<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0076</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: tosaíochtaí fostaíochta agus sóisialta do 2026</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0033/2026 - Rapóirtéir: Nela Riehl)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2026 maidir leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: tosaíochtaí fostaíochta agus sóisialta — tuarascáil bhliantúil 2026 (2025/2183(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 9, d’Airteagal 121, d’Airteagal 148 agus d’Airteagal 149 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (CECS) a d’fhógair agus a shínigh an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017, agus don phlean gníomhaíochta a ghabhann leis, a glacadh in 2021, go háirithe príomhspriocanna 2030 atá beartaithe maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 3, 4, 13 agus 27 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>–	ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal Employment and Social Developments in Europe [Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip], a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal Labour Market and Wage Development in Europe [Forbairt an Mhargaidh Saothair agus an Phá san Eoraip], a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 25 Samhain 2025 le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle (COM(2025)0958),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gCoimisiún an 25 Samhain 2025 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2025)0957),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2025 dar teideal ‘Alert Mechanism Report 2026’ [Tuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh](COM(2025)0956),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh ón gCoimisiún an 25 Samhain 2025 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le caipiteal daonna san Aontas Eorpach (COM(2025)0959),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’ionchuir na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha i Seimeastar Eorpach 2026 agus i bPacáiste an Fhómhair go háirithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Mario Draghi dar teideal ‘Todhchaí Iomaíochas na hEorpa’, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Enrico Letta maidir le todhchaí an mhargaidh aonair, dar teideal ‘More than a Market’ [Margadh thar an gCoitiantacht], a foilsíodh i mí Aibreáin 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an Ghrúpa Ardleibhéil maidir le todhchaí na cosanta sóisialta agus an stáit leasa in AE, a foilsíodh i mí Eanáir 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A10-0033/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil sprioc fostaíochta AE 78 % ar a laghad de dhaoine idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe faoi 2030 ar an mbóthar ceart le baint amach; de bhrí, i mí Dheireadh Fómhair 2025, gurbh ionann an ráta dífhostaíochta in AE agus 6 %, idir 2.6 % agus 10.6 % i measc na mBallstát, agus go bhfuil an dífhostaíocht i measc na hóige fós ard ag 13.2 %; de bhrí go bhfuil leibhéil dífhostaíochta agus dálaí oibre forbhásacha fós ard i gcónaí do dhaoine óga, do mhná, d’oibrithe scothaosta, do náisiúnaigh tríú tír ísealcháilithe agus meáncháilithe, do dhaoine faoi mhíchumas, agus do Romaigh agus do mhionlaigh eitneacha eile, a bhfuil bacainní struchtúracha ar fhostaíocht roimh gach duine acu; de bhrí, i gcás daoine faoi mhíchumas, gurb ionann an dífhostaíocht agus 15.1 %; de bhrí gur cheart go mbeadh leibhéil níos airde fostaíochta san Aontas fite fuaite le cáilíocht poist, tuarastail chuibhiúla, méaduithe pá agus gnóthachain táirgiúlachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an Seimeastar Eorpach fós ina ionstraim lárnach chun beartas eacnamaíoch, fioscach, fostaíochta agus sóisialta a chomhordú ar fud AE, agus gur cheart go mbeadh sé d’aidhm aige ceartas sóisialta, inbhuanaitheacht chomhshaoil agus cothroime idirghlúine a leabú ar bhealach níos córasaí sa rialachas maicreacnamaíoch, lena gcuirfí CECS ina chroílár agus lena n-urramófaí prionsabal na coimhdeachta; de bhrí go ndearnadh iarrachtaí chun cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir faireachán ar chuspóirí eacnamaíocha agus sóisialta i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh agus forbairt an Scórchláir Shóisialta agus comhtháthú an chreata cóineasaithe shóisialta sa phróiseas le déanaí; de bhrí gur tíolacadh Pacáiste an Fhómhair 2026 gan Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe ina leagtar amach straitéis iomlánaíoch agus chothromaithe do chuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta agus comhshaoil AE agus lena ndaingnítear an Seimeastar Eorpach i bhfís leathan d’fhás inbhuanaithe don Aontas; de bhrí nach mór do AE leanúint de bheith tiomanta don iomaíochas, don inbhuanaitheacht agus don cheartas sóisialta, gan cead a thabhairt cuspóir amháin a shaothrú ar chostas na gcuspóirí eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go raibh 93.3 milliún duine, arb ionann iad agus 21 % de dhaonra AE, i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta (AROPE) in 2024, rud a léiríonn go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta i dtreo sprioc 2030 de chuid CECS maidir le laghdú na bochtaineachta, agus go bhfuil an treocht i níos mó ná leath de na Ballstáit ag bogadh sa treo mícheart; de bhrí go bhfuil rioscaí bochtaineachta i bhfad níos airde do mhná, do leanaí, do dhaoine scothaosta, do dhaoine faoi mhíchumas, don phobal LADTI+, do dhaoine ar bheagán oiliúna, do náisiúnaigh tríú tír, do Romaigh, do theaghlaigh aontuismitheora, agus do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair dhídhaonraithe, agus go bhfuil neamhréireachtaí suntasacha fós ann idir na Ballstáit agus laistigh díobh, lena n-áirítear idir ceantair thuaithe agus uirbeacha; de bhrí go léiríonn an éagsúlacht sin idir meánioncaim atá ag dul i méid agus leibhéil leanúnacha bochtaineachta dúshláin struchtúracha i ndáileadh ioncaim, i margaí saothair agus i ndearadh agus i gcumhdach na gcóras cosanta sóisialta; de bhrí go raibh níos mó ná 40 milliún duine in AE, arb ionann é agus