<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0074</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An bhearna phá idir na hinscní agus an bhearna phinsin in AE: staid na himeartha, dúshláin agus an bealach chun cinn, agus treoirlínte a fhorbairt maidir le meastóireacht níos fearr agus luach saothair níos cothroime as obair in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0021/2026 -  Rapóirtéirí: Irena Joveva, Mirosława Nykiel)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2026 maidir leis an mbearna phá idir na hinscní agus an bhearna phinsin in AE: staid na himeartha, dúshláin agus an bealach chun cinn, agus treoirlínte a fhorbairt maidir le meastóireacht níos fearr agus luach saothair níos cothroime as obair in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná (2025/2038(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 2 agus 3(3) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail  8, 10, 19, 151, 153 agus 157 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe dá forálacha maidir le comhionannas inscne (an Chairt),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus do dhaingniú an Aontais air,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 22 agus 25 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Treoir maidir le Trédhearcacht Pá),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha<FOOTNOTE><FIELD> IO L 204, 26.7.2006, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/54/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 188, 12.7.2019, lch. 79, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1158/oj.</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle (an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara<FOOTNOTE><FIELD> IO L 315, 7.12.2022, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2381/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Cothromaíocht Inscne ar Bhoird Chorparáideacha),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025’ (COM(2020)0152),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Union of equality: EU anti-racism action plan 2020-2025’</STRING> [Aontas an Chomhionannais: Plean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais 2020-2025] (COM(2020)0565),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus dá phlean gníomhaíochta (COM(2021)0102), go háirithe na príomhspriocanna do 2030 agus Scórchlár Sóisialta an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Straitéis an Aontais maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, 2021-2030 (COM(2021)0101),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas LADTIA+ 2026-2030 (COM(2025)0725),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis an straitéis Eorpach um chúram (COM(2022)0440), do Mholadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán<FOOTNOTE><FIELD> IO C 476, 15.12.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE> agus do Mholadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: spriocanna Barcelona do 2030<FOOTNOTE><FIELD> IO C 484, 20.12.2022, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">A Roadmap for Women’s Rights’</STRING> [Treochlár um Chearta na mBan] (COM(2025)0097),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 dar teideal ‘Ganntanas saothair agus scileanna san Aontas: plean gníomhaíochta’ (COM(2024)0131),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The Union of Skills</STRING>’ [Aontas na Scileanna] (COM(2025)0090),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún ó mhí Dheireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Social Protection Committee Annual Report 2024’</STRING> [Tuarascáil Bhliantúil 2024 ón gCoiste um Chosaint Shóisialta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún i mí an Mhárta 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2025 report on gender equality in the EU</STRING>’ [Tuarascáil 2025 maidir le comhionannas inscne san Aontas],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe maidir le Todhchaí na Cosanta Sóisialta agus an Stáit Leasa dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of social protection and of the welfare state in the EU’</STRING> [Todhchaí na cosanta sóisialta agus an stáit leasa in AE],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness’</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi) agus do thuarascáil ó Enrico Letta an 10 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a Market’</STRING> [I bhfad níos mó ná Margadh] (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil chomhpháirteach 2024 ón gCoiste um Chosaint Shóisialta agus ó Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The 2024 pension adequacy report — current and future income adequacy in old age in the EU’</STRING> [Tuarascáil 2024 maidir le Leormhaitheas Pinsean – Leormhaitheas ioncaim faoi láthair agus amach anseo do dhaoine scothaosta san Aontas],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 3 Nollaig 2024 maidir le cothromaíocht oibre is saoil agus comhionannas inscne a áirithiú do gach glúin i gcomhthéacs na ndúshlán déimeagrafach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 4 Nollaig 2024 maidir le ganntanais saothair agus scileanna san Aontas: Acmhainneacht saothair neamhshaothraithe a shlógadh san Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 19 Meitheamh 2025 dar teideal ‘An Comhionannas Inscne a Chur Chun Cinn i Ré Dhigiteach Faoi Thionchar na hIntleachta Saorga: an 6ú hathbhreithniú cothrománach ar chur chun feidhme Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an ngá atá le straitéis AE chun deireadh a chur leis an mbearna phinsin idir na hinscní agus í a chosc,<FOOTNOTE><FIELD> IO C 331, 18.9.2018, lch. 60.</FIELD></FOOTNOTE>
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 30 Eanáir 2020 maidir leis an mbearna phá idir na hinscní<FOOTNOTE><FIELD> IO C 331, 17.8.2021, lch. 5.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le Straitéis AE um Chomhionannas Inscne<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 208.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 5 Iúil 2022 i dtreo comhghníomhaíocht Eorpach maidir le cúram<FOOTNOTE><FIELD> IO C 47, 7.2.2023, lch. 30.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A10-0021/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur bunluach de chuid AE é an comhionannas inscne, a chumhdaítear in Airteagail 2 agus 3(3) CAE, in Airteagail 8, 10 agus 19 CFAE agus in Airteagal 23 den Chairt; de bhrí go sonraítear go sainráite in Airteagal 157 CFAE nach mór do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an phá chomhionainn d’oibrithe fireanna agus baineanna as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach neamhspleáchas eacnamaíoch na mban agus rochtain chomhionann ar acmhainní airgeadais a ráthú chun comhionannas inscne a bhaint amach agus chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go luaitear i bPrionsabal 2 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ‘nach mór cóir chomhionann agus comhdheiseanna idir mná agus fir a áirithiú agus a chothú i ngach réimse, lena n-áirítear rannpháirteachas sa mhargadh saothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn sa ghairmréim’ agus ‘go bhfuil an ceart ag mná agus fir chun pá comhionainn as obair chomhionann agus obair ar comhionann a luach’;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, le linn na tréimhse geopholaitiúla éiginnte seo, gur gá do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’earnáil na cosanta chun ár luachanna AE a chaomhnú; de bhrí nach mór do na Ballstáit a áirithiú go mbainfidh mná atá ag obair i réimse na cosanta tairbhe as pá comhionann, as dul chun cinn cothrom sa ghairmréim agus as pinsin leormhaithe; de bhrí gur riachtanas straitéiseach agus morálta araon don Aontas é an bhearna phinsin idir na hinscní a dhúnadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go sainmhínítear an bhearna phá idir na hinscní mar an difríocht idir meán-olltuilleamh na bhfear in aghaidh na huaire agus na mban in aghaidh na huaire, arna sloinneadh mar chéatadán de mheán-olltuilleamh na bhfear in aghaidh na huaire; de bhrí nach féidir sciar suntasach den bhearna phá idir na hinscní a mhíniú le tréithe oibiachtúla inbhraite an mhargaidh saothair amhail aois, taithí agus oideachas, gairmréim, am oibre nó saintréithe intomhaiste eile, lena léirítear idirdhealú leanúnach; de bhrí, chun dul i ngleic leis an mbearna phá, go bhfuil gá le cur chuige cothrom lena gcomhcheanglaítear comhdheiseanna, dáileadh comhionann freagrachtaí cúraim, an comhrac i gcoinne steiréitíopaí inscne, trédhearcacht pá agus forfheidhmiú éifeachtach, le beartais lena dtacaítear le scileanna, rannpháirtíocht agus dul chun cinn sa ghairmréim, agus é á aithint ag an am céanna gur measa na míbhuntáistí do mhná a bhfuil cineálacha iomadúla trasnacha idirdhealaithe os a gcomhair bunaithe ar thosca amhail gnéas, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, ar fud an Aontais, go bhfuil tuilleamh na mban níos ísle go díréireach ná tuilleamh na bhfear, agus go bhfuil ró-ionadaíocht ag mná i measc saothraithe pá íosta; de bhrí, in 2023, gurbh ionann bearna inscne an Aontais i bpá in aghaidh na huaire agus 12 %, gurbh ann d’éagsúlachtaí suntasacha ar fud na mBallstát, agus go raibh an bhearna os cionn 18 % i roinnt Ballstát; de bhrí go gciallaíonn sé sin go bhfuil mná <STRING ITALIC="on">de facto </STRING>ag obair gan íocaíocht ar feadh idir 54 agus 67 lá in aghaidh na bliana ar an meán i gcomparáid le fir; de bhrí, in ainneoin go bhfuil an ráta fostaíochta do mhná ag méadú i gcónaí, nach bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart chun a bhearna fostaíochta idir na hinscní de 10 % a laghdú faoina leath faoi 2030, agus go bhfuil an bhearna do mhná a bhfuil leanaí acu níos airde, ag 16,5 %<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, ‘<STRING ITALIC="on">Statistics Explained – SDG 5 – Gender equality’</STRING> [Míniú ar Staidreamh – SFI 5 – Comhionannas inscne], suíomh gréasáin Eurostat, Aibreán 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, de réir Eurostat, go bhfuil an bhearna éagsúil freisin de réir tionscail agus go bhfuil sí níos airde san earnáil phríobháideach ná san earnáil phoiblí i bhformhór na mBallstát<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, ‘<STRING ITALIC="on">Statistics Explained – Gender pay gap statistics’</STRING> [Míniú ar Staidreamh – Staidreamh maidir leis an mbearna phá idir na hinscní], suíomh gréasáin Eurostat, Márta 2025.