<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0075</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch 2026</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0036/2026 - Rapóirtéir:Kira Marie Peter Hansen)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2026 ar an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch 2026 (2025/2214(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 121,126 agus 136 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 1 a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann le CAE agus le CFAE maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Pháras ó Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide an 12 Nollaig 2015 agus do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘an Dlí Aeráide Eorpach’)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1 </STRING>IO L 243, 9.7.2021, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrótacal Uimh. 12 a ghabhann le CAE agus le CFAE maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2 </STRING>IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3 </STRING>IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4 </STRING>IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5 </STRING>IO L 306, 23.11.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1173/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6 </STRING>IO L 306, 23.11.2011, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1174/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7 </STRING>IO L 306, 23.11.2011, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1176/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar na Ballstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">8 </STRING>IO L 140, 27.5.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/472/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireachán agus measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">9 </STRING>IO L 140, 27.5.2013, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/473/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2025 ón gCoimisiún, an 19 Bealtaine 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2025 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do phacáiste an Fhómhair ón gCoimisiún an 25 Samhain 2025 maidir le Seimeastar Eorpach 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Fhaireachán an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais 2024, an 17 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Freastal ar chaiteachas cosanta méadaithe laistigh den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis’ (C(2025)2000),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2025 de chuid an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh a foilsíodh an 22 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Páipéar Bán Comhpháirteach maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa’ (JOIN(2025)0120),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde dar teideal <STRING ITALIC="on">Measuring sustainable and inclusive well-being: a multidimensional dashboard approach</STRING> [Folláine inbhuanaithe agus chuimsitheach a thomhas: cur chuige iltoiseach deaise], a foilsíodh an 28 Eanáir 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta an 13 Nollaig 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú La Hulpe maidir le Todhchaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta an 16 Aibreán 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Ghealltanas Sóisialta Porto an 7 Bealtaine 2021 ón gComhairle, ón gCoimisiún, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó na comhpháirtithe sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A10-0036/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Seimeastar Eorpach maidir le beartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha sna Ballstáit a chomhordú agus a ailíniú, d’fhonn agus ar an gcaoi sin go gcaomhnaítear cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a choimirciú agus aistriú i dtreo geilleagar inbhuanaithe a bhaint amach, ar aistriú é atá cóir go sóisialta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go mbeidh ról ríthábhachtach ag moltaí an tSeimeastair Eorpaigh in 2026 i ndearadh na bpleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha a bheidh le hullmhú ag na Ballstáit;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go n-áirítear go rialta sna moltaí tírshonracha faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh ciorruithe ar chaiteachas sóisialta, agus gur ar éigean a thugtar aghaidh ar mhéaduithe ioncaim;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-ionchas eacnamaíoch fós éiginnte, go háirithe mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar an éiginnteacht a eascraíonn as beartais chosantacha, taraifí agus teannas trádála, a bhfuil tionchar diúltach acu uile ar an ngeilleagar;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch an fhómhair 2025 ón gCoimisiún, go meastar go mbeidh fás OTI san Aontas gar don fhás a d’fhéadfadh a bheith ann, agus lánfhostaíocht agus boilsciú gar don spriocleibhéal, cé go bhfuil an boilsciú fós ard i roinnt Ballstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, i gcás an Aontais ina iomláine, go dtuarann an Coimisiún fás 1,4 % go 1,5 % idir 2025 agus 2027, agus go meastar go mbeidh an dinimic níos ísle sa limistéar euro (1,2 % go 1,4 %); de bhrí go meastar go dtiocfaidh laghdú ar an bhfás féideartha san Aontas ó thart ar 1,5 % in 2024 go 1,3 % in 2027 (sa limistéar euro ó 1,4 % go 1,2 %), go príomha mar gheall ar threochtaí déimeagrafacha neamhfhabhracha;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil riachtanais mhillteanacha infheistíochta ag an Aontas, lena n-áirítear infheistíochtaí breise bliantúla de EUR 800 billiún a mheastar de réir thuarascáil Draghi a bheith riachtanach chun borradh a chur faoi iomaíochas agus táirgeacht na hEorpa, lena n-áirítear EUR 450 billiún don aistriú fuinnimh agus dó sin amháin, agus gur dtiocfadh EUR 260 den mhéid sin ón earnáil phoiblí de réir Institut Rousseau; de bhrí go bhfuil EUR 800 billiún d’infheistíochtaí breise beartaithe le haghaidh caiteachas u, an gcosaint faoin bPlean ReArm Europe/Ullmhacht 2030; de bhrí nach bhfuil acmhainní dílse nua comhfhreagracha ag na spriocanna infheistíochta sin, rud a fhágann nach bhfuil an acmhainneacht fhioscach is gá ag an Aontas chun a chuspóirí sonraithe a bhaint amach; de bhrí nach féidir freastal ar na riachtanais sin le maoiniú poiblí amháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin mhóra roimh an Aontas, ó bhagairtí leanúnacha a bheidh ann ag a theorainneacha thoir atá nasctha le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine go héagobhsaíocht gheopholaitiúil agus éiginnteacht trádála, agus go bhfuil dúshláin fhadtéarmacha amhail an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach fós ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go mbunaítear le CFAE luachanna tagartha suas le 3 % d’easnamh rialtais agus 60 % don chóimheas idir fiachas agus OTI; de bhrí go bhfuil easnamh ceannlíne an Aontais agus cóimheas idir fiachas an rialtais agus OTI fós os cionn na luachanna tagartha; de bhrí go bhfuil éagsúlacht idir an t-easnamh ceannlíne agus an cóimheas idir fiachas rialtais agus OTI ar fud AE, agus staideanna an-éagsúil ar fud na mBallstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nár sheol an Chomhairle aon nósanna imeachta a bhaineann le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha ó bunaíodh an nós imeachta sin in 2011;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Coimisiún reatha tiomanta do bheith ina ‘Choimisiún infheistíochta’ agus go bhfuil sé ag brath ar thacaíocht na Parlaiminte, agus í ina comhreachtóir, gníomhaíocht shuntasach a dhéanamh chun borradh a chur faoi infheistíocht an Aontais go leibhéal atá i gcomhréir le riachtanais an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh; de bhrí nár chuir an Coimisiún freagairt leormhaith ar aghaidh go fóill maidir le ceanglais ollmhóra infheistíochta an Aontais, go háirithe toisc go dtiocfaidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) chun deiridh ag deireadh 2026;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur léiríodh le géarchéimeanna a bhí ann, lena n-áirítear paindéim COVID-19, go neartaítear an tAontas le freagairt uile-Aontais choiteann agus chomhordaithe; de bhrí, i dtimpeallacht gheo-eacnamaíoch iomaíoch, nach féidir leis an Eoraip a leasanna agus a luachanna a choimirciú ach amháin trí aontacht, agus béim á leagan ar an ngá atá le creat láidir beartais mhaicreacnamaíoch agus le comhordú níos dlúithe fós ar bheartais eacnamaíocha agus shóisialta tríd an Seimeastar Eorpach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ionchais eacnamaíocha don Aontas Eorpach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh dúshláin mhóra roimh an Aontas le cúig bliana anuas, lena n-áirítear ráig phaindéim COVID-19 agus an cogadh neamhdhleathach agus gan údar atá ar bun ag an Rúis san Úcráin, a raibh mórthionchair eacnamaíocha acu; ag tabhairt dá haire gastacht na dtionscnamh agus na n-ionstraimí uile-Aontais, chomh maith leis an tionchar atá acu, chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta suaití seachtracha, go háirithe STA agus an Ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht Shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a Mhaolú i gcás Éigeandála (SURE);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch an fhómhair 2025 ón gCoimisiún a foilsíodh an 17 Samhain 2025, go meastar go dtiocfaidh méadú 1,4 % ar OTI an Aontais in 2025 i gcomparáid le 2024 agus go dtiocfaidh méadú 1,4 % air in 2026; á thabhairt faoi deara, bunaithe ar an réamhaisnéis sin, go bhfuil an tAontas Eorpach fós chun deiridh ar na Stáit Aontaithe agus ar an tSín ó thaobh ionchais fáis de; á thabhairt chun suntais, in ainneoin dúshláin shuntasacha, go bhfuil athléimneacht léirithe ag an limistéar euro agus ag an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtiocfaidh laghdú ar an bhfás féideartha, lena léirítear an ráta fáis is féidir le geilleagar a chothú gan boilsciú iomarcach, ó 1,5 % in 2024 go 1,3 % in 2027 san Aontas, agus ó 1,4 % go 1,2 % sa limistéar euro, de réir mar a mhoillíonn an fás ar an daonra in aois oibre; á mheas go bhfuil na leibhéil fáis ionchasacha sin ró-íseal chun an ceann is fearr a fháil ar na dúshláin atá roimh gheilleagar na hEorpa sna blianta amach romhainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch an fhómhair 2025 ón gCoimisiún, go meastar go dtiocfaidh méadú ar easnamh comhiomlána na limistéir euro, is é sin go rachaidh sé ó 3,1 % de OTI in 2024 go 3,2 % de OTI in 2025; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na beartais reatha, go meastar go n-ardóidh an t-easnamh go 3,3 % de OTI in 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbeidh easnaimh os cionn 3 % de OTI ag 12 Bhallstát in 2027 agus go bhfuil 10 mBallstát faoi réir nósanna imeachta um easnamh iomarcach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire go meastar go sroichfidh an cóimheas ollfhiachais rialtais-OTI san Aontas 82,8 % in 2025 agus go meastar go dtiocfaidh méadú air go 83,8 % in 2026 agus go 84,5 % in 2027, os cionn an luacha tagartha 60 % do Bhallstáit aonair a chumhdaítear sna Conarthaí; ag tabhairt dá haire go meastar go dtiocfaidh méadú ar fhiachas rialtais ghinearálta sa limistéar euro go 89,8 % in 2026 agus 90,4 % in 2027; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir leibhéil an fhiachais i measc na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit beartais fhioscacha stuama a shaothrú d’fhonn inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú go mbíonn tionchar ábhartha ag teagmhais adhaimsire ar an airgeadas poiblí; á chur in iúl gurb eol di nach dtiocfaidh méadú ar thionchar agus ar mhinicíocht teagmhas adhaimsire ach amháin sna blianta amach romhainn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur laghdaíodh an boilsciú i limistéar an euro go spriocleibhéal an Bhainc Ceannais Eorpaigh tar éis bhuaicleibhéal 10.6 % a bhaint amach i mí Dheireadh Fómhair 2022; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an boilsciú fós ar leibhéil éagsúla ar fud na mBallstát, agus go bhfuil leibhéil níos airde ann i roinnt díobh, lena n-áirítear i mBallstáit ina bhfuil tionscail dianfhuinnimh; ag tabhairt dá haire go bhfuil ionchais chroí-bhoilscithe agus bhoilscithe araon fós os cionn an spriocleibhéil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar leanúnach ag an mboilsciú bia agus fuinnimh ar theaghlaigh Eorpacha; ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar míchothrom ag an mboilsciú ar ghrúpaí ioncaim, agus gurb iad teaghlaigh ar ioncam íseal is mó a bhíonn thíos leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur dócha go gcuirfidh easpa infheistíochta príobháidí agus poiblí bac ar fhás inbhuanaithe agus ar iomaíochas san Eoraip agus go gcuirfidh sí cosc ar an Aontas na tosaíochtaí coiteanna atá leagtha amach i gclár oibre straitéiseach an Aontais 2024-2029 a bhaint amach; á chur i bhfáth nach mór do na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun bacainní a bhaint agus níos mó infheistíocht phríobháideach a shlógadh i gcomhréir le straitéis an aontais coigiltis agus infheistíochta ón gCoimisiún; ag aithint chuspóir polaitiúil an Choimisiúin an creat rialála a shimpliú agus ualaí riaracháin a laghdú go suntasach chun infheistíocht phríobháideach a chothú; á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le hinfheistíochtaí i réimsí amhail taighde agus forbairt, bonneagar agus nuálaíocht chun fás ionchasach an Aontais a mhéadú; á áitiú go mbeidh ról ríthábhachtach ag an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile ní hamháin chun infheistíocht phoiblí a chur ar fáil ach freisin chun cabhrú le hinfheistíocht phríobháideach a shlógadh agus á chur i bhfios go láidir sa chomhthéacs sin gur uirlisí cumhachtacha agus éifeachtacha iad ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha chun spriocanna beartais criticiúla an Aontais a bhaint amach, chomh maith le hionstraimí airgeadais uile-Aontais atá réidh le húsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-aithnítear sa tuarascáil mhaicreacnamaíoch Eorpach ón gCoimisiún gur saincheist mhaicreacnamaíoch agus shóisialta í an inacmhainneacht tithíochta, go háirithe trí shrianta a d’fhéadfadh a bheith á bhforchur ar shoghluaisteacht an lucht saothair agus trí fhás táirgiúlachta a lagú san fhadtéarma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil beartas tionsclaíoch comhsheasmhach agus spriocdhírithe ríthábhachtach chun tacú le claochlú teicneolaíoch an Aontais agus le slabhraí soláthair slána athléimneacha, agus margaí iomaíocha agus neamhshaofa á gcaomhnú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an ráta fostaíochta san Aontas níos airde ná riamh ar an meán, a léiríonn margadh saothair dinimiciúil i go leor Ballstát; ag cur béim ar chomhtháthú an chreata um chóineasú sóisialta sa Seimeastar Eorpach; á thabhairt chun suntais gur éirigh go maith le samhail an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna sna Ballstáit a roghnaigh í; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil difríochtaí móra ann i measc na mBallstát ó thaobh rátaí dífhostaíochta de, go háirithe i measc daoine óga;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé cothrom iomaíochta sa mhargadh aonair a choimirciú agus á iarraidh ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun an margadh aonair a dhoimhniú trí dheireadh a chur le bacainní inmheánacha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cur i bhfeidhm chreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheabhrú gurb é is cuspóir don athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch é a dhéanamh níos simplí, níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí le níos mó úinéireacht náisiúnta agus le forfheidhmiú níos fearr, agus chun feabhas a chur ar a chumas freastal ar ilchineálacht na riochtaí fioscacha, an fhiachais phoiblí agus na ndúshlán eacnamaíoch, agus cabhrú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha atá os comhair an Aontais agus a Bhallstáit, lena n-áirítear beartais fhioscacha fhrith-thimthriallacha a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt chun suntais, faoin gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe, gurb é an fás ar ghlanchaiteachas an táscaire oibríochtúil aonair chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na moltaí faoi seach ón gComhairle ag na Ballstáit; á thabhairt chun suntais go mbeidh acmhainneacht fhioscach neamhleor fós ag go leor Ballstát chun freastal ar riachtanais shuntasacha infheistíochta; ag tabhairt dá haire gur gníomhachtaíodh an clásal éalaithe náisiúnta (NEC) cheana féin le haghaidh caiteachas cosanta agus nach ndearna sin ach bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha athbhreithnithe mar fhreagairt ghearrthéarmach ar theagmhais urghnácha nach bhfuil neart ag tír orthu; á chur i bhfios go láidir go bhfuil NEC beartaithe d’éigeandálaí sealadacha tírshonracha agus nach bhfuil sé oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais struchtúracha fhadtéarmacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfáth gur leathnaigh an Coimisiún a chumhachtaí lánroghnacha faoin gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe, go háirithe tríd an bpróiseas atá mar bhonn taca leis na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha; ag cur sonrú i gcinneadh an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh gur bhain an Coimisiún úsáid as discréid éigin agus moill á cur aige ar nósanna imeachta um easnamh iomarcach nó cinneadh á dhéanamh aige gan iad a oscailt; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach rialacha fioscacha an Aontais a chur i bhfeidhm go cothrom chun inchreidteacht an chreata rialachais eacnamaíoch a choinneáil, chun cóir chomhionann na mBallstát a áirithiú agus chun cur chuige comhleanúnach agus fíor-Eorpach a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cur sonrú sna leasuithe spriocdhírithe ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais a d’fhoilsigh an Coimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2025, arb é is aidhm dóibh comhsheasmhacht a bhunú tar éis an nuashonraithe is déanaí ar an gcreat rialachais eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur sonrú i dtorthaí an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, agus é ina ábhar imní di, nár ghlac thart ar leath de na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha páirt fhoirmiúil in ullmhú