thart ar 9.2 % den daonra, thíos le bochtaineacht fuinnimh in 2024, rud a d’fhág go raibh díth ábhartha ann; de bhrí go gcuireann cumhdach neamh-leordhóthanach agus neamh-leormhaitheas scéimeanna ioncaim íosta, sochar dífhostaíochta agus sochar teaghlaigh agus linbh, chomh maith le bacainní ar lánpháirtiú i margadh an tsaothair agus rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán amhail sláinte, oideachas, cúram agus tithíocht, le marthanacht na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, go háirithe i measc na ngrúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste; de bhrí, gan athrú ar an gcur chuige chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta, nach mbeifear in ann an treocht a aisiompú; de bhrí go mbeidh straitéis uaillmhianach frithbhochtaineachta AE bunriachtanach chun freagairt d’fheiniméan ilghnéitheach na bochtaineachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil leanbh amháin as gach ceathrar fós i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta san Aontas Eorpach, ar leibhéal é atá níos airde ná an leibhéal don daonra ina iomláine; de bhrí nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh i dtreo an chuspóra líon na leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a laghdú 5 mhilliún faoi 2030, agus go bhfuil céatadán na leanaí AROPE tar éis méadú gach bliain idir 2019 agus 2023 agus go bhfuil sé fós ard go leanúnach; de bhrí, de réir an togra ón gCoimisiún le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht 2026, go raibh thart ar 19.5 milliún leanbh (24.2 %) i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta in AE in 2024; de bhrí go bhfuil beartais agus seirbhísí coisctheacha tacaíochta leanaí agus teaghlaigh, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, bunriachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na dálaí socheacnamaíocha a bhféadfadh scaradh teaghlaigh agus institiúidiú leanaí a bheith mar thoradh orthu; de bhrí go bhfuil ionstraim chistiúcháin thiomnaithe don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, chomh maith le sineirgí le cistí eile AE agus náisiúnta, ríthábhachtach, sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile araon; de bhrí, de réir an Choimisiúin, gur gá do AE níos mó ná EUR 11 bhilliún a infheistiú sa bhreis in aghaidh na bliana, chun spriocanna Barcelona 2030 maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige (OCLO)<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach, Employment and Social Developments in Europe 2024, September 2024 [Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip (FFSE), Meán Fómhair 2024]</FIELD></FOOTNOTE> a bhaint amach; de bhrí gur gnách le leanaí ar féidir leo an tairbhe is mó a bhaint as freastal ar OCLO, amhail iad siúd ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, a bheith rannpháirteach ar an mbealach is lú agus leanúint de bheith ag tabhairt aghaidh ar bhacainní ar rochtain;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil ar a laghad 1.4 milliún duine faoi mhíchumas agus beagnach 300 000 leanbh fós ina gcónaí in institiúidí in AE; de bhrí go bhfuil cónaitheoirí institiúidí scoite amach ón bpobal i gcoitinne agus nach bhfuil smacht leordhóthanach acu ar a saol agus ar na cinntí a dhéanann difear dóibh; de bhrí, in ainneoin go bhfuil an tAontas tiomanta le fada do phróiseas an dí-institiúidithe, go bhfuil gá fós le hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun a chur ar chumas grúpaí leochaileacha maireachtáil go neamhspleách i dteaghlach nó i dtimpeallacht phobail;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go raibh 1 as 12 oibrí (8.2 %) in AE thíos le bochtaineacht lucht oibre in 2024, rud lenar baineadh an bonn ón gcomhtháthú sóisialta, agus lenar tugadh chun suntais nach dtugtar leis an bhfostaíocht cosaint iomlán ar an mbochtaineacht <STRING ITALIC="on">per se</STRING> ná nach n-eascraíonn dálaí maireachtála feabhsaithe aisti, mar gheall ar chostais mhaireachtála atá ag dul i méid agus cumhacht ceannaigh laghdaithe; de bhrí gur chuidigh méaduithe le déanaí ar phá íosta reachtúil, a bhí os cionn 20 % go minic idir 2022 agus 2025 agus os cionn 40 % i roinnt Ballstát, le cumhacht ceannaigh oibrithe ar phá íseal a chosaint agus gur thacaigh siad le fás pá in earnálacha ar phá íseal; de bhrí, in ainneoin gur sháraigh fíorphá na leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim i bhformhór na mBallstát, nach bhfuil na leibhéil sin á mbaint amach go fóill i roinnt geilleagair mhóra;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur ghéaraigh an t-athrú aeráide ar neamhionannais agus go ndearna sé difear go háirithe do na grúpaí is leochailí, ar gnách leo a bheith níos neamhchosanta ar ghuaiseacha comhshaoil, mar shampla teochtaí arda, as a n-eascraíonn caighdeáin níos ísle maidir le cáilíocht poist, caillteanas táirgiúlachta agus neamhdheimhneacht post níos mó; de bhrí nach mór don aistriú i dtreo na haeráidneodrachta a bheith cothrom agus cuimsitheach go sóisialta do chách, agus go bhfuiltear ag dréim go gcruthófar idir 1 mhilliún agus 2.5 milliún post breise faoi 2030, má fhaigheann sé tacaíocht ó na beartais chearta fostaíochta agus oideachais; de bhrí gur réamhriachtanas iad cosaint shóisialta atá láidir agus cistithe go leormhaith, chomh maith le beartais ardcháilíochta chun poist a chruthú, chun aistriú cothrom agus cóir i dtreo na haeráidneodrachta agus an chlaochlaithe dhigitigh a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil ganntanas leanúnach saothair agus scileanna roimh AE i roinnt earnálacha, arna spreagadh ag tosca éagsúla, amhail athrú déimeagrafach agus teicneolaíoch, mí-oiriúint scileanna, cáilíocht poist agus easpa tarraingteachta agus infheistíochta i seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán, a sainaithníodh mar phríomhbhacainn d’fhás agus d’iomaíochas AE; de bhrí go gcuirtear, le ionchais ghairme theoranta agus dálaí oibre forbhásacha daoine óga i gcodanna den Aontas, le heis-sreafaí tallainne idir réigiúin AE agus tríú tíortha, rud lena gcuirtear leis na ganntanais sin tuilleadh; de bhrí go dtugtar chun suntais sa togra ón gCoimisiún