<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0063</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Oiriúnacht rialála an Aontais Eorpaigh agus coimhdeacht agus comhréireacht – tuarascáil maidir le Reachtóireacht Níos Fearr le haghaidh 2023 agus 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0020/2026 -  Rapóirtéir: Jörgen Warborn)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2026 ar oiriúnacht rialála an Aontais Eorpaigh agus coimhdeacht agus comhréireacht –tuarascáil maidir le Reachtóireacht Níos Fearr le haghaidh 2023 agus 2024 (2025/2015(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chumhdaítear ann,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1 </STRING>IO C 202, 7.6.2016, lch. 203, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/pro_1/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann le CAE agus le CFAE maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2 </STRING>IO C 326, 26.10.2012, lch. 206, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/pro_2/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa,Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3 </STRING>IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2023 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2024 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus maidir leis an gcaidreamh le parlaimintí náisiúnta (COM(2024)0493),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2024 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2025 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus maidir leis an gcaidreamh le parlaimintí náisiúnta (COM(2025)0473),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le hoiriúnacht rialála agus coimhdeacht agus comhréireacht an Aontais Eorpaigh – tuarascáil ar Reachtóireacht Níos Fearr do na blianta 2017, 2018 agus 2019<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4 </STRING>IO C 81, 18.2.2022, lch. 74.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2023 maidir le hoiriúnacht rialála agus coimhdeacht agus comhréireacht an Aontais Eorpaigh – tuarascáil ar Reachtóireacht Níos Fearr le haghaidh 2020, 2021 agus 2022<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5 </STRING>IO C, C/2024/4228, 24.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4228/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Eanáir 2024 maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha maidir le parlaimintí náisiúnta<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6 </STRING>IO C, C/2024/5714, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5714/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Better regulation: Joining forces to make better laws</STRING>’ [Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámh a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh] (COM(2021)0219)
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Better regulation: Joining forces to make better laws</STRING>’ [Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámh a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh] <FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7 </STRING>IO C 47, 7.2.2023, lch. 250.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">one in, one out’ principle’</STRING> [An prionsabal ‘ceann isteach, ceann amach’], a d’fhoilsigh a Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla i mí Dheireadh Fómhair 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na teachtaireachtaí uile ón gCoimisiún roimhe seo maidir leis an ngá atá le rialáil níos fearr chun torthaí níos fearr a bhaint amach ar mhaithe le saoránaigh an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness – a competitiveness strategy for Europe’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa– straitéis iomaíochais don Eoraip] (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Enrico Letta an 17 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a market’</STRING> [Margadh thar an gcoitiantacht] (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0020/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 5 CAE, go bhfuil teorainneacha inniúlachtaí an Aontais á rialú ag prionsabal na tabhartha; de bhrí go bhfuil úsáid inniúlachtaí an Aontais á rialú ag prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta; de bhrí faoi phrionsabal na tabhartha, gníomhóidh AE faoi theorainneacha na n-inniúlachtaí atá tugtha dó ag na Ballstáit sna Conarthaí d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sna Conarthaí a bhaint amach. de bhrí go bhfanann inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí, ag na Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh reachtaíocht AE oiriúnach don fheidhm, comhréireach, soiléir agus cuimsitheach chun go mbainfeadh saoránaigh agus geallsealbhóirí tairbhe éifeachtach as; de bhrí go gcuidíonn rialáil níos fearr a chinntiú go bhfuil beartais agus reachtaíocht AE dírithe ar an todhchaí, ag cur forbairtí teicneolaíochta, sochaíocha agus comhshaoil atá ag éabhlú go tapa i gcuntas. de bhrí, mar sin, go mbeidh sé níos tábhachtaí tacú le tograí rialála le measúnuithe fianaisebhunaithe; de bhrí gur cheart go ndéanfadh reachtóireacht ardcháilíochta gar do chách mar infheistíocht fhadtéarmach i rathúnas comhroinnte ár sochaithe agus ár dtodhchaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil Reachtóireacht AE tiomáinte ag luachanna