<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0073</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d'Oibrithe Iomarcacha: iarratas EGF/2025/004 BE/Tupperware – an Bheilg</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0030/2026 - Rapóirtéir: Jean-Marc Germain)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2026 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/004 BE/Tupperware (COM(2026)0001 – C10-0012/2026 – 2026/0004(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ((COM(2026)0001 – C10‑0012/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj<STRING ITALIC="on">).</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CAI’), agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0030/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórimeachtaí agus mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur thíolaic an Bheilg iarratas EGF/2025/004 BE/Tupperware ar ranníocaíocht airgeadais a fháil ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), i ndiaidh 267 n-iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> in Tupperware General Services NV (Tupperware), san earnáil eacnamaíoch arna rangú faoi rannán 22 den Dara Athbhreithniú ar NACE (Monarú táirgí rubair agus plaisteacha) i gCúige Fhlóndras Thoir (BE23), laistigh de thréimhse thagartha ón 17 Feabhra 2025 go dtí an 17 Meitheamh 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go dtarlódh scor do ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcach nó daoine féinfhostaithe ar a laghad le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndearna Tupperware iarratas ar fhéimheacht an 17 Feabhra 2025; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar fhéimheachtaí sa Bheilg ó bhí 2022 ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur chuir an Bheilg in iúl go bhfuil réamh-mhaoiniú agus cómhaoiniú náisiúnta na mbeart á soláthar ag VDAB;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta maidir le comhiomarcaíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (praghsanna 2018)<FOOTNOTE><FIELD> Airteagal 8 de Rialachán CAI.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán CED agus go háirithe in Airteagal 4(2), pointe (a), de comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 1 622 650 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán EUR 1 909 000, a chuimsíonn EUR 1 843 500 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 65 500 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Beilge an t-iarratas an 28 Lúnasa 2025, agus, tar éis faisnéis bhreise a fháil ón mBeilg, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 20 Eanáir 2026, nach mór 5 mhí ina dhiaidh, agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-am a ghiorrú idir iarratas ar chúnamh CED a thíolacadh agus an cinneadh maoiniúcháin, agus cearta Pharlaimint na hEorpa mar bhrainse amháin den údarás buiséadach á gcosaint go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 267 dtairbhí spriocdhírithe a cuireadh ar iomarcaíocht in Tupperware;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh Tupperware lonnaithe in Aalst i gCúige Fhlóndras Thoir, áit nach raibh ach duine as gach beirt fostaithe, i gcomparáid le duine as gach triúir ar an meán ar fud réigiún Fhlóndras, roimh fhéimheacht Tupperware; á chur in iúl gur oth léi go mbeidh an staid níos measa de dheasca na n-iomarcaíochtaí sin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht ghasta chun meath struchtúrach réigiúnach a chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi gur ghlac creidiúnaithe smacht ar an máthairchorparáid Mheiriceánach Tupperware Brands i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus, mar gheall ar athstruchtúrú suntasach, gur baineadh an monarú agus na ceadúnais arna ndeonú ar Tupperware General Services NV, a d’fhág an fhochuideachta Bheilgeach neamh-inmharthana agus a bhí mar chúis lena féimheacht an 17 Feabhra 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ó ghrúpa fiontraithe Eorpacha arb é is aidhm dó an branda a athbheochan sa Ghearmáin, sa Fhrainc, sa Bheilg, san Iodáil agus sa Pholainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag leagan béim ar an bhfíoras go bhfuil riosca na dífhostaíochta sa Fhlóndras os cionn dhá oiread níos airde do dhaoine le leibhéal íseal oideachais; á thabhairt dá haire nach bhfuil níos mó ná leibhéal oideachais meánscoile shóisearaigh ag aon trian de na hoibrithe iomarcacha; á iarraidh ar údaráis na Beilge tacaíocht shonrach a sholáthar do na próifílí sin chun cuidiú le hoibrithe a n-easnaimh a shárú agus poist nua a aimsiú, agus bearta á nglacadh chun féimheachtaí a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí sóisialta as a dtagann eisiamh lucht saothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhaontú leis na ceardchumainn, na saineolaithe agus na comhpháirtithe sóisialta, gurb iad na bearta seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar do na hoibrithe: seisiúin faisnéise le haghaidh ath-imeascadh san fhostaíocht, seirbhísí socrúcháin sheachtraigh, lena n-áirítear oiliúint TCF; cuidiú chun post a fháil trí threoir agus cuidiú cuardaithe poist, oiliúint agus athoiliúint, aonaigh poist, scabhtáil fostaíochta agus meaitseáil poist; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé poist ardcháilíochta atá dírithe ar an todhchaí a chothú chun athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú; á iarraidh ar údaráis na Beilge idirphlé a bhunú le hionadaithe nua Tupperware na hEorpa chun féidearthachtaí a fhiosrú maidir le hoibrithe iomarcacha a ath-imeascadh ina ngníomhaíochtaí eacnamaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil cáilíochtaí agus scileanna na n-oibrithe a leagadh as a bpoist ríthábhachtach i gcónaí do gheilleagar Eorpach a sheasfaidh an aimsir; á mheas, dá bhrí sin, gur gá slógadh CED a leabú i bhfreagairt bheartais níos mó ar gach leibhéal polaitiúil chun a áirithiú go bhfaighidh na hoibrithe a ndéantar difear dóibh deiseanna leormhaithe i gcomhréir lena gcáilíochtaí agus lena scileanna; á mheabhrú thairis sin gur ionstraim dlúthpháirtíochta agus aistrithe chóir é CED agus nach mór gurb é príomhchúram an Aontais ná dúnadh mar sin a chosc i dtosach báire; á mheas, cé go gcuireann CED an tacaíocht is gá ar fáil d’oibrithe a ndéantar difear dóibh, go bhfuil beartas tionsclaíoch níos láidre, geilleagar níos láidre, níos inbhuanaithe agus níos athléimní, agus laghdú ar spleáchais straitéiseacha bunriachtanach chun bonn fostaíochta tionsclaíoch na hEorpa a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth go n-áiritheoidh údaráis na Beilge infheictheacht an chistithe ón Aontas agus go leagfaidh siad béim ar a bhreisluach trí fhaisnéis éifeachtach agus spriocdhírithe a chur ar fáil do thairbhithe, d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, do chomhpháirtithe sóisialta agus don phobal i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar meastóireachtaí críochnúla deiridh ar na bearta a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear faisnéis shoiléir faoin gcaoi ar úsáideadh na cistí agus i dtaobh cé acu ar caitheadh iad i gcomhréir leis na pleananna formheasta nó nár caitheadh; á chur i bhfáth gur cheart na meastóireachtaí sin a bheith bunaithe ar chuspóirí atá sainithe go soiléir agus ar thorthaí intomhaiste, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar na torthaí a bhaintear amach do na hoibrithe lena mbaineann; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé idirghabhálacha níos tapúla agus níos éifeachtaí a áirithiú agus á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gur gá féachaint ar bhealaí chun inbhuanaitheacht CED, nó inbhuanaitheacht an chláir a thiocfaidh ina dhiaidh, a áirithiú, faoi chuimsiú an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile 2028-2034;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 17 Feabhra 2025 agus, dá bhrí sin, gurb ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin a bheidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 17 Feabhra 2025 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug údaráis na Beilge dearbhú go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á athdhearbhú nach ceadmhach cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/004 BE/Tupperware</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2026/723.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>