na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go méadófaí trédhearcacht agus maoirseacht sheachtrach ag tráth ríthábhachtach aistrithe dá mbeadh institiúidí fioscacha neamhspleácha níos rannpháirtí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Staid fhioscach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú suntasach tar éis teacht ar infheistíocht phoiblí le blianta beaga anuas, agus thart ar leath den mhéadú sin idir 2019 agus 2025 á mhaoiniú ag an Aontas, go príomha tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag tabhairt dá haire go meastar go leanfaidh na tairbhí sin ar aghaidh tar éis 2026, agus go bhfuil éifeachtaí iarmharta tábhachtacha acu ar fud na mBallstát agus go bhféadfadh tionchar fadtéarmach na n-athchóirithe struchtúracha aschur féideartha an limistéir euro a mhéadú suas le 1,3 % de OTI thar an tréimhse 2020 go 2033 i gcomparáid leis an gcás gan STA; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil deireadh ag teacht le STA in 2026 agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar sheasamh fioscach foriomlán an Aontais; ag tathant ar na Ballstáit cur chun feidhme a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a thabhairt chun críche faoi mhí Lúnasa 2026; á mheabhrú go bhfuil an fiachas a eisítear chun STA a mhaoiniú le haisíoc faoi 2058 ar bhealach lena n-áirithítear laghdú seasta agus intuartha ar dhliteanais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire an moladh ón gCoimisiún go bhfuil seasamh fioscach foriomlán na mBallstát fós neodrach den chuid is mó in 2026, in ainneoin éagothromaíochtaí suntasacha ar fud na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil an t-ioncam poiblí agus an caiteachas poiblí bunriachtanach chun inbhuanaitheacht na mbuiséad náisiúnta a áirithiú; ag meabhrú an mholta ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro an 17 Feabhra 2026, ina n-iarrtar go laghdófaí bearnaí cánach trí chomhlíonadh cánach a fheabhsú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar sheachaint cánach agus imghabháil cánach, agus trí dhianphleanáil cánach a chomhrac; á chur i bhfáth go mbaintear an bonn den inbhuanaitheacht fhioscach trí fhorfheidhmiú lag sa riarachán cánach agus sa chomhrac i gcoinne imghabháil agus seachaint cánach, agus go gcuireann sé le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur athraigh beartas clárbhunaithe an Choimisiúin i dtimthriall reatha an tSeimeastair Eorpaigh, sa chaoi a gcuirtear treoir ar fáil leis an gCompás Iomaíochais do phacáiste an tSeimeastair seachas leis an tSuirbhé Bhliantúil don Fhás Inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais go neartaíonn an t-athrú sin fócas chreat an tSeimeastair; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá leanúnachas maidir le moltaí tírshonracha a cheaptar mar ghealltanais athchóiriúcháin ilbhliantúla agus fhadtéarmacha agus maidir le hiarrachtaí na mBallstát cuspóirí fadtéarmacha a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún fís iomlánaíoch d’iomaíochas na hEorpa a áirithiú agus a áirithiú go leanfar de thosaíochtaí fadtéarmacha maidir leis an aistriú a léiriú go comhsheasmhach agus go comhleanúnach sna moltaí tírshonracha i dtimthriallta comhleanúnacha an tSeimeastair;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí tírshonracha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil moladh maidir le beartas fioscach, lena n-áirítear athchóirithe struchtúracha fioscacha i gcás inarb ábhartha, sna moltaí tírshonracha do gach Ballstát; ag tabhairt dá haire go an Coimisiún tiomanta don Seimeastar Eorpach a úsáid chun iomaíochas, cobhsaíocht, fás eacnamaíoch, inbhuanaitheacht, agus cothroime shóisialta a chur chun cinn, chomh maith le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach; á thabhairt chun suntais go bhfuil an Seimeastar Eorpach ina príomhuirlis chun beartais fhónta mhaicreacnamaíocha agus bhuiséadacha a chomhordú sna Ballstáit, agus ar an gcaoi sin cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a choimirciú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá moltaí tírshonracha mar bhunchloch de chomhordú bheartas eacnamaíoch an Aontais; á mheabhrú gur gníomhaíochtaí beartais iad moltaí tírshonracha atá ina ndlúthchuid freisin de na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha, de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, agus den togra le haghaidh pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí (pleananna CNR) a fógraíodh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ról ag moltaí tírshonracha maidir le tosaíochtaí an Aontais a chomhordú; ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa dul chun cinn ann i gcur chun