agus ceanglais an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, mar atá cumhdaithe in Airteagal 2 CAE; de bhrí go n-áirithítear sa smacht reachta go bhfuil gníomhaíocht uile an Aontais, lena n-áirítear próisis reachtacha agus rialála, bunaithe ar dhlíthiúlacht, ar thrédhearcacht agus ar athbhreithniú breithiúnach éifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur sprioc choiteann d’institiúidí uile AE í reachtóireacht níos fearr agus gur freagracht chomhroinnte í idir institiúidí AE agus na Ballstáit, agus gur cheart trédhearcacht, comhréireacht, cuntasacht agus comhar idir na hinstitiúidí agus na Ballstáit, na saoránaigh agus na geallsealbhóirí a bheith mar bhonn taca léi, fad a áirithítear  lánurraim do luachanna bunúsacha uile na hEorpa, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, ina treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029 an 18 Iúil 2024, gur luaigh an tUachtarán tofa ‘nach mór an reachtaíocht sa todhchaí a shimpliú agus a dhearadh chomh maith agus gnóthaí beaga á gcur san áireamh agus de mheon na coimhdeachta’; de bhrí go ndúirt sí chomh maith ‘nach mór gur  cúram comhpháirteach í an reachtóireacht níos fearr – le gach institiúid lena mbaineann agus gach próiseas reachtach atá cumhdaithe’;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur chuir an Coimisiún in iúl go soiléir ina theachtaireachtaí éagsúla go n-éilítear le reachtóireacht níos fearr a áirithiú go mbeidh dlí agus ceapadh beartas AE bunaithe ar fhianaise fhónta, go mbeidh geallsealbhóirí, lena n-áirítear saoránaigh agus gnóthaí, rannpháirteach ann, go seachnófar ualaí nach gá a fhorchur agus go mbeidh tairbhí inláimhsithe agus inbhuanaithe ag baint leis do shaoránaigh AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb iad na parlaimintí náisiúnta caomhnóirí nádúrtha phrionsabal na coimhdeachta agus go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le comhlíonadh phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a áirithiú trí idirphlé idirpharlaiminteach agus tríd an gCóras Réamhrabhaidh, lena gceadaítear do pharlaimintí náisiúnta agus/nó do sheomraí tuairim réasúnaithe a thíolacadh má chreideann siad nach n-urramaíonn togra reachtach prionsabal na coimhdeachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 4 CAE, go bhfuil AE agus a Bhallstáit faoi cheangal ag prionsabal an chomhair ionraic, ar dá réir atá siad chun cúnamh a thabhairt dá chéile cúraimí a dhéanamh faoi na Conarthaí; de bhrí go n-áirítear leis sin cúram na mBallstáit aon bheart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as na Conarthaí nó as gníomhartha AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nár cheart go gcuirfeadh ualaí rialála iomarcacha bac gan ghá ar iomaíochas, nuálaíocht agus fás chuideachtaí AE, rud a d’fhágfadh eis-sreabhadh infheistíochta agus post amach as AE, agus go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ar leith aige sin ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); de bhrí go bhfuil intuarthacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil bunriachtanach ionas go bhfeidhmeoidh an margadh aonair; de bhrí go bhfuil bacainní agus scoilteadh fós roimh an margadh aonair;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil cur i bhfeidhm trédhearcach, cruinn agus aonfhoirmeach reachtaíocht AE bunriachtanach chun muinín na saoránach as AE a chothú, agus ualaí nach gá agus costais bhreise á seachaint ag an am céanna d’aon duine, lena n-áirítear gnóthaí agus tomhaltóirí; de bhrí nach mór, faoi Airteagal 197 CFAE, féachaint ar an gcur chun feidhme éifeachtach mar ábhar leasa choitinn do na Ballstáit de bhrí gur cheart do na Ballstáit ualaí breise riaracháin nó comhlíontachta nach gá a sheachaint agus reachtaíocht AE á trasuí acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go ndearna an Coimisiún an cur chuige ‘ceann isteach, ceann amach’ a thabhairt isteach in 2021 d’fhonn ualaí nua arna n-eascairt ó thograí reachtacha an Choimisiúin a fhritháireamh trí ualaí a bhí ann cheana a bhaint sa réimse beartais céanna; de bhrí nach bhfuil ag éirí leis an coincheap sin mar uirlis rialála níos fearr ina fhoirm reatha, go háirithe ós rud é nach dtéann sé i ngleic le cáilíocht reachtach, nach féidir a laghdú go spriocanna cainníochtúla chun ualaí agus costais a laghdú amháin, agus nach n-áirítear leis measúnú ar na héifeachtaí féideartha ar spriocanna rialála reatha AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí nár cheart an prionsabal ‘ceann isteach, ceann amach’ a thuiscint mar sprioc uimhriúil do ghníomhartha reachtacha, ach mar shásra costasbhunaithe atá dírithe ar ghlanlaghdú inláimhsithe ar chostais rialála agus feabhsuithe ar fheidhmiú mhargadh agus shochaí an AE a bhaint amach; de bhrí nach mór leanúint den bhéim a chur ar na costais iomlána riaracháin, chomhlíontachta agus cur chun feidhme a fhorchuirtear ar ghnóthaí, lena n-áiritheofar go ndéanfar aon oibleagáidí nua a fhritháireamh; de bhrí nach leor an cur chuige reatha ‘ceann isteach, ceann amach’ maidir leis sin; de bhrí gur cheart cur chuige uileghabhálach níos uaillmhianaí a bhunú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil an dul chun cinn le déanaí san intleacht shaorga (IS) ag athrú conas is féidir dlí AE a mheasúnú agus a chur i bhfeidhm, ag athrú ó shainchórais theoranta eolasbhunaithe i dtreo samhlacha meaisínfhoghlama tuarthacha agus giniúnacha; de bhrí go gcuireann na teicneolaíochtaí sin deiseanna nua ar fáil chomh maith le dúshláin ar fud an timthrialla reachtaigh – lena n-áirítear le linn anailís réamhachta, réamhaisnéis tionchair, dréachtú reachtach, comhairliúchán poiblí agus, go háirithe, le linn faireachán iarachtacháin – agus sa tslí sin deiseanna suaithinseacha a chur ar fáil chun tráthúlacht, cruinneas agus doimhneacht reachtóireacht AE a fheabhsú má láimhseáiltear í le cúram cuí agus le hurraim do chearta bunúsacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach mór é a bheith d’aidhm ag an reachtóireacht níos fearr freastal ar uaillmhianta polaitiúla AE, go háirithe a chuspóirí fadtéarmacha; de bhrí gur uirlisí bunriachtanacha iad measúnuithe tionchair <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> a dhéantar go maith, lena n-áirítear i leith tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, agus comhairliúcháin phoiblí chun reachtóireacht eolasach, níos fearr, éifeachtúil, chuntasach agus thrédhearcach a dhéanamh; de bhrí go bhfuil an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála freagrach as measúnú ar cháilíocht na measúnuithe tionchair agus seiceálacha oiriúnachta agus mórmheastóireachtaí chun tacú leis an gcinnteoireacht pholaitiúil;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on">Coimhdeacht agus comhréireacht</STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú, faoi phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chumhdaítear in Airteagal 5 CAE, nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an Aontas reachtaíocht a rith ach amháin i gcás inar gá agus a mhéid is gá; á mheabhrú gurb é is aidhm don oibleagáid sin reachtaíocht a rith chomh gar agus is féidir do shaoránaigh AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil reachtóireacht níos fearr bunaithe ar chothromaíocht idirinstitiúideach i measc na gcomhreachtóirí agus ar thiomantas comhroinnte do chomhar dílis agus trédhearcach ar feadh an timthrialla reachtaigh ar fad; ag tabhairt dá haire go mbeidh sé sin le léiriú i socrú nó in athbhreithniú tosaíochtaí ilbhliantúla agus sa dearbhú comhpháirteach bliantúil ar thosaíochtaí idirinstitiúideacha bliantúla; á mheabhrú gur gá d’aon rún atá ag an gCoimisiún gníomhartha reachtacha atá ar feitheamh a tharraingt siar arna bhfógairt ina chláir oibre bhliantúla a bheith cuíréasúnaithe agus cuíchruthaithe, lena lamháiltear dul i gcomhairle go cuí le comhreachtóirí AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú go leagtar amach go cúramach sna Conarthaí dul i muinín bunúis dlí eile seachas an gnáthnós imeachta reachtach; ag tabhairt rabhadh i gcoinne aon úsáid ar phróisis reachtacha dá bhforáiltear go sonrach i gcomhair cásanna éigeandála bunaithe ar Airteagal 122 CFAE thar chásanna sonracha a éilíonn freagairtí gasta ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheabhrú gur príomhcholúin de phróiseas rialála éifeachtúil, freagrach agus daonlathach iad meastóireachtaí, measúnuithe tionchair agus comhairliúcháin le geallsealbhóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic na parlaimintí náisiúnta 22 thuairim réasúnaithe in 2023, an tríú cuid níos lú ná mar a bhí in 2022, i gcomhréir leis an treocht fhadtéarmach anuas i líon na dtuairimí réasúnaithe; ag tabhairt dá haire go raibh méadú freisin ar rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta san idirphlé polaitiúil níos leithne leis an gCoimisiún, arb ionann é agus méadú os cionn 10 % i gcomparáid le 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire nár thíolaic na parlaimintí náisiúnta ach 577 seiceáil coimhdeachta agus tuairim réasúnaithe, 3803 rannchuidiú, trí ‘chárta buí’ agus gan aon ‘chárta oráiste’ ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm in 2009;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar an sásra rialaithe coimhdeachta a bunaíodh le Prótacal Uimh. 2, gur chuir an Coimisiún idirphlé polaitiúil i bhfeidhm in 2006, trínar tíolacadh 402 thuairim in 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, sna haighneachtaí sin, gur dhírigh na parlaimintí náisiúnta ar chlár oibre 2023 an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur comóradh 15 bliana in 2024 ó theacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm Chonradh Liospóin, lenar tugadh isteach leibhéil níos airde grinnscrúdaithe pharlaimintigh agus cuntasachta daonlathaí san Aontas, go háirithe trí phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur idirthréimhse a bhí in 2024 freisin idir dhá théarma an Choimisiúin, ar lena linn a laghdaíonn déine an ghrinnscrúdaithe pharlaimintigh náisiúnta de ghnáth; ag tabhairt dá haire gurbh amhlaidh an cás freisin in 2024, inar thíolaic na parlaimintí náisiúnta 252 thuairim, ar tuairimí réasúnaithe 14 díobh; ag tabhairt dá haire, cé gur laghdú suntasach é sin i gcomparáid le 2023, nach rud neamhghnách é d’idirbhliain agus gur laghdú níos measartha a bhí ann i gcomparáid leis an idirthréimhse roimhe sin 2019;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Coimisiún feabhas suntasach in 2024 ar conas a chuirtear tuairimí na bparlaimintí náisiúnta, chomh maith lena fhreagraí ar na tuairimí sin, ar fáil go poiblí, trí bhunachar sonraí nua ar líne a sheoladh ina bhfuil roinnt féidearthachtaí scagtha; á chur in iúl gur geal léi chomh maith go bhfuil feidhm ag an bhfeabhas sin freisin maidir leis na tuairimí agus na freagraí a bailíodh ó 2014 i leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht níos luaithe, struchtúrtha agus fhóinteach ag na parlaimintí náisiúnta i dtimthriall ceaptha beartas AE, lena n-áirítear le linn na gcéimeanna comhairliúcháin agus socraithe cláir oibre agus ní hamháin nuair a bheidh togra glactha ag an gCoimisiún; á chur i bhfios go láidir, trí rochtain thráthúil a thabhairt do na parlaimintí náisiúnta ar dhréachtthionscnaimh, ar anailísí cúlra agus ar ábhar measúnaithe tionchair, go bhféadfaí grinnscrúdú níos éifeachtaí a dhéanamh ar bhreithnithe coimhdeachta agus comhréireachta agus go n-áiritheofaí go léireofaí saineolas náisiúnta go réamhtheachtach i bpróiseas reachtach AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur iarr roinnt parlaimintí náisiúnta go mbeadh rannpháirtíocht níos mó i ngrinnscrúdú gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá na parlaimintí náisiúnta do dhéanamh grinnscrúdú roimh ré ar na gníomhartha sin chun a áirithiú go n-urramófar agus go gcomhlíonfar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann leis na parlaimintí náisiúnta trí ardáin struchtúrtha idirphlé dhigitigh chun comhroinnt thráthúil faisnéise maidir le tionscnaimh nua AE a áirithiú; ag spreagadh féachaint ar shlite a chumasódh do na parlaimintí náisiúnta ról níos réamhghníomhaí a bheith acu i gceapadh beartas AE, lena n-áirítear trí shásra struchtúrtha ‘cárta glas’ lena lamháiltear moltaí comhchoiteanna do thionscnaimh an Choimisiúin, ag feidhmiú faoi thairseacha réasúnta agus insroichte; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha i malartuithe idirpharlaiminteacha chun trédhearcacht agus úinéireacht phoiblí reachtóireacht AE a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go neartófaí úinéireacht agus dlisteanacht dhaonlathach ghníomhaíocht AE dá gcumhachtófaí parlaimintí níos faide ná ról frithghníomhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur neamhnigh  Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in 2024 foráil de rialachán a cuireadh isteach le linn na caibidlíochta reachtaí ar an bhforas nach raibh faisnéis leordhóthanach ann chun a comhréireacht a mheasúnú agus a shuí go haonchiallach; á athdhearbhú go bhfuil prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta fós bunriachtanach do dhlisteanacht an Aontais agus á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe agus idirphlé struchtúrtha feabhsaithe ann leis na parlaimintí náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, d’ainneoin an chuspóra chomhroinnte de chomhar dílis ina dtreoraítear ceapadh beartais agus reachtóireacht AE, lena n-áirítear ról na mBallstát i ngach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a eascraíonn as na Conarthaí nó a eascraíonn as gníomhartha institiúidí AE, go bhfuil éagsúlacht mhór fós ann i dtreoracha a thrasuí go tráthúil agus dlí AE a chur chun feidhme; ag spreagadh tuilleadh tacaíochta chun acmhainneacht riaracháin agus theicniúil na mBallstát a fhorbairt maidir leis sin, agus ag tathant ar an gCoimisiún forfheidhmiú daingean a áirithiú nuair a theipfidh ar an gcomhar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an Coimisiún ‘idirphlé cur chun feidhme’ mar chuid dá iarrachtaí trédhearcachta agus daonlathais rannpháirtíochta i dtreo reachtóireacht níos fearr; ag spreagadh, ar bhonn níos ginearálta, tionscnaimh atá fabhrach do rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta agus na ngnóthaí i gceapadh beartas; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur féidir feabhsuithe a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh próiseas reachtach AE níos trédhearcaí, go gcuimseofar ann ionchur uile na ngeallsealbhóirí agus go mbeidh sé níos éasca é a leanúint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Reachtóireacht níos fearr</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, d’ainneoin an dul chun cinn a rinneadh faoin gclár oibre rialála níos fearr, go ngineann reachtaíocht AE a lán ualach rialála fós agus gur féidir, mar sin, feabhsuithe a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh próiseas reachtach AE níos trédhearcaí, go gcuimseofar ann ionchur ábhartha ó gheallsealbhóirí agus go mbeidh sé níos éasca é a leanúint agus a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí dea-theicnící dréachtaithe reachtacha a chur i bhfeidhm go córasach agus teanga dhlíthiúil shoiléir agus inrochtana a úsáid, lena n-áiritheofar comhleanúnachas ar fud <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> AE agus lena seachnófar dúbláil nó contrárthachtaí a chruthaíonn castacht nach gá agus a chuireann bac ar chur chun feidhme; á athdhearbhú go bhfeabhsaíonn dréachtú soiléir agus comhleanúnach deimhneacht dhlíthiúil agus go laghdaíonn sé an t-ualach riaracháin ar shaoránaigh, ar ghnóthaí agus ar riaracháin phoiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag forfheidhmiú an dlí chun an smacht reachta a chaomhnú agus cearta bunúsacha a chosaint; á mheabhrú gur príomhcheanglais den smacht reachta iad an deimhneacht dhlíthiúil, an inrochtaineacht agus intuarthacht na reachtaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí a chinntiú go rannchuideoidh uirlisí rialála níos fearr, lena n-áirítear measúnuithe tionchair, comhairliúcháin agus meastóireachtaí, le reachtaíocht AE níos soiléire, níos comhleanúnaí agus níos intuartha; á iarraidh ar na Ballstáit a chinntiú go gcomhallfaidh aon athchóirithe bunreachtúla nó reachtacha a dhéanann difear do dheighilt na gcumhachtaí luachanna bunúsacha agus prionsabail dhlíthiúla AE go hiomlán, agus go mbainfear lánúsáid as bosca uirlisí AE maidir leis an smacht reachta, ó bheadh iarmhairtí ollmhóra acu sin ar chomhtháthú AE agus ar shaol na saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil ag teip ar an gCoimisiún níos mó agus níos mó measúnuithe tionchair a dhéanamh, ar cuid iad dá chreat rialála níos fearr féin; á mheas, chun cuspóirí an chláir oibre maidir le rialáil níos fearr a bhaint amach, gur gá cáilíocht agus úsáid na measúnuithe tionchair a fheabhsú go suaithinseach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá measúnuithe tionchair iomchuí, neamhspleácha agus trédhearcacha ar na tograí reachtacha uile chomh maith le meastóireachtaí ex post cuí ar thionscnaimh an Aontais; ag meabhrú go ndearna an Pharlaimint, roinnt uaireanta, a measúnuithe tionchair féin in ionad mheasúnuithe an Choimisiúin; á mheabhrú, thairis sin, gur chuir an Pharlaimint Stiúrthóireacht thiomnaithe ar bun um Measúnú Tionchair agus um Breisluach Eorpach, chun a bheith ábalta measúnuithe tionchair ex ante agus ex post a dhéanamh d’fhonn tacú leis an gceapadh beartais fianaisebhunaithe; á mheabhrú, mar sin féin, go gcabhraíonn measúnuithe tionchair le bunús a chur leis an gcinnteoireacht pholaitiúil ach nach dtagann siad ina hionad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart measúnú costais is tairbhe a bheith ag gabháil leis na mórthionscnaimh reachtacha agus bheartais uile mar chuid den mheasúnú tionchair, lena n-áirítear i leith a dtionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil; á mheas go bhfuil anailísí den sórt sin fíor-riachtanach do cheapadh beartas fianaisebhunaithe agus chun muinín na saoránach agus na ngnólachtaí i reachtaíocht an Aontais a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go bpríomhshruthófaí cearta an linbh ar fud reachtaíocht AE trí thástáil ar chearta an linbh a thabhairt isteach faoi chuimsiú bhosca uirlisí an mheasúnaithe tionchair, a chinnteodh go ndéanfaí meastóireacht ar thograí reachtacha uile AE i gcás a dtionchair fhéideartha ar chearta an linbh, a shainaithneodh na limistéir bhuailte agus a d’fhorálfadh do mheasúnú ar bhearta malartacha i gcás inar gá; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh Ardán an Aontais um Rannpháirtíocht Leanaí rannpháirteach sa phróiseas sin chun guthanna leanaí sa phróiseas cinnteoireachta a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag meabhrú nár cheart go dtuigfí go huathoibríoch as an ngá atá le reachtaíocht nua nach bhfuil gá leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair a thuilleadh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim madir leis sin nach mór chomh maith céanna measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh i gcás aon aisghairm fhéideartha, chun iarmhairtí gan choinne agus éifeachtaí neamh-inmhianaithe a sheachaint; á iarraidh go mbunófar an cur chuige sin ar mhodheolaíocht thrédhearcach agus fhianaisebhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór don Choimisiún an Pharlaimint agus an Chomhairle, agus, i gcás inarb iomchuí, na parlaimintí náisiúnta le linn an timthrialla reachtóireachta ar fad, a chur ar an eolas go córasach agus dul i gcomhairle leo, chun cuntasacht dhaonlathach, cothromaíocht institiúideach agus trédhearcacht i gceapadh beartas AE a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag aithint gur deacair do na sásraí reatha atá beartaithe chun an t-ualach reachtach a rialú, amhail an cur chuige ‘ceann isteach, ceann amach’, feidhmiú go héifeachtach mar thoradh ar an easpa meastóireachtaí <STRING ITALIC="on">ex-post</STRING> cuí ar chostas iarbhír na reachtaíochta; ag tabhairt dá haire – maidir leis an gcur chuige ‘ceann isteach, ceann amach’ go sonrach – go bhfuil sé teoranta do bhunghníomhartha reachtacha; á chur i bhfios go láidir nár cheart go ndéanfadh cur chun feidhme an chur chuige sin difear do riachtanais pholaitiúla ná do chuspóirí na rialála níos fearr agus ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go leanfadh cinntí meicniúla nó matamaiticiúla as chun reachtaíocht a aisghairm; á mheas, thairis sin, gur easnamh tromchúiseach é an easpa sásraí éifeachtúla chun deireadh a chur le bearta atá as dáta nó iomarcach; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá díriú ar reachtaíocht AE a fheabhsú chun a chinntiú go leanfaidh sí de bheith oiriúnach dá feidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire cuspóirí laghdaithe ualaigh an Choimisiúin mar chéim i dtreo rialáil níos cliste; á mheabhrú nach mór an mheastóireacht chórasach, fhianaisebhunaithe ar reachtaíocht, dá bhforáiltear sa bhosca uirlisí rialála níos fearr, a bheith mar bhunchloch an phróisis sin i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á mheabhrú nach ndéantar le gníomhartha tarmligthe ach eilimintí neamhriachtanacha áirithe bunghnímh a fhorlíonadh nó a leasú, agus go n-áirithítear le gníomhartha cur chun feidhme coinníollacha aonfhoirmeacha cur chun feidhme, agus dá bhrí sin gur cheart iad araon a úsáid dá réir agus go comhréireach, agus a theorannú do ghnéithe teicniúla is gá chun na bunghníomhartha a chur i bhfeidhm agus dúbláil, forluí nó contrárthachtaí a chruthaíonn castacht nach gá á seachaint ag an am céanna; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a chur faoi réir nósanna imeachta trédhearcacha, le hamlínte soiléire lena lamháiltear dóthain ama do na comhreachtóirí grinnscrúdú fóinteach agus éifeachtach a dhéanamh; á iarraidh go bhfoilseofaí gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme i bhfad roimh ré chun a chumasú do gheallsealbhóirí ullmhú do chomhlíonadh; á áitiú, aon uair is féidir, go gcuirfear gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme ar fáil go comhuaineach le teacht i bhfeidhm an bhunghnímh chun deimhneacht dhlíthiúil agus in-fhorfheidhmitheacht a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint chomh maith ar na costais agus ar na tairbhí chomh maith le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm cuí na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme sa mheasúnú foriomlán ar an ualach rialála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún dlús breise a chur leis na hiarrachtaí chun oibleagáidí rialála do shaoránaigh agus do ghnóthaí a laghdú agus chun cáilíocht agus éifeachtacht reachtaíocht AE a fheabhsú trína áirithiú go bhfuil bearta rialála comhréireach agus fianaisebhunaithe agus go dtugann siad breisluach soiléir do shaoránaigh agus do ghnóthaí AE; á mheas nach leor an cur chuige ‘ceann isteach, ceann amach’ reatha maidir leis sin; á iarraidh, mar sin, go mbunófaí cur chuige uileghabhálach níos uaillmhianaí, lena n-áirítear i gcásanna inar féidir roinnt ionstraimí reachtacha a ionadú, a aisghairm nó a tharraingt siar ag an am céanna, e.g. chun ilroinnt, dúbláil, forluí nó iomarcaíocht a sheachaint, agus chun costais a laghdú; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áireofaí leis an gcur chuige sin modheolaíocht shoiléir agus sásra faireacháin neamhspleách agus trédhearcach chun glanlaghdú ar chostais rialála a bhaint amach, agus costas gan reachtú i gcás ina bhfuiltear ag dréim le breisluach AE á chur i gcuntas ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart díriú ar ualaí riaracháin nach gá a laghdú agus cuspóirí beartais AE á mbaint amach ag an am céanna, lena n-áirítear i gcás cosaint shóisialta, chomhshaoil agus tomhaltóirí; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh ról níos láidre ag an bParlaimint sa mheastóireacht ex post ar reachtaíocht AE agus i bhfaireachán ar chur chun feidhme an chur chuige simpliúcháin thuasluaite;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbíonn an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála rannpháirteach i measúnuithe tionchair, i seiceálacha oiriúnachta agus i mórmheastóireachtaí ar an reachtaíocht reatha; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar shlite chun neamhspleáchas, acmhainneacht, sainordú agus nósanna imeachta an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála a fheabhsú, lena n-áirítear trína áirithiú go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil dó chun athbhreithniú a dhéanamh ar chion níos mó de thionscnaimh reachtacha an Choimisiúin; á iarraidh go bhfeabhsófaí trédhearcacht an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, lena n-áirítear trína thuairimí a fhoilsiú níos tapúla agus trí shoiléireacht níos fearr i dtaobh na hoibre leantaí ar a mholtaí; á chur i bhfios go láidir nár cheart go gcuirfeadh obair an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála moill mhíchuí ar ghlacadh na dtograí reachtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i gcásanna ina n-eisíonn an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhiúltach ar mheasúnú tionchair, gur cheart an Pharlaimint a chur ar an eolas i gceart agus go tráthúil chun athbhreithniú a dhéanamh i dtaobh an rachaidh sí ar aghaidh leis an togra nó an ndiúltóidh sí dó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ról lárnach ag suirbhé bliantúil ualaigh an Choimisiúin chun dul chun cinn a rianú maidir leis an ualach a laghdú; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil gá le trédhearcacht níos fearr maidir leis na ríomhanna agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun costais agus éifeachtaí carnacha a thomhas, chun cuntasacht agus inchomparáideacht a áirithiú ar fud na réimsí beartais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an smaoineamh a moladh i dtuarascáil Draghi chun modheolaíocht aonair shoiléir a fhorbairt chun costas na reachtaíochta nua a chainníochtú agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Choimisiún modheolaíocht den sórt sin a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur minic a ghineann oibleagáidí tuairiscithe costais shuntasacha riaracháin do chuideachtaí, go háirithe FBManna; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart na hoibleagáidí sin a chuíchóiriú agus gur cheart breis tacaíochta a chur ar fáil chun an tuairisciú a dhigitiú; ag aithint, áfach, a thábhachtaí atá tuairisciú éifeachtach chun cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí a rianú agus chun reachtaíocht a fhorfheidhmiú agus, dá bhrí sin, chun freastal ar an leas ginearálta; á iarraidh, mar sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar bhearta tacaíochta féideartha do chuideachtaí chun costais a bhaineann le tuairisciú a íoslaghdú agus reachtaíocht AE á cur chun feidhme acu agus measúnú a dhéanamh freisin ar a indéanta atá sé sásraí a bhunú chun cuideachtaí a chúiteamh as cúraimí tuairiscithe a dhéantar go cuí i dtuarascáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí ón mbun aníos a chomhtháthú go córasach ar conas a bhraitheann, a thuigeann agus a fheidhmíonn saoránaigh a gcearta sa chleachtas, lena n-áirítear a dtaithí ar shásraí forfheidhmithe agus sásaimh; á iarraidh go léireofaí na sonraí sin ar shlí níos fearr sna treoirlínte agus sa bhosca uirlisí rialála níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí chun infheidhmeacht phraiticiúil reachtaíocht AE a mhéadú ag gach céim den timthriall beartais, lena n-áirítear trí fhíor-rannpháirtíocht saoránach agus gnó le linn ceapadh beartais, dréachtú úsáideoir-lárnach, tástáil úsáideoirí ar dhréachtghníomhartha agus comhairliúchán iar-reachtach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Oiriúnacht rialála agus reachtóireacht níos fearr don iomaíochas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh go n-úsáidfí próisis amhail meastóireachtaí agus an clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), a fhéachann le reachtaíocht a shimpliú, a úsáid níos minice; á mheas chomh maith nach n-úsáidtear dóthain teicnící reachtacha éagsúla a d’fhéadfadh cabhrú le bearta atá as dáta nó iomarcach, nó, nuair a úsáidtear iad, go n-úsáidtear go holc iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á mheabhrú gur cuireadh i bhfios go láidir i dtuarascáil Draghi go bhfuil simpliú na rialacha ar cheann de na trí sprioc uileghabhálacha le haghaidh comhpháirtíocht Eorpach athnuaite<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">8 </STRING>Draghi M.,<STRING ITALIC="on"> The future of European  competitiveness – a competitiveness strategy for Europe </STRING>[Todhchaí an Iomaíochais Eorpaigh – Straitéis Iomaíochais don Eoraip], an Coimisiún Eorpach, an 9 Meán Fómhair 2024, Cuid A, lgh. 67-68.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios gur gá, i gcás simpliú, díriú chomh maith ar straitéisí cur chun feidhme cliste, cur chuige pragmatach, fónta ó thaobh an dlí de agus éifeachtúil a ghlacadh chun ualaí riaracháin ar chuideachtaí agus ar FBManna go háirithe a mhaolú, agus cur chun feidhme na rialacha comhaontaithe a shimpliú a mhéid is féidir; á mheabhrú, thairis sin, go gcuirtear i bhfios go láidir sa tslí chéanna i dtuarascáil Letta gur cheart go n-éascódh rialacháin gníomhaíocht eacnamaíoch agus nuálaíocht laistigh den mhargadh aonair, seachas iad a bhac<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">9 </STRING>Letta E., <STRING ITALIC="on">Much more than a Market</STRING> [Margadh Thar an gCoitiantacht], an Chomhairle Eorpach, Aibreán 2024, lch. 130.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach, in 2023, an tseiceáil nua ar FBManna agus ar iomaíochas, atá anois ina hiarscríbhinn shainordaitheach a ghabhann le measúnuithe tionchair; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, go gcuideoidh an tseiceáil nua seo ar FBManna agus ar iomaíochas le hualaí rialála a chosc agus ardchaighdeáin á gcoinneáil; ag tabhairt dá haire nach mór gníomhaíochtaí a bheith mar thaca le focail anois, ina ndírítear ar thacú le FBManna agus na huirlisí a chur ar fáil dóibh chun cuspóirí AE a bhaint amach agus reachtaíocht AE a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí gnáthchleachtas de sheiceáil iomlán iomaíochais, lena n-áirítear measúnú ar thionchar carnach na mórphacáistí reachtacha seachas meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhartha aonair astu féin; á dhearbhú, chun iomaíochas agus ceannasacht na hEorpa a neartú, nach mór diúltú don bhrú seachtrach chun creat dlíthiúil AE a lagú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá an prionsabal ‘Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús’ mar bhunchloch don rialáil níos fearr, lena n-áirithítear go ndéanfar riachtanais agus acmhainneachtaí FBManna a mheas go córasach ag gach céim den timthriall beartais, ón dearadh go dtí an cur chun feidhme agus an mheastóireacht; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé naisc chúisíocha a shainaithint idir forálacha rialála, iompraíocht dhaingean agus tairbhí d’úsáideoirí, agus a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí neamhbheartaithe féideartha agus ar ualaí díréireacha comhlíontachta ar FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi agus ag spreagadh boscaí gainimh rialála a úsáid níos leithne in earnálacha atá dírithe ar an todhchaí chun tacú leis an nuálaíocht, chun costais chomhlíonta a laghdú agus chun deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag aithint ghealltanas an Choimisiúin oibleagáidí tuairiscithe a laghdú 25%, ach á chur i bhfáth nach mór an bonn a bhaint de thrédhearcacht agus grinnscrúdú agus cuspóir beartais AE á bhaint amach ag an am céanna; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-áirítear laghdú 35% ar chostais riaracháin agus ar thuairisciú do FBManna; á mheabhrú, thairis sin, nach bhfuil sna hoibleagáidí tuairiscithe ach codán beag den ualach rialála iomlán, lena n-áirítear costais riaracháin, cur chun feidhme agus chomhlíontachta chomh maith ó reachtaíocht AE agus reachtaíocht náisiúnta araon; ag tabhairt dá haire gur cheart, dá bhrí sin, féachaint ar sprioc laghdú 25% an Choimisiúin mar chuid den chuspóir níos leithne chun costais agus castachtaí foriomlána a laghdú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí chomhfhogasú breise ar rialacha náisiúnta; á iarraidh, dá réir sin, go mbeadh cur chuige níos uaillmhianaí agus níos fearr ó thaobh cáilíochta de ann, arb é is aidhm dó laghdú níos airde fós ar na costais rialála uile, lena n-áirítear treoirthionscadal chun measúnú a dhéanamh ar thionchair na rialála ar an nuálaíocht, amhail trí bhacainní ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar theicneolaíochtaí nua a shainaithint ag luathchéimeanna reachtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur ainmníodh Leas-Uachtarán ón gCoimisiún a bheidh i gceannas go sainráite ar chur chun feidhme agus ar shimpliú; á chur in iúl gur geal léi an úsáid idirphlé cur chun feidhme agus ag spreagadh seiceálacha rialta réaltachta agus tástálacha struis ar <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar thionchair charnacha ar iomaíochas, ar nuálaíocht agus ar FBManna, agus ar chuspóirí beartais AE a bhaint amach, agus chun deiseanna le haghaidh simpliú éifeachtach a shainaithint; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, tábhacht na measúnuithe tionchair cuimsitheacha, lena gcomhtháthaítear go córasach seiceálacha oiriúnachta, seiceálacha iomaíochais agus tástálacha FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breithnithe iomaíochais a chomhtháthú go córasach i dtionscnaimh simpliúcháin, lena n-áiritheofar go ndéanfar nósanna imeachta riaracháin a dhéanann difear do shaoránaigh agus do ghnólachtaí a chuíchóiriú gan coimircí bunriachtanacha a chur i mbaol; á chur i bhfáth gur féidir costais chomhlíonta a laghdú, soghluaisteacht a éascú agus iomaíochas agus tarraingteacht an mhargaidh aonair a neartú trí mhaorlathas nach gá a laghdú, réitigh dhigiteacha a leathnú agus aitheantas frithpháirteach a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á mheas gur gá cur chuige uileghabhálach le reachtaíocht ábhartha AE agus náisiúnta chun simpliú a dhéanamh i bhfianaise an iomaíochais agus comhtháthú breise a dhéanamh ar an margadh aonair; á chur i bhfios go bhféadfadh éiginnteacht dhlíthiúil agus costais riaracháin bhreise a bheith mar thoradh ar éagsúlachtaí idir rialacha náisiúnta sna Ballstáit éagsúla; á iarraidh, maidir leis sin, ar an gCoimisiún mapáil a chur ar fáil ar an reachtaíocht airgeadais agus neamhairgeadais uile láithreach agus ar na hoibleagáidí riaracháin uile atá ar chuideachtaí faoi dhlí AE, chomh maith le hoibleagáidí faoi rialacha náisiúnta dhlí na gcuideachtaí; á iarraidh go mbeadh an mhapáil sin mar bhonn do mheasúnú cuimsitheach, lena n-áirítear maidir le costais agus tairbhí, leasanna éagsúla an phobail a bhfreastalaíonn an reachtaíocht orthu, forluí idir reachtaíocht, chomh maith le deiseanna comhchuibhithe agus comhfhogasaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún an measúnú sin a úsáid chun tograí a chur ar aghaidh – más gá agus le rannpháirtíocht éifeachtach na ngníomhaithe agus na ngeallsealbhóirí ábhartha uile, agus bunaithe ar mheasúnú tionchair cuí – forálacha atá as dáta a nuashonrú agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní gan údar trí bhearta comhréireacha d’fhonn cóineasú aníos a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur i bhfáth go mbaineann acmhainneacht mhór le húsáid uirlisí digiteacha agus réiteach atá bunaithe ar IS chun cabhrú le comhlíonadh a shimpliú, costais rialála a laghdú agus inrochtaineacht faisnéise a mhéadú; á mheas gur gá tuilleadh scrúdaithe ar chumhacht fhéideartha na n-uirlisí digiteacha chun réitigh níos fearr agus níos tapúla a sholáthar maidir leis sin agus go gcaithfear reachtaíocht a glacadh le déanaí a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn sé sin fothú acmhainneachta agus bearta tacaíochta chun an bonneagar digiteach agus na scileanna digiteacha is gá a thabhairt do chuideachtaí de gach saghas, do riaracháin agus do na saoránaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí nua IS a thástáil agus smaoineamh ar iad a úsáid – lena n-áirítear samhlacha móra teanga arna gcomhlánú le giniúint gnóthúbhreisithe – chun éifeachtúlacht agus cruinneas an fhaireacháin ar chur chun feidhme dhlí AE a fheabhsú, agus sa tslí sin brath níos tapúla ar neamhchomhlíonadh, freagairtí níos tráthúla ar ghearáin agus réitigh réamhghníomhacha ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit staonadh ó ualaí breise riaracháin nó comhlíonta gan ghá a chur leis agus reachtaíocht AE á trasuí (rórialáil) agus á iarraidh ar an gCoimisiún cásanna na gcleachtas sin a shainaithint agus a fhoilsiú ina thuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme; á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit treoracha a thrasuí go comhsheasmhach agus go héifeachtach chun deimhneacht dhlíthiúil agus cothrom na Féinne a chinntiú; ag tathant ar na Ballstáit staonadh ó threoracha a thrasuí go déanach, go neamhiomlán nó go míchruinn agus á spreagadh comhoibriú agus páirt a ghlacadh i malartú dea-chleachtas ionas go mbeidh cur chun feidhme na dtreoracha comhréireach agus éifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le hilroinnt rialála a dhéanann difear do FBManna sa mhargadh aonair, lena n-áirítear foirmiúlachtaí náisiúnta nach gá, agus tosaíocht a thabhairt do chreataí aitheantais fhrithpháirtigh agus idir-inoibritheachta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>