<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0050</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Aghaidh a thabhairt ar shlabhraí fochonraitheoireachta agus ról idirghabhálaithe chun cearta oibrithe a chosaint</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0256/2025 -  Rapóirtéir:Johan Danielsson)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2026 ar aghaidh a thabhairt ar shlabhraí fochonraitheoireachta agus ról idirghabhálaithe chun cearta oibrithe a chosaint (2025/2133(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 16 agus 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar<FOOTNOTE><FIELD> IO L 18, 21.1.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/71/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, arna leasú le Treoir (AE) 2018/957,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘Rialachán IMI’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 159, 28.5.2014, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/67/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle, arna leasú le Treoir (AE) 2024/1712<FOOTNOTE><FIELD> IO L 101, 15.4.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/36/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin do smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 168, 30.6.2009, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/52/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Smachtbhannaí i gcoinne Fostóir),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2024 ar chur i bhfeidhme agus ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar COM(2024)0320),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">Evaluation of the European Labour Authority</STRING> (ELA) [Meastóireacht ar an Údarás Eorpach Saothair](COM(2025)0256),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2020 dar teideal EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 Occupational safety and health in a changing world of work [Creat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 Sábháilteacht agus sláinte cheirde i saol oibre atá ag athrú] (COM(2021)0323), lena n-áirítear an cur chuige ‘Fís Nialais’ i leith básanna a bhaineann leis an obair in AE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhoilseachán ón gCoimisiún i mBealtaine 2020 dar teideal <STRING ITALIC="on">Making Socially Responsible Public Procurement Work — 71 Good Practice Cases</STRING> [Soláthar Poiblí atá Freagrach go Sóisialta a Chur i gCrích — 71 Chás Dea-Chleachtais]<FOOTNOTE><FIELD> https://data.europa.eu/doi/10.2826/844552.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an Údaráis Eorpaigh Saothair 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">Posting of third-country nationals</STRING>: <STRING ITALIC="on">Contracting chains, recruitment patterns, and enforcement issues</STRING> [Postú náisiúnach tríú tír: Slabhraí conarthacha, patrúin earcaíochta, agus saincheisteanna forfheidhmiúcháin]<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ela.europa.eu/sites/default/files/2025-03/ELA-posting-third-country-nationals-report.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an Údaráis Eorpaigh Saothair i bhFeabhra 2023 dar teideal <STRING ITALIC="on">Cooperation practices, possibilities and challenges between Member States – specifically in relation to the posting of third-country nationals</STRING> [Cleachtais chomhair, féidearthachtaí agus dúshláin idir na Ballstáit — go sonrach i ndáil le náisiúnaigh tríú tír a phostú]<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ela.europa.eu/sites/default/files/2023-04/ela-report-posting-third-country-nationals.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an Údaráis Eorpaigh Saothair an 20 Meán Fómhair 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Construction sector</STRING>: <STRING ITALIC="on">Issues in information provision, enforcement of labour mobility law, social security coordination regulations, and cooperation between Member States</STRING>’ [Earnáil na tógála: Saincheisteanna le linn soláthar faisnéise, forfheidhmiú an dlí maidir le soghluaisteacht an lucht saothair, rialacháin maidir le comhordú na slándála sóisialta, agus comhar idir na Ballstáit]<FOOTNOTE><FIELD> https://www.ela.europa.eu/en/publications/construction-sector-issues-information-provision-enforcement-labour-mobility-law.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Europol ó Nollaig 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Leveraging legitimacy  How the EU’s most threatening criminal networks abuse legal business structures</STRING>’ [An dlisteanacht a ghiaráil: Mar a bhaineann na líonraí coiriúla is bagraí san Aontas mí-úsáid as struchtúir dhlíthiúla ghnó],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 10 de Threoirlínte na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le prionsabail ghinearálta na cigireachta saothair,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún EIS maidir le Gníomhaireachtaí Fostaíochta Príobháideacha (Coinbhinsiún Uimh. 181, 1997),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún EIS maidir leis an tSábháilteacht agus an tSláinte san Fhoirgníocht (Coinbhinsiún Uimh. 167, 1988),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2021 ar phas slándála sóisialta Eorpach a thabhairt isteach chun forfheidhmiú digiteach na gceart slándála sóisialta agus na soghluaisteachta cothroime a fheabhsú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 224, 8.6.2022, lch. 81.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2025 ar ghnéithe sóisialta agus fostaíochta na bpróiseas athstruchtúraithe: an gá atá le poist agus cearta oibrithe a chosaint<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/3156, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3156/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 ar an athbhreithniú ar shainordú an Údaráis Eorpaigh Saothair<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5741, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5741/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meán Fómhair 2025 ar an soláthar poiblí<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0174.