<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0066</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cóipcheart agus intleacht shaorga ghiniúnach – deiseanna agus dúshláin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0019/2026 -  Rapóirtéir: Axel Voss)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2026 maidir le cóipcheart agus intleacht shaorga ghiniúnach – deiseanna agus dúshláin (2025/2058(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 4, 16, 26, 114, 118 agus 179 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 17(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 27 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, a glacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1948 (Rún 217 A), lena ndearbhaítear an ceart chun páirt a ghlacadh gan bhac sa saol cultúrtha i saol cultúrtha an phobail, an ceart chun na healaíona a theachtadh agus an ceart chun páirt a ghlacadh i ndul chun cinn eolaíoch agus na tairbhí a bhaineann leis, agus an ceart go ndéanfar na leasanna morálta agus ábhartha a eascraíonn as aon léiriú eolaíoch, liteartha nó ealaíonta a chosaint,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Bheirn chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint, arna leasú an 28 Meán Fómhair 1979, agus do Choinbhinsiún na Róimhe um Chosaint Taibheoirí, Léiritheoirí Fónagram agus Eagraíochtaí Craolacháin an 26 Deireadh Fómhair 1961,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) an 15 Aibreán 1994,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 77, 27.3.1996, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/9/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Bunachar Sonraí),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise<FOOTNOTE><FIELD> IO L 167, 22.6.2001, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/29/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Treoir na Sochaí Faisnéise),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 157, 30.4.2004, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/48/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ETS Uimh. 009), lena ráthaítear an ceart chun sealúchas a theachtadh go síochánta agus atá léirmhínithe ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine mar chearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear sa chás <STRING ITALIC="on">Anheuser-Busch Inc.</STRING> v. <STRING ITALIC="on">an Phortaingéil</STRING> (11 Eanáir 2007),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí ríomhchlár<FOOTNOTE><FIELD> IO L 111, 5.5.2009, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/24/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj?eliuri=eli%3Areg%3A2016%3A679%3Aoj&locale=ga.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 157, 15.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/943/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 303, 28.11.2018, lch. 59, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32018R1807.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 130, 17.5.2019, lch. 92, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32019L0790.</FIELD></FOOTNOTE> (‘an Treoir maidir le Cóipcheart’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid<FOOTNOTE><FIELD> IO L 172, 26.6.2019, lch. 56, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32019L1024.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne<FOOTNOTE><FIELD> IO L 186, 11.7.2019, lch. 57, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32019R1150.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘An Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín’ (COM(2020)0065),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonradh na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) maidir le cóipcheart agus dréachtpháipéar seasaimh an 29 Bealtaine 2020 ar Bheartas na Maoine Intleachtúla agus an Intleacht Shaorga (WIPO/IP/AI/2/GE/20/1 REV),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cearta maoine intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga<FOOTNOTE><FIELD> IO C 404, 6.10.2021, lch. 129<STRING ITALIC="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 152, 3.6.2022, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32022R0868.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C 23, 23.1.2023, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2854, 22.12.2023, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32023R2854.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024R1689.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING>’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] ó Mario Draghi,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Competitiveness Compass for the EU</STRING>’ [Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach] (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 12 Bealtaine 2025 ó Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Development of Generative Artificial Intelligence from a Copyright Perspective</STRING>’ [An Intleacht Shaorga Ghiniúnach a Fhorbairt ó Pheirspictíocht Chóipchirt],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2025 dar teideal ‘Staid na Deacáide Digití 2025: Leanúint de cheannasacht agus todhchaí dhigiteach an Aontais a fhorbairt’ (COM(2025)0290),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chód Cleachtais um an Intleacht Shaorga Ilchuspóireach, go háirithe a chaibidil chóipchirt, a d’fhoilsigh an Coimisiún an 10 Iúil 2025 agus atá i bhfeidhm ón 2 Lúnasa 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Fhógra Míniúcháin agus don Teimpléad don Achoimre Phoiblí ar Ábhar Oiliúna le haghaidh IS ilchuspóireach a d’fhoilsigh an Coimisiún an 24 Iúil 2025 agus atá i bhfeidhm ón 2 Lúnasa 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don staidéar dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Generative AI and Copyright – Training, Creation, Regulation</STRING>’ [IS giniúnach agus cóipcheart – Oiliúint, Cruthú, Rialáil] arna choimisiúnú ag an Roinn Beartais um Cheartas, um Shaoirsí Sibhialta agus um Ghnóthaí Institiúideacha i bParlaimint na hEorpa arna iarraidh sin don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla<FOOTNOTE><FIELD> Lucchi, N. (2025), ‘Intleacht Shaorga Ghiniúnach agus cóipcheart: Oiliúint, Cruthú, Rialáil’, tag. PE 774.095, Parlaimint na hEorpa.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0019/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil an ceart chun maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil, cumhdaithe mar cheart bunúsach in Airteagal 17 den Chairt agus go bhfuil sé cáilithe go soiléir sa chásdlí; de bhrí nach mór urraim don cheart sin a ráthú ag gach céim den chlaochlú digiteach agus d’fhorbairt na hintleachta saorga giniúnaí (GenAI);
