<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0077</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Straitéis an Aontais Eorpaigh um méadú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0016/2026 - Rapóirtéir:Petras Auštrevičius)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2026 maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um méadú (2025/2110(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagal 49 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 go 24 Meitheamh 2022, an 29 go 30 Meitheamh 2023, an 26 go 27 Deireadh Fómhair 2023, an 14 go 15 Nollaig 2023, an 27 Meitheamh 2024 agus an 17 Nollaig 2024 agus do Chonclúidí ó Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i gCóbanhávan an 21 go 22 Meitheamh 1993, ar a dtugtar critéir Chóbanhávan freisin,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Nollaig 2023 maidir le 30 bliain de chritéir Chóbanhávan – lena dtugtar spreagadh breise do bheartas an Aontais um méadú<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4173, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4173/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontuithe Comhlachais AE leis an Albáin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 107, 28.4.2009, lch. 166, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2009/332/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 164, 30.6.2015, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2015/997/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, leis an tSeoirsia<FOOTNOTE><FIELD> IO L 261, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/494/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, leis an gCosaiv<FOOTNOTE><FIELD> IO L 71, 16.3.2016, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2016/342/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, le Poblacht na Moldóive<FOOTNOTE><FIELD> IO L 260, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/492/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (dá ngairtear ‘an Mholdóiv’ anseo feasta) le Montainéagró<FOOTNOTE><FIELD> IO L 108, 29.4.2010, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2010/224/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, leis an Macadóin Thuaidh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 84, 20.3.2004, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2004/239(2)/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, leis an tSeirbia<FOOTNOTE><FIELD> IO L 278, 18.10.2013, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2013/490/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, leis an Tuirc<FOOTNOTE><FIELD> IO L 361, 31.12.1977, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1964/732/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus leis an Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> IO L 161, 29.5.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/295/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Samhain 2025 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">2025 Communication on EU enlargement policy</STRING>’ [Teachtaireacht 2025 maidir le beartas an Aontais um méadú] (COM(2025)0690) agus teachtaireachtaí bliantúla roimhe sin ina leith,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rúin uaithi maidir le tuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún maidir leis an gCosaiv<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0094.</FIELD></FOOTNOTE>, an tSeirbia<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0093.</FIELD></FOOTNOTE>, an Albáin<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0155.</FIELD></FOOTNOTE>, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0156.</FIELD></FOOTNOTE>, an Mhacadóin Thuaidh<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0157.</FIELD></FOOTNOTE>, Montainéagró<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0130.</FIELD></FOOTNOTE>, an Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0175.</FIELD></FOOTNOTE>, an Mholdóiv<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0131.</FIELD></FOOTNOTE>, an tSeoirsia<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0158.</FIELD></FOOTNOTE> agus an Tuirc<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0092.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2024 maidir le naisc níos dlúithe idir an tAontas agus an Airméin agus an gá atá le comhaontú síochána idir an Asarbaiseáin agus an Airméin<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6555, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6555/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 29 Feabhra 2024 maidir le lánpháirtiú an Aontais a dhoimhniú i bhfianaise an mhéadaithe a bheidh ann amach anseo<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/6746, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6746/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 dar teideal ‘Athchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais’ (COM(2024)0146),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 23 Samhain 2022 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis nua an Aontais don mhéadú<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 105.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1449, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1449/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Márta 2025 lena mbunaítear an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do Phoblacht na Moldóive<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/535, 21.3.2025, ELI:<STRING ITALIC="on"> </STRING>http://data.europa.eu/eli/reg/2025/535/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19 agus an 20 Meitheamh 2003,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na dearbhuithe ó na Cruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar an 17 Bealtaine 2018 i Sóifia, an 6 Bealtaine 2020 i Ságrab, an 6 Deireadh Fómhair 2021 in Brdo pri Kranju, an 6 Nollaig 2022 i dTiorána, an 13 Nollaig 2023 sa Bhruiséil, agus an 18 Nollaig 2024 sa Bhruiséil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28 Lúnasa 2014,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir an 7 Bealtaine 2009 i Prág, an 29 go 30 Meán Fómhair 2011 i Vársá, an 28 go 29 Samhain 2013 i Vilnias, an 21 go 22 Bealtaine 2015 i Ríge, an 24 Samhain 2017 sa Bhruiséil, agus an 15 Nollaig 2021 sa Bhruiséil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, roimh Chruinniú Mullaigh mhí an Mheithimh 2020<FOOTNOTE><FIELD> IO C 362, 8.9.2021, lch. 114.