le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht 2026 go dtacaítear le táirgiúlacht, feidhmíocht eacnamaíoch, cothroime shóisialta agus comhtháthú níos airde trí aghaidh a thabhairt ar laigí struchtúracha sa mhargadh saothair trí cháilíocht poist níos fearr; de bhrí go gcabhródh feabhas ar chearta oibrithe, ar chómhargáil, ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, rochtain ar chosaint shóisialta agus ar dheiseanna forbartha scileanna do chách, lena n-áirítear náisiúnaigh tríú tír, chomh maith le bearta gníomhachtaithe spriocdhírithe don 51 mhilliún duine in aois oibre atá lasmuigh den lucht saothair faoi láthair, le rannpháirtíocht, cuimsitheacht agus iomaíochas a neartú; de bhrí go meastar go dtiocfaidh laghdú suas le 18.8 milliún duine ar dhaonra oibre AE faoi 2050, rud lena dtugtar le fios gur féidir le himirce dhleathach lucht saothair cabhrú le freagairt do riachtanais athraitheacha mhargadh an tsaothair;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, in 2022, gurbh ionann ráta rannpháirtíochta daoine fásta san fhoghlaim agus 39.5 %, rud a léiríonn go bhfuil gá le hiarracht níos mó ar fud fhormhór na mBallstát chun an sprioc a bhaint amach go mbeadh 60 % de dhaoine fásta rannpháirteach san oideachas agus san oiliúint faoi 2030; de bhrí go soláthraítear, leis an gcur chuige comhtháite maidir le comhordú beartais laistigh den Seimeastar Eorpach, an creat chun an infheistíocht is gá i bhforbairt caipitil dhaonna, in oideachas agus i gcórais oiliúna a threorú; de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí suntasacha breise chun soláthar beartas oiliúna ar ardchaighdeán agus rochtain orthu a áirithiú, go háirithe d’oibrithe i ngairmeacha ar bheagán oiliúna, chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn agus chun iomaíochas, athléimneacht agus cuimsitheacht lucht saothair AE a neartú; de bhrí go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfadh caiteachas poiblí amháin scála na riachtanas uas-scilithe agus athscilithe i bhfianaise na ndúshlán claochlaitheach atá roimh AE; de bhrí, in 2022, gur tháinig laghdú ar an meánscór do bhunscileanna i measc daoine 15 bliana d’aois sa Chlár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) i gcomparáid le 2018, agus go raibh tionchar díréireach ag tearcghnóthachtáil ar fhoghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste, agus béim á leagan ar an ngá atá le hathchóirithe agus le hinfheistíocht leanúnach san oideachas agus san oiliúint chun tacú leis na glúnta atá le teacht agus lena n-aistriú ón oideachas go dtí an obair;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go meastar gurb ionann riachtanais infheistíochta bhreise sa bhonneagar sóisialta agus EUR 192 bhilliún in aghaidh na bliana, lena n-áirítear i dtithíocht inacmhainne, i gcúram sláinte agus fadtéarmach, in oideachas agus in oiliúint ar feadh an tsaoil<FOOTNOTE><FIELD> Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 27 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Identifying Europe’s recovery needs’ [Riachtanais téarnaimh na hEorpa a shainaithint] (SWD(2020)0098) a ghabhann leis an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Europe’s moment: Repair and Prepare for the Next Generation’ [Uain na hEorpa: Deisiú agus ullmhú don chéad ghlúin eile] (COM(2020)0456).</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí nach mór luach a chur ar thoradh eacnamaíoch infheistíochtaí sóisialta, go háirithe caiteachas poiblí ar leanaí agus ar an óige, lena bhfeabhsaítear ní hamháin caighdeáin mhaireachtála agus lena laghdaítear an bhochtaineacht, ach ar phríomhspreagthaí iad freisin d’fhás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach, do tháirgiúlacht níos airde agus do rátaí fostaíochta méadaithe; de bhrí go lagaítear le tearcinfheistíocht san oideachas agus sa taighde ionchais fáis fhadtéarmacha; de bhrí, i gcás leanaí, gur infheistíocht amach anseo iad infheistíochtaí sóisialta, as a n-eascraíonn oideachas níos fearr agus ionchais fostaíochta níos fearr, rud lena gcuirtear borradh faoi tháscairí eacnamaíocha; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh oibre chun an bhearna infheistíochta sóisialta tar éis an téarnaimh in AE a thomhas, chomh maith le hinfheistíocht agus cumhdach seirbhísí sóisialta agus a dtorthaí eacnamaíocha; de bhrí go neartódh forbairt comhtháscairí sonraí maidir le caiteachas agus cumhdach seirbhísí sóisialta, amhail Innéacs Eorpach na Seirbhísí Sóisialta, moltaí fianaisebhunaithe agus faireachán éifeachtach ar a gcur chun feidhme laistigh den Seimeastar Eorpach;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go gcuirtear, le brúnna ar chostais tithíochta agus praghsanna arda fuinnimh, ualaí suntasacha ar theaghlaigh, in ainneoin an fhíorais gur minic a bhí an beartas tithíochta faoi ghannionadaíocht i moltaí tírshonracha, in ainneoin a ábharthachta maicreacnamaíche agus a róil lárnaigh maidir le slándáil ioncaim, cuimsiú sóisialta agus athléimneacht costais mhaireachtála; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag infheistíocht i seirbhísí sóisialta agus soláthar tithíochta a mhéadú, lena n-áirítear tithíocht shóisialta agus inacmhainne, chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh agus athchóiriú foirgneamh agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna, maidir leis an mbochtaineacht a laghdú, lena n-áirítear bochtaineacht fuinnimh, agus inacmhainneacht a fheabhsú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gurb ionann an bhearna phá idir na hinscní san Aontas faoi láthair agus 12 % mar gheall ar sciar díréireach na bhfreagrachtaí teaghlaigh agus cúraim leanaí atá ar mhná agus mar gheall ar thearcluacháil leanúnach ar ghairmeacha ina bhfuil ceannas ag mná, i measc tosca eile; de bhrí go bhfuil baol níos airde bochtaineachta ann do mhná, go háirithe i measc daoine scothaosta, agus go bhfuil an bhearna phinsin idir na hinscní chomh hard le 25 % faoi láthair<FOOTNOTE><FIELD> An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘Innéacs Comhionannais Inscne’, https://eige.europa.eu/gender-equality-index/2025/country.