe agus faillí i gcoinne leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíochtaí i gcórais cosanta leanaí a áirithiú, lena n-áirítear dul i ngleic le foréigean in aghaidh leanaí agus i measc leanaí, <STRING ITALIC="on">e.g.</STRING> cibearfhoréigean agus bulaíocht, go háirithe nuair a bhíonn siad bunaithe ar fhorais shocheacnamaíocha agus a dhéanann difear do leanaí leochaileacha, chun malartú dea-chleachtais sa réimse sin a spreagadh d’fhonn foréigean agus ciapadh a dhíothú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An bhochtaineacht a chomhrac trí rannpháirtíocht dhaonlathach a mhéadú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásraí leordhóthanacha, éifeachtacha agus trédhearcacha a áirithiú chun rannpháirtíocht fhóinteach agus leanúnach daoine a bhfuil taithí saoil acu ar an mbochtaineacht a éascú ag gach céim den cheapadh beartas, lena n-áirítear dearadh, cur chun feidhme agus meastóireacht na mbeartas a dhéanann difear do dhaoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht, chun a bheith fite fuaite le modheolaíocht agus le fothú acmhainneachta lena gcumasófaí rannpháirtíocht den sórt sin, rud a mbeadh comhchruthú mar thoradh air seachas comhairliúchán amháin, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘dada fúinn gan cead uainn’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á mholadh go dtionólfaí comhdháil bhliantúil chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise i gcoinne na bochtaineachta, comhdháil ina mbeadh comhdhéanamh leathan agus éagsúil inti, lena n-áirítear daoine a bhfuil taithí saoil acu ar an mbochtaineacht, go háirithe mná; á thabhairt chun suntais gur cheart go rannchuideodh an chomhdháil le faireachán foirmiúil an Aontais ar an straitéis i gcoinne na bochtaineachta trí spás a chur ar fáil chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcomparáid le tagarmharcanna agus táscairí soiléire; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtacófaí go gníomhach le rannpháirtíocht dhíreach daoine a bhfuil taithí saoil acu ar an mbochtaineacht agus go n-aithneofaí go bhfuil sí bunriachtanach chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar iarbhír na straitéise i gcoinne na bochtaineachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á aithint a thábhachtaí atá na heagraíochtaí sóisialta éagsúla, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, atá rannpháirteach sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus í a chosc, agus an ról a imríonn na heagraíochtaí sin sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta, agus á chur i bhfios go láidir gur gá iad a rannpháirtiú go fóinteach agus na hacmhainní a leithdháiltear chun tacú lena gcuid oibre a neartú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhordú institiúideach cuí, rialachas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbeidh rath na straitéise i gcoinne na bochtaineachta ag brath freisin ar chur chuige trasnach agus ar chistiú leordhóthanach, chomh maith le comhordú cothrománach agus il-leibhéil cuí idir gach leibhéal rialachais agus cinnteoireachta a bhfuil baint acu lena cur i gcrích; á athdhearbhú gur gá an straitéis i gcoinne na bochtaineachta a chomhtháthú go cuimsitheach i ngach beartas ábhartha, chun comhsheasmhacht, tionchar agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á mheas, i ndáil le raon feidhme na bhfreagrachtaí ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal na mBallstát, agus ar an leibhéal réigiúnach chun an sprioc maidir le díothú na bochtaineachta a bhaint amach, gur cheart é sin a shainiú go hiomchuí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabal cothrománach a thabhairt isteach sa straitéis i gcoinne na bochtaineachta, lena gceanglófar ar bheartais earnála ábhartha uile an Aontais measúnú tionchair <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> a dhéanamh ar an mbochtaineacht agus ar an neamhionannas, lena n-áirítear trí na measúnuithe ar thionchar dáileach<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2022 dar teideal ‘Measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dáileach bheartais na mBallstát’ (COM(2022)0494).</FIELD></FOOTNOTE>, agus aird ar leith á tabhairt ar na héifeachtaí orthu siúd is mó atá i mbaol eisiata shóisialta agus fíorbhochtaineachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá don Aontas leanúint de bheith ag díriú ar an gcomhrac i gcoinne na heaspa dídine, na fíorbhochtaineachta agus an eisiata shóisialta, trí thacaíocht airgeadais leordhóthanach, trí fhoghlaim fhrithpháirteach straitéisí agus thaithí na mBallstát a chur chun cinn, agus trí chur chuige córasach a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar éifeachtúlacht na mbeart a arna ndéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á mheabhrú nach gcuimsíonn táscaire riosca na bochtaineachta nó an eisiata shóisialta (IBBES) bunchúiseanna na bochtaineachta, go háirithe trí dhaoine atá ina gcónaí lasmuigh de theaghlaigh phríobháideacha, gnéithe cáilíochtúla den bhochtaineacht agus taithí saoil ar imeallú a fhágáil ar lár; á chur i