<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0056</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ceithre bliana de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus rannchuidiú na hEorpa le síocháin chóir agus slándáil leanúnach don Úcráin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(B10-0143, 0144, 0145, 0146 agus 0147/2026)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Feabhra 2026 maidir le ceithre bliana de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus rannchuidiú na hEorpa le síocháin chóir agus slándáil leanúnach don Úcráin (2026/2599(RSP))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Úcráin agus leis an Rúis,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 167(2) agus 136(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, 4 bliana ó shin, an 24 Feabhra 2022, gur sheol Cónaidhm na Rúise cogadh foghach brúidiúil gan chúis, gan údar agus neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine; de bhrí gur thosaigh fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine in 2014 le forghabháil codanna de réigiún Donbas agus le hionghabháil na Crimé;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, d’ainneoin cáineadh leathan idirnáisiúnta agus smachtbhannaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, go bhfuil an Rúis ag géarú ar a hiarrachtaí cogaidh trí ionsaithe spriocdhírithe ar bhonneagar criticiúil fuinnimh, ar fhoirgnimh chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach; de bhrí go bhfuil na milliúin duine san Úcráin ag iarraidh teacht slán as teochtaí an gheimhridh atá faoi bhun an reophointe le leictreachas, téamh agus uisce reatha teoranta; de bhrí go bhfuil iarmhairtí tubaisteacha ag an damáiste atá déanta ag an Rúis don chomhshaol le 4 bliana anuas ar acmhainní nádúrtha na hÚcráine, ar éiceachórais chriticiúla agus ar shláinte, slite beatha agus slándáil mhuintir na hÚcráine;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur sholáthair an Iaráin, an Chóiré Thuaidh agus an Bhealarúis, seachadtaí suntasacha arm agus armlón don Rúis, agus gur lig an Bhealarúis don Rúis a críoch a úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin arb ionann é agus gníomh foghach faoin dlí idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil an tSín anois ina príomháisitheoir d’iarracht chogaidh na Rúise trína tacaíocht eacnamaíoch agus thionscalchosanta; de bhrí go bhfuil na mílte Cúbach agus náisiúnach eachtrach eile ag troid taobh le trúpaí na Rúise san Úcráin; de bhrí, in éineacht le hamhais agus earcaigh shaorálacha, go dtuairiscítear go bhfuil os cionn 1 400 saoránach de 36 náisiún na hAfraice ag troid ar son na Rúise;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndearna Grúpa Wagner agus a eintitis chomharba céasadh agus maruithe seachbhreithiúnacha go córasach, gur úsáid siad foréigean gnéasach mar arm cogaidh agus go ndearna siad oibríochtaí díchobhsaithe ar fud na hÚcráine a chur i gcrích; de bhrí go bhfuil smachtbhannaí an Aontais i gcoinne daoine aonair agus eintitis a bhfuil baint acu le Grúpa Wagner neamhleor i gcónaí chun earcaitheoirí, comhraiceoirí agus tacadóirí a ionchúiseamh, agus nach ndéantar aon phionóis choiriúla a ghearradh orthu faoi na bearta ata ann faoi láthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil doiciméadú déanta ag an Úcráin agus ag comhlachtaí idirnáisiúnta ar na céadta príosúnach cogaidh ón Úcráin a chuir fórsaí na Rúise chun báis; de bhrí gur sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chearta an duine iad na básuithe sin agus go n-aithnítear go sainráite iad mar choireanna cogaidh faoi Choinbhinsiúin na Ginéive agus faoi Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Rúis ag síorghabháil do ghníomhartha cogaíochta hibridí ar fud AE, lena n-áirítear trí chibirionsaithe, feachtais bhréagaisnéise agus trasnaíocht toghcháin, agus i mbriogadh míleata, lena n-áirítear sáruithe ar aerspás ag scairdeitleáin trodaíochta agus stríocdhróin fadraoin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur bhain cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine an bonn go mór ó shlándáil na hEorpa agus an domhain agus gur cuid de chlár oibre impiriúlaíoch agus leathnaitheach níos leithne é; de bhrí nach mór ráthaíochtaí slándála inchreidte, láidre a bheith mar bhonn taca le comhaontú