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 22 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an bpolarú agus brú faoi chois méadaithe sa tSeirbia, bliain amháin tar éis thragóid Novi Sad<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0248.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2025 maidir le tuilleadh meatha ar an staid pholaitiúil sa tSeoirsia<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/2251, 29.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2251/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 29 Samhain 2023 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">State of Play of EU-Türkiye political, economic and trade relations</STRING>’ [Staid na himeartha i ndáil leis an gcaidreamh polaitiúil, eacnamaíoch agus trádála idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc] (JOIN(2023)0050),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 2 Aibreán 2025 maidir le Pacáiste an Choimisiúin um Méadú 2024 – Na Balcáin Thiar agus an Tuirc,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist</STRING>’ [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha an Choimisiúin 2024 agus 2025 maidir leis an smacht reachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0016/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ar phróiseas méadaithe an Aontais le blianta beaga anuas i roinnt tíortha is iarrthóirí; de bhrí go bhfuil stádas mar iarrthóir á shealbhú ag naoi gcinn de na 10 dtír ar mian leo dul isteach san Aontas faoi láthair, tíortha a bhfuil an stádas sin ag cuid acu le blianta fada; de bhrí gur rannchuidigh oscailt na caibidlíochta aontachais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv le dinimic athnuaite sa bheartas um méadú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil an méadú ar cheann de na huirlisí beartais eachtraigh agus geopholaitiúla is láidre de chuid an Aontais agus go bhfuil sé fós ina phríomhspreagadh don tslándáil, don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don rathúnas fadtéarmach san Eoraip, bunaithe ar luachanna daonlathacha comhroinnte; de bhrí gur deis stairiúil é an méadú lena mbaineann buntáistí suntasacha socheacnamaíocha, polaitiúla agus slándála don Aontas agus do thíortha an mhéadaithe araon;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go léirítear sa tuarascáil Eorabharaiméadair is déanaí maidir leis an méadú go dtacaíonn 56 % de shaoránaigh an Aontais le méadú breise ar an Aontas Eorpach, agus gurb í an Úcráin an t-iarrthóir is fabhraí ar aontachas a luaithe a chomhlíonfar critéir bhallraíochta uile an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, de réir thuarascáil Eorabharaiméadair, go meastar gur bhain na babhtaí méadaithe a bhí ann roimhe seo na tairbhí is mó amach i réimsí an fháis eacnamaíoch agus an iomaíochais, agus ina dhiaidh sin tionchar domhanda neartaithe an Aontais agus slándáil agus cosaint fheabhsaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go mbaintear torthaí nithiúla amach le próiseas aontachais an Aontais ann féin, agus gurb é an tAontas príomh-chomhpháirtí polaitiúil, eacnamaíoch agus trádála thíortha an mhéadaithe i gcónaí; de bhrí gur tháinig méadú 62 % ar mhéid iomlán trádála na mBalcán Thiar leis an Aontas tar éis theacht i bhfeidhm na gComhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais; de bhrí go raibh tionchar claochlaitheach ag na Comhaontuithe Doimhne Cuimsitheacha Saorthrádála ar an Moldóiv agus ar an Úcráin ó thaobh trádála agus forbairt eacnamaíoch de araon, rud a mhéadaigh a dtrádáil 65,4 %  agus 64,7 % faoi seach;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur bagairt thromchúiseach ar an tslándáil ar mhór-roinn na hEorpa agus níos faide i gcéin é cogadh foghach iomlán na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a léiríonn go mbaineann costais straitéiseacha shuntasacha leis an neamh-mhéadú agus go mbaineann sé an bonn den tslándáil agus den chobhsaíocht ar fud ár mór-roinne; de bhrí gur chruthaigh marbhántacht i bpróiseas an mhéadaithe le blianta beaga anuas folús, rud a d’oscail an spás don Rúis agus don tSín agus do ghníomhaithe díobhálacha eile nach de chuid an Aontais iad; de bhrí go gcuireann an Rúis isteach d’aon ghnó ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus na mBalcán Thiar trí oibríochtaí hibrideacha bagartha, lena n-áirítear cur isteach ar thoghcháin agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI), ag féachaint le stop a chur le próiseas aontachais an Aontais sna tíortha sin agus atá ina bhagairt don tslándáil do na réigiúin sin, trína forghabháil neamhdhleathach ar chodanna de chríoch trí thír is iarrthóirí, agus don mhór-roinn ar fad;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar na Síne ag leathnú go contúirteach, idir thionscadail ina bhfuil spleáchas eacnamaíoch i gceist agus comhar slándála, go háirithe sna Balcáin Thiar agus sa tSeoirsia, ós rud é go leanann sí de leas a bhaint as éagobhsaíocht pholaitiúil agus laigí institiúideacha i roinnt tíortha is iarrthóirí chun an bonn a bhaint dá gconair i dtreo lánpháirtiú an Aontais agus dá rialachas daonlathach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur próiseas bunaithe ar fhiúntas é an méadú, ina bhfuil dul chun cinn do-aisiompaithe maidir leis an smacht reachta, an daonlathas agus luachanna bunúsacha fós ina bhunchloch lárnach; de bhrí go bhfuil aontachas gach tíre leis an Aontas ag brath ar athchóirithe buana, doimhne agus do-aisiompaithe thar réimsí bunúsacha, ag tosú leis an smacht reachta agus feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha; de bhrí go gcinntear an amlíne le haghaidh aontachais le cáilíocht na n-athchóirithe riachtanacha arna ndéanamh ag tír;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é an tAontas fós an soláthraí infheistíochta agus cúnaimh airgeadais is mó tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais IPA III, tríd an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, trí Shaoráid na mBalcán Thiar, trí Shaoráid na hÚcráine, trí Shaoráid na Moldóive, tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda, agus trí chúnamh macrairgeadais;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil ailíniú na dtíortha is iarrthóirí le comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais fós ar cheann de na príomh-réamhchoinníollacha d’aontachas leis an Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go leagtar síos an próiseas cinnteoireachta maidir le méadú in Airteagal 49 CAE agus sna creataí caibidlíochta arna dtarraingt suas do gach tír is