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí nár oibrigh ach 7,7 % d’fhir in AE go páirtaimseartha in 2024 i gcomparáid le 27,9 % de mhná, arbh iad freagrachtaí cúraim an phríomhchúis a bhí acu le bheith ag obair go páirtaimseartha; de bhrí go bhfuil comhghaol sonrach idir earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná agus leibhéil ísle pá; de bhrí gur féidir le pá an luach agus an t-aitheantas a chuireann an tsochaí ar chineálacha áirithe oibre a léiriú;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nach léiríonn neamhionannais phá i gcónaí luach na hoibre, an t-éileamh ar an obair ná na scileanna is gá don obair, ach gur toradh iad ar neamhionannas inscne leanúnach; de bhrí gur tosca struchtúracha i mbearnaí pá agus pinsin idir na hinscní iad tearcluacháil obair na mban, deighilt ghairme agus earnála, an bhearna idir na hinscní sa cheannaireacht, agus deighilt mhíchothrom an chúraim neamhíoctha agus go n-éilítear leo luacháil chórasach post agus cleachtaí athluachála earnála ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta; de bhrí nach mbaineann an bhearna phá idir na hinscní ach le tuilleamh níos ísle amháin, ach go léirítear léi freisin neamhionannais shóisialta, pholaitiúla agus chultúrtha níos leithne a mbíonn tionchar acu ar neamhspleáchas eacnamaíoch, deiseanna gairme agus folláine fhoriomlán na mban;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil múscailt feasachta agus oideachas bunriachtanach chun a aithint gurb ann do bhearnaí pá agus pinsin idir na hinscní agus a thromchúisí atá siad, ar bearnaí iad atá fós á meas faoina luach ag an bpobal; de bhrí go bhfuil tionchar tromchúiseach ag na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní ar mheabhairshláinte na mban, rud a imríonn tionchar ní hamháin ar thuilleamh na mban ach freisin ar a neamhchosaint ar rioscaí síceasóisialta san ionad oibre, agus iarmhairtí fadtéarmacha aige sin ar mheabhairshláinte agus ar fholláine le linn a saoil, arna léiriú ag mná os cionn 65 bliana d’aois a thuairiscíonn dúlagar ainsealach ag dhá oiread ráta na bhfear<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Chearta na Saoránach, um Cheartas agus um Ghnóthaí Institiúideacha, an Roinn Beartais um Shaoránaigh, Comhionannas agus Cultúr, <STRING ITALIC="on">The effect of gender pay and pension gaps and new ways of working on women’s mental health</STRING> [Éifeacht na mbearnaí pá agus pinsin idir na hinscní agus bealaí nua oibre ar mheabhairshláinte na mban], Meán Fómhair 2025.</FIELD></FOOTNOTE>, rud lena léirítear éifeachtaí iolraithe an ioncaim níos ísle, neamhspleáchas teoranta agus neamhshláine leanúnach; de bhrí go bhfuil pá cothrom agus cuibhiúil bunriachtanach do neamhspleáchas eacnamaíoch na mban agus go gcuireann sé ar chumas na mban cásanna foréigin teaghlaigh a fhágáil; de bhrí, chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, go bhfuil gá le bearta reachtacha agus beartais chomh maith le hathrú ar dhearcthaí sochaíocha, le tacaíocht ó thionscnaimh chumarsáide agus oideachais shonraíbhunaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, in 2021, go ndearna 74 % de mhná obair tí agus cócaireacht go laethúil, i gcomparáid le 42 % d’fhir; de bhrí, nuair a chuirtear an obair íoctha agus neamhíoctha ar fad le chéile, go ndéanann mná ocht seachtaine lánaimseartha níos mó oibre in aghaidh na bliana ná fir<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, Innéacs um Chomhionannas Inscne 2021:</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur mheas an Fóram Eacnamaíoch Domhanda le déanaí, leis na rátaí feabhsaithe atá ann faoi láthair, go sroichfear paireacht inscne iomlán laistigh de 134 bliana; de bhrí go ríomhtar i roinnt staidéar go dtógfaidh sé 90 bliain an bhearna phinsin idir na hinscní a dhúnadh; de bhrí gur léir go bhfuil gá le bearta nua chun an bhearna phinsin a dhúnadh níos tapúla;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, ar fud an Aontais, gur dóchúla go mbeidh poist ar phá níos ísle ag mná agus go n-oibreoidh siad sa gheilleagar neamhfhoirmiúil agus in earnálacha a bhfuil tearcluacháil déanta orthu go stairiúil, rud lena gcuirtear teorainn lena dtuilleamh agus lena gcuirtear leis na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní; de bhrí go n-oibríonn triúr as gach deichniúr ban san Aontais in earnálacha an oideachais, na sláinte agus na hoibre sóisialta, agus nach bhfuil ach 8 % d’fhir fostaithe sna hearnálacha sin<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, ‘Staid na mban sa mhargadh saothair’, an Coimisiún Eorpach – suíomh gréasáin Straitéis agus Beartais.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, san Aontas, gurb ionann mná agus suas le 80 % den lucht saothair cúraim sláinte agus cúraim shóisialta, agus nach bhfuil iontu ach suas le 20 % d’oibrithe i réimsí ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic), rud lena léirítear na noirm agus na steiréitíopaí inscne leanúnacha lena ndíspreagtar mná ó dhul isteach in earnálacha áirithe<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, 2025 <STRING ITALIC="on">report on gender equality in the EU</STRING> [Tuarascáil 2025 maidir le comhionannas inscne san Aontas], https://data.europa.eu/doi/10.2838/5262357.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann le hearnálacha ina mbíonn ceannas ag mná go traidisiúnta amhail cúram, cúram sláinte, oideachas agus obair shóisialta, ós rud é go bhfuil siad bunriachtanach don tsochaí, agus go bhfuil sé ríthábhachtach fir a spreagadh chun dul isteach sna hearnálacha sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht shuntasach i staidéir dhigiteacha agus i ngairmeacha digiteacha, agus i réimsí eile na heolaíochta, na teicneolaíochta, na healaíne, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEAM) agus in earnálacha fostaíochta amhail cosaint agus aeraspás, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus fuinneamh; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach tacú le rannpháirtíocht na mban i réimsí STEAM chun na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a dhúnadh, chun nuálaíocht a chothú agus chun a áirithiú go mbeidh aistrithe digiteacha agus glasa na hEorpa cuimsitheach agus cothrom;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go ndéantar difear díréireach do mhná le hilroinnt mhéadaitheach mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear an méadú ar chineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta amhail obair shealadach, obair pháirtaimseartha, obair ardáin agus féinfhostaíocht; de bhrí gur minic a bhíonn róil bhunriachtanacha ag mná i bhfeirmeoireacht teaghlaigh, i ngnó talmhaíochta agus i saol an phobail, ach gur minic a dhéantar tearcluacháil ar a gcuid oibre nó a bhíonn sí neamhfhoirmiúil, rud a fhágann go mbíonn tuilleamh saoil níos ísle agus ranníocaíochtaí pinsin neamh-leormhaithe ann; de bhrí go bhfuil an míbhuntáiste sin níos measa fós do mhná a bhfuil cineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe os a gcomhair bunaithe ar thosca amhail cine, inscne, féiniúlacht inscne, gnéaschlaonadh nó míchumas;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar na mbearnaí pá, cúraim agus fostaíochta idir na hinscní níos measa do mhná ina dhiaidh sin, mar is léir ón mbearna phinsin idir na hinscní, arbh ionann í agus 25 % in 2025<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘Innéacs Comhionannais Inscne – eagrán 2025 den Aontas Eorpach’, suíomh gréasáin na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go n-eascraíonn sé sin as neamhionannais charntha le linn shaol oibre na mban agus as tréimhsí neamhláithreachta ón margadh saothair agus pá níos ísle; de bhrí go bhfuil mná scothaosta fós níos neamhchosanta ar rioscaí bochtaineachta ná fir scothaosta sna Ballstáit uile<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, 2025 <STRING ITALIC="on">reports on gender equality in the EU</STRING> [Tuarascálacha 2025 maidir le comhionannas inscne san Aontas], https://data.europa.eu/doi/10.2838/5262357.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go raibh 16,9 % de mhná ar scor i mbaol bochtaineachta in 2024, geall le dhá oiread líon na bhfear a bhí ar scor agus a bhí i mbaol bochtaineachta<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, ‘Brabhsálaí Sonraí – Ráta riosca na bochtaineachta do phinsinéirí – suirbhé EU-SILC’, suíomh gréasáin Eurostat, Feabhra 2026.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go mbíonn ionchas saoil níos faide ag mná go ginearálta agus gur dóchúla go mbeidh cúram fadtéarmach ag teastáil uathu sa tseanaois<FOOTNOTE><FIELD> Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe, ‘<STRING ITALIC="on">The growing need for long-term care – Assumptions and realities’</STRING> [An gá méadaitheach le cúram fadtéarmach – Toimhdí agus réaltachtaí].