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú La Hulpe maidir le Todhchaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ón 16 Aibreán 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Tríthaobhach Chruinniú Mullaigh Val Duchesse i gcás Idirphlé Sóisialta Eorpach Rathúil an 31 Eanáir 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar uaine ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2013 maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair bia agus neamhbhia gnólacht le gnólacht san Eoraip (COM(2013)0037),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Shéú Suirbhé Eurofound ar Dhálaí Oibre san Eoraip,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING>’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 17 Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a Market– speed, security, solidarity</STRING>: <STRING ITALIC="on">empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens</STRING>’ [Margadh Thar an gCoitiantacht — Luas, slándáil, dlúthpháirtíocht: an Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas a bhaint amach do shaoránaigh uile an Aontais] (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do pháipéar seasaimh an 14 Feabhra 2025 ón Ísiltír, ón mBeilg, ón Danmhairg, ón nGearmáin, ón Iodáil, ón Laitvia agus ó Lucsamburg maidir le tosaíochtaí beartais an Aontais don Choimisiún 2024-2029 agus náisiúnaigh tríú tír a phostú go cothrom,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 5 Aibreán 2017 i gCás C-298/15, <STRING ITALIC="on">‘Borta’ UAB</STRING> v <STRING ITALIC="on">Klaipėdos valstybinio jūrų uosto direkcija VĮ</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Aibreán 2017, <STRING ITALIC="on">‘Borta’ UAB</STRING> v <STRING ITALIC="on">Klaipėdos valstybinio jūrų uosto direkcija VĮ</STRING>, C-298/15, ECLI:EU:C:2017:266.</FIELD></FOOTNOTE>, a bhaineann le soláthar poiblí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéisí náisiúnta chun dúshaothrú saothair, saothar éigeantais agus obair neamhdhearbhaithe a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> Féach, mar shampla: Aireacht Saothair agus Gnóthaí Sóisialta Chónaidhm na Gearmáine Nationaler Aktionsplan gegen Arbeitsausbeutung und Zwangsarbeit (2025); Aireacht Saothair agus Beartas Sóisialta na hIodáile, Piano nazionale per la lotta al lavoro sommerso (2022); Aireacht Chuimsithe, Slándála Sóisialta agus Imirce na Spáinne Plan de Acción contra el Trabajo Forzoso (2021); Nationell strategi mot arbetslivskriminalitet Rialtas na Sualainne (2022) agus ina theannta sin: Strategi mot arbeidslivskriminalitet Rialtas na hIorua (2021).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A10-0256/2025),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go meabhraíonn prionsabal 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, go bhfuil an ceart ag oibrithe, beag beann ar an gcineál agus ar an bhfad caidrimh fostaíochta, ar chóir chothrom chomhionann maidir le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint. de bhrí go meabhraítear di chomh maith gur cheart caidrimh fostaíochta as a leanann dálaí oibre éidearfa a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur ceann de cheithre chroíphrionsabal an mhargaidh aonair í an tsaoirse chun seirbhísí trasteorann a sholáthar agus de bhrí gur cuid den tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus den tsaoirse bhunaíochta í an fhochonraitheoireacht; de bhrí gur gá don Aontas a iomaíochas a chaomhnú agus a fheabhsú ionas go mbeidh rath ar ghnóthaí, agus béim ar leith á leagan ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); de bhrí gur gá dó chomh maith rialacha soiléire agus comhréireacha a chruthú nach bhforchuireann ualaí nach gá, agus forfheidhmiú a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur fadhb thromaí in earnálacha ardriosca iad an dúshaothrú agus an mhí-úsáid saothair i margadh saothair an Aontais, a léirítear i slite éagsúla, lena n-áirítear coireacht a bhaineann leis an obair, obair neamhdhearbhaithe, obair neamhdhleathach, an geilleagar liath, dumpáil shóisialta, dúshaothrú saothair agus sclábhaíocht nua-aimseartha, ach gan a bheith teoranta dóibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil rioscaí níos airde ag roinnt earnálacha ó thaobh dúshaothrú agus mí-úsáid saothair, amhail tógáil, talmhaíocht, fáilteachas, obair tí, iompar agus lóistíocht, próiseáil feola agus bia, seirbhísí glantacháin agus obair chúraim<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, an ceathrú tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (COM(2022)0736); An Coimisiún Eorpach, an cúigiú tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (COM(2025)0008).</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil líon díréireach ban in obair ar fochonradh agus idirmheánach in earnálacha an chúraim, an ghlantacháin agus an fháilteachais;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go dtéann iarmhairtí an dúshaothraithe agus na mí-úsáide saothair thar oibrithe atá faoi réir dálaí oibre éagóracha agus neamhshábháilte, pá neamhleor, cóiríocht uafásach agus fostaíocht éidearfa, toisc go mbíonn tionchar acu chomh maith ar fhiontair, go háirithe FBManna, atá faoi réir iomaíocht éagórach agus saobhadh ar an margadh aonair;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go dtugann Europol chun suntais go n-úsáideann 86% de na líonraí coiriúla is díobhálaí struchtúir dhlíthiúla ghnó mar chuid dá ngníomhaíocht choiriúil, is bagairt thromaí ar iomaíocht chóir sa mhargadh aonair; de bhrí go dtugtar chun suntais in anailís ón gCoimisiún, chomh maith le léargais oibríochtúla ón Údarás Eorpach Saothair, go bhfuil rioscaí méadaithe ann ó thaobh dúshaothrú agus mí-úsáid saothair a bhaineann le slabhraí fochonraitheoireachta fada agus casta, chomh maith le cineálacha calaoiseacha idirghabhála saothair<FOOTNOTE><FIELD> ELA, <STRING ITALIC="on">Posting of third-country nationals: </STRING>c<STRING ITALIC="on">ontracting chains, recruitment patterns, and enforcement issues</STRING> (2025) [Slabhraí conarthacha, patrúin earcaíochta, agus saincheisteanna forfheidhmiúcháin], ELA, <STRING ITALIC="on">Counteracting undeclared work and labour exploitation of third-country national workers</STRING> (2021) [Ag gníomhú in aghaidh obair neamhdhearbhaithe agus dúshaothrú saothair oibrithe is náisiúnaigh tríú tír]; ELA, <STRING ITALIC="on">Tackling undeclared work in supply chains – Learning Resource Paper</STRING> (2022) [Dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe i slabhraí soláthair – Páipéar Acmhainní Foghlama]; Tuarascáil ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhme agus ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (COM(2024)0320).