iarrthóir;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil Parlaimint na hEorpa fós ina comhpháirtí iontaofa do thíortha aontachais agus go dtacaíonn sí le próiseas an mhéadaithe, lena gcumasaítear athchóirithe institiúideacha agus socheacnamaíocha ar mhaithe leis na saoránaigh;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gné gheostraitéiseach an mhéadaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á athdhearbhú gur freagairt straitéiseach é an méadú ar an réaltacht gheopholaitiúil nua agus gur infheistíocht é atá ríthábhachtach do shlándáil agus do chobhsaíocht an Aontais i bhfianaise chogadh foghach iomlán na Rúise i gcoinne na hÚcráine, sáruithe leanúnacha teorann, ionsaithe hibrideacha agus gníomhaíochtaí naimhdeacha eile i gcoinne a chomharsana, chomh maith le dúshláin gheopholaitiúla choiteanna eile, lena n-éilítear fís pholaitiúil dhaonlathach fhadtéarmach agus gníomhaíochtaí misniúla agus céimeanna chun an tionscadal Eorpach a thabhairt chun críche;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á athdhearbhú go dtéann an méadú chun tairbhe do na Ballstáit atá ann faoi láthair agus do na Ballstáit a bheidh ann amach anseo araon; ag cur béim ar an bpráinn pholaitiúil a bhaineann le tiomantas gníomhach an Aontais do phróiseas an mhéadaithe a léiriú, d’fhonn inchreidteacht an Aontais i leith thíortha an mhéadaithe agus a sochaithe a chosaint freisin; á áitiú go neartófar slándáil agus geilleagar na hEorpa le méadú an Aontais; á chur i bhfáth, arís eile, go bhfuil todhchaí na mBalcán Thiar, na hÚcráine agus na Moldóive laistigh den Aontas, i gcomhréir le mianta a muintire; á chur i bhfios go láidir gur mó costas an neamh-mhéadaithe ná an costas a bhaineann leis an bpróiseas a thabhairt chun críche agus go mbeadh an baol ann go gcruthófaí limistéir liatha gheopholaitiúla atá leochaileach do thionchar urchóideach ag tíortha nach bhfuil san Aontas atá ag iarraidh a dtionchar polaitiúil, eacnamaíoch agus straitéiseach a leathnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur príomhuirlis é an t-aontachas chun síocháin mharthanach, daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chur chun cinn, chun athmhuintearas agus cobhsaíocht réigiúnach a chothú, agus chun tíortha is iarrthóirí agus comharsanacht an Aontais a chosaint ar chur isteach eachtrach urchóideach, go háirithe ón Rúis; á mheas go bhfuil an beartas um méadú fíor-riachtanach le haghaidh tionchar an Aontais tráth a bhfuil éagobhsaíocht gheopholaitiúil mhéadaithe ann; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil rathúnas agus slándáil an Aontais ag brath ar a chumas an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus an t-ord iltaobhach riailbhunaithe a chosaint; ag meabhrú na nasc comhroinnte cultúrtha, stairiúil agus daonna idir tíortha an mhéadaithe agus na Ballstáit;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tosaíochtaí straitéiseacha mhéadú an Aontais: próiseas bunaithe ar fhiúntas agus coinníollacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas, rud a fhágann gur dócha go mbeidh méadú an Aontais ann go luath amach anseo; ag moladh Mhontainéagró agus na hAlbáine as an dul chun cinn suntasach atá déanta acu, agus é á thabhairt dá haire aici a n-uaillmhianta an chaibidlíocht a thabhairt i gcrích faoi dheireadh 2026 agus faoi dheireadh 2027 faoi seach; ag tathant ar institiúidí an Aontais, go háirithe ar an gComhairle, an uaillmhian sin a chómhalartú, bacainní ar thaobh an Aontais a bhaint agus, ar an gcaoi sin, inchreidteacht agus intuarthacht an phróisis a fheabhsú, agus an prionsabal ‘bunaithe go docht ar fhiúntas’ á urramú go hiomlán ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil stádas mar iarrthóir ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ag spreagadh na tíre céimeanna breise a ghlacadh chun athchóiriú a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag moladh athléimneacht agus tiomantas suntasach na hÚcráine dá conair Eorpach, in ainneoin chogadh foghach na Rúise; ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus á chur in iúl gur oth léi mainneachtain na Comhairle teacht ar chomhaontú maidir le húsáid shócmhainní reoite na Rúise; ag moladh na Moldóive as dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar a conair aontachais leis an Aontas agus as an bpróiseas scagtha a thabhairt chun críche go rathúil in ainneoin bagairtí hibrideacha leanúnacha; á iarraidh go n-osclófaí braislí caibidlíochta go pras leis an Úcráin agus leis an Moldóiv agus ag tathant ar Rialtas na hUngáire staonadh ó leanúint de bhac a chur ar an gcaibidlíocht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á athdhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 49 CAE, go bhféadfaidh aon stát Eorpach iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht an Aontais ar choinníoll go n-urramaíonn sé na luachanna a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus cearta an duine, lena n-áirítear cearta mionlaigh; á thabhairt dá haire go bhfuil tacaíocht mhéadaithe ann do bhallraíocht an Aontais i roinnt tíortha a bhí ag ullmhú roimhe seo chun dul isteach san Aontas, lena n-áirítear an Íoslainn, a bhfuil sé beartaithe aici reifreann a reáchtáil faoi 2027 maidir le cainteanna aontachais a atosú, agus ag spreagadh cheannaireacht an Aontais leanúint de naisc níos dlúithe a thógáil leis na tíortha sin; á thabhairt dá haire gur ghlac Parlaimint na hAirméine dlí an 26 Márta 2025 lena dtacaítear go foirmiúil le ballraíocht an Aontais agus lena n-iarrtar ar rialtas na tíre tús a chur le próiseas aontachais leis an Aontas, agus á mheas go bhféadfadh athchóirithe marthanacha lena gcomhdhlúthaítear daonlathas na hAirméine tús a chur le céim chlaochlaitheach sa chaidreamh idir an tAontas agus an Airméin; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh a d’fhéadfadh an Ghraonlainn a dhéanamh chun a naisc pholaitiúla, institiúideacha agus eacnamaíocha leis an Aontas a neartú, tráth a bhfuil méadú ag teacht ar an tacaíocht atá á tabhairt dá bhallraíocht san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú gur chothaigh babhtaí méadaithe roimhe seo fás eacnamaíoch suntasach i mBallstáit nua agus i sean-Bhallstáit araon; á chur i bhfios go láidir gur chuir an tsaorghluaiseacht feabhas ar ionchais fostaíochta agus ar phá, agus gur laghdaigh sí an bhochtaineacht trí sheoltáin; á chur i bhfáth go raibh tionchar dearfach ag an méadú ar chaighdeáin mhaireachtála trí dhlíthe saothair, sláinte agus sábháilteacht, comhionannas inscne, seirbhísí digiteacha, oideachas agus neamh-idirdhealú