</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go leanfaidh córais slándála sóisialta poiblí agus cosanta sóisialta de bheith láidir agus cistithe go leormhaith agus go hinbhuanaithe, ionas gur féidir leo leanúint de thacaíocht iontaofa a sholáthar;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach mór obair faoi cheannas na mban, lena n-áirithítear cumhachtú eacnamaíoch agus lena méadaítear rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht agus sa saol poiblí, a bheith bunaithe ar shaoirse rogha agus ar shaibhreas féidearthachtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go n-eascraíonn pionós pá na máithreachais, eadhon an bhearna phá idir máithreacha agus aithreacha agus idir mná a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu agus nach bhfuil leanaí cleithiúnacha acu, as easpa saoráidí cúraim leanaí, as róbheag aithreacha a ghlacann saoire do thuismitheoirí nó saoire atharthachta, as uaireanta oibre nach bhfuil comhoiriúnach le saoráidí do chúram leanaí agus do chúram sóisialta do dhaoine scothaosta, as roinnt éagothrom an chúraim neamhfhoirmiúil sa bhaile, agus as claontachtaí cultúrtha lena ngearrtar pionós ar mháithreacha i saol na hoibre; de bhrí gur minic a bhíonn ar mhná aghaidh a thabhairt ar thuilleamh laghdaithe, agus nach bhfilltear an tuilleamh sin ar leibhéil réamhbhreithe, agus go mbíonn dul chun cinn gairme níos moille ag mná tar éis dóibh leanaí a bheith acu, rud a bhfuil tionchar díreach aige ar a dtuilleamh agus ar a gcaighdeáin mhaireachtála ag an am sin agus ar a gcumas teidlíochtaí pinsin leordhóthanacha a charnadh amach anseo; ag tabhairt dá haire go bhfuil an pionós pá máithreachais ina bhacainn shuntasach ar chomhionannas inscne iomlán agus ar chobhsaíocht fhadtéarmach dhéimeagrafach agus eacnamaíoch araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir i dtuarascálacha Draghi agus Letta araon go bhfuil infhaighteacht, inacmhainneacht agus cáilíocht seirbhísí cúraim – lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige, cúram fadtéarmach agus tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas – ina mbacainn struchtúrach ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, go háirithe do mhná, agus go laghdaíonn siad acmhainneacht fhoriomlán táirgiúlachta an Aontais; de bhrí gur infheistíocht shóisialta tháirgiúil í infheistíocht i mbonneagar cúraim agus i bpoist ardcháilíochta lena neartaítear iomaíochas agus athléimneacht agus lena gcothaítear rannpháirtíocht chomhionann na mban i ngach réimse den tsochaí, lena n-áirítear fostaíocht; de bhrí gur cheart an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a fhorfheidhmiú go críochnúil agus meastóireacht a dhéanamh ar a héifeacht; de bhrí go bhfuil comhroinnt níos cothroime idir tuismitheoirí bunriachtanach, i gcás saoire do thuismitheoirí agus freagrachtaí cúraim araon, lena n-áirítear trí theidlíochtaí saoire neamh-inaistrithe dea-cheaptha, chun comhdheiseanna do mhná agus d’fhir a chur chun cinn agus chun rannchuidiú le sochaí atá níos cothroime ó thaobh inscne de agus le margadh saothair nua-aimseartha, athléimneach;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur colún tábhachtach dár sochaí é an cúram; de bhrí go ndéanann mná obair chúraim neamhíoctha agus tearcíoctha do leanaí, do dhaoine scothaosta, do dhaoine breoite, do dhaoine faoi mhíchumas, do bhaill teaghlaigh nó do chleithiúnaithe eile go díréireach, fiú tar éis dóibh dul isteach i margadh an tsaothair, agus go bhfuil sí fós ina mórspreagadh do neamhionannais inscne maidir le hioncam, dul chun cinn gairme agus pinsin; de bhrí go gcoinníonn freagrachtaí cúraim thart ar 7,7 milliún bean amach as margadh an tsaothair, i gcomparáid le 450 000 fear; de bhrí go bhfuil creidmheasanna pinsin tugtha isteach ag roinnt tíortha do chúramóirí, rud a chiallaíonn go n-aithnítear an t-am a chaitear ag tabhairt cúraim i ríomhanna pinsin;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go bhfuil ráta na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta níos airde do mhná ná d’fhir (21,9 % i gcomparáid le 20 %); de bhrí, de bharr bochtaineacht ama, go laghdaítear deiseanna na mban dul i mbun fostaíocht fhadtéarmach, lánaimseartha, rud lena sriantar a n-acmhainneacht tuillimh agus lena méadaítear a spleáchas ar phoist ar phá íseal nó ar phoist pháirtaimseartha, a ranníocaíochtaí pinsin a laghdú agus a spleáchas airgeadais a mhéadú sa tseanaois freisin, agus iad a nochtadh tuilleadh d’fhoréigean inscnebhunaithe, go háirithe foréigean teaghlaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí go bhfuil roinnt rialachán ionchorpraithe ag an Spáinn lena mbunaítear córas dlí cuimsitheach atá dírithe ar an mbearna inscne a laghdú, amhail an forlíonadh sealadach maidir leis an mbearna inscne a dheonaítear do mhná atá i dteideal pinsean ranníocach agus ar máithreacha (bitheolaíocha nó uchtaíocha) iad, agus a bhféadfadh fir a bheith incháilithe ina leith más féidir leo a chruthú gur cuireadh, i ndiaidh breith nó uchtú linbh, isteach ar a ngairm ghairmiúil nó go ndearnadh difear dóibh;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gurb iad mná in aois mheanapásach an grúpa is mó fás sa lucht saothair, de réir na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS); de bhrí go meastar go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh agus go dtiocfaidh méadú breise uirthi; de bhrí go bhfuil saincheist an mheanapáis san ionad oibre fós dofheicthe den chuid is mó;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go mbeidh geilleagar AE níos iomaíche agus níos cothroime, ina mbeidh níos mó post agus poist ar cháilíocht níos fearr, mar aon le bearta réamhghníomhacha d’earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná, ríthábhachtach chun na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a dhúnadh ar bhealach inbhuanaithe agus dírithe ar fhás, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht iomlán na mban i margadh an tsaothair, le moltaí bunaithe ar dhea-chleachtas, agus lena gcuirfear ar chumas na mban dul chun cinn a dhéanamh in earnálacha ardluacha amhail an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht, an dlí agus an t-airgeadas; de bhrí go gcabhraíonn dea-chleachtas, go háirithe i bhfeachtais faisnéise amhail an ‘t-imchlúdach flannbhuí’, le daoine atá árachaithe ag córais phinsin phoiblí náisiúnta a chur ar an eolas faoina gcoigilteas dá bpinsean;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir i dtuarascálacha Draghi agus Letta nach bhfuil an Eoraip ag baint leas iomlán as an tallann atá ar fáil di, go háirithe i measc mná ardoilte; de bhrí go gcuirtear, le marthanacht ‘síleáil ghloine’ san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, srian ar rochtain na mban ar phoist shinsearacha, bhainistíochta agus chinnteoireachta; de bhrí nach mór comhionannas inscne a bheith ann ar dtús le comhdheiseanna do chailíní agus do bhuachaillí ó na céimeanna is luaithe den oideachas; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach rannpháirtíocht cailíní in ETIM agus i scileanna digiteacha a chur chun cinn chun geilleagar Eorpach atá cothrom ó thaobh inscne de agus iomaíoch a thógáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí gur príomhchoinníollacha iad cur chun cinn an chomhionannais inscne san fhostaíocht agus san fhiontraíocht, agus rannpháirtíocht chothrom na mban agus na bhfear i margadh an tsaothair a áirithiú, d’fhás inbhuanaithe, do tháirgiúlacht níos airde, don nuálaíocht agus d’iomaíochas fadtéarmach inbhuanaithe gheilleagar na hEorpa; de bhrí go rannchuidítear le cur chun cinn comhdheiseanna do mhná agus d’fhir araon le hathléimneacht dhéimeagrafach agus eacnamaíoch na hEorpa agus go bhféadfadh sé OTI <STRING ITALIC="on">per capita</STRING> AE agus a inbhuanaitheacht fhioscach a mhéadú go suntasach;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí, i ngeilleagar margaidh sóisialta dinimiciúil atá dírithe ar an nuálaíocht, gur cheart scileanna, táirgiúlacht agus feidhmíocht a chúiteamh, rud lena gcruthófaí níos mó deiseanna do mhná dul chun cinn a dhéanamh in earnálacha ardluacha amhail an teicneolaíocht, an talmhaíocht, an tionsclaíocht, an chosaint, an leigheas, an dlí agus an t-airgeadas; de bhrí go spreagfaí leis sin cailíní agus mná óga agus go dtacófaí leo chun oideachas agus gairmeacha a shaothrú sna hearnálacha ardluacha sin ó aois óg, rud lena gcuideofaí le steiréitíopaí inscne a dhíchur agus roghanna gairme amach anseo a leathnú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí go bhfuil ráta na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta (AROPE) níos airde i measc daoine scothaosta (75 bliana d’aois agus níos sine), pinsinéirí faoi mhíchumas agus iad siúd atá as obair ar feadh tréimhsí fada; de bhrí gurbh ionann ráta AROPE i measc daoine atá ar scor san Aontas agus 15,6 % in 2020; de bhrí go bhfuil bearna phá an ghrúpa sin idir na hinscní, ag 13 % in 2020, agus a bhearna phinsin idir na hinscní, ag 29 % in 2019, fós suntasach sa lá atá inniu ann; de bhrí nach bhfuil teidlíochtaí pinsin leordhóthanacha carntha ag go leor mná scothaosta agus gur minic a bhíonn siad ag brath ar thacaíocht teaghlaigh nó ar phinsin marthanóirí; de bhrí go méadaíonn fad saoil na mban an dóchúlacht go mbeidh siad ina gcónaí ina n-aonar ar ioncam aonair; de bhrí nach mór pinsin a bheith leormhaith i gcónaí agus iad a chur in oiriúint don chostas maireachtála, agus nach mór feabhas a chur ar dhreasachtaí le haghaidh rannpháirtíocht níos faide i margadh an tsaothair, chun bochtaineacht agus spleáchas seanaoise a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur féidir míchothromaíochtaí i margadh an tsaothair a laghdú trí sheasamh le prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, trí aghaidh a thabhairt ar thearcluacháil earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná agus trí dheireadh a chur le bacainní ionas gur féidir le tuilleadh ban dul isteach in earnálacha ina bhfuil ardphá agus ina bhfuil ceannas ag fir; de bhrí gurb í an bhearna phá idir na hinscní an bhearna is airde sna hearnálacha sin; de bhrí go mbraitheann an tsochaí freisin ar sheirbhísí bunriachtanacha amhail cúram, ar seirbhísí iad a bhíonn tearcíoctha go minic agus a dhéanann mná den chuid is mó; de bhrí gur cheart go mbeadh pá sna hearnálacha sin cothrom agus inbhuanaithe chun tacú le mná agus lena dteaghlaigh, chun rannpháirtíocht an lucht saothair a neartú agus chun stádas na ngairmeacha sin a fheabhsú; de bhrí go bhfágann baol na bochtaineachta agus, ar leibhéal níos lú, an baol do neamhspleáchas airgeadais na mban a eascraíonn as na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní, go ndéantar mná a nochtadh tuilleadh d’fhoréigean inscnebhunaithe, go háirithe foréigean teaghlaigh, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra dóibh caidreamh drochídeach a fhágáil; de bhrí, de réir na Náisiún Aontaithe, go bhfulaingíonn beagnach 35 % de mhná ar fud an domhain ciapadh síceolaíoch nó gnéasach san ionad oibre nó ciapadh a bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha aige ó thaobh mianta pearsanta agus gairmiúla de; de bhrí go ndéantar leis sin dochar d’fhéinmheas na mban agus go lagaítear a seasamh maidir le luach saothair níos cothroime a chaibidliú; de bhrí go bhféadfar difear díréireach a dhéanamh do mhná mar gheall ar dhífhostaíocht ard, ar fhás pá lag agus ar obair neamhdhaingean; de bhrí go bhfuil drochthionchar aige sin ar chumhachtú eacnamaíoch na mban agus ar chomhionannas a bhaint amach idir mná agus fir; de bhrí gur féidir tacú le cruthú post agus deiseanna trí athchóirithe dea-cheaptha ar mhargadh an tsaothair, trí gheilleagar iomaíoch agus trí airgeadas poiblí inbhuanaithe; de bhrí gur cheart seirbhísí poiblí agus tacaíocht shóisialta a bheith spriocdhírithe agus éifeachtach, lena n-áiritheofar luach ar airgead agus na daoine is leochailí á gcosaint ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go