<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0069</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Creat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0031/2026 -  Rapóirtéir :Sven Simon)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2026 ar an athbhreithniú ar an gCreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (2025/2243(ACI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 295 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ghealltanas a thug an t-iarrthóir a bhí ann an tráth sin ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ag cruinniú urghnách Chomhdháil na nUachtarán an 2 Iúil 2024, athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat-Chomhaontú agus é a fheabhsú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 11 Iúil 2024 an t-athbhreithniú ar an gCreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach a sheoladh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do litir an 12 Iúil 2024 ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, chuig Ursula von der Leyen, a bhí ina hiarrthóir ag an am ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas comhpháirteach an 21 Deireadh Fómhair 2024 ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, agus ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat-chomhaontú, go háirithe na naoi dtosaíocht pholaitiúla a sainaithníodh ann,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 11 Meán Fómhair 2025, lena bhformhuinítear toradh na caibidlíochta agus an comhaontú sealadach ar thángthas air an 9 Meán Fómhair 2025 (dá ngairtear ‘an comhaontú’ anseo feasta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 154(1) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A10-0031/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear sna Conarthaí do bhunús dlí sainráite do chomhaontuithe idirinstitiúideacha, lena gceadaítear na comhaontuithe sin a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis na Conarthaí, lena n-áirítear prionsabal na tabhartha, nach gceadaítear leis aon leathnú ar inniúlachtaí institiúidí an Aontais thar raon feidhme na gConarthaí,
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go ndéanann an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle a chur ar chomhchéim sa ghnáthnós imeachta reachtach agus in ábhair bhuiséadacha, agus go bhfeabhsaítear ról Pharlaimint na hEorpa i mbeartas seachtrach an Aontais, cé is moite den ról a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála,
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 122 CFAE do bhunús dlí don Chomhairle bearta eisceachtúla a ghlacadh ar bhonn togra ón gCoimisiún,
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go dtugann Airteagal 225 CFAE ceart tionscnaimh do Pharlaimint na hEorpa chun a iarraidh ar an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh Aontais a thíolacadh,
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go dtéann an Creat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún siar go 2010, agus go bhfuil forbairt shuntasach tagtha ar an gcomhar idirinstitiúideach ó shin i leith, mar a léirítear san athchóiriú ‘Parlaimint na hEorpa 2024’ agus san athbhreithniú ina dhiaidh sin ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a glacadh i mí Aibreáin 2024, agus de bhrí go bhféachann an Creat-Chomhaontú le comhsheasmhacht leis na Conarthaí a áirithiú agus le héifeacht phraiticiúil a thabhairt do shainchumais rialaithe, ghrinnscrúdaithe agus bhuiséadacha Pharlaimint na hEorpa,
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go measann an dá Institiúid go bhfuil prionsabal na cothromaíochta institiúidí agus prionsabal an chomhair dhílis fhrithpháirtigh ríthábhachtach, mar a chumhdaítear in Airteagal 13(2) CAE,
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur leagadh béim i measúnú comhpháirteach ar chur chun feidhme an Chreat-Chomhaontaithe arna dhéanamh ar an leibhéal teicniúil, i gcomhaontú le hUachtarán an Choimisiúin, ar an ngá atá le cuid dá fhorálacha a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú chun an chothromaíocht institiúideach a léiriú ar bhealach níos fearr agus chun sainchumais Pharlaimint na hEorpa mar a chumhdaítear sna Conarthaí a chur chun feidhme go hiomlán, i ndáil le sainchumais reachtacha, bhuiséadacha agus ghrinnscrúdaithe Pharlaimint na hEorpa,
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheas gur dul chun cinn institiúideach do Pharlaimint na hEorpa é an comhaontú athbhreithnithe ina caidreamh leis an gCoimisiún, agus á chur i bhfios go láidir nach mór bunús a bheith ag aon dul chun cinn den chineál sin sna Conarthaí; á mheas go neartaítear leis an gcomhaontú athbhreithnithe freagracht agus dlisteanacht pholaitiúil, go leathnaítear idirphlé cuiditheach, go bhfeabhsaítear an sreabhadh faisnéise idir an dá Institiúid agus go bhfeabhsaítear comhar maidir le nósanna imeachta agus pleanáil, lena n-áirítear cumhachtaí grinnscrúdaithe agus fiosrúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, na feabhsuithe seo a leanas atá sa chomhaontú athbhreithnithe:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>dearbhú phrionsabal na córa comhionainne idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agus ról an Choimisiúin mar bhróicéir macánta, go háirithe trí shreabhadh cuimsitheach, tráthúil, mionsonraithe agus trédhearcach faisnéise chuig an bParlaimint a áirithiú lena gcumasaítear grinnscrúdú daonlathach fóinteach, mar a léirítear leis an ngealltanas tionscnaimh bheartais agus tograí reachtacha nach n-áirítear i gClár Oibre an Choimisiúin a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, agus príomhthionscnaimh a thíolacadh sa suí iomlánach díreach tar éis do choláiste na gcoimisinéirí iad a ghlacadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an oibleagáid atá ar an Uachtarán toghaí faisnéis mhionsonraithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le comhdhéanamh Choláiste na gCoimisinéirí atá ag teacht isteach, lena n-áirítear an struchtúr atá beartaithe dó;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>tiomantas an Choimisiúin a áirithiú go ndéanfar a mheasúnuithe tionchair faoina fhreagracht trí nós imeachta trédhearcach lena ráthaítear measúnú neamhspleách;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>cuntasacht pholaitiúil an Choimisiúin a neartú trína áirithiú go mbeidh Comhaltaí inniúla an Choimisiúin i láthair i bParlaimint na hEorpa, sa suí iomlánach agus i gcoistí araon;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an dearbhú go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcoitinne, Comhaltaí an Choimisiúin a ghairm mar chuid dá feidhm formhaoirseachta polaitiúla, agus gur féidir le Parlaimint na hEorpa a iarraidh go mbeidh coimisinéir sonrach i láthair sa suí iomlánach i gcás ina dtugann mír ar an gclár oibre údar cuí leis sin; go háirithe, an dearbhú go mbeidh Comhaltaí den Choimisiún a mbaineann a bpunanna le téama na gceisteanna i láthair le linn Thráth na gCeisteanna, ar feadh tréimhse suas le 90 nóiméad, chun díospóireacht fhóinteach, oscailte agus dhaonlathach idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus Comhaltaí den Choimisiún a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>an oibleagáid atá ar Chomhaltaí an Choimisiúin freastal ar chruinnithe coiste, agus i gcás nach n-éilítear go sainráite coimisinéir a bheith i láthair, agus sa chás sin amháin, gur féidir oifigeach ardchéime a chur ina ionad nó ina hionad atá in ann freagraí substainteacha a thabhairt ar cheisteanna ó chomhaltaí an choiste;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>gealltanas an Choimisiúin, aon uair atá rún aige togra a tharraingt siar, go bhfreastalóidh Comhalta inniúil an Choimisiúin ar chruinnithe na gcoistí chun an rún sin a phlé;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>gealltanas an Choimisiúin údar cuimsitheach agus faisnéis chuimsitheach a sholáthar maidir leis na cásanna eisceachtúla agus éigeandála ina bhfuil a thograí bunaithe ar Airteagal 122 CFAE, agus an iarraidh á cur faoi bhráid na Parlaiminte agus tar éis chur chun feidhme an ghnímh dlí lena mbaineann;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>ceart tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa faoi Airteagal 225 CFAE a neartú, lena n-áirítear tograí chun an reachtaíocht atá ann cheana a leasú nó a aisghairm, trí fheabhas a chur ar an obair leantach a dhéanann an Coimisiún ar iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>gealltanas an Choimisiúin, aon uair a iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa cinneadh práinneach a dhéanamh ar thogra, go ndéanfaidh sé é sin i scríbhinn agus go dtabharfaidh sé údar leis an iarraidh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>sreabhadh feabhsaithe faisnéise maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta ag gach céim den chaibidlíocht, agus ar an gcaoi sin cuntasacht agus trédhearcacht dhaonlathach sa bheartas seachtrach a neartú;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheas nach amháin go bhfuil gá le creat dlíthiúil iomchuí chun grinnscrúdú daonlathach a dhéanamh ar an gCoimisiún, ach go bhfuil gá le freagracht pholaitiúil agus tiomantas polaitiúil freisin; ag tarraingt aird ar an malartú foirmiúil idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus an Coimisiún le linn an tseisiúin iomlánaigh, lena n-áirítear le linn Thráth na gCeisteanna, mar chloch choirnéil dhaonlathas na hEorpa; ag tabhairt gealltanas i dtaobh tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gcultúr parlaiminteach agus é a chothú ionas go n-áiritheofar go bhfreastalófar ar na seisiúin sin ar an dá thaobh, rud a chumasóidh malartú fóinteach agus substainteach idir an Pharlaimint agus an Coimisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi mainneachtain an Choimisiúin a chur in iúl an mbeidh measúnú tionchair ag gabháil le tionscnaimh reachtacha nua, agus a mhainneachtain i dtaobh údar cuí a thabhairt i gcás nach gcuirtear aon mheasúnú tionchair ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise an chomhaontaithe athbhreithnithe, agus ina ról mar chaomhnóir na gConarthaí, a iarrachtaí a athnuachan chun an oibleagáid in Airteagal 226 CFAE a chomhlíonadh agus glacadh rialacháin lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa a éascú, ar rialachán é atá fós thar téarma; ag dréim go n-urramóidh an Coimisiún prionsabal an chomhair dhílis fhrithpháirtigh agus measúnú á dhéanamh aige ar thograí na Parlaiminte maidir leis an ábhar agus go gcomhoibreoidh sé de mheon macánta le Parlaimint na hEorpa chun réiteach a thabhairt ar aon saincheisteanna atá fós gan réiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag dréim go gcomhlíonfaidh an Coimisiún forálacha nua agus forálacha an Chomhaontaithe atá ann cheana go hiomlán. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa faireachán rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe ón uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag formheas thabhairt i gcrích an chomhaontaithe atá i gceangal leis seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an comhaontú a shíniú le hUachtarán an Choimisiúin agus socrú a dhéanamh go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh mar eolas chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN: CREAT-CHOMHAONTÚ MAIDIR LEIS AN gCAIDREAMH IDIR PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN COIMISIÚN EORPACH</STRING></TI>
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN COIMISIÚN EORPACH (dá ngairtear ‘an dá institiúid’ anseo feasta),

<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagal 295 de, agus don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (dá ngairtear ‘na Conarthaí’ anseo feasta),

<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na Comhaontuithe Idirinstitiúideacha agus do na téacsanna lena rialaítear an caidreamh idir an dá Institiúid,

<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,

<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla a eisíodh agus do na ráitis ábhartha a rinne Uachtarán toghaí an Choimisiúin an 18 Iúil 2024 agus don ráiteas comhpháirteach maidir leis na prionsabail pholaitiúla a bheadh ina mbunús d’athbhreithniú ar Chreat-Chomhaontú 2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach arna eisiúint ag Uachtarán toghaí an Choimisiúin agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2024,

<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, le Conradh Liospóin, go neartaítear dlisteanacht dhaonlathach phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh,

<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go measann an dá Institiúid go bhfuil sé fíorthábhachtach go ndéanfar dlí an Aontais a thrasuí agus a chur chun feidhme go héifeachtach,

<NO.P>C.</NO.P>de bhrí nach ndéantar, leis an gCreat-Chomhaontú seo, difear do chumhachtaí ná do shainchumais Pharlaimint na hEorpa, an Choimisiúin nó aon institiúide nó orgáin eile de chuid an Aontais Eorpaigh ach go bhféachann sé lena chinntiú go bhfeidhmítear na cumhachtaí agus na sainchumais sin chomh héifeachtach agus is féidir,

<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur cheart an Creat-Chomhaontú seo a léirmhíniú i gcomhréir leis an gcreat institiúideach arna eagrú leis na Conarthaí,

<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go dtabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na róil faoi seach a thugtar leis na Conarthaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus go háirithe ag féachaint don phrionsabal bunúsach um chóir chomhionann a leagtar síos faoi phointe 9,

<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 10(1) CAE, go bhfuil feidhmiú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch,

<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 17(8) CAE, go bhfuil an Coimisiún, mar chomhlacht, freagrach do Pharlaimint na hEorpa,

<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gurb iomchuí an Creat-Chomhaontú a tugadh i gcrích i mí Dheireadh Fómhair 2010<FOOTNOTE><FIELD> IO L 304, 20.11.2010, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2010/1120/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus a leasaíodh i mí Feabhra 2018<FOOTNOTE><FIELD> IO L 45, 17.2.2018, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2018/217/oj.</FIELD></FOOTNOTE> a thabhairt cothrom le dáta, agus an téacs seo a leanas a chur ina ionad,

<NO.P>I.</NO.P>	de bhrí go meabhraíonn an dá Institiúid gurb é an aidhm atá acu comhoibriú chun reachtaíocht a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú agus chun ualaí riaracháin a sheachaint, agus á áirithiú ag an am céanna go gcomhlíonfar cuspóirí na reachtaíochta,

<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil an dá Institiúid tiomanta d’fheabhas breise a chur ar shreabhadh na faisnéise agus do láithreacht a gComhaltaí faoi seach a chothú i suíonna iomlánacha agus i gcruinnithe eile de chuid Pharlaimint na hEorpa; de bhrí, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa measúnú rialta ar an staid d’fhonn láithreacht na bhFeisirí le linn suíonna iomlánacha a fheabhsú tuilleadh,

tar éis a chomhaontú mar a leanas:

<NO.P>I.</NO.P><STRING BOLD="on">RAON FEIDHME</STRING>

<NO.P>1.</NO.P>Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an gcomhpháirtíocht speisialta idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún, comhaontaíonn an dá Institiúid na bearta seo a leanas chun freagracht pholaitiúil agus dlisteanacht an Choimisiúin a neartú, chun idirphlé cuiditheach a leathnú, chun an sreabhadh faisnéise idir an dá Institiúid a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar an gcomhar i dtaca le nósanna imeachta agus pleanáil.

