<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0061</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Ceapachán Chathaoirleach an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0032/2026 -  Rapóirtéir: Aurore Lalucq)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2026 ar an togra le haghaidh cheapachán Chathaoirleach an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (N10-0004/2026 – C10-0020/2026 – 2026/0802(NLE))</STRING></TI><NOTE>(Formheas)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ghearrliosta d’iarrthóirí cáilithe do phost Chathaoirleach an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh arna tharraingt suas ag a Bhord Maoirseoirí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do litir ón gComhairle an 4 Feabhra 2026 ina moltar go gceapfaí François-Louis Michaud ina Cathaoirleach ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (C10-0020/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 48(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa tar éis fostaíocht phoiblí a chosc<FOOTNOTE><FIELD> IO C 270, 7.7.2021, lch. 113.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 135 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0032/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur éirigh Cathaoirleach reatha an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh as oifig an 31 Eanáir 2026;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 48(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 go roghnófar Cathaoirleach an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais, agus ar bhonn taithí atá ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte lena n-urramófar prionsabal na cothromaíochta inscne;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, an 4 Feabhra 2026, gur mhol an Chomhairle François-Louis Michaud a cheapadh, ar dheimhniú ó Pharlaimint na hEorpa, mar Chathaoirleach ar an Údarás Baincéireachta Eorpach ar feadh téarma oifige 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, an 25 Feabhra 2026, go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le François-Louis Michaud, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas cheapachán François-Louis Michaud mar Chathaoirleach ar an Údarás Baincéireachta Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach agus chuig rialtais na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>