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshlán straitéiseach roimh AE maidir le titim chun deiridh ar fhorbairtí idirnáisiúnta i réimse na hintleachta saorga (IS); de bhrí, ag an gCruinniú Mullaigh Gníomhaíochta maidir leis an Intleacht Shaorga i mí Feabhra 2025 i bPáras, gur fhógair an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta um Mór-Roinn na hIntleachta Saorga, agus é mar chuspóir aige ceannaire domhanda a dhéanamh den Eoraip in IS; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, dul chun cinn theicneolaíochtaí agus sheirbhísí na hintleachta saorga giniúnaí a chur chun cinn, seachas bac a chur orthu, ar mhaithe le leas an phobail laistigh de AE chun ceannasacht theicneolaíoch, iomaíochas, cultúr ilteanga agus acmhainneacht nuálaíochta na hEorpa a choimirciú agus, ag an am céanna, fanacht dílis dá luachanna agus a áirithiú go dtacóidh forbairt theicneolaíoch le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, le hiomaíochas agus le nuálaíocht agus rochtain leathan ar theicneolaíochtaí IS ar fud AE á héascú ag an am céanna; de bhrí go bhfuil gá freisin le rochtain ar ábhar ardcháilíochta chun iomaíochas a choinneáil sa rás chun feabhas a chur ar an intleacht shaorga ghiniúnach, rud a chuireann i bhfios go láidir a thábhachtaí atá earnáil chruthaitheach a bhfuil luach saothair cothrom ag dul léi mar fhoinse sonraí oiliúna ardcháilíochta IS;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag earnáil na cruthaitheachta agus an chultúir maidir le luachanna Eorpacha agus éagsúlacht chultúrtha a chosaint, arb ionann í agus thart ar 4 % de bhreisluach AE agus 6,9 % d’olltáirgeacht intíre AE; de bhrí go bhfostaítear san earnáil thart ar 8 milliún duine, rud atá mar bhonn taca faoi éagsúlacht chultúrtha, comhtháthú sóisialta, luachanna agus idirphlé daonlathach na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur bunaíodh leis an Dearbhú maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití an cuspóir timpeallacht dhigiteach chóir, shábháilte agus shlán a áirithiú, inar cheart an deis a bheith ag gach duine, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), dul san iomaíocht go cothrom agus ar bhealach nuálach; de bhrí go bhfuil bearta i gceist leis sin chun inrianaitheacht, sábháilteacht agus comhlíonadh táirgí agus seirbhísí a thairgtear ar an margadh aonair digiteach a chur chun cinn; de bhrí go ngeallann na sínitheoirí córais IS atá duinelárnach, iontaofa agus eiticiúil a chur chun cinn, a úsáidtear ar bhealach trédhearcach agus i gcomhréir le luachanna AE; de bhrí go n-áitítear sa dearbhú gur cheart go rannchuideodh an claochlú digiteach le sochaí agus geilleagar cothrom agus cuimsitheach, agus le héagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn, chomh maith le teicneolaíochtaí agus caighdeáin oscailte, mar bhealach chun muinín sa teicneolaíocht agus cumas tomhaltóirí roghanna uathrialacha agus eolasacha a dhéanamh a neartú tuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go ndealraíonn sé nach mbainfear cuspóirí AE don Deacáid Dhigiteach amach gan athrú claochlaitheach ina thírdhreach infheistíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé beartaithe leis an gCompás Iomaíochais don Aontas borradh a chur faoin nuálaíocht, go háirithe trí thimpeallacht chairdiúil a chruthú do chuideachtaí óga san Eoraip chun dul i mbun gnó agus leathnú, faoi straitéis thiomnaithe AE um ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú a seoladh an 28 Bealtaine 2025; de bhrí gur cheart tionscnamh ‘IS a chur i bhfeidhm’ a bheith ag gabháil leis sin do chuideachtaí de gach méid chun dlús a chur le comhtháthú theicneolaíochtaí IS ar fud earnálacha straitéiseacha agus chun ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a threisiú; de bhrí go gcruthaíonn earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta poist nua agus oilte, agus go rannchuidíonn siad le fás eacnamaíoch na hEorpa, lena cumhacht taidhleoireachta agus le teacht chun cinn daoine tréitheacha; de bhrí gurb ionann FBManna agus formhór mór na ngnólachtaí in earnáil na cruthaitheachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go dtagann cóipcheart agus cearta gaolmhara i bhfeidhm go huathoibríoch gan ceanglais chlárúcháin; de bhrí, dá bhrí sin, go dtugtar cearta eisiacha fairsinge do shealbhóirí éagsúla (údair, taibheoirí, léiritheoirí, foilsitheoirí agus craoltóirí), lena n-áirítear an ceart saothair agus ábhar eile a atáirgeadh agus iad a oiriúnú, a dháileadh agus a chur in iúl don phobal;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór i dtionscail chultúrtha agus chruthaitheacha na hEorpa, a bhfuil difríocht shuntasach idir a gcleachtais chonarthacha, a slabhraí luacha, agus a gcineálacha inneachair atá cosanta ag cóipcheart agus cearta gaolmhara; de bhrí, i roinnt earnálacha, go n-eagraíonn sealbhóirí ceart i dteannta a chéile chun a leasanna a chosaint; de bhrí go bhfuil na saothair a tháirgeann an raon éagsúil gníomhaithe sin chomh héagsúil céanna agus gur féidir, dá bhrí sin, luachanna éagsúla a bheith acu;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur gá do chóipcheart coinneáil suas le forbairt teicneolaíochtaí nua, go dlíthiúil agus go teicniúil araon; de bhrí go mbeadh comhchuibhiú ar chórais náisiúnta cóipchirt ríthábhachtach i ndomhan digiteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur cineál IS é an intleacht shaorga ghiniúnach a ghineann, murab ionann agus córais IS eile atá deartha go príomha chun aicmiú nó tuar a dhéanamh, inneachar nua, amhail téacs, íomhánna, ceol, físeáin agus cód, ar bhonn oiliúna ina n-úsáidtear tacair sonraí an-mhór óna bhfoghlaimíonn siad patrúin agus struchtúir; de bhrí go gcruthaítear aschuir intleachta saorga giniúnaí trí thuartha atá bunaithe ar shamhlacha staidrimh, go ndéanann siad aithris go ginearálta ar chruthaitheacht an duine agus go mbraitheann siad ar inneachar atá ann cheana, a bhféadfadh ábhair atá faoi chosaint cóipchirt a bheith san áireamh leo; de bhrí gur gá cosaint ábhair faoi chóipcheart a oiriúnú go digiteach mar gheall ar an úsáid dhigiteach sin a bhaintear as ábhar atá faoi chosaint cóipchirt;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach mór forbairt, imlonnú agus úsáid IS a bheith i gcomhréir go hiomlán leis an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair; de bhrí nach bhfuil sé inghlactha go sáraíonn na forbairtí teicneolaíochta sin cearta atá bunaithe faoi láthair; de bhrí gur minic nach praiticiúil iad na córais atá ann faoi láthair chun cearta (‘rogha an diúltaithe’) a fhorchoimeád d’inneachar atá faoi chosaint cóipchirt, go bhféadfadh sé nach gcumhdófaí leo gach gníomh ábhartha mianadóireachta