síochána, chun aon fhogha athnuaite ón Rúis a chosc agus chun gníomhú ina choinne láithreach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go ndearnadh ar a laghad 20 000, agus b’fhéidir suas le 35 000 leanbh Úcránach a dhíbirt go héigeantach chun na Rúise agus na Bealarúise nó a choinneáil sna críocha Úcránacha faoi fhorghabháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil líon neamhchinntithe príosúnach cogaidh agus sibhialtach Úcránach faoi choinneáil incommunicado á gcoinneáil ag Póilíní Míleata Aireacht Cosanta na Rúise, ag an tSeirbhís Slándála Cónaidhme agus ag an tSeirbhís Pheannaideach Chónaidhme, agus go measann eagraíochtaí chearta an duine san Úcráin gur baineadh a saoirse de suas le 16 000 sibhialtach Úcránach go neamhdhleathach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát fós ag íoc na Rúise as breoslaí iontaise ar bhonn míosúil, agus EUR 1,3 billiún á chaitheamh acu ar bhreoslaí iontaise na Rúise i mí na Nollag 2025 amháin; de bhrí gurb é an tAontas Eorpach fós an ceannaitheoir is mó de ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus gás píblíne na Rúise, arb ionann iad agus beagnach leath (49 %) d’onnmhairí iomlána GNL na Rúise agus 35 % d’onnmhairí gáis píblíne na Rúise;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt ómós do na mílte a thug a mbeatha ar son Úcráin shaor dhaonlathach agus chun ár gcomhluachanna Eorpacha a chosaint thar cheithre bliana chogadh foghach na Rúise; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil athléimneacht na hÚcráine fós ina léiriú marthanach ar neart an daonlathais nuair a bhíonn an tíoránacht le sárú aici; á athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine agus le ceannaireacht na hÚcráine agus a tacaíochta do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; á chur in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán le síocháin chóir, chuimsitheach agus bhuan san Úcráin, bunaithe ar théarmaí arna gcinneadh ag an Úcráin agus atá inghlactha ag a muintir; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ceart bunúsach féinchosanta ag an Úcráine i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe; á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir nach mór go dteipfeadh ar ionsaí na Rúise agus go mbeadh forlámhas ag an Úcráin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur sárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar Chairt na Náisiún Aontaithe é cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le hionsaí gan fasach ar ailtireacht slándála na hEorpa; á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht iomlán ar an Rúis, ar a lucht ceannais agus ar a comhghuaillithe, amhail réimeas na Bealarúise, as an gcogadh, as coireanna cogaidh agus as coir an fhogha, agus á iarraidh go dtabharfaí chun cuntais go hiomlán iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á athdhearbhú go gcáineann sí, sna téarmaí is láidre is féidir, géarchogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le rannpháirtíocht na Cóiré Thuaidh agus na hIaráine; á éileamh ar an Rúis agus ar a seachfhórsaí scor láithreach, go hiomlán agus gan choinníoll, de gach ionsaí ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach, scor de gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin agus gach fórsa míleata, seach-ionadaí agus trealamh míleata a tharraingt siar ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, gach príosúnach cogaidh, gach duine atá á choinneáil go polaitiúil, gach leanbh agus sibhialtach fuadaithe a scaoileadh saor agus a thabhairt ar ais, agus scor go buan de shárú nó bagairt ar cheannasacht, ar neamhspleáchas agus ar shláine chríochach na hÚcráine; á athdhearbhú go leanfaidh AE gan aitheantas a thabhairt do chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach mar chríoch na Rúise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á athdhearbhú gur in AE atá todhchaí na hÚcráine; ag aithint lánpháirtiú Eorpach na hÚcráine mar thosaíocht straitéiseach do AE agus á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit ullmhú don mhéadú amach anseo trí athchóirithe inmheánacha a chur chun feidhme agus trí straitéis shoiléir a fhorbairt i gcomhair an mhéadaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dlús a chur le comhtháthú na hÚcráine de réir a chéile i margadh aonair AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tathant ar AE agus ar a Bhallstáit níos mó freagrachta a ghlacadh as an tslándáil ar mhór-roinn na hEorpa agus leanúint de bhuantacaíocht a chur ar fáil don Úcráin; á thabhairt chun suntais go dtéann aon chomhaontú atá dírithe ar dheireadh a chur le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine i bhfad thar an Rúis agus an Úcráin, agus go bhfuil impleachtaí móra aige d’ord slándála na hEorpa ina iomláine; á áitiú nár cheart faic faoin Úcráin a shocrú gan an Úcráin agus faic faoin Eoraip gan an Eoraip;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi glacadh an dlí a cheadóidh do pharóistí Ceartchreidmheacha na hÚcráine dícheangal ó dhlínse Phatrarcacht Mhoscó agus cinneadh a dhéanamh go saor maidir lena gcleamhnacht ordlathach nua; ag tabhairt dá haire, i mí Lúnasa 2024, gur thíolaic paróistí Ceartchreidmheacha na Rómáine san Úcráin iarraidh ar aitheantas a thabhairt don ‘Eaglais Cheartchreidmheach Rómánach san Úcráin’ mar chomhlachas reiligiúnach sa chaoi go bhféadfadh paróistí Ceartchreidmheacha na Rómáine nach gcleamhnaíonn le dlínse Phatrarcacht Mhoscó a bheith cleamhnaithe léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas, ar a Bhallstáit, ar a gcomhghuaillithe trasatlantacha agus ar a gcomhpháirtithe idirnáisiúnta iarrachtaí míleata, polaitiúla agus taidhleoireachta níos éifeachtaí fós a dhéanamh, agus go háirithe tacaíocht mhíleata don Úcráin a mhéadú go mór agus brú cuimsitheach ar an Rúis a mhéadú go suntasach chun deireadh a chur go cinntitheach le cogadh foghach na Rúise agus chun a chur ar chumas na hÚcráine a muintir uile a shaoradh agus smacht iomlán ar a críoch iomlán a athbhunú laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur díol sásaimh di na conclúidí ón gcruinniú a bhí ag ‘comhghuaillíocht na dtíortha toilteanacha’ i bPáras an 6 Eanáir 2026; á chur in iúl gur geal léi go mór an togra le haghaidh fórsa ilnáisiúnta ‘athdhearbhaithe’ don Úcráin; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú chun gealltanais atá ceangailteach ó thaobh na polaitíochta agus an dlí de a thabhairt chun críche chun an tsíocháin agus an tslándáil a athbhunú i gcás ionsaí armtha iarshos comhraic ón Rúis amach anseo, agus creat soiléir chun tacú leis an Úcráin, lena n-áirítear a cumais mhíleata fhadtéarmacha a chothú agus comhar cosanta níos doimhne; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach gcuirfí na ráthaíochtaí slándála sin chun feidhme go dtí go gcomhaontófaí ar shos comhraic; ag tabhairt dá haire go bhfuil cainteanna ann ar shásra faireacháin agus fíoraithe sosa cogaidh; á chur i bhfios go láidir gur gá na tograí uaillmhianacha sin a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nár cheart go gcuirfeadh aon chomhaontú síochána teorainneacha ar chumas na hÚcráine í féin a chosaint agus nach mór é a bheith bunaithe ar lánurraim do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, ar chuntasacht as coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coir an fhogha, agus ar chúiteamh ón Rúis as an damáiste ollmhór a rinneadh san Úcráin; á chur i bhfios go láidir nach mór aon chomhaontú den sórt sin a chomhlánú le ráthaíochtaí láidre agus inchreidte slándála don Úcráin, arb ionann iad agus leibhéal Airteagal 5 de Chonradh Washington agus Airteagal 42(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus lena seachnaítear athrá ar Mheabhrán Bhúdaipeist 1994; á athdhearbhú go bhfuil an tsaoirse ag an Úcráin chun a comhghuaillíochtaí slándála agus polaitiúla a roghnú saor ó aon chros ón Rúis; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí in aon chomhaontú leis an Rúis gealltanas ón Rúis scor láithreach dá cogaíocht hibrideach i gcoinne an Aontais agus a chomhpháirtithe, lena n-áirítear an Úcráin; á áitiú nach mór do ‘chomhghuaillíocht na dtíortha toilteanacha’ agus do na Stáit Aontaithe ráthaíochtaí láidre slándála a chur ar fáil a chuirfidh cosc ar aon fhogha athnuaite ón Rúis agus a chuirfidh ina choinne láithreach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur sonrú in iarrachtaí rialtas na Stát Aontaithe deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di cur chuige na Stát Aontaithe i leith cainteanna síochána ar cosúil go dtugann sé tús áite do dhéanamh comhaontuithe gearrthéarmacha agus do chaomhnú ‘cobhsaíocht straitéiseach’ leis an Rúis thar fhíorchainteanna síochána as a dtiocfaidh síocháin chuimsitheach chóir mharthanach bunaithe ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar a Bhallstáit leanúint de bheith ag obair leis na Stáit Aontaithe agus le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun a áirithiú go ndéanfar caibidlíocht de mheon macánta ar mhaithe le síocháin chóir mharthanach don Úcráin, agus é mar chuspóir deireadh cinntitheach a chur le foghanna na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir nach léiríonn ionsaithe leanúnacha na Rúise go bhfuil sí réidh le haghaidh fíorchainteanna síochána; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar diúltach ag gealltanais gan dealramh ar an Úcráin, ar gealltanais iad chun próiseas síochána a chur i gcrích laistigh de thréimhse ama shonrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á áitiú nach scoirfear d’aon smachtbhannaí sula ndéanfar comhaontú síochána a chaibidliú agus a chur chun feidhme ar bhealach inmharthana; á iarraidh ar an Aontas smachtbhannaí suntasacha breise a fhorchur, amhail toirmeasc cuimsitheach ar allmhairí na Rúise agus na Bealarúise atá fanta, ina ndíreofar go háirithe ar amhábhair nach bhfuil faoi réir smachtbhannaí; á chur in iúl gur geal léi an plé leanúnach idir an tAontas agus G7 maidir le féachaint ar thoirmeasc ar sheirbhísí muirí d’onnmhairí fuinnimh uile na Rúise, ach ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit leanúint ar aghaidh fiú gan tacaíocht ó thíortha eile G7, agus toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí trádála agus tráchtála leis an Rúis agus leis an mBealarúis, agus béim ar leith á leagan ar aon ítimí dé-úsáide a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh ar an gComhairle, i dteannta a comhpháirtithe sna Stáit Aontaithe, beartas smachtbhannaí comhchosúil a chur i bhfeidhm ar gach stát cumasúcháin, lena n-áirítear an Bhealarúis, an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh, agus smachtbhannaí a chur ar eintitis na Síne a sholáthraíonn earraí dé-úsáide agus ítimí míleata atá riachtanach chun dróin agus diúracáin a mhonarú; á iarraidh go nglacfaí smachtbhannaí breise i gcoinne scáthchabhlach na Rúise agus go ndéanfaí iad sin a fhorfheidhmiú go docht, lena n-áirítear trí dhíchumasú; á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an gcomhar le Rosatom agus Roscosmos agus go nglacfaí smachtbhannaí ina gcoinne; á iarraidh ar an gComhairle dul i ngleic go córasach le saincheist thimpeallú na smachtbhannaí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tionchar soiléir ag smachtbhannaí ar gheilleagar na Rúise, ach á athdhearbhú gur gá an córas smachtbhannaí a bheith níos leithne agus a chur chun feidhme níos déine má tá sé chun an éifeacht is gá a bheith aige cistí na Rúise a theorannú dá cogadh foghach; á chur in iúl gur geal léi go nglacfar an 20ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise go luath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cinneadh ón gComhairle Eorpach an 18 Nollaig 2025 pacáiste cúnaimh airgeadais EUR 90 billiún a chur ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas; á iarraidh go gcuirfí an iasacht tacaíochta don Úcráin chun feidhme go pras agus á chur i bhfáth gur gá freagairt go hiomchuí do riachtanais athraitheacha na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi an tsolúbthacht is gá atá sa phacáiste faoin gcóras maolaithe a leagtar síos in Airteagal 13(5) den rialachán a bheartaítear ina mbunaítear an iasacht tacaíochta<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2026 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú na hIasachta Tacaíochta don Úcráin le haghaidh 2026 agus 2027 (COM(2026)0020).