<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0067</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Cur chuige bainistithe iascaigh chun speicis íogaire a chosaint, dul i ngleic le speicis ionracha agus dul chun tairbhe do gheilleagair áitiúla</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0018/2026 -  Rapóirtéir: André Rodrigues)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2026 maidir le cur chuige bainistithe iascaigh chun speicis íogaire a chosaint, dul i ngleic le speicis ionracha agus dul chun tairbhe do gheilleagair áitiúla (2025/2011(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go sonrach Airteagal 43 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj.</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle (Rialachán CBI),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (Rialachán IAS)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 317, 4.11.2014, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1143/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le trádáil i dtáirgí róin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 286, 31.10.2009, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1007/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006<FOOTNOTE><FIELD> IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán um Rialú ar Iascach),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2023/2842, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2842/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 maidir le hathchóiriú an dúlra agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1991, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1991/oj<STRING ITALIC="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Gnáthóga),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 164, 25.6.2008, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/56/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú<FOOTNOTE><FIELD> IO L 20, 26.1.2010, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/147/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le hÉin),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol<FOOTNOTE><FIELD> IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 11 Bealtaine 2023 dar teideal ‘I dtreo earnáil láidir inbhuanaithe algaí san Aontas’<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/1074, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1074/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Eanáir 2024 maidir le staid na himeartha i ndáil leis an gComhbheartas Iascaigh a chur chun feidhme agus peirspictíochtaí a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5734, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5734/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna), go sonrach SDG 14: An bheatha faoin uisce, SDG 15: An bheatha ar talamh, SDG 1: Deireadh leis an mBochtaineacht, SDG 2: Díothú an ocrais agus SDG 11: Cathracha agus pobail inbhuanaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A10-0018/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur aithin an tAontas le fada a thábhachtaí is atá an t-iascach inbhuanaithe agus cur chuige bunaithe ar éiceachórais maidir le bainistiú iascaigh chun an bhithéagsúlacht mhuirí a chaomhnú, lena n-áirítear speicis íogaire a chosaint, tacú le geilleagair áitiúla agus slándáil bia agus córas inbhuanaithe bia a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt creataí rialála curtha chun feidhme ag an Aontas chun speicis mhuirí leochaileacha a thabhairt ar ais chucu féin agus a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go gcomhtháthaíonn an tAontas cosaint agus téarnamh speiceas íogair i gcreataí dlíthiúla eile, amhail an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach a athbhreithníodh le déanaí, lena n-áirithítear cur chuige cuimsitheach maidir le bailiú sonraí atá le húsáid chun speicis íogaire a chaomhnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfoilsíonn an tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN) an Liosta Dearg, fardal cuimsitheach de stádas caomhantais speiceas, lena soláthraítear faisnéis ríthábhachtach maidir le staid íogair speiceas íogair muirí agus lena leagtar béim ar na hiarrachtaí caomhnaithe is gá;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur bagairt mhór ar an mbithéagsúlacht mhuirí í seachghabháil speiceas íogair, mar a aithnítear i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus i reachtaíocht an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil éanlaith mhara ar cheann de na táscairí ar shláinte na n-éiceachóras muirí, i bhfianaise a róil mar phríomhchreachadóirí sa bhiashlabhra muirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil geallsealbhóirí ag obair le chéile ar roinnt tionscadal chun triail a bhaint as modhanna agus trealamh bainistíochta nua chun leibhéal na seachghabhála agus na ngabhálacha de thaisme ar speicis íogaire a laghdú le linn oibríochtaí iascaireachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur léirigh sonraí a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil in 2025<FOOTNOTE><FIELD> An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ‘Limistéir mhuirí faoi chosaint i bhfarraigí na hEorpa’, suíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil — Anailís agus sonraí — Táscairí, an 6 Samhain 2025.