bhfuil córais phinsin ar fud an Aontais bunaithe go ginearálta ar thrí cholún: pinsin stáit, pinsin cheirde arna soláthar ag fostóirí, agus coigilteas nó infheistíochtaí príobháideacha; de bhrí gur minic a bhíonn laghdú ar theidlíochtaí i ngach ceann de na trí cholún mar thoradh ar thuilleamh níos ísle, ar bhriseadh gairme, ar fhreagrachtaí cúraim agus ar ró-ionadaíocht na mban i gcineálacha neamhchaighdeánacha oibre, rud lena gcuirtear leis an mbearna phinsin idir na hinscní agus lena méadaítear baol na bochtaineachta sa tseanaois; de bhrí, i ngeilleagar an chúraim, gur mná a dhéanann formhór na bpost, agus go bhfuil ceannas díréireach ag fir ar cheannaireacht agus ar chinnteoireacht; de bhrí gur féidir ról ríthábhachtach a bheith ag trédhearcacht pá chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn suntasach maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní, ós rud é go gcuidítear léi tearcluacháil obair na mban a nochtadh agus aird a tharraingt ar ghnéithe inscne de dheighilt mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear trí uirlisí lena soláthraítear critéir oibiachtúla lena gceadaítear measúnú inscne-neodrach agus inchomparáideacht luach na hoibre i bpoist agus in earnálacha éagsúla; de bhrí nach mór tionchar Threoir 79/7/CEE ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1979/7/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ar fhéidearthachtaí na mBallstát aghaidh a thabhairt ar an mbearna phinsin idir na hinscní a chur i gcuntas; de bhrí gur féidir, le hathbhreithnithe  ar chaiteachas atá freagrúil ó thaobh inscne de, feabhas a chur ar luach ar airgead i mbuiséid phoiblí agus gur féidir a áirithiú leo go ndíreofar bearta ar bhealach níos fearr chun tacú le teaghlaigh agus leis an obair;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil modhanna meastóireachta post atá saor ó chlaontacht inscne bunriachtanach chun gur féidir poist a chur i gcomparáid ar bhonn a scála agus a gcastacht, chun post amháin a chinneadh i ndáil le post eile laistigh d’earnáil nó d’eagraíocht ar leith, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil na poist atá i gceist ag mná nó ag fir; de bhrí go bhfuil torthaí mhargadh an tsaothair i bhfad níos measa roimh mhná faoi mhíchumas, agus, dá bhrí sin, go bhfuil ionchais phinsin níos boichte fós acu, ná mar atá roimh fhir agus roimh mhná nach bhfuil faoi mhíchumas araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí nach mór comhionannas inscne a shaothrú trí chur chuige trasnach lena n-aithnítear conas is féidir le cineálacha éagsúla idirdhealaithe agus míbhuntáiste – lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar aois, míchumas, bunadh ciníoch nó eitneach, stádas socheacnamaíoch, gnéaschlaonadh agus áit chónaithe – neamhionannais a bhíonn ag mná agus cailíní san oideachas, san fhostaíocht agus sa rochtain ar chosaint shóisialta a dhéanamh níos measa;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí gur deitéarmanant í an chómhargáil maidir le héagothromaíochtaí a aisiompú agus a shárú; de bhrí nach leor tuarastal comhionann a ráthú d’obair ar comhionann a luach sa bhochtaineacht, ós rud é gur cheart comhionannas i dtuarastail a bhaint amach in éineacht le méadú ginearálta ar thuarastail oibrithe agus feabhsuithe ar a ndálaí oibre chun dínit agus ceartas sóisialta a ráthú dóibh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Staid na himeartha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú gur prionsabal bunaidh de chuid an Aontais é pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach agus go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit deireadh a chur le hidirdhealú inscnebhunaithe i ngach gné den luach saothair, de dhálaí oibre agus de chineálacha conarthaí fostaíochta; á mheabhrú go gcuideofar le cur chun feidhme iomlán na Treorach maidir le Trédhearcacht Pá chun deireadh a chur le hidirdhealú agus claontacht inscnebhunaithe ag an obair, e.g. i gcleachtais earcaíochta agus i struchtúir phá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní fós ann san Aontas, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar staid shóisialta agus eacnamaíoch na mban agus, dá bhrí sin, ar an tsochaí ina hiomláine; á chur in iúl gur oth léi, cé go bhfuil laghdú beag tagtha le deich mbliana anuas ar an meánbhearna phá agus phinsin idir na hinscní ar fud an Aontais, nach leor fós luas reatha an athraithe chun an bhearna a dhúnadh roimh 2100; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil bochtaineacht agus eisiamh seanaoise fós ina ndúshlán do mhná scothaosta, agus go bhfuil siad sin ag dul i méid i gcoinne na treochta foriomláine, agus béim á leagan ar an ngá atá le córais pinsin inbhuanaithe a neartú agus tacú le haosú gníomhach; á chur in iúl gur geal léi an fógra maidir le straitéis frithbhochtaineachta AE agus á iarraidh ar an gCoimisiún sineirge a áirithiú idir an togra sin agus an straitéis um chomhionannas inscne atá ar na bacáin chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí inscne agus trasnacha na bochtaineachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil mná ar fud an Aontais i mbaol bochtaineachta níos mó ná fir, go háirithe mná a ndéantar cineálacha trasnacha idirdhealaithe orthu, amhail máithreacha aonair, mná scothaosta, mná faoi mhíchumas, náisiúnaigh tríú tír, daoine LADTIA+ agus mná i gceantair thuaithe; á chur i bhfáth nach amháin go bhfuil an bhearna phinsin idir na hinscní mar thoradh ar neamhionannais phá a charnadh le linn a saolré ach freisin ar dheiseanna éagsúla ar mhargadh an tsaothair, ar dháileadh éagothrom na hoibre cúraim neamhfhoirmiúil sa bhaile, agus ar chlaontacht inscne sa tsochaí; á iarraidh go mbeadh beartais ann lena n-aithnítear na míbhuntáistí sin agus rannpháirtíocht i bhfostaíocht ar ardchaighdeán agus i gcomhdheiseanna á gcur chun cinn ag an am céanna; ag tabhairt dá haire, ós rud é gurb ionann pinsin seanaoise agus ceithre chúigiú den ioncam iomlán ar an meán tar éis scoir, agus i bhfianaise na ndúshlán déimeagrafach leanúnach, mura dtabharfar aghaidh ar an mbearna phinsin idir na hinscní, d’fhéadfaí comhtháthú sóisialta fadtéarmach na mBallstát agus inbhuanaitheacht na gcóras cosanta sóisialta a chur i mbaol;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil saoirse aonair agus neamhspleáchas eacnamaíoch na mban bunriachtanach dá slándáil phearsanta agus dá ndínit phearsanta, agus go méadaíonn rannpháirtíocht íseal i margadh an tsaothair leochaileacht i leith drochíde, foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean teaghlaigh agus foréigean i spásanna poiblí, agus spleáchas eacnamaíoch; á iarraidh ar na Ballstáit bearta spriocdhírithe a dhéanamh chun foréigean agus ciapadh inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac, ar líne agus as líne araon, lena n-áirítear trí fheachtais feasachta, trí Choinbhinsiún Iostanbúl a fhorfheidhmiú agus trí Choinbhinsiún EIS maidir le Foréigean agus Ciapadh (Coinbhinsiún 190) a dhaingniú chun sásraí éifeachtacha cosanta íospartach a áirithiú i saol na hoibre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndéanann mná sciar díréireach d’obair chúraim agus tí gan íocaíocht fós, rud a laghdaíonn a rannpháirtíocht i margadh an tsaothair agus a bhfabhrú pinsin; á aithint go gcruthaíonn na róil thraidisiúnta inscne, na claontachtaí agus roinnt mhíchothrom na bhfreagrachtaí cúraim i measc na mban agus na bhfear pionós pá máithreachais agus pionós i leith aire a thabhairt do leanaí, do bhaill teaghlaigh nó do chleithiúnaithe eile atá faoi mhíchumas nó atá níos sine nó breoite, agus go gcuireann na pionóis sin ní hamháin leis na bearnaí leanúnacha pá agus pinsin idir na hinscní ach gur féidir leo mná ar mian leo leanaí a bheith acu a dhíspreagadh freisin, tráth a bhfuil meath déimeagrafach ag bagairt ar go leor tíortha AE, toisc go laghdaíonn siad na deiseanna do mhná óga, go háirithe, i margadh an tsaothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil infheistíocht neamhleor i seirbhísí cúraim leanaí agus cúraim fhadtéarmaigh ar ardchaighdeán, agus infhaighteacht theoranta, ardchostas agus easpa bonneagar leormhaith dóibh, fós ina bpríomhdhúshlán do rannpháirtíocht iomlán na mban sa tsochaí agus i margadh an tsaothair, go príomha, agus go bhféadfadh sé go bhfágfadh mná margadh an tsaothair roimh am nó go neamhdheonach agus go bhféadfaidís bac a chur ar a ndul chun cinn gairme; á chur i bhfios go láidir gur gá obair chúraim gan íocaíocht a aithint agus a léiriú go córasach i ndearadh beartais agus i gcórais cosanta sóisialta agus, ag an am céanna, deiseanna a éascú do mhná filleadh ar mhargadh an tsaothair; á aithint gur cloch choirnéil den tsochaí é an cúram agus gurb iad na mná, den chuid is mó, a sholáthraíonn é; á mheabhrú gur minic a bhíonn freagrachtaí breise nó fiú freagrachtaí lánaimseartha ag baint le cúram a thabhairt do leanaí agus do bhaill teaghlaigh nó do chleithiúnaithe eile atá faoi mhíchumas nó atá níos sine nó breoite; á thabhairt chun suntais go léirítear an réaltacht sin i bpatrúin mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear rátaí níos airde d’obair pháirtaimseartha, pá níos ísle in aghaidh na huaire, bristeacha gairme agus tréimhse fostaíochta níos giorra i measc na mban; á iarraidh go mbeadh beartais ann a thacaíonn le teaghlaigh ina n-éagsúlacht uile, a chuireann cothromaíocht oibre is saoil chun cinn, agus a spreagann fir agus mná araon freagrachtaí cúraim a roinnt, agus a áirithiú ag an am céanna go n-urramófar obair chúraim, bíodh sí foirmiúil nó neamhfhoirmiúil, agus go mbeidh meas cothrom uirthi laistigh den tsochaí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Buntáistí an chomhionannais inscne don tsochaí, don fhás eacnamaíoch, don iomaíochas agus don chomhrac i gcoinne an idirdhealaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a dhúnadh don chomhionannas agus don iomaíochas, agus gur cheart é a bhaint amach trí bhearta fianaise-bhunaithe, agus sainchumais na mBallstát agus na gcomhpháirtithe sóisialta á n-urramú; á mheabhrú go gcosnaíonn bearnaí inscne i bpá agus i bhfostaíocht EUR 390 billiún ar AE in 2023<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, ‘Mind the gap! Gender employment gap cost Europe over €390 billion in 2023’ [Seachain an bhearna! Cosnóidh an bhearna fostaíochta idir na hinscní os cionn €390 billiún ar an Eoraip in 2023] Suíomh gréasáin Eurofound, Márta 2025.