<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0051</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Moladh don Chomhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais don 70ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0010/2026 - Rapóirtéir: Lina Gálvez)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RECOM><TI><STRING BOLD="on">Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2026 maidir le tosaíochtaí an Aontais don 70ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan (2025/2240(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 70ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan, a bheidh ar siúl i mí an Mhárta 2026, dá théama tosaíochta ‘<STRING ITALIC="on">Ensuring and strengthening access to justice for all women and girls, including by promoting inclusive and equitable legal systems, eliminating discriminatory laws, policies, and practices, and addressing structural barriers’</STRING> [Rochtain ar cheartas a áirithiú agus a neartú do gach bean agus cailín, lena n-áirítear trí chórais dlí chuimsitheacha agus chothroma a chur chun cinn, trí dhlíthe, beartais agus cleachtais idirdhealaitheacha a dhíothú, agus trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha] agus dá théama athbhreithnithe ‘<STRING ITALIC="on">Women’s full and effective participation and decision making in public life, as well as the elimination of violence, for achieving gender equality and the empowerment of all women and girls’</STRING> [Rannpháirtíocht agus cinnteoireacht iomlán agus éifeachtach na mban sa saol poiblí, chomh maith le deireadh a chur le foréigean, chun comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní uile a bhaint amach],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú an 18 Nollaig 1979,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas an 12 Nollaig 2006, go háirithe Airteagail 6 agus 13 de maidir le rochtain ar cheartas agus an t-il-idirdhealú a bhíonn roimh mhná agus cailíní faoi mhíchumas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, eadhon an prionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ agus, go háirithe, Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 5, lena bhféachtar le comhionannas inscne a bhaint amach agus lena áirithiú go mbeidh cearta comhionanna ag mná ar acmhainní eacnamaíocha, chomh maith le rochtain ar úinéireacht agus ar rialú talún agus cineálacha eile maoine, ar sheirbhísí airgeadais, ar oidhreacht agus ar acmhainní nádúrtha, agus SDG 10, lena bhféachtar le deireadh a chur le dlíthe, beartais agus cleachtais idirdhealaitheacha, agus reachtaíocht, beartais agus gníomhaíocht iomchuí a chur chun cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 20, 21, 23 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún an 11 Aibreán 2024 maidir leis an gceart chun ginmhillte a áireamh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/1279, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1279/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachthaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (GAP) - Clár oibre uaillmhianach do chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh’ (JOIN(2020)0017), ina leagtar amach plean gníomhaíochta AE don chomhionannas inscne don tréimhse 2021-2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 dar teideal ‘Treochlár um Chearta na mBan’ (COM(2025)0097), lena n-athdhearbhaítear tiomantas an Aontais don chomhionannas inscne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2025 maidir leis an Straitéis um Chomhionannas Inscne 2025<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0278.</FIELD></FOOTNOTE>:
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartaigh na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint, agus a thagann in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/29/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus d’athmhúnlú na treorach sin, atá idir lámha faoi láthair,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 1820 (2008) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 19 Meitheamh 2008 maidir le foréigean gnéasach mar arm cogaidh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrionsabail agus Treoirlínte na Náisiún Aontaithe maidir le Rochtain ar Chúnamh Dlíthiúil i gCórais Ceartais Choiriúil, a glacadh i mí na Nollag 2012,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Ceartais an Choimisiúin 2021-2027, lena gcuirtear cistiú ar fáil chun tacú le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla, amhail oiliúint do bhreithiúna agus do chleachtóirí dlí eile, agus rochtain éifeachtach ar cheartas do shaoránaigh agus do ghnólachtaí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 121 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A10-0010/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur bunphrionsabal é an comhionannas idir mná agus fir a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil feidhm ag an bprionsabal sin i ngach réimse den saol agus i ngach beartas, lena n-áirítear rochtain ar cheartas; de bhrí gur cheart príomhshruthú inscne, buiséadú inscne agus cur chuige trasnach a chur chun feidhme agus a chomhtháthú ar fud bheartais ábhartha uile an Aontais agus go bhfuil siad bunriachtanach chun comhionannas inscne a bhaint amach; de bhrí gur cheart go leanfadh beartais inmheánacha agus sheachtracha de bheith comhsheasmhach agus comhleanúnach chun a áirithiú go ndéanfar cearta an duine agus cearta bunúsacha, an daonlathas agus an comhionannas inscne a chur chun cinn go héifeachtach agus go hinchreidte ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir comhionannas inscne, daonlathas, cearta bunúsacha agus an smacht reachta; de bhrí gurb é an méadú atá tagtha ar ghluaiseachtaí frithinscne agus frithdhaonlathacha is cúis leis an bhfrithfhreagairt atá ag dul i méid i gcoinne chearta na mban agus comhionannais inscne; de bhrí, leis na ciorruithe a rinneadh le déanaí ar chabhair forbraíochta na Stát Aontaithe, go mbíonn tionchar díréireach ar mhná agus ar chailíní ar fud an domhain, rud a mhéadaíonn leochaileachtaí agus a dhéanann dochar do phobail; de bhrí gur thug Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rabhadh faoi fhrithbheartaíocht ghníomhach i gcoinne comhionannas inscne agus faoi fhrithfhreagairt thrasnáisiúnta i gcoinne chearta na mban; de bhrí go bhfuil gá práinneach le comhionannas substainteach agus cearta daonna na mban agus na gcailíní a athdhearbhú<FOOTNOTE><FIELD> https://documents.un.org/doc/undoc/gen/g24/073/47/pdf/g2407347.