</FIELD></FOOTNOTE> gur chumhdaigh limistéir mhuirí faoi chosaint (LMFCanna) 13,7 % d’uiscí an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go dtuairiscítear ar ríomh-thairseach seirbhíse Mhisean na nAigéan agus na nUiscí de chuid an Choimisiúin<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Staidéar ar rialacháin i Limistéir Mhuirí faoi Chosaint an Aontais: léargais agus impleachtaí’, ríomh-thairseach seirbhíse Mhisean na nAigéan agus na nUiscí Suíomh gréasáin</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh staidéar ina léirítear gur údaraíodh iascach, in 2023, i mbreis agus 40 % de limistéir LMFC, gur cuireadh srian air i níos lú ná 25 %, agus nár cuireadh toirmeasc sainráite air ach in 0,4 %;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil speicis choimhthíocha ionracha (IASanna) ar cheann de na nithe is cúis le cailliúint na bithéagsúlachta, go bhfuil tionchair dhiúltacha acu ar an iascach agus ar an dobharshaothrú, agus ar fheidhmeanna éiceachórais, agus gur féidir leo bheith díobhálach do shláinte an duine, don infrastruchtúr agus don bhithshlándáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil riosca ag baint le dobharshaothrú speiceas neamhdhúchasach a bhfuil bearta rialaithe teoranta i gceist leo, ós rud é go bhféadfadh an speiceas éalú agus éirí ionrach, rud ar bagairt é ar speicis fhiáine dhúchasacha agus ar an gcomhshaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt beart glactha ag an Aontas chun tabhairt isteach speicis choimhthíocha ionracha a chosc agus chun a ndáileadh a bhrath agus a mhapáil agus chun dul i ngleic lena leathadh, lena n-áirítear, go sonrach, an Rialachán um Speicis Choimhthíocha Ionracha, lena mbunaítear liosta de ‘speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas’ agus lena bhforfheidhmítear bearta rialaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir leis an Rialachán um Speicis Choimhthíocha Ionracha, gur speicis iad a bhfuil a n-éifeachtaí diúltacha chomh suntasach sin go n-éilítear idirghabháil chomhordaithe aonfhoirmeach ar leibhéal an Aontais, agus go bhfuil toirmeasc, dá bhrí sin, ar iad a thabhairt isteach, a shealbhú, a phórú agus a shaothrú, a iompar nó a thrádáil, nó iad a aistriú nó a scaoileadh gan bhac isteach sa chomhshaol nádúrtha;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé ar cheann de na tuairisceoirí cáilíochtúla chun dea-stádas comhshaoil a chinneadh, mar a liostaítear sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, go ndéantar speicis neamhdhúchasacha arna dtabhairt isteach le gníomhaíochtaí an duine a choinneáil ar leibhéil nach n-athraíonn éiceachórais go díobhálach;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhfuil bailiú sonraí cuí agus tráthúil ríthábhachtach chun a áirithiú go mbraitear speicis choimhthíocha ionracha agus go ndéantar a ndáileadh a mhapáil, chomh maith le bearta a bhunú agus a chur chun feidhme chun leathadh na speiceas sin a chomhrac ar an mbealach is spriocdhírithe agus is éifeachtaí agus is féidir;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go meastar gur veicteoirí tábhachtacha iad gníomhaíochtaí éagsúla amhail iompar muirí nó turasóireacht maidir le leathadh speicis choimhthíocha ionracha, ag brath go sonrach ar leibhéil na mbeart maolaithe agus an t-airdeall a bhíonn i gceist;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur gealladh i straitéis bhithéagsúlachta an Aontais go ndéanfaí speicis choimhthíocha ionracha seanbhunaithe a bhainistiú agus líon na speiceas ar an Liosta Dearg a bhfuil siad ina mbagairt orthu a laghdú 50 % faoi 2030;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go ndéanann an Líonra Eorpach um Fhaisnéis faoi Speicis Choimhthíocha (EASIN) faireachán faoi láthair ar 12 423 speiceas coimhthíoch ar fud timpeallachtaí éagsúla, ar speicis mhuirí 1 440 (11,6%) díobh; de bhrí, ó 2019, go bhfuil 53% de chóstaí farraige na hEorpa faoi bhrú ó speicis choimhthíocha ionracha, le héagsúlachtaí suntasacha réigiúnacha — 33% de chósta na Mara Bailt, 100% de chósta na Mara Duibhe, 98% de chósta na Meánmhara agus 25% de chósta Aigéan an Atlantaigh Thoir Thuaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur príomhveicteoirí iad an t-athrú aeráide, go háirithe téamh na n-aigéan, agus gluaiseacht mhéadaithe earraí agus daoine chun speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach agus gur féidir leo a dtionchar ar speicis íogaire, ar éiceachórais agus, dá bhrí sin, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a threisiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí go ndéanann leathadh