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil buntáiste iomaíoch ag baint le hinfheistíocht a dhéanamh i samhail shóisialta AE; á iarraidh go ndéanfaí na moltaí ón nGrúpa Ardleibhéil maidir le todhchaí na cosanta sóisialta agus an stáit leasa, chomh maith leis na moltaí ó thuarascálacha Letta agus Draghi, a chomhtháthú i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh chun geilleagar sóisialta margaidh an Aontais a chosaint agus a threisiú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige cothrom lena dtacaítear le cearta sóisialta, seirbhísí poiblí, agus struchtúir agus cumhdach cómhargála a mhéid a bhaineann leis an iomaíochas; á chur in iúl gur geal léi comhtháthú CECS sa chreat rialachais eacnamaíoch agus á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as an bhféidearthacht síneadh a chur leis an tréimhse choigeartaithe chun infheistíocht a dhéanamh i dtosaíochtaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; á iarraidh go léireofaí an creat rialachais comhtháite i bpróisis inmheánacha institiúidí AE, agus go mbeadh a gcomhlachtaí eacnamaíocha agus sóisialta rannpháirteach ar an leibhéal céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit CECS a chur chun feidhme go hiomlán; á chur i bhfáth nach mór do phlean gníomhaíochta nuashonraithe CECS gealltanais pholaitiúla a aistriú ina mbearta nithiúla agus uaillmhianacha, le tacaíocht ó spriocanna soiléire, intomhaiste agus táscairí láidre faireacháin, chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta agus chun tacú le hoibrithe an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhainistiú, go háirithe maidir le scileanna, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil; á iarraidh go ndéanfaí spriocanna phlean gníomhaíochta CECS a leabú i gcroílár an tSeimeastair Eorpaigh trí thagarmharcanna a dhéanamh díobh i measúnuithe an tSeimeastair Eorpaigh; ag tabhairt dá haire go ndírítear den chuid is mó sa togra ón gCoimisiún le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht 2026 ar ghanntanais scileanna agus saothair agus nach leor é chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chur chun feidhme 20 prionsabal de chuid CECS, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2024/1263; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar phrionsabail uile CECS i dtimthriallta amach anseo chun léargas cruinn agus iomlán ar an staid shóisialta in AE a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi uaillmhian an Choimisiúin deireadh a chur leis an mbochtaineacht faoi 2050, a phlean tithíochta inacmhainne Eorpach agus an rún atá aige gníomh um phoist ardcháilíochta a mholadh; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an chéad straitéis frithbhochtaineachta de chuid an Aontais agus neartú na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le comhleanúnachas idir an Seimeastar Eorpach, an obair leantach ar phlean gníomhaíochta CECS agus na hionstraimí sin atá ar na bacáin, le spriocanna intomhaiste agus moltaí tírshonracha comhfhreagracha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag meabhrú an ghealltanais a thug Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen in 2019 chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh san Eoraip atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta ar na cearta is bunúsaí, amhail cúram sláinte agus oideachas, agus glacadh Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí ina dhiaidh sin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 223, 22.6.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/1004/oj.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth nach féidir cuspóirí na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí a bhaint amach gan buiséad tiomnaithe uaillmhianach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon; á iarraidh an athuair, sa chomhthéacs sin, go mbeadh buiséad suntasach tiomnaithe EUR 20 billiún ar a laghad ann don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá leis an mbuiséad tiomnaithe sin a leithdháileadh sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun freagairt do dhúshlán méadaitheach na bochtaineachta leanaí agus an eisiaimh shóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé deireadh a chur le bochtaineacht leanaí agus leis an eisiamh sóisialta chun timthriallta idirghlúine a bhriseadh; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear measúnú ar chur chun feidhme na Ráthaíochta do Leanaí i ngach tuarascáil tíre i bPacáiste an Earraigh 2025 agus á mholadh go ndéanfaí faireachán leanúnach ar an dul chun cinn laistigh den Seimeastar Eorpach; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an easpa obair leantach ar na torthaí sin, agus gan ach dhá mholadh thírshonracha in 2025 á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí; á mheas gur cheart go léireodh na moltaí a bhaineann go sonrach le tír go sonrach comhlíonadh buiséadach na mBallstát leis na híoscheanglais maidir le leithdháiltí chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí atá leagtha amach sa Rialachán CSE+<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1057/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á iarraidh an athuair go méadófaí cistiú na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí, le buiséad tiomnaithe substainteach, agus go ndéanfadh na Ballstáit 5 % ar a laghad dá gcistí CSE+ leithdháilte a chur i leataobh chun bochtaineacht leanaí a chomhrac agus folláine leanaí a chur chun cinn, agus 10 % ar a laghad curtha i leataobh do Bhallstáit a bhfuil leibhéil bochtaineachta leanaí acu atá os cionn mheán AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di leibhéal na dífhostaíochta i measc na hóige, atá fós níos mó ná dhá oiread níos airde ná ráta dífhostaíochta foriomlán AE; á chur i bhfáth, i gcás daoine óga, go bhfuil sé ríthábhachtach bearta gníomhachtaithe fostaíochta a chomhlánú le tacaíocht leanúnach, lena n-áirítear rochtain ar sheirbhísí sóisialta comhtháite, ar thithíocht agus ar thacaíocht mheabhairshláinte chun a áirithiú go leanfaidh siad de bheith rannpháirteach san oideachas nó san fhostaíocht; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh sa Ráthaíocht threisithe don Aos Óg chun tacaíocht