</FIELD></FOOTNOTE> trí thuilleamh caillte, ranníocaíochtaí leasa agus costais airgeadais phoiblí na sochar leasa shóisialta a fhaigheann mná nach bhfuil ag obair; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh dúnadh na bearna fostaíochta idir na hinscní táirgiúlacht a mhéadú, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh méadú 3,2 % go 5,5 % ar OTI <STRING ITALIC="on">per capita</STRING> faoi 2050, agus go spreagfadh dálaí oibre níos solúbtha, cothromaíocht oibre is saoil níos fearr agus pá níos airde níos mó ban chun dul isteach sa mhargadh saothair, rud a d’fhágfadh go mbeadh méadú ar acmhainneacht tháirgiúil an gheilleagair<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘<STRING ITALIC="on">Economic benefits of gender equality in the European Union – How closing the gender gaps in labour market activity and pay leads to economic growth’</STRING> [Tairbhí eacnamaíocha an chomhionannais inscne san Aontas Eorpach – An chaoi a n-eascraíonn fás eacnamaíoch as na bearnaí idir na hinscní i ngníomhaíocht sa mhargadh saothair agus i bpá a dhúnadh], 2017.</FIELD></FOOTNOTE>; á aithint go mbíonn tionchar díréireach ag an ngéarchéim maidir le costas maireachtála ar mhná, lena n-áirítear máithreacha; á iarraidh go mbeadh bearta ann lena n-áiritheofar go léireoidh pá an costas maireachtála agus go ndreasóidh sé rannpháirtíocht an lucht saothair, agus go leanfaidh sé de chreataí náisiúnta mhargadh an tsaothair agus comhaontuithe comhpháirtíochta sóisialta a urramú ag an am céanna; á chur i bhfáth go neartaítear, le rannpháirtíocht chomhionann na mban agus na bhfear i bhfostaíocht ardcháilíochta, soláthar saothair an Aontais agus a athléimneacht eacnamaíoch fhoriomlán agus go bhfuil sí ag teacht le clár oibre iomaíochais na hEorpa; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun gnóthachain chainníochtaithe ó chomhionannas inscne méadaithe a áireamh i réamhaisnéis eacnamaíoch agus i measúnuithe tionchair beartais i gcás inarb ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt chun suntais go raibh an bhearna phá níos airde san earnáil phríobháideach in 2023 ná san earnáil phoiblí i bhformhór thíortha AE<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, ‘Topaicí – Tuiscint ar an mbearna phá idir na hinscní: sainmhíniú, fíricí agus cúiseanna’, suíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa, 2020.</FIELD></FOOTNOTE> agus go bhfuil gá le hiarrachtaí sonracha chun a áirithiú go spreagfaidh cuideachtaí cleachtais neamh-idirdhealaitheacha go gníomhach agus go gcuirfidh siad comhdheiseanna agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheabhrú gurb iad fostaithe agus gnólachtaí a spreagann iomaíochas AE, mar a aithnítear i dtuarascáil Draghi; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ganntanais scileanna agus saothair, atá níos measa mar gheall ar an laghdú atá ag teacht ar an daonra in aois oibre, ag cur isteach go mór ar tháirgiúlacht agus ar fhás AE; á chur i bhfios go bhféadfaí cabhrú leis na brúnna sin a mhaolú trí fheabhas a chur ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus ar dhálaí oibre na mban, go háirithe sna hearnálacha atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn agus atá nasctha leis an dá aistriú; á iarraidh go ndéanfaí comhionannas inscne agus comhrac steiréitíopaí inscne a phríomhshruthú ar bhealach a thacaíonn le rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair, le forbairt scileanna agus le hiomaíochas, agus lena spreagfaí deireadh a chur le bacainní ar dheiseanna ar fud chláir oibre iomaíochais, thionsclaíocha, scileanna agus dhigiteacha an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit comhionannas inscne a chur i bhfeidhm maidir le clársceidealú, seirbhísí poiblí agus, go háirithe, cúram sláinte gnéis agus atáirgthe a sholáthar, lena n-áirítear rochtain ar ghinmhilleadh saor in aisce, sábháilte agus dlíthiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh go bhforbrófaí straitéisí agus beartais inscne-fhreagrúla san earnáil dhigiteach agus go ndéanfaí iarrachtaí spriocdhírithe chun mná a lánpháirtiú ar bhealach níos éifeachtaí i margadh an tsaothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil cleachtais earcaíochta agus cur chun cinn atá oibiachtúil agus bunaithe ar fhiúntas agus comhdheiseanna, seirbhísí tacaíochta agus cearta gach duine a bheith rannpháirteach, mar bhonn le cóir chomhionann as a n-eascraíonn iomaíocht chóir i margadh saothair feidhmiúil, rud a d’fhéadfadh laghdú a dhéanamh ar na claontachtaí a mbíonn tionchar diúltach acu ar dhul chun cinn gairme na mban agus, dá bhrí sin, pionós a ghearradh ar a dtuilleamh, lena n-áirítear iompraíochtaí idirdhealaitheacha bunaithe ar inscne, cine, míchumas, aois agus gnéaschlaonadh agus féiniúlacht; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí an Treoir maidir le Cothromaíocht Inscne ar Bhoird Chorparáideacha a chur chun feidhme go hiomlán agus faireachán a dhéanamh uirthi agus ag spreagadh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus cuideachtaí neamhliostaithe eile chun dea-chleachtas a leanúint maidir le cothromaíocht inscne sa bhainistíocht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go soláthraítear, i sochaí agus i ngeilleagar athléimneach, cuimsitheach agus inbhuanaithe atá dírithe ar an bhfás, poist ardcháilíochta ar phá maith in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná lena gcuirtear ar chumas na mban teidlíochtaí pinsin láidre a fhorbairt le linn a ngairmeacha beatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur gá a áirithiú nach mbeidh ar mhná atá ag obair in earnáil na cosanta aghaidh a thabhairt ar aon chineál idirdhealaithe bunaithe ar steiréitíopaí agus go mbeidh rochtain acu ar ghairmeacha cobhsaí a bhfuil pá maith ag gabháil leo agus a bhfuil ranníocaíochtaí leormhaithe pinsin ag gabháil leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á mheas gur cheart do na Ballstáit díriú ar bhacainní ar fhostaíocht agus ar fhiontraíocht a laghdú, tacú le cothromaíocht oibre is saoil do theaghlaigh trí bheartais leormhaithe um shaoire tuismitheora, socruithe solúbtha oibre agus an ceart chun dícheangail, líonraí oideachais luath-óige, cúram leanaí agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh atá ar ardchaighdeán, inrochtana agus inacmhainne agus atá comhoiriúnach le hobair lánaimseartha, agus infheistíocht a dhéanamh i gcláir oiliúna, athscilithe agus uas-scilithe lena gcabhraítear le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna, lena n-áirítear do mháithreacha aonair, do mhná scothaosta, do dhaoine LADTIA+, do mhná faoi mhíchumas, do mhná i gcásanna leochaileacha, do náisiúnaigh tríú tír agus do mhná atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta agus do na réigiúin is forimeallaí, ós rud é gur dóichí go mbeidh deacracht acu rochtain a fháil ar oiliúint agus ar dheiseanna oibre; ag moladh rannchuidiú na mban le geilleagar na tuaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Na dúshláin</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil deighilt inscne ar fud earnálacha agus gairmeacha ina spreagadh struchtúrach tábhachtach don bhearna phá idir na hinscní; á chur i bhfáth go bhfuil an deighilt sin cothrománach, agus go bhfuil ró-ionadaíocht ag mná in earnálacha ar phá íseal agus atá tearcluacháilte go stairiúil, agus ingearach, inar lú an dóchúlacht, laistigh den earnáil chéanna, go mbeidh róil shinsearacha agus bhainistíochta ar phá níos fearr ag mná; á chur i bhfios go láidir go ndéantar pá níos ísle agus tearcluacháil ar earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná go ginearálta mar gheall ar thosca éagsúla agus nach féidir údar a thabhairt leis sin mar gheall ar dhifríochtaí inniúlachta nó fiúntais, agus go bhfaigheann níos mó ban ná fir pá íseal agus an pá íosta i mbeagnach gach Ballstát AE in ainneoin go bhfuil mná níos óige ag éirí níos fearr ná fir níos óige i ngnóthachtáil oideachais<FOOTNOTE><FIELD> Eurostat, Míniú ar Staidreamh – Staidreamh gnóthachtála oideachais’, suíomh gréasáin Eurostat, Bealtaine 2025.</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach mná iad ach 30 % de chomhaltaí boird chorparáidigh, agus gur mná iad níos lú ná duine as gach deichniúr uachtarán boird nó príomhoifigigh feidhmiúcháin (POFanna) cuideachtaí móra<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, Innéacs um Chomhionannas Inscne 2021:</FIELD></FOOTNOTE>, rud lena léirítear go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht shuntasach i róil shinsearacha, i gcláir cheannaireachta agus mheantóireachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil an bhearna phá idir na hinscní is airde i bpoist a bhfuil pá maith ag gabháil leo<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, ‘Faireachlann Eorpach um Poist 2021: Bearnaí idir na hinscní agus an struchtúr fostaíochta’, 2021.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir gur rud seasmhach iad na síleálacha gloine sa bhainistíocht, sa taighde agus sa nuálaíocht agus go gcuirtear srian leo ar an táirgiúlacht agus ar an iomaíochas; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach an bhearna cheannaireachta a dhúnadh chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil cineálacha éagsúla pá, amhail scaireanna nó bónais chuideachta, ag éirí níos coitianta agus go bhfuil siad ag méadú níos gasta i measc na bhfear ná na mban faoi láthair<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, ‘Comhionannas inscne ag an obair’, 2020.</FIELD></FOOTNOTE>, agus béim á leagan ar dheis thábhachtach chun a áirithiú go rachaidh fás na samhlacha nua cúitimh sin chun tairbhe do mhná go cothrom agus ag tacú leis an dul chun cinn i dtreo an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag meabhrú ról uathúil na gcúramóirí agus chineál bunriachtanach an tsoláthair cúraim inár sochaí, go háirithe i bhfianaise na dtreochtaí déimeagrafacha atá ann faoi láthair agus daonra atá ag dul in aois; á chur i bhfáth gur príomhthoisc sna bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní é sciar éagothrom na bhfreagrachtaí cúraim agus baile atá ag mná beagnach go heisiach; á mheabhrú gur mó an seans go mbeidh mná dífhostaithe, go n-oibreoidh siad go páirtaimseartha, go n-oibreoidh siad in earnálacha ar phá níos ísle ina bhfuil mná faoi cheannas agus go nglacfaidh siad sosanna gairme, agus gur féidir é sin a chur i leith an phionóis cúraim go páirteach, rud a bhfuil tionchar aige dá bharr sin ar phá agus ar dhul chun cinn gairme agus a chuireann le baol na bochtaineachta; á mheabhrú, thairis sin, nach gcuirtear tréimhsí neamhláithreachta ón bhfostaíocht chun freagrachtaí cúraim a ghlacadh i gcuntas i dtreo teidlíochtaí pinsin a fhabhrú, in ainneoin na gcostas a shábhálann an stát trí chúram neamhfhoirmiúil a dhéanann mná;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag meabhrú an chirt chun saoire do thuismitheoirí mar a chumhdaítear sa Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil, agus á chur i bhfáth gur gá í a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach; á chur i bhfios go láidir nach mór don bheartas dul i ngleic le comhroinnt éagothrom ualaigh idir mná agus fir agus tacú le dáileadh cothrom saoire do thuismitheoirí agus freagrachtaí cúraim idir tuismitheoirí chun samhail ‘saothraí comhionann, cúramóir comhionann’ a bhaint amach; á iarraidh ar na Ballstáit saoire atharthachta neamh-inaistrithe a íoctar go leormhaith a chur chun cinn agus feachtais feasachta agus dreasachtaí a thabhairt isteach chun glacadh na bhfear le saoire tuismitheora a mhéadú, agus bearta a áireamh chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le glacadh atá imdhealaithe de réir inscne; ag cur béim ar ról na bhfostóirí maidir le fostaíocht lánaimseartha a dhéanamh comhoiriúnach le freagrachtaí cúraim;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit oibriú go dlúth leis na comhpháirtithe sóisialta chun bearta gníomhacha agus comhordaithe a dhéanamh, lena n-áirítear oiliúint agus meantóireacht spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar na neamhionannais inscne struchtúracha atá mar bhonn agus mar thaca ag drogall na mban iarratas a dhéanamh ar ardú céime nó chun aird a tharraingt ar a bhfuil bainte amach acu féin; á chur i bhfáth nach rogha aonair é an drogall sin ach go n-eascraíonn sé as steiréitíopaí inscne daingnithe, leithscaradh gairme agus gairmthreoir neamh-leormhaith, a dhéanann difear go háirithe do mhná ar bheagán oiliúna agus imeallaithe; ag tathant ar na Ballstáit oibriú go dlúth leis na comhpháirtithe sóisialta chun deireadh a chur leis na bacainní sin trí chultúir chuimsitheacha san ionad oibre, trí chreataí feabhsaithe forbartha gairme agus trí straitéisí réamhghníomhacha comhionannais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh faoin méadú seasta, ó 2015 i leith, ar bhochtaineacht seanaoise agus ar eisiamh sóisialta, a dhéanann difear go háirithe do mhná scothaosta, agus faoi rátaí bochtaineachta drámatúla na mban os cionn 75 bliana d’aois i roinnt Ballstát, mar shiombail den neamhionannas inscne foriomlán i dtuilleamh saoil; ag cur béim ar an bhfíoras gur mó seans go gcaithfidh mná scothaosta tréimhsí níos faide dá saol a bhfuil cúram agus seirbhísí tacaíochta de dhíth orthu iad féin, ar mó na costais a bhaineann leo ná an meánioncam pinsin i bhformhór na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth go gcuirtear, de bharr claontachtaí inscne neamh-chomhfhiosacha san earcaíocht, san ardú céime agus i socrú pá, leis an mbearna phá idir na hinscní; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil steiréitíopaí inscne, lena gcuirtear mná ar ais in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná go traidisiúnta, ar phá íseal, i bhfabhar fir thar iarrthóirí ar mná iad atá chomh cáilithe céanna, agus go ndéantar an ‘urlár greamaitheach’<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘<STRING ITALIC="on">Glossary and thesaurus – sticky floor’</STRING> [Gluais agus teasáras – urlár greamaitheach], suíomh gréasáin na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne.</FIELD></FOOTNOTE> do dhul chun cinn gairme na mban agus tionchar na dinimice norm inscne i gcaibidlíochtaí pá níos measa le linn shaol gairmiúil na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach seirbhísí cúraim a neartú chun rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a mhéadú, chun bearnaí fostaíochta, pá agus pinsin idir na hinscní a dhúnadh agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna agus saothair trí fhostaíocht athléimneach ardcháilíochta a ghiniúint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an straitéis Eorpach um chúram agus an Moladh ón gComhairle maidir le cúram fadtéarmach a chur chun feidhme go hiomlán, spriocanna náisiúnta a leagan síos maidir le hinfhaighteacht, inrochtaineacht agus cáilíocht cúraim leanaí agus cumhdach cúraim fhadtéarmaigh agus acmhainní a chur i leataobh laistigh den Seimeastar Eorpach agus d’ionstraimí cistiúcháin AE le haghaidh seirbhísí cúraim ardcháilíochta, inacmhainne, inrochtana; á chur i bhfáth gur cheart infheistíocht phoiblí i mbonneagar cúraim a aicmiú mar chaiteachas lena gcothaítear fás faoi chreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe AE; á iarraidh ar na Ballstáit Coinbhinsiún EIS 2011 maidir le hObair Chuibhiúil d’Oibrithe Tí, a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil dúnadh na bearna cúraim leanaí fós ar cheann de na príomhdheiseanna chun feabhas a chur ar shaol tuismitheoirí nua ar fud AE; ag tabhairt dá haire gur minic a thagann an bhearna sin chun cinn tar éis breith linbh, a luaithe a thagann deireadh le saoire thuismitheoireachta íoctha agus sula gcuirtear rochtain ar oideachas agus ar chúram luath-óige lánaimseartha ar fáil; á chur i bhfios go láidir gur féidir, trí thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh le linn na hidirthréimhse sin, cumas tuismitheoirí fanacht i margadh an tsaothair a neartú go suntasach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur minic a oibríonn gnólachtaí faoi stiúir ban in earnálacha ar phá níos ísle agus go mbíonn bacainní breise rompu amhail rochtain theoranta ar mhaoiniú, laofacht inscne agus bacainní rialála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfios go n-oibríonn thart ar 6.8 milliún duine in AE mar oibrithe cúraim íoctha neamhdhearbhaithe in earnáil na seirbhísí pearsanta agus teaghlaigh, ar mná iad 90 % díobh, agus ar imircigh meánaosta iad a bhformhór<FOOTNOTE><FIELD> Eurofound, ‘Obair chúraim neamhdhearbhaithe san Aontas Eorpach: Cineálacha cur chuige beartais i leith dúshlán socheacnamaíoch casta’, 2025.</FIELD></FOOTNOTE> agus, dá bhrí sin, nach gcuimsíonn cearta saothair ná slándáil shóisialta iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil dlúthnasc idir neamhshlándáil airgeadais agus neamhionannas airgeadais agus folláine shíceolaíoch agus nár cheart neamhaird a thabhairt ar thionchar meabhairshláinte an neamhionannais pá; ag tabhairt dá haire gur dóchúla go mbeidh fadhbanna meabhairshláinte ag mná ná ag fir, amhail traochadh agus dúlagar ainsealach, go háirithe in earnálacha a bhfuil obair ar phá íseal agus obair atá dian ó thaobh mothúchán de mar shaintréith acu;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An bealach chun cinn</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha an Choimisiúin comhionannas inscne a chur chun cinn agus á iarraidh air straitéis nua, mhionsonraithe, dírithe ar thorthaí agus uaillmhianach AE maidir le comhionannas inscne a chur ar aghaidh, ag tógáil ar dhul chun cinn agus ar dhea-chleachtas roimhe seo, agus plean gníomhaíochta tiomnaithe a mholadh chun na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a dhíothú, trí bhearta fianaise-bhunaithe, trí chur chuige trasearnála a ghlacadh agus le spriocanna cainníochtúla agus faoi cheangal ama ar leibhéal AE lena n-áiritheofar go rannchuideoidh beartais chomhionannais inscne, ar réamhchoinníoll iad do shochaithe sláintiúla rathúla, le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, le hiomaíochas, le fiontraíocht, le nuálaíocht agus le folláine teaghlaigh agus le cothromaíocht oibre is saoil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, go n-áireofaí sa phlean gníomhaíochta bearta spriocdhírithe chun feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar phá cothrom in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná, chun tacú le teaghlaigh agus chun tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile lena neartaítear cothromaíocht oibre is saoil agus earnáil cúraim iontaofa; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige lena n-urramaítear inniúlachtaí náisiúnta agus réaltachtaí éagsúla na mban ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta chun treoirlínte agus treoirthionscadal Eorpach a fhorbairt le haghaidh córais mheastóireachta agus aicmithe post atá neodrach ó thaobh inscne de, lenar féidir comparáid uile-Aontais a dhéanamh idir obair ar comhionann a luach agus critéir shoiléire a shainiú chun measúnú cothrom a dhéanamh ar luach na hoibre agus ar chórais phá atá bunaithe ar fhiúntas in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná, agus oibleagáidí rialála nó airgeadais nach bhfuil gá leo ar fhostóirí á seachaint ag an am céanna; ag tabhairt dá haire gur cheart é sin a dhéanamh ar fud na n-earnálacha agus trí chearta cómhargála a áirithiú; á chur i bhfáth go ndéantar le luacháil chóir feabhas a chur ar cháilíocht, ar spreagadh agus ar iomaíochas post gan an bonn a bhaint ó sholúbthacht mhargadh an tsaothair; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát leanúint d’oiliúint a sholáthar, i gcás inarb iomchuí, chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do phróisis earcaíochta agus meastóireachta atá neodrach ó thaobh inscne de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún comhaontú cúraim Eorpach a chur i bhfeidhm, mar a fógraíodh le linn éisteachtaí parlaiminteacha 2024; á iarraidh go n-áireofaí sa chomhaontú sin sraith beartas, clár agus moltaí, mar aon le pacáiste sonrach infheistíochta cúraim, arb é is aidhm dóibh aistriú i dtreo geilleagar cúraim a chothú lena n-aithnítear cúram mar cheart, agus lena gcuirtear luach air mar chnámh droma ár sochaí; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go gcruthófaí sruth cistiúcháin tiomnaithe faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034 chun seirbhísí a chur i bhfeidhm chun tacú le cúramóirí neamhfhoirmiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit obair a chúiteamh agus réitigh a chur chun cinn lena neartaítear teaghlaigh ina n-éagsúlacht uile agus freagracht fhioscach agus tacaíocht d’fhiontair á n-áirithiú ag an am céanna, amhail socruithe solúbtha oibre do thuismitheoirí agus do dhaoine aonair agus an ceart chun dícheangail a leathnú, dreasachtaí cánach a