rábach speicis choimhthíocha ionracha dochar suntasach don iascach agus don dobharshaothrú, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon, lena n-áirítear damáiste do threalamh iascaireachta nó do bhonneagar dobharshaothraithe, gabhálacha laghdaithe, laghdú ar earcaíocht agus táirgiúlacht nádúrtha, agus cur isteach ar éiceachórais, ar nithe iad uile a chuireann cothromaíocht éiceolaíoch agus inmharthanacht eacnamaíoch na bpobal iascaireachta i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go gcuireann speicis choimhthíocha ionracha, lena n-áirítear speicis chreachadóra, ní hamháin an chothromaíocht éiceolaíoch i mbaol ach inmharthanacht shóisialta agus eacnamaíoch na bpobal iascaireachta cois cósta i mbaol freisin, go háirithe iascach agus fiontair dobharshaothraithe ar scála beag agus meánmhéide;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur féidir feabhas a chur ar athléimneacht an dá earnáil agus ar a n-acmhainneacht athchóirithe, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, trí chur chuige bunaithe ar éiceachórais a ghlacadh i dtaobh bainistiú iascaigh agus pleanáil agus bainistiú spásúil maidir leis an dobharshaothrú;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin agus deiseanna uathúla roimh na réigiúin is forimeallaí san Aontas, rud a aithnítear in Airteagal 349 CFAE, i gcomhthéacs bainistiú iascaigh, caomhnú speiceas íogair agus cosc ar speicis ionracha; de bhrí gur gá na táscairí a úsáidtear chun an chothromaíocht idir acmhainneacht iascaireachta agus deiseanna iascaireachta a thomhas a chur in oiriúint do chúinsí áitiúla, ag tabhairt san áireamh a n-iargúltacht gheografach, saibhreas agus uathúlacht a mbithéagsúlachta, a sainiúlachtaí sóisialta agus eacnamaíocha, agus ról ríthábhachtach na hearnála iascaireachta áitiúla maidir le slándáil bia a áirithiú agus tacú le geilleagar na réigiún sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur gá gníomhaíocht láidir idirnáisiúnta chomh maith chun dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha; de bhrí go n-aithnítear leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch gur saincheist thrasearnálach iad na speicis choimhthíocha ionracha, agus go bhfuil sé mar aidhm ag Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal tabhairt isteach agus bunú speicis choimhthíocha ionracha a laghdú 50% ar a laghad faoi 2030;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí nach mór bearta a bheith ag gabháil le hiarrachtaí cosanta comhshaoil, bearta lena neartaítear iomaíochas chabhlach iascaireachta na hEorpa, lena n-áirithítear inmharthanacht eacnamaíoch na hearnála agus lena n-áirithítear athnuachan ó ghlúin go glúin i bpobail cois cósta;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí go mbíonn tionchar ag leathadh speiceas ionrach agus ag an méadú i líon na gcreachadóirí i roinnt réigiún ar an éiceachóras agus ar earnálacha na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe, agus go bhfuil gnóthaí mionscála cois cósta an-leochaileach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí, le linn comhairliúchán poiblí a d’eagraigh an Coimisiún, gur thug 94 % de na freagróirí uile le fios go raibh siad i gcoinne táirgí róin a chur ar an margadh nó go láidir ina choinne, agus gur dhiúltaigh siad dó mar bheart bainisteoireachta iascaigh; de bhrí gur thug 89 %de na freagróirí le fios go ndúisíonn seilg rónta mórcheisteanna mórálta<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Trádáil i dtáirgí róin — seiceáil oiriúnachta rialacha an Aontais’, suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go gcoinníonn Eurostat bunachar sonraí cuimsitheach de shonraí fadtéarmacha maidir le gabhálacha iascaigh, lena soláthraítear léargais luachmhara ar féidir leo a bheith mar bhonn eolais d’fhorbairt straitéisí éifeachtacha bainistithe iascaigh agus don mheasúnú ar speicis íogaire agus ar féidir leo rannchuidiú le córais luath-rabhaidh maidir le speicis choimhthíocha;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhféadfaidh ionstraimí amhail bearta caomhnaithe éifeachtacha limistéar-bhunaithe eile (OECManna) rannchuidiú freisin le hiarrachtaí caomhnaithe agus bainistíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí nach bhfuil aon chaighdeáin dhíreacha AE ann maidir le huisce ballasta; de bhrí go n-aithnítear sna rialacha maidir le tabhairt isteach agus leathadh speicis choimhthíocha ionracha a chosc agus a bhainistiú go bhfuil an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long ar cheann de na bearta féideartha chun speicis ionracha ar údar imní iad a bhainistiú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Speicis íogaire: táscairí athléimneachta aigéan</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé éiceachórais, gnáthóga agus speicis shláintiúla mhuirí a áirithiú san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról uathúil ag speicis íogaire sna héiceachórais muirí, agus na