feidhme éifeachtach na moltaí tírshonracha; ag tabhairt dá haire nár léirigh 25.1 % de na moltaí tírshonracha aon dul chun cinn nó gur léirigh siad dul chun cinn teoranta idir 2019 agus 2023; á iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar moltaí tírshonracha a fhorbairt agus a leanúint, go háirithe maidir leis an ról a bheidh acu amach anseo maidir le rochtain ar chistí an Aontais; á mheabhrú go n-éilíonn sí níos lú moltaí tírshonracha chomh maith le moltaí tírshonracha níos spriocdhírithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tabhairt dá haire uaillmhian an Choimisiúin na gníomhaíochtaí atá ríthábhachtach don aontas coigiltis agus infheistíochta a léiriú tuilleadh sna moltaí tírshonracha, mar a fógraíodh sa teachtaireacht uaidh an 19 Márta 2025<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">10 </STRING>Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">Savings and Investments Union – A Strategy to Foster Citizens’ Wealth and Economic Competitiveness in the EU</STRING> [Aontas Coigiltis agus Infheistíochta – Straitéis chun Rachmas na Saoránach agus Iomaíochas Eacnamaíoch a Chothú san Aontas] (COM(2025)0124).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbeidh ról níos mó ag moltaí tírshonracha sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun infheistíocht agus athchóiriú a threorú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart roghnú na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a bheith bunaithe ar a n-éifeachtacht maidir le haghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha chun aistriú cóir i dtreo geilleagar Eorpach glas agus iomaíoch a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir nach mór grinnscrúdú daonlathach níos láidre agus níos mó úinéireachta a bheith ag gabháil leis an bpróiseas sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht mhéadaitheach ag baint le moltaí tírshonracha a bhaineann leis na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha; ag tarraingt aird ar an bhfíoras nach bhfuil aon mhodheolaíocht thrédhearcach ná inrianaithe ann faoi láthair chun moltaí tírshonracha a fhorbairt agus a roghnú, ná soiléireacht maidir leis an bhfáth a moltar roinnt díobh agus nach moltar cinn eile, rud is cúis imní maidir le cuntasacht agus cóir chomhionann na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún na nósanna imeachta agus na critéir roghnúcháin bhunúsacha a shoiléiriú; á chur i bhfios go láidir nach mór sásraí cuntasachta comhfhreagracha <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> agus feabhas suntasach ar shreabhadh na faisnéise chuig an bParlaimint a bheith ag gabháil le haon mhéadú foriomlán ar chumhacht lánroghnach an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur dhírigh moltaí tírshonracha 2025 níos mó ar iomaíochas agus ar shimpliú, i gcomhréir leis na tosaíochtaí a sainaithníodh sa Chompás Iomaíochais, agus béim á leagan ag an am céanna ar an ngá atá le borradh a chur faoin mbarr feabhais eolaíoch, faoin taighde agus faoin nuálaíocht, agus faoin bhforbairt teicneolaíochta mar phríomhspreagthaí don táirgiúlacht agus don athléimneacht fhadtéarmach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil níos lú moltaí tírshonracha tiomnaithe do na beartais shóisialta agus aeráide; ag tabhairt dá haire, i gcás roinnt Ballstát, go bhfuil san áireamh sna moltaí tírshonracha moladh chun deireadh a chur le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise de réir a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún gur uirlis stiúrtha é an moladh maidir leis an limistéar euro, thar aon ní eile, le haghaidh phléití an Ghrúpa Euro; á iarraidh ar an gCoimisiún, áfach, obair leantach a dhéanamh ar mholtaí maidir leis an limistéar euro, lena n-áirítear iad a chur san áireamh agus moltaí tírshonracha á bhforbairt; á chur in iúl gur oth léi nár fhoilsigh an Coimisiún forléargas in 2025 ar chur chun feidhme na moltaí maidir leis an limistéar euro, mar a d’úsáid sé mar chuid dá thuarascálacha ar an limistéar euro; ag tabhairt dá haire nach raibh aon mholtaí a bhaineann leis an athrú aeráide san áireamh go díreach sna moltaí tírshonracha in 2025;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An bhearna infheistíochta a dhúnadh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á mheabhrú gur léiríodh go láidir i dtuarascáil Draghi gur gá infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mhéadú agus athchóirithe uailmhianacha a shaothrú chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis a chur i láthair a fhreastalóidh ar riachtanais infheistíochta tar éis 2026;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chreidiúint gur