thairiscint do bhlianta cúraim agus sochair do thuismitheoirí aonair, agus infheistíocht a dhéanamh i soláthar seirbhísí cúraim leanaí agus cúraim fhadtéarmaigh atá ar ardchaighdeán, inacmhainne agus inrochtana agus atá comhoiriúnach le beartais fostaíochta lánaimseartha agus le beartais maidir le saoire tuismitheora atá comhionann ó thaobh inscne de; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit gníomhaíochtaí a spreagadh, trí idirphlé sóisialta agus cómhargáil, chun rannpháirtíocht iomlán na mban i margadh an tsaothair a éascú agus chun a rátaí sosanna gairme agus oibre páirtaimseartha, atá níos airde ná rátaí na bhfear, a laghdú; á iarraidh go mbeadh bearta tiomnaithe ann chun filleadh na mban ar an obair a éascú tar éis sosanna fada gairme le bearta ath-lánpháirtithe agus dreasachtaí spriocdhírithe amhail scéimeanna athscilithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, agus inniúlachtaí náisiúnta á n-urramú aige, treoirlínte a eisiúint chun cabhrú le socruithe cánach a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, amhail scéimeanna comhpháirteacha cánachais, a d’fhéadfadh saothraithe tánaisteacha a dhíspreagadh ó bheith rannpháirteach go gníomhach i margadh an tsaothair, chun a áirithiú go dtacóidh beartais chánach náisiúnta le comhionannas inscne agus le rannpháirtíocht níos leithne na mban i margadh an tsaothair agus chun malartú dea-chleachtais a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé fiontraíocht na mban a chothú agus ról na ngnólachtaí faoi stiúir na mban maidir le feabhas a chur ar chumhachtú eacnamaíoch agus ar thuilleamh féideartha thar shaolré; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht níos fearr ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, go háirithe maidir le forbairt gnó, cláir mheantóireachta, rochtain ar mhaoiniú agus ar chaipiteal fiontair, agus litearthacht airgeadais fheabhsaithe do mhná, le tacaíocht ó InvestEU, ón gComhairle Nuálaíochta Eorpach agus ón Líonra Fiontar Eorpach, le bearta spriocdhírithe do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht, lena n-áirítear mná i gceantair thuaithe agus in earnálacha STEAM; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sin sa chéad straitéis eile maidir le comhionannas inscne agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá oideachas luathfhiontraíochta agus litearthachta airgeadais do chailíní chun fiontraithe ban a bheidh ann amach anseo a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur cheart níos mó ban a spreagadh chun iad féin a chur chun cinn trí cheannaireacht, forbairt, meantóireacht agus tacaíocht don chothromaíocht oibre is saoil; ag tabhairt dá haire gur chuir an Coimisiún gné inscne san áireamh ina threochlár post ardcháilíochta, agus á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go dtabharfaidh tionscnaimh ghaolmhara aghaidh ar aitheantas cothrom na hoibre a dhéanann mná de ghnáth ar fud earnálacha, agus feabhas a chur ar cháilíocht post agus ar dhálaí oibre, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le lucht saothair níos táirgiúla agus le geilleagar Eorpach níos láidre agus níos iomaíche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá deighilt inscne cheirde a bhriseadh síos trí aitheantas a thabhairt do luach na n-earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná amhail oideachas, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta ó thaobh pá agus dálaí oibre de agus trí chur ar chumas níos mó ban páirt a ghlacadh in earnálacha ardphá amhail TFC, STEAM agus airgeadas, chomh maith le róil cheannaireachta sa bhainistíocht shinsearach agus san ionad oibre, e.g. mar Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin, agus sa saol poiblí agus polaitiúil; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go ndéanfar gairmthreoir atá níos íogaire ó thaobh inscne de agus níos dinimiciúla a phríomhshruthú ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna ionas go laghdófar na bacainní a luaithe is féidir; ag spreagadh na mBallstát agus na bhfostóirí gairmthreoir atá íogair ó thaobh inscne de a sholáthar ó chéim luath agus ionadaíocht chothrom a chur chun cinn i bpoist shinsearacha agus chinnteoireachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag mná agus ag cailíní ar gach ábhar ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna; á chur i bhfios go láidir gur gá deireadh a chur le claontacht agus steiréitíopaí cultúrtha agus inscne i gcuraclaim, in ábhair teagaisc agus i ngairmthreoir agus in oiliúint d’oideoirí, chun cosc a chur ar mhná agus cailíní a threorú chuig líon teoranta réimsí staidéir nó earnálacha gairme; ag spreagadh na mBallstát chun rochtain níos fearr a chur chun cinn do chailíní ar réimsí ina mbíonn ceannas ag fir go traidisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí beartais oideachais inscne-fhreagrúla a chur chun cinn lena spreagtar cailíní agus lena dtacaítear leo chun staidéar agus gairmeacha a shaothrú i ngach réimse, lena n-áirítear STEAM;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur gá luach airgeadais níos fearr a chur ar an obair a dhéantar in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná, an ceart chun pá comhionann as obair ar comhionann a luach a ráthú, faisnéis a sholáthar maidir le leibhéil phá aonair agus meánleibhéil phá oibrithe, agus feabhas a chur ar dhálaí oibre, go háirithe pá agus dul chun cinn gairme, lena bhfeabhsaítear neamhspleáchas airgeadais na mban agus lena laghdaítear a mbaol bochtaineachta; á chur i bhfáth go laghdófar deighilt inscne agus go dtabharfar aghaidh ar ghanntanais lucht saothair atá ag dul in olcas trí fheabhas a chur ar dhálaí in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná; á iarraidh ar an gCoimisiún gné láidir inscne a áireamh sa tionscnamh atá le teacht maidir le creat chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin cúraim fhadtéarmaigh agus lucht saothair agus i ngach gníomhaíocht faoi Aontas na Scileanna agus san Acht um Poist Ardchaighdeáin atá ar na bacáin; á iarraidh ar na Ballstáit bearta nithiúla a dhéanamh chun pá comhionann as obair chomhionann a áirithiú, agus beartais a thacaíonn le fás pá cothrom atá nasctha le táirgiúlacht, iomaíochas agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch á spreagadh ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil bacainní iomadúla agus trasnacha fós roimh dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe mná faoi mhíchumas, maidir le rochtain a fháil ar fhostaíocht, ar oiliúint agus ar fhiontraíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rochtain chomhionann ar phoist ardcháilíochta, ar ghairmoideachas agus ar dheiseanna cistiúcháin a chur chun cinn, i gcomhréir leis an straitéis Eorpach um chearta daoine faoi mhíchumas, agus leas iomlán á bhaint as ionstraimí AE agus náisiúnta atá ann cheana; á chur i bhfáth gur comhpháirteanna bunriachtanacha de gheilleagar sóisialta margaidh agus d’iomaíochas na hEorpa iad an cuimsiú agus an inrochtaineacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit, in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta, conairí gairme agus pá ilbhliantúla atá freagrach go fioscach a dhearadh i seirbhísí riachtanacha poiblí agus cúraim (cúram sláinte, cúram sóisialta, oideachas) chun cáilíocht, scileanna agus coinneáil a fheabhsú; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid spriocdhírithe a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus, i gcás inarb iomchuí, as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le haghaidh oiliúna, uas-scilithe agus coinneála, agus saobhadh buan ar dhinimic pá á sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun sásraí dreasachta deonacha a chruthú, amhail nósanna imeachta riaracháin simplithe, aitheantas poiblí nó rochtain tosaíochta ar chistí AE, d’fhostóirí a chuireann pleananna comhionannais inscne agus dea-chleachtas i dtrédhearcacht pá chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé luach saothair cothrom a áirithiú in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná, agus neamhspleáchas socraithe pá á choinneáil ag an am céanna do na comhpháirtithe sóisialta agus traidisiúin náisiúnta na cómhargála á n-urramú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur féidir, le hobair fhoirmiúil le dálaí oibre ar ardchaighdeán, go háirithe in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná, boinn chánach a neartú agus a áirithiú go n-aithnítear agus go gcosnaítear oibrithe ban faoin dlí; ag tabhairt dá haire gur féidir machaire comhréidh a áirithiú ar bhealach níos fearr do mhná i margadh an tsaothair trí dhul i ngleic leis an ngeilleagar neamhfhoirmiúil trí athchóirithe spriocdhírithe, amhail riar na gceanglas cánach a shimpliú agus tacú leis an bhfiontraíocht; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit rochtain ar an ngeilleagar foirmiúil a shimpliú, bearta a chur chun cinn chun an geilleagar liath a chomhrac agus conarthaí oibre a chur ar bhonn foirmiúil chun oibrithe in earnálacha neamhfhoirmiúla a chosaint, amhail obair tí, cúram pearsanta, talmhaíocht agus poist shéasúracha, chun obair neamhdhearbhaithe a chomhrac, iomaíocht chóir a neartú agus a áirithiú gur féidir le mná rannchuidiú le córais cosanta sóisialta agus le hoiliúint rochtana agus le cearta agus cosaintí eile a bhaineann le saothar; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena gcuid oibre chun bochtaineacht lucht oibre a chomhrac, rud a mbíonn tionchar diúltach aige ar chaighdeáin mhaireachtála na mban, lena n-áirítear oibrithe neamhfhoirmiúla nach mbíonn tuarastail mhaithe agus rochtain ar shlándáil shóisialta acu go minic;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag aithint an tionchair airgeadais fhadtéarmaigh a d’fhéadfadh a bheith ag tréimhsí fada cúraim gan íocaíocht ar mhná; á iarraidh ar na Ballstáit córais láidre cosanta sóisialta atá íogair ó thaobh inscne de a áirithiú, lena n-áirítear dóibh siúd a ghlacann sosanna gairme chun aire a thabhairt do chleithiúnaithe; ag cur béim ar an bhfíoras, cé go n-aithnítear gur inniúlacht náisiúnta go príomha iad córais phinsin, a thábhachtaí atá pinsin íosta náisiúnta leormhaithe agus creidmheasanna cúraim do theidlíochtaí pinsin dóibh siúd a ghlacann sosanna gairme chun cúram a thabhairt do chleithiúnaithe; á thabhairt chun suntais gur gá cosaint agus tacaíocht ioncaim leormhaith a áirithiú do chúramóirí neamhfhoirmiúla agus a áirithiú