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir nach mór don Rúis íoc as an damáiste ollmhór atá déanta san Úcráin, agus á iarraidh an athuair ar an Aontas úsáid a bhaint as na hiarmhéideanna airgid atá bainteach le sócmhainní ceannasacha na Rúise atá blocáilte faoi smachtbhannaí an Aontais chun tacú le hiasacht chúitimh a thacódh le cosaint agus atógáil na hÚcráine agus a mhéadódh an brú ar an Rúis deireadh a chur lena cogadh foghach; ag tacú go láidir le conclúid na Comhairle gur cheart do na comhreachtóirí leanúint d’obair a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún maidir le hiasacht chúitimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tathant ar an Aontas, i gcomhar le ECAT, tacú le cumais chosanta na hÚcráine a neartú trí chomhpháirtíocht thionsclaíoch fheabhsaithe a fhorbairt lena gcumasófar aistrithe teicneolaíochta agus feasa gnó, agus chun cabhrú le bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hÚcráine a chomhtháthú i mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa (EDTIB), agus tacú le gníomhaíochtaí EDTIB san Úcráin ag an am céanna; ag tathant ar na Ballstáit agus ar a dtionscail chosanta infheistíochtaí breise a dhéanamh agus comhpháirtíochtaí a fhorbairt leis an Úcráin don fhorbairt chomhpháirteach san Aontas agus don táirgeadh ag tionscal na hÚcráine laistigh den Aontas; ag moladh shamhail tacaíochta na Danmhairge don Úcráin, agus á iarraidh go mbeadh dreasachtaí níos fearr ann do chomhar níos dlúithe idir EDTIB agus bonn tionsclaíoch cosanta na hÚcráine agus dá gcomhtháthú; ag tathant ar na Ballstáit sin, ar féidir leo an t-armra sin a sholáthar, chun córais aerchosanta a sheachadadh go dtí an Úcráin chun a chumasú di níos mó dá bonneagar criticiúil a chosaint agus córais diúracán fhadréimseacha a sholáthar don Úcráin ionas gur féidir léi díriú ar bhonneagar míleata agus straitéiseach; á ghríosú go gcuirfí deireadh leis na srianta atá fós ann lena gcoisctear úsáid chórais arm an Iarthair arna seachadadh chuig an Úcráin i gcoinne spriocanna míleata ar chríoch na Rúise ar cúiseanna iad le hionsaithe arna seoladh ar dhaonra agus ar bhonneagar sibhialtach criticiúil na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear oiliúint chuí ar phearsanra míleata na hÚcráine faoi Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) agus á iarraidh go leathnófaí sainordú EUMAM Ukraine, lena n-áirítear an fhéidearthacht gníomhaíochtaí oiliúna a leathnú chuig críoch na hÚcráine tar éis sos cogaidh, chun acmhainneacht oiliúna náisiúnta na hÚcráine a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh go n-áireofaí an Úcráin i gconairí soghluaisteachta míleata an Aontais; á athdhearbhú a thábhachtaí atá mearghluaiseacht trealaimh agus trúpaí ón iarthar soir a chinntiú agus ceachtanna a fhoghlaim ó thaithí fhórsaí armtha na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Rialachán (AE) 2026/261 maidir le céimniú amach allmhairí gáis nádúrtha ón Rúis agus céimniú amach allmhairí ola na Rúise a ullmhú<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Eanáir 2026 maidir le deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí gáis nádúrtha ón Rúis agus ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí ola ón Rúis, feabhas a chur ar an bhfaireachán ar spleáchais fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 (IO L, 2026/261, 2.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/261/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur lena chéimniú amach foinsí fuinnimh eile de chuid na Rúise, lena n-áirítear ola agus gach táirge peitriliam, úráiniam, úráiniam saibhrithe, agus breosla agus seirbhísí núicléacha, i gcomhréir leis na gealltanais arna ndéanamh i dtreochlár REPowerEU; á chur i bhfios go láidir gur céim ríthábhachtach é an beart sin chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a chríochnú agus brú breise a chur ar gheilleagar na Rúise; á chur in iúl gur oth léi gur allmhairigh seacht mBallstát den Aontas níos mó fuinnimh ón Rúis in 2025 ná mar a rinneadh in 2024; á chur i bhfios go láidir nár cheart píblínte Nord Stream 1 agus 2 a athghníomhachtú choíche agus á iarraidh go ndíchoimisiúnófaí iad go buan ar chúiseanna slándála straitéisí; ag meabhrú do na Ballstáit gan aon bheart a ghlacadh lena gcuirfí baint amach chuspóirí an Aontais i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag cáineadh go láidir go bhfuil díbirt chórasach, aistriú le forneart agus iarracht ar asamhlú leanaí Úcránacha ar siúl ag Cónaidhm na Rúise; á iarraidh go scoirfí, ar an toirt agus gan choinníoll, de na cleachtais sin agus go ndéanfaí na leanaí Úcránacha uile a díbríodh go neamhdhleathach a fhilleadh; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis na heagraíochtaí agus na daoine atá rannpháirteach maidir leis na leanaí sin a fháil ar ais, agus leis an tionscnamh ‘Bring Kids Back UA’; á chur in iúl gur geal léi obair na Comhghuaillíochta Idirnáisiúnta chun Leanaí na