téacsanna agus sonraí, agus nach bhfuil an trédhearcacht is gá iontu le haghaidh cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach; de bhrí nár cheart forbairt teicneolaíochtaí nua amhail IS agus seasamh le cearta seanbhunaithe, lena n-áirítear iad siúd a chumhdaítear i ndlí an chóipchirt, a bheith comheisiach, ach gur cheart iad a chur chun cinn le chéile;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil fianaise ann go bhfuil sárú forleathan á dhéanamh ag soláthraithe intleachta saorga giniúnaí ar rialacha cóipchirt, lena n-áirítear bailiú neamhúdaraithe saothar ón idirlíon, neamhchomhlíonadh forchoimeádas téacs agus ceart mianadóireachta sonraí na sealbhóirí ceart, úsáid foinsí bradacha chun saothair a fháil, agus mainneachtain ceadúnais a lorg; de bhrí go léiríonn an patrún sin, ar sárú soiléir é ar chearta bunúsacha cruthaitheoirí agus míleithreasú luacha chun dochair d’earnáil chultúrtha agus faisnéise AE, go bhfuil gá le bearta láidre chun a áirithiú go bhfuil éiceachóras IS in AE cothrom agus eiticiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gurb iad na príomhcheisteanna dlíthiúla faoin idirghníomhú idir an intleacht shaorga ghiniúnach agus cóipcheart agus cearta gaolmhara ná an bhfuil úsáid saothar atá faoi chosaint cóipchirt agus ábhair eile i dtacair sonraí oiliúna dleathach faoi dhlí AE agus faoi dhlí náisiúnta na mBallstát, cén stádas dlíthiúil ba cheart a bheith ag ábhar arna ghiniúint ag IS, agus conas trédhearcacht, toiliú agus luach saothair cothrom cruthaitheoirí agus sealbhóirí ceart a áirithiú nuair a úsáidtear a saothair chosanta agus ábhar eile chun aschuir IS a ghiniúint, a scaipeadh agus a dháileadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil an intleacht shaorga ghiniúnach, trí inneachar a chruthú ar bhealach ollmhór agus neamhchostasach a dhéanann aithris ar an méid a tháirg cruthaitheacht an duine, in iomaíocht dhíreach le hobair cruthaitheoirí, go háirithe inneachar cultúrtha agus inneachar na meán; de bhrí go bhféadfadh meath ar cháilíocht an ábhair ar líne a bheith mar thoradh ar an iomaíocht sin mar thoradh ar chruthaitheoirí a bheith ag díscor, agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh meath foriomlán ar tháirgeadh cultúrtha agus cruthaitheach an duine a bheith mar thoradh uirthi;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur riosca eiseach do shochaí agus do dhaonlathas na hEorpa é an baol sin go gcuirfear deireadh de réir a chéile leis an ngné dhaonna den chruthú i bhfabhar ábhar a ghintear le IS, chomh maith leis an mbonn a bhaint d’inmharthanacht eacnamaíoch earnáil na cruthaitheachta, sa mhéid is go ndéanann sé doiléir na teorainneacha idir an fhírinne agus an bhréag, an dearcadh ar dhioscúrsa agus a údair, agus go gcuireann sé isteach ar chumais cognaíocha agus ar smaointeoireacht chriticiúil; de bhrí go gcuirtear na rioscaí sin san áireamh sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga), ach nach féidir é a chur i gcrích gan cosaint láidir a thabhairt do chóipcheart agus do chearta gaolmhara;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí, chun forfheidhmiú cuí an dlí agus cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud an Aontais agus i measc sholáthraithe IS, nach mór feidhm aonfhoirmeach a bheith ag rialacha an Aontais agus na mBallstát maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara maidir le gach soláthraí IS a úsáideann táirgí nó a thairgeann seirbhísí laistigh den Aontas, gan beann ar a n-áit bhunaithe, ar an dlínse ina ndéantar na gníomhartha atá ábhartha ó thaobh cóipchirt de atá mar bhonn taca faoi oiliúint na samhlacha IS sin, agus ar an áit a n-úsáidtear an t-aschur a tháirgeann an córas IS san Aontas; de bhrí gur cheart feidhm <STRING ITALIC="on">mutatis mutandis</STRING> a bheith ag an gceanglas céanna maidir le haon úsáid a bhaintear as ábhar ina dhiaidh sin le haghaidh tátail, giniúint aisghabhála nó mionchoigeartú ní hamháin ag soláthraithe samhlacha IS, mar a shonraítear faoi láthair in Airteagal 53 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga, ach ag soláthraithe nó ag imlonnóirí chórais IS freisin; de bhrí nár cheart míthuiscint a bhaint as comhaontuithe ceadúnais nua a dhéanamh mar shásamh ar úsáidí neamhúdaraithe inneachair atá faoi chosaint cóipchirt roimhe seo;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí nach mór d’aon soláthraí IS a chuireann samhail intleachta saorga ilchuspóireach ar mhargadh AE leanúint de bheith freagrach as a fhíorú go gcomhlíonann na bearta a áirítear ina bheartas cóipchirt, mar a leagtar amach i gCód Cleachtais um an Intleacht Shaorga Ilchuspóireach, cur chun feidhme dhlí AE maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara ag na Ballstáit, sula ndéanfaidh sé aon ghníomh atá ábhartha ó thaobh cóipchirt de ar chríoch an Bhallstáit ábhartha, ós rud é go bhféadfadh dliteanas faoi dhlí AE maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara a bheith mar thoradh ar mhainneachtain déanamh amhlaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí nach bhfuil sa Chód Cleachtais ach comhlíonadh deonach, agus nach bhfuil sé sínithe ag gach soláthraí IS, go háirithe a chaibidil cóipchirt;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go gcruthaíonn cineál domhanda agus ráta easpónantúil oiliúint, imscaradh agus tairiscintí IS, ar thaobh amháin, agus cur i bhfeidhm críochach na rialacha a bhaineann le cóipcheart agus cearta gaolmhara ar an taobh eile, bacainní ar cheadúnú a fháil maidir leis na cearta ábhartha agus ar tháirgí agus seirbhísí IS a chur ar fáil ar mhargadh AE i gcomhréir leis na rialacha agus na cearta sin, ar bhealach atá cosúil leis an ré dhigiteach neamh-IS ach atá méadaithe go mór di;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go bhfuil an cásdlí maidir le húsáid sháraitheach ábhair faoi chóipcheart chun oiliúint a chur ar shamhlacha IS fós gann, ach go bhfuiltear ag súil le roinnt cinntí cúirte go luath amach anseo, ós rud é go bhfuil caingne breithiúnacha tugtha ag sealbhóirí éagsúla ceart san Aontas agus i gcodanna eile den domhan i gcoinne soláthraithe áirithe IS;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn oiliúint na hintleachta saorga giniúnaí, cineál sonrach úsáide, soiléiriú ar na coinníollacha dlíthiúla faoina bhféadfar an oiliúint sin a dhéanamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go bhfuil tacair sonraí oiliúna ardcháilíochta, duinebhunaithe (neamhshintéiseach) agus cuimsitheacha bunriachtanach don taighde agus d’fhorbairt éifeachtach tráchtála chórais na hintleachta saorga giniúnaí agus chun aschuir ardcháilíochta agus iontaofa chórais na hintleachta saorga giniúnaí a dhaingniú; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, cruthú