Déanann siad forálacha sonracha a chomhaontú freisin:

<NO.P>–</NO.P>maidir le cruinnithe an Choimisiúin le saineolaithe náisiúnta, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1;

<NO.P>–</NO.P>maidir le faisnéis rúnda a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

<NO.P>–</NO.P>maidir le caibidlíocht agus tabhairt chun críche comhaontuithe idirnáisiúnta, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III; agus

<NO.P>–</NO.P>maidir le tráthchlár le haghaidh Chlár Oibre an Choimisiúin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

<NO.P>II.</NO.P><STRING BOLD="on">FREAGRACHT PHOLAITIÚIL</STRING>

<NO.P>2.</NO.P>Tar éis don Chomhairle Eorpach Uachtarán an Choimisiúin a ainmniú, déanfaidh Uachtarán ainmnithe an Choimisiúin treoirlínte polaitiúla do théarma oifige an Uachtaráin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa ionas go bhféadfar malartú eolasach dearcthaí a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa sula ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa vótáil ar thoghadh Uachtarán an Choimisiúin.

<NO.P>3.</NO.P>Cuirfidh Uachtarán toghaí an Choimisiúin Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin struchtúr agus faoin gcothromaíocht inscne atá beartaithe do Choláiste nua na gCoimisinéirí in am trátha sula gcuirfear tús leis an nós imeachta i bParlaimint na hEorpa a bhaineann le toiliú Pharlaimint na hEorpa a thabhairt don Choimisiún nua. I gcomhréir lena Rialacha Nós Imeachta, déanfaidh Parlaimint na hEorpa teagmháil le hUachtarán toghaí an Choimisiúin in am trátha roimh thús na nósanna imeachta i ndáil lena toiliú a thabhairt i leith an Choimisiúin nua. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa na nithe a deir an tUachtarán toghaí a chur san áireamh.

Cinnteoidh Comhaltaí ainmnithe an Choimisiúin go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha go léir a nochtadh go hiomlán, i gcomhréir leis an oibleagáid neamhspleáchais a leagtar síos in Airteagal 245 CFAE.

Beidh na nósanna imeachta leagtha amach ar shlí a chinnteoidh go ndéanfar an Coimisiún ainmnithe ina iomláine a mheasúnú i modh oscailte, cothrom agus comhchuí.

<NO.P>4.</NO.P>Glacfaidh gach Comhalta den Choimisiún freagracht pholaitiúil as gníomhaíocht sa réimse a bhfuil sé nó sí féin i gceannas air, ach sin gan dochar do phrionsabal choláisteacht an Choimisiúin.

Beidh Uachtarán an Choimisiúin freagrach go hiomlán as aon choinbhleacht leasa a shainaithint a d’fhágfadh nach mbeadh ar chumas Comhalta den Choimisiún dualgais an Chomhalta a chomhlíonadh.

Beidh Uachtarán an Choimisiúin freagrach freisin as aon ghníomhaíocht a ghlactar ina dhiaidh sin in imthosca den sórt sin agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa láithreach agus i scríbhinn.

Rialaítear rannpháirtíocht Chomhaltaí den Choimisiún i bhfeachtais toghcháin leis an gCód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO C 65, 21.2.2018, lch. 7.</FIELD></FOOTNOTE>.

Féadfaidh comhaltaí den Choimisiún páirt a ghlacadh i bhfeachtais toghcháin i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear mar iarrthóirí. Féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha iad a roghnú freisin mar phríomhiarrthóir (‘Spitzenkandidat’) don phost mar Uachtarán an Choimisiúin.

Cuirfidh Uachtarán an Choimisiúin in iúl do Pharlaimint na hEorpa in am trátha i dtaobh an seasfaidh Comhalta amháin nó níos mó den Choimisiún mar iarrthóirí i bhfeachtais toghcháin do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, chomh maith leis na bearta a dhéantar chun a áirithiú go n-urramófar prionsabail an neamhspleáchais, na sláine agus na lánrogha dá bhforáiltear in Airteagal 245 CFAE agus sa Chód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh.

Aon Chomhalta den Choimisiún atá ag seasamh mar iarrthóir nó atá ag glacadh páirt i bhfeachtas toghcháin do thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh sé air féin staonadh ó sheasamh a ghlacadh le linn an fheachtais nach mbeadh i gcomhréir le dualgas rúndachta an iarrthóra, nó a sháródh prionsabal na coláisteachta.

Ní fhéadfaidh comhaltaí den Choimisiún atá ag seasamh mar iarrthóirí nó atá rannpháirteach i bhfeachtais toghcháin do thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa úsáid a bhaint as acmhainní daonna nó ábharacha an Choimisiúin le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhfeachtas toghcháin.

<NO.P>5.</NO.P>Má iarrann Parlaimint na hEorpa ar Uachtarán an Choimisiúin muinín i gComhalta ar leith den Coimisiún a tharraingt siar, déanfaidh an tUachtarán breithniú i dtaobh an iarrfaidh sé ar an gComhalta sin éirí as oifig, i gcomhréir le hAirteagal 17(6) CAE. Déanfaidh an tUachtarán a cheangal ar an gComhalta éirí as oifig nó déanfaidh sé na cúiseanna le diúltú déanamh amhlaidh a thabhairt os comhair Pharlaimint na hEorpa sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin.

<NO.P>6.</NO.P>I gcás inar gá socrú a dhéanamh chun duine eile a chur in ionad Comhalta den Choimisiún le linn théarma oifige an Chomhalta de bhun an dara mír d’Airteagal 246 CFAE, déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin breithniú dáiríre ar thoradh chomhairliúchán Pharlaimint na hEorpa sula n-aontóidh sé/sí cinneadh na Comhairle.

Cinnteoidh Parlaimint na hEorpa go seolfar a cuid nósanna imeachta leis an oiread dithnis is féidir, ionas go bhféadfaidh Uachtarán an Choimisiúin an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa a bhreithniú go dáiríre sula gceapfar an Comhalta nua.

Ar an gcaoi chéanna, de bhun Airteagal 246 CFAE, an tríú mír, nuair nach bhfuil fágtha ach beagán ama de théarma oifige an Choimisiúin, breithneoidh Uachtarán an Choimisiúin go dáiríre seasamh Pharlaimint na hEorpa.

<NO.P>7.</NO.P>Má bheartaíonn Uachtarán an Choimisiúin athdháileadh na bhfreagrachtaí a athrú i measc Chomhaltaí an Choimisiúin le linn a théarma oifige de bhun Airteagal 248 CFAE<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">,</STRING></STRING> cuirfidh an tUachtarán Parlaimint na hEorpa ar an eolas in am trátha don chomhairliúchán ábhartha parlaiminteach maidir leis na hathruithe sin. Beidh feidhm láithreach ag cinneadh an Uachtaráin maidir le hathdháileadh na bhfreagrachtaí.

<NO.P>8.</NO.P>Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gCód Iompair do Chomhaltaí den Choimisiún Eorpach maidir le coinbhleachtaí leasa nó iompraíocht eitice, iarrfaidh sé tuairim ó Pharlaimint na hEorpa.

<NO.P>III.</NO.P><STRING BOLD="on">IDIRPHLÉ CUIDITHEACH AGUS SREABHADH FAISNÉISE</STRING>

<NO.P>(i)</NO.P><STRING BOLD="on">Forálacha ginearálta</STRING>

<NO.P>9.</NO.P>Ráthaíonn an Coimisiún go ndéanfaidh sé an prionsabal bunúsach um chóir chomhionann do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a chur i bhfeidhm, go háirithe maidir le rochtain ar chruinnithe agus soláthar tuairimí agus faisnéis eile, go háirithe maidir le nithe reachtacha agus nithe buiséadacha.

<NO.P>10.</NO.P>Comhoibreoidh an Coimisiún le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle ar bhonn cothrom, agus lánurraim á tabhairt don chothromaíocht idir na hinstitiúidí agus do na sainchumais institiúideacha a thugtar dóibh leis na Conarthaí. I gcás inarb iomchuí, glacfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is gá d’fhonn seasaimh na gcomhreachtóirí a thabhairt chun réitigh, ag gníomhú dó mar bhróicéir macánta.

<NO.P>11.</NO.P>Laistigh dá inniúlachtaí, déanfaidh an Coimisiún bearta chun rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú ar shlí ina ndéanfar tuairimí Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh a mhéid is féidir i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála.

<NO.P>12.</NO.P>Déantar roinnt socruithe chun an chomhpháirtíocht speisialta idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún a chur i bhfeidhm, mar a leanas:

<NO.P>–</NO.P>beidh cruinniú ag Uachtarán an Choimisiúin le Comhdháil na nUachtarán, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, dhá uair sa bhliain ar a laghad chun saincheisteanna comhleasa a phlé;

<NO.P>–</NO.P>beidh idirphlé rialta ag Uachtarán an Choimisiúin le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa maidir le príomh-shaincheisteanna cothrománacha agus mórthograí reachtacha. Ba cheart go n-áireofaí san idirphlé sin freisin cuirí d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa freastal ar chruinnithe de chuid Choláiste na gCoimisinéirí;

<NO.P>–</NO.P>iarrfar ar Uachtarán an Choimisiúin nó ar Chomhalta den Choimsiún atá freagrach as an gcaidreamh idirinstitiúideach freastal ar chruinnithe de chuid Chomhdháil na nUachtarán agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí nuair a bheidh saincheisteanna sonracha a bhaineann le socrú chlár oibre an tsuí iomlánaigh, le caidreamh idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún agus le nithe reachtacha agus buiséadacha le plé;

<NO.P>–</NO.P>beidh cruinnithe ann ar bhonn bliantúil idir Comhdháil na nUachtarán agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus Coláiste na gCoimisinéirí chun saincheisteanna ábhartha a phlé, lena n-áirítear ullmhú agus cur chun feidhme Chlár Oibre an Choimisiúin;

<NO.P>–</NO.P>cuirfidh Comhdháil na nUachtarán agus Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí an Coimisiún ar an eolas in am trátha maidir le torthaí na bpléití dá gcuid ag a bhfuil gné idirinstitiúideach. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa an Coimisiún a choimeád ar an eolas go hiomlán go rialta maidir le toradh cruinnithe dá cuid a bhaineann le hullmhú na bpáirtseisiún, agus tuairimí an Choimisiúin á gcur san áireamh. Beidh sé seo gan dochar do phointe 57;

<NO.P>–</NO.P>chun sreabhadh rialta faisnéise ábhartha a chinntiú idir an dá institiúid, tiocfaidh Ardrúnaithe Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin le chéile ar bhonn rialta.

<NO.P>13.</NO.P>Cinnteoidh gach Comhalta den Choimisiún go bhfuil sreabhadh rialta agus díreach faisnéise ann idir an Comhalta den Choimisiún agus cathaoirleach an choiste pharlaimintigh ábhartha.

<NO.P>14.</NO.P>Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon togra reachtach, nó aon tionscnamh nó cinneadh suntasach, a chur ar fáil go poiblí gan fógra maidir leis an méid sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa i scríbhinn.

Ar bhonn Chlár Oibre an Choimisiúin, déanfaidh an dá Institiúid, trí chomhaontú comhchoiteann, na tionscnaimh a bheidh le tíolacadh sa suí iomlánach a shainaithint roimh ré. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a chinneadh go ndéanfar na príomhthionscnaimh sin a thíolacadh i bhfoirm díospóireachta arna sceidealú díreach tar éis do Choláiste na gCoimisinéirí iad a ghlacadh. I bprionsabal, tíolacfaidh an Coimisiún na tionscnaimh sin sa suí iomlánach ar dtús agus is ina dhiaidh sin amháin a thíolacfar don phobal iad.

Ar an gcaoi chéanna, sainaithneoidh an dá Institiúid na tograí agus na tionscnaimh sin a mbeidh faisnéis le soláthar ina leith os comhair Chomhdháil na nUachtarán nó a bheidh le cur in iúl, ar mhodh iomchuí, don choiste parlaiminteach ábhartha nó dá chathaoirleach.

Glacfar na cinntí sin faoi chuimsiú an idirphlé rialta idir an dá Institiúid, amhail dá bhforáiltear i bpointe 12, agus uasdátófar iad ar bhonn rialta, agus aird chuí á tabhairt ar aon fhorbairtí polaitiúla.

Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún  na tionscnaimh bheartais agus tograí reachtacha eile atá ar na bacáin nach n-áirítear i gClár Oibre an Choimisiúin, a thagann faoi shainchumais reachtacha agus bhuiséadacha Pharlaimint na hEorpa, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear a coistí parlaiminteacha, ar bhealach cuimsitheach agus tráthúil.

Déanfaidh an Coimisiún freisin faisnéis chuimsitheach, thráthúil agus mhionsonraithe a tharchur ar bhealach struchtúrtha chuig Parlaimint na hEorpa, lena n-áirítear chuig a coistí parlaiminteacha, chun go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann a feidhmeanna maidir le rialú polaitiúil agus comhairliúchán mar a leagtar síos sna Conarthaí a fheidhmiú.

<NO.P>15.</NO.P>Más rud é go ndéantar doiciméad inmheánach ón gCoimisiúin – nach bhfuil Parlaimint na hEorpa curtha ar an eolas ina thaobh de bhun an Chreat-Chomhaontaithe seo – a scaipeadh lasmuigh de na hinstitiúidí, féadfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a iarraidh go gcuirfear an doiciméad lena mbaineann ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa gan mhoill, chun é a chur ar fáil d’aon Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a iarrann é.

<NO.P>16.</NO.P>Soláthróidh an Coimisiún an fhaisnéis agus na doiciméid ar fad maidir lena chruinnithe le saineolaithe náisiúnta, faoi chuimsiú a chuid oibre ar ullmhú agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear dlí bog agus gníomhartha tarmligthe. Má iarrann Parlaimint na hEorpa amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún freisin a iarraidh ar shaineolaithe Pharlaimint na hEorpa freastal ar na cruinnithe sin.

Tá na forálacha ábhartha leagtha síos in Iarscríbhinn I.

<NO.P>17.</NO.P>Laistigh de 3 mhí tar éis rún parlaiminteach a ghlacadh, soláthróidh an Coimisiún faisnéis i scríbhinn do Pharlaimint na hEorpa ar ghníomhaíocht a ghlactar mar fhreagra ar iarrataí sonracha a dhírítear chuige i rúin ó Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear i gcásanna nach rabhthas in ann déanamh de réir dhearcadh Pharlaimint na hEorpa.

Féadfar an tréimhse sin a ghiorrú más iarraidh phráinneach atá ann. Féadfar í a fhadú mí amháin i gcás inar gá obair níos uileghabhálaí a dhéanamh i leith na hiarrata agus ina dtabharfar bunús cuí leis sin. Cinnteoidh Parlaimint na hEorpa go ndáilfear an fhaisnéis sin go forleathan laistigh den institiúid.

Féachfaidh Parlaimint na hEorpa le ceisteanna ó bhéal agus i scríbhinn a sheachaint maidir le saincheisteanna a mbeidh an Coimisiún tar éis a sheasamh ina dtaobh a chur in iúl cheana do Pharlaimint na hEorpa trí chumarsáid leantach i scríbhinn.

<NO.P>18.</NO.P>I gcomhréir le pointe 12, fleasc 5, cuirfidh Parlaimint na hEorpa an Coimisiún ar an eolas go cuí nuair atá sé ar intinn aici tuarascáil ar thionscnamh reachtach a tharraingt suas ina n-iarrfar togra le haghaidh gníomh de chuid an Aontais de bhun Airteagal 225 CFAE.

Ina dhiaidh sin, iarrfaidh an coiste atá freagrach ar an gCoimisiún malartú tuairimí a dhéanamh maidir leis an dréacht-tuarascáil. Leanfar de mhalartú tuairimí leis an gCoimisiún agus de theachtaireachtaí oifigiúla ón gCathaoirleach chuig Comhaltaí   an Choimisiúin atá freagrach le linn an phróisis ullmhúcháin nuair is iomchuí.

Ag gabháil le haon iarraidh ar thogra le haghaidh gníomh de chuid an Aontais arna déanamh ag Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 225 CFAE, beidh tuarascáil ina sonrófar na cúiseanna a mheasann Parlaimint na hEorpa go bhfuil gá le gníomh de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme, agus aird á tabhairt freisin ar an ualach a bhfuiltear ag súil leis agus ar na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis an ngníomh i dtrácht. Chuige sin, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar a iarraidh ar an gCoimisiún comhairle theicniúil a sholáthar.

Déanfaidh an Coimisiún breithniú pras agus mionsonraithe ar iarrataí ar thograí le haghaidh gníomhartha Aontais arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 225 CFAE, lena n-áirítear tograí chun reachtaíocht atá ann cheana a leasú nó a aisghairm.

Tabharfaidh an Coimisiún freagra ar na hiarrataí sin laistigh de 3 mhí, á lua dó an gníomh iardain atá beartaithe aige a dhéanamh dá réir, trí theachtaireacht shonrach a ghlacadh. Ina dhiaidh sin, féadfar a iarraidh ar an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh sa suí iomlánach chun Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí iardain atá beartaithe aige a dhéanamh, nó féadfaidh an coiste atá freagrach cuireadh a thabhairt dó chuig ceann de na cruinnithe a bheidh aige amach anseo chun an fhaisnéis sin a sholáthar agus chun tuairimí a mhalartú leis an gcoiste.

Agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta agus i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr<FOOTNOTE><FIELD> IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach ar aghaidh tar éis bliain amháin ar a dhéanaí nó áireoidh sé an togra i gClár Oibre na bliana dár gcionn. Arna iarraidh sin, tabharfaidh an Coimisiún an t-eolas is déanaí do Pharlaimint na hEorpa maidir leis an obair ullmhúcháin. Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cúiseanna mionsonraithe, lena n-áirítear i ndáil le haon saincheisteanna arna n-ardú ag na comhreachtóirí maidir le hanailísí a bhaineann le ‘breisluach Eorpach’ agus maidir le ‘costas na neamh-Eorpa’, agus soláthróidh sé, i gcás inarb iomchuí, anailís ar roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

Nuair a chinneann Parlaimint na hEorpa, i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh, treoirthionscadal nó réamhbheart a mholadh i dtaca le hiarraidh ar thogra le haghaidh gníomh de chuid an Aontais a bheith á tharraingt suas nó a bheith glactha ag Parlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 225 CFAE, cuirfidh Parlaimint na hEorpa a togra le haghaidh treoirthionscadal nó réamhbheart chuig an gCoimisiún agus lua speisialta ann faoin nasc chuig an iarraidh arna tarraingt suas nó arna glacadh de bhun Airteagal 225 CFAE.

Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, soláthróidh an Coimisiún saineolas teicniúil agus tacaíocht theicniúil i ndearadh an treoirthionscadail nó an réamhbhirt sin. Ní fhéadfar treoirthionscadail ná réamhbhearta a chur chun feidhme sa bhuiséad ach amháin ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a bhunaítear in Airteagal 58 den Rialachán Airgeadais<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE>.

<NO.P>19.</NO.P>Geallfaidh an Coimisiún freisin go gcomhoibreoidh sé go dlúth agus go luath le Parlaimint na hEorpa ar aon iarrataí maidir le tionscnamh reachtach a thagann ó thionscnaimh shaoránaigh na hEorpa.

<NO.P>20.</NO.P>I gcás ina ndéanfar tionscnaimh, moltaí nó iarrataí ar ghníomhartha reachtacha de bhun Airteagal 289(4) de CFAE, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas, má iarrtar amhlaidh, faoina sheasamh ar na tograí sin os comhair an choiste pharlaimintigh ábhartha.

<NO.P>21.</NO.P>Maidir leis an nós imeachta a bhaineann le hurscaoileadh, beidh feidhm ag na forálacha sonracha a leagtar síos i bpointe 40.

<NO.P>22.</NO.P>Comhaontaíonn an dá Institiúid comhoibriú a dhéanamh lena chéile i réimse an chaidrimh leis na Parlaimintí náisiúnta.

Comhoibreoidh Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún ar chur chun feidhme Phrótacal Uimh. 2 CFAE maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm. Áireofar ar an gcomhoibriú sin socruithe a bhaineann le haon aistriúchán riachtanach ar thuairimí réasúnaithe arna dtíolacadh ag na Parlaimintí náisiúnta.

Nuair a chomhlíontar na tairseacha a luaitear in Airteagal 7 de Phrótacal Uimh. 2 CFAE, déanfaidh an Coimisiún na haistriúcháin ar na tuairimí réasúnaithe uile arna dtíolacadh ag na Parlaimintí náisiúnta a sholáthar i dteannta a sheasaimh ina leith.

<NO.P>23.</NO.P>Déanfaidh an Coimisiún an liosta grúpaí saineolaithe a chuirtear ar bun chun cabhrú leis an gCoimisiún i bhfeidhmiú a chirt tionscnaimh a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa. Déanfar an liosta sin a uasdátú ar bhonn rialta agus cuirfear ar fáil go poiblí é.

Laistigh den chreat seo, déanfaidh an Coimisiún, ar iarraidh shonrach réasúnaithe a fháil ó chathaoirleach an choiste pharlaimintigh inniúil, an coiste sin a chur ar an eolas, i modh cuí, faoi ghníomhaíochtaí agus faoi chomhdhéanamh na ngrúpaí sin.

<NO.P>24.</NO.P>	Beidh idirphlé cuiditheach ann idir an dá Institiúid, trí na sásraí cuí, arb idirphlé é a bhainfidh le ceisteanna maidir le cúrsaí tábhachtacha riaracháin, go háirithe saincheisteanna a bhfuil impleachtaí díreacha acu ar riarachán Pharlaimint na hEorpa féin. Nuair a roinneann an Coimisiún faisnéis leis an gComhairle maidir leis na hábhair sin agus maidir leis na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith acu, déanfar an fhaisnéis sin a roinnt go comhuaineach le Parlaimint na hEorpa.

<NO.P>25.</NO.P>Agus leasuithe ar a Rialacha Nós Imeachta á n-ullmhú aici a dhéanfadh difear do chaidreamh Pharlaimint na hEorpa leis an gCoimisiún, déanfaidh Parlaimint na hEorpa na leasuithe sin a sheoladh chuig an gCoimisiún go tráthúil sula lorgóidh sí a thuairim. Má bhíonn sé ar intinn ag an gCoimisiún tuairim a thabhairt, déanfaidh sé amhlaidh in am trátha roimh an vótáil ar na leasuithe sin sa choiste atá freagrach. Breithneoidh an coiste atá freagrach an tuairim sin agus rachaidh sé i dteagmháil leis an gCoimisiún ar bhealach fóinteach roimh an vótáil sa choiste atá freagrach.

Tabharfar an deis don Chomhalta den Choimisiún atá freagrach as caidreamh idirinstitiúideach tuairimí a mhalartú le Parlaimint na hEorpa i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chreat-Chomhaontaithe, agus ráiteas a dhéanamh sa suí iomlánach roimh an vótáil.

<NO.P>26.</NO.P>I gcás ina n-agraítear rúndacht maidir le haon chuid den fhaisnéis a chuirtear ar aghaidh de bhun an Chreat-Chomhaontaithe seo, déanfar na forálacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm.

<NO.P>(ii)</NO.P><STRING BOLD="on">Comhaontuithe idirnáisiúnta agus méadú</STRING>

<NO.P>27.</NO.P>Chun a chumasú do Pharlaimint na hEorpa an fheidhm atá aici maidir le rialú polaitiúil a fheidhmiú, cuirfear ar an eolas í láithreach agus go hiomlán ag gach céim de chaibidlíocht agus de thabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear an sainmhíniú ar threoracha caibidlíochta. Gníomhóidh an Coimisiún ar shlí ina dtabharfar lánéifeacht dá oibleagáidí faoi Airteagal 218 CFAE, ach ról gach Institiúide á urramú ag an am céanna i gcomhréir le hAirteagal 13(2) CAE.

Déanfaidh an Coimisiún na socruithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chur i bhfeidhm.

<NO.P>28.</NO.P>I gcás ina rachaidh an Coimisiún i mbun caibidlíochta le tríú tíortha maidir le haon mhódúlachtaí le haghaidh comhar idirpharlaiminteach faoi chomhaontú idirnáisiúnta, lorgóidh an Coimisiún tuairimí Pharlaimint na hEorpa agus cuirfidh sé san áireamh iad.

<NO.P>29.</NO.P>I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a mholadh don Chomhairle comhaontú idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go sealadach, cuirfidh sé an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa a luaithe is féidir, agus luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin, agus é á chur san áireamh nach gceadaítear le hAirteagal 218(5) CFAE cur i bhfeidhm sealadach ach amháin nuair is gá sin.

Gan dochar dá cheart tionscnaimh agus lánurraim á tabhairt don chothromaíocht institiúideach, mura rud é go bhfuil údar cuí leis de bharr imthosca eile, nuair a mholann an Coimisiún cinneadh ón gComhairle maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach, molfaidh sé go n-údaróidh an Chomhairle, sa chinneadh sin, don Choimisiún dul ar aghaidh le fógra a thabhairt faoi chur i bhfeidhm sealadach do thríú páirtithe ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann a toiliú a thabhairt faoi Airteagal 218(6) CFAE laistigh de thréimhse réasúnta ama. Sa chás sin, féachfaidh Parlaimint na hEorpa le nós imeachta an toilithe a eagrú ar bhealach lena n-áiritheofar gur féidir an fógra sin a tharchur chuig an tríú páirtí nó chuig na tríú páirtithe sa chomhaontú idirnáisiúnta a luaithe is féidir tar éis ghlacadh an chinnidh ón gComhairle maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach.