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur cearta bunúsacha an duine iad cearta na mban agus na gcailíní agus comhionannas inscne agus gur réamhchoinníollacha bunriachtanacha iad don fhorbairt dhaonna, don cheartas sóisialta, don daonlathas, don smacht reachta, d’fheabhsú caighdeán maireachtála, do laghdú na bochtaineachta, maidir le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus do bhunús riachtanach a thógáil do dhomhan síochánta, cóir, rathúil agus inbhuanaithe; de bhrí, go ginearálta, go gcuirtear feabhas ar iomaíochas trí chearta a bhaint amach do mhná agus do chailíní ar fud an domhain trí fhás cuimsitheach a chur chun cinn, neamhionannais a laghdú, agus úsáid iomlán scileanna agus acmhainneacht na mban a áirithiú i ngach earnáil den tsochaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an bhochtaineacht agus an t-idirdhealú níos measa mar gheall ar thosca trasnacha amhail ciníochas, míchumas, stádas imirce, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus saintréithe gnéis, mar a léirítear i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil bochtaineacht mhíosta fós ina bacainn shuntasach ar chomhionannas inscne, lena gcuirtear srian ar oideachas, ar shláinte agus ar rannpháirtíocht eacnamaíoch na milliún ban agus cailíní ar fud an domhain agus, ar an gcaoi sin, lena gcuirtear teorainn lena rochtain ar cheartas, agus lena mbaintear an bonn dá n-ionadaíocht agus dá rannpháirtíocht i bpróisis chinnteoireachta ar gach leibhéal;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go n-aithnítear rochtain ar cheartas go forleathan mar cheart bunúsach an duine faoin dlí idirnáisiúnta, mar choincheap lárnach i réimse níos leithne an cheartais, agus mar bhunchloch don smacht reachta agus don daonlathas; de bhrí go n-aithníonn an tAontas rochtain ar an gceartas mar cheart bunúsach faoi Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; de bhrí go n-éilíonn rochtain éifeachtach ar cheartas sonraí iontaofa, nósanna imeachta trédhearcacha, ceapadh beartas fianaisebhunaithe agus institiúidí neamhchlaonta lena n-áirithítear gur féidir le mná agus cailíní a gcearta a fheidhmiú gan idirdhealú; de bhrí gur ceart bunúsach de chuid an duine í rochtain ar cheartas atá bunaithe ar dhlíthe cothroma, ar fhorfheidhmiú éifeachtach, ar thacaíocht inacmhainne, ar institiúidí a fhreagraíonn do chúrsaí inscne agus ar shásraí cuntasachta; de bhrí go bhfuil dlíthe idirdhealaitheacha, steiréitíopaí inscne, bacainní airgeadais agus claontacht institiúideach fós ag cur bac ar go leor ban agus cailíní, go háirithe iad siúd a bhfuil idirdhealú trasnach os a gcomhair; de bhrí gur minic a bhíonn bacainní breise roimh mhná agus cailíní i staideanna leochaileacha, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas, iad siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe nó iargúlta agus mná scothaosta, maidir le rochtain a fháil ar cheartas agus ar thacaíocht dhlíthiúil; de bhrí go múnlaíonn an digitiú agus an intleacht shaorga rochtain ar cheartas níos mó agus níos mó, rud a éilíonn gníomhaíocht i gcoinne idirdhealú algartamach, eisiamh digiteach agus díobhálacha ar líne; de bhrí go bhfuil cúnamh dlíthiúil bunriachtanach chun rochtain chothrom a fháil ar an gceartas, agus go gcabhraíonn malartuithe sa dea-chleachtas le cáilíocht agus comhsheasmhacht na gcóras cúnaimh dhlíthiúil a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil rochtain uilíoch agus chomhionann ar cheartas do mhná agus do chailíní fós ina saincheist chasta agus chriticiúil ar fud réigiúin uile an domhain, agus go bhfuil sé thar a bheith dúshlánach i roinnt réigiún, go háirithe sna réigiúin sin ina bhfuil institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta lag; de bhrí go bhfuil díspreagadh eacnamaíoch, rochtain theoranta ar chúnamh dlíthiúil, costais arda, nósanna imeachta casta dlí, bacainní digiteacha agus teanga, easpa muiníne i gcórais bhreithiúnacha, steiréitíopaí inscne forleathana, claontachtaí ciníocha, fuath ban agus idirdhealú córasach fós ag cur bac ar mhná agus ar chailíní rochtain éifeachtach a fháil ar cheartas;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht thromchúiseach ar fud an domhain ar na leibhéil is airde de na breithiúna agus de na húdaráis ionchúisimh, go háirithe i bpoist cheannaireachta amhail uachtaráin cúirteanna, príomhbhreithiúna agus cinn oifigí ionchúisimh; de bhrí nach mór tús áite a thabhairt d’ionadaíocht chothrom inscne a bhaint amach sna comhlachtaí cinnteoireachta sin; de bhrí nach mór leanúint de chur chuige atá íogair ó thaobh inscne de a bheith ann, fiú nuair a áirithítear láithreacht na mban; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach gné na hinscne a chomhtháthú sa chinnteoireacht bhreithiúnach chun rochtain chomhionann ar cheartas a áirithiú do mhná agus do chailíní, agus gur gá measúnú a dhéanamh ar fhíorais agus an dlí a chur i bhfeidhm gan laofacht inscne nó steiréitíopaí díobhálacha, sa chinneadh féin agus sa phróiseas trína ndéantar é araon; de bhrí gur eisigh Coiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW) Moladh Ginearálta Uimh. 40 in 2024 maidir le hionadaíocht chomhionann agus chuimsitheach na mban i gcórais chinnteoireachta,  ó thaobh