agus úsáid dhleathach na dtacar sonraí sin laistigh den Aontas a chumasú, lena n-eisiatar ábhar bradach, neamhúdaraithe nó sáraitheach ar bhealach eile, chun nuálaíocht a chothú, ceannasacht theicneolaíoch agus chultúrtha a áirithiú, iomaíochas an Aontais a choinneáil i dtimpeallacht dhomhanda IS atá ag athrú go tapa agus tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha na hEorpa a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go mbeadh seoladh Lárionad Eolais Cóipchirt Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ina thionscnamh tráthúil agus inmholta arb é is aidhm dó faisnéis úsáideach agus iontaofa maidir le cóipcheart a sholáthar agus an comhéadan idir úinéirí cóipchirt agus ceart gaolmhar agus ionadaithe agus geallsealbhóirí atá ag gníomhú i réimse na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, go háirithe an intleacht shaorga ghiniúnach, a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur cheart an deis a bheith ag sealbhóirí ceart uirlisí a úsáid lena gcuirtear ar a gcumas dóibh úsáid a saothar in oiliúint IS a eisiamh go héifeachtach i líon teoranta formáidí caighdeánaithe meaisín-inléite, a d’fhéadfadh EUIPO a bhainistiú agus a liostú, agus ar an gcaoi sin saothair chláraithe a eisiamh go héifeachtach ó ransú uathoibrithe sonraí agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do shealbhóirí ceart agus do sholáthraithe IS araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gur cheart d’aon soláthraí nó d’aon imscarthóir samhlacha agus córas intleachta saorga giniúnaí trédhearcacht a áirithiú maidir leis an inneachar uile atá faoi chosaint cóipchirt a úsáidtear chun oiliúint a chur ar na samhlacha agus na córais sin, gan beann ar an dlínse ina ndéantar na gníomhartha atá ábhartha maidir le cóipcheart agus atá mar bhonn taca faoi oiliúint a samhlacha intleachta saorga giniúnaí; de bhrí nach mór liosta mionsonraithe a bheith sa trédhearcacht sin lena sainaithnítear gach mír d’inneachar atá faoi chosaint cóipchirt a úsáidtear le haghaidh oiliúint; de bhrí gur cheart feidhm <STRING ITALIC="on">mutatis mutandis</STRING> a bheith ag an gceanglas céanna maidir le haon úsáid a bhaintear as an ábhar seo ina dhiaidh sin chun críocha eile, lena n-áirítear tátal, giniúint aisghabhála nó mionchoigeartú ní hamháin ag soláthraithe samhlacha IS, mar a shonraítear faoi láthair in Airteagal 53 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga, ach ag soláthraithe nó ag imlonnóirí chórais IS freisin; de bhrí go dtarlaíonn úsáidí amhail tátal agus giniúint mhéadaithe aisghabhála go bunúsach go leanúnach agus i bhfíor-am; de bhrí, i gcásanna den sórt sin, gur cheart go n-áireofaí sa trédhearcacht an gníomh ransaithe féin, trína gceanglaítear ar ransaitheoirí, ar thaobh amháin, iad féin a shainaithint d’oibreoirí gréasáin, agus, ar an taobh eile, go gceanglaítear ar sholáthraithe nó úsáideoirí gairmiúla IS taifid mhionsonraithe a choinneáil ar a ngníomhaíochtaí ransaithe; de bhrí gur cheart feidhm a bheith ag toimhde go ndearnadh inneachar a ransú, lena n-áirítear chun críoch tátail agus giniúna méadaithe le haisghabháil, i gcás ina láimhseálann córais IS fiosruithe ó úsáideoirí; de bhrí nach rúin trádála faoi dhlí an Aontais í faisnéis an ábhair tríú páirtí a úsáideann soláthraithe agus imlonnóirí IS agus intleachta saorga giniúnaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí trédhearcacht den sórt sin a éascú trí idirghabhálaí iontaofa, amhail EUIPO, a bheadh freagrach as fógra a thabhairt do shealbhóirí ceart maidir le húsáid a n-ábhair, rud a chuirfeadh ar a gcumas éilimh a dhearbhú i ndáil lena húsáid le haghaidh oiliúna; de bhrí gur cheart na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá a thabhairt d’idirghabhálaí den sórt sin chun a mheas an gcomhlíonann soláthraithe agus imlonnóirí na n-oibleagáidí trédhearcachta go hiomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí trédhearcacht a bhaint amach freisin trína chur ar chumas sealbhóirí ceart a saothair agus ábhar cosanta eile a uiscemharcáil, agus trína cheangal ar sholáthraithe IS an uiscemharcáil sin a choinneáil gan athrú, agus uirlisí cuardaigh a chur ar fáil lenar féidir comharthaí uisce den sórt sin a bhrath in ábhair a úsáidtear le haghaidh oiliúint IS;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí, sa bhreis ar an oibleagáid maidir le trédhearcacht a bhaineann le saothair atá faoi chosaint cóipchirt agus ábhar cosanta eile, gur gá sásra a bhunú trínar cheart, faoi choinníollacha áirithe, go n-eascródh toimhde infhrisnéise as mainneachtain sholáthraithe nó úsáideoirí gairmiúla IS trédhearcacht iomlán a sholáthar gur úsáideadh aon saothar ábhartha atá faoi chosaint cóipchirt nó ábhar cosanta eile chun críocha oiliúna, tátail nó giniúna méadaithe aisghabhála, rud a spreagfadh na hiarmhairtí dlíthiúla uile is infheidhme faoi dhlí AE agus faoin dlí náisiúnta maidir le sárú cóipchirt nó ceart gaolmhar; de bhrí, i gcás ina gcinneann cúirt i bhfabhar sealbhóir ceart nó na n-eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu ar bhonn toimhde den sórt sin nó ar bhonn fianaise a cuireadh isteach, gur cheart don soláthraí IS gach costas dlíthiúil agus gach speansas eile atá réasúnach agus comhréireach a íoc;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag earnáil an phreasa maidir leis an daonlathas agus struchtúir dhaonlathacha a chosaint laistigh de AE; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú nach rachaidh samhlacha agus córais intleachta saorga giniúnaí i mbun próiseáil roghnaíoch atá fabhrach d’fhoilseacháin áirithe thar fhoilseacháin eile, agus ar an gcaoi sin iolrachas agus neamhchlaontacht na faisnéise a chaomhnú; de bhrí nach mór samhlacha agus córais intleachta saorga giniúnaí a dhearadh chun speictream iomlán na bpreasfhoilseachán a ionchorprú agus a mheas chun seasamh le bunluachanna daonlathacha na héagsúlachta agus na cothroime sa dioscúrsa poiblí; de bhrí gur gá caighdeáin cháilíochta shoiléire a bhunú do shamhlacha agus do chórais intleachta saorga giniúnaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go bhfuil trédhearcacht maidir leis an aschur a ghintear le córais IS bunriachtanach chun go bhféadfar inneachar a aicmiú go cuí mar inneachar ‘arna ghiniúint ag IS’ nó ‘arna chruthú ag an duine’, ag brath ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-aschur na critéir bhunaithe maidir le cosaint cóipchirt; de bhrí go bhfuil iarmhairtí suntasacha dlíthiúla ag baint leis an aicmiú sin, lena n-áirítear maidir le hinfheidhmeacht na cosanta cóipchirt agus maidir le cearta agus dliteanais a chinneadh; de bhrí nach féidir muinín na saoránach as IS a fhorbairt ach amháin ar chreat rialála, lena n-áirithítear go ndéanann aon chóras IS a chuirtear i bhfeidhm na Conarthaí, an Chairt agus dlí tánaisteach AE a urramú agus a chomhlíonadh go hiomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí, a mhéid a bhaineann le láimhseáil dhlíthiúil aschuir na hintleachta saorga giniúnaí, go bhfuil dlí cóipchirt AE fós bunaithe ar phrionsabail na húdarthachta daonna; de bhrí, de réir chásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil an dá choinníoll charnacha seo a leanas i gceist leis an gcoincheap ‘saothar’: ar an gcéad dul síos, ní mór é a bheith ina ábhar bunaidh a léiríonn cruthú intleachtúil an údair féin, agus ar an dara dul síos, ní mór an cruthú sin a chur in iúl ar bhealach a fhágann gur féidir é a shainaithint le beachtas agus oibiachtúlacht leordhóthanach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as an intleacht shaorga ghiniúnach mar uirlis chun cabhrú le forfheidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar; de bhrí gur cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh úsáid na hintleachta saorga giniúnaí chun éilimh chóipchirt a fhorfheidhmiú faoi réir coimircí éifeachtacha, lena n-áirítear coimircí i gcoinne mí-úsáide, lena n-áiritheofar lánurraim do chearta bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse an phreasa;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí go bhfuil rialacha idirnáisiúnta neamhréireacha maidir le hincháilitheacht inneachair arna ghiniúint ag IS le haghaidh cosaint cóipchirt ina riosca do chomhleanúnachas domhanda dhlí na maoine intleachtúla agus go bhféadfadh arbatráiste rialála eascairt astu nó go bhféadfaidís an bonn a bhaint d’iomaíochas earnálacha cruthaitheacha agus IS an Aontais; de bhrí go gcuirfeadh cóineasú idirnáisiúnta agus bunú creata rialála domhanda rogha níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí ar ilroinnt reatha na gcur chuige dlíthiúil ar fáil; de bhrí nár cheart go mbeadh tionchar ag brú polaitiúil seachtrach ar rialáil AE maidir le IS agus cóipcheart; de bhrí, sa chomhthéacs sin, nach mór do AE freagairt láidir agus aontaithe a thabhairt chun feidhmiú a mhargaidh inmheánaigh a dhaingniú, a lucht saothair agus a iomaíochas a chosaint, a neamhspleáchas teicneolaíoch a neartú agus caighdeáin dhomhanda a leagan síos i réimse na maoine intleachtúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí, chun cur chun feidhme cuí dhlí AE a áirithiú i ndáil le gach seirbhís ghiniúnach IS agus chun cosc a chur ar sholáthraithe nach bhfuil bunaithe in AE buntáiste iomaíoch éagórach a fháil trí neamhchomhlíonadh, go bhfuil sé bunriachtanach go mbeadh feidhm éifeachtach ag rialacha lena gcosnaítear agus lena bhforfheidhmítear cearta údar ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta maidir le gach seirbhís atá ag oibriú ar mhargadh AE; de bhrí go méadaíonn comhchruinniú méadaitheach na cumhachta i lámha roinnt cuideachtaí móra neamh-Eorpacha spleáchas straitéiseach AE agus go lagaíonn sé cumas cruthaitheoirí Eorpacha agus an phreasa Eorpaigh a gcearta a fheidhmiú agus a fhorfheidhmiú; de bhrí, a mhéid a cheadaítear faoi dhlí AE agus faoin dlí idirnáisiúnta, nach mór prionsabal chríochachas na cosanta cóipchirt a oiriúnú d’oiliúint na gcóras intleachta saorga giniúnaí chun a áirithiú go mbeidh úsáid ábhair Eorpaigh faoi réir dhlí AE fiú nuair a dhéantar an oiliúint sin lasmuigh de AE, rud atá bunriachtanach chun luach saothair cothrom a ráthú do chruthaitheoirí agus do shealbhóirí ceart Eorpacha agus chun beogacht chultúrtha agus chruthaitheach AE a chosaint, chomh maith le hiomaíocht chóir a áirithiú idir soláthraithe Eorpacha agus neamh-Eorpacha chórais intleachta saorga giniúnaí; de bhrí gur cheart cosc a chur ar oibriú laistigh den Aontas ar chórais intleachta saorga giniúnaí nach gcomhlíonann na ceanglais sin agus gur cheart na prionsabail sin a fhorfheidhmiú go láidir;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí go bhfuil dul chun cinn tapa na hintleachta saorga giniúnaí tar éis méadú suntasach a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun íomhánna digiteacha ionramháilte réalaíocha, ábhar fuaime nó físe a chruthú agus a scaipeadh, lena n-áirítear saothair agus taibhithe ealaíontóirí, atá cosúil le fíordhaoine nó a dhéanann aithris orthu, ar a dtugtar ‘domhainbhrionnuithe’, a ndealraíonn sé go bréagach go bhfuil siad barántúil nó fírinneach; de bhrí go bhfuil baol ag baint le mí-úsáid an ábhair sin d’fhéiniúlacht na ndaoine sin agus dá bpearsantacht, lena n-áirítear a gcolainn, a ngnéithe aghaidhe agus a nguth;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire na débhríochtaí go dtí seo maidir le cur i bhfeidhm Threoir CDSM i gcomhthéacs oiliúint na hintleachta saorga giniúnaí agus á mholadh go ndéanfaí soiléiriú tapa maidir lena cur i bhfeidhm agus lena cur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chreidiúint nach leor an dlí cóipchirt atá ann faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le hábhar faoi chóipcheart a cheadúnú don intleacht shaorga ghiniúnach; á iarraidh go mbeadh creat dlíthiúil breise ann chun rialacha ceadúnaithe don intleacht shaorga ghiniúnach a shoiléiriú agus chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar dhlí an chóipchirt atá ann faoi láthair; á áitiú gur cheart go n-áireofaí i gcreat den sórt sin forálacha lena n-áiritheofar comhar éifeachtach idir soláthraithe intleachta saorga giniúnaí agus cruthaitheoirí agus sealbhóirí ceart eile, lena n-áirítear margadh ceadúnaithe feidhmiúil lena n-athbhunaítear cumhacht mhargála sealbhóirí ceart agus réitigh chosanta inmharthana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú nach mór d’aon eisceachtaí ar chearta reatha faoi acquis an chóipchirt, lena n-áirítear maidir le IS, a bheith i gcomhréir leis an tástáil trí chéim faoi Airteagal 5(5) de Threoir na Sochaí Faisnéise agus faoi Choinbhinsiún Bheirn; ag tabhairt dá haire go n-eisiatar leis an gcoincheap ‘rochtain dhleathach’ cóipeanna bradacha agus sáraitheacha de shaothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach gcuirfear srian ar ghníomhaíochtaí a dhéantar chun críoch taighde eolaíoch nó oideachais, go háirithe gníomhaíochtaí a dhéanann eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha, nó faoi chuimsiú na nuálaíochta neamhthráchtála, i gcomhréir leis an bprionsabal atá in Airteagal 13 den Chairt; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú nach gcuirfear srian ar shaothrú tráchtála na dtorthaí taighde a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin, ar choinníoll go mbeidh údaruithe leormhaithe faighte ó shealbhóirí ceart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>	á athdhearbhú nach mór smacht iomlán a bheith ag sealbhóirí ceart, go háirithe ó earnáil an phreasa agus na meán nuachta, agus go háirithe foilsitheoirí preasa, iriseoirí agus eagarthóirí nuachta, ar úsáid dhigiteach a n-ábhair ag córais agus samhlacha IS chun críoch oiliúint; á chur i bhfáth gur cheart an rialú sin a bheith bunaithe ar fhéidearthacht láidir agus fheidhmiúil úsáid den sórt sin ag córais agus samhlacha IS a eisiamh, agus trédhearcacht iomlán agus doiciméadacht fhoinseach maidir le húsáid inneachair tríú páirtí mar bhonn taca léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>	á chreidiúint, thairis sin, nach mór smacht iomlán a bheith ag na sealbhóirí ceart sin ar úsáid a n-ábhair chun críoch seachas oiliúint IS, amhail giniúint a thuiscint agus a aisghabháil trí chórais amhail feidhmchláir, nó an úsáid chun críoch atá fabhrach do tháirgeadh tairiscintí iomaíocha arna nginiúint ag IS i mbunmhargaí na sealbhóirí ceart; á chreidiúint nach féidir inneachar cosanta a úsáid chun na gcríoch sin seachas oiliúint ach amháin le toiliú sainráite na sealbhóirí ceart; á mholadh go bhféachfadh an Coimisiún ar an gcaoi a bhféadfaí cearta coimhdeacha d’fhoilsitheoirí preasa, d’iriseoirí agus d’eagarthóirí nuachta, agus cearta gaolmhara eile, lena n-áirítear do léiritheoirí meán nuachta agus do chraoltóirí nuachta, a leathnú chun na críocha sin a chumhdach; á chreidiúint go bhféadfar na cearta luacha saothair sin a bhainistiú freisin faoi chóras comhcheadúnaithe deonach, trína bhféadfaí toimhde maidir le bainistiú ceart comhchoiteann thar ceann sealbhóirí ceart i ndáil le húsáidí a bhaineann le IS dá n-inneachar, gan dochar do cheart sealbhóirí ceart ceadúnú aonair a roghnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí earnáil an phreasa agus na meán nuachta a choimirciú, a mbaineann córais IS leas as a seirbhísí arís agus arís eile agus go hiomlán, agus sásraí a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a mholadh lena n-áiritheofar go ndéanfaidh soláthraithe samhlacha nó córas intleachta saorga giniúnaí a dhéanann trácht agus ioncam ó eagraíochtaí preasa agus meán nuachta a atreorú go follasach na heagraíochtaí sin a chúiteamh ar bhealach cothrom, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus aird ar leith á tabhairt ar na meáin áitiúla agus réigiúnacha, chun iolrachas, éagsúlacht agus dioscúrsa daonlathach na meán a choimirciú in AE agus ina Bhallstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid na hintleachta saorga giniúnaí chun ábhar nuachta agus a éifeachtaí forleathana ar rochtain ar fhaisnéis agus ar éagsúlacht faisnéise a chomhiomlánú nó a chur i láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar dlí AE a fhorfheidhmiú go hiomlán chun aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan sin; á chur i bhfáth gur cheart do na córais sin seasamh leis na prionsabail atá mar bhonn taca leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/1083 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán) (IO L, 2024/1083, 17.4.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024R1083).</FIELD></FOOTNOTE> agus rannchuidiú leo, go háirithe iolrachas na meán agus éagsúlacht faisnéise; á chur i bhfios go láidir gur gá Airteagal 34 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú go cuí nuair a ainmnítear na soláthraithe sin mar ardáin nó innill chuardaigh an-mhór ar líne, lena n-áirithítear go dtugtar aghaidh mar is ceart ar rioscaí sistéamacha do shaoirse agus d’iolrachas na meán; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go pras ar aon sáruithe ar an nGníomh um Margaí Digiteacha maidir le cleachtais féintosaíochta fhéideartha ag geatóirí a théann chun tairbhe a seirbhísí IS agus a dhéanann dochar d’iomaíocht chóir le húsáideoirí gnó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, trí chomhairliúchán le cumainn chomhbhainistíochta, bunú comhaontuithe ceadúnúcháin comhchoiteanna deonacha in aghaidh na hearnála a éascú, i gcás inarb iomchuí, mar bhealach chun margadh ceadúnaithe oibre a bhunú go tapa lena gcuirfear creat cothrom agus éifeachtúil ar fáil lena n-áiritheofar luach saothair cóir do shealbhóirí ceart agus lena gcuirfear ar chumas sholáthraithe IS rochtain a fháil ar shonraí oiliúna ardcháilíochta ag an am céanna; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh na comhaontuithe comhcheadúnúcháin sin inrochtana do na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear cruthaitheoirí aonair agus FBManna, lena gcuirfear caibidlíocht de mheon macánta agus trédhearcacht chun cinn; á mheabhrú nach mór urraim a thabhairt do dhiúltú sealbhóirí ceart a n-ábhar a úsáid chun críoch oiliúint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do shealbhóirí ceart agus do sholáthraithe IS araon agus measúnú a dhéanamh ar riachtanas agus indéantacht uirlisí lena gcuirtear ar chumas sealbhóirí ceart úsáid a saothar a eisiamh go héifeachtach ó oiliúint IS i líon teoranta formáidí caighdeánaithe meaisín-inléite arna mbainistiú ag idirghabhálaí iontaofa; á mholadh go ndéanfaí de EUIPO an t-idirghabhálaí iontaofa a bhainistíonn agus a liostaíonn na heisiaimh agus ar féidir leis tagairt a dhéanamh do chatalóga eile eisiamh atá ann cheana; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh rannpháirtíocht in aon sásra nua simplí agus costéifeachtúil agus nár cheart go ndéanfadh sé diúltuithe a cuireadh in iúl roimhe seo a neamhbhailíochtú ná a shárú, agus uirlis chuimsitheach á soláthar do sholáthraithe IS chun comhlíonadh cóipchirt a áirithiú; á chreidiúint gur cheart cruthú na sásraí sin a dhearadh agus a mheasúnú i gcomhairle leis na geallsealbhóirí a ndéantar difear dóibh, go háirithe sealbhóirí ceart, soláthraithe IS agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mholadh go sannfadh an Coimisiún freagracht freisin do EUIPO as tacú le próiseas ceadúnaithe earnáilbhunaithe, deonach, chun an caidreamh idir soláthraithe intleachta saorga giniúnaí agus sealbhóirí ceart a chuíchóiriú, creat inoibrithe atá fabhrach don nuálaíocht a bhunú a thacaíonn le hiomaíochas an Aontais agus nach gcuireann bac míchuí ar fhorbairt theicneolaíochtaí IS, gan ualaí riaracháin díréireacha a bheith i gceist leis ná gan riosca a bheith ag baint leis d’in-fhorfheidhmitheacht na gceart eisiach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an trédhearcacht agus an doiciméadacht fhoinseach maidir le húsáid saothair atá faoi chosaint cóipchirt nó ábhair chosanta eile a mholadh do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach, a bhfuil rochtain acu ar an margadh san Aontas, lena n-áirítear comhlíonadh rogha an diúltaithe d’idirghabhálaí iontaofa, amhail EUIPO; á mholadh go leanfadh an Coimisiún de bheith ag obair le soláthraithe IS agus le geallsealbhóirí ábhartha chun feabhas a chur ar an teimpléad le haghaidh sonraí oiliúna; á mheas, chun críoch amhail giniúint a thuiscint agus a aisghabháil, lena n-éilítear ransú leanúnach agus fíor-ama, gur cheart trédhearcacht a chomhlánú le hoibleagáid go mbeidh ransaitheoirí inaitheanta don oibreoir gréasáin agus do chuideachtaí IS taifid mhionsonraithe a choinneáil ar aon ghníomhaíochtaí ransaithe a dhéantar, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le rúin trádála agus faisnéis rúnda ghnó a chosaint agus cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir an chosaint sin agus cur chun feidhme éifeachtach na n-oibleagáidí trédhearcachta; ag cur béim ar an bhfíoras gur uirlis nuálach agus láidir é comhartha uisce digiteach, lena mbaineann síniú, cód nó faisnéis shonrach a chur isteach go discréideach go díreach in ábhar cosanta – téacs, íomhá, físeán nó fuaim – chun cóipcheart agus cearta gaolmhara a chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don Choimisiún taighde agus forbairt caighdeán a chothú freisin le haghaidh réitigh theicneolaíocha nuálacha lena bhfeabhsaítear an cumas faisnéis tacair sonraí a fhíorú, lena n-áirítear comharthaí uisce cripteagrafacha; á mheas nár cheart go ndéanfadh aon sásra nua um rogha gan a bheith páirteach neamhbhailí aon rogha gan a bheith páirteach a cuireadh in iúl roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheas nár cheart aon chreat dlíthiúil lena rialaítear oiliúint na hintleachta saorga giniúnaí ar shaothair agus ar réada eile atá cosanta ag cóipcheart agus cearta gaolmhara a chur i bhfeidhm gan trédhearcacht iomlán a bhunú maidir le húsáid na sonraí sin agus maidir le cosaint agus forfheidhmiú éifeachtach chearta na gcruthaitheoirí, lena n-athbhunófaí ceart iomlán na gcruthaitheoirí a gcumhacht mhargála iomlán a áirithiú d’fhonn luach saothair iomchuí agus comhréireach a fháil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart Cód Cleachtais um an Intleacht Shaorga Ilchuspóireach, treoirlínte agus teimpléid a athbhreithniú agus a láimhseáil mar dhoiciméid bheo lena n-éilítear nuashonruithe rialta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn maidir le cosaint cóipchirt agus forbairt IS; ag tabhairt dá haire gur uirlis shealadach é an Cód Cleachtais seo chun comhlíonadh an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a léiriú go dtí go bhforbrófar caighdeáin chomhchuibhithe, mar a chuirtear i bhfios go láidir sna treoirlínte a d’fhoilsigh an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga an 18 Iúil 2025; á chur in iúl gur geal léi an treo taistil i gcaibidil chóipchirt an Chóid Cleachtais um an Intleacht Shaorga Ilchuspóireach, lena n-áirítear gealltanais maidir le doiciméadacht tacair sonraí, rogha an diúltaithe agus láimhseáil gearán, agus na heasnaimh atá fós ann á dtabhairt dá haire ag an am céanna; á iarraidh ar an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga na forálacha sin a fhorfheidhmiú go láidir agus an obair a éascú chun na caighdeáin is airde de chuid an Aontais a bhaint amach maidir le comhlíonadh éifeachtúil na gceanglas atá i gceist, agus ag tathant ar shínitheoirí beartas poiblí cóipchirt a ghlacadh agus sásra gearáin inrochtana, faoi cheangal ama a oibriú lena gcuirfear sásamh éifeachtach ar fáil do shealbhóirí ceart;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún, go neamhspleách ar an athbhreithniú atá beartaithe aige ar an gcreat cóipchirt agus ar Threoir CDSM agus sula gcuirfidh sé tús leis agus gan glacadh leis go bhfuil gá le hathbhreithniú reachtach, measúnú críochnúil go práinneach chun teacht ar réiteach tapa i dtaobh an dtugann cur chun feidhme acquis cóipchirt AE atá ann cheana aghaidh go leormhaith ar an éiginnteacht dhlíthiúil agus ar na héifeachtaí iomaíocha a bhaineann le saothair chosanta agus ábhar eile a úsáid chun córais intleachta saorga giniúnaí a oiliúint, impleachtaí críochachta, inbhuanaitheacht acmhainní eile atá ar fáil go poiblí amhail ciclipéidí ar líne, leabharlanna agus cartlanna, chomh maith le scaipeadh ábhair arna ghiniúint ag IS a d’fhéadfadh ionadú a dhéanamh ar léiriú arna chruthú ag an duine; á chur i bhfáth gur cheart an measúnú sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as cur chuige iomlánaíoch, agus riachtanais na ngeallsealbhóirí uile á gcur san áireamh, lena n-áirítear taighdeoirí, ollscoileanna, leabharlanna, eagraíochtaí cultúrtha, forbróirí Eorpacha IS, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, eagraíochtaí nuachta agus earnáil na cruthaitheachta, i ndáil le húsáid agus forbairt IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á dhearbhú, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta agus d’fhonn machaire comhréidh a áirithiú idir seirbhísí intleachta saorga giniúnaí atá bunaithe san Aontas agus seirbhísí intleachta saorga giniúnaí nach bhfuil bunaithe san Aontas, lena ráthaítear cosaint iomchuí agus luach saothair cothrom do chruthaitheoirí as úsáid a saothar, lena bhfeabhsaítear ceadúnú na saothar sin, agus lena gcuirtear beogacht chultúrtha an Aontais chun cinn ar deireadh, gur cheart prionsabal an chríochachais a fhorléiriú ar bhealach ina mbeidh feidhm ag dlí cóipchirt an Aontais, mar a mheabhraítear in aithris 106 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga, gan beann ar an dlínse ina ndéantar na gníomhartha atá ábhartha ó thaobh cóipchirt de atá mar bhonn taca le hoiliúint na samhlacha agus na gcóras intleachta saorga giniúnaí sin, agus mar thoradh air sin, i gcás nach n-urramaítear cóipcheart, go gcuirfear cosc ar na samhlacha agus na córais sin a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mholadh, thairis sin, go mbeadh measúnú den sórt sin dírithe ar sheasamh le creat ina n-áirithítear trédhearcacht maidir le húsáid saothair atá faoi chosaint cóipchirt nó ábhair eile atá faoi chosaint agus ina gcumasaíonn sásraí luacha saothair cothroma agus comhréireacha don úsáid sin giniúint na n-acmhainní is gá chun go mbeidh rath ar tháirgeadh ealaíonta agus cruthaitheach Eorpach i gcomhthéacs claochlú domhanda atá faoi thionchar IS agus ar mhaithe le hinbhuanaitheacht éiceachóras na faisnéise poiblí; á chur i bhfáth a phráinní atá sé na dálaí sin a áirithiú chun nach n-imeoidh an riosca méadaitheach maidir le cruthaitheacht an duine de réir a chéile i bhfabhar inneachar arna ghiniúint ag córais IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-úsáidtear córais intleachta saorga giniúnaí a bhraitheann go mór ar ábhar cosanta, á atáirgeadh gan údarú ó na sealbhóirí ceart a ndéanann an úsáid sin difear dóibh, nó cúiteamh dóibh, go háirithe nuair a chomhtháthaítear iad in innill chuardaigh nó i seirbhísí digiteacha eile lena gcumasaítear ábhar a ghiniúint, go minic i bhfíor-am agus ar chostas imeallach, a sháraíonn bunsaothair agus ábhar cosanta eile ar cuireadh oiliúint ar na samhlacha ina leith, nó a scríobadh, lena n-áirítear i bhfíor-am, leis na samhlacha sin; á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhféadfadh soláthar táirgí agus seirbhísí a bheith mar thoradh ar na cleachtais sin, ar táirgí agus seirbhísí iad a théann in iomaíocht go díreach agus go héagórach le táirgí agus seirbhísí na sealbhóirí ceart, lena n-áirítear trí fhéintosaíocht neamhdhleathach geatóirí.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ceadúnú deonach, cibé acu aonair nó comhchoiteann, mar bhonn taca faoi rath na n-earnálacha cruthaitheacha tríd an tsolúbthacht a áirithiú chun an tsamhail is oiriúnaí do gach úsáid a roghnú, agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna nach mór do shealbhóirí ceart a bheith saor i gcónaí chun a chinneadh an ndéanfaidh siad a saothair a cheadúnú do chórais IS giniúnach agus an luach saothair comhfhreagrach a shocrú, chun éagsúlacht earnála a choimirciú agus chun saobhadh margaidh a chosc a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’inmharthanacht na dtionscal cruthaitheach agus an phreasa Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí creat ceadúnaithe comhleanúnach agus feidhmiúil i ndáil le húsáid inneachair atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara, chun luach saothair cothrom do chruthaitheoirí a chumasú chun a n-inneachar atá faoi chosaint cóipchirt a shaothrú le samhlacha intleachta saorga giniúnaí; ag spreagadh soláthraithe samhlacha IS ceadúnais a lorg ó shealbhóirí ceart agus á chur i bhfáth gur réamhriachtanas bunriachtanach é trédhearcacht éifeachtach agus chuimsitheach maidir le saothair agus inneachar atá faoi chosaint cóipchirt a úsáidtear chun oiliúint a chur ar shamhlacha IS chun margadh den sórt sin a fhorbairt; á mholadh, i ndáil leis sin, go neartófaí oibleagáidí forfheidhmithe agus trédhearcachta d’fhorbróirí IS a úsáideann ábhar den sórt sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh an bhfuil réiteach féideartha ann maidir le luach saothair láithreach, cothrom agus comhréireach as úsáidí saothar atá faoi chosaint cóipchirt roimhe seo ag soláthraithe samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach i ndáil le húsáid inneachair atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara i gcás nach bhféadfaí margadh ceadúnúcháin a bhunú go fóill, agus feidhm ag oibleagáid den sórt sin go dtí go bhfeabhsófar na hathchóirithe atá beartaithe sa tuarascáil seo; ag cur i gcoinne, ina leith sin, aon togra le haghaidh creat atá bunaithe ar sholáthraithe IS a fhaigheann ceadúnas domhanda chun oiliúint a chur ar a samhlacha intleachta saorga giniúnaí mar mhalairt ar íocaíocht ar ráta comhréidh; á mheas nach mór luach an inneachair atá cosanta ag cóipcheart nó ag cearta gaolmhara a bheith comhréireach agus cinntithe bunaithe ar thosca ábhartha, trí chaibidlíocht de mheon macánta idir sealbhóirí ceart nó a n-ionadaithe agus soláthraithe IS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin agus EUIPO iarrachtaí a chomhordú chun feasacht a mhúscailt maidir le cóipcheart i measc fhorbróirí agus sholáthraithe IS, lena bhféadfaí seicliostaí comhlíontachta, sraitheanna uirlisí dlíthiúla agus teicneolaíocha agus treoracha teicniúla a áireamh, chomh maith le feasacht a chruthú i measc sealbhóirí cóipchirt trí fhaisnéis úsáideach agus iontaofa maidir le cóipcheart a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Lárionad Eolais EUIPO um Chóipcheart, ós rud é go mbeidh ról ríthábhachtach aige sin maidir le húsáid cóipchirt a threorú i ré na hintleachta saorga giniúnaí trí fheasacht a mhúscailt, soiléireacht dhlíthiúil a chur chun cinn agus creat cothrom a chothú lena dtacaítear leis an gcruthaitheacht, leis an nuálaíocht, le caomhnú cultúrtha agus le hiomaíochas na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh go mbunófaí toimhde infhrisnéise, maidir le haon samhail nó córas IS giniúnach a chuirtear ar mhargadh AE, gur úsáideadh saothair agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart nó le cearta gaolmhara chun críocha oiliúna, tátal a bhaint as giniúint bhreisithe nó í a aisghabháil, i gcás nár comhlíonadh go hiomlán na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach sa rún seo; á mholadh, thairis sin, i gcás ina n-éiríonn le sealbhóir ceart nó leis an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht orthu in imeachtaí dlíthiúla ar bhonn na toimhdean sin nó trí fhianaise a cuireadh isteach, gurb é soláthraí na samhla nó an chórais IS, de réir mar is infheidhme, a íocfaidh as aon chostais dlí réasúnacha agus chomhréireacha agus aon speansais eile a thabhaítear agus na cearta sin á bhforfheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á áitiú gur cheart go leanfadh inneachar arna ghiniúint go hiomlán ag IS nach gcomhlíonann na critéir bhunaithe maidir le cosaint cóipchirt de bheith neamh-incháilithe do chosaint cóipchirt, agus go ndéanfaí stádas fearainn phoiblí na n-aschur sin a chinneadh go soiléir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún féachaint ar bhearta chun cur i gcoinne an tsáraithe ar na cearta atáirgthe, ar chur ar fáil don phobal agus ar chumarsáid leis an bpobal trí aschuir na hintleachta saorga giniúnaí a tháirgeadh, ar choinníoll nach mbeidh mar thoradh ar na bearta sin cosc a chur ar tháirgeadh aschuir na hintleachta saorga giniúnaí lena n-áirítear saothair nó ábhar eile nach sáraíonn cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear le haghaidh úsáid phríobháideach, luachan, cáineadh, athbhreithniú, scigmhagadh, scigaithris agus paistís, agus cuimsiú teagmhasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar bhearta chun daoine aonair a chosaint ar scaipeadh inneachair íomhá dhigitigh, fuaime nó físe ionramháilte agus a ghintear le IS, lena n-áirítear saothair agus taibhithe ealaíontóirí, agus aithris a dhéanamh ar a saintréithe pearsanta (domhainbhrionnuithe) gan toiliú; á thabhairt chun suntais nach mór oibleagáid shoiléir a bheith ar sholáthraithe seirbhíse digití gníomhú i gcoinne na húsáide neamhdhleathaí sin a bhaintear as ceart an duine aonair chun a choirp féin, a aghaidhe, a ghutha agus a cheart maoine intleachtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá inneachar a ghintear le IS a lipéadú go soiléir chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí trédhearcachta ag ardáin a thairgeann inneachar cruthaitheach chun inneachar a ghintear le IS a bhrath agus a chur in iúl dá n-úsáideoirí; á iarraidh ar an gCoimisiún cód cleachtais AE maidir le lipéadú ábhair ag an gCoimisiún a eisiúint gan mhoill;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>