tairbhí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta a eascraíonn as iad a bhainistiú, a chaomhnú agus a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth gur táscairí luachmhara iad go leor speiceas íogair maidir le sláinte na n-éiceachóras muirí, go dtugann siad luath-rabhadh faoi mhíchothromaíochtaí éiceolaíocha, go gcuireann siad le hathléimneacht na n-éiceachóras, agus go bhfuil tionchar díreach acu ar tháirgiúlacht an iascaigh agus an dobharshaothraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige bunaithe ar éiceachórais a chur chun feidhme maidir le bainistiú iascaigh mar aon le cineálacha cur chuige eile lena ndírítear ar speicis íogaire a chaomhnú, agus ag tacú ag an am céanna le rathúnas eacnamaíoch agus sóisialta na n-iascairí, chomh maith lena áirithiú go mbaintear amach spriocanna agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir le LMFCanna agus limistéir a bhfuil ardtábhacht bithéagsúlachta ag baint leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go léireofar go comhsheasmhach i measúnuithe comhshaoil agus i mbainistiú iascaigh na hathruithe sna éiceachórais arb é an t-athrú aeráide is cúis leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gabhálacha de thaisme ar speicis mhuirí íogaire a laghdú, agus sa chás inar féidir é, deireadh a chur leo, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1241, lena n-áiritheofar nach bagairt ar stádas caomhnaithe na speiceas sin iad na gabhálacha sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil athrú tagtha ar ghnáthóga le blianta beaga anuas, rud a fhágann go bhfuil roinnt speiceas imithe agus go bhfuil speicis nua ag teacht isteach ag an am céanna; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá feasacht na saoránach a mhéadú, agus go sonrach feasacht iascairí agus slat-iascairí, maidir leis an tábhacht a bhaineann le bailiú sonraí agus maidir leis an ngá atá le bainistiú oiriúnaitheach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí is atá pleananna bainistíochta eolaíocht-bhunaithe LMFC, lena n-áirítear na gnéithe agus na torthaí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leo, chun a áirithiú go mbeidh na bearta caomhnaithe spriocdhírithe, éifeachtach agus ailínithe leis na riachtanais a bhaineann go sonrach leis an éiceachóras agus go mbeidh a gcur chun feidhme éifeachtach; á thabhairt chun suntais sprioc an Aontais 30 % d’fharraigí an Aontais a chosaint faoi 2030;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú nach mór d’iascairí a bheith ina gcuid lárnach den réiteach agus ionadaíocht a bheith acu i ngach comhlacht a thugann comhairle, agus á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí is atá sé ionadaíocht na n-iascairí uile a áirithiú, go háirithe iascairí mionscála agus ceardaíochta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach n-áirithítear a n-ionadaíocht go leordhóthanach i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as uirlisí an chomhbheartais iascaigh (CBI), go háirithe bearta teicniúla chun aghaidh a thabhairt ar idirghníomhaíochtaí iascaigh agus chun cosaint speiceas íogair a fheabhsú, agus cúiteamh cothrom éifeachtach á áirithiú d’iascairí atá thíos le cailliúint rochtana ar mheánna iascaireachta traidisiúnta, i gcomhréir le forálacha an Chiste Eorpaigh Mhuirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme agus forfheidhmiú na reachtaíochta reatha a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as forálacha Airteagal 17 de Rialachán CBI agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh acu, iascairí a dhreasú chun bearta a ghlacadh chun seachghabháil speiceas íogair a íoslaghdú nó a dhíothú agus dreasachtaí a chur ar fáil do shoithí iascaireachta a úsáideann trealamh roghnaitheach iascaireachta nó a úsáideann teicnící iascaireachta ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, agus aird ar leith á tabhairt ar mhionchabhlaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí is atá na sonraí a bhailítear faoi CBI chun tionchar an iascaigh ar speicis íogaire a shainaithint i gceart agus a thábhachtaí is atá córais faireacháin fheabhsaithe, i gcomhréir le comhairle eolaíoch agus le reachtaíocht an Aontais; á chur i dtreis a thábhachtaí is atá sonraí seachghabhála cuimsitheacha speiceas-sonracha chun bearta maolaithe spriocdhírithe a chumasú, chun bonn eolais a chur faoi straitéisí bainistithe oiriúnaitheacha agus chun glacadh beart cothrom atá dírithe ar an eolaíocht a éascú lena gcuirtear tosca socheacnamaíocha san áireamh freisin agus lena n-áirithítear slándáil bia an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí is atá cur chuige iomlánaíoch ar fud na réimsí beartais chun rannchuidiú le faireachán, cosaint, athbhunú agus téarnamh speiceas íogair agus gnáthóg íogair a threisiú; ag cur béim, i ndáil leis an méid sin, ar a thábhachtaí is atá sé an reachtaíocht atá ann faoi láthair a chur chun feidhme i ngach réimse beartais ábhartha, a théann níos faide ná na