rochtain chomhionann agus cumhacht chomhionann araon laistigh de na córais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe go gníomhach le rannpháirtíocht níos mó de mhná in earnáil an cheartais trí thionscnaimh agus feachtais thiomnaithe; de bhrí go bhfuil ionadaíocht níos mó na mban laistigh d’institiúidí breithiúnacha nasctha le cineálacha cur chuige atá níos dírithe ar íospartaigh maidir leis an gceartas agus go bhfuil sé bunriachtanach chun a áirithiú go mbraitheann íospartaigh go dtugtar tacaíocht dóibh agus go dtugtar éisteacht dóibh nuair a thagann siad chun cinn agus nuair a lorgaíonn siad rochtain ar an gceartas; de bhrí go bhfuil gá le rialacha soiléire agus forálacha reachtacha láidre, oiliúint maidir lena gcur i bhfeidhm agus tionscnaimh múscailte feasachta maidir le hinscne agus ceartas — do gairmí in earnáil an cheartais agus don tsochaí shibhialta araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur sáruithe ar chearta bunúsacha é foréigean in aghaidh na mban, foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh; de bhrí nach mór do chórais dlí aghaidh a thabhairt go hiomlán ar riachtanais shonracha íospartach trí chosaint leordhóthanach, leigheasanna éifeachtacha dlí, seirbhísí tacaíochta inrochtana agus oiliúint leordhóthanach a chur ar fáil d’údaráis inniúla a bhíonn i dteagmháil le híospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, chun íospairt thánaisteach a sheachaint; de bhrí go bhfuil bacainní suntasacha fós roimh go leor ban agus cailíní maidir le mí-úsáid a thuairisciú agus cúnamh dlíthiúil a fháil; de bhrí nach mór gach cineál foréigin — lena n-áirítear mí-úsáid shíceolaíoch, mhothúchánach agus mheabhrach, chomh maith le rialú comhéigneach agus airgeadais — a aithint go foirmiúil; de bhrí go leanann steiréitíopaí inscne, fuath ban agus gnéasachas laistigh d’institiúidí, mar aon le constaicí struchtúracha agus nós imeachta, de bhac a chur ar íospartaigh foréigin ar mná iad agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar cheartas; de bhrí go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil speisialtóireacht bhreithiúnach san fhoréigean inscne bhunaithe éifeachtach toisc go gcomhchruinníonn sí saineolas, go bhfeabhsaíonn sí bainistiú cásanna agus go gcothaíonn sí timpeallacht atá níos íogaire ó thaobh inscne de agus níos tacúla d’íospartaigh<FOOTNOTE><FIELD> Mná na Náisiún Aontaithe, <STRING ITALIC="on">Handbook for National Action Plans on Violence against Women</STRING> [Lámhleabhar le haghaidh Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Foréigean in aghaidh na mBan], 2012.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur bacainn é ciapadh san ionad oibre agus i suíomhanna polaitiúla, breithiúnacha, acadúla nó ar líne, lena gcuirtear cosc ar mhná rochtain a fháil ar cheartas agus dul isteach i róil phoiblí agus chinnteoireachta nó fanacht iontu; de bhrí go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ag foréigean forleatach ar líne, ag an bhfuathchaint agus ag an bhfuathchoireacht atá dírithe níos mó agus níos mó ar mhná agus ar chailíní dá saol laethúil, go gcuireann siad teorainn lena rannpháirtíocht sa saol poiblí agus go mbaineann siad an bonn dá n-ionadaíocht chomhionann;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go mbíonn neamhionannais níos measa ann mar gheall ar choinbhleacht armtha, easáitiú éigeantach, iarmhairtí an athraithe aeráide agus éigeandálaí daonnúla agus go lagaíonn siad córais chosanta, rud a fhágann gur mó an baol foréigin inscnebhunaithe do mhná agus cailíní, lena n-áirítear pósadh éigeantais, foréigean gnéasach le linn idirthurais, gáinneáil, foréigean inscnebhunaithe in ionaid ghlactha nó tearmainn agus foréigean gnéasach agus céasadh a úsáidtear mar airm chogaidh; de bhrí go bhfuil foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht fós ar cheann de na sáruithe is forleithne ar chearta an duine, a úsáidtear chun sceimhle a chur ar phobail shibhialtacha, chun frithbheartaíocht a chur faoi chois agus chun pobail a scriosadh, agus go bhfuil sé ina choir chogaidh, ina choir in aghaidh an chine dhaonna nó ina ghníomhartha a chuireann le cinedhíothú faoin dlí idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil clár oibre na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil lárnach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda chomhaimseartha síochána agus slándála; de bhrí go ndéanann coinbhleachtaí armtha leanúnacha, chomh maith le bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn agus atá ag éirí níos casta, difear díréireach do mhná agus do chailíní agus go bhfuil meath tagtha ar a stádas mar thoradh orthu, agus go bhfuil iarmhairtí díobhálacha acu ar theachtadh iomlán a gceart daonna ar fud an domhain;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl ar cheann de na hionstraimí dlí idirnáisiúnta is forbartha lena mbunaítear oibleagáidí ceangailteacha chun foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gurb ionann sáruithe ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR), lena n-áirítear seirbhísí ginmhillte sábháilte agus dlíthiúla agus gach cineál foréigin chnáimhsigh agus ghínéiceolaíoch a dhiúltú, agus foréigean inscnebhunaithe agus sáruithe ar chearta bunúsacha an duine; de bhrí, faoi noirm shóisialta leanúnacha, go ndéantar foréigean inscnebhunaithe a dhlisteanú, go gcuirtear srian le rochtain ar sheirbhísí sláinte, lena n-áirítear ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe, go sanntar obair chúraim gan phá do mhná den chuid is mó, agus go bhfuil deiseanna ceannaireachta na mban teoranta; de bhrí gur ceart bunúsach de chuid an duine í rochtain ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, nach mór seasamh leis ar fud an domhain; de bhrí nach bhfuil an rochtain sin fós ag na milliúin ban, rud a fhágann go mbíonn siad neamhchosanta ar dhíobháil fhisiciúil agus ar strus