cheart comhlánú a dhéanamh ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais trí ionstraimí agus uirlisí ar leibhéal an Aontais, i gcás inarb iomchuí, chun na costais do cháiníocóirí san Aontas a íoslaghdú agus chun éifeachtúlacht i soláthar earraí poiblí Eorpacha a uasmhéadú agus chun freagairt do ghéarchéimeanna uile-Aontais, amhail an ghéarchéim leanúnach i réimse na slándála agus na cosanta; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh urrúis fiachais an Aontais a bheith ina dtagarmharc, agus ar an gcaoi sin comhtháthú mhargaí airgeadais an Aontais a neartú; á iarraidh go dtabharfaí isteach acmhainní dílse nua chun beartais an Aontais a mhaoiniú; ag tacú le cruthú an Chiste Eorpaigh um Iomaíochas agus an Chiste um Eoraip na nGnólachtaí atá ag Méadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach iasacht dar luach EUR 90 billiún a chur ar fáil don Úcráin do 2026 agus 2027, a bheidh bunaithe ar iasachtaíocht an Aontais ar na margaí caipitil a bhfuil lamháil bhuiséad an Aontais mar thaca léi.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le tuilleadh aontachta agus dlúthpháirtíochta i measc na mBallstát, go háirithe nuair a chuirtear i gcuntas na himní slándála atá ag an Aontas agus a Bhallstáit; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí slándáil na hEorpa a neartú trí spleáchais straitéiseacha a laghdú chun athléimneacht fhadtéarmach an Aontais a chosaint; ag tacú leis na hiarrachtaí atá déanta ag an gCoimisiún chun dul i dtreo cur chuige níos comhordaithe i leith na cosanta; ag tabhairt dá haire go mbunaítear leis an ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) saoráid iasachta EUR 150 billiún chun tacú le hinfheistíochtaí ó Bhallstáit i réimse na cosanta; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go raibh ionstraim SAFE bunaithe ar Airteagal 122 CFAE, rud a chuir teorainn le maoirseacht pharlaiminteach; á chur in iúl gur geal léi go n-eisiatar leis an táscaire glanchaiteachais an cómhaoiniú náisiúnta uile i gcláir arna gcistiú ag an Aontas, lena gcuirtear spás fioscach méadaithe ar fáil do na Ballstáit chun infheistíocht a dhéanamh i gcomhthosaíochtaí an Aontais, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1263<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">11 </STRING>Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, agus ar an gcaoi sin cuidiú le sineirgí idir buiséid an Aontais agus buiséid náisiúnta a neartú, agus ar an gcaoi sin ilroinnt a laghdú agus éifeachtúlacht fhoriomlán an chaiteachais phoiblí a mhéadú i réimsí áirithe, amhail an chosaint; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh tiomantas na mBallstát caiteachas cosanta a mhéadú chun dochair do thosaíochtaí coiteanna eile de chuid an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghníomhachtaigh 16 Bhallstát NEC maidir le caiteachas cosanta; á chur i bhfios go láidir go dtugann sé sin solúbthacht do na Ballstáit caiteachas cosanta a mhéadú gan gá láithreach a bheith ann na méaduithe sin a mhaoiniú trí chiorruithe caiteachais nó trí bhearta tiomsaithe ioncaim; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go dtugann an tsolúbthacht sin an t-am is gá do na Ballstáit chun freastal ar chaiteachas cosanta níos airde laistigh de bhuiséid náisiúnta; á thabhairt chun suntais go laghdaíonn an rannpháirtíocht pháirteach an caiteachas cosanta breise réamh-mheasta go suntasach ó EUR 650 billiún go tuairim is EUR 297-337 mbilliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh gur infheistíocht thoimhdithe de réir cineáil é caiteachas cosanta agus nach méadaíonn sé an t-aschur féideartha atá ag geilleagair <STRING ITALIC="on">per se</STRING>; á mheas, dá bhrí sin, nár cheart caiteachas cosanta a mhaoiniú trí eisiúint fiachais mhéadaithe san fhadtéarma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas agus comhar a mhéadú san infheistíocht i réimse na cosanta ar fud na mBallstát, go háirithe maidir le cumasóirí straitéiseacha nó córais arm straitéiseach atá róchostasach do Bhallstáit aonair, i bhfianaise an ghá phráinnigh atá ann an earnáil Eorpach um an gcosaint a mhéadú agus slándáil fhadtéarmach agus neamhspleáchas straitéiseach fhadtéarmach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á mheabhrú nár sheol an Coimisiún nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha riamh, in ainneoin go bhfuil míchothromaíochtaí athfhillteacha ag roinnt Ballstát ina gcuntais reatha; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i gcás na seacht mBallstát a roghnaíodh le haghaidh grinn-athbhreithnithe ina thuarascáil maidir leis an sásra foláirimh do 2026;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>