ardcháilíochta agus thráthúil a áirithiú do gach duine óg nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna) faoi bhun 30 bliain d’aois; ag tathant ar na Ballstáit úsáid na Ráthaíochta treisithe don Aos Óg a neartú mar uirlis chun tacú le lucht fágála cúraim agus chun ‘an bhearna iarchúraim’ a chosc, lena n-áirítear trí rochtain ar ghairmthreoir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, tréimhsí oiliúna ardcháilíochta a bhfuil luach saothair cothrom ag dul leo a chur chun cinn agus cosc a chur ar a mí-úsáid trí iad a úsáid in ionad gnáthfhostaíochta; á iarraidh go mbeidh an treoir atá le teacht maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú<FOOTNOTE><FIELD> Togra ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre oiliúnaithe a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú agus maidir le gnáthchaidrimh fostaíochta atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna a chomhrac (‘An Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna’) (COM(2024)0132).</FIELD></FOOTNOTE> uaillmhianach agus cuimsitheach, lena n-áiritheofar cosaint iomlán chearta na n-oiliúnaithe, lena n-áirítear an fhéidearthacht deireadh a chur leis an tréimhse oiliúna gan dochar i gcás sárú ar chearta bunúsacha, agus á iarraidh go dtabharfar an chaibidlíocht chun críche go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á mheas go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát chun leibhéil arda leanúnacha bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta a chosc agus chun aghaidh a thabhairt orthu, agus á chur in iúl gur geal léi gur fógraíodh an chéad straitéis frithbhochtaineachta de chuid AE ina leith sin; á chreidiúint nach mór cur chuige cuimsitheach a sholáthar sa straitéis chun dul i ngleic le bunchúiseanna agus gnéithe ilghnéitheacha na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, le gníomhaíochtaí nithiúla, leithdháileadh láidir buiséadach, cuspóirí soiléire, garspriocanna agus bearta struchtúracha, agus cur chun feidhme agus faireachán láidir á n-áirithiú ag an am céanna; á iarraidh ar na Ballstáit an treoir maidir le pá íosta leormhaith a chur chun feidhme<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj).</FIELD></FOOTNOTE> chun bochtaineacht lucht oibre a chomhrac agus chun obair a dhreasú; á iarraidh go gcuirfí an comhrac i gcoinne na bochtaineachta leanaí ina chroílár i straitéis frithbhochtaineachta AE chun timthriall na bochtaineachta a bhriseadh; ag tathant ar na Ballstáit an moladh ón gComhairle maidir le hioncam íosta leormhaith a chur chun feidhme go hiomlán<FOOTNOTE><FIELD> Moladh ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 maidir le hioncam íosta leormhaith lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (IO C 41, 3.2.2023, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar rochtain daoine féinfhostaithe ar chosaint shóisialta agus á iarraidh ar an gCoimisiún próiseas an tSeimeastair Eorpaigh a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme náisiúnta an Mholta ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe<FOOTNOTE><FIELD> Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, lena n-áirítear na moltaí tírshonracha; á mheabhrú, ós rud é go bhfuil ráta na ngairmithe féinfhostaithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta níos mó ná dhá oiread ráta an phobail i gcoitinne, go bhfuil gá le bearta spriocdhírithe don earnáil; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an fógra maidir le Cairt Ealaíontóirí AE arb é is aidhm di béim a leagan ar na bunphrionsabail agus ar na príomhghealltanais maidir le dálaí oibre cothroma san earnáil sin, ach ag tathant ar an gCoimisiún a fhoilsiú a chur chun cinn go dtí 2026, ós rud é gur saincheisteanna seanbhunaithe iad sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil cuspóirí chreat straitéiseach AE maidir leis na Romaigh á saothrú ar bhealach níos gníomhaí ag na Ballstáit agus nach bhfuil aird leanúnach á tabhairt orthu i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha; ag leagadh béim ar sprioc an chreata straitéisigh i dtaobh an bhearna fostaíochta idir na Romaigh agus an daonra i gcoitinne a laghdú ina leath agus a áirithiú go mbeidh ar a laghad 60 % de na Romaigh in obair íoctha faoi 2030; ag mholadh do na Ballstáit cur chuige comhtháite atá dírithe ar an gcomhionannas a ghlacadh agus a áirithiú go sroichfidh beartais agus seirbhísí poiblí go héifeachtach na Romaigh go léir, lena n-áirítear iad sin i limistéir iargúlta agus thuaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheabhrú, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil bearna fostaíochta leanúnach thart ar 24 % ann maidir le daoine faoi mhíchumas, agus, ar an taobh eile, go bhfuil sé mar chuspóir ag AE aistriú ó chúram institiúideach go cúram pobalbhunaithe nó teaghlachbhunaithe do gach duine lena mbaineann; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an mbearna fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas tríd an Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear sna moltaí tírshonracha, agus straitéis AE maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030 a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, le tionscnaimh shuaitheanta nua, lena n-áirítear ráthaíocht Eorpach um fhostaíocht agus scileanna do dhaoine faoi mhíchumas; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta a chur ar aghaidh maidir le dí-institiúidiú lena gcumhdófar gach grúpa atá fós ina gcónaí in institiúidí, lena n-áirítear leanaí, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil saincheisteanna meabhairshláinte acu agus daoine atá gan dídean; á chur i bhfáth gur cheart faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le dí-institiúidiú laistigh den Seimeastar Eorpach, agus á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as CSE+ agus as cistí eile de chuid an Aontais agus as cistí náisiúnta eile chun an próiseas sin a thabhairt chun críche, seirbhísí pobalbhunaithe a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh sa chosc;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cuimsiú buan an chreata um chóineasú sóisialta sa Seimeastar