a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á athdhearbhú nach mór don aontachas leanúint de bheith ina phróiseas atá bunaithe ar fhiúntas agus atá in-aisiompaithe, agus gach iarratasóir á mheasúnú i gcomhréir le critéir Chóbanhávan, le hailíniú le acquis an Aontais agus le coinníollacha breise uile chreat an mhéadaithe; á chur i bhfáth nach mór measúnú a dhéanamh ar chonair gach tíre i dtreo lánpháirtiú an Aontais ar a fiúntas féin agus nár cheart aon tír a cheangal le tír eile ná déileáil léi mar chuid de phacáiste; á chur i bhfios go láidir nach féidir aon aicearra a bheith ann maidir le luachanna agus bunphrionsabail an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth, cé gur cheart go n-éireodh an próiseas níos incrimintí agus níos dinimiciúla, le spriocanna soiléire athchóirithe, treochláir agus amlínte idirmheánacha, nach féidir aon mhearchonair a bheith ann, ós rud é go bhféadfadh sé sin difear a dhéanamh do shláine an phróisis aontachais; á thabhairt dá haire go bhfuil cuspóirí uaillmhianacha leagtha síos cheana féin ag roinnt tíortha is iarrthóirí chun caibidlíocht a thabhairt i gcrích, ar cheart iad a spreagadh nuair a bheidh athchóirithe nithiúla ag gabháil leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don smacht reachta, don athchóiriú daonlathach, do shaoirse na meán agus do chearta bunúsacha, lena n-áirítear cearta mionlaigh, leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta sa mhéadú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá neamhspleáchas breithiúnach, an comhrac i gcoinne an éillithe, cuimsiú na sochaí sibhialta agus tacaíocht di, agus timpeallacht chumasúcháin atá saor ó imeaglú mar réamhchoinníollacha ríthábhachtacha le haghaidh dul chun cinn inbhuanaithe i dtreo ballraíocht san Aontas, go háirithe tráth a bhfuil treochtaí forlámhacha ag dul i méid; á chur i bhfáth nach mór don dul chun cinn maidir le bunphrionsabail na caibidlí caibidlíochta uile a threorú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá comhionannas inscne a bhaint amach agus a phríomhshruthú, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh, chun cearta leanaí agus a rochtain ar oideachas ar ardchaighdeán a chosaint, agus chun prionsabal an neamh-idirdhealaithe a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear i gcoinne phobal LADTIA+ agus daoine faoi mhíchumas, le linn an phróisis aontachais; á chur i bhfáth nach mór cearta an duine a choimirciú ní hamháin sa reachtaíocht ach freisin trí chur chun feidhme comhsheasmhach sa chleachtas; á chur i bhfáth gur gá do thíortha uile an mhéadaithe fíorionadaíocht mionlach ar gach leibhéal rialtais a áirithiú, féiniúlacht chultúrtha agus teanga na mionlach a chaomhnú, rochtain ar oideachas ar ardchaighdeán i dteangacha mionlaigh a áirithiú, agus an fhuathchaint agus coireanna fuathspreagtha a chomhrac go héifeachtach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún tíortha uile an mhéadaithe nach gcumhdaítear leis an tuarascáil sin faoi láthair a áireamh ina thuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe na heasnaimh leanúnacha agus an mharbhántacht i bpróisis athchóirithe bhreithiúnaigh, na hiarrachtaí chun dul chun cinn maidir le frithéilliú a aisiompú, an dul chun cinn teoranta a rinneadh maidir le hathchóirithe ar an riarachán poiblí, agus ailíniú neamhleor na reachtaíochta toghcháin le caighdeáin Eorpacha, chomh maith le polarú sochaíoch, an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta agus an ceart chun comhthionóil shíochánta i roinnt tíortha an mhéadaithe a chur faoi chois;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach bhfuil aon áit san Aontas ná sna tíortha ar mian leo a bheith ina mBallstáit maidir le reitric ghríosaitheach, séanadh cinedhíothaithe nó coirpigh chogaidh a ghlóiriú ó aon taobh; á chur i bhfáth go bhfuil sé fíor-riachtanach aghaidh a thabhairt ar an am atá caite chun fíor-athmhuintearas a bhaint amach, rud atá ríthábhachtach do shochaithe rathúla agus do lánpháirtiú rathúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag spreagadh thíortha an mhéadaithe leanúint de na hathchóirithe riachtanacha a chur chun feidhme go diongbháilte agus ar bhealach tráthúil agus dul chun cinn inláimhsithe agus do-aisiompaithe a dhéanamh, ag tosú leis na bunphrionsabail; á áitiú go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha chun iolrachas na meán a chothú, cearta iriseoirí a chosaint, an timpeallacht le haghaidh iriseoireacht iniúchach a choimirciú agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a áirithiú i dtíortha uile an mhéadaithe agus sásraí éifeachtacha á gcur chun feidhme ag an am céanna chun aghaidh a thabhairt ar an bhfuathchaint, ar fheachtais chlúmhillte, ar chiapadh, ar bhagairtí agus ar ionsaithe i gcoinne iriseoirí; á áitiú go ndéanfaí cionta den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar chomhchruinniú na meán, ar bhrú polaitiúil agus eacnamaíoch, agus ar an easpa trédhearcachta maidir le cistiú agus úinéireacht na meán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur gá dlús a chur le rannpháirtíocht na saoránach agus le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bpróiseas an mhéadaithe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil cuntas teiste cruthaithe agus saineolas earnála acu maidir le hathchóirithe a scagadh, a chaibidliú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, rud a dhéanann trédhearcacht, cuntasacht agus muinín an phobail sa phróiseas aontachais a choimirciú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá tacaíocht leanúnach dá gcuid oibre agus do thimpeallacht shábháilte oibriúcháin; á thathant go n-ardófaí feasacht náisiúnta ar a thábhachtaí atá sé tacú leis an tsochaí shibhialta agus tacaíocht stáit a mhéadú dá gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ullmhú d’athruithe ar chistiú tar éis aontachas leis an Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh gur táscaire bunriachtanach é ailíniú le CBES an Aontais ar threoshuíomh soiléir geostraitéiseach tíre is iarrthóir, ar a tiomantas do luachanna agus prionsabail bhunúsacha an Aontais, agus ar a hullmhacht do bhallraíocht an Aontais amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á thabhairt dá haire go rannchuidíonn roinnt tíortha is iarrthóirí, thar aon rud eile an Úcráin, le slándáil agus cosaint na hEorpa cheana féin; ag cur in iúl meas agus buíochas ó chroí do mhuintir na hÚcráine, a íocann an praghas is airde gach lá as modh maireachtála na hEorpa a chaomhnú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi atosú rathúil idirphlé CBES leis na comhpháirtithe sna Balcáin Thiar agus á chur i bhfios a thábhachtaí atá na comhpháirtíochtaí sin don tsíocháin agus don tslándáil; ag tathant ar gach tír is iarrthóir agus ar gach tír is iarrthóir ionchasach tús áite a thabhairt d’ailíniú tapa agus iomlán le CBES agus á athdhearbhú nach féidir le haontachas tíre ar leith dul ar aghaidh go dtí go mbeadh sé ailínithe go hiomlán le CBES, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus trí ailíniú le beartas víosaí an Aontais; á thabhairt dá haire go leanann na forbairtí a bhfuil an méid is mó imní ag baint leo agus an méid is mó cúlú daonlathach de bheith ar siúl i dtíortha an mhéadaithe a bhfuil an leibhéal is ísle ailínithe CBES acu agus i dtíortha a bhfuil deireadh tagtha lena bpróiseas aontachais leis an Aontas go héifeachtach, go háirithe an tSeirbia, an tSeoirsia agus an Tuirc; ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun cosc a chur ar thíortha eile an mhéadaithe lorg na dtíortha sin a leanúint; ag cur béim ar an bhfíoras gur bacainn bhunúsach ar aontachas leis an Aontas í an éagsúlacht chórasach ón ailíniú le CBES; ag dréim leis go ndéanfadh tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha ailíniú iomlán freisin leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), lena n-áirítear a phrionsabail, a chuspóirí agus a mhisin, mar phríomhghné den phróiseas aontachais; ag spreagadh na Comhairle Gnóthaí Eachtracha a iarraidh ar airí eachtracha thíortha an mhéadaithe atá ailínithe go hiomlán le CBES freastal ar a cruinnithe mullaigh mar aíonna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé ról na dtíortha is iarrthóirí i slándáil agus i gcosaint na hEorpa a neartú agus ag tacú lena rannpháirtíocht bunaithe ar fhiúntas in ionstraimí, cláir agus tionscadail chosanta roghnaithe de chuid an Aontais agus le stádas breathnóra a dheonú dóibh sa Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint; á thathant go gcuirfí san áireamh iad sa phlé agus sa tiomantas ráthaíochtaí slándála a chur ar fáil don Úcráin; ag aithint rannchuidiú roinnt tíortha is iarrthóirí le misin CBSC an Aontais agus lena gcomhrac i gcoinne FIMI frith-Aontais agus bagairtí hibrideacha, agus á chur i bhfios go láidir go neartaíonn comhtháthú níos dlúithe an tslándáil chomhchoiteann agus an athléimneacht chomhchoiteann i leith bagairtí hibrideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go mbaineann rioscaí slándála don Aontas le mainneachtain ailíniú le CBES, amhail trína chur ar chumas do shaoránaigh tíortha nach bhfuil san Aontas cearta taistil gan víosa a fháil chuig an Aontas trí shaoránacht tíre is iarrthóir a dheonú dóibh, nó trí spleáchas ar an tSín a mhéadú tuilleadh; á áitiú nach mór coinníollacht shoiléir a bheith ann maidir le rannpháirtíocht le hiomaitheoirí geopholaitiúla a fhéachann leis an mbonn a bhaint den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus an Eoraip a lagú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur réamhriachtanas é an comhar réigiúnach, go háirithe sna Balcáin Thiar, d’aontachas leis an Aontas; á chur i bhfáth go bhfuil athmhuintearas, as a n-eascraíonn dea-chaidreamh comharsanachta, ríthábhachtach chun go n-éireodh le haontachas leis an Aontas; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur cheart saincheisteanna déthaobhacha atá fós gan réiteach idir tíortha an Aontais agus tíortha nach bhfuil san Aontas a réiteach go déthaobhach, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus nár cheart iad a úsáid chun bac a chur ar phróiseas an mhéadaithe; á thabhairt rabhaidh gur féidir le moilleanna iomarcacha tionchar diúltach a imirt ar thuairimí an phobail agus ar thiomantas polaitiúil araon i dtíortha is iarrthóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á mheabhrú go mbraitheann próiseas aontachais leis an Aontas ar na coinníollacha a leagtar amach i gcreataí caibidlíochta an Aontais a chomhlíonadh, ar dhea-chaidreamh comharsanachta a chothú agus ar chomhaontuithe déthaobhacha agus idirnáisiúnta a urramú, i gcomhréir le critéir Chóbanhávan, agus go bhfuil sé bunaithe ar fhiúntas na tíre féin; ag iarraidh ar an gComhairle cosc a chur ar shaincheisteanna déthaobhacha nach mbaineann le critéir Chóbanhávan bac a chur ar an dul chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tIdirphlé idir Béalgrád agus Pristine, atá ríthábhachtach don tSeirbia agus don Chosaiv chun dul chun cinn a dhéanamh ar a gconairí Eorpacha faoi seach agus a rannchuideoidh le cobhsaíocht agus rathúnas réigiúnach, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le cur chun feidhme leanúnach de mheon macánta Chomhaontú Prespa idir an Mhacadóin Thuaidh agus an Ghréig agus an Conradh maidir le Cairdeas, Dea-Chomharsanacht agus Comhar idir an Mhacadóin Thuaidh agus an Bhulgáir, i gcomhréir le creat caibidlíochta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag athdhearbhú a seasaimh maidir lena thábhachtaí atá sé cartlanna stairiúla le linn an chogaidh agus cartlanna stairiúla cumannacha a oscailt agus a fhoilsiú chun lorg na fírinne agus athmhuintearas a chumasú tuilleadh agus chun rialachas daonlathach a neartú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé rialuithe cúirte intíre agus idirnáisiúnta a chur chun feidhme go hiomlán, oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le coireanna cogaidh agus daoine atá ar iarraidh a chomhlíonadh agus aghaidh a thabhairt ar ghlóiriú coirpeach cogaidh agus ar athbhreithniúchas stairiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh sé a bheith i gceist leis an gcur chuige bunaithe ar fhiúntas go ndéanfaí caibidlíocht aontachais a reo i gcás cúlú ar luachanna bunúsacha, agus nach dtosófaí arís ar chaibidlíocht go dtí go ndéanfar dul chun cinn leordhóthanach maidir le hathchóirithe; á chur i bhfios go láidir nach mór do thíortha atá ag tearcfheidhmiú ó thaobh rialachas daonlathach de aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí chun a áirithiú go leanfadh an próiseas aontachais de bheith bunaithe ar fhiúntas i ndáiríre; á athdhearbhú nach mór don Aontas tacú go réamhghníomhach leis na colúin dhaonlathacha i dtíortha is iarrthóirí chun cobhsaíocht agus móiminteam an athchóirithe a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht chríochnúil ar an mbeartas um méadú, lena gcumhdaítear ábhar agus substaint araon, chun measúnú a dhéanamh ar an bhfáth a bhfuil an dul chun cinn teoranta sin déanta ag roinnt tíortha is iarrthóirí, go háirithe maidir leis an smacht reachta, cearta an duine agus an