hÚcráine a Thabhairt Abhaile mar phríomhardán le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear leanaí a díbríodh a rianú, a gcéannacht, a stádas dlíthiúil agus an áit ina bhfuil siad a fhíorú, a bhfilleadh a áirithiú agus cuntasacht a shaothrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cáineadh go láidir úsáid an fhoréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe mar arm cogaidh agus á chur i bhfáth gur coir chogaidh é sin; ag cáineadh freisin an fhoréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe sna hionaid idirthurais san Úcráin agus ar fud an Aontais; á chur in iúl gur oth léi go ndéantar an Treoir um Chosaint Shealadach<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/55/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a léirmhíniú ar bhealach chomh cúng sin nach féidir le go leor ban a theith ó chogadh foghach na Rúise rochtain a fháil ar chúram ginmhillte ná ar chóireálacha sláinte gnéis agus atáirgthe eile, lena n-áirítear cóireáil tar éis mí-úsáid ghnéasach; ag athdhearbhú a hiarrata, ina rún an 29 Feabhra 2024<FOOTNOTE><FIELD> Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 maidir leis an ngá atá le tacaíocht bhuanseasmhach ón Aontas don Úcráin, tar éis 2 bhliain de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO C, C/2024/6745, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6745/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir chun a áirithiú go mbeidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit uile an cúram céanna a d’fhéadfadh mná a fháil san Úcráin murach sin a thairiscint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth gur cúis mhór imní é líon na nÚcránach a sainaithníodh mar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine san Aontas Eorpach, agus go bhfuil méadú tagtha air ó ionradh iomlán na Rúise; á iarraidh ar na Ballstáit a dtacaíocht a mhéadú, lena n-áirítear trí mhodhanna eacnamaíocha, do na híospartaigh agus do bhearta coisctheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí a fhorchur ar Phóilíní Míleata Aireacht Cosanta na Rúise, ar Sheirbhís Slándála na Cónaidhme (FSB), agus ar Sheirbhís Pheannaideach na Cónaidhme as a rannpháirtíocht chórasach i gcoireanna cogaidh agus i gcoireanna in aghaidh an chine dhaonna a dhéanamh, lena n-áirítear fuadach forfheidhmithe, coinneáil threallach, céasadh agus coinneáil incommunicado; ag iarraidh, thairis sin, ar an Aontas agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí pearsanta a fhorchur ar gach ceann institiúide agus ar oifigigh Rúiseacha eile d’institiúidí peannaideacha na Rúise ina bhfuil sibhialtaigh na hÚcráine á gcoinneáil go neamhdhleathach; ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cosc a chur ar phearsanra míleata na Rúise a bhí páirteach sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine teacht isteach i limistéar Schengen; ag tathant ar na Ballstáit dul i ngleic go córasach leis an tsaincheist chun teacht timpeall ar smachtbhannaí agus cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag iarraidh ar an gComhairle Grúpa Wagner agus a eintitis chomharba a liostú mar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta faoi Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> IO L 344, 28.12.2001, lch. 93, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2001/931/oj.</FIELD></FOOTNOTE>; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir earcaitheoirí, comhraiceoirí agus tacadóirí a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a chur i bhfeidhm ina gcoinne trí na heintitis sin a liostú mar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, sa bhreis ar an reo sócmhainní a chuirtear i bhfeidhm orthu faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na dtrodaithe eachtracha in arm na Rúise a tugadh go dtí an Rúis nó go dtí na línte tosaigh san Úcráin le dúmas bréige; ag tathant ar rialtais na hAfraice Theas, Ghána, na Céinia, na Botsuáine agus náisiúin eile na hAfraice cniogbheartaíocht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí earcaíochta meabhlacha a fhágann go mbíonn a gcuid fear óg ag troid ar na línte tosaigh in éineacht le fórsaí na Rúise; ag iarraidh ar na tíortha lena mbaineann go dtabharfaidís rabhadh réamhghníomhach dá saoránaigh faoi na contúirtí a bhaineann le taisteal chuig an Rúis i ndáil le tairiscintí