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur athróg choiteann i bhformhór na n-earnálacha atá i mbaol ard dúshaothraithe saothair é déine ard saothair mar aon le spleáchas ar shlabhraí fochonraitheoireachta fada agus casta, go hingearach agus go cothrománach <FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal – ‘Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe cothrománacha comhair’ (IO C 259, 21.7.2023, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, a bhaineann den trédhearcacht, de ról na gcomhpháirtithe sóisialta, de chomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme agus den daonlathas ag an obair; de bhrí gur minic baint ag earnálacha ardriosca chomh maith le spleáchas láidir ar idirghabhálaithe saothair, ar oibrithe ar postú, ar oibrithe taistil AE agus ar náisiúnaigh tríú tír; de bhrí go bhféadfaidh roinnt cineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha agus socruithe casta trasteorann freagrachtaí a dhoiléiriú, tarraingt airde a bhac agus forfheidhmiú dhlí an tsaothair agus comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme a dhéanamh níos casta, chomh maith le seiceálacha ar cheadanna oibre, ranníocaíochtaí slándála sóisialta, íocaíochtaí cánach agus céannacht oibrithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur cuid den dúshaothrú saothair é neamhchomhall reachtaíocht na sláinte agus na sábháilteachta ceirde, a bhaineann de chur chuige ‘Fís Nialais’ do bhásanna a bhaineann leis an obair mar a leagtar amach i gcreat straitéiseach an Aontais maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 ón gCoimisiún; de bhrí go sanntar le Coinbhinsiún EIS Uimh. 167 an dualgas do phríomhchonraitheoirí chun bearta sábháilteachta agus sláinte ceirde a chomhordú;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil rioscaí slándála ag gníomhaithe calaoiseacha agus coiriúla in ionaid oibre Eorpacha, go háirithe nuair a chuireann sé as d’earnálacha ríthábhachtacha amhail iompar agus lóistíocht, tógáil, fuinneamh agus cúram sláinte, nó gníomhaíochtaí a bhfuil rochtain acu ar ionaid oibre atá íogair ó thaobh na slándála de, go háirithe glanadh agus cothabháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, de réir an Choimisiúin,<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, EFTHEIA, HIVA-KU Leuven, IRIS, Milieu agus WIIW,<STRING ITALIC="on">Postáil oibrithe – Bailiú sonraí ó na huirlisí réamhdhearbhaithe – Bliain tagartha 2022</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.</FIELD></FOOTNOTE> agus tuarascáil cás-staidéir ón Údarás Eorpach Saothair<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón Údarás Eorpach Saothair ar shlabhraí conarthacha agus patrúin earcaíochta náisiúnach tríú tír ar postú, Márta 2025, agus tuarascáil ón Údarás Eorpach Saothair ar na cleachtais chomhair, na féidearthachtaí agus na dúshláin idir na Ballstáit – go sonrach i ndáil le náisiúnaigh tríú tír a phostú, Feabhra 2023.</FIELD></FOOTNOTE>, go bhfuil méadú ag teacht ar phostú náisiúnach tríú tír, agus gur náisiúnach tríú tír duine as gach ceathrar oibrithe ar postú; de bhrí go bhfuil oibrithe taistil agus imirceach, lena n-áirítear oibrithe ó thríú tíortha, go háirithe soghonta do dhúshaothrú saothair agus do choireacht a bhaineann leis an obair agus gur minic iad ag brath go mór ar víosaí, ar tháillí earcaíochta iomarcacha, ar shocruithe taistil agus ar chóiríocht; de bhrí nach móide go n-eagróidh náisiúnaigh tríú tír ceardchumann agus go rachaidh siad isteach ann agus go mbíonn níos mó deacrachtaí acu rochtain a fháil ar an gcóras ceartais agus a gcearta a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an gcleachtas calaoiseach ‘fruiliú chun postú’, trína n-earcaítear náisiúnaigh nach ón Aontas iad chun oibriú ní sa Bhallstát fostaíochta, ach chun iad a phostú chun Ballstáit eile agus chun na críche sin amháin; de bhrí gur shainaithin an tÚdarás Eorpach Saothair é sin mar dhúshlán forfheidhmiúcháin atá ag dul i méid<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón Údarás Eorpach Saothair dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Posting of third-country nationals:  contracting chains, recruitment patterns, and enforcement issues</STRING>.’ [Slabhraí conarthacha, patrúin earcaíochta, agus saincheisteanna forfheidhmiúcháin] 2025.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur cleachtas bunriachtanach é fochonraitheoireacht chothrománach agus ingearach in go leor earnálacha, go háirithe maidir le tionscadail mhórscála, ina n-éascaítear rochtain sholúbtha ar shaineolas speisialaithe agus ina dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha ar mhodh costéifeachtach; de bhrí gur gné thábhachtach de thimpeallacht na fostaíochta í an fhochonraitheoireacht, go háirithe do FBManna agus do mhicrifhiontair; de bhrí go bhféadfaidh fochonraitheoireacht breisluach a ghiniúint d’údaráis chonarthacha agus éifeachtúlacht agus nuálaíocht a fheabhsú, go háirithe in earnálacha atá nochta d’iomaíocht dhomhanda; de bhrí nach bhfuil fadhbanna ann féin san fhochonraitheoireacht, go háirithe nuair a bhíonn gá le hinniúlachtaí sonracha; de bhrí go bhfuil an fhochonraitheoireacht dhea-fheidhmiúil tábhachtach d’iomaíocht chóir san Aontas, go háirithe do FBManna; de bhrí gur mór idir méid na fochonraitheoireachta ar fud earnálacha agus cuideachtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur féidir le slabhraí fochonraitheoireachta fada agus casta, áfach, iomaíocht chóir a chlaonadh, cuntasacht a dhoiléiriú, an bonn a bhaint de chearta oibrithe agus rioscaí a bhaineann le calaois, dúshaothrú saothair, insíothlú coiriúil agus sláinte agus sábháilteacht cheirde oibrithe a mhéadú, go háirithe in earnálacha ardriosca agus i gcásanna trasteorann; de bhrí, i gcásanna áirithe, gur féidir le heaspa trédhearcachta agus maoirseachta i socruithe fochonraitheoireachta leathnaithe é a dhéanamh níos deacra d’údaráis chonarthacha comhlíonadh dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh rialacha lena sriantar fochonraitheoireacht tionchar a imirt ar shlabhraí luacha cuideachtaí, go háirithe in earnálacha atá nochta don iomaíocht dhomhanda; de bhrí nach mór na bearta sin a chothromú leis an ngá le FBManna a chosaint a oibríonn in earnálacha ina bhfuil an baol íseal go ndéanfaí fochonraitheoireacht mhaslach agus nach gá, murab ionann agus earnálacha ardriosca, aon teorannú ar shlabhraí fochonraitheoireachta; de bhrí go gcomhallann dliteanas comhpháirteach agus leithleach i slabhraí fochonraitheoireachta an dá chuspóir dul ar iontaoibh oibrithe a ndearnadh dúshaothrú orthu agus conraitheoirí a dhreasú ar fud an tslabhra chun fad agus castacht na fochonraitheoireachta a theorannú go deonach;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur ghlac roinnt Ballstát reachtaíocht ina dteorannaítear fad na slabhraí fochonraitheoireachtaor nó an fhochonraitheoireacht a chosc go hiomlán in earnálacha áirithe<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, ECORYS, HIVA-KU Leuven, Spark Legal and Policy Consulting and wmp consult, <STRING ITALIC="on">Study supporting the Monitoring of the Posting of Workers Directive 2018/957/EU and of the Enforcement Directive 2014/67/EU – The situation of temporary cross-border mobile workers and workers in subcontracting chains</STRING> [Staidéar a dtacaíonn le Faireachán ar Threoir 2018/957/AE maidir le hOibrithe a Phostú agus ar Threoir 2014/67/AE ar Fhorfheidhmiú – Staid oibrithe soghluaiste trasteorann sealadacha agus oibrithe i slabhraí fochonraitheoireachta] Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.