daonlathas; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ar an dul chun cinn atá déanta, ní hamháin ar an leibhéal reachtach ach maidir le cur chun feidhme freisin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún grúpa faireacháin a bhunú maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe faoin gcnuasach ‘bunphrionsabail’, inar minic a bhíonn dul chun cinn tapa nó cúlú le feiceáil agus inar féidir leis difear suntasach a dhéanamh d’inchreidteacht agus d’inbhuanaitheacht an phróisis aontachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á aithint gur fhág lochtanna móra i bpróisis mhéadaithe a cuireadh i gcrích roimhe seo go rabhthas in ann cúlú daonlathach a dhéanamh tar éis aontachas leis an Aontas, rud a bhain an bonn d’inchreidteacht bheartas an Aontais um méadú; á thabhairt dá haire, i dtíortha is iarrthóirí nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta acu i dtreo ballraíocht san Aontas, gur cheart don Aontas a chúnamh a threisiú do ghníomhaithe daonlathacha ar son an Aontais sa tsochaí shibhialta atá tiomanta d’athchóirithe agus do luachanna Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais ar an láthair cur chuige inchreidte atá bunaithe ar fhiúntas a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus é bunaithe ar urraim don smacht reachta agus do chosaint chearta an duine;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Feidhmiú éifeachtach Aontais mhéadaithe a áirithiú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á mheas gur cheart dul ar aghaidh leis an bpróiseas ullmhúcháin don mhéadú i gcomhthráth laistigh den Aontas agus de thíortha an mhéadaithe araon chun feidhmiú éifeachtach Aontais mhéadaithe a choimirciú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit tabhairt faoi na hathchóirithe is gá chun an tAontas a dhéanamh níos láidre agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa a fheabhsú, chun a áirithiú nach gcuirfeadh easpa na n-athchóirithe sin moill ar aontachas na mBallstát nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh an athuair go bhfeabhsófaí cumas an Aontais gníomhú trí vótáil trí thromlach cáilithe (QMV) a thabhairt isteach i réimsí atá ábhartha don phróiseas aontachais trí dheireadh a chur, go háirithe, leis an gceanglas maidir le haontoilíocht sna céimeanna idirmheánacha i bpróiseas an mhéadaithe agus cinneadh á dhéanamh maidir le braislí agus caibidlí caibidlíochta aonair a oscailt agus a dhúnadh; á chur in iúl gur oth léi gur chuir ró-úsáid na haontoilíochta sna céimeanna idirmheánacha i bpróiseas an mhéadaithe moill arís agus arís eile ar mhéadú an Aontais agus go bhfuil an bonn á bhaint de thacaíocht an phobail do lánpháirtiú an Aontais dá bharr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á mheas gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais earnála an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar conas freastal ar Bhallstáit nua agus feidhmiú éifeachtúil Aontais mhéadaithe a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi na hathbhreithnithe beartais réamh-mhéadaithe atá ar na bacáin mar chéim bhunriachtanach chun an tAontas a ullmhú do chomhaltaí nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag baint le próiseas an mhéadaithe maidir le cóineasú i roinnt príomhréimsí, amhail an geilleagar, cosaint an chomhshaoil agus slándáil, mar a léiríodh i mbabhtaí méadaithe roimhe seo; á chur in iúl gur geal léi na héifeachtaí luatha cóineasaithe a eascraíonn as peirspictíocht Eorpach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag an mbeartas comhtháthaithe agus ag an gcomhbheartas talmhaíochta maidir le cóineasú a chur chun cinn i measc Bhallstáit an Aontais agus gur cheart iad a choimirciú d’Aontas méadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á aithint a thábhachtaí atá sé lánpháirtiú de réir a chéile a chur i bhfeidhm go ginearálta, ar bhealach atá bunaithe ar fhiúntas agus in-aisiompaithe, i gcomhbheartais an Aontais, amhail an margadh aonair, lena n-áirítear an margadh aonair digiteach, do thíortha is iarrthóirí a dhéanann dul chun cinn suntasach maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas, agus sláine mhargadh inmheánach an Aontais á caomhnú go hiomlán agus cothrom iomaíochta á choinneáil ag an am céanna; á chur i bhfáth, cé gur féidir le comhtháthú de réir a chéile na dtíortha is iarrthóirí cabhrú leo acquis an Aontais a chur chun feidhme agus, ar an gcaoi sin, an t-aistriú i dtreo ballraíocht san Aontas a dhéanamh níos rianúla, nach féidir leis teacht in ionad bhallraíocht iomlán an Aontais; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag na Ballstáit a bheidh ann amach anseo agus atá ag na Ballstáit atá ann faoi láthair agus go bhfuil sí go láidir i gcoinne aicmí éagsúla ballraíochta a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á thabhairt chun suntais gurb é léirscaoileadh víosaí an toradh is sásúla a bhfuil an glacadh is fearr leis maidir le lánpháirtiú de réir a chéile; ag tacú leis na rialacha nua lena gceadófaí léirscaoileadh víosaí a chur ar fionraí do náisiúnaigh thíortha an mhéadaithe atá freagrach as cúlú daonlathach agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear géarleanúint ar agóideoirí síochánta, ar an tsochaí shibhialta, ar oibrithe na meán agus ar pholaiteoirí an fhreasúra agus úsáid an fhoréigin ina gcoinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart deiseanna le haghaidh lánpháirtiú de réir a chéile a chur ar fáil do na tíortha is iarrthóirí i gcomhréir leis an gcur chuige bunaithe ar fhiúntas agus ar choinníollacht; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach in-aisiompaitheacht an lánpháirtithe de réir a chéile a áirithiú i gcásanna ina mbíonn dul siar i gceist maidir le tír is iarrthóir agus a cuid gealltanas á comhlíonadh aici;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag athdhearbhú a molta gur cheart tacú le próiseas an mhéadaithe trí rannpháirtíocht luath na dtíortha is iarrthóirí i bhfeidhmiú institiúidí an Aontais, trí stádas breathnóra i gcomhlachtaí agus institiúidí ábhartha, lena n-áirítear an Pharlaimint agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feasacht an phobail a chothú laistigh de shochaithe na hEorpa maidir le méadú an Aontais agus an ról atá aige maidir le lánpháirtiú na hEorpa a dhéanamh slán i bhfad na haimsire; á thabhairt chun suntais go mbeidh próiseas rathúil um méadú ag brath go mór ar straitéis chumarsáide shoiléir agus thrédhearcach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tacú le tíortha an mhéadaithe ar