poist a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le harm na Rúise; ag iarraidh ar ardáin na meán sóisialta bearta a dhéanamh chun mí-úsáid a gcuid seirbhísí a chosc chun na feachtais earcaíochta mheabhlacha sin a sheoladh; ag cáineadh bheartais rialtas, amhail rialtais Chúba nó roinnt tíortha san Áise Láir, nach gcuireann cosc ar rannpháirtíocht a saoránach i gcogadh foghach na Rúise nó fiú a théann chomh fada agus an rannpháirtíocht sin a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach amháin go sáraíonn ionsaithe seasta na Rúise ar bhonneagar fuinnimh na hÚcráine an dlí idirnáisiúnta, ach gur straitéis d’aon ghnó iad chomh maith chun an bonn a bhaint d’athléimneacht shibhialtach, na limistéir atá buailte a bheith suaite agus fuinneamh a úsáid mar uirlis chomhéigin; ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cúnamh fuinnimh don Úcráin a mhéadú agus a institiúidiú; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá cúnamh daonnúil leanúnach agus méadaithe ón Aontas don Úcráin mar fhreagairt ar an ngéarstaid dhaonnúil atá ann mar thoradh ar ionsaithe córasacha na Rúise ar chathracha agus ar bhonneagar criticiúil sibhialtach na hÚcráine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún tacú go gníomhach le sásraí ceartais idirnáisiúnta agus cuntasacht agus cúiteamh a áirithiú i gcás coireanna cogaidh agus coir an fhogha; ag moladh don Aontas agus dá Bhallstát tacú le binse speisialta a bhunú chun coir fhoghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a ionchúiseamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi aontachas na hÚcráine leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC); á athdhearbhú go dtacaíonn sí go láidir le himscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta san Úcráin agus lena hiarrachtaí foriomlána daoine aonair atá freagrach as cinedhíothú, coireanna cogaidh, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coir an fhogha a ionchúiseamh; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di smachtbhannaí na Stát Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, a hionchúisitheoirí, a breithiúna agus a foirne; á iarraidh ar an gCoimisiún an Reacht Blocála a ghníomhachtú chun an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chosaint ar smachtbhannaí seach-chríochacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag iarraidh ar údaráis na hÚcráine seasamh leis an iolrachas parlaiminteach mar bhunchloch den rialachas daonlathach agus comhar cuiditheach agus fóinteach a áirithiú leis na fórsaí polaitiúla parlaiminteacha uile a bhfuil ionadaíocht acu in Verkhovna Rada;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>a moladh na hoibre ríthábhachtaí a dhéanann seirbhísí cúraim sláinte na hÚcráine ar bhonn laethúil, agus go háirithe altraí na hÚcráine, le linn an chogaidh; á thabhairt chun suntais, i bhfianaise an mhéid sin, go bhfuil obair thábhachtach déanta ag gluaiseacht leighis na hÚcráine ‘Be Like We Are’, gluaiseacht phobail ina bhfuil altraí den chuid is mó, chun tacú le hoibrithe cúraim sláinte agus chun a gcearta a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag cur sonrú i dtiomantas buanseasmhach fhormhór Bhallstáit an Aontais don Úcráin, ach á chur i bhfáth go bhfuil sí míshásta leis na Ballstáit sin a chuireann bac ar sheasaimh agus ar bheartais an Aontais nó a bhaineann an bonn díobh go gníomhach; á mheabhrú gur ann do phrionsabal an chomhair dhílis de réir Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena gceanglaítear ar na Ballstáit staonadh ó aon bheart a d’fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt; ag iarraidh ar an gComhairle réiteach a fháil go práinneach ar an tsáinn a chuireann cosc ar oibríochtú an Chiste Cúnaimh don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána, rud atá bunriachtanach chun gealltanais slándála fhadtéarmacha an Aontais don Úcráin a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chun na Comhairle, an Choimisiúin, Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, rialtais agus parlaimintí na mBallstát, an Uachtaráin, rialtas agus Verkhovna Rada na hÚcráine, Ard-Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Comhdháil na Stát Aontaithe, údaráis na Rúise, agus údaráis na dtíortha eile a luaitear sa rún seo.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>