</FIELD></FOOTNOTE>, atá tar éis an líon oibrithe atá fostaithe go díreach a mhéadú; de bhrí go measann an Coimisiún go bhféadfadh líon na leibhéal i slabhraí fochonraitheoireachta a theorannú agus/nó an dliteanas fochonraitheoireachta a leathnú chun an tslabhra iomláin cabhrú leis na Ballstáit, mar na príomhghníomhaithe freagracha as na rialacha chun postú oibrithe a fhorfheidhmiú, agus, i gcás inarb infheidhme, le comhpháirtithe sóisialta, trédhearcacht agus dliteanas i slabhraí fochonraitheoireachta a mhéadú ar bhonn comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach;<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2018/957 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (COM(2024)0320).</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil roinnt fiontar ann a chuir srian deonach le fad a slabhraí fochonraitheoireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí nach sainmhínítear cleachtas na hidirghabhála saothair i ndlí AE, seachas obair ghníomhaireachta shealadach<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2018/957 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (COM(2024)0320).</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí gur féidir le hidirghabháil saothair a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, idir chuideachtaí seanbhunaithe agus earcaitheoirí aonair; de bhrí go bhféadfar bróicéirí agus cinn feadhna neamhfhoirmiúla fiú a chur as aithne mar idirghabhálaithe saothair;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go sainaithnítear cleachtais éagóracha trádála, lena n-áirítear ceannach faoi bhun chostas an táirgthe inbhuanaithe, tréimhsí feithimh gearra a fhorchur agus íocaíochtaí déanacha a dhéanamh, mar phríomhthosca a spreagann fochonraitheoireacht mhaslach; de bhrí gur minic FBManna a bhíonn rannpháirteach i gconarthaí poiblí trí fhochonraitheoireacht thíos le híocaíochtaí déanacha ó na príomhchonraitheoirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí, in earnálacha ina bhfuil fochonraitheoireacht fhairsing, gur coimirce riachtanach é an cleachtas go gcoimeádann oibrithe a gcearta agus a ndálaí oibre nuair a aistrítear iad mar gheall ar athrú conraitheora, chun cobhsaíocht fostaíochta a chinntiú, caighdeáin sláinte agus sábháilteachta a ráthú agus dumpáil shóisialta a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go n-úsáidtear roinnt cásanna d’idirghabhálaithe saothair neamhrialáilte nó i mbréagriocht chun dlí an tsaothair agus freagracht fostóirí a cheilt agus a shárú, go háirithe in earnálacha ardriosca; de bhrí gur minic baint ag cleachtais earcaíochta agus idirghabhála maslacha le faisnéis a fhalsú nó a choinneáil siar, gan conarthaí i scríbhinn a sholáthar, táillí earcaíochta neamhdhlisteanacha a fhorchur, costais iomarcacha chóiríochta a bhaint ó phá, muirear a ghearradh ar oibrithe as iompar, oiliúint, trealamh nó ceadanna oibre, pasanna a choigistiú, nó dul i mbun saothar éigeantais nó briseadh ceardchumann; de bhrí gur féidir le cigireachtaí saothair níos fearr agus spriocdhírithe cabhrú leis na sáruithe sin a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí, mar fhreagairt ar na dúshláin sin, go bhfuil pleananna gníomhaíochta agus beartais náisiúnta glactha ag roinnt Ballstát chun dúshaothrú saothair a chomhrac, lena n-áirítear trí ghníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid i slabhraí fochonraitheoireachta agus ag idirghabhálaithe saothair<FOOTNOTE><FIELD> Mar shampla, an tSualainn (https://www.regeringen.se/contentassets/f6f461b310984b598ee4f7a2d83350d0/nationell-strategi-mot-arbetslivskriminalitet.pdf), an Fhionlainn (https://julkaisut.valtioneuvosto.fi/bitstream/handle/10024/165395/TEM_2024_5.pdf), an Iodáil, an Ghearmáin (https://www.bmas.de/DE/Service/Presse/Meldungen/2025/nationaler-aktionsplan-gegen-arbeitsausbeutung-und-zwangsarbeit-beschlossen.html), an Spáinn agus an Iorua (https://www.regjeringen.no/no/dokumenter/strategi-mot-arbeidslivskriminalitet-2021/id2831867/).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí, mar fhreagairt ar na dúshláin sin, go bhfuil bearta déanta ag comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, agus ar an leibhéal earnála agus trasearnála, chun dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann leis an bhfochonraitheoireacht mhaslach agus idirghabháil saothair, lena n-áirítear trí chómhargáil, chomh maith le tionscnaimh chomhpháirteacha ina gcosnaítear fiontair thromchúiseacha agus cearta oibrithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil reachtaíocht shonrach i bhfeidhm cheana ina rialaítear an fhochonraitheoireacht san eitlíocht shibhialta, lena n-áirítear léasú aerárthaí, criú, cothabháil agus árachas, ar a dtugtar ‘léasú fliuch’ chomh maith; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an úsáid a bhaintear as léasú fliuch, sa bhreis freisin ar a úsáid bheartaithe chun acmhainneacht a líonadh le linn buaiceanna; de bhrí gur cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le léasú fliuch san athbhreithniú atá ar na bacáin ar an Rialachán maidir le hAersheirbhísí<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1008/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go dtugann an Coimisiún chun suntais Samhail Skien na hIorua<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, <STRING ITALIC="on">Making socially responsible public procurement work – 71 good practice cases</STRING>,  [Obair soláthair phoiblí atá freagrach go sóisialta a dhéanamh – 71 chás dea-chleachtais] Oifig na bhFoilseachán, 2020.