a gconair i dtreo bhallraíocht san Aontas a bhaint amach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á chur i bhfáth, sa bhreis ar spriocanna athchóirithe aonair, treochláir agus amlínte idirmheánacha a shocrú do gach tír aontachais, gur cheart don Aontas trédhearcacht an phróisis a fheabhsú agus amlínte soiléire intuartha a bhunú freisin d’aontachas na dtíortha is iarrthóirí is mó atá chun cinn ar a gconair aontachais ionas nach gcaillfí móiminteam agus inchreidteacht; á chreidiúint gur cheart go dtarlódh méadú an Aontais a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha aontachais uile sna tíortha is iarrthóirí lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur i bhfáth nár cheart athchóirithe tábhachtacha a dhéanann difear d’fheidhmiú agus do neamhspleáchas na n-institiúidí a bhrostú ná a ionstraimiú go polaitiúil, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí a bhfuil socruithe bunreachtúla casta acu; á chur i bhfios go láidir nár cheart go rachadh nósanna imeachta brostaithe nó brú chun amlínte polaitiúla a chomhlíonadh chun dochair do cháilíocht dhlíthiúil agus do shláine institiúideach na n-athchóirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á mheas go bhfuil cúnamh airgeadais réamhaontachais, lena n-áirítear saoráidí na mBalcán Thiar, na hÚcráine agus na Moldóive, ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfaigheadh tíortha an mhéadaithe tacaíocht airgeadais struchtúrtha don chlaochlú institiúideach agus eacnamaíoch; á chur i bhfáth nach mór do chúnamh airgeadais uile an Aontais coinníollacht tacaíochta réamhaontachais a urramú agus a choinneáil, lena n-áirítear maidir leis an smacht reachta agus comhrac an éillithe, chun leasanna airgeadais an Aontais agus shaoránaigh an dá pháirtí a choimirciú; á thabhairt dá haire gur gá módúlachtaí cur chun feidhme IPA a choigeartú chun an próiseas ullmhúcháin agus foghlama is gá a éascú chun cistí struchtúracha a úsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hathchóirithe airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin i mbeartais chomhtháthaithe agus talmhaíochta, i measc nithe eile, agus chun a áirithiú go leanfaidh buiséad an Aontais de bheith in ann na cláir agus na tosaíochtaí polaitiúla atá ann cheana a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á thabhairt dá haire go sainaithnítear go soiléir sa togra ón gCoimisiún le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2028-2034 méadú mar cheann de thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais; á thabhairt chun suntais gur colún lárnach d’ionstraim na hEorpa Domhanda é an méadú, arb ionann é agus 21 %  (nó EUR 43,1 billiún) den bhuiséad atá beartaithe aici, lena gcumhdaítear na tíortha uile is iarrthóirí reatha agus ionchasacha chomh maith le comhpháirtithe i gComharsanacht an Oirthir, agus lena gcuirtear cistiú spriocdhírithe ar fáil do chúnamh réamhaontachais, do neartú institiúideach agus d’ullmhúcháin inmheánacha an Aontais d’aontachais amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cistiú réamhaontachais leordhóthanach ann faoin CAI nua, a bheadh oiriúnach do mhéadú ionchasach an Aontais le linn a chur i bhfeidhm toisc gur dócha go dtiocfaidh roinnt tíortha is iarrthóirí isteach san Aontas le linn thréimhse chur i bhfeidhm CAI atá ar na bacáin; á iarraidh go ndéanfaí cistí réamhaontachais a leithdháileadh agus a chur in áirithe go soiléir agus go comhsheasmhach do thíortha is iarrthóirí agus do thíortha is iarrthóirí ionchasacha i gcolún na hEorpa Domhanda de CAI agus á chur i bhfáth nach mór iad sin a choimirciú ó atreorú chuig tosaíochtaí seachtracha eile agus gur cheart dóibh na tosaíochtaí sna réimsí bunúsacha a léiriú go soiléir agus infheictheacht agus trédhearcacht an chúnaimh réamhaontachais á bhfeabhsú ag an am céanna; á áitiú nach mór do chistí tacú go díreach leis an smacht reachta, le hathchóiriú an riaracháin phoiblí, le comhtháthú sóisialta agus críochach, agus le cumhachtú agus rannpháirtíocht ghníomhaithe áitiúla na sochaí sibhialta agus na meán neamhspleách chun trédhearcacht a áirithiú, mí-úsáid cistí a chosc agus cuntasacht phoiblí na rialtas is tairbhithe a choinneáil; ag iarraidh ar an gCoimisiún coinníollacht spriocdhírithe a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar bhonn tagarmharcanna soiléire dul chun cinn, luach saothair a thabhairt d’athchóirithe agus smachtbhannaí a fhorchur ar chúlú nó easpa leanúnach dul chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata go mbunófaí creat le haghaidh comhar éifeachtach idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus na tíortha aontachais; ag moladh d’iarrthóirí agus d’iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas socruithe oibre déthaobhacha a thabhairt i gcrích go pras le OIPE chun dlúthchomhar agus ionchúiseamh maidir le mí-úsáid chistí an Aontais a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá cistiú a neartú agus a ailíniú ar bhealach níos fearr chun bearta comhshaoil, aeráide agus leasa ainmhithe a chur chun feidhme, chomh maith le tacaíocht fothaithe acmhainneachta do thíortha is iarrthóirí; ag tabhairt dá haire cineál trasearnála agus costas ard na mbeart sin agus go bhfuil siad ríthábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe, d’ailíniú leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le reachtaíocht maidir le leas ainmhithe, agus do chomhtháthú sa mhargadh inmheánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tíortha is iarrthóirí a áireamh i dtionscadail an Aontais atá ar siúl faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le nascacht, iompar, bonneagar fuinnimh, aistriú glas, slándáil dhigiteach, athléimneacht agus soghluaisteacht mhíleata an Aontais, chun slándáil na hEorpa a neartú i dtimpeallacht gheopholaitiúil dhúshlánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le réigiún na Mara Duibhe do shlándáil agus rathúnas mhór-roinn na hEorpa ar fad; á chur i bhfios go láidir gur gá nascacht a fheabhsú idir an Úcráin, an Mholdóiv, an Rómáin, an Bhulgáir agus an Tuirc ar fud an bhonneagair iompair, fuinnimh agus dhigitigh, chun athléimneacht réigiúnach a threisiú, slabhraí soláthair a éagsúlú agus bealaí trádála malartacha a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le tionscadail bonneagair iompair agus fuinnimh i gComharsanacht an Oirthir de chuid an Aontais agus sna Balcáin Thiar d’fhonn neamhspleáchas geostraitéiseach an Aontais a neartú, agus á iarraidh go ndéanfaí iad a thabhairt chun críche go pras agus a