eacnamaíoch agus síceolaíoch; de bhrí go bhfuil méadú scanrúil ag teacht ar bhagairtí agus ar ionsaithe i gcoinne eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine, go háirithe iad siúd a thacaíonn le SRHR;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil éigniú fós ina shárú forleathan ar chearta an duine agus gur minic a úsáidtear é mar arm cogaidh chun sceimhle a chur ar phobail shibhialtacha agus chun pobail a scriosadh; de bhrí go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach chun deireadh a chur le saoirse ó phionós, i ndáil leis sin, agus chun ceartas a áirithiú d’íospartaigh éignithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur féidir le steiréitíopáil bhreithiúnach agus noirm inscne atá i réim, mar aon le faisnéis neamhleor, bac a chur ar rochtain éifeachtach ar cheartas do mhná agus do chailíní ar íospartaigh foréigin iad agus ar marthanóirí foréigin iad; de bhrí gur féidir le foréigean inscnebhunaithe agus bacainní ar rochtain na mban ar cheartas tionchar a imirt ar a rannpháirtíocht iomlán sa saol poiblí; de bhrí go mbaineann an staid sin an bonn ó mhuinín na mban agus na gcailíní sa chóras ceartais agus go rannchuidíonn sé le tearcthuairisciú, go háirithe i gcásanna foréigin inscnebhunaithe; de bhrí go bhfuil go leor marthanóirí fós thíos le lasadh íospartach, stiogma, eagla roimh fhrithbheart agus íospairt thánaisteach, rud a dhíspreagann iad tuilleadh ó cheartas a lorg;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go leanann steiréitíopaí inscne, fuath ban agus gnéasachas laistigh den chóras breithiúnach de neamhionannais inscne a threisiú trí dhearcthaí claonta, cleachtais idirdhealaitheacha agus dinimicí cumhachta éagothroma a bhuanú; de bhrí go mbaineann na bacainní sistéamacha sin an bonn de mhuinín na mban ceartas a lorg, go gcuireann siad teorainn lena n-ionadaíocht chothrom agus go gcuireann siad le marthanacht na héagóra agus an imeallaithe i bpróisis dhlíthiúla; de bhrí go ndearna an ghluaiseacht <STRING ITALIC="on">Me Too</STRING> laofacht inscne agus steiréitíopaí inscne a nochtadh agus a cháineadh go hiomlán, gluaiseacht a rinne mná agus cailíní a shlógadh ar fud a n-ilchríoch, rud a léiríonn, in ainneoin comhthéacsanna éagsúla sóisialta, eacnamaíocha agus dlíthiúla, go bhfuil na dúshláin atá roimh mhná agus cailíní i gcórais cheartais an-chosúil lena chéile agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhbheartaithe ina leith;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">ag moladh go ndéanfaidh an Chomhairle an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>tiomantas láidir an Aontais don chomhionannas inscne a athdhearbhú agus cur chun feidhme iomlán chearta na mban agus na gcailíní a ráthú i ngach gné de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear forbairt, trádáil agus beartas eachtrach, trí chur chuige atá maoinithe go leordhóthanach, cuimsitheach agus trasnach lena dtugtar dúshlán ar steiréitíopaí inscne agus atá bunaithe ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, chun comhionannas inscne a chur chun cinn go pras;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>rannpháirtíocht iomlán na Parlaiminte agus a Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne a áirithiú sa phróiseas cinnteoireachta maidir le seasamh an Aontais ag an 70ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan; a áirithiú go mbeidh faisnéis agus rochtain leordhóthanach ag an bParlaimint faoi dhoiciméad seasaimh an Aontais roimh na caibidlíochtaí; tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhar idirinstitiúideach, lena n-áirítear le linn na gcaibidlíochtaí, ionas go ndéanfar tosaíochtaí na Parlaiminte a ionchorprú i gceart; a chur i bhfáth go bhfuil rannpháirtíocht agus ceannaireacht na mban i róil chinnteoireachta fós gann, lena n-áirítear sa bheartas eachtrach agus i gcothú na síochána; a aithint go bhfuil sé léirithe i staidéir go bhfuil seans níos fearr ag comhaontuithe síochána ar thángthas orthu le rannpháirtíocht ghníomhach na mban a bheith inbhuanaithe agus éifeachtach<FOOTNOTE><FIELD> Staidéar – <STRING ITALIC="on">Women’s role in peace processes</STRING> [Ról na mBan i bpróisis síochána] Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, Bealtaine 2019.</FIELD></FOOTNOTE>; a chur in iúl go gcuirtear i bhfios go láidir sna measúnuithe domhanda a rinneadh le déanaí, in ainneoin na ngealltanas atá ann faoi láthair, go bhfuil an dul chun cinn maidir le rannpháirtíocht agus ceannaireacht iomlán, chomhionann agus fhóinteach na mban i bpróisis síochána agus slándála fós teoranta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>tiomantas an Aontais don chomhionannas inscne mar thosaíocht chothrománach a athdhearbhú; tacú le luachanna na héagsúlachta, an chomhionannais agus an chuimsithe agus iad a chur chun cinn; béim a leagan ar an ngá atá le huirlis chuimsitheach a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar chúlú daonlathach agus ar chúlú ar chearta na mban, atá nasctha go dlúth, agus chun cur ina gcoinne; a bheith ar thús cadhnaíochta sa chomhrac domhanda in aghaidh na frithfhreagartha i gcoinne an chomhionannais inscne, agus cáineadh láidir a dhéanamh ar na hionsaithe a rinne gluaiseachtaí frithinscne agus frithchearta, a scaipeann bréaga, a bhaineann an bonn den daonlathas agus a dhíríonn ar chearta na mban agus ar chearta LADTIA+;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>a áirithiú go mbeidh ionstraimí an Aontais agus ionstraimí idirnáisiúnta comhlántach agus uaillmhianach, agus go mbeidh forálacha láidre substainteacha iontu chun mná agus cailíní a chumhachtú agus chun rochtain ar cheartas a ráthú; a chur i bhfáth go bhfuil an ceart chun cúnaimh dhlíthiúil agus abhcóideachta dlíthiúla bunriachtanach chun rochtain uilíoch agus chomhionann ar cheartas a ráthú do chách agus chun rannpháirtíocht éifeachtach in imeachtaí