réimsí sin a bhaineann go díreach le CBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cineálacha cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais maidir le bainistiú na muirthimpeallachta a threisiú, ag cur san áireamh idirghníomhaíochtaí speiceas sna cásanna inar féidir sin, mar aon le gach brú ar na éiceachórais mhuirí, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus truailliú, cibé acu ar talamh nó ó fhoinsí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go rannchuidíonn limistéir mhuirí faoi chosaint (LMFCanna) a chosnaítear agus a bhainistítear go héifeachtach bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil, ag brath ar a gcuspóirí caomhnaithe, le gabhálacha de thaisme ar speicis íogaire a íoslaghdú, le limistéir sceite éisc agus iasclainne agus éisc óga a chosaint, agus leis an tionchar ar ghnáthóga íogaire a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit líon na n-éisc a mheasúnú go réigiúnach agus go háitiúil, mar aon le stádas agus treochtaí na speiceas agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag líon neamhchothroma éisc ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, chun bainistiú iascaigh atá bunaithe ar éiceachórais a áirithiú, lena n-áirítear bearta chun speicis íogaire a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a mhéadú do chláir eolaíocha maidir le speicis íogaire agus le cineálacha cur chuige bainistíochta, mar a shainaithnítear sa reachtaíocht ábhartha; á thabhairt chun suntais, i roinnt réigiún, go bhfuil tionchar ag speicis íogaire, amhail líon na mbroigheall agus na rónta ag atá ag méadú leo, ar stoic éisc agus ar ghníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe agus ar speiceas íogair eile; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil na huirlisí is gá sa chreat rialála chun feabhsuithe a cheadú, i bhfianaise stádas áitiúil na speiceas íogair; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh, i measc na ngníomhaíochtaí atá le déanamh, ar na féidearthachtaí uile dá bhforáiltear sa Treoir maidir le hÉin agus sa Treoir maidir le Gnáthóga chun bainistiú gníomhach agus éifeachtach ar líon na n-iasc a éascú ar bhealach níos fearr agus chun tacú le bainistiú atá bunaithe ar éiceachórais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh cur chuige AE ann maidir le bainistiú iascaigh a bheidh ailínithe le CBI, le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais amhail Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montreal; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart gníomhaíochtaí a dhéanamh chun stop a chur le meath speiceas íogair in éiceachórais mhuirí an Aontais, lena n-áirítear trí bhearta caomhnaithe iomchuí agus cosaint gnáthóige a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>Á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh laistigh de na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) chun seachghabháil speiceas íogair a laghdú agus, sna cásanna inar féidir é, a dhíothú agus chun trádáil agus allmhairiú táirgí bia mara a shrianadh agus bearta i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a neartú, lena n-áirítear trí rialú custaim agus comhoibriú feabhsaithe le comhpháirtithe ERBI;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Speicis ionracha: bagairtí ar ár n-aigéan agus ar ár ngeilleagar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur bagairt iad speicis choimhthíocha ionracha don iascach agus don dobharshaothrú, don bhithéagsúlacht mhuirí dhúchasach agus d’éiceachórais mhuirí dhúchasacha, rud a imríonn tionchar dá réir ar ioncam iascairí agus phobail cois cósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>Á thabhairt chun suntais rannchuidiú ríthábhachtach an iascaigh cois cósta ar mhionscála le geilleagair áitiúla agus le slándáil bia an Aontais, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil bagairtí atá ag méadú leo i gcónaí os a gcomhair ó strusairí comhshaoil amhail speicis ionracha agus an t-athrú aeráide, lena n-áirítear gluaiseacht ollmhór speiceas áirithe, go sonrach mar gheall ar uiscí atá á dtéamh, feiniméan is cúis le caillteanais thromchúiseacha, go háirithe d’fheirmeoirí sliogéisc, a ngearrtar pionós dúbailte orthu toisc laghdú ar tháirgeadh agus méadú ar na costais de dheasca creachóireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú go ndéantar rialú docht ar 88 speicis choimhthíocha ionracha san Aontas, lena n-áirítear 47 speiceas ainmhithe agus 41 speiceas plandaí ar ábhar imní don Aontas iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi nach n-aithnítear go hiomlán sa liosta reatha speiceas is ábhar imní don Aontas bagairt na speiceas coimhthíoch ionrach ar iascach, ar dhobharshaothrú agus ar mhuirthimpeallacht an Aontais toisc nach bhfuil ach dhá speiceas mhuirí (<STRING ITALIC="on">Plotosus lineatus</STRING> agus <STRING ITALIC="on">Rugulopteryx okamurae</STRING>) san áireamh ar an liosta, in éineacht le speicis áirithe a