bhfios go láidir go dtéann an bhochtaineacht thar ioncam neamhleor nó díth ábhartha; á iarraidh ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta oibriú leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun tomhas staidreamh IBBES a athnuachan chun é a leathnú i dtreo fís níos láidre, imdhealaithe agus níos ilghnéithí den bhochtaineacht agus den eisiamh sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á chur i bhfáth nach mbainfear torthaí amach leis an straitéis i gcoinne na bochtaineachta ach amháin má bhíonn cistiú leordhóthanach ag gabháil léi ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta; á áitiú gur gá an beartas comhtháthaithe a chosaint agus a neartú chun leanúint de thacaíocht a thabhairt don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus de dhul i ngleic le neamhshiméadrachtaí idir Ballstáit AE agus laistigh díobh faoin gcéad CAI eile; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí cistí a leithdháileadh go leordhóthanach agus go himfhálaithe chun beartais a threisiú a rannchuidíonn leis an mbochtaineacht a dhíothú, lena n-áirítear tacaíocht spriocdhírithe do ghrúpaí imeallaithe agus leochaileacha; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag CSE+ maidir le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac, go háirithe trí chabhair a chur ar fáil do na daoine is díothaí agus tríd an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, chomh maith le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht sa chomhthéacs sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cistí an Aontais, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chun bearta nithiúla i gcoinne na bochtaineachta a mhaoiniú amhail tithíocht inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh, rochtain ar oideachas agus ar chúram luath-óige ar ardchaighdeán, amhail trí scéim scoile an Aontais, iompar poiblí inrochtana agus tacaíocht spriocdhírithe fuinnimh do theaghlaigh ar ioncam íseal; á chur i bhfáth gur gá leithdháileadh tiomnaithe cistí a bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a áirithiú do bhainc bhia a chuireann tacaíocht ábhartha ar fáil, lena n-áirítear cúnamh bia, ionas go mbeidh acmhainneacht oibríochtúil leormhaith acu agus go mbeidh siad in ann freagairt go tapa do leibhéil mhéadaitheacha neamhshlándála bia agus díthe ábhartha; á chur i bhfios go láidir nach mór an tacaíocht sin a chomhlánú le bearta tionlacain lena gcothaítear cuimsiú sóisialta agus conairí trína bhféadfaí éalú ón mbochtaineacht i gcomhréir le rialacha CSE+;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>ag meabhrú na gcoinníollacha cumasúcháin téamacha is infheidhme maidir le CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ó Pharlaimint na hEorpa lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir leis na cistí sin, go háirithe coinníoll cumasúcháin 4.4., dar teideal ‘Creat náisiúnta um beartais straitéiseacha don chuimsiú sóisialta agus do laghdú na bochtaineachta’; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an straitéis i gcoinne na bochtaineachta agus a cistiú a nascadh leis na cuspóirí sonracha a sainíodh roimhe seo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go léireofar na cuspóirí sonracha sin ar bhealach níos fearr i bhforálacha coiteanna CFRE agus CSE+, agus an straitéis i gcoinne na bochtaineachta a ionchorprú sa chéad CAI eile, chomh maith le príomhshruthú inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á mheabhrú gur príomhsheirbhísí bunriachtanacha iad fuinneamh agus iompar, i measc gnéithe eile, ar cheart rochtain a bheith ag gach duine orthu, agus á áitiú, dá bhrí sin, go dtabharfaí aird bhreise ar na pleananna aeráide sóisialta a cheanglaítear ar na Ballstáit a dhearadh agus a chur chun feidhme faoin gCiste Aeráide Sóisialta, lena n-infheistítear in éifeachtúlacht fuinnimh, in athchóiriú tithíochta, agus in inrochtaineacht agus inacmhainneacht foinsí fuinnimh in-athnuaite agus córas iompair; á iarraidh ar na Ballstáit daoine atá i staideanna leochaileacha a rannpháirtiú go gníomhach, ionas gur féidir leis an tacaíocht teacht a fhad go héifeachtach leo siúd is mó a bhfuil gá acu léi; á iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh, amhail dearbháin fuinnimh agus rialáil praghsanna fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé deacair rochtain a fháil ar chistí AE ar an leibhéal áitiúil agus d’eagraíochtaí a bhfuil níos lú acmhainní teicniúla acu mar gheall ar a gcastacht; á chur i bhfios go láidir gur gá cur chun feidhme shásraí cistiúcháin an Aontais agus na socruithe chun na cistí sin a thabhairt do thairbhithe deiridh a shimpliú, agus oiliúint a chur ar bhaill foirne ag na húdaráis phoiblí ábhartha agus ag na heagraíochtaí; á chur i bhfios go láidir, de réir Rialachán CSE+, nach mór leanúint den ráta cómhaoinithe chun tacú leis na daoine is díothaí, chun fanacht ag 90 % nó gar dó, rud ar cheart dó rochtain ar an maoiniú sin a éascú do chláir agus do ghníomhaíochtaí atá ceaptha chun cabhrú leis an mbochtaineacht a dhíothú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>