Eorpach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé, in éineacht leis an Scórchlár Sóisialta, rioscaí a shainaithint agus dul chun cinn maidir le cóineasú sóisialta aníos a rianú, neamhionannais a laghdú, córais cosanta sóisialta a neartú agus dálaí oibre cuibhiúla agus bearta tacaíochta a chur chun cinn chun cothroime san aistriú a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí nuálaíocha anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla a fhorbairt tuilleadh faoin gcreat nua seo chun an úsáid is fearr a bhaint as i dtimthriallta an tSeimeastair Eorpaigh amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na rioscaí don chóineasú sóisialta aníos a tugadh chun suntais ina thuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht 2025, lena n-áirítear torthaí fostaíochta grúpaí faoi ghannionadaíocht, luathfhágáil na scoile agus foghlaim aosach, agus bochtaineacht, sa dara céim den anailís, agus plé a dhéanamh leis na Ballstáit lena mbaineann ar na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin; ag tabhairt dá haire, trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a sainaithníodh sa tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht, go rannchuideofar le cóineasú sóisialta aníos a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an Scórchlár Sóisialta a fheabhsú agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áiritheofar go léireofar ann spreagthaí agus tionchair an neamhionannais, lena n-áirítear comhdheiseanna, fostaíocht ardcháilíochta, dáileadh rachmais, rochtain ar sheirbhísí poiblí agus sóisialta, pinsin leormhaithe, tithíocht agus easpa dídine, meabhairshláinte, idirdhealú agus tionchair shóisialta an díghrádaithe comhshaoil agus an athraithe aeráide; á iarraidh ar an gCoimisiún caitheamh le bochtaineacht lucht oibre mar chomhartha rabhaidh laistigh den Scórchlár Sóisialta agus moltaí tírshonracha a mholadh i gcás gurb ann na treochtaí sin i gcónaí; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a luaitear mar dhúshláin ‘chriticiúla’ nó ‘fhairthe’ sa Scórchlár, lena n-áirítear luathfhágáil na scoile, ró-ualach costais tithíochta, tionchar na n-aistrithe sóisialta, an bhearna fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas, riachtanais féintuairiscithe nach bhfuiltear ag freastal orthu maidir le cúram leighis, cúram leanaí, bunscileanna digiteacha agus bochtaineacht leanaí; á iarraidh go n-áireofaí innéacs um dhul chun cinn sóisialta agus an tInnéacs Comhionannais Inscne chun neamhionannas, rochtain ar dheiseanna agus folláine a thomhas ar bhealach níos fearr trí shonraí imdhealaithe a úsáid; á chur i bhfáth go bhfuil gá le sonraí agus modheolaíochtaí tráthúla, comhchuibhithe agus trédhearcacha chun feabhas a chur ar cheapadh beartas fianaisebhunaithe agus ar infheistíochtaí sóisialta spriocdhírithe, agus chun an Scórchlár Sóisialta a ailíniú le gach ceann de 20 prionsabal de chuid CECS;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheabhrú nach léirítear go leordhóthanach le táscaire AROPE bunchúiseanna na bochtaineachta agus neamhionannais chasta, go háirithe cuimsiú daoine atá ina gcónaí lasmuigh de theaghlaigh phríobháideacha, gnéithe cáilíochtúla na bochtaineachta agus taithí saoil an imeallaithe, agus á mheas ag an am céanna go dtéann an bhochtaineacht thar easpa ioncaim nó díth ábhartha; á iarraidh ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta obair a dhéanamh chun beart staidrimh AROPE a athnuachan chun é a leathnú i dtreo tuiscint níos láidre, imdhealaithe agus níos iltoisí ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á mheabhrú gur féidir tionchar dearfach a bheith ag infheistíocht shóisialta ar fhás eacnamaíoch, ar tháirgiúlacht agus ar iomaíochas, agus ag an am céanna rannchuidiú le hinbhuanaitheacht fhioscach agus comhtháthú sóisialta aníos, dálaí maireachtála agus oibre, agus cuimsiú grúpaí leochaileacha a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit caitheamh leis an infheistíocht shóisialta mar bhunchloch don fhás inbhuanaithe agus díriú ar infheistíochtaí a bhfuil a n-éifeachtacht cruthaithe acu ó thaobh fáis, táirgiúlachta, cáilíocht poist agus rannpháirtíocht mhéadaithe sa mhargadh saothair de; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid iomlán agus spriocdhírithe a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go dtí an 31 Nollaig 2026 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a sholáthar maidir le hinfheistíocht phríobháideach agus comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha a ghiaráil chun bearnaí sa bhonneagar sóisialta a dhúnadh; á chur in iúl gur geal léi gur seoladh an Mol Eolais maidir le hInfheistíocht Shóisialta chun feabhas a chur ar an bhfoghlaim fhrithpháirteach agus ar chúnamh teicniúil, chun leanúint d’fheabhas a chur ar thráthúlacht agus ar infhaighteacht táscairí sóisialta, chun moilleanna a laghdú maidir le treochtaí bochtaineachta agus neamhionannais a mheasúnú, agus chun feabhas a chur ar rochtain na mBallstát ar shonraí le haghaidh meastóireacht beartais agus measúnú tionchair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheabhrú gur príomhghné den infheistíocht shóisialta é an geilleagar sóisialta, a bhfuil ról uathúil aige maidir le réitigh chuimsitheacha agus nuálacha a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil, lena rannchuidítear le cruthú post ardcháilíochta, le soláthar seirbhísí sóisialta agus gaireachta inacmhainne agus inrochtana, agus leis na haistrithe glasa agus digiteacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil tacaíocht phoiblí láidir ann don gheilleagar sóisialta, agus 88 % de fhreagróirí Eorabharaiméadair ag tacú le straitéisí agus reachtaíocht chun é a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chreatchoinníollacha a neartú trí rochtain ar mhaoiniú a éascú, deiseanna fothaithe acmhainneachta a sholáthar agus a infheictheacht a áirithiú, agus cuspóirí phlean gníomhaíochta an gheilleagair shóisialta sa Seimeastar Eorpach a léiriú, lena n-áirítear trí mholtaí tírshonracha agus trí úsáid spriocdhírithe chistí AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart plean tithíochta inacmhainne an Choimisiúin a chomhtháthú ar