fhaightear i dtimpeallachtaí breacsháile; á iarraidh go bhfeabhsófaí an liosta, bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus ar mheasúnuithe riosca atá cothrom le dáta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á chur i bhfios gur gá speicis a bhainistiú go hiomchuí agus ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú tagtha ar speicis i réigiúin áirithe, amhail:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>speicis oisrí agus piardóga coimhthíocha de chuid an Aigéin Chiúin i ndeisceart na Mara Thuaidh, go háirithe ar feadh chósta na hÍsiltíre;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>an mac siobháin dubh a imríonn tionchar ar an éiceachóras agus atá ina bhagairt shonrach ar an séacla, ar an leathóg agus ar an mac siobháin dúchasach go háirithe timpeall uiscí na Mara Thuaidh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>an portán gorm, an <STRING ITALIC="on">Pemigrapsus takanoi</STRING> (cineál portáin), an <STRING ITALIC="on">Mnemiopsis leidyi</STRING> agus an <STRING ITALIC="on">Gonionemus vertens</STRING> (cineálacha smugairle róin) san Atlantach Thoir Thuaidh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>an dragainéad coiteann (<STRING ITALIC="on">Pterois miles</STRING>), an t-iasc <STRING ITALIC="on">Fistularia commersonii</STRING> agus an t-iasc bolgach geal-leicneach (<STRING ITALIC="on">Lagocephalus sceleratus</STRING>), timpeall na Gréige agus na Cipire;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>an diúilicín riabhach (<STRING ITALIC="on">Dreissena polymorpha</STRING>), a tugadh isteach san Ebro, agus cat fionnuisce Eorpach (<STRING ITALIC="on">Silurus glanis</STRING>), sa Spáinn;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>an algaí Áiseach <STRING ITALIC="on">Rugulopteryx okamurae</STRING>, go háirithe sa Mheánmhuir Thiar;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit córais faireacháin réigiúnacha a bhaineann go sonrach le speicis a bhunú, lena n-áirítear straitéisí comhordaithe luath-rabhaidh agus freagartha do speicis choimhthíocha a imríonn tionchar ar ghnáthóga atá ábhartha ó thaobh an gheilleagair de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gurb oth léi an easpa clár faireacháin sonrach do speicis choimhthíocha ionracha muirí, agus á iarraidh go mbeadh modhanna faireacháin feabhsaithe ann agus go ndéanfaí táscairí a chomhchuibhiú ar fud an Aontais agus go méadófaí an tacaíocht theicniúil agus airgeadais, go sonrach do na réigiúin is forimeallaí, a dteastaíonn sainchistiú breise uaithi toisc a mbithéagsúlacht uathúil agus a n-iargúltacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mholadh go mbunófaí modheolaíocht agus luachanna chun tairseach a shocrú do réigiúin agus d’fhoréigiúin mhuirí uile na hEorpa, ag tabhairt san áireamh an tionchar ar an iascach agus ar an dobharshaothrú, ar inbhainistitheacht na gconairí agus an gá atá le tuilleadh den rialú dian a dhéanamh cabhlaigh AE agus neamh-AE, ag díriú ar speicis ionracha, agus chun an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Longa fhorfheidhmiú agus treoirlínte smálaithe cabhlach a chur i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á thabhairt chun suntais na naisc fhéideartha idir speicis choimhthíocha ionracha a tugadh isteach in éiceachórais talún agus fionnuisce agus iad siúd sna haigéin agus sna farraigí, agus a dtionchar ar an iascach agus ar an dobharshaothrú; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur i bhfáth gur dearbhthosaíocht é cur chuige bainistíochta iomlánaíoch coisctheach atá bunaithe ar chonairí ilveicteora chun cosc éifeachtach a chur ar thabhairt isteach speicis choimhthíocha ionracha muirí agus chun dul i ngleic lena leathadh agus chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna a leata; ag spreagadh na mBallstát chun cur le húsáid ‘faire na fáistine’ agus teicnící núíosacha amhail eDNA, an intleacht shaorga agus faireachán uathoibrithe, chomh maith le hiascairí, slat-iascairí, pobail cois cósta agus eolaíocht na saoránach a bheith páirteach mar uirlisí agus mar acmhainn chun go n-aithneofaí agus go dtabharfaí tosaíocht do speicis choimhthíocha ionracha atá nua, ag teacht chun tosaigh, agus iadsan ar ardriosca don iascach agus don dobharshaothrú iad; ag tathant ar an gCoimisiún an cur chuige comhtháite sin a chur i bhfeidhm maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan chun gníomhaíocht chomhordaithe a áirithiú ar fud na n-earnálacha agus ar fud na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit cumarsáid, comhordú agus comhar a neartú, go sonrach i gceantair trasteorann, le linn dóibh an bhithshlándáil a ghiaráil chun bearta a chur chun feidhme go mear maidir le speicis choimhthíocha muirí a bhrath go luath agus a dhíothú go tapa, chomh maith le speicis atá leata go forleathan cheana féin a bhainistiú; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún comhoibriú leis na Ballstáit chun na gníomhaíochtaí