ábhartha a ráthú; a chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil bacainní struchtúracha agus praiticiúla roimh dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe mná agus cailíní faoi mhíchumas, maidir le rochtain a fháil ar cheartas agus ar rannpháirtíocht phoiblí; béim a leagan ar an ngá atá le bearta sonracha chun a áirithiú go gcuimseofar go hiomlán iad agus go mbeidh rochtain uilíoch acu ar chosaint éifeachtach; a áirithiú go léireoidh an tAontas ceannaireacht láidir agus go nglacfaidh sé seasamh aontaithe maidir le córais cheartais chuimsitheacha neamhchlaonta; tacú le creataí dlíthiúla cuimsitheacha lena gcosnaítear cearta na mban agus lena n-áirithítear rannpháirtíocht iomlán agus chomhionann na mban, na gcailíní agus na ndaoine ina n-éagsúlacht uile faoin dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta araon; a iarraidh go n-áiritheofaí agus go gcuirfí chun cinn ceart na n-íospartach cúiteamh tráthúil a fháil, ar cúiteamh é a íocann ciontóirí, laistigh d’imeachtaí coiriúla agus go ndéanfaí dea-chleachtas a mhalartú chun íospairt thánaisteach a chosc, lena n-áirítear trí shásraí seachaíochta stáit;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>gníomhaíocht a dhéanamh chun na gealltanais atá ann cheana maidir le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áiritheofar cosaint chearta comhionanna an duine agus saoirsí bunúsacha na mban gan idirdhealú, chun a rannpháirtíocht sa saol poiblí a chur chun cinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(fa)</SYMBOL>béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé tacú le beartais phoiblí lena gcuirtear an máithreachas chun cinn agus lena dtacaítear leis;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé rochtain éifeachtach ar an gceartas a ráthú do mhná agus do chailíní ar gach leibhéal, lena n-áirítear bealaí tuairiscithe soiléire agus próiseáil thapa beart cosanta agus tacaíochta; deireadh a chur le bacainní, go háirithe do ghrúpaí ban faoi mhíbhuntáiste agus leochaileacha, a mbíonn bacainní rompu go minic maidir le rochtain a fháil ar cheartas, mar gheall ar éifeacht iolraithe na n-acmhainní teoranta agus tearcmhaoinithe laistigh den chóras ceartais, chomh maith le tosca socheacnamaíocha agus soch-chultúrtha agus idirdhealú trasnach; seirbhísí tacaíochta agus cosanta leordhóthanacha íospartach-lárnacha a áirithiú i gcásanna foréigin inscnebhunaithe, agus cosc a chur ar aon chineál íospartha tánaistí nuair a thugtar tuairiscí do na póilíní nó le linn imeachtaí cúirte; a thabhairt chun suntais go bhfuil neamhionannas eacnamaíoch fós ina bhac suntasach ar rochtain a fháil ar cheartas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>béim a leagan ar an ngá atá ann apartheid inscne a aithint mar choir in aghaidh an chine dhaonna faoi Reacht na Róimhe agus tacú lena haitheantas idirnáisiúnta, chun rochtain ar cheartas, cuntasacht agus an fhéidearthacht ionchúisimh ag cúirteanna idirnáisiúnta a áirithiú; tacú leis an sainmhíniú ar Mheitheal na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan agus na gCailíní de apartheid inscne mar ghníomhartha laistigh de chóras institiúidithe idirdhealaithe agus forlámhas inscnebhunaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>malartú dea-chleachtas a áirithiú, lena n-áirítear trí oiliúint bhreithiúnach, maidir le tionchair shíceolaíocha, mheabhracha, fhisiceacha, chomhéigneacha agus airgeadais an fhoréigin inscnebhunaithe; gealltanas a thabhairt gné na hinscne a chomhtháthú sa chinnteoireacht bhreithiúnach agus an ghné sin a spreagadh; an fhéidearthacht dlíodóirí baineanna a chur ar fáil d’íospartaigh arna iarraidh sin; oiliúint atá íogair ó thaobh inscne de agus íospartach-lárnach a chur chun cinn d’oifigigh a bhíonn i dteagmháil le híospartaigh, i gcomhréir lena bhfeidhmeanna, lena n-áirítear póilíní, ionchúisitheoirí agus breithiúna, chun íospairt thánaisteach a chosc, chun dul i ngleic le steiréitíopaí agus claontachtaí inscne, agus chun a áirithiú go gcaithfear go measúil agus go neamh-idirdhealaitheach le híospartaigh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh faisnéis inrochtana, chuimsitheach agus chomhleanúnach ag mná agus cailíní faoina gcearta, faoina dtacaíocht agus faoina gcosaint, trí gach céim den phróiseas breithiúnach, go háirithe i gcásanna foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh, lena n-áirítear trí thionscnaimh múscailte feasachta; béim a leagan ar an ngá atá le tacú le cláir um chumhachtú dlíthiúil an phobail lena gcuidítear le mná agus cailíní a gcearta a thuiscint agus a fheidhmiú agus lena spreagtar seirbhísí tacaíochta ginearálta agus speisialaithe araon a bhunú d’íospartaigh coireanna, agus a gcomhordú éifeachtach agus a modhanna tarchuir a áirithiú; béim a leagan ar an ról lárnach atá ag na seirbhísí sin maidir le híospartaigh a chur ar an eolas faoina gcearta agus maidir lena rochtain ar cheartas a éascú; a áirithiú go mbeidh sé éasca rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil d’íospartaigh agus go mbeidh sí ar fáil i dteanga shimplí; línte cabhracha d’íospartaigh a chur chun cinn agus a n-úsáid agus a áirithiú go mbeidh siad ar fáil trí bhealaí éagsúla, lena n-áirítear teicneolaíochtaí teileafóin, faisnéise agus cumarsáide; a aithint go gcuireann rochtain theoranta ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide in go leor tíortha ar fud an domhain bac ar leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na mban agus na gcailíní;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>gealltanas a thabhairt rochtain ar chúnamh dlíthiúil a áirithiú d’íospartaigh ó thús imeachtaí sibhialta nó coiriúla agus an cur chuige sin a chur chun cinn ar fud an domhain, in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta; a iarraidh go ndéanfaí gné na hinscne a ionchorprú i ngach beartas, dlí, nós imeachta, clár agus cleachtas chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní sonracha a bhíonn roimh mhná agus cailíní, lena n-áirítear feasacht theoranta ar chearta, dearcthaí idirdhealaitheacha agus steiréitíopaí inscne laistigh de chórais cheartais, agus infhaighteacht neamhleor seirbhísí speisialaithe, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta; an cleachtas a chur chun cinn maidir le measúnú a dhéanamh ar cheart na mban agus na gcailíní chun cúnaimh dhlíthiúil bunaithe ar a n-acmhainní airgeadais féin amháin, neamhspleách ar ioncam a bhfear céile, a gcomhpháirtithe nó a dteaghlach, rud atá ábhartha go háirithe i gcásanna foréigin inscnebhunaithe; a thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de maidir le rochtain ar cheartas, torthaí cáis, úsáid cúnaimh dhlíthiúil agus bacainní, chun tacú le ceapadh beartas fianaisebhunaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(l)</SYMBOL>ceannaireacht na mban, rannpháirtíocht chomhionann agus ionadaíocht mhéadaithe na mban sa bhreithiúnacht agus ina comhlachtaí rialaithe a chur chun cinn agus céimeanna gníomhacha a ghlacadh chun rochtain leathan na mban ó mhionlaigh agus ó ghrúpaí imeallaithe ar ghairm an dlí a chur chun cinn, d’fhonn bacainní struchtúracha laistigh den chóras ceartais a dhíchur agus breithiúna cothroma ionadaíocha a chothú, agus ar an gcaoi sin comhionannas deiseanna a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(m)</SYMBOL>gníomhaíochtaí agus bearta nithiúla a chur chun cinn agus tacú leo chun rannpháirtíocht agus ceannaireacht na mban i gcinnteoireacht sa saol poiblí a áirithiú, lena n-áirítear i réimsí an bheartais eachtraigh, na cosanta agus na slándála agus coinbhleachtaí agus géarchéimeanna a chosc, a bhainistiú agus a réiteach; béim a leagan ar an ngá atá le modheolaíocht chomhchoiteann rianaithe chun sonraí a bhailiú maidir le rannpháirtíocht na mban sna hearnálacha sin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(n)</SYMBOL>tacú go gníomhach le Moladh Ginearálta CEDAW 2024 Uimh. 40 maidir le hionadaíocht chomhionann agus chuimsitheach na mban i gcórais chinnteoireachta, a shainmhínítear mar phaireacht 50:50 idir mná agus fir ina n-éagsúlacht uile ó thaobh rochtain chomhionann ar chórais chinnteoireachta agus cumhacht chomhionann laistigh díobh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(o)</SYMBOL>rannpháirtíocht fhóinteach na mban a spreagadh ar gach leibhéal den chinnteoireacht sa bheartas eachtrach, slándála agus cosanta, agus i réiteach coinbhleachta, san Aontas agus ar fud an domhain araon;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(p)</SYMBOL>gníomhaíocht a dhéanamh chun na gealltanais atá ann cheana maidir le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun feidhme go práinneach agus go hiomlán, lena n-áiritheofar cosaint chearta comhionanna an duine agus saoirsí bunúsacha na mban gan idirdhealú, lena n-áirítear trí institiúidí agus beartais láidre phoiblí lena ráthaítear comhdheiseanna, chun a rannpháirtíocht éifeachtach agus iomlán sa saol poiblí a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin a rannpháirtíocht i bpróisis chinnteoireachta a éascú; an fhuathchaint ar líne atá dírithe ar mhná agus a tionchar ar a rannpháirtíocht sa saol poiblí a cháineadh, agus tacú le litearthacht sna meáin agus le cláir sábháilteachta digití do mhná agus do chailíní;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(q)</SYMBOL>a chur i bhfáth go gcothaítear torthaí níos fearr do phobail, rochtain ar cheartas agus síocháin níos inbhuanaithe trí mhná agus eagraíochtaí um chearta na mban a chumhachtú agus trí thacú le rannpháirtíocht na mban i gcinnteoireacht a bhaineann le beartas seachtrach agus coinbhleacht; cáineadh soiléir a dhéanamh ar chiorruithe cistiúcháin a rinneadh le déanaí ar eagraíochtaí ban, ar eagraíochtaí um chearta na mban agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann foréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus a chumhachtaíonn mná chun rochtain a fháil ar cheartas; ina theannta sin, cistiú inbhuanaithe agus cosaint dhlíthiúil a áirithiú d’eagraíochtaí feimineacha agus LGBTIQ+, go háirithe grúpaí pobail atá faoi ionsaí mar gheall ar an laghdú atá ag teacht ar an spás sibhialta agus ar dhlíthe sriantacha atá dírithe ar eagraíochtaí neamhrialtasacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(r)</SYMBOL>sainordú CSW na Náisiún Aontaithe a chosaint i bhfianaise iarrachtaí na Stát Aontaithe agus na dtíortha ailínithe tosaíochtaí comhaontaithe maidir le comhionannas inscne a lagú, agus a chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh brú polaitiúil den sórt sin, mar aon le ciorruithe cistiúcháin ar chláir um chomhionannas inscne, an bonn a bhaint d’éifeachtacht agus d’inchreidteacht CSW; dlús a chur le cistiú cabhrach um fhorbairt chun an bhearna atá fágtha tar éis rolladh siar Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta a chúiteamh; a athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le hobair Mhná na Náisiún Aontaithe, ar gníomhaí lárnach é i gcóras na Náisiún Aontaithe chun cearta na mban ina n-éagsúlacht uile a chur chun cinn agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile a thabhairt le chéile chun athrú beartais a chruthú agus gníomhaíochtaí a chomhordú; tathant ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe, in éineacht leis an Aontas, cistiú leormhaith a áirithiú do Mhná na Náisiún Aontaithe; gealltanas a thabhairt cistiú leordhóthanach a chur ar fáil don chomhionannas inscne agus do chearta na mban, lena n-áirítear SRHR;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(s)</SYMBOL>príomhshruthú inscne agus buiséadú inscne a chur i bhfeidhm i réimsí beartais uile an Aontais, lena n-áirítear gníomhaíocht sheachtrach; a chur i bhfáth gur gá do stáit cistiú leormhaith, leordhóthanach agus intuartha a leithdháileadh do chúnamh dlíthiúil