<NO.P>30.</NO.P>Déanfaidh  an Coimisiún aon togra arna dhéanamh de bhun Airteagal 218(9) CFAE, agus faoi aon chás ina mbaineann an Coimisiún úsáid as an gcumhachtú a thugtar dó de bhun Airteagal 218(7) CFAE a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa láithreach agus go hiomlán.

<NO.P>31.</NO.P>I bhfianaise Airteagal 13(2) CAE agus chun sreabhadh cothrom faisnéise a áirithiú, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún comhaontuithe idirnáisiúnta neamhcheangailteacha a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi réir chur i bhfeidhm na rialacha maidir le faisnéis rúnda a leagtar amach in Iarscríbhinn II a chur ar aghaidh.

<NO.P>32.</NO.P>Nuair a dhéanann tríú tír iarratas ar aontú do chomhaontú idirnáisiúnta ina bhfuil an tAontas ina pháirtí agus lena n-áirítear an fhéidearthacht do pháirtithe conarthacha agóid a dhéanamh i gcoinne aontachas tríú tír, cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin iarratas sin ag an am céanna leis an gComhairle.

<NO.P>33.</NO.P>	Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 27 a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa sách luath chun go mbeidh ar a cumas a tuairim a thabhairt, más cuí, agus chun go mbeidh ar chumas an Choimisiúin tuairimí Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh a mhéid is féidir. Mar riail ghinearálta<STRING BOLD="on">, </STRING>déanfar an fhaisnéis sin a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa trí na coistí parlaiminteacha atá freagrach agus, i gcás inarb iomchuí, ag suí iomlánach<STRING ITALIC="on">. </STRING>

Geallann Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún go mbunófar nósanna imeachta iomchuí agus coimircí iomchuí maidir le faisnéis rúnda ón gCoimisiún a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn II.

<NO.P>34.</NO.P>Admhaíonn an dá Institiúid, de bharr a ról éagsúil institiúideach go ndéanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas Eorpach i gcaibidlíochtaí idirnáisiúnta, cé is moite de chaibidlíochtaí a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála agus cásanna eile amhail dá bhforáiltear sna Conarthaí.

I gcás ina ndéanann an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas i gcomhdhálacha idirnáisiúnta, éascóidh sé, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, toscaireacht d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh mar bhreathnadóirí i dtoscaireachtaí an Aontais, sa chaoi go bhféadfar í a chur ar an eolas láithreach agus go hiomlán faoi imeachtaí na comhdhála. Geallann an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, toscaireacht Pharlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go córasach maidir le toradh na gcaibidlíochtaí.

Ní fhéadfaidh Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa páirt a ghlacadh go díreach sna caibidlíochtaí sin. Faoi réir na bhféidearthachtaí dlíthiúla, teicniúla agus taidhleoireachta, féadfaidh an Coimisiún stádas breathnadóra a thabhairt dóibh. I gcás diúltú, cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa.

Ina theannta sin, éascóidh an Coimisiún rannpháirtíocht Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa mar bhreathnadóirí sna cruinnithe uile ábhartha a thagann faoina fhreagracht roimh na seisiúin chaibidlíochta agus ina ndiaidh.

<NO.P>35.</NO.P>Faoi na coinníollacha céanna, coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go córasach, agus áiritheoidh sé go mbeidh rochtain, a mhéid is féidir, ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar cuid de thoscaireachtaí an Aontais iad ar chruinnithe, lena n-áirítear, a mhéid is féidir, cruinnithe ullmhúcháin agus comhordúcháin, de chuid comhlachtaí arna gcur ar bun le comhaontuithe idirnáisiúnta iltaobhacha, a bhfuil baint ag an Aontas leo, aon uair a iarrtar ar na comhlachtaí sin cinntí a dhéanamh lena n-éilítear toiliú Pharlaimint na hEorpa nó a bhféadfadh sé go n-éileodh a gcur chun feidhme go nglacfaí gníomhartha dlí i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, nó cinntí lena mbaineann gealltanais shubstainteacha airgeadais ar thaobh an Aontais i leith tríú tíortha.

<NO.P>36.</NO.P>Tabharfaidh an Coimisiún rochtain do thoscaireacht Pharlaimint na hEorpa atá san áireamh i dtoscaireachtaí an Aontais chuig comhdhálacha idirnáisiúnta ionas go mbeidh teacht ag toscaireacht Pharlaimint na hEorpa ar shaoráidí uile thoscaireachtaí an Aontais ar na hócáidí seo, i gcomhréir le prionsabal ginearálta an dea-chomhair idir na hinstitiúidí agus na cúrsaí lóistíochta á gcur san áireamh.

Tráth nach déanaí ná 4 seachtaine roimh thús na comhdhála lena mbaineann, cuirfidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa togra chuig Uachtarán an Choimisiúin i ndáil le toscaireacht ó Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh i dtoscaireacht an Aontais, ar togra é ina sonrófar ceann thoscaireacht Pharlaimint na hEorpa agus an líon Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a bheidh le cur san áireamh. I gcásanna cuí-réasúnaithe, is féidir an spriocam sin a ghiorrú go heisceachtúil.

Beidh an líon Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a áireofar i dtoscaireacht Pharlaimint na hEorpa agus an líon foirne tacaíochta i gcomhréir le méid fhoriomlán thoscaireacht an Aontais.

<NO.P>37.</NO.P>Coimeádfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas faoi dhul chun cinn caibidlíochtaí aontachais agus go háirithe faoi mhórghnéithe agus mórfhorbairtí, ionas go mbeidh sí in ann a cuid tuairimí a thabhairt in am trátha trí na nósanna imeachta parlaiminteacha iomchuí.

<NO.P>38.</NO.P>Nuair a ghlacann Parlaimint na hEorpa moladh ar nithe dá dtagraítear i bpointe 37, de bhun a Rialacha Nós Imeachta, agus nuair a chinneann an Coimisiún, ar chúiseanna tábhachtacha, nach féidir leis tacú leis an moladh sin, míneoidh sé na cúiseanna os comhair Pharlaimint na hEorpa, ag suí iomlánach nó ag an gcéad chruinniú eile den choiste parlaiminteach ábhartha.

<NO.P>(iii)</NO.P><STRING BOLD="on">Cur chun feidhme buiséadach</STRING>

<NO.P>39.</NO.P>Sula ndéantar aon ghealltán airgeadais ag comhdhálacha deontóirí, ar gealltáin iad a mbaineann gealltanais nua airgeadais leo agus a n-éilítear comhaontú ón údarás buiséadach maidir leo, cuirfidh an Coimisiún an t-údarás buiséadach ar an eolas agus scrúdóidh sé tuairimí an údaráis sin. I gcás na ngealltán airgeadais uile, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas faoi fhoinsí airgeadais na ngealltán airgeadais.

<NO.P>40.</NO.P>Maidir leis an urscaoileadh bliantúil a rialaítear le hAirteagal 319 CFAE, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis go léir is gá chun maoirsiú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain i dtrácht a chur ar aghaidh, arna iarraidh sin air chun na críche sin ag cathaoirleach an choiste pharlaimintigh atá freagrach as an nós imeachta maidir le hurscaoileadh de bhun Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa.

Má thagann gnéithe nua chun solais maidir le blianta roimhe sin ar tugadh urscaoileadh ina leith cheana, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis riachtanach go léir ar an ábhar ar aghaidh d’fhonn teacht ar réiteach atá inghlactha ag an dá thaobh.

<NO.P>(iv)</NO.P><STRING BOLD="on">Caidreamh le gníomhaireachtaí díláraithe</STRING>

<NO.P>41.</NO.P>Ba cheart go dtiocfadh ainmnithe don phost mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar ghníomhaireachtaí rialála chuig éisteachtaí coistí parlaiminteacha.

Ina theannta sin, i gcomhthéacs phléití na Meithle Idirinstitiúidí um Ghníomhaireachtaí a cuireadh ar bun i mí an Mhárta 2009, ghlac an Coimisiún<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">,</STRING></STRING> Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cur chuige coiteann maidir le ról agus seasamh na ngníomhaireachtaí díláraithe i dtírdhreach institiúideach an Aontais, ina leagtar amach treoirlínte coiteanna ann maidir le cruthú, struchtúr agus oibriú na ngníomhaireachtaí sin, mar aon le saincheisteanna cistiúcháin, buiséadacha, maoirseachta agus bainistíochta.

<NO.P>IV.</NO.P><STRING BOLD="on">COMHOIBRIÚ MAIDIR LEIS NA NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA AGUS MAIDIR LE PLEANÁIL</STRING>

<NO.P>(i)</NO.P><STRING BOLD="on">Clár Oibre an Choimisiúin agus cláir an Aontais Eorpaigh</STRING>

<NO.P>42.</NO.P>Tionscnóidh an Coimisiún cláir bhliantúla agus ilbhliantúla an Aontais, d’fhonn comhaontuithe idirinstitiúideacha a bhaint amach.

<NO.P>43.</NO.P>Gach bliain, tíolacfaidh an Coimisiún a Chlár Oibre.

<NO.P>44.</NO.P>Comhoibreoidh an dá Institiúid lena chéile i gcomhréir leis an tráthchlár atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

Beidh aird ag an gCoimisiún ar na tosaíochtaí a léireoidh Parlaimint na hEorpa.

Gan dochar dá cheart tionscnaimh, cuirfidh an Coimisiún a oiread sonraí agus is féidir ar fáil maidir leis an méid atá beartaithe faoi gach pointe ina Chlár Oibre, lena n-áirítear na tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha atá beartaithe, agus na hamlínte a bhfuiltear ag súil leo.

<NO.P>45.</NO.P>Tabharfaidh an Coimisiún míniú i gcás nach féidir leis tograí ar leithligh atá ina Chlár Oibre a thabhairt i gcrích don bhliain i dtrácht nó nuair a imíonn sé ón gClár Oibre sin. Geallann an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as an gcaidreamh idirinstitiúideach go dtuairisceoidh sé do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí go rialta, trí achoimre a thabhairt ar chur chun feidhme polaitiúil Chlár Oibre an Choimisiúin don bhliain i dtrácht.

<NO.P>(ii)</NO.P><STRING BOLD="on">Nósanna imeachta maidir le gníomhartha a ghlacadh</STRING>

<NO.P>46.</NO.P>Geallann an Coimisiún na leasuithe ar a chuid tograí reachtacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa a scrúdú go cúramach, d’fhonn iad a chur san áireamh in aon togra leasaithe.

Nuair atá a thuairim á thabhairt ag an gCoimisiún ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa faoi Airteagal 294 CFAE, geallann sé an aird is mó is féidir a thabhairt ar na leasuithe arna nglacadh ar an dara léamh; más rud é go gcinneann sé, ar chúiseanna tábhachtacha agus tar éis don Choláiste an t-ábhar a bhreithniú, gan na leasuithe sin a ghlacadh nó gan tacú leo, míneoidh sé a chinneadh os comhair Pharlaimint na hEorpa, agus ar aon chuma ina thuairim ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa de bhua phointe (c) d’Airteagal 294(7) CFAE.

<NO.P>47.</NO.P>Geallann Parlaimint na hEorpa nach ndéanfaidh sí, le linn di déileáil le tionscnamh arna thíolacadh ag aon cheathrú cuid ar a laghad de na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 76 CFAE, aon tuarascáil a ghlacadh sa choiste ábhartha sula bhfaighidh sí tuairim ón gCoimisiún i ndáil leis an tionscnamh.

Geallann an Coimisiún a thuairim faoin tionscnamh sin a eisiúint tráth nach déanaí ná 10 seachtaine tar éis an tionscnamh a bheith tíolactha.

<NO.P>48.</NO.P>Déanfaidh an Coimisiún míniú mionsonraithe a sholáthar in am trátha sula dtarraingeoidh sé siar aon tograí a bhfuil seasamh léirithe ag Parlaimint na hEorpa cheana féin ina leith ar an gcéad léamh. Má iarrann na coistí parlaiminteacha atá freagrach amhlaidh, freastalóidh an Comhalta inniúil den Choimisiún ar chruinnithe na gcoistí chun plé a dhéanamh ar rún Choláiste na gCoimisinéirí togra a tharraingt siar, i gcomhthéacs malartuithe struchtúrtha idirphlé más féidir.

Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh le hathbhreithniú ar na tograí go léir atá ar feitheamh ag tús théarma oifige nua an Choimisiúin, chun na tograí a dhaingniú go polaitiúil nó chun iad a tharraingt siar, agus aird chuí á tabhairt aige ar na tuairimí arna léiriú ag Parlaimint na hEorpa.

<NO.P>49.</NO.P>Maidir le nósanna imeachta reachtach speisialta nach mór dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ina leith, lena n-áirítear nósanna imeachta eile amhail an ceann sinn a leagtar síos in Airteagal 148 CFAE, déanfaidh an Coimisiún:

<NO.P>(i)</NO.P>bearta a dhéanamh chun rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú ar shlí ina ndéantar tuairimí Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh a mhéid is féidir, go háirithe chun a áirithiú go mbeidh an t-am a bheidh ag teastáil ag Parlaimint na hEorpa chun togra an Choimisiúin a bhreithniú;

<NO.P>(ii)</NO.P>a áirithiú go meabhraítear in am trátha do chomhlachtaí na Comhairle gan teacht ar chomhaontú polaitiúil ar a chuid tograí sula mbeidh a tuairim glactha ag Parlaimint na hEorpa. Iarrfaidh sé go ndéanfar an plé a thabhairt chun críche ag leibhéal aireachta tar éis tréimhse réasúnach ama a bheith tugtha do chomhaltaí na Comhairle chun tuairim Pharlaimint na hEorpa a scrúdú;

<NO.P>(iii)</NO.P>a áirithiú go gcloíonn an Chomhairle leis na rialacha arna bhforbairt ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar rialacha iad lena gceanglaítear go rachfar i gcomhairle athuair le Parlaimint na hEorpa i gcás ina leasaíonn an Chomhairle togra ón gCoimisiún go substaintiúil. Déanfaidh an Coimisiún aon mheabhrúchán don Chomhairle maidir leis an ngá atá le dul i gcomhairle athuair a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa;

<NO.P>(iv)</NO.P>a gheallúint, más iomchuí, togra reachtach ar dhiúltaigh Parlaimint na hEorpa dó a tharraingt siar. Más rud é, ar chúiseanna tábhachtacha agus tar éis do Choláiste na gCoimisinéirí an t-ábhar a bhreithniú, go gcinneann an Coimisiún a thogra a choimeád ar marthain, míneoidh sé na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin i ráiteas os comhair Pharlaimint na hEorpa.

<NO.P>50.</NO.P>Déanfaidh an Coimisiún obair leantach chuí ar iarrataí ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa cruinniú idirinstitiúideach a thionól de bhun Airteagal 324 CFAE.

<NO.P>51.</NO.P>Óna taobh féin de, chun an phleanáil reachtach a fheabhsú, geallann Parlaimint na hEorpa:

<NO.P>(i)</NO.P>na ranna reachtacha dá cláir oibre a phleanáil, á dtabhairt i gcomhréir le Clár Oibre reatha an Choimisiúin agus leis na rúin atá glactha aici ar an gclár sin, go háirithe d’fhonn feabhas a chur ar phleanáil na ndíospóireachtaí tosaíochta;

<NO.P>(ii)</NO.P>spriocamanna réasúnacha a chomhlíonadh, a mhéid atá fónta don nós imeachta, le linn a seasamh a ghlacadh ar an gcéad léamh faoin ngnáthnós imeachta reachtach nó le linn a tuairim a ghlacadh faoin nós imeachta comhairliúcháin;

<NO.P>(iii)</NO.P>a luaithe a ghlactar Clár Oibre an Choimisiúin, rapóirtéirí a cheapadh ar thograí atá le bheith ann, a mhéid is féidir sin;

<NO.P>(iv)</NO.P>iarrataí ar athchomhairliúchán a bhreithniú mar ábhar fíorthosaíochta ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis riachtanach go léir curtha ar aghaidh chuici.

<NO.P>52.</NO.P>Meabhraíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún, gan dochar d’aon nósanna imeachta eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, nach féidir dul ar iontaoibh Airteagal 122 CFAE ach amháin ar bhonn eisceachtúil agus faoi na coinníollacha dochta a leagtar amach san fhoráil sin.

Geallann an Coimisiún go soláthróidh sé gan mhoill bonn cirt cuimsitheach agus faisnéis chuimsitheach maidir leis na cásanna eisceachtúla agus éigeandála i gcás ina bhfuil na tograí ón gCoimisiún bunaithe ar Airteagal 122 CFAE.

Aon uair a d’fhéadfadh impleachtaí suntasacha a bheith ag an ngníomh dlí atá beartaithe ar bhuiséad an Aontais, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach sa Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le grinnscrúdú buiséadach ar thograí nua bunaithe ar Airteagal 122 CFAE a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith acu ar bhuiséad an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 5.</FIELD></FOOTNOTE>, a síníodh an 16 Nollaig 2020.

Ar a luaithe, 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh dlí atá bunaithe ar Airteagal 122 CFAE, agus ag eatraimh iomchuí ina dhiaidh sin, déanfaidh an Comhalta den Choimisiún atá freagrach, arna iarraidh sin d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, tuairisciú ar chur chun feidhme an ghnímh dlí lena mbaineann, lena n-áirítear measúnú ar an ngníomh dlí.

<NO.P>53.</NO.P>I gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar fhorbairtí gan choinne, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa cinneadh práinneach a dhéanamh maidir le togra.

Déanfar an iarraidh sin i scríbhinn agus tacófar léi le cúiseanna ina bhfuil an bonn cirt atá leis an iarraidh agus léiriú ar na hamlínte a cheanglaítear leis an dlí, i gcás inarb ábhartha.

Roimh an vótáil ar an iarraidh ar nós imeachta práinne, tabharfar an deis don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, ráiteas a dhéanamh sa suí iomlánach chun a iarraidh a mhíniú.

<NO.P>54.</NO.P>Cinnteoidh an Coimisiún go seolfar a mheasúnuithe tionchair faoina fhreagracht trí nós imeachta trédhearcach lena ráthaítear measúnú neamhspleách. Foilseofar measúnuithe tionchair in am trátha, agus roinnt cúinsí éagsúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear rogha ‘gan aon ní a dhéanamh’ agus, i bprionsabal, tíolacfar os comhair an choiste pharlaimintigh ábhartha iad le linn na céime a bhaineann le faisnéis a sholáthar do na Parlaimintí náisiúnta faoi Phrótacal Uimh. 1 agus faoi Phrótacal Uimh. 2 CFAE.

<NO.P>55.</NO.P>I réimsí ina bhfuil ról ag Parlaimint na hEorpa sa phróiseas reachtach de ghnáth, bainfidh an Coimisiún úsáid as dlí bog, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cuí-réasúnaithe, tar éis deis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa a tuairimí a chur in iúl. Soláthróidh an Coimisiún míniú mionsonraithe do Pharlaimint na hEorpa maidir le conas a cuireadh a tuairimí san áireamh nuair a ghlacann sé togra.

<NO.P>56.</NO.P>Chun faireachán níos fearr ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais a áirithiú, féachfaidh an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa le táblaí comhghaoil éigeantacha agus teorainn ama ceangailteach don trasuí, ar teorainn ama í nár cheart a bheith níos faide na 2 bhliain de ghnáth i gcás treoracha, a chur san áireamh.

I dteannta tuarascálacha sonracha agus na tuarascála bliantúla maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais, déanfaidh an Coimisiún faisnéis achomair a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa maidir leis na nósanna imeachta um shárú go léir ón litir fógra fhoirmiúil, lena n-áirítear, má iarrann Parlaimint na hEorpa amhlaidh, ar bhonn gach cáis ar leithligh agus na rialacha rúndachta á n-urramú, go háirithe na cinn arna n-aithint ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faisnéis achomair maidir leis na saincheisteanna a mbaineann an nós imeachta um shárú leo.

<NO.P>V.</NO.P><STRING BOLD="on">RANNPHÁIRTÍOCHT AN CHOIMISIÚIN IN IMEACHTAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA</STRING>

<NO.P>57.</NO.P>Beidh an Coimisiún i láthair, arna iarraidh sin dó, ag na suíonna iomlánacha nó ag cruinnithe eile de Pharlaimint na hEorpa.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh Comhaltaí an Choimisiúin i láthair ag suíonna iomlánacha chun míreanna ar an gclár oibre a thagann faoina bhfreagracht a chumhdach nó ar iarraidh shonrach ó Pharlaimint na hEorpa mar chuid dá feidhm formhaoirseachta polaitiúla, ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí ann gan freastal orthu. I gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar imthosca sonracha míre ar an gclár oibre, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh go mbeadh Comhalta sonrach den Choimisiún i láthair sa suí iomlánach.

I gcás ina ndéanfar athruithe ar chláir oibre an tseisiúin iomlánaigh, déanfaidh an Coimisiún gach iarracht ionadaíocht iomchuí a áirithiú a chomhfhreagraíonn do na míreanna ar an gclár oibre.

Féachfaidh Parlaimint na hEorpa lena chinntiú, mar riail ghinearálta, go ndéanfar míreanna den chlár oibre sna páirtseisiúin a thagann faoi fhreagracht Comhalta áirithe den Choimisiún a ghrúpáil le chéile. I gcás ina molann an Coimisiún am ar leith do mhír ar an gclár oibre chun freastal an Chomhalta fhreagraigh den Choimisiún a éascú, féachfaidh Parlaimint na hEorpa le freastal ar an iarraidh sin.

<NO.P>58.</NO.P>I gcás gach páirtseisiúin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Choimisiún freastal ar Thráth na gCeisteanna ar théama amháin nó níos mó ar feadh tréimhse suas le 90 nóiméad, arna gcinneadh ag Comhdháil na nUachtarán ar an Déardaoin roimh an bpáirtseisiún ábhartha ar a dhéanaí. Na Comhaltaí den Choimisiún a bheidh rannpháirteach i dTráth na gCeisteanna, beidh punann acu a bhaineann leis an téama a gcuirfear ceisteanna ina leith faoina mbráid.

Féadfar Tráth na gCeisteanna a thionól freisin, le hUachtarán an Choimisiúin ar chuireadh a fháil ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

<NO.P>59.</NO.P>Tabharfar éisteacht do Chomhaltaí den Choimisiún nuair a iarrann siad sin.

Gan dochar d’Airteagal 230 CFAE, comhaontóidh an dá Institiúid rialacha ginearálta maidir le dáileadh an ama labhartha idir na hInstitiúidí.

Comhaontaíonn an dá Institiúid gur cheart an t-am labhartha a dháiltear orthu go táscach a urramú.

<NO.P>60.</NO.P>D’fhonn a chinntiú go mbeidh Comhaltaí an Choimisiúin i láthair, geallann Parlaimint na hEorpa a dícheall a dhéanamh gan athruithe a dhéanamh ar na dréachtaí críochnaitheacha dá clár oibre.

I gcás ina leasaíonn Parlaimint na hEorpa an dréacht críochnaitheach dá clár oibre, nó i gcás ina n-aistríonn sí ionad míreanna sa chlár oibre laistigh de pháirtseisiún, cuirfidh Parlaimint na hEorpa an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach. Déanfaidh an Coimisiún gach iarracht chun a chinntiú go mbeidh an Comhalta den Choimisiún atá freagrach i láthair.

<NO.P>61.</NO.P>Féadfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná cruinniú Chomhdháil na nUachtarán a chinneann an dréacht críochnaitheach de chlár oibre páirtseisiúin, a mholadh go gcuirfear míreanna áirithe san áireamh sa chlár oibre. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa lánaird ar na moltaí sin.

<NO.P>62.</NO.P>Féachfaidh coistí parlaiminteacha lena chinntiú nach ndéantar aon athrú ar na dréachtaí dá gcláir oibre ná ar a gcláir oibre.

Aon uair a leasaíonn coiste parlaiminteach an dréacht dá chlár oibre nó a chlár oibre, cuirfear an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach. Go háirithe, féachfaidh na coistí parlaiminteacha le spriocam réasúnach a urramú chun deis a thabhairt do Chomhaltaí an Choimisiúin a bheith i láthair ag a gcruinnithe.

<NO.P>63.</NO.P>Déanfaidh Comhaltaí an Choimisiúin agus Cathaoirligh a gcoistí parlaiminteacha comhfhreagracha sceideal bliantúil a bhunú le chéile maidir lena dteacht i láthair sna coistí a chomhfhreagraíonn dá bpunann le haghaidh idirphlé struchtúrtha agus malartuithe eile.

<NO.P>64.</NO.P>Nuair a iarrfar sin orthu, freastalóidh Comhaltaí den Choimisiún ar chruinnithe na gcoistí parlaiminteacha chun saincheisteanna a bhaineann le comhaid shonracha nó le cur chun feidhme ghníomhartha agus chláir an Aontais a phlé, nó chun faisnéis maidir le nithe ar ábhair imní iad a sholáthar don choiste, ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí ann gan freastal orthu.

I gcás nach n-éilítear go sonrach ar Chomhalta den Choimisiún a bheith i láthair ag cruinniú de choiste parlaiminteach, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh oifigeach ardchéime ionadaíocht air, ar oifigeach é atá in ann freagraí substainteacha a thabhairt ar cheisteanna ó chomhaltaí an choiste.

<NO.P>65.</NO.P>Nuair a iarrfaidh an coiste faisnéis i scríbhinn go tráthúil, tabharfaidh an Coimisiún freagra in am chun go gcuirfear san áireamh í agus seasamh Pharlaimint na hEorpa á ullmhú. Féachfaidh an coiste lena áirithiú nach ndéanfar dúbláil le hiarrataí i scríbhinn ar ábhair ar tugadh aghaidh orthu cheana i gcomhthéacs idirphlé struchtúrtha nó malartú tuairimí le Comhaltaí den Choimisiún.

<NO.P>66.</NO.P>Féachfaidh coistí parlaiminteach lena n-obair a chomhordú, lena n-áirítear cruinnithe comhthreomhara ar an tsaincheist chéanna a sheachaint, agus gan imeacht ón dréachtchlár oibre, sa chaoi gur féidir leis an gCoimisiún leibhéal cuí ionadaíochta a chinntiú.