go gcuirfear oibrithe páirtaimseartha san áireamh i soláthar pinsin an dara colún; á thabhairt chun suntais gur gá táscairí maidir leis an mbearna phinsin idir na hinscní a chomhtháthú i Scórchlár Sóisialta an Aontais agus bearta chun rioscaí pinsin a bhaineann le hinscne a chomhrac a chomhtháthú sna moltaí tírshonracha, ag tosú ó thimthriall Sheimeastar Eorpach 2026; ag spreagadh na mBallstát chun féachaint ar réitigh atá freagrach go fioscach agus dírithe ar an obair lena dtacaítear le cúramóirí filleadh ar an margadh saothair, lena gcuirtear faisnéis ar fáil maidir le rochtain a fháil ar choigilteas pinsin phoiblí agus phríobháidigh, agus lena neartaítear córais tacaíochta teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, béim láidir a leagan ar chumhachtú eacnamaíoch na bpinsinéirí agus measúnú a dhéanamh ar an togra a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le híoschaighdeáin AE do chreidmheasanna cúraim lena bhféadfaí blianta cúraim a áireamh i dtreo teidlíochtaí pinsin; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le hioncam íosta freagrúil ó thaobh inscne de<FOOTNOTE><FIELD> Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> agus dírithe ar thacú le riachtanais na mban atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht, chun saoirse airgeadais, neamhspleáchas agus deiseanna a thabhairt dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag aithint an róil a d’fhéadfadh a bheith ag clárú uathoibríoch i scéimeanna pinsin ceirde chun níos mó rannpháirtíochta ag mná i gcoigilteas scoir a spreagadh, rud lena gcuideofar leis an mbearna phinsin idir na hinscní a mhaolú agus lena dtacófar le slándáil airgeadais fhadtéarmach; ag tabhairt dá haire go dtacaíonn an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde le húsáid deaiseanna pinsean, uirlisí rianaithe chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar bhearnaí pá agus pinsin idir na hinscní, agus beartais agus cleachtais luacha saothair atá neodrach ó thaobh inscne de i bpinsin cheirde; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain neamh-idirdhealaitheach ar scéimeanna pinsin fhorlíontaigh agus ceirde a chur chun cinn do gach oibrí, lena n-áirítear oibrithe páirtaimseartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit mná imirceacha tríú tír, a fhostaítear go minic i bpoist ar bheagán oiliúna, neamhchinnte agus tearcíoctha in earnálacha amhail cúram baile, glanadh agus lónadóireacht<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, ‘<STRING ITALIC="on">Migrant women and the EU labour market – Overcoming double discrimination’</STRING> [Mná imirceacha agus margadh saothair AE – Idirdhealú dúbailte a shárú], Bealtaine 2023.</FIELD></FOOTNOTE>, a chosaint ar idirdhealú agus ar dhúshaothrú; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach pá cothrom, cosaint dhlí an tsaothair agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta leormhaithe a áirithiú chun na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní a dhúnadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún feachtais feasachta agus oideachais a fhorbairt ar fud AE maidir le trédhearcacht pá, cóir chomhionann agus na hionstraimí AE atá ar fáil chun comhionannas san fhostaíocht a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil oibrithe agus fostóirí eolasacha ríthábhachtach chun an reachtaíocht atá ann faoi láthair a fhorfheidhmiú go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt do chúram seantuismitheoirí – nuair a thugann seantuismitheoirí aire rialta dá ngarleanaí chun a chur ar chumas thuismitheoir(í) an linbh dul isteach san obair, fanacht inti nó filleadh ar an obair – mar chúram atá incháilithe do chreidmheasanna cúraim, le critéir shoiléire incháilitheachta agus fíoraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé deireadh a chur le bacainní praiticiúla in áiteanna oibre, lena n-áirítear trí inrochtaineacht dhigiteach, cóiríocht réasúnta agus socruithe solúbtha oibre; ag spreagadh na mBallstát dreasachtaí spriocdhírithe a chur ar fáil d’fhostóirí a dhéanann infheistíocht in inrochtaineacht, i bhforbairt scileanna agus in earcaíocht chuimsitheach, agus ualaí breise riaracháin á seachaint ag an am céanna, chun comhionannas agus iomaíochas araon a chur chun cinn i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair shóisialta margaidh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag an idirphlé sóisialta agus ag rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le straitéisí comhionannais agus pá a dhearadh, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu chun cabhrú leis an mbearna phá idir na hinscní a dhíothú; ag spreagadh na gcomhpháirtithe sóisialta chun bearta a áireamh i gcomhaontuithe comhchoiteanna chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus chun ciapadh, neamhionannas pá agus laofacht inscne a chomhrac, agus chun cumhdach cómhargála a leathnú d’oibrithe neamhchaighdeánacha, go háirithe in earnálacha ina bhfuil ceannas ag mná agus ina bhfuil pá íseal, i gcomhréir le hAirteagal 152 CFAE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ról fóinteach a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta maidir le beartais nua a fhorbairt chun an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh sa chéad straitéis eile um chomhionannas inscne agus chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit tacú le forbairt institiúidí ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn na straitéisí náisiúnta um chomhionannas inscne; á chur i bhfios go láidir, ar an gcaoi chéanna, a thábhachtaí atá sé dul i dteagmháil go gníomhach le mná agus éisteacht leo, ar fud an iliomad earnálacha agus lucht saothair, i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht beartas atá dírithe ar an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh, lena n-áirítear taighde a dhéanamh ar ghnéithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thuilleamh na mban agus ar rannpháirtíocht an lucht saothair ach a bhfuil sonraí ina leith in easnamh, amhail meabhairshláinte, an meanapás nó míostrú; ag moladh go láidir do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ceirde a bhaineann le hinmheitríteas agus leis an meanapás, lena n-áirítear luathfhágáil na mban ó mhargadh an tsaothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le príomhshruthú inscne i mbeartais AE agus náisiúnta, lena n-áirítear fostaíocht, sláinte, míchumas, pinsin agus spórt, agus i gcinnteoireacht beartais, lena n-áiritheofar go ndéanfar cuspóirí comhionannais a ionchorprú i ngach céim de cheapadh beartais agus de chur chun feidhme an bhuiséid; á iarraidh go ndéanfaí príomhshruthú inscne a neartú laistigh den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus go mbeadh acmhainní tiomnaithe AE ann arb é is aidhm dóibh deireadh a chur leis na bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní, seirbhísí agus bonneagar cúraim a neartú, agus tacú le seirbhísí meabhairshláinte atá íogair ó thaobh inscne de; á mheabhrú go bhfeabhsaítear éifeachtacht agus trédhearcacht na hinfheistíochta poiblí trí chuspóirí comhionannais a chomhtháthú i gcistiú AE; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhféadfadh ról a bheith ag sásraí cistiúcháin AE amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus an clár Fís Eorpach maidir le tacaíocht airgeadais a sholáthar do chuspóirí a bhaineann le hinscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á iarraidh go bhfeabhsófaí bailiú, inchomparáideacht agus foilsiú sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de maidir le bearnaí pá agus pinsin idir na hinscní ar fud na n-earnálacha uile chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh, agus leas iomlán á bhaint as na córais tuairiscithe agus as na huirlisí digiteacha atá ann cheana chun costais riaracháin mhéadaithe do ghnólachtaí a sheachaint; á chur i bhfáth go bhfuil sonraí iontaofa agus comhchuibhithe bunriachtanach chun beartais fhianaisebhunaithe a dhearadh agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bearnaí inscne a dhúnadh; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus ag Eurostat maidir le tacú le bailiú sonraí inchomparáide agus ardcháilíochta ar fud an Aontais chun bonn eolais a chur faoi bheartais spriocdhírithe; á iarraidh ar Eurostat táscaire oifigiúil na bearna pá idir na hinscní a chomhlánú le táscaire caighdeánaithe maidir le bearna ama idir na hinscní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá, agus an Treoir maidir le Cothromaíocht Inscne ar Bhoird Chorparáideacha, nár thrasuigh 10 mBallstát go fóill, a thrasuí agus a chur chun feidhme go pras, agus ag tathant ar an gCoimisiún forfheidhmiú láidir an dá threoir a áirithiú; ag spreagadh FBManna agus cuideachtaí neamhliostaithe eile chun machnamh a dhéanamh ar dhea-chleachtas seanbhunaithe maidir le cothromaíocht inscne sa bhainistíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach n-áireofar an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá, mar phríomhphíosa reachtaíochta AE chun dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní, in aon phacáistí simplithe omnibus atá le teacht, agus ag an am céanna dúbailt nó forluí a chosc i ndáil le gníomhartha nua neamhreachtacha agus reachtacha lena dtugtar aghaidh ar an mbearna phá idir na hinscní;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit forfheidhmiú láidir a áirithiú agus, i gcás inar féidir, reachtaíocht reatha AE agus náisiúnta a neartú chun comhionannas a ráthú i bhforbairt gairme, go háirithe tar éis saoire mháithreachais; á chur i bhfáth gur cheart oibrithe a chosaint ar aon chineál míbhuntáiste, lena n-áirítear ísliú céime, síneadh promhaidh nó athruithe díobhálacha ar dhálaí oibre atá inchurtha i leith na saoire sin a thógáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh an t-ualach riaracháin ar mhicrifhiontair agus ar FBManna tionchar diúltach a imirt ar fhiontraíocht na mban, rud atá ríthábhachtach do neamhspleáchas airgeadais agus do chomhionannas inscne na mban;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain dhigiteach agus fhisiciúil ag oibrithe faoi mhíchumas ar rialacha trédhearcachta pá agus ar shásraí gearáin, agus go ndéanfar modhanna meastóireachta poist a sheiceáil chun claontacht in aghaidh na mban a chosc, go háirithe i bpoist ina bhfuil ceannas ag mná agus i measc na mban faoi mhíchumas;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>