oibríochtú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar méadaitheach na Síne i dtíortha an mhéadaithe, na spleáchais eacnamaíocha agus pholaitiúla a eascraíonn as cláir chúnaimh airgeadais na Síne agus infheistíochtaí suntasacha i bpríomhearnálacha amhail fuinneamh, teileachumarsáid, bonneagar agus an earnáil eastóscach agus amhábhar, agus na hiarmhairtí fadtéarmacha ar athléimneacht dhaonlathach, slándáil eacnamaíoch agus leasanna Eorpacha; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht an Aontais níos láidre agus níos feiceálaí ann, lena n-áirítear trí roghanna inchreidte infheistíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na torthaí nithiúla a baineadh amach do shaoránaigh trí mhuirir fánaíochta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a laghdú; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis na hiarrachtaí na socruithe fánaíochta sin a leathnú chuig tíortha uile an mhéadaithe chun ‘Fánaíocht ar Tháille Baile’ agus Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA) a bhaint amach do gach tír is iarrthóir agus do gach tír is iarrthóir ionchasach a luaithe is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go ndíreofaí níos mó ar infheistíocht i gcaipiteal daonna chun iomaíochas agus nuálaíocht a chothú sna tíortha is iarrthóirí agus chun teacht ar réitigh nithiúla ar dhífhostaíocht i measc na hóige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag iarraidh an athuair ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) iarrachtaí cumarsáide réamhghníomhacha agus straitéiseacha a neartú maidir leis na tairbhí nithiúla a bhaineann le ballraíocht san Aontas i dtíortha an mhéadaithe agus laistigh de na Ballstáit, trí straitéisí cumarsáide saincheaptha, bunaithe ar fhíricí agus dírithe ar thorthaí a fhorbairt atá mar bhonn taca le cuspóirí an Aontais agus lena n-áirítear an tsochaí shibhialta áitiúil agus na meáin áitiúla, seachas a bheith ag brath ar fheachtais chumarsáide chineálacha; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag daoine óga, ós rud é go bhfuil sé cruthaithe arís agus arís eile go bhfuil gluaiseachtaí óige ríthábhachtach chun rannchuidiú le gníomhaíochas ar son an daonlathais i dtíortha is iarrthóirí; ag athdhearbhú, thairis sin, a hiarrata ar an gCoimisiún infheictheacht agus feasacht phoiblí iomlán a áirithiú maidir le tacaíocht agus infheistíochtaí an Aontais i dtíortha is iarrthóirí, lena n-áirítear nuair a sheoltar iad sin trí eagraíochtaí idirnáisiúnta, le comharthaíocht shoiléir agus bratach an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras, cé go bhfuil stop curtha ag na Stáit Aontaithe de thacaíocht a thabhairt do na meáin neamhspleácha agus do ghníomhaithe na sochaí sibhialta i dtíortha is iarrthóirí, go bhfuil spéis mhór ag an Aontas dlús a chur lena chuid tacaíochta go tapa;  ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh tacaíocht na saoránach cinntitheach sna próisis daingniúcháin agus, dá bhrí sin, nach mór don chumarsáid a bheith ag brath ar an réasún agus ar an mothúchán araon; ag tathant ar institiúidí an Aontais díospóireachtaí poiblí cuimsitheacha maidir le méadú a chothú, an pobal i gcoitinne a rannpháirtiú i ndíospóireacht fhóinteach agus a rannpháirtíocht éifeachtach sa phróiseas a chumasú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannpháirtíocht níos mó na saoránach i bpróiseas an mhéadaithe, i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha aontachais araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag cur béim ar an ról lárnach atá ag údaráis agus ceannairí polaitiúla i dtíortha an mhéadaithe maidir le comhar traspháirtí a fhorbairt i dtreo athchóirithe aontachais AE, comhdhearcadh tras-sochaí a choinneáil maidir le ballraíocht san Aontas agus na tairbhí a bhaineann le haontachas leis an Aontas a chur in iúl do shaoránaigh go héifeachtúil agus go leanúnach; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le dioscúrsa poiblí atá bunaithe ar fhíricí a chur chun cinn maidir le lánpháirtiú an Aontais, maidir le cur i gcoinne na bréagaisnéise agus maidir le díospóireacht phoiblí eolasach a éascú; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ról córasach a thabhairt do ghníomhaithe na sochaí sibhialta in iarrachtaí cumarsáide straitéisí a bhaineann le méadú agus athchóirithe a fhaigheann tacaíocht ón Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde, teanga níos soiléire agus níos dírí a úsáid ina chumarsáid phoiblí, lena n-áirítear maidir le heasnaimh, easpa dul chun cinn agus cúlú, go háirithe maidir leis an smacht reachta, chun coinníollacht a chaomhnú, luachanna an Aontais a chosaint agus muinín gníomhaithe atá ar son na hEorpa agus ar son an daonlathais a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit páirt iomlán a ghlacadh chun na próisis athchóirithe sna tíortha is iarrthóirí a neartú tuilleadh, go háirithe trína n-acmhainneachtaí riaracháin a fheabhsú trí chláir spriocdhírithe fothaithe acmhainneachta; á iarraidh go gcuirfí borradh faoin gcomhar acadúil agus oideachais i measc Bhallstáit an Aontais agus thíortha an mhéadaithe trí chúrsaí oiliúna a spreagadh atá dírithe ar luachanna Eorpacha agus ar an smacht reachta, ar an dea-rialachas, ar an riarachán poiblí agus ar dhíothú an éillithe, agus trí ionad a chruthú le haghaidh oiliúint chomhpháirteach d’oifigigh phoiblí ó thíortha an mhéadaithe, lena n-áirítear oifigigh ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha; á thabhairt chun suntais gur éirigh go maith le tionscadail nasctha maidir le saineolas earnála a aistriú, agus á chur i bhfáth gur gá cur leis an eispéireas dearfach sin, go háirithe chun úinéireacht ar phróiseas an mhéadaithe laistigh de na Ballstáit a mhéadú; á chur i bhfáth gur cheart do chláir fothaithe acmhainneachta tosaíocht a thabhairt freisin d’eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta a neartú agus don spás ina n-oibríonn siad a chosaint; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cláir lena gcumhachtaítear pobail áitiúla, saorálaithe agus tionscnaimh shibhialta lena gcuirtear cultúr daonlathach, luachanna Eorpacha agus comhtháthú sóisialta chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an taidhleoireacht pharlaiminteach, ag an gcuntasacht agus ag cláir tacaíochta daonlathais de chuid an Aontais maidir le móiminteam an athchóirithe a chothú; á athdhearbhú go bhfuil sí réidh chun feabhas a chur ar idirphlé agus comhar rialta agus trédhearcach le parlaimintí náisiúnta na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha trí chur leis na heispéiris an-dearfacