<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0065</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Rochtain phoiblí ar dhoiciméid – tuarascáil 2022 - 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0011/2026 -  Rapóirtéir: Veronika Cifrová Ostrihoňová)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2026 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid – tuarascáil bhliantúil do na blianta 2022 - 2024 (2025/2137(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagail 1, 9, 10, 11 agus 16 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 15 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), agus go háirithe Airteagail 41 agus 42 di,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail<FOOTNOTE><FIELD> IO L 264, 25.9.2006, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1367/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2008 le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (COM(2008)0229),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 21 Márta 2011 le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (COM(2011)0137),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá seasamh an 15 Nollaig 2011 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO C 168 E, 14.6.2013, lch. 159.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Clár oibre an Choimisiúin le haghaidh 2025’ (COM(2025)0045) agus dá iarscríbhinní a ghabhann léi, agus don rún a cuireadh in iúl ann tograí COM(2011)0137 agus COM(2008)0229 chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún a tharraingt siar,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2024/3080 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2024 lena mbunaítear Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin agus lena leasaítear Cinneadh C(2000) 3614<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/3080, 5.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3080/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2017 maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus ionracas in institiúidí AE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 337, 20.9.2018, lch. 120.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO L 305, 26.11.2019, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1937/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid<FOOTNOTE><FIELD> IO C 465, 17.11.2021, lch. 54.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Iúil 2023 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid – tuarascáil bhliantúil do na blianta 2019-2021<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4014, 17.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4014/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2024 maidir leis an méid ama a ghlacann an Coimisiún Eorpach chun déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6560, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6560/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta an 17 Iúil 2024 i gCásanna T-689/21, <STRING ITALIC="on">Auken agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING>, agus T-761/21, <STRING ITALIC="on">Courtois agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnais ón gCúirt Ghinearálta an 17 Iúil 2024, <STRING ITALIC="on">Auken agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING>, T-689/21, ECLI:EU:T:2024:476, agus <STRING ITALIC="on">Courtois agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING>, T-761/21, ECLI:EU:T:2024:477.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 14 Bealtaine 2025 i gCás T-36/23, <STRING ITALIC="on">Stevi agus The New York Times</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 14 Bealtaine 2025, <STRING ITALIC="on">Stevi agus The New York Times</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING>, T‑36/23, ECLI:EU:T:2025:483.</FIELD></FOOTNOTE><STRING ITALIC="on"> ,</STRING>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha agus do chinntí ón Ombudsman Eorpach, go háirithe Tuarascáil Speisialta OI/2/2022/OAM<FOOTNOTE><FIELD> An tOmbudsman Eorpach, ‘Tuarascáil Speisialta ón Ombudsman Eorpach ina fiosrúchán straitéiseach maidir leis an méid ama a ghlacann an Coimisiún Eorpach chun déileáil le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid (OI/2/2022/OAM)’, an 21 Meán Fómhair 2023.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na cinntí i gcásanna 1316/2021/MIG<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh ón Ombudsman Eorpach an 12 Iúil 2022 maidir le diúltú an Choimisiúin Eorpaigh rochtain phoiblí a thabhairt ar theachtaireachtaí téacs arna malartú idir Uachtarán an Choimisiúin agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin cuideachta cógaisíochta maidir le vacsaín COVID-19 a cheannach (cás 1316/2021/MIG).</FIELD></FOOTNOTE>agus 1499/2021/SF<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh ón Ombudsman Eorpach an 27 Meitheamh 2022 maidir le diúltú Chomhairle an Aontais Eorpaigh rochtain phoiblí iomlán a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann leis an gcaibidlíocht maidir leis an ‘dréacht-Ionstraim um Margaí Digiteacha’ (1499/2021/SF).</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 122(7) agus 149 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0011/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go ráthaítear le Conarthaí an Aontais Eorpaigh an ceart chun rannpháirtíochta daonlathaí agus chun cinnteoireachta trédhearcaí do gach saoránach, lena gceanglaítear ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE rochtain ar dhoiciméid a dheonú don phobal; de bhrí go gcumasaítear leis an gceart bunúsach sin chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, a chosnaítear leis na Conarthaí agus leis an gCairt, grinnscrúdú éifeachtach saoránach<FOOTNOTE><FIELD> Airteagal 10(3) CAE, arna léamh i bhfianaise aithris 13 den bhrollach a ghabhann leis agus Airteagal 1, an dara mír, agus Airteagal 9 de, agus Airteagal 15 CFAE.</FIELD></FOOTNOTE>, agus gur cheart, dá bhrí sin, é a fheidhmiú go réamhghníomhach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur dhearbhaigh CBAE go bhfuil rochtain phoiblí ar dhoiciméid ina cuid bhunriachtanach den daonlathas rannpháirtíochta; de bhrí gur rialaigh sí gur réamhchoinníoll é grinnscrúdú poiblí a dhéanamh ar fhaisnéis a úsáidtear i ngníomhaíochtaí reachtacha chun cumhachtaí daonlathacha a fheidhmiú go cuí agus chun cearta daonlathacha a fheidhmiú; de bhrí gur chuir CBAE i bhfios go láidir freisin gur gné dhílis den nós imeachta reachtach í an trédhearcacht agus nach mór cinntí a dhéanamh ar bhealach chomh hoscailte agus is féidir agus chomh gar agus is féidir do na saoránaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go n-aithnítear le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 an tábhacht ar leith a bhaineann le rochtain níos leithne fós ar dhoiciméid a chur ar fáil nuair a ghníomhaíonn institiúidí AE ina gcáil reachtach agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá ar leith le rochtain dhíreach ar dhoiciméid reachtacha a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil saoránaigh ag súil go dlisteanach le trédhearcacht, éifeachtúlacht agus cuntasacht ó údaráis phoiblí, agus gur cheart d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh freagairt do na hionchais sin ar bhealach soiléir agus sothuigthe; de bhrí go bhfuil oscailteacht agus dea-rialachas i bhfeidhmiú AE agus a phróiseas cinnteoireachta riachtanach chun muinín na saoránach a chothú san Aontas agus chun dlisteanacht, éifeachtacht agus cuntasacht níos fearr a áirithiú i leith an riaracháin; de bhrí gur cheart go rialódh prionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta ní hamháin an próiseas cinnteoireachta, ach an bealach ina ndréachtaítear téacs freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil rochtain thráthúil ar fhaisnéis iontaofa agus chruinn ríthábhachtach chun coimirciú a dhéanamh i gcoinne mífhaisnéise agus chun cur i gcoinne scaipeadh na bréagaisnéise go héifeachtach; de bhrí go mbaineann moilleanna maidir le rochtain den sórt sin a dheonú an bonn den phróiseas sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil AE bunaithe ar an daonlathas ionadaíoch agus nach mór dá institiúidí, dá chomhlachtaí, dá oifigí agus dá ghníomhaireachtaí seasamh leis na caighdeáin is airde trédhearcachta agus ionracais chun grinnscrúdú poiblí láidir agus rannpháirtíocht fhóinteach na saoránach sa dea-rialachas a chumasú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go raibh ról an Ombudsman Eorpaigh bunriachtanach chun rochtain phoiblí ar dhoiciméid a choimirciú, lena n-áirítear trí na moltaí a leagtar amach i dTuarascáil Speisialta OI/2/2022/OAM; de bhrí nach mór d’institiúidí AE a áirithiú gur féidir leis an Ombudsman Eorpach leanúint den ról sin a fheidhmiú go héifeachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur léiríodh i bhfiosrúchán straitéiseach an Ombudsman Eorpaigh a leagadh amach sa Tuarascáil Speisialta sin moilleanna sistéamacha agus suntasacha ón gCoimisiún, go háirithe maidir le hiarratais dearbhúcháin a láimhseáil (iarrataí ó iarratasóirí athbhreithniú a dhéanamh ar a fhreagairt tosaigh) tar éis diúltuithe tosaigh rochtain a thabhairt do shaoránaigh ar dhoiciméid;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, i gCás 1499/2021/SF, gur chinn an tOmbudsman go haonchiallach gur drochriarachán é diúltú na Comhairle rochtain phoiblí iomlán a thabhairt ar dhoiciméid a bhaineann le caibidlíochtaí reachtacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach bhforáiltear d’aon phionóis i gcás nach gcomhlíontar an spriocdháta 15 lá faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain ar dhoiciméid a dheonú nó a dhiúltú;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go n-aithnítear le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a thábhachtaí atá sé rochtain leathan ar dhoiciméid a dheonú nuair a ghníomhaíonn institiúidí AE ina gcáil reachtach agus ag cur béim ar an ngá atá le rochtain dhíreach ar dhoiciméid reachtacha a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, i mí na Bealtaine 2021, gur iarr iriseoir rochtain ar dhoiciméid, lena n-áirítear teachtaireachtaí téacs idir Uachtarán an Choimisiúin agus Pfizer, ach go ndúirt an Coimisiún nach raibh aon taifead den sórt sin aige ar bhonn rialacha inmheánacha maidir le clárú; de bhrí gur ábhar imní é an chaoi ar láimhseáil an Coimisiún an cás; de bhrí gur tháinig an tOmbudsman Eorpach ar an gconclúid gur drochriarachán a bhí sa fhreagairt sin ón gCoimisiún agus gur thíolaic sí roinnt moltaí mar obair leantach ar an gcás, lena n-áirítear maidir le conas teachtaireachtaí téacs a thaifeadadh, agus gur mhol sí cuardach athnuaite, i gcomhréir leis na hoibleagáidí rochtana poiblí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001; de bhrí, an 14 Bealtaine 2025, gur neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an cinneadh ón gCoimisiún na teachtaireachtaí téacs a choinneáil siar; de bhrí, de réir na Cúirte, gur theip ar an gCoimisiún míniú inchreidte a thabhairt chun údar a thabhairt gan na teachtaireachtaí a bheith ina sheilbh aige<FOOTNOTE><FIELD> Cás T-36/23, <STRING ITALIC="on">Stevi agus The New York Times</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING>, preaseisiúint: https://curia.europa.eu/jcms/upload/docs/application/pdf/2025-05/cp250060ga.pdf.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, go gcáilíonn teachtaireachtaí téacs mar ‘dhoiciméid’ nuair a bhaineann siad le hábhair a bhaineann leis na beartais, na gníomhaíochtaí nó na cinntí a thagann faoi réimse freagrachta institiúide, ós rud é go sainmhínítear ‘doiciméad’ mar aon inneachar, is cuma cén meán ina bhfuil sé (ar pháipéar, i bhfoirm leictreonach nó mar thaifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc); de bhrí nach gciallaíonn sé sin nach mór gach teachtaireacht téacs a mhalartaítear a chlárú agus a bheith inrochtana, ach na teachtaireachtaí sin amháin a bhaineann le beartais, gníomhaíochtaí nó cinntí an Aontais; de bhrí go bhféadfaidh an Coimisiún diúltú fós rochtain phoiblí iomlán a thabhairt ar theachtaireachtaí den sórt sin i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann de na heisceachtaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, amhail leasanna tráchtála a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí, an 6 Deireadh Fómhair 2025, gur fhoilsigh an Coimisiún san Iris Oifigiúil (C/2025/5423) tarraingt siar fhoirmiúil tograí reachtacha, go háirithe COM(2011)0137 agus COM(2008)0229, arb é is aidhm dóibh araon leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, i bhfianaise theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus á lua nach ann d’aon chomhaontú intuartha, tar éis blianta de sháinn reachtach ó 2011 i leith; de bhrí go n-ardaíonn an tsáinn leanúnach sin imní go bhféadfadh sé nach leor spleáchas ar chreat 2001 amháin a thuilleadh chun an ceart rochtana poiblí ar dhoiciméid AE a threisiú go héifeachtach i gcomhthéacs institiúideach agus teicneolaíoch nua-aimseartha;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go mbaineann deiseanna agus dúshláin araon le dul chun cinn tapa theicneolaíochtaí na hintleachta saorga (IS) chun faisnéis chruinn agus thrédhearcach a áirithiú laistigh de AE agus dá institiúidí, dá chomhlachtaí, dá oifigí agus dá ghníomhaireachtaí, agus gur féidir le córais IS atá deartha agus rialaithe go hiomchuí cabhrú le mífhaisnéis agus bréagaisnéis a bhrath agus a mhaolú agus, ar an gcaoi sin, tacú le dioscúrsa poiblí eolasach, ar choinníoll go n-urramaítear go hiomlán cearta bunúsacha lena n-úsáid, go gcuirtear cuntasacht chun cinn agus go gcloítear le hardchaighdeáin trédhearcachta chun muinín an phobail a choinneáil agus chun rialachas daonlathach a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, i gCás C-588/21 P<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 5 Márta 2024, <STRING ITALIC="on">Public.Resource.Org Inc., Right to Know CLG</STRING> v. <STRING ITALIC="on">an Coimisiún Eorpach agus Eile</STRING>, C-588/21 P, ECLI:EU:C:2024:201.</FIELD></FOOTNOTE>, maidir le hiarratas ó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha ag iarraidh rochtain ar chaighdeáin theicniúla maidir le sábháilteacht bréagán, gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart don Choimisiún leas sáraitheach poiblí a aithint faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, lena dtugtar údar maith le nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe sin;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur béim go láidir ar an bhfíoras gur cearta bunúsach faoi dhlí an Aontais Eorpaigh í an trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid, atá bunriachtanach chun rannpháirtíocht thrédhearcach, dhaonlathach, chuntasach agus fhóinteach na saoránach a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tuarascálacha bliantúla ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur leasaigh an Coimisiún a chreat trédhearcachta in 2024 trí Rialacha Nós Imeachta athbhreithnithe a ghlacadh, mar iarracht na rialacha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a shoiléiriú; á chur i bhfios go láidir gur chuir roinnt geallsealbhóirí ábhair imní in iúl maidir leis na rialacha athbhreithnithe, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar cad is ‘doiciméad’ ann, na heisceachtaí breise ar an oibleagáid doiciméid a chlárú nó toimhdí neamhnochta, comhlíonadh an tsainmhínithe sin agus na n-eisceachtaí agus na dtoimhdí sin le cásdlí seanbhunaithe CBAE, agus go mbainfeadh siad an bonn den trédhearcacht, rud a bheadh ina chéim siar, agus a bhainfeadh an bonn de chur i bhfeidhm aonfhoirmeach Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt faoi deara go bhfuair an Coimisiún 6 938 n-iarratas ar rochtain tosaigh ar dhoiciméid agus 641 iarratas dearbhúcháin in 2024, arb ionann é agus méadú 7 % ar iarratais dearbhúcháin i gcomparáid le 2023<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2025 maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún in 2024 (COM(2025)0239).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt faoi deara go bhfuair an Coimisiún 7 274 iarratas ar rochtain tosaigh ar dhoiciméid agus 599 n-iarratas dearbhúcháin in 2023, arb ionann é agus méadú 43 % ar iarratais dearbhúcháin i gcomparáid le 2022<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún in 2023 (COM(2024)0266).</FIELD></FOOTNOTE>; ag tabhairt faoi deara go bhfuair an Coimisiún 7 410 iarratas ar rochtain tosaigh ar dhoiciméid agus 418 n-iarratas dearbhúcháin in 2022, arb ionann é agus méadú 17,8 % ar iarratais dearbhúcháin i gcomparáid le 2021<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún in 2022 (COM(2023)0523).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur chinn an Coimisiún, agus é ag déileáil le hiarratais dearbhúcháin, rochtain pháirteach nó iomlán a thabhairt ar dhoiciméid in 51 % de na cásanna in 2 022, 85 % de na cásanna in 2023 agus 60 % de na cásanna in 2024; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar iarratais dearbhúcháin agus gur tháinig laghdú ar iarrataí tosaigh, agus gur aisiompaíodh cóimheas na gcinntí ag céim an iarratais dearbhúcháin; á chur i bhfios go léirítear leis sin mainneachtain measúnú críochnúil a dhéanamh ar iarrataí tosaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt chun suntais, faoin 31 Nollaig 2024, go raibh 918 803 thagairt i gClár Poiblí Doiciméad na Parlaiminte (méadú ó 898 267 ag deireadh 2023); ag tabhairt dá haire go raibh ráta foriomlán freagartha dearfaí fós ard ag 91 %, agus gur láimhseáladh iarratais laistigh de thart ar naoi lá oibre ar an meán<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, ‘Rochtain Phoiblí ar Dhoiciméid 2024 – Tuarascáil Bhliantúil Pharlaimint na hEorpa’, Ard-Stiúrthóireacht na hUachtaránachta, an tAonad um Thrédhearcacht, Bealtaine 2025.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á aithint go bhfuair an Coimisiún an líon is mó iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid ó institiúidí uile an Aontais, agus go bhfuair a Ardrúnaíocht agus an Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia an líon is mó iarrataí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt faoi deara gur eisigh an Coimisiún 5 542 fhreagra ag an gcéim thosaigh agus 305 fhreagra dearbhúcháin in 2024, agus go bhfuil dul chun cinn déanta ag institiúidí eile an Aontais freisin maidir lena n-iarrachtaí trédhearcacht a fheabhsú: bhí os cionn 527 000 doiciméad i gclár na Comhairle faoi dheireadh 2024, agus níos mó ná 72 % díobh ar fáil go poiblí, agus phróiseáil sí os cionn 2 800 iarraidh ar rochtain, ón tsochaí shibhialta agus ón saol acadúil den chuid is mó, lena dtugtar rochtain iomlán nó pháirteach in 85 % de na cásanna<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún in 2023 (COM(2024)0266.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na treochtaí sin agus béim á leagan acu ar thiomantas leanúnach an Aontais don trédhearcacht i bhfianaise dúshláin chasta dhlíthiúla agus pholaitiúla; ag tabhairt dá haire, áfach, nach ndearna an Coimisiún cinneadh laistigh de na teorainneacha ama dlíthiúla in 85 % de na cásanna athbhreithnithe agus, in 60 % de na cásanna, gurbh ionann an mhoill agus níos mó ná 60 lá oibre;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Na forbairtí is déanaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth, i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, fiú i gcás nach mór faisnéis áirithe a choinneáil siar ar bhonn cúiseanna a bhfuil údar cuí leo, gur cheart nochtadh páirteach a mheas agus nach mór na codanna eile den doiciméad iarrtha a scaoileadh, agus leas sáraitheach an phobail sa trédhearcacht agus sa nochtadh á chur san áireamh, lena gcuimsítear prionsabail an rialachais fhónta, na héifeachtúlachta institiúidí, na cuntasachta daonlathaí agus na rannpháirtíochta sibhialta feabhsaithe sa phróiseas cinnteoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chreidiúint go daingean gur colún bunúsach de chóras daonlathach an Aontais é tiomantas láidir agus comhsheasmhach do rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus do thrédhearcacht, lena bhfeabhsaítear rannpháirtíocht agus rannpháirteachas na saoránach agus lena rannchuidítear le dea-rialachas agus le bainistíocht fhónta airgeadais; á chreidiúint, i bhfianaise chomhthéacs reatha na mbagairtí hibrideacha agus na cogaíochta, go bhfuil sé tábhachtach cabhrú le hinsintí comhcheilge agus bréagaisnéis a chomhrac, agus go rannchuideoidh tiomantas ina leith sin le hathléimneacht AE i gcoinne trasnaíocht eachtrach agus iarrachtaí chun an bonn a bhaint dá shláine a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheas go gcabhrófaí le trédhearcacht éifeachtach a áirithiú, le díospóidí dlíthiúla a chosc agus le costais agus ualaí neamhriachtanacha a sheachaint dá gcuirfí cur chuige réamhghníomhach i bhfeidhm agus dá nglacfaí nósanna imeachta níos tapúla, nach mbeadh chomh hanásta agus níos inrochtana chun gearáin i gcoinne diúltuithe rochtain a dheonú a láimhseáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di ró-aicmiú leanúnach doiciméad oifigiúil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, ar sárú ar phrionsabal na trédhearcachta é; á athdhearbhú a hiarrata seanbhunaithe, mar a cuireadh in iúl ina rúin roimhe seo maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, go mbunófaí rialacha soiléire, comhsheasmhacha agus ceangailteacha ó thaobh dlí lena rialaítear aicmiú agus scaoileadh ó rúnaicmiú doiciméad chun cuntasacht dhaonlathach a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go mbíonn na fadhbanna coiteanna seo a leanas ag daoine agus rochtain ar dhoiciméid á hiarraidh acu, diúltú rochtana ag institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí ar bhonn argóintí neamhshubstaintiúla agus láimhseáil neamhréireach iarrataí comhchosúla ar rochtain ar dhoiciméid ag na hinstitiúidí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid mhinic na n-eisceachtaí in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 chun rochtain iomlán ar dhoiciméid a dhiúltú; á chur i bhfáth nach mór trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid a bheith mar riail ghinearálta i gcónaí, agus gur féidir líon teoranta eisceachtaí dlisteanacha, mar a shainmhínítear sa reachtaíocht ábhartha, a agairt, mar shampla ar chúiseanna slándála, agus nach mór iad a léirmhíniú go docht; á mheabhrú, de réir Ombudsman AE, gur cheart aon eisceacht nó srian ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid nó faisnéis, lena n-áirítear doiciméid reachtacha, a bheith eisceachtúil agus teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach; á athdhearbhú nach mór d’institiúid, do chomhlacht, d’oifig nó do ghníomhaireacht a agraíonn ceann de na heisceachtaí rochtana ar dhoiciméid faoin airteagal seo measúnú oibiachtúil agus aonair cás ar chás a dhéanamh; á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE na measúnuithe sin a chomhtháthú ina gcleachtais maidir le rochtain ar dhoiciméid a sholáthar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht na gcinntí a dhéantar sa nós imeachta coiste a áirithiú; á mheabhrú gur mheas CBAE sa nós imeachta coiste nach mbaintear an bonn den phróiseas cinnteoireachta trí sheasaimh na mBallstát a nochtadh<FOOTNOTE><FIELD> Féach breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 14 Meitheamh 2023, <STRING ITALIC="on">Covington & Burling agus Van Vooren</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING>, T-201/21, ECLI:EU:T:2023:333.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na deacrachtaí a bhaineann le rochtain a fháil ar dhoiciméid ó roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, agus an cosc a chuireann na gníomhaireachtaí sin ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid agus grinnscrúdú cuí; á chur i bhfáth go bhfuil gá le trédhearcacht níos fearr agus rochtain réamhghníomhach ar dhoiciméid ó ghníomhaireachtaí AE; á iarraidh, thairis sin, ar ghníomhaireachtaí AE Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme ina mbeartais maidir le rochtain ar dhoiciméid; á iarraidh, go háirithe, ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) rochtain thráthúil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa ar a doiciméid, go háirithe faisnéis agus anailís maidir le tíortha sábháilte tionscnaimh agus tíortha sábháilte nach bhfuil san Aontas, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2303 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010, IO L 468, 30.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2303/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, chun maoirseacht dhaonlathach a neartú; á iarraidh go leathnófaí an oibleagáid a fhorchuirtear le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 chun tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin chuig gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht eile de chuid an Aontais a chumhdaítear le hAirteagal 15 CFAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil obair leantach fhóinteach fós á déanamh ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle mar fhreagairt ar mholtaí a rinneadh i dtuarascálacha ón bParlaimint roimhe seo maidir le rochtain ar dhoiciméid; á chur in iúl gur saoth léi freisin nach bhfoilsíonn institiúidí AE go réamhghníomhach go leor doiciméad a bhaineann le comhaid reachtacha, rud a chuireann cosc ar shaoránaigh a bheith ar an eolas faoi na doiciméid atá ann i ndáiríre agus, ar an gcaoi sin, a chuireann bac ar a gceart rochtain a iarraidh ar dhoiciméid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi na deacrachtaí atá ann faoi láthair maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis mhionsonraithe ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú dhlí AE; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún trédhearcacht na gcinntí a dhéantar i nósanna imeachta um shárú a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht na gcinntí a dhéantar maidir le buiséad AE a áirithiú, go háirithe maidir le cistiú AE do thíortha nach bhfuil san Aontas agus i réimse na himirce agus na slándála, lena n-áirítear faisnéis maidir le méid, cuspóir agus foinse an chistithe, chun a áirithiú gur féidir leis an bParlaimint agus leis an bpobal grinnscrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di patrún na moilleanna sistéamacha ag an gCoimisiún maidir le freagairt d’iarratais dearbhúcháin a leagtar amach i bhfiosrúchán an Ombudsman Eorpaigh ina Thuarascáil Speisialta OI/2/2022/OAM, inar cinneadh go ndearna easnaimh struchtúracha, acmhainní neamhleora agus cumarsáid neamhéifeachtach daoine aonair a dhíspreagadh ar deireadh óna gceart rochtana a fheidhmiú; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil roinnt príomh-mholtaí ón Ombudsman curtha chun feidhme go hiomlán ag an gCoimisiún go fóill, go háirithe na moltaí sin a bhaineann le spriocdhátaí a bhaint amach, ná nár léirigh sé tiomantas nithiúil chun iad a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar moltaí an Ombudsman agus chun aghaidh a thabhairt ar phríomh-shaincheisteanna amhail moilleanna leanúnacha, easpa rannpháirtíochta le hiarratasóirí agus trédhearcacht neamhleor i gcásanna ardphróifíle; ag tathant ar an gCoimisiún a mhoilleanna córasacha ar phróiseáil iarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid a cheartú; á chreidiúint gur cheart foráil a dhéanamh do smachtbhannaí nó iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás ina mainníonn institiúidí iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid a fhreagairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi gur tíolacadh roinnt tograí reachtacha a thíolaic an Coimisiún gan measúnú tionchair a ghabhann leo nó gan maolú cuí-réasúnaithe ar an oibleagáid ceann a sholáthar; á chur i bhfios go láidir nach mór na comhreachtóirí a chur ar an eolas go hiomlán faoin bhfianaise bhunúsach a thacaíonn le tionscnaimh reachtacha chun trédhearcacht an phróisis reachtaigh a urramú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach togra reachtach a bheidh ann amach anseo cearta bunúsacha agus go mbeidh siad bunaithe ar shonraí stóinsithe infhíoraithe a léiríonn go soiléir a riachtanas, a gcomhréireacht, a n-éifeachtacht ionchasach agus a gcostéifeachtúlacht, agus go mbeidh measúnú tionchair cuimsitheach ag gabháil leo; ag tathant ar an gCoimisiún, thairis sin, trédhearcacht iomlán a áirithiú i roghnú na ngeallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo agus tograí reachtacha á n-ullmhú agus dóthain ama a áirithiú do chomhairliúcháin phoiblí leathana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go mór an easpa trédhearcachta sa Chomhairle, atá fós ann; á chur in iúl gur oth léi go mór go dtugtar chun suntais i gcónaí sna hanailísí a rinneadh le déanaí go bhfuil easpa cleachtas réamhghníomhach maidir le foilsiú agus clárú ann; á mheabhrú, de réir Airteagal 16(8) CAE, nach mór don Chomhairle teacht le chéile go poiblí nuair a dhéanann sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a dhéanann sí vótáil ina leith; á chur i bhfios go láidir gur srian díréireach é formhór na ndoiciméad ullmhúcháin a ainmniú mar ‘LIMITE’ i nósanna imeachta reachtacha leanúnacha ar cheart na saoránach rochtain a fháil ar dhoiciméid reachtacha; á chur i bhfáth, chun a chur ar chumas na saoránach a gceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid a fheidhmiú go hiomlán, gur cheart gach doiciméad reachtach a tháirgtear agus/nó a scaiptear a liostú freisin i gclár poiblí soláimhsithe; ag tathant ar an gComhairle feabhas a chur ar a rialacha agus ar a nósanna imeachta maidir le trédhearcacht, lena n-áirítear inrochtaineacht agus aicmiú doiciméad reachtach; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, cásdlí CBAE lena n-aithnítear ceart an phobail rochtain a fháil ar dhoiciméid arna dtáirgeadh ag meithleacha na Comhairle ag gníomhú dóibh i gcomhthéacs an phróisis reachtaigh; á thabhairt dá haire, áfach, gur gá rochtain a iarraidh go gníomhach fós; ag cur sonrú, agus é ina chúis mhór imní di, sna torthaí maidir le diúltú na Comhairle rochtain a thabhairt ar dhoiciméid thríthaobhacha, amhail cur chuige ginearálta na Comhairle, doiciméid ceithre cholún, cláir oibre, achoimrí ar thorthaí agus miontuairiscí na gcruinnithe tríthaobhacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á athdhearbhú nach mór don Chomhairle caighdeáin trédhearcachta níos airde a chaomhnú; á chur i bhfáth go mbaintear an bonn den mhuinín idirinstitiúideach nuair a dhiúltaíonn institiúid amháin go leanúnach rochtain phoiblí a thabhairt ar dhoiciméid atá ábhartha do chinnteoireacht AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach ag comhaontuithe idirnáisiúnta agus go múnlaíonn siad forbairt reachtaíocht AE; á áitiú, dá réir sin, gur gá trédhearcacht iomlán a áirithiú le linn an phróisis caibidlíochta trí rochtain thráthúil agus neamhshrianta a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa ar na doiciméid ábhartha uile; á mheabhrú, faoi Airteagal 218(10) CFAE, nach mór Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas ‘láithreach agus go hiomlán ag gach céim den nós imeachta’;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi breithiúnas CBAE in <STRING ITALIC="on">Stevi agus The New York Times</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING> mar rannchuidiú tábhachtach leis an gcásdlí lenar cothaíodh cleachtais thrédhearcacha in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh; ag tabhairt dá haire go bhfágann cinneadh CBAE go bhféadfaí léirmhíniú nuachóirithe a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 i bhfianaise cleachtais chumarsáide chomhaimseartha agus ionchais trédhearcachta atá ag teacht chun cinn; á mheabhrú gur shoiléirigh CBAE go mbaineann an ceart rochtana ar dhoiciméid leis na formáidí ábhartha uile agus nach féidir dul timpeall air le rialacha inmheánacha clárúcháin ná le cleachtais roghnaitheacha bainistithe taifead; á iarraidh, dá bhrí sin, ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile AE gach doiciméad oifigiúil a chaomhnú, a chlárú agus a chur ar fáil go réamhghníomhach, i ngach formáid ábhartha, lena bhféadfaí a áireamh, mar shampla, cumarsáid dhigiteach agus teachtaireachtaí téacs nuair a bhaineann siad le gnóthaí poiblí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheas go bhfuil laghdú tagtha ar mhuinín sa Choimisiún mar gheall ar an gcaoi ar dhéileáil Uachtarán an Choimisiúin leis an iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid sa chás sin; á chur in iúl gur oth léi diúltú leanúnach an Choimisiúin míniú a thabhairt ar an bhfáth nach bhféadfaí rochtain ar na doiciméid a iarradh a dheonú; ag tabhairt dá haire go leagtar béim sa bhreithiúnas ar an dualgas doiciméadacht a choinneáil go réamhghníomhach chun feidhmiú éifeachtach an chirt rochtana a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur toradh é doiciméad a chlárú ar dhoiciméad a bheith ann agus nach réamhriachtanas é chun é a bheith ann, agus nach féidir leis an gCoimisiún brath go hiomlán ar easpa clárúcháin ina chóras chun a shuí nach bhfuil doiciméid a iarradh ina sheilbh aige; á chreidiúint go láidir nach mbaineann cailleadh nó scriosadh doiciméid ach amháin mar gheall ar an ngníomhaíocht amháin a bhaineann le doiciméad ‘gearrshaolach’ a dhearbhú an bonn ó bhonn de phrionsabal na trédhearcachta agus an dea-rialachais, rud a chruthaíonn fasach contúirteach chun iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid a láimhseáil amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa trédhearcachta atá léirithe ag an gCoimisiún i bhfoilsiú chomhaontuithe ceannaigh COVID-19; á thabhairt chun suntais gur mheas CBAE nár thug an Coimisiún rochtain leathan go leor don phobal ar na comhaontuithe ceannaigh le haghaidh vacsaíní COVID-19<FOOTNOTE><FIELD> Cásanna T-689/21, <STRING ITALIC="on">Auken agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING>, agus T-761/21, <STRING ITALIC="on">Courtois agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Coimisiún</STRING>.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE beartas trédhearcachta a chur chun feidhme trí dhearadh agus doiciméid a fhoilsiú ar bhealach réamhghníomhach agus é mar aidhm dheiridh leo a áirithiú gur féidir le saoránaigh a gceart rochtana ar dhoiciméid a fheidhmiú go hiomlán agus a ról grinnscrúdaithe a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún a aithint nach comhartha mímhuiníne é feidhmiú an chirt ag saoránaigh chun trédhearcachta agus chun rochtain a fháil ar dhoiciméid ar cheart é a theorannú nó a chosc, ach gur deis é d’institiúidí AE a léiriú conas a dhéantar cinntí agus muinín na sochaí in AE a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach féidir le saoránaigh faoi láthair agóid a dhéanamh i gcoinne diúltú d’iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid nó i gcoinne easpa freagartha tráthúla nuair nach gcomhlíontar spriocdhátaí trí ghearán a dhéanamh leis an Ombudsman, agus ar an drochuair nach bhfuil a chuid moltaí ceangailteach ó thaobh dlí de, nó trí imeachtaí cúirte a thionscnamh i gcoinne institiúide roimh CBAE, lena mbaineann próiseas an-fhada agus costasach le torthaí neamhchinnte, rud a chruthaíonn ualach míréasúnta a dhíspreagann saoránaigh ar mian leo agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh rochtain a dhiúltú; á thabhairt chun suntais go bhfuil éifeacht athchomhairleach ag na táillí dlí an-ard atá i gceist ar shaoránaigh agus ar an tsochaí shibhialta maidir lena gceart chun rochtain a fháil ar cheartas agus ar leigheas éifeachtach a chosnaítear faoin gCairt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur glacadh rialacha inmheánacha athbhreithnithe an Choimisiúin maidir le rochtain ar dhoiciméid, agus na ceisteanna a ardaíodh maidir lena gcomhoiriúnacht leis an gCairt, le CAE, le CFAE agus le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus ag tabhairt dá haire go bhfuil cásanna ar feitheamh os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh; ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacha maidir le bainistiú taifead agus cartlanna i bhfianaise an chásdlí ábhartha agus iad a shoiléiriú nó a choigeartú chun an leibhéal trédhearcachta is airde a bhaint amach i gcomhréir le ceanglais agus meon Airteagal 15 CFAE agus Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001; á mheas go gcuirfidh sé sin le hinchreidteacht dhaonlathach AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE nósanna imeachta inrochtana a ghlacadh chun gearáin a láimhseáil maidir le diúltuithe rochtain a dheonú agus bearta chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí i gcás inar gá; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar institiúidí AE freagraí saincheaptha a chur ar fáil agus nach mbraitheann siad ar thoimhdí ginearálta neamhnochta amháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tharraing an Coimisiún siar a thograí ó 2008 agus 2011 chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001; á chur in iúl gur oth léi an cinneadh sin iad a tharraingt siar tar éis blianta de sháinn gan treochlár soiléir, amlíne ná comhairliúchán fóinteach, rud a fhágann nach bhfuil deis thábhachtach ann an creat atá ann faoi láthair agus atá as dáta a nuachóiriú; á mholadh go láidir go ndéanfadh an Coimisiún staidéar ar dhlíthe agus ar chleachtais náisiúnta éagsúla maidir le rochtain ar dhoiciméid, lena n-áirítear sna Ballstáit ina bhfuil caighdeáin níos airde maidir le trédhearcacht ná mar atá ar leibhéal an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún togra nuashonraithe agus níos uaillmhianaí a chur síos ina n-ionchorpraítear cásdlí CBAE agus ECtHR, lena gcuirtear san áireamh moltaí na Parlaiminte, lena n-áirítear a seasamh ó 2011 maidir leis an athbhreithniú atá beartaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, agus lena n-áirítear smachtbhannaí as mainneachtain rialacha trédhearcachta a urramú; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún eisceachtaí ó chásanna a bhfuil géarghá leo a chúngú agus caighdeán nua uaillmhianach AE a leagan síos maidir le hoscailteacht agus rochtain phoiblí ar dhoiciméid; á iarraidh, go dtí go ndéanfar togra nuashonraithe, go ndéanfaí Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a léirmhíniú go docht agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcomhréir leis an gcásdlí ábhartha agus leis an bprionsabal gur cheart an rochtain is leithne is féidir a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do Pharlaimint na hEorpa dea-shampla a thabhairt trí dhoiciméid a nochtadh go réamhghníomhach i gcomhréir lena cleachtas seanbhunaithe maidir le trédhearcacht reachtach agus tríd an gcur chuige sin a leathnú chuig doiciméid a bhaineann le comhaid reachtacha agus le hobair, mar shampla chuig cláir oibre agus miontuairiscí chruinnithe na gcomhordaitheoirí agus cláir oibre Chomhdháil na nUachtarán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt láithreach ar na moilleanna sistéamacha maidir le hiarratais dearbhúcháin a láimhseáil trí chur chuige réamhghníomhach a ghlacadh, nósanna imeachta inmheánacha a fheabhsú, acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a leithdháileadh ar bhonn measúnú críochnúil ar riachtanais agus cumarsáid thráthúil agus thrédhearcach le hiarratasóirí a áirithiú, chun oibleagáidí dlíthiúla a chaomhnú agus chun tacú le muinín agus rannpháirtíocht an phobail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á mholadh go bhfoilseodh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE comhairle ar a suíomhanna gréasáin maidir leis an bhfaisnéis ba cheart a áireamh in iarratas ar rochtain ar dhoiciméid faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, chun próiseáil na n-iarratas sin a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur chun leas an phobail í faisnéis chomhshaoil atá i seilbh na n-údarás poiblí agus gur cheart, de réir Choinbhinsiún Aarhus, go mbainfeadh an pobal tairbhe as rochtain leathan ar an bhfaisnéis sin; á chur in iúl gur saoth léi go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag diúltú rochtain a thabhairt ar fhaisnéis faoi éifeachtaí astaíochtaí ar an gcomhshaol, amhail i réimse an truaillithe cheimicigh, ar an tsláinte phoiblí agus ar chosaint na saoránach ar shubstaintí contúirteacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur thug an tOmbudsman Eorpach nós imeachta athbhreithnithe tapa isteach i gcásanna ina ndiúltaítear rochtain a thabhairt ar iarrataí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE cláir oiliúna a fhorbairt agus a thairiscint do na baill foirne ábhartha uile, go háirithe dóibh siúd a bhainistíonn doiciméid agus próisis chinnteoireachta, chun cultúr inmheánach trédhearcachta, cuntasachta agus dea-rialachais a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí cinntí lena ndiúltaítear iarrataí ar rochtain tar éis measúnú oibiachtúil agus aonair de réir an cháis, go gcuirfí in iúl iad gan moill mhíchuí agus go mbeadh údar réasúnaithe agus sonrach ag gabháil leo, i gcomhréir leis an gcásdlí ábhartha; á mheabhrú d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí uile AE nach mór aon chinneadh lena ndiúltaítear rochtain phoiblí ar dhoiciméid a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach agus nach mór é a léirmhíniú go docht, chun grinnscrúdú poiblí agus creidiúnacht dhaonlathach a cheadú trína áirithiú go dtuigeann saoránaigh an fáth ar diúltaíodh rochtain agus gur féidir leo úsáid a bhaint as na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil i gcás inar gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí sásra maoirseachta neamhspleách lena ndéanfar athbhreithniú rialta ar chleachtais aicmithe agus dí-rúnaicmithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith níos trédhearcaí maidir le conarthaí le tríú páirtithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith níos réamhghníomhaí maidir leis an oiread faisnéise agus is féidir a fhoilsiú maidir le nósanna imeachta tairisceana i gcomhréir leis na glaonna a rinne an Pharlaimint roimhe seo<FOOTNOTE><FIELD> Mar shampla, i rún uaithi an 9 Meán Fómhair 2025 maidir le soláthar poiblí, Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0174.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí AE obair leantach iomlán agus thapa a dhéanamh ar chinntí agus ar mholtaí a rinne an tOmbudsman tar éis gearáin a dhéanamh faoi dhiúltú rochtana ar iarrataí ar dhoiciméid; á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE nósanna imeachta níos tapúla, níos inrochtana agus níos simplithe a ghlacadh chun gearáin a láimhseáil maidir le diúltuithe rochtain a thabhairt agus bearta a ghlacadh chun a áirithiú gur féidir le saoránaigh agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí nuair is gá; ag moladh, sa chomhthéacs sin, oifigigh shinsearacha nó saineolaithe neamhspleácha a cheapadh a mbeidh sé de chumas acu athbhreithniú a dhéanamh, gan moill mhíchuí, ar achomhairc maidir le hiarrataí ar rochtain ar dhoiciméid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh go mbeadh trédhearcacht iomlán ann maidir le húsáid córas Intleacht Shaorga i gcinntí agus i nósanna imeachta institiúidí an Aontais, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe maidir le halgartaim, sonraí oiliúna agus measúnuithe tionchair a fhoilsiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh easpa eolais maidir le cé acu atá nó nach bhfuil doiciméid ann i ndáiríre bac a chur ar shaoránaigh a gceart a fheidhmiú chun rochtain orthu a iarraidh; á chur i bhfáth gur ceanglas dlíthiúil faoi na Conarthaí agus faoin gCairt é a áirithiú go mbeidh saoránaigh in ann an próiseas reachtach a thuiscint, a leanúint go mion agus a bheith rannpháirteach ann, agus gur bunriachtanas é sin don ghrinnscrúdú daonlathach agus don daonlathas go ginearálta; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí feachtais múscailte feasachta agus faisnéise spriocdhírithe ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun saoránaigh a chur ar an eolas faoina gcearta rochtana ar dhoiciméid agus faoi na huirlisí agus na nósanna imeachta atá ar fáil dóibh chun na cearta sin a fheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil éifeacht dhlíthiúil cheangailteach ag comhaontuithe idirnáisiúnta agus go múnlaíonn siad forbairt reachtaíocht AE; á áitiú, dá réir sin, gur gá trédhearcacht iomlán a áirithiú le linn an phróisis caibidlíochta, trí rochtain thráthúil agus neamhshrianta a thabhairt don Pharlaimint ar na doiciméid ábhartha uile; á iarraidh go gcuirfí an Pharlaimint ar an eolas láithreach agus go hiomlán ag gach céim den nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 218(10) CFAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tathant ar an gComhairle feabhas a chur ar a rialacha agus ar a nósanna imeachta maidir le trédhearcacht reachtach; á iarraidh go bhfoilseofaí go réamhghníomhach agus go tráthúil cur chuige ginearálta agus páirteach na Comhairle agus doiciméid ullmhúcháin uile na Comhairle maidir le comhaid reachtacha, lena n-áirítear seasaimh gach Ballstáit agus miontuairiscí ó chruinnithe meithle, lena mbunaítear a bhfoilsiú mar chleachtas caighdeánach ag gach céim den chinnteoireacht, i gcomhréir le prionsabal na rannpháirtíochta daonlathaí a chumhdaítear sna Conarthaí agus sa Chairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar institiúidí AE breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-540/15<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 22 Márta 2018, <STRING ITALIC="on">De Capitani</STRING> v. <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-540/15, ECLI:EU:T:2018:167.</FIELD></FOOTNOTE> maidir le rochtain ar dhoiciméid ceithre cholún a chomhlíonadh go hiomlán; á iarraidh, thairis sin, ar institiúidí AE doiciméid thríthaobhacha eile a fhoilsiú go réamhghníomhach, amhail cláir oibre, achoimrí ar thorthaí agus miontuairiscí na gcruinnithe tríthaobhacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór an trédhearcacht a bheith fite fuaite leis an gcuntasacht; á iarraidh go ndéanfadh an tOmbudsman Eorpach iniúchtaí rialta a thabhairt isteach maidir le comhlíonadh institiúideach oibleagáidí trédhearcachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí isteach córas soláimhsithe ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte ina mbeidh, i gcás gach vóta le glaoch rolla, an téacs ar vótáladh air agus torthaí na vótála de réir grúpa agus de réir Feisire de Pharlaimint na hEorpa infheicthe, i gcomhréir leis an nglao roimhe seo ón bParlaimint ar níos mó trédhearcachta agus ar uirlisí soláimhsithe chun nósanna imeachta sa Pharlaimint a dhéanamh níos inrochtana do shaoránaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go láidir ar AE agus ar na Ballstáit torthaí agus moltaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus agus an Ombudsman a chur i bhfeidhm, agus a ngealltanais idirnáisiúnta féin faoi Choinbhinsiún Aarhus agus faoin smacht reachta á n-urramú ag an am céanna;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>