sin a leathnú trí chomhoibriú le tíortha nach bhfuil san Aontas a roinneann an t-imchuach farraige céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mholadh go mbeidh comhar méadaithe ann idir institiúidí eolaíocha agus gníomhaireachtaí an Aontais chun feabhas a chur ar aistriú eolais agus ar thaighde feidhmeach maidir le leathadh, tionchar agus rialú na speiceas muirí ionrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur pointe te ar leith í an Mheánmhuir, atá, de réir na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta, ag téamh 20 % níos tapúla ná an chuid eile den domhan, ina bhfuil níos mó speicis choimhthíocha ionracha ná in aon fharraige eile ar fud an domhain, agus go bhfuil tionchar diúltach suntasach aige sin ar éiceachórais mhuirí agus ar na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, agus dá bhrí sin gur gá aird ar leith a thabhairt uirthi; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, acmhainní breise a leithdháileadh agus bearta práinneacha a bhunú chun stop a chur le leathadh na speiceas sin san imchuach farraige sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir ina thionscnaimh faireacháin eolaíoch agus ina threoirthionscadail chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le speicis mhuirí ionracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú sonrach a chur ar fáil, laistigh de chreat an Chiste Eorpaigh Mhuirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus de cláir bhuiséadacha eile, chun tacú le taighde ar speicis ionracha agus lena gcosc agus lena ndíothú nó, i gcás nach bhfuil a ndíothú indéanta, le bainistiú a leata agus leis an téarnamh ó thionchar an leata, i gcomhar le hiascairí, le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí eolaíocha; á athdhearbhú go gcreideann sí gur cheart cistiú den sórt sin a chur ar fáil sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí is atá Córas Fógartha EASIN, go háirithe chun tuairisciú go tráthúil cuimsitheach ar bhraith nua, ar bhearta díothaithe agus ar bhraith rialuithe oifigiúla; ag tathant ar na Ballstáit an córas a fheabhsú trí fhaisnéis bhreise a chur ar fáil, go sonrach sonraí dáileacháin, le faisnéise a fhaightear ó iascairí, ó dhobharshaothraithe agus ó gheallsealbhóirí ábhartha eile ach go háirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag meabhrú ghné idirnáisiúnta na speiseas coimhthíoch ionrach agus á mholadh go dtreiseodh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí i ndáil leis sin, ag baint úsáid as na fóraim idirnáisiúnta uile atá ar fáil agus, go sonrach, na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montreal; á iarraidh ar an Aontas feabhas a chur ar an gcomhroinnt chomhoibríoch eolais agus ar mhalartuithe foghlama frithpháirteacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus le tíortha nach bhfuil san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfios go láidir an poitéinseal maidir le comhoibriú le tíortha nach bhfuil san Aontas a bhfuil an t-imchuach farraige céanna acu leis, lena n-áirítear trí eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, chun dea-chleachtas a chomhroinnt, infheistíocht a ghiaráil agus spriocanna comhchoiteanna a bhunú chun dul i ngleic le tionchar speiseas coimhthíoch ionrach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Deiseanna agus dúshláin do phobail cois cósta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tionchair dhiúltacha shuntasacha ag speisis choimhthíocha ionracha ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí, ar ghníomhaíochtaí an gheilleagair ghoirm, lena n-áirítear iascach agus dobharshaothrú, agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile nach mbaineann leis an bhfarraige, ar phobail cois cósta agus ar an tsochaí ina hiomláine; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach machnamh níos leithne a dhéanamh ar iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha na speiseas coimhthíoch ionrach, ní hamháin cailliúint na bithéagsúlachta agus an tionchar ar éiceachórais, chun ionraí nua a chosc go héifeachtach agus chun bearta maolaithe rathúla a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún táscaire tiomnaithe a fhorbairt do speicis íogaire agus ionracha i bhfarraigí an Aontais, ag tógáil san áireamh liostaí ar nós Liosta Dearg IUCN, le cur san áireamh i bhfoilseacháin Eurostat a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar an leathadh, agus ar na hiarrachtaí caomhnaithe agus bainistíochta eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú le haghaidh taighde ar speisis choimhthíocha ionracha agus ar réitigh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun iad a bhainistiú agus a rialú ar bhealach inbhuanaithe a chomhtháthú i dtionscadail de chuid na gclár Eorpach um thaighde agus nuálaíocht amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacú leis na hoibreoirí iascaigh agus dobharshaothraithe a ndéantar difear dóibh, trí scéimeanna cúitimh