</FIELD></FOOTNOTE>, a d’fhorbair Bardas Skien, ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí go comhpháirteach, lena n-áirítear teorainneacha dochta ar leibhéil fhada fochonraitheoireachta agus réamh-fhormheas saothair shealadaigh, arb é is aidhm dó cuntasacht agus dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú in earnálacha ardriosca;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur gheall na Ballstáit, an Coimisiún agus na comhpháirtithe sóisialta i nDearbhú La Hulpe aird ar leith a thabhairt ar bhearta i réimsí na fochonraitheoireachta agus na hoibre gníomhaireachta, agus aitheantas á thabhairt do chomhdhúshláin an dá fheiniméan sin do mhargaí saothair na hEorpa; de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir i dtuarascáil Letta an gá práinneach atá le cleachtais fochonraitheoireachta a rialáil chun dúshaothrú agus mí-úsáid a chosc; de bhrí go dtugtar rabhadh sa tuarascáil gur féidir le creimeadh ar chaighdeáin saothair, dumpáil shóisialta agus an bonn a bhaint d’iomaíocht chóir, chomh maith le sáruithe ar oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta, leanúint as slabhraí fochonraitheoireachta nár seiceáladh;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 12(2) de Threoir 2014/67/AE ar na Ballstáit dliteanas fochonraitheoireachta a thabhairt isteach i gcomhthéacs oibrithe a phostú in earnáil na tógála, agus go dtugtar an deis do na Ballstáit le hAirteagal 12(1) é sin a leathnú chun earnálacha eile agus rialacha dliteanais níos déine a thabhairt isteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt rialacha i bhfeidhm ag formhór na mBallstát maidir le slabhraí fochonraitheoireachta agus idirghabhálaithe saothair, agus sainiúlachtaí náisiúnta á gcur i gcuntas; de bhrí go bhfuil éagsúlacht shuaithinseach, áfach, idir an leibhéal rialála ó Bhallstát go chéile, rud a chruthaíonn ilroinnt sa mhargadh aonair; de bhrí go bhfuil dúshláin fós ann toisc léirmhínithe éagsúla maidir le cur i bhfeidhm rialacha an mhargaidh inmheánaigh ar shlabhraí fochonraitheoireachta agus ar idirghabhálaithe saothair a rialáil; de bhrí nach gcuireann Treoir 2014/24/AE uirlisí leordhóthanacha ar fáil d’údaráis chonarthacha chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar neamhchomhall conarthaí poiblí, agus i gcásanna áirithe go gcuireann sí bac fiú ar na húdaráis ar mian leo bearta réamhghníomhacha a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí gur gá dianchigireachtaí saothair, seiceálacha trasteorann agus ceadúnú nó clárú éifeachtach idirghabhálaithe saothair chun obair neamhdhearbhaithe, gáinneáil ar dhaoine agus dúshaothrú saothair a chomhrac; de bhrí gur féidir le forfheidhmiú na rialacha reatha agus comhar níos fearr idir na Ballstáit cabhrú le haghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le cineálacha maslacha fochonraitheoireachta agus idirghabhála saothair;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dúshaothrú saothair a chosc</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá cur chuige cuimsitheach AE chun dul i ngleic le dúshaothrú saothair, lena n-áirítear obair neamhdhleathach agus coireacht eagraithe atá nasctha leis, chomh maith le cineálacha maslacha cleachtas gnó, go háirithe an fhochonraitheoireacht mhaslach agus idirghabháil saothair; á iarraidh, mar sin, go mbeadh straitéis AE ann chun na fadhbanna sin a chomhrac, a bhféadfadh tionchar éagsúil a bheith aici ar fud na mBallstát agus na n-earnálacha; á chur i bhfáth ní hamháin gur sárú ar chearta oibrithe agus ar chearta an duine é an dúshaothrú saothair, ach go mbaineann sé an bonn d’iomaíocht chóir do ghnóthaí chomh maith; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, tiomantas an Choimisiúin chun pacáiste cóir soghluaisteachta a thíolacadh in 2026; á mheabhrú nár cheart go leanfadh leibhéal níos ísle cosanta d’oibrithe as na cuspóirí foriomlána chun iomaíochas cuideachtaí Eorpacha a neartú, simpliú agus ualaí riaracháin neamhriachtanacha a laghdú; á chur i bhfáth gur gá na dlíthe saothair reatha a fhorfheidhmiú ar shlí níos láidre chun cosaint éifeachtach chearta na n-oibrithe agus cothrom iomaíochta sa mhargadh aonair a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag meabhrú na ndúshlán atá os comhair roinnt Ballstát, toisc léirmhínithe éagsúla ar rialacha an mhargaidh aonair, an fhochonraitheoireacht a rialáil ar an leibhéal náisiúnta, mar shampla, trí fhad slabhraí fochonraitheoireachta a theorannú, comhdhliteanas leithleach agus ceanglais chun fostaíochta dírí; á iarraidh ar an gCoimisiún na seansanna a shoiléiriú do na Ballstáit reachtaíocht a ghlacadh atá comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus ar na fadhbanna a eascraíonn as slabhraí fochonraitheoireachta fada agus casta; á iarraidh ar an gCoimisiún géarú ar na hiarrachtaí chun dúshaothrú saothair a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún, chun an fhochonraitheoireacht mhaslach a stad agus cearta oibrithe a chosaint, agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a neartú ar fud an tslabhra soláthair<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025 ar an soláthar poiblí.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart dea-chleachtais na mBallstát a chur i gcuntas in aon tionscnamh ar leibhéal an Aontais ina bhféachtar le dul i ngleic le dúshaothrú saothair agus slabhraí casta fochonraitheoireachta, gur cheart é a fhorbairt i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear na coistí Eorpacha um idirphlé sóisialta earnála (CDSS), agus gur cheart é a chur in oiriúint do réaltachtaí sonracha earnála; á mheabhrú nach mór d’aon bhearta agus tionscnaimh earnáilsonracha, lena n-áirítear dliteanas comhpháirteach agus leithleach in earnálacha ardriosca, a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais agus gan bacainní nach gá ar ghníomhaíochtaí gnó trasteorann a chruthú; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaidh bearta agus tionscnaimh earnáilsonracha foráil do cheanglais rialála níos ísle do chuideachtaí in earnálacha ísealriosca chomh maith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios gur slí é prionsabal an chomhdhliteanais leithligh chun a áirithiú go mbeidh freagracht fhoriomlán ar an bpríomhchonraitheoir as na seirbhísí a sholáthraítear laistigh de shlabhra an fhochonraitheora ina iomláine; á mheas gur féidir le prionsabal den sórt sin a chinntiú go ráthófar cáilíocht, feidhmíocht agus comhlíonadh caighdeán saothair, sóisialta agus sábháilteachta go conarthach ar gach leibhéal den slabhra fochonraitheoireachta; ag tabhairt dá haire gur chinn roinnt Ballstát rialacha dliteanais níos déine a ghlacadh i slabhraí fochonraitheoireachta ná an t-íosmhéid a leagtar amach in Airteagal 12 de Threoir 2014/67/AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chleachtais trína ligeann an príomhchonraitheoir gach obair ar fochonradh gan aon obair a dhéanamh é féin, ar a dtugtar ‘fochonraitheoireacht airgeadais’ chomh maith; á chur i bhfios go láidir gur cheart do phríomhchonraitheoirí cuid shainmhínithe de chonradh a dhéanamh iad féin; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, a hiarrata ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na gconarthaí poiblí atá á ndéanamh go príomha ag oibrithe díreacha an tairgeora rathúil agus á mholadh go spreagfadh rialacha soláthair phoiblí cuideachtaí chun foireann inmheánach leordhóthanach a bheith acu chun na tionscadail a ndéantar conarthaí poiblí a dhámhachtain dóibh ina leith a chur chun feidhme<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair 2025 ar an soláthar poiblí.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chleachtais neamhdhleathacha i slabhraí fochonraitheoireachta chun iomaíochas gnó agus dálaí oibre cothroma agus sábháilte a chinntiú; ag spreagadh, sa chomhthéacs sin, caidrimh fostaíochta dhíreacha in earnálacha ardriosca, i gcás ina bhfuil sé indéanta, bailí, comhréireach agus bunaithe ar chúiseanna thar cuimse leas an phobail, amhail oibrithe agus a gcearta a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a mholadh go n-áireofaí forálacha tairbhe pobail sa soláthar poiblí agus i dtionscadail arna gcistiú ag an Aontas, amhail ceangal a chur ar chonraitheoirí agus ar fhochonraitheoirí cur le forbairt scileanna áitiúla nó le tionscnaimh cuimsithe shóisialta, agus sa tslí sin éifeachtaí iarmharta dearfa ó infheistíochtaí poiblí a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur minic a thionscain comhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear ionadaithe FBManna, tionscnaimh náisiúnta agus réigiúnacha chun leibhéil na fochonraitheoireachta a theorannú; á chur i bhfáth gur cheart na tionscnaimh sin a urramú, agus nach mór teorainneacha ar fhochonraitheoireacht a bheith comhréireach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dúshlán suaithinseach do chigireachtaí saothair iad fad agus castacht na slabhraí fochonraitheoireachta le linn freagracht dhlíthiúil a bhunú as sáruithe ar dhlí an tsaothair, ar gá dul i ngleic leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá forálacha atá íogair ó thaobh inscne de a áireamh in aon chreat nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, chun ilroinnt an mhargaidh aonair a theorannú, gur cheart don Choimisiún earnálacha ardriosca a shainmhíniú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear CDSS; á chur i bhfáth go bhféadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún lamháil dóibh comhliosta na n-earnálacha ardriosca a choigeartú dá staid náisiúnta shonrach, i gcás inar gá, chun an cur chuige is fearr is féidir a áirithiú chun dul i ngleic leis an bhfochonraitheoireacht mhaslach, dúshaothrú saothair agus coireacht a bhaineann leis an obair; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbunófaí aon sainaithint agus coigeartú ar earnálacha ardriosca ar shonraí cruinne agus cothrom le dáta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhféadfadh ionaid oibre ilroinnte agus neamhshábháilte, trédhearcacht agus cuntasacht laghdaithe, agus oibrithe a nochtadh níos mó d’uaireanta an chloig níos faide, pá níos ísle agus sáruithe eile ar dhlí an tsaothair, chomh maith le héiginnteacht post, a bheith mar thoradh ar phríomhghníomhaíochtaí gnó a ligean ar fochonradh<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar ó Pharlaimint na hEorpa, 2016, <STRING ITALIC="on">Precarious Employment in Europe: Volume 1: Patterns, Trends and Policy Strategies</STRING> [Fostaíocht fhorbhásach san Eoraip: Imleabhar 1: Patrúin, Treochtaí agus Straitéisí Beartais]; Eurofound, 2010, <STRING ITALIC="on">Key elements of fair employment and decent work</STRING> [‘Príomheilimintí na fostaíochta córa agus na hoibre cuibhiúla’]; An Coimisiún Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, <STRING ITALIC="on">Outsourcing, working conditions and inequality</STRING> [Seachfhoinsiú, dálaí oibre agus neamhionannas], 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth, i gcomhréir le Treoir 2002/14/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo — Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2002/14/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, nach mór ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo i dtaobh cinntí ar dócha go mbeidh athruithe suaithinseacha ar eagrú na hoibre nó ar chaidreamh conarthach mar thoradh orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit prionsabal na córa comhionainne a chinntiú, chomh maith le dálaí oibre cuibhiúla do gach oibrí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa soiléireachta dlíthiúla maidir leis an idirdhealú idir fíorphostú agus postú calaoiseach náisiúnach nach ón Aontas iad, chomh maith le mí-úsáid dhlí AE ar sholáthar seirbhíse chun rialacha imirce agus an dlí saothair náisiúnta a shárú; á chur i bhfáth go gcreimeann postuithe calaoiseacha creatlach shóisialta an mhargaidh aonair agus go dtagann siad i dtír ar na ndaoine is leochailí; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhréir le tuarascáil Letta, athbhreithniú ar dhúshláin forfheidhmiúcháin, go háirithe sa chomhar trasteorann, agus bearta iomchuí a dhéanamh chun deireadh a chur le postú gan aon fhíornasc idir na hoibrithe agus an Ballstát seolta; ag meabhrú chonclúid fhoriomlán thuarascálacha Letta agus Draghi ar an ngá atá le hiomaíochas an mhargaidh aonair a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na rioscaí a bhaineann le postú agus é á chomhcheangal le cineálacha maslacha fochonraitheoireachta agus idirghabhála saothair; á iarraidh ar an Údarás Eorpach Saothair féachaint ar úsáid idirghabhálaithe saothair i bpostuithe, lena n-áirítear an baol go n-úsáidfí na socruithe sin chun dliteanais a sheachaint, oibleagáidí slándála sóisialta a shárú agus caighdeáin sláinte agus sábháilteachta a chreimeadh; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar aon mhí-úsáid indéanta as an Treoir maidir le hObair Ghníomhaireachta Shealadach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/104/oj).</FIELD></FOOTNOTE> i gcomhthéacs oibrithe a phostú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór cóiríocht a chuireann fostóir nó idirghabhálaí saothair ar fáil d’oibrí cloí leis na caighdeáin cháilíochta, sláinteachais agus sábháilteachta is infheidhme; á chur i bhfios go láidir nach mór cíos na cóiríochta sin a bheith comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach; á iarraidh go ndéanfaí cigireachtaí na cóiríochta a chomhtháthú i gcigireachtaí saothair in earnálacha ardriosca chun cosc a chur ar fhostóirí nó ar idirghabhálaithe cóiríocht tháireach, neamhshábháilte nó róphlódaithe a chur ar fáil d’oibrithe; á chur i bhfáth nár cheart go leanfadh tithíocht dhainséarach as forálacha conarthacha ina rialaítear cóiríocht d’oibrí má fhoirceanntar an caidreamh fostaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dul i dteagmháil leis na Ballstáit chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtúil na reachtaíochta reatha i dtaobh oibrithe a phostú a áirithiú; á mheabhrú go bhfuil roinnt ionstraimí dlíthiúla glactha ag an Aontas chun dúshaothrú saothair agus obair neamhdhleathach a chomhrac, ar gá a bhforfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún cuntas a dhéanamh den staid, cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtúil agus éifeachtach na n-ionstraimí dlí ábhartha ag na Ballstáit a áirithiú agus nósanna imeachta um shárú a sheoladh, i gcás inar gá, i gcoinne Ballstáit nach gcomhallann dlí an Aontais is infheidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt chun suntais breisluach na gclár poiblí idir-inoibritheach d’idirghabhálaithe saothair ceadúnaithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh aon cheadúnú nó clárú faoi réir íoschritéir ionracais; á iarraidh ar an gCoimisiún cuntas a dhéanamh de chleachtais agus de reachtaíocht náisiúnta i dtaobh idirghabhálaithe saothair agus a áirithiú nach ngearrfaidh idirghabhálaithe saothair atá ag feidhmiú san Aontas aon táillí ná nach gcuirfidh siad aon chostais ar oibrithe, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach; á chur i bhfios go láidir gur cheart go ngearrfaí smachtbhannaí athchomhairleacha ar idirghabhálaithe saothair a sháraíonn an dlí is infheidhme nó na comhaontuithe comhchoiteanna, amhail iad a bhaint de chláir phoiblí agus a eisiamh ó chonarthaí poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh go n-áiritheofar sna critéir eisiaimh go dtabharfaidh an t-athbhreithniú atá le teacht ar threoracha maidir le soláthar poiblí aghaidh níos fearr ar rioscaí earnálacha sonracha a bhaineann le calaois, éilliú agus insíothlú coiriúil; á chur i bhfáth go n-éilíonn earnálacha éagsúla critéir eisiaimh shaincheaptha ar leithligh, lena léirítear a leochaileachtaí sonracha; á chur i bhfáth go láidir gur cheart cumhacht a thabhairt do na húdaráis chonarthacha chun nósanna imeachta soláthair a oiriúnú chun gníomhaíochtaí coiriúla a chomhrac agus aghaidh a thabhairt orthu; á thabhairt chun suntais, chun éifeachtúlacht agus simpliú níos mó a chur chun cinn, gur cheart na forálacha a bhaineann le forais eisiaimh a chuíchóiriú; á chur i bhfios go láidir gur cheart aon oibreoir eacnamaíoch a sháraíonn a oibleagáidí faoi na dlíthe saothair agus comhshaoil is infheidhme de bhun Airteagal 18(2) de Threoir 2014/24/AE a eisiamh go héifeachtach ón bpróiseas soláthair phoiblí atá i gceist;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an luach a bhaineann le cláir ghnó náisiúnta agus le Córas Idirnasctha na gClár Gnó Eorpach d’fhiontair atá ag lorg faisnéise faoi fhochonraitheoirí, do cheardchumainn atá ag iarraidh dul i mbun cómhargála agus do na húdaráis forfheidhmithe; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil éagsúlacht mhór ann sa leibhéal faisnéise atá inrochtana i gcláir ghnó náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar conas is féidir leibhéal na faisnéise atá ar fáil go poiblí a fheabhsú, agus leas á bhaint as na dea-chleachtais sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil rioscaí díréireacha sábháilteachta agus sláinte ceirde (OSH) roimh oibrithe ar postú agus oibrithe i slabhraí fochonraitheoireachta toisc slabhraí ilroinnte freagrachta agus comhordú doiléir, go háirithe in earnáil na tógála; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá faisnéis agus comhairliúchán d’oibrithe ar postú agus d’oibrithe i slabhraí fochonraitheoireachta, chomh maith le forfheidhmiú éifeachtach na bhforálacha sláinte agus sábháilteachta mar a leagtar síos i gCoinbhinsiún EIS Uimh. 167; á mheas go bhfuil sé tábhachtach, sa chomhthéacs sin, ról na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú le linn uirlisí agus oiliúint a fhorbairt d’oibrithe agus dálaí oibre sláintiúla a chur chun cinn tuilleadh sa chéad chreat straitéiseach eile de chuid an Aontais i dtaobh sláinte agus sábháilteacht ag an obair; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheasúnú an gcumhdaítear go leormhaith leis an reachtaíocht reatha OSH cur chun feidhme na n-íoscheanglas sábháilteachta agus sláinte i slabhraí fochonraitheoireachta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forfheidhmiú agus rialú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá comhar trasteorann, forfheidhmiú éifeachtúil agus trédhearcacht chun dul i ngleic le líonraí coiriúla a bhaineann leis an obair; ag tacú le comhar neartaithe idir an tÚdarás Eorpach Saothair, Europol, na húdaráis náisiúnta agus comhpháirtithe sóisialta maidir leis sin; á chur i bhfáth gur gá córais forfheidhmiúcháin atá éifeachtúil agus a bhfuil acmhainní maithe acu chun dúshaothrú saothair a chomhrac agus iomaíocht chóir a chur chun cinn sa mhargadh aonair; á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic leis an bhfochonraitheoireacht mhaslach a úsáideann socruithe saorga amhail cuideachtaí caocha agus obair ghníomhaireachta shealadach bhréagach; á mheabhrú go gceanglaítear le Treoir 2009/52/CE ar na Ballstáit cigireachtaí éifeachtacha agus leormhaithe a áirithiú chun fostaíocht náisiúnach tríú tír a stopann go neamhdhleathach a rialú agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit forfheidhmiú cuí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún ar an Údarás Eorpach Saothair agus á iarraidh an athuair<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 ar an athbhreithniú ar shainordú an Údaráis Eorpaigh Saothair.</FIELD></FOOTNOTE> ar an gCoimisiún sainordú an Údaráis Eorpaigh Saothair a neartú go suaithinseach trí lamháil dó imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar dhlí saothair AE agus cigireachtaí a thionscnamh agus a dhéanamh ar chásanna trasteorann ar a thionscnamh féin, trí raon feidhme shainordú na gníomhaireachta a leathnú chun soghluaisteacht saothair náisiúnach tríú tír a chumhdach, trína acmhainneacht anailíse riosca oibríochtúil a fheabhsú, chomh maith le go leor acmhainní a chur ar fáil dó chun a chúraimí a chur i gcrích; á chur i bhfáth gur gá ailíniú breise agus simpliú a dhéanamh ar rialacháin soghluaisteachta saothair agus ar nósanna imeachta rialaithe, lena n-áirítear caighdeáin rialaithe aonfhoirmeacha agus malartú faisnéise níos fearr, faoi stiúir an Údaráis Eorpaigh Saothair; á mholadh go mbunófaí aonaid forfheidhmiúcháin earnáilsonracha san Údarás Eorpach Saothair, go háirithe don fhoirgníocht, don iompar agus don talmhaíocht, agus go bhfeabhsófaí an comhar le comhpháirtithe sóisialta sna hearnálacha faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag cigireachtaí saothair i ndúshaothrú saothair a bhrath agus a chosc agus i gcomhlíonadh foriomlán na ndlíthe saothair; ag spreagadh na mBallstát líon a gcigirí saothair agus a dtacaíocht do chigireachtaí saothair a mhéadú; á mheabhrú go leagtar síos cheana le Treoir 2006/22/CE<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35), ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/22/oj).</FIELD></FOOTNOTE> íosrialacha chun comhall na reachtaíochta sóisialta in iompar de bhóthar a sheiceáil agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar mhinicíocht cigireachtaí saothair agus chun acmhainn íosta leordhóthanach cigireachta saothair a áirithiú, i gcomhréir le tagarmharc EIS do chigire saothair amháin ar a laghad in aghaidh gach 10 000 oibrí; á chur i bhfáth, d’ainneoin a thábhachtaí atá siad chun cigireachtaí spriocdhírithe a thionscnamh, go bhfuil sásraí gearáin fós tearcúsáidte agus doshroichte, go háirithe d’oibrithe taistil agus d’oibrithe ó thíortha nach bhfuil san Aontas; á mheabhrú, i gcomhréir le Treoir 2009/52/CE, nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sásraí éifeachtacha ann trínar féidir le náisiúnaigh nach ón Aontas atá i bhfostaíocht neamhdhleathach gearáin a thaisceadh i gcoinne a bhfostóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sonraí cruinne agus cothrom le dáta; ag tabhairt dá haire go bhfuil an leibhéal faisnéise faoi chomhdhéanamh slabhraí na fochonraitheoireachta agus na coireachta a bhaineann leis an obair éagsúil ar fud na hEorpa agus gur dúshlán é sin d’fhorfheidhmiú agus do cheapadh beartas araon; á iarraidh ar an gCoimisiún bailiú sonraí a fheabhsú maidir leis sin agus á thabhairt chun suntais ról an Údaráis Eorpaigh Saothair le linn faisnéis iontaofa a sholáthar faoi threochtaí ginearálta agus iompar maslach i gcásanna trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur éirigh go maith le tionscnaimh chun láithreáin oibre a shainaithint ar an leibhéal náisiúnta agus earnála, amhail cártaí aitheantais sóisialta; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, go n-áirítear an pas Eorpach slándála sóisialta i gclár oibre 2026 an Choimisiúin; á iarraidh an athuair<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Samhain 2021 ar phas slándála sóisialta Eorpach a thabhairt isteach chun forfheidhmiú digiteach na gceart slándála sóisialta agus na soghluaisteachta cothroime a fheabhsú.</FIELD></FOOTNOTE> go ndéanfaí córas an Phas Eorpaigh Slándála Sóisialta a chur i bhfeidhm go pras agus go bhfeabhsófaí cosaint agus forfheidhmiú digiteach na gceart slándála sóisialta agus na soghluaisteachta cothroime, lena n-áirítear fíorú fíor-ama agus malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmiúcháin; á iarraidh go ndéanfaí an pas Eorpach slándála sóisialta a chomhtháthú le córais cártaí saothair náisiúnta agus earnála chun idir-inoibritheacht a áirithiú agus cur isteach a sheachaint; á chur i bhfios go láidir gur cheart don phas Eorpach slándála sóisialta ualaí riaracháin nach gá a laghdú, comhall a shimpliú do ghnóthaí agus íoschostais chomhall do FBManna, agus tacú leis an Údarás Eorpach Saothair agus leis na húdaráis náisiúnta le linn mí-úsáid agus gníomhaíochtaí coiriúla a chomhrac; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá slándáil agus cosaint láidir sonraí don phas Eorpach slándála sóisialta agus rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm an chórais; á thabhairt dá haire, thairis sin, an tsíorobair ar thionscnaimh eile an Aontais, amhail Tiachóg Céannachta Digití an Aontais, a d’fhéadfadh cumas na n-údarás a fheabhsú chun dul i ngleic le hiompar coiriúil, gan ualach a chur ar FBManna nó costais a mhéadú do thomhaltóirí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Pionós a ghearradh ar dhúshaothrú saothair</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur féidir le daoine aonair atá faoi réir toirmisc trádála i mBallstát amháin na srianta náisiúnta a sheachaint trí ghnó a chlárú agus a oibriú i mBallstát eile, rud a bhaineann an bonn den chomhrac i gcoinne dúshaothrú saothair ar fud an mhargaidh aonair; á iarraidh ar an gCoimisiún malartú faisnéise agus comhar níos éifeachtaí idir na Ballstáit a áirithiú, chomh maith le haitheantas frithpháirteach do thoirmisc trádála agus do smachtbhannaí coiriúla, i gcomhréir leis na Conarthaí, chun sárú na srianta a chosc; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an smacht reachta agus coimircí na trialach córa sa chomhthéacs seo a chomhall; á mholadh go n-úsáidfí Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) chun faisnéis ábhartha a mhalartú go slán tráthúil idir na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt dá haire na neamhréireachtaí maidir le córais pionós agus smachtbhannaí ar fud réimsí beartais an Aontais; á chur i bhfáth nach mór pionóis agus smachtbhannaí i leith coireanna a bhaineann leis an obair agus sáruithe ar chearta oibrithe a bheith éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach le cineál, tromchúis agus fad shárú an ghnóthais agus le líon na n-oibrithe dá ndéantar difear; á iarraidh ar an gCoimisiún smachtbhannaí a nascadh le méid nó láimhdeachas cuideachta a scrúdú, chun comhréireacht, díspreagadh agus cothrom na Féinne a áirithiú; á chur i bhfios go láidir gur gá sásra chun pá gan íoc, ranníocaíochtaí slándála sóisialta, fíneálacha agus damáistí a aisghabháil i gcásanna trasteorann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á thabhairt chun suntais fadhb na ngníomhaithe calaoiseacha agus coiriúla i margadh an tsaothair a úsáideann féimheachtaí straitéiseacha agus imeacht gnó chun freagracht as íocaíochtaí gan íoc agus smachtbhannaí a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na saincheisteanna a bhaineann le féimheachtaí straitéiseacha agus cuideachtaí a imíonn as a anailísiú, go háirithe i gcásanna trasteorann, agus na tionscnaimh is gá a dhéanamh chun a leitheadúlacht a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil nascadh an chaiteachais phoiblí le hurraim do chearta oibrithe agus do dhálaí oibre cuibhiúla ar cheann de na modhanna atá ar fáil chun dul i ngleic leis an bhfochonraitheoireacht mhaslach agus leis an gcoireacht a bhaineann leis an obair;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chun na Comhairle agus chun an Choimisiúin.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>