inscne-fhreagrúil agus do sheirbhísí tacaíochta, go háirithe do mharthanóirí foréigin inscnebhunaithe, agus rochtain leordhóthanach ar chúiteamh, ós rud é go ndéanann na bacainní atá ann faoi láthair difear díréireach do rochtain na mban ar cheartas; béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar bhacainní praiticiúla, réigiúnacha agus inrochtaineachta a chuireann bac ar rochtain na mban agus na ngrúpaí leochaileacha ar an gceartas, go háirithe i réigiúin thuaithe, iargúlta agus faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch; béim a leagan ar na dúshláin shonracha atá roimh mhná faoi mhíchumas, mná scothaosta agus tuismitheoirí aonair, lena n-áirítear bacainní fisiciúla inrochtaineachta agus easpa seirbhísí tacaíochta saincheaptha; a aithint gur minic a bhíonn cúnamh dlíthiúil tearcmhaoinithe nó go ndéantar tearcluacháil air, rud a chruthaíonn bacainn eile fós do mhná i gcásanna géarchéime a lorgaíonn rochtain ar cheartas, rud a dhéanann difear díréireach do mhná i bpoist shocheacnamaíocha níos ísle agus dóibh siúd is leochailí, ó thaobh rochtain a fháil ar cheartas nuair a sháraítear a gcearta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(t)</SYMBOL>tiomantas an Aontais a athdhearbhú maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean gnéasach, a chomhrac agus deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós ina leith; tacú le deireadh a chur le saoirse ó phionós i gcás gach cineál foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean teaghlaigh, foréigean gnéasach, gáinneáil agus cleachtais dhíobhálacha; dlús a chur le cur chun feidhme gealltanas idirnáisiúnta chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní a chosc agus freagairt dó a thuilleadh i réimsí poiblí agus príobháideacha araon, lena n-áirítear éigniú, ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantais, cleachtais tiontúcháin mar a thugtar orthu, comhroinnt neamhthoiliúil ábhair phearsanta nó ionramháilte, domhainbhrionnuithe agus ábhar a ghintear leis an intleacht shaorga, cibearstalcaireacht, cibearchiapadh, cibearsplancáil, cibirghríosú chun foréigin nó fuatha, fuathchaint agus fuathchoireanna; béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an mbagairt a bhaineann le teicneolaíocht atá á hionramháil ag IS agus tacú, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, le gníomhaíocht níos láidre i gcoinne an fhoréigin ar líne, a dhéanann difear díréireach do mhná agus a chuireann bac ar a rannpháirtíocht iomlán sa saol poiblí; tathant ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne grinnscrúdú poiblí a dhéanamh ar a measúnuithe riosca bliantúla agus ar a mbearta maolaithe a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe chun taighde agus réitigh níos fearr a chumasú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(u)</SYMBOL>a chur i bhfios go láidir gurb ionann easpa rochtana ar SRHR nó diúltú rochtana ar SRHR, lena n-áirítear ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, agus cineál foréigin inscnebhunaithe agus sárú ar chearta an duine agus ar chearta bunúsacha; a iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí chun rochtain leathan agus chothrom ar SRHR a áirithiú ar fud an domhain, agus a athdhearbhú gur cuid bhunúsach de SRHR na mban í rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil agus go bhfuil sí bunriachtanach dá neamhspleáchas coirp; rochtain shábháilte ar ghinmhilleadh, ar fhrithghiniúint agus ar chúram máthartha a éileamh do chách, go háirithe frithghiniúint éigeandála, tástáil le haghaidh ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha agus próifiolacsas iartheagmhála; rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte atá íogair ó thaobh inscne de a áirithiú do mhná óga agus do dhaoine LADTIA+, agus aitheantas á thabhairt don mheabhairshláinte mar ghné ríthábhachtach den rannpháirtíocht agus den chomhionannas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(v)</SYMBOL>a áirithiú go ndéanfar rochtain ar SRHR a chur chun cinn go gníomhach i mbeartais sheachtracha an Aontais mar chuid de na SDGanna a bhaint amach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(w)</SYMBOL>a athdhearbhú go bhfuil éigniú fós ar cheann de na sáruithe is forleithne ar chearta an duine ar fud an domhain; a chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé reachtaíocht um éigniú atá bunaithe ar thoiliú a ghlacadh mar ghné bhunriachtanach de chur chuige cuimsitheach chun foréigean gnéasach in aghaidh na mban agus na gcailíní a chomhrac; tacú le sainmhíniú atá bunaithe ar thoiliú ar éigniú mar chaighdeán uilíoch ar fud an domhain, arb é is aidhm dó cosaintí dlíthiúla a fheabhsú agus a áirithiú go saineofar foréigean gnéasach trí easpa toilithe, seachas trí úsáid a bhaint as foréigean, comhéigean nó bagairt amháin; an coincheap a chur chun cinn nach ionann tost agus easpa frithbheartaíochta na n-íospartach agus toiliú; a chur i bhfios go láidir nach dtugtar le tuiscint le toiliú roimh ré ná le caidreamh atá ann cheana go bhfuil toiliú leanúnach nó toiliú amach anseo ann le haghaidh aon ghníomhartha gnéasacha; a iarraidh, i ndáil leis sin, ar gach tír sainmhíniú ar éigniú atá bunaithe ar thoiliú a thabhairt isteach agus rochtain ar cheartas a ráthú do mharthanóirí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(x)</SYMBOL>úsáid an éignithe agus cineálacha eile foréigin ghnéasaigh mar arm cogaidh a cháineadh go láidir agus a mheabhrú go bhfuil gníomhartha den sórt sin ina gcoireanna cogaidh nó ina gcoireanna in aghaidh an chine dhaonna faoin dlí idirnáisiúnta; oibriú go gníomhach chun ionchúiseamh agus cuntasacht na gcineálacha coireanna sin a áirithiú ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine a chur i bhfeidhm; tacaíocht a neartú d’iarrachtaí idirnáisiúnta chun na coireanna sin a dhoiciméadú i gcoinbhleachtaí leanúnacha agus do bhearta coisctheacha; a