agus cistí oiriúnaithe, i gcomhréir leis na forálacha airgeadais atá ann cheana, go háirithe i limistéir a bhfuil caillteanas díreach eacnamaíoch ag bagairt orthu mar gheall ar speicis ionracha; á chur i bhfáth gur gá dreasachtaí spriocdhírithe airgeadais agus rialála a chur ar fáil chun gníomhaíochtaí spriocdhírithe ‘gabháil-agus-bain’ a spreagadh do speicis ionracha ag iascairí áitiúla in uiscí cois cósta agus in uiscebhealaí intíre, mar bhealach chun brú éiceolaíoch a laghdú agus tacú le slite beatha áitiúla ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh ról a bheith ag scéimeanna árachais chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist, go sonrach na hiarmhairtí d’fheirmeoirí sliogéisc, do tháirgeoirí dobharshaothraithe agus d’iascairí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún feachtais feasachta a fhorbairt chun iascairí, feirmeoirí éisc agus sliogéisc, geallsealbhóirí san earnáil iascaireachta, lena n-áirítear slat-iascairí, agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas agus a rannpháirtiú maidir le tabhairt isteach, brath agus tionchair na speisias coimhthíoch ionrach, maidir lena n-éifeachtaí comhshaoil agus eacnamaíocha, agus bealaí chun na rioscaí a bhaineann lena dtabhairt isteach agus lena leathadh a íoslaghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á mholadh, sa chás ina bhfuil sé indéanta, go bhforbrófaí cláir lena ndírítear ar speicis ionracha arb é is aidhm dóibh ná an rialú a fheabhsú maidir lena líon agus deiseanna cúitimh a chur ar fáil d’iascairí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á mheas gur féidir le bainistiú speiseas coimhthíoch ionrach deiseanna a chur ar fáil i gcomhair ioncam sealadach breise trí nuálaíocht fheidhmeach chun táirgí breisluacha a ghiniúint amhail bithleasacháin agus substráití talmhaíochta a thacaíonn le rialú na speiceas sin, agus, sa chás inar féidir é, lena ndíothú; á iarraidh ar an gCoimisiún taighde agus aistriú teicneolaíochta sa réimse sin a mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á chur i bhfáth, i gcás nach bhfuil sé indéanta speicis ionracha a dhíothú, gur féidir le saothrú speiceas ionrach lena gcaitheamh ag daoine ioncam sealadach breise a chur ar fáil d’iascairí agus cur leis an saibhreas a théann chun tairbhe do gheilleagair áitiúla san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an úsáid eacnamaíoch shealadach a bhaintear as roinnt speiceas coimhthíoch ionrach, amhail algaí, chun críocha bia agus neamhbhia; á chur i bhfios go bhféadfaí beatha ainmhithe agus éisc, cógaisíocht, pacáistíocht, cosmaidí nó bithbhreoslaí a áireamh ar na críocha sin, seachas díreach bia lena chaitheamh ag daoine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á athdhearbhú gurb é díothú na speiseas coimhthíoch ionrach an sprioc dheiridh i gcónaí; ag cur béim ar an bhfíoras, ina leith sin, gur cheart spleáchas eacnamaíoch ar leas a bhaint as speisis choimhthíocha ionracha a bheith sealadach nó tánaisteach i gcónaí agus nár cheart go spreagfaí mar thoradh air go scaipfí na speicis sin nó go gcuirfí ar an margadh iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht airgeadais mhéadaithe agus thiomnaithe chun feabhas a chur ar bhainistiú agus ar chosaint éifeachtach slite beatha cois cósta agus éiceachóras muirí agus ar chaomhnú speiceas íogair, agus go mbeadh córais faisnéise, faireacháin agus luath-rabhaidh ann maidir le speisis choimhthíocha ionracha ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, i bhfianaise thionchar dearfach na tacaíochta sin ar an iascach, ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á áitiú go n-áireofaí sa chreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo cistiú chun iomaíochas an chabhlaigh iascaireachta a neartú i bhfianaise dúshláin amhail costais atá ag méadú leo, cailliúint meánna iascaigh agus tionchar speiceas ionrach; á mheas gur tosaíocht é feabhas a chur ar rochtain iascairí ar acmhainní airgeadais chun a gcuid soithí a nua-chóiriú, a n-oibríochtaí a dhigitiú agus a bhfoinsí ioncaim a éagsúlú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á mheabhrú don Choimisiún go bhfeidhmíonn na réigiúin is forimeallaí mar aon leis na ceantair oileánda agus cois cósta mar chalafoirt shábháilte thábhachtacha do speicis mhuirí íogaire, agus go bhfuil siad an-shoghonta do speisis choimhthíocha ionracha ag an am céanna; á iarraidh go n-aithneofar a thábhachtaí atá sé na speicis íogaire sin a chosaint agus speisis choimhthíocha ionracha a chomhrac sna réigiúin sin, eadhon trí chlár roghanna a chruthú don iascaireacht áitiúil a bhaineann go sonrach le limistéir iargúlta agus oileánda; á thabhairt chun suntais poitéinseal na héicea-thurasóireachta inbhuanaithe mar bhealach chun deiseanna éagsúlaithe a chur ar fáil, agus bithéagsúlacht uathúil na réigiún sin a chaomhnú ag an am céanna mar aon le tairbhí díreacha a chur ar fáil d’earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>