bhealach níos fearr sa Seimeastar Eorpach, agus béim níos láidre á leagan ar mholtaí tírshonracha maidir le tithíocht inacmhainne, chuibhiúil agus inbhuanaithe, go háirithe do ghrúpaí ísealioncaim agus meánioncaim, agus do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta; á iarraidh go ndéanfaí faireachán neartaithe ar dhul chun cinn na mBallstát maidir le rochtain ar thithíocht leormhaith, shábháilte agus neamhscartha a áirithiú do phobail Romacha atá buailte ag fíorbhochtaineacht; á mheabhrú do shínitheoirí Dhearbhú Liospóin maidir leis an Ardán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac faoin sprioc deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2030; á iarraidh ar na Ballstáit bearta lena méadaítear soláthar, lena laghdaítear costais tógála agus lena dtugtar aghaidh ar ghanntanais lucht saothair san earnáil tógála agus tithíochta a chomhcheangal le tacaíocht ar thaobh an éilimh lena gcuirtear ar chumas daoine, go háirithe teaghlaigh i gcásanna leochaileacha, rochtain a fháil ar thithíocht inacmhainne, chuibhiúil agus inbhuanaithe; á chur i bhfáth gur cheart go dtacódh pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta agus straitéisí infheistíochta le tithíocht shóisialta agus inacmhainne, le heaspa dídine a chosc agus a laghdú agus le hiarfheistithe a thógáil chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú agus dálaí tithíochta a fheabhsú, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha; á mheabhrú go soláthrófar leis an gCiste Aeráide Sóisialta cistiú do na Ballstáit ó 2026 ar aghaidh chun tacú le teaghlaigh leochaileacha agus le micrifhiontair leochaileacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur infheistíocht shóisialta straitéiseach í infheistíocht in oideachas ardcháilíochta, inrochtana agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil atá bunriachtanach don chomhtháthú, don chuimsiú, agus don lucht saothair a ullmhú don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus do riachtanais an Aontais a bhaineann le cosaint, lena n-áirítear trí ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus printíseachtaí; á chur in iúl gur geal léi an togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le caipiteal daonna san Aontas agus an bhéim a leagtar ann ar aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna, ar úsáid faisnéise scileanna chun straitéisí scileanna a dhearadh agus ar thacar leathan bunscileanna a fhorbairt, lena n-áirítear scileanna digiteacha, saoránachta agus litearthacht IS, chun daoine aonair a ullmhú don saol nua-aimseartha; á aithint go gcuirtear, de bharr infheistíocht neamh-leordhóthanach i gcaipiteal daonna, bac ar an nuálaíocht, ar an iomaíochas agus ar chumas daoine a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tionscnaimh AE maidir le ganntanais scileanna chun tacaíocht níos láidre a sholáthar do chórais chuimsitheacha  oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear trí bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, trí chuntais foghlama aonair agus trí mhicridhintiúir, agus trí nósanna imeachta a neartú chun foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé soghluaisteacht chothrom an lucht saothair laistigh den Aontas a fheabhsú agus a éascú agus a thábhachtaí atá ról na himirce dleathaí agus aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí eachtracha chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil rannpháirtíocht daoine fásta san oiliúint fós i bhfad faoi bhun na sprice 60 % i bhformhór na mBallstát, go háirithe i measc oibrithe ar bheagán oiliúna, oibrithe scothaosta, náisiúnaigh tríú tír agus daoine faoi mhíchumas; á iarraidh ar an gCoimisiún réitigh nithiúla a chur ar aghaidh ar ghanntanais scileanna agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leanúnacha sa Phacáiste um Shoghluaisteacht Chóir an tSaothair atá ar na bacáin, lena n-áiritheofar go dtabharfar aghaidh leis an Tionscnamh Inaistritheachta Scileanna atá ar na bacáin ar na bacainní atá ann faoi láthair ar aitheantas scileanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chreidiúint go láidir gur féidir le ceart aonair chun oiliúna d’oibrithe le linn uaireanta oibre, lena dtugtar aghaidh ar na príomhbhacainní ar oiliúint a shaothrú, uas-sciliú agus athsciliú ar ardchaighdeán, oiliúint d’fhostaithe agus tacaíocht forbartha gairme a áirithiú chun soláthar intuartha agus cobhsaí oibrithe oilte a áirithiú d’fhostóirí; á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic leis an mbacainn chostais trína áirithiú go mbeidh oiliúint saor ó chostas ar fáil d’oibrithe, agus go mbeidh tacaíocht ann trí bhíthin cistiú, dreasachtaí cánach agus comhpháirtíochtaí; á chur i bhfáth go bhfuil institiúidí náisiúnta agus comhpháirtithe sóisialta freagrach as oiliúint a chur ar fhostaithe, agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach acu i gcur chun feidhme an chirt chun oiliúna; á iarraidh, ina leith sin, ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do scéimeanna oiliúna arna bhforbairt go comhpháirteach ag oibrithe agus ag a bhfostóirí agus na scéimeanna sin a chur chun cinn, lena n-áiritheofar go bhfreagróidh uas-sciliú agus athsciliú don fhíoréileamh margaidh agus go rannchuideoidh siad le dul chun cinn gairme; á iarraidh ar an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh agus treoir a eisiúint maidir leis an gcaoi ar féidir le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha idir na Ballstáit agus fiontair oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú oibrithe a chistiú, go háirithe an ceart chun oiliúna d’oibrithe aonair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór cothroime idirghlúine a bheith ina cuid struchtúrach den Seimeastar Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid dá straitéis cothroime idirghlúine, táscairí maidir le folláine na hóige agus na seanaoise, rochtain ar phoist ardcháilíochta, inacmhainneacht tithíochta, infhaighteacht, inrochtaineacht fhisiciúil, leormhaitheas ioncaim agus pinsean íosta, rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte ardcháilíochta, agus oideachas agus scileanna ardcháilíochta a chomhtháthú i gcreat