iarraidh, thairis sin, go dtabharfaí tacaíocht ghníomhach do gach tionscnamh atá dírithe ar chuntasacht a áirithiú do dhéantóirí coire agus ar rochtain ar cheartas a áirithiú do mharthanóirí éignithe mar arm cogaidh, á aithint, i gcomhréir le Rialachán 1820 (2008) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, go bhfuil éigniú agus cineálacha eile foréigin ghnéasaigh ina gcoireanna cogaidh, ina gcoireanna in aghaidh an chine dhaonna, nó ina ngníomhartha a chuireann le cinedhíothú; dlúthchomhar Eurojust leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) a chur chun cinn maidir le doiciméadú a dhéanamh ar éigniú cogaidh, ar mhí-úsáid agus ar chineálacha eile foréigin ghnéasaigh san Úcráin, agus a iarraidh ar an Aontas, ar Eurojust agus ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta iarrachtaí doiciméadachta atá comhordaithe, bunaithe ar thráma agus íospartach-lárnach a neartú a thuilleadh, agus creataí comhair a chruthú ar fud an domhain do limistéir choinbhleachta eile, chun a áirithiú go ndéanfar íospartaigh a shainaithint, a chosaint agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar an gceartas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(y)</SYMBOL>béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé aitheantas iomlán a thabhairt do mhná trasinscneacha mar mhná, ag tabhairt dá haire go bhfuil a gcuimsiú bunriachtanach d’éifeachtacht aon bheartais maidir le comhionannas inscne agus frithfhoréigean; a iarraidh go dtabharfaí aitheantas do mhná trasinscneacha agus go dtabharfaí rochtain chomhionann dóibh ar sheirbhísí cosanta agus tacaíochta;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(z)</SYMBOL>a iarraidh ar na tíortha uile nár dhaingnigh Coinbhinsiún Iostanbúl go fóill é sin a dhéanamh agus glacadh domhanda a chaighdeán cuimsitheach a chur chun cinn chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aa)</SYMBOL>a iarraidh ar rialtais agus ar chomhlachtaí idirnáisiúnta aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sonracha a bhíonn roimh mhná agus cailíní de bharr foréigin in ionaid ghlactha agus nósanna imeachta measúnaithe aoise a fheabhsú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ab)</SYMBOL>tacú le ceart na gcailíní chun oideachais chuimsithigh, chothroim agus ardcháilíochta, mar phríomhspreagadh do chumhachtú agus do bhaint amach an chomhionannais inscne, lena dtabharfar dóibh an t-eolas, na scileanna, na deiseanna agus na cumais atá riachtanach dá saol ar fad, lena gcuirfear ar a gcumas a gcearta a éileamh, rochtain a fháil ar cheartas, páirt iomlán a ghlacadh sa saol poiblí, agus foréigean inscnebhunaithe a chomhrac; a chur i bhfios a thábhachtaí atá sé cumhachtú na mban a chur chun cinn trí oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach, cothrom agus ar ardchaighdeán, atá ríthábhachtach chun steiréitíopaí, dearcthaí agus claontachtaí inscne ina ngnéithe uile a chomhrac agus chun neamhionannais leanúnacha a chomhrac; a mheabhrú a thábhachtaí atá sé foréigean inscnebhunaithe a chosc trí fheachtais leordhóthanacha agus gníomhaíochtaí eile, lena n-áirítear trí litearthacht sna meáin dhigiteacha a mhéadú, agus trí oideachas ábhartha, spriocdhírithe maidir le caidrimh chuimsitheacha agus gnéasacht atá oiriúnach ó thaobh aoise de, chun eolas faoi shláine coirp a mhéadú; a thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tuiscint níos doimhne ar ghluaiseachtaí frithchearta agus frithinscne, lena n-áirítear bréagaisnéis maidir le comhionannas inscne, an feiniméan <STRING ITALIC="on">incel</STRING> agus fuath ban agus, go háirithe, a léiriú ar líne ar a dtugtar an fearsféar; tacú le beartais níos gníomhaí chun dul i ngleic leis na feiniméin sin agus lena n-insintí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ac)</SYMBOL>a chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar díréireach tubaisteach ag cogaidh agus ag coinbhleachtaí ar mhná, agus tacú leis an tsíocháin agus le caibidlíochtaí cuimsitheacha ar fud an domhain mar bhealaí bunriachtanacha chun deireadh a chur le coinbhleachtaí agus leis an bhforéigean a bhíonn os comhair na mban agus na gcailíní sna suíomhanna sin; aitheantas a thabhairt don obair iontach a dhéanann mná atá ag fónamh i misin síochánaíochta na Náisiún Aontaithe trasna na limistéar coinbhleachta; a chur i bhfáth go bhfuil cearta na mban agus comhionannas inscne bunriachtanach don smacht reachta agus do dhaonlathais athléimneacha agus chuimsitheacha; a thabhairt chun suntais, agus é ina ábhar imní di, go leanann na milliúin ban agus cailíní, go háirithe i gcomhthéacs coinbhleachta agus easáitithe, d’idirdhealú, d’fhoréigean agus de dhiúltú dá ndínit agus dá n-inniúlacht gníomhaithe a fhulaingt;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ad)</SYMBOL>an tAontas a thiomnú do bheartas eachtrach, forbartha agus slándála, atá cuimsitheach agus trasnach, agus tús áite á thabhairt do riachtanais na mban agus chosantóirí chearta an duine LADTIA+;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ae)</SYMBOL>a chur i bhfáth go bhfuil feimeamharú, a shainmhínítear mar mharú ban agus cailíní a bhaineann le hinscne, ar cheann de na cineálacha foréigin inscnebhunaithe is measa agus gur sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha uilíocha é; ag cáineadh go láidir nach ann do shainmhíniú comhchuibhithe ar an gcoir sin agus na neamhréireachtaí leanúnacha maidir le bailiú agus tuairisciú sonraí ina leith, rud a chuireann bac mór ar chosc éifeachtach agus ar cheapadh beartas fianaisebhunaithe; a iarraidh go dtabharfaí aitheantas domhanda don choir sin agus go ndéanfaí iarrachtaí domhanda chun deireadh a chur leis an bhfeimeamharú;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an moladh sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus, mar eolas, chuig Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RECOM></TXTLST></SDOCTA>