Má iarradh ar oifigeach ardleibhéil (Ard-Stiúrthóir nó Stiúrthóir) a bheith i láthair ag cruinniú coiste a bheidh ag déileáil le togra ón gCoimisiún, beidh cead ag ionadaí an Choimisiúin idirghabháil a dhéanamh.

<NO.P>VI.</NO.P><STRING BOLD="on">FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA </STRING>

<NO.P>67.</NO.P>Daingníonn an Coimisiún a thiomantas i leith scrúdú a dhéanamh a luaithe agus is féidir ar na gníomhartha reachtacha nár oiriúnaíodh don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an gá na hionstraimí sin a oiriúnú do réimeas na ngníomhartha tarmligthe arna thabhairt isteach le hAirteagal 290 CFAE.

Mar sprioc dheireanach, ba cheart córas comhleanúnach gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, agus é i gcomhréir go hiomlán leis an gConradh, a bhaint amach trí mheasúnú forásach a dhéanamh ar chineál agus inneachar na mbeart atá faoi réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú faoi láthair, chun iad a oiriúnú in am trátha don réimeas a leagtar síos in Airteagal 290 CFAE.

<NO.P>68.</NO.P>Comhlánaíonn forálacha an Chreat-Chomhaontaithe seo an Comhaontú Idirinstitiúideach ar reachtóireacht níos fearr gan difear a dhéanamh dó agus tá siad gan dochar d’aon athbhreithniú eile air.

Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún go bhfuil gá leis an sásra teagmhála idirinstitiúideach atá ann faoi láthair, ar leibhéal polaitiúil agus teicniúil, a neartú i ndáil le reachtóireacht níos fearr, ionas go n-áiritheofar comhar éifeachtach idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus an Chomhairle.

<NO.P>69.</NO.P>Geallann an Coimisiún cláir bhliantúla agus ilbhliantúla an Aontais a thionscnamh d’fhonn comhaontuithe idirinstitiúideacha a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 17 CAE.

<NO.P>70.</NO.P>	Le linn gach téarma pharlaimintigh, comhaontóidh an dá Institiúid i gcoitinne i dtaobh ar cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chreat-Chomhaontaithe seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

Arna dhéanamh i/in/sa …,

<STRING ITALIC="on">Thar ceann Pharlaimint na hEorpa	Thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh</STRING>

<STRING ITALIC="on">An tUachtarán	An tUachtarán</STRING>
</ANNEX><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN I</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">Cruinnithe an Choimisiúin le saineolaithe náisiúnta</STRING></STI>
San Iarscríbhinn seo, leagtar síos na modúlachtaí maidir le cur chun feidhme phointe 16 den Chreat-Chomhaontú.

<NO.P>1.</NO.P><STRING BOLD="on">Raon feidhme</STRING>

Baineann forálacha phointe 16 den Chreat-Chomhaontú leis na cruinnithe seo a leanas:

<NO.P>(1)</NO.P>cruinnithe de chuid an Choimisiúin a thionóltar laistigh de chreat na ngrúpaí saineolaithe arna mbunú ag an gCoimisiún, ar cruinnithe iad a n-iarrtar ar údaráis náisiúnta ó na Ballstáit uile freastal orthu, i gcás ina mbaineann siad le hullmhú agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear dlí bog agus gníomhartha tarmligthe;

<NO.P>(2)</NO.P>cruinnithe <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> de chuid an Choimisiúin a n-iarrtar ar shaineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit uile freastal orthu, i gcás ina mbaineann siad le hullmhú agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear dlí bog agus gníomhartha tarmligthe.

Tá cruinnithe de chuid coistí coisteolaíochta eisiata, ach sin gan dochar do shocruithe sonracha atá ann cheana agus a bheidh ann sa todhchaí agus a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Pharlaimint i ndáil le feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1</STRING> Déantar an fhaisnéis a bheidh le soláthar don Pharlaimint maidir le hobair na gcoistí coisteolaíochta agus maidir le sainchumais na Parlaiminte i dtaca le hoibriú nósanna imeachta coisteolaíochta a shainiú go soiléir in ionstraimí eile: (1) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj); (2) comhaontú idirinstitiúideach an 3 Meitheamh 2008 idir an Pharlaimint agus an Coimisiún ar nósanna imeachta coisteolaíochta (IO C 143, 10.6.2008, lch. 1); agus (3) na hionstraimí is gá maidir le cur chun feidhme Airteagal 291 CFAE.</FIELD></FOOTNOTE>.

<NO.P>2.</NO.P><STRING BOLD="on">Faisnéis a bheidh le tarchur chuig an bParlaimint</STRING>

Geallann an Coimisiún na doiciméid chéanna a sheolann sé chuig údaráis náisiúnta maidir leis na cruinnithe thuasluaite a sheoladh chuig an bParlaimint. Tarchuirfidh an Coimisiún na doiciméid sin, lena n-áirítear cláir oibre, chuig bosca ríomhphoist feidhmiúil na Parlaiminte ag an am céanna a sheoltar chuig na saineolaithe náisiúnta iad.

<NO.P>3.</NO.P><STRING BOLD="on">Cuireadh a thabhairt do shaineolaithe na Parlaiminte</STRING>

Tar éis iarraidh a fháil ón bParlaimint, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an bParlaimint saineolaithe na Parlaiminte a chur chuig cruinnithe de chuid an Choimisiúin le saineolaithe náisiúnta mar a shainaithnítear i bpointe 1 iad.

<FIGDATA FILENAME="20260311-P10_TA(2026)0069_GA-p0000002.png" HEIGHT="1" PREV.TYPE="PNG" WIDTH="77"/>
</ANNEX><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN II</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">Faisnéis rúnda a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa</STRING></STI>
<NO.P>1.</NO.P><STRING BOLD="on">Raon feidhme</STRING>

<NO.P>1.1.</NO.P>Leis an Iarscríbhinn seo, déanfar rialú ar fhaisnéis rúnda ón gCoimisiún a chuirfear ar aghaidh chuig an bParlaimint agus láimhseáil faisnéise rúnda, mar a shainmhínítear i bpointe 1.2., i dtaca le feidhmiú shainchumais agus inniúlachtaí na Parlaiminte. Gníomhóidh an dá Institiúid i gcomhréir lena ndualgais fhrithpháirteacha i leith comhar dílis, de mheon lán-iontaofachta frithpháirtí agus, go feadh an méid is mó is féidir, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha.

<NO.P>1.2.</NO.P>Ciallóidh ‘faisnéis’ aon fhaisnéis i scríbhinn nó ó bhéal, is cuma cén meán ina bhfuil sé agus cé hé nó cé hí an t-údar.

<NO.P>1.2.1.</NO.P>Ciallóidh ‘faisnéis rúnda’ ‘faisnéis rúnaicmithe AE’ (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe (SNC), mar a shainmhínítear i bpointe 1.2.2. agus i bpointe 1.2.3.

<NO.P>1.2.2.</NO.P>Ciallóidh ‘faisnéis AE atá rúnaicmithe mar fhaisnéis rúnda’ (FRAE) aon fhaisnéis agus ábhar, atá aicmithe mar ‘TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET’, ‘SECRET UE/EU SECRET’, ‘CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL’ nó ‘RESTREINT UE/EU RESTRICTED’nó ar a bhfuil marcálacha coibhéiseacha aicmiúcháin náisiúnta nó idirnáisiúnta, a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith ina chúis le leibhéil éagsúla dochair do leasanna an Aontais, nó do Bhallstát amháin nó níos mó, cibé acu a thionscnaíonn an fhaisnéis sin laistigh den Aontas nó a fhaightear í ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

<NO.P>(a)</NO.P>TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET: ní chuirfear an t-aicmiúchán seo i bhfeidhm ach amháin maidir le faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith ina chúis le dochar thar a bheith tromchúiseach a dhéanamh do leasanna bunriachtanacha an Aontais nó do leasanna bunriachtanacha aon cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

<NO.P>(b)</NO.P>SECRET UE/EU SECRET: ní chuirfear an t-aicmiúchán seo i bhfeidhm ach amháin maidir le faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leasanna bunriachtanacha an Aontais nó do leasanna bunriachtanacha aon cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

<NO.P>(c)</NO.P>CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL: cuirfear an t-aicmiúchán seo i bhfeidhm maidir le faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith díobháil a dhéanamh do leasanna bunriachtanacha an Aontais nó do leasanna bunriachtanacha aon cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

<NO.P>(d)</NO.P>RESTREINT UE/EU RESTRICTED: cuirfear an t-aicmiúchán seo i bhfeidhm maidir le faisnéis agus ábhar a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith míbhuntáisteach do leasanna an Aontais nó do leasanna aon cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

<NO.P>1.2.3.</NO.P>Ciallóidh ‘faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe (SNC)’ aon fhaisnéis nó ábhar seachas FRAE nach mór a chosaint mar gheall ar oibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos sna Conarthaí nó i ngníomhartha arna nglacadh chun iad a chur chun feidhme nó mar gheall ar a íogaireacht, lena n-áirítear faisnéis a chumhdaítear le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla.

<NO.P>1.3.</NO.P>I gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne seo, déanfaidh an Coimisiún faisnéis FRAE agus SNC a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint go tráthúil chun a chur ar chumas na Parlaiminte a ról faoi na Conarthaí a fheidhmiú. Déanfaidh sé amhlaidh ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin dó, ar iarraidh í ba cheart a dhéanamh go tráthúil, ó cheann de na comhlachtaí parlaiminteacha nó de na sealbhóirí oifige a luaitear i bpointe 1.4.

<NO.P>1.4.</NO.P>I gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo, féadfaidh siad seo a leanas faisnéis FRAE agus SNC a iarraidh ar an gCoimisiún:

<NO.P>–</NO.P>Uachtarán na Parlaiminte,

<NO.P>–</NO.P>cathaoirligh na gcoistí parlaiminteacha lena mbaineann,

<NO.P>–</NO.P>an Biúró agus Comhdháil na nUachtarán, agus

<NO.P>–</NO.P>ceannaire thoscaireacht na Parlaiminte atá san áireamh i dtoscaireacht an Aontais ag comhdháil idirnáisiúnta.

<NO.P>1.5.</NO.P>Eisiafar ó raon feidhme na hIarscríbhinne seo faisnéis maidir le nósanna imeachta um shárú agus nósanna imeachta a bhaineann le hiomaíocht, a mhéid nach gcumhdaítear iad le cinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún nó le breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an dáta a fhaightear an iarraidh ó cheann de na comhlachtaí parlaiminteacha/sealbhóirí oifige a luaitear i bpointe 1.4, nó le breithnithe a bhaineann le cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Tá an méid sin gan dochar do phointe 56 den Chreat-Chomhaontú agus do chearta rialaithe buiséid na Parlaiminte.

<NO.P>1.6.</NO.P>Beidh feidhm ag na forálacha seo gan dochar do Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir leis na forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO L 113, 19.5.1995, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1995/167/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus gan dochar do na forálacha ábhartha de Chinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 136, 31.5.1999, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/352/oj.</FIELD></FOOTNOTE>.

<NO.P>2.</NO.P><STRING BOLD="on">Rialacha ginearálta</STRING>

<NO.P>2.1.</NO.P>Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le pointe 1.3., aon fhaisnéis FRAE agus SNC is gá chun sainchumais agus inniúlachtaí na Parlaiminte a fheidhmiú a chur ar aghaidh le gach dithneas cuí chuig an bParlaimint. I gcomhréir lena gcumhachtaí agus a bhfreagrachtaí faoi seach, urramóidh an dá Institiúid na nithe seo a leanas:

<NO.P>–</NO.P>cearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear an ceart ar thriail chothrom agus an ceart ar chosaint na príobháideachta;

<NO.P>–</NO.P>forálacha lena rialaítear nósanna imeachta breithiúnacha agus araíonachta;

<NO.P>–</NO.P>cosaint na rúndachta gnó agus an chaidrimh tráchtála;

<NO.P>–</NO.P>cosaint leasanna an Aontais, go háirithe na leasanna sin a bhaineann le sábháilteacht an phobail, cosaint, caidreamh idirnáisiúnta, cobhsaíocht airgeadaíochta agus leasanna airgeadais.

I gcás easaontais, tarchuirfear an t-ábhar chuig Uachtaráin an dá Institiúid ionas go bhféadfaidh siad an díospóid a réiteach.

Ní dhéanfar faisnéis FRAE agus faisnéis SNC a thagann ó Bhallstát, ó institiúid eile, ó eagraíocht idirnáisiúnta nó ó thríú tír a chur ar aghaidh, a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú ach amháin lena dtoiliú.

<NO.P>2.2.</NO.P>Déanfar faisnéis FRAE agus SNC a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint agus láimhseálfaidh agus cosnóidh an Pharlaimint í i gcomhréir le híoschaighdeáin chomhchoiteanna slándála arna gcur i bhfeidhm ag an dá Institiúid.