measúnaithe an tSeimeastair Eorpaigh, agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchair fhadtéarmacha agus dháileacháin na moltaí fioscacha agus athchóirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchair fhadtéarmacha eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta na moltaí beartais, lena n-áirítear tearcinfheistíocht, ar na glúnta atá le teacht; á chur i bhfáth gur gá tionchar an chlaochlaithe dhéimeagrafaigh agus an mhéadaithe ar fhad saoil a chomhtháthú ar bhealach níos fearr sa Seimeastar Eorpach; á chur i bhfáth go n-éilítear leis an athrú déimeagrafach beartais chun rannpháirtíocht an lucht saothair a mhéadú; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le bearta lena dtacaítear le haosú gníomhach agus lena n-áirithítear inbhuanaitheacht fhadtéarmach na gcóras pinsin agus cúraim; á mheas gur cheart do mholtaí tírshonracha pinsin a chur chun cinn lena n-áiritheofar saol na dínite, na folláine, agus rochtain ar chúram sláinte inacmhainne ar ardchaighdeán agus ar sheirbhísí coisctheacha do chách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth, faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, nach mór caiteachas cosanta a phleanáil ar bhealach comhordaithe, éifeachtúil, trédhearcach agus Eorpach chun tairbhí sochaíocha a uasmhéadú; á chur i bhfios go láidir gur cheart athléimneacht shochaíoch a áireamh san infheistíocht a bhaineann leis an tslándáil, lena n-áirítear bonneagar a bhfuil ardsochair shibhialtacha ag baint leis, cosaint shóisialta, oideachas sibhialta, athléimneacht dhaonlathach agus cosaint i gcoinne na bréagaisnéise, agus é á aithint gur codanna tábhachtacha d’ollstruchtúr slándála na hEorpa iad an chobhsaíocht shóisialta agus an mhuinín dhaonlathach agus nach mór iad a léiriú in anailís an tSeimeastair ar riachtanais fhadtéarmacha athchóirithe agus infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbeidh moltaí an tSeimeastair Eorpaigh in 2026 ríthábhachtach chun an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a mhúnlú; á chreidiúint gur cheart athchóirithe agus infheistíochtaí a roghnú mar gheall ar a n-éifeachtúlacht agus a n-éifeachtacht agus aghaidh á tabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha; ag tabhairt rabhaidh, má tá cistiú AE le bheith ceangailte le treoraíocht an tSeimeastair, nach mór an treoir sin a bheith cothrom go sóisialta i gcomhréir iomlán le CECS, agus nach mór ról tábhachtach a bheith ag gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla maidir le cistí a eisíoc; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ina leith sin, an togra ón gCoimisiún maidir le caiteachas sóisialta, a bhfuil an baol ann go lagófaí an fócas ar chuspóirí fostaíochta agus sóisialta, agus á iarraidh go mbeadh CSE+ neamhspleách agus treisithe ann le comhchruinnithe téamacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á mheas gur dlúthchuid dá iomaíochas í samhail shóisialta AE agus nach mór cearta sóisialta a chaomhnú agus a áirithiú leis na hiarrachtaí chun ualaí riaracháin ar ghnólachtaí a shimpliú; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir le cáilíocht post agus iomaíochas neamhchostais, amhail cáilíocht táirgí agus seirbhísí, tacú le táirgiúlacht agus fás pá freisin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé soiléireacht, comhréireacht agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a sholáthar, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do ghairmithe féinfhostaithe, agus ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go n-urramófaí leis na cineálacha cur chuige sin éagsúlacht na samhlacha margaidh saothair ar fud na mBallstát, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna do ghníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe agus do chruthú post ardcháilíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tacú le próiseas Seimeastair Eorpach a bheidh níos daonlathaí, agus le rannpháirtíocht láidir an Pharlaimint i dtosaíochtaí beartais eacnamaíoch agus shóisialta a leagan síos agus i gcinntí rialachais eacnamaíoch a dhéanamh; á áitiú nach mór na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla a bheith rannpháirteach go córasach i bhfoirmliú, i bhfaireachán agus in obair leantach na n-athchóirithe náisiúnta, go tráthúil agus go trédhearcach; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go cuí ag gach céim den anailís, lena n-áirítear laistigh den chreat um chóineasú sóisialta, chun úinéireacht a neartú agus chun a áirithiú gur ann do chearta sóisialta AE ar an láthair; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil urraim do phrionsabal na coimhdeachta agus don inniúlacht náisiúnta fós lárnach sa Seimeastar Eorpach; á mheabhrú gur gá don Choimisiún a áirithiú go ndéanfaidh an Seimeastar Eorpach agus creat rialachais eacnamaíoch AE measúnú ar thionchar na n-athchóirithe molta ar chomhionannas inscne agus ar lánpháirtiú na mban i margadh an tsaothair, agus infheistíocht i seirbhísí poiblí agus i mbonneagar cúraim ar ardchaighdeán a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tarraingt aird ar an easpa modheolaíochta trédhearcaí chun moltaí tírshonracha a fhoirmliú agus ar shoiléireacht maidir leis na critéir a úsáidtear chun iad a roghnú; ag tabhairt rabhaidh go mbaineann sé sin an bonn ó chuntasacht agus go bhfuil baol ann go gcaithfear go míchothrom leis na Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir le nósanna imeachta agus cinnteoireacht inmheánach, lena n-áirítear na hardstiúrthóireachtaí lena mbaineann, agus cuntasacht agus comhroinnt faisnéise leis an bParlaimint a neartú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil comhlíonadh na moltaí tírshonracha fós íseal; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh níos fearr a thabhairt ar mholtaí i réimsí na fostaíochta agus na mbeartas sóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún a idirphlé leis na Ballstáit a threisiú maidir le cur chun feidhme na moltaí atá ann cheana agus na dTreoirlínte Fostaíochta, lena n-áirítear obair leantach ar ghníomhaíochtaí beartais atá ann faoi láthair agus atá beartaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>