Agus faisnéis arb é an Coimisiún an tionscnóir ina leith á haicmiú aige, áiritheoidh sé go gcuirfidh sé na leibhéil iomchuí aicmiúcháin i bhfeidhm i gcomhréir le caighdeáin agus sainmhínithe idirnáisiúnta agus i gcomhréir lena rialacha inmheánacha, agus aird chuí á tabhairt aige ag an am céanna ar an ngá go mbeadh an Pharlaimint in ann rochtain a fháil ar FRAE chun a hinniúlachtaí agus a sainchumais a fheidhmiú go héifeachtach.

<NO.P>2.3.</NO.P>I gcás ina bhfuil aon amhras ann faoi chineál rúnda míre faisnéise nó faoin leibhéal iomchuí aicmiúcháin ina leith, nó i gcás inar gá na socruithe iomchuí a leagan síos chun í a chur ar aghaidh i gcomhréir le ceann de na roghanna a leagtar amach i bpointe 3.2., rachaidh an dá Institiúid i gcomhairle lena chéile gan mhoill agus sula dtarchuirfear an doiciméad. Le linn an chomhairliúcháin sin, déanfaidh cathaoirleach an chomhlachta pharlaimintigh lena mbaineann ionadaíocht ar an bParlaimint agus, i gcás inar gá, beidh an rapóirtéir nó an sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh in éineacht leis an gcathaoirleach sin. Déanfaidh an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as an réimse sin ionadaíocht ar an gCoimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhalta den Choimisiún atá freagrach as cúrsaí slándála. I gcás easaontais, tarchuirfear an t-ábhar chuig Uachtaráin an dá Institiúid ionas go bhféadfaidh siad an díospóid a réiteach.

<NO.P>2.4.</NO.P>Más rud é, ag deireadh an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe 2.3., nach dtagtar ar chomhaontú, déanfaidh Uachtarán na Parlaiminte, mar fhreagra ar iarraidh réasúnaithe ón gcomhlacht parlaiminteach/sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh, a iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis FRAE agus SNC atá i dtrácht a chur ar aghaidh laistigh den sprioc-am iomchuí a léireofar go cuí, agus roghnófar na socruithe as measc na roghanna a leagtar síos i bpointe 3.2. den Iarscríbhinn seo. Sula rachaidh an sprioc-am sin in éag, cuirfidh an Coimisiún a sheasamh críochnaitheach in iúl don Pharlaimint i scríbhinn, agus forchoimeádann an Pharlaimint an ceart, más iomchuí sin, a ceart chun sásamh a lorg a fheidhmiú ina leith.

<NO.P>2.5.</NO.P>Tabharfar rochtain ar FRAE i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le himréiteach slándála pearsanra.

<NO.P>2.5.1.</NO.P>Ní fhéadfar rochtain ar fhaisnéis atá rúnaicmithe mar ‘TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET’, ‘SECRET UE/EU SECRET’ agus ‘CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL’ a dheonú ach amháin d’oifigigh, do bhaill foirne shealadacha agus do bhaill foirne ar conradh atá ag obair san Ardrúnaíocht nó i ngrúpa polaitiúil den Pharlaimint agus do shaineolaithe náisiúnta ar iasacht a bhfuil fíorghá acu leis an bhfaisnéis sin, atá ainmnithe mar dhaoine ar gá dóibh a bheith ar an eolas faoin bhfaisnéis agus a bhfuil imréiteach slándála iomchuí tugtha dóibh.

<NO.P>2.5.2.</NO.P>I bhfianaise shainchumais agus inniúlachtaí na Parlaiminte, féadfaidh Uachtarán na Parlaiminte rochtain ar fhaisnéis <STRING ITALIC="on">CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL</STRING> a dheonú d’Fheisire nach soláthraítear rochtain dó nó di de bhua a fheidhme nó a feidhme i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit inar toghadh an Feisire agus nach féidir leis nó léi imréiteach slándála iomchuí a fháil mar gheall ar easpa nós imeachta den sórt sin sa Bhallstát inar toghadh an Feisire, tar éis don Fheisire sin dearbhú sollúnta a shíniú gan an fhaisnéis sin a nochtadh d’aon tríú duine, agus ar choinníoll nach bhfuil faisnéis faighte ag an bParlaimint ó Údarás Slándála Náisiúnta inniúil a chomhairlíonn gan an rochtain sin a dheonú.

Tabharfar rochtain ar fhaisnéis ‘SECRET UE/EU SECRET’ d’Fheisirí ar tugadh imréiteach slándála iomchuí dóibh nó a dtugtar rochtain ar FRAE dóibh de bhua a bhfeidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

<NO.P>2.5.3.</NO.P>Déanfar sonraí maidir leis an gcatagóir nó na catagóirí daoine a n-iarrtar rochtain ar fhaisnéis FRAE agus SNC ina leith a chur in iúl i gcomhthráth leis an iarraidh.

Sula dtabharfar rochtain dóibh ar an bhfaisnéis sin, cuirfear gach duine ar an eolas faoin leibhéal rúndachta lena mbaineann agus na hoibleagáidí slándála iarmhartacha mar thoradh air sin.

<NO.P>3.</NO.P><STRING BOLD="on">Socruithe maidir le rochtain ar fhaisnéis FRAE agus SNC agus maidir lena láimhseáil</STRING>

<NO.P>3.1</NO.P>Déanfar FRAE arna chur ar aghaidh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i bpointe 2.2., 2.3 agus, i gcás inarb iomchuí, i bpointe 2.4 a chur ar fáil, faoi fhreagracht an Uachtaráin nó Comhalta den Choimisiún, don chomhlacht parlaiminteach/sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh, i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

Áiritheoidh an Pharlaimint agus an Coimisiún go ndéanfar FRAE a thaifeadadh nó a chlárú chun a inrianaitheacht a áirithiú.

Go sonrach, déanfar FRAE atá rúnaicmithe mar ‘CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL’ agus ‘SECRET UE/EU SECRET’ a chur ar aghaidh ó chlárlann inniúil FRAE an Choimisiúin chuig Clárlann FRAE na Parlaiminte, a bheidh freagrach as é a chur ar fáil don chomhlacht parlaiminteach/sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh.

Beidh cur ar aghaidh FRAE atá rúnaicmithe mar ‘TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET’ faoi réir socruithe breise, arna gcomhaontú idir an Coimisiún agus an comhlacht parlaimintach/sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh, ar socruithe iad a bheidh dírithe ar leibhéal cosanta atá i gcomhréir leis an aicmiúchán sin a áirithiú.

<NO.P>3.2.</NO.P>Gan dochar d’fhorálacha phointí 2.2., 2.3. agus 2.<STRING STRIKE="on">4</STRING>., déanfar rochtain agus na socruithe atá ceaptha chun rúndacht na faisnéise a chaomhnú a leagan síos de thoil a chéile sula gcuirfear an fhaisnéis ar aghaidh. Leis an gcomhaontú sin idir an Comhalta den Choimisiún atá freagrach as an réimse beartais lena mbaineann agus an comhlacht parlaiminteach (arna ionadú ag a chathaoirleach/sealbhóir oifige a thíolaic an iarraidh), déanfar foráil go háirithe maidir le roghnú ceann amháin de na roghanna a leagtar amach i bpointe 3.2.1. agus i bpointe 3.2.2. chun an leibhéal iomchuí rúndachta a áirithiú.

<NO.P>3.2.1.</NO.P>Maidir le seolaithe FRAE, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le ceann amháin de na roghanna seo a leanas:

<NO.P>–</NO.P>i gcásanna a mbeidh údar maith leo ar fhorais fhíoreisceachtúla, faisnéis atá beartaithe d’Uachtarán na Parlaiminte amháin;

<NO.P>–</NO.P>an Biúró agus/nó Comhdháil na nUachtarán;

<NO.P>–</NO.P>cathaoirleach agus rapóirtéir an choiste ábhartha pharlaimintigh;

<NO.P>–</NO.P>comhaltaí uile (lánchomhaltaí agus comhaltaí ionaid) an choiste ábhartha pharlaimintigh;

<NO.P>–</NO.P>Feisirí uile Pharlaimint na hEorpa.

Ní fhéadfar faisnéis atá rúnaicmithe mar <STRING ITALIC="on">CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL</STRING> nó os a chionn sin a fhoilsiú ná a chur ar aghaidh chuig aon seolaí eile gan toiliú an Choimisiúin.

Ní fhéadfar faisnéis atá rúnaicmithe mar <STRING ITALIC="on">RESTREINT UE/EU RESTRICTED</STRING> a fhoilsiú gan toiliú ón gCoimisiún.

Gan dochar don abairt dheireanach de phointe 2.1., féadfar faisnéis atá rúnaicmithe mar <STRING ITALIC="on">RESTREINT UE/EU RESTRICTED</STRING> a chur ar aghaidh laistigh den Pharlaimint chuig Feisirí, oifigigh, baill foirne shealadacha agus baill foirne ar conradh atá ag obair san Ardrúnaíocht nó i ngrúpa polaitiúil den Pharlaimint agus chuig saineolaithe náisiúnta ar iasacht ar tugadh faisnéis iomchuí dóibh agus ar gá dóibh a bheith ar an eolas.

Cuirfidh an Pharlaimint an Coimisiún ar an eolas faoi na catagóirí daoine a bhfuil rochtain faighte acu ar fhaisnéis atá rúnaicmithe mar <STRING ITALIC="on">RESTREINT UE/EU RESTRICTED</STRING>. Coimeádfaidh an Pharlaimint taifead ar na daoine a fuair rochtain ar FRAE.

<NO.P>3.2.2.</NO.P>Maidir leis na socruithe chun FRAE a láimhseáil, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na roghanna seo a leanas:

<NO.P>(a)</NO.P>scrúdú ar fhaisnéis i Limistéar Daingnithe má tá an fhaisnéis rúnaicmithe mar ‘CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL’ agus os a chionn sin;

<NO.P>(b)</NO.P>an cruinniú a thionól i seomra iata, gan bheith i láthair ach comhaltaí an Bhiúró, comhaltaí Chomhdháil na nUachtarán nó lánchomhaltaí agus comhaltaí ionaid an choiste inniúil pharlaimintigh, chomh maith le hoifigigh, baill foirne shealadacha agus baill foirne ar conradh atá ag obair san Ardrúnaíocht nó i ngrúpa polaitiúil den Pharlaimint agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus a bheidh ainmnithe roimh ré ag an gcathaoirleach mar dhaoine ar gá dóibh a bheith ar an eolas faoin bhfaisnéis agus a bhfuil géarghá lena láithreacht, ar choinníoll go dtugtar dóibh an leibhéal imréitigh slándála is gá, agus na coinníollacha seo a leanas á gcur san áireamh:

<NO.P>–</NO.P>déanfar aon doiciméid a uimhriú, a dháileadh ag tús an chruinnithe agus a bhailiú arís ag an deireadh. Ní fhéadfar aon nótaí a thógáil maidir leis na doiciméid sin ná aon fhótachóipeanna a dhéanamh díobh;

<NO.P>–</NO.P>ní dhéanfar an plé ar an mír a tógadh faoin nós imeachta rúndachta a lua i miontuairiscí an chruinnithe.

Sula dtarchuirfear iad, féadfar na sonraí pearsanta uile a bhaint de na doiciméid.

Beidh faisnéis FRAE agus SNC a sholáthraítear ó bhéal d’fhaighteoirí sa Pharlaimint faoi réir an leibhéil choibhéisigh cosanta a thugtar leis an bhfaisnéis sin a sholáthraítear i scríbhinn. D’fhéadfaí dearbhú sollúnta ó fhaighteoirí na faisnéise sin a bheith i gceist á rá nach ndéanfar inneachar na faisnéise sin a nochtadh d’aon tríú duine.

<NO.P>3.2.3.</NO.P>Nuair a bheidh faisnéis i scríbhinn le scrúdú i Limistéar Daingnithe, áiritheoidh an Pharlaimint go mbeidh na socruithe seo a leanas ann:

<NO.P>–</NO.P>córas stórála slán le haghaidh faisnéis FRAE agus SNC;

<NO.P>–</NO.P>Limistéar Daingnithe gan meaisíní fótachóipeála, teileafóin, saoráidí facs, scanóirí nó aon trealamh teicniúil eile chun doiciméid a atáirgeadh agus a tharchur, etc.;

<NO.P>–</NO.P>forálacha slándála lena rialaítear rochtain ar Limistéar Daingnithe, lena n-áirítear na ceanglais maidir le síniú i gclár rochtana agus dearbhú gan FRAE a scrúdaíodh a scaipeadh.

<NO.P>3.2.4.</NO.P>Ní choisceann an méid sin thuas socruithe coibhéiseacha eile arna gcomhaontú idir na hInstitiúidí.

<NO.P>3.3</NO.P>Déanfar faisnéis SNC arna cur ar aghaidh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i bpointe 2.2. agus i bpointe 2.3. i gcás faisnéis arna soláthar ar thionscnamh an Choimisiúin a chur ar fáil don chomhlacht parlaiminteach/sealbhóir oifige atá freagrach as an ábhar faoi Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte agus, i gcás iarrata, don chomhlacht parlaiminteach/sealbhóir oifige a thíolaic í. Cuirfear an fhaisnéis ar aghaidh ar bhealach criptithe, trí úsáid a bhaint as ailtireacht chriptiúcháin agus eochair chriptiúcháin atá faoi rialú na Parlaiminte ar bhonn riachtanais eolais agus i gcomhréir leis na treoracha láimhseála ábhartha.

Ní fhéadfar faisnéis SNC a fhoilsiú gan toiliú ón gCoimisiún. Gan dochar don abairt dheireanach de phointe 2.1., féadfar faisnéis SNC a chur ar aghaidh laistigh den Pharlaimint chuig Feisirí, oifigigh, foireann shealadach agus chonarthach atá ag obair san Ardrúnaíocht nó i ngrúpa polaitiúil den Pharlaimint, agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, ar tugadh faisnéis iomchuí dóibh agus ar gá dóibh a bheith ar an eolas.

Cuirfidh an Pharlaimint an Coimisiún ar an eolas faoi na catagóirí daoine a bhfuil rochtain faighte acu ar an bhfaisnéis sin. Coimeádfaidh an Pharlaimint taifead de na daoine a fuair rochtain ar fhaisnéis SNC.

<NO.P>3.4.</NO.P>I gcás caillteanas nó cur i mbaol cruthaithe nó amhrasta i ndáil le faisnéis FRAE nó SNC arna soláthar ag an gCoimisiún, cuirfidh Údarás Slándála Pharlaimint na hEorpa Údarás Slándála an Choimisiúin ar an eolas láithreach. Osclóidh Údarás Slándála Pharlaimint na hEorpa imscrúdú agus cuirfidh sé Údarás Slándála an Choimisiúin ar an eolas faoina thorthaí agus faoi na bearta a rinneadh chun atarlú a chosc.

I gcás neamhchomhlíonadh na hIarscríbhinne seo nó rialacha slándála inmheánaí na Parlaiminte, beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le pionóis a fhorchuirtear ar Fheisirí a leagtar amach i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte agus, i gcás oifigigh agus fhostaithe na Parlaiminte, beidh feidhm ag forálacha infheidhme Airteagal 86 de na Rialacháin Foirne nó ag Airteagal 49 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontas Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus ag aon rialacha eile is infheidhme.

<NO.P>4.</NO.P><STRING BOLD="on">Forálacha críochnaitheacha</STRING>

<NO.P>4.1.</NO.P>Déanfaidh an Coimisiún agus an Pharlaimint gach beart is gá chun forálacha na hIarscríbhinne seo a chur chun feidhme.

Chuige sin, déanfaidh seirbhísí inniúla an Choimisiúin agus na Parlaiminte comhordú dlúth ar chur chun feidhme na hIarscríbhinne seo. Áireofar leis sin fíorú frithpháirteach inrianaitheachta fhaisnéis FRAE agus SNC agus faireachán comhpháirteach tréimhsiúil ar na socruithe agus na caighdeáin slándála a chuireann an dá Institiúid i bhfeidhm<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">.</STRING></STRING>

<NO.P>4.2.</NO.P>Déanfaidh an Pharlaimint agus an Coimisiún athbhreithniú ar an Iarscríbhinn seo agus, i gcás inar gá, í a oiriúnú, i gcomhréir le pointe 70 den Chreat-Chomhaontú, i bhfianaise forbairtí maidir leis an méid seo a leanas:

<NO.P>–</NO.P>socruithe slándála a bheidh ann amach anseo lena mbeidh baint ag an bParlaimint agus ag an gCoimisiún;

<NO.P>–</NO.P>comhaontuithe nó gníomhartha dlí eile atá ábhartha maidir le faisnéis a chur ar aghaidh idir na hInstitiúidí.

<FIGDATA FILENAME="20260311-P10_TA(2026)0069_GA-p0000003.png" HEIGHT="1" PREV.TYPE="PNG" WIDTH="77"/>
</ANNEX><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN III</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">Comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích</STRING></STI>
Leagtar síos san Iarscríbhinn seo socruithe mionsonraithe i dtaca le faisnéis a sholáthar don Pharlaimint maidir le caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe 27, 33 agus 34 den Chreat-Chomhaontú.

<NO.P>1.</NO.P>Nuair a bheartaíonn an Coimisiún a mholadh go gcuirfear tús le caibidlíochtaí, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Pharlaimint an tráth céanna a chuirfidh sé in iúl don Chomhairle é.

<NO.P>2.</NO.P>I gcomhréir le forálacha phointe 33 den Chreat-Chomhaontú, nuair a dhéanann an Coimisiún togra maidir le dréacht-treoracha caibidilíochta d’fhonn go nglacfaidh an Chomhairle iad, tíolacfaidh sé don Pharlaimint iad an tráth céanna.

<NO.P>3.</NO.P>Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar thuairimí na Parlaiminte le linn na gcaibidlíochtaí ar fad.

<NO.P>4.</NO.P>I gcomhréir le forálacha phointe 27 den Chreat-Chomhaontú, coimeádfaidh an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas go rialta agus go pras faoi sheoladh na gcaibidlíochtaí go dtí go ndéanfar an comhaontú a inisealú, agus tabharfaidh sé míniú i dtaobh ar ionchorpraíodh tuairimí na Parlaiminte sna téacsanna faoi chaibidlíocht agus conas a ionchorpraíodh iad agus, murar ionchorpraíodh iad, cén fáth nach ndearnadh amhlaidh.

<NO.P>5.</NO.P>I gcás comhaontuithe idirnáisiúnta ar gá toiliú na Parlaiminte i leith iad a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile ábhartha a chuireann sé ar fáil don Chomhairle (nó don choiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle) a chur ar fáil don Pharlaimint le linn an phróisis caibidlíochta. Áireofar san fhaisnéis sin dréacht-leasuithe ar threoracha caibidlíochta arna nglacadh, dréacht-téacsanna caibidlíochta, airteagail chomhaontaithe, an dáta comhaontaithe chun an comhaontú a inisealú agus téacs an chomhaontaithe a bheidh le hinisealú. Déanfaidh an Coimisiún aon doiciméid ábhartha a fhaightear ó thríú páirtithe a tharchur chuig an bParlaimint, mar a tharchuirfidh sé chuig an gComhairle iad (nó chuig an gcoiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle), faoi réir thoiliú an tionscnóra a fháil ina leith sin. Coimeádfaidh an Coimisiún an coiste parlaiminteach freagrach ar an eolas maidir le forbairtí sna caibidlíochtaí agus, go háirithe, tabharfaidh sé míniú i dtaobh conas a cuireadh tuairimí na Parlaiminte san áireamh.

<NO.P>6.</NO.P>I gcás comhaontuithe idirnáisiúnta nach gá toiliú na Parlaiminte i leith iad a thabhairt i gcrích, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear an Pharlaimint ar an eolas láithreach agus go hiomlán, trí fhaisnéis a sholáthar a chlúdaíonn ar a laghad na dréacht-treoracha caibidlíochta, na treoracha caibidlíochta arna nglacadh, seoladh na gcaibidlíochtaí ina dhiaidh sin agus tabhairt i gcrích na gcaibidlíochtaí.

<NO.P>7.</NO.P>I gcomhréir le forálacha phointe 33 den Chreat-Chomhaontú, tabharfaidh an Coimisiún faisnéis chríochnúil don Pharlaimint in am trátha nuair a dhéantar comhaontú idirnáisiúnta a inisealú, agus cuirfidh sé an Pharlaimint ar an eolas chomh luath agus is féidir nuair a bheartaíonn sé a mholadh don Chomhairle é a chur i bhfeidhm go sealadach agus faoi na cúiseanna leis sin, mura rud é go gcoisctear air déanamh amhlaidh de bharr cúiseanna práinne.

<NO.P>8.</NO.P>Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle agus an Pharlaimint ar an eolas go comhuaineach agus in am trátha go bhfuil sé beartaithe aige a mholadh don Chomhairle comhaontú idirnáisiúnta a chur ar fionraí agus faoi na cúiseanna atá leis sin.

<NO.P>9.</NO.P>Maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a thiocfadh faoi nós imeachta an toilithe dá bhforáiltear leis an CFAE, coimeádfaidh an Coimisiún an Pharlaimint go hiomlán ar an eolas freisin sula bhformheasfaidh sé modhnuithe ar chomhaontú arna n-údarú ag an gComhairle, ar mhodh maolaithe, i gcomhréir le hAirteagal 218(7) CFAE.

<FIGDATA FILENAME="20260311-P10_TA(2026)0069_GA-p0000004.png" HEIGHT="1" PREV.TYPE="PNG" WIDTH="77"/>
</ANNEX><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN IV</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">Tráthchlár do Chlár Oibre an Choimisiúin</STRING></STI>
Beidh liosta tograí reachtacha agus tograí neamhreachtacha do na blianta dár gcionn ag gabháil le Clár Oibre an Choimisiúin. Clúdaíonn Clár Oibre an Choimisiúin an chéad bhliain eile atá i dtrácht agus déantar léiriú mionsonraithe ar thosaíochtaí an Choimisiúin a sholáthar ann do na blianta ina dhiaidh sin. Dá bharr sin, is féidir le Clár Oibre an Choimisiúin a bheith ina bhonn i gcomhair comhagallamh struchtúrtha leis an bParlaimint, d’fhonn comhthuiscint a lorg.

Áireofar i gClár Oibre an Choimisiúin freisin tionscnaimh phleanáilte maidir le dlí bog, tarraingtí siar agus simpliú.

<NO.P>1.</NO.P>Sa chéad seimeastar de bhliain ar leith, rachfaidh Comhaltaí an Choimisiúin i mbun comhagallamh leanúnach rialta leis na coistí parlaiminteacha comhfhreagracha maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre an Choimisiúin don bhliain sin agus maidir le hullmhú Chlár Oibre todhchaí an Choimisiúin. Ar bhonn an chomhagallaimh sin, déanfaidh gach coiste parlaiminteach toradh an chomhagallaimh a thuairisciú do Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí.

<NO.P>2.</NO.P>San am céanna, déanfaidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí malartú tuairimí a sheoladh go rialta leis an Leas-Chathaoirleach den Choimisiún ar a bhfuil freagracht as caidreamh idirinstitiúideach, chun measúnú a dhéanamh ar an staid maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre reatha an Choimisiúin, chun plé a dhéanamh ar ullmhú Chlár Oibre todhchaí an Choimisiúin, agus chun torthaí an chomhagallaimh leanúnaigh dhéthaobhaigh idir na coistí parlaiminteacha lena mbaineann agus Comhaltaí ábhartha an Choimisiúin a mheas.

<NO.P>3.</NO.P>I mí an Mheithimh, cuirfidh Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí tuarascáil achomair faoi bhráid Chomhdháil na nUachtarán, agus ba cheart go n-áireofaí sa tuarascáil sin torthaí an mhionscrúdaithe ar chur chun feidhme Chlár Oibre an Choimisiúin chomh maith le tosaíochtaí na Parlaiminte maidir leis an gcéad Chlár Oibre eile de cuid an Choimisiúin agus cuirfidh an Pharlaimint an Coimisiún ar an eolas ina leith sin.

<NO.P>4.</NO.P>Ar bhonn na tuarascála achomair sin, glacfaidh an Pharlaimint rún ag páirtseisiún mhí Iúil, ar rún é ina leagfar amach a seasamh agus, go háirithe, ina n-áireofar iarrataí atá bunaithe ar thuarascálacha ar thionscnaimh reachtacha.

<NO.P>5.</NO.P>Gach bliain sa chéad pháirtseisiún i mí Mheán Fómhair, tionólfar díospóireacht faoi Staid an Aontais agus tabharfaidh Uachtarán an Choimisiúin aitheasc sa díospóireacht sin, ar aitheasc é ina ndéanfar an bhliain reatha a mheas agus ina bhféachfar ar aghaidh chuig na tosaíochtaí do na blianta ina dhiaidh sin. Chuige sin, agus ag an am céanna, déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin na príomheilimintí lena dtreorófar ullmhú Chlár Oibre an Choimisiúin don bhliain ina dhiaidh sin a leagan amach i scríbhinn don Pharlaimint.

<NO.P>6.</NO.P>Ó thús mhí Mheán Fómhair, féadfaidh na coistí parlaiminteacha inniúla agus Comhaltaí ábhartha an Choimisiúin teacht le chéile chun tuairimí a mhalartú ar shlí níos mionsonraithe maidir le tosaíochtaí amach anseo i ngach réimse beartais. Tabharfar na cruinnithe sin chun críche le cruinniú idir Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus Coláiste na gCoimisinéirí agus le cruinniú idir Comhdháil na nUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin, de réir mar is iomchuí.

<NO.P>7.</NO.P>I mí Dheireadh Fómhair, glacfaidh an Coimisiún a Chlár Oibre don bhliain dár gcionn. Ina dhiaidh sin, cuirfidh Uachtarán an Choimisiúin an Clár Oibre sin faoi bhráid na Parlaiminte ar leibhéal iomchuí.

<NO.P>8.</NO.P>Féadfaidh an Pharlaimint díospóireacht a thionól agus rún a ghlacadh ag páirtseisiún mhí na Nollag.

<NO.P>9.</NO.P>Cuirfear an tráthchlár seo i bhfeidhm maidir le gach timthriall rialta clársceidealaithe, ach amháin i mblianta toghcháin na Parlaiminte atá ann i gcomhthráth le deireadh théarma oifige an Choimisiúin.

<NO.P>10.</NO.P>Ní dhéanfaidh an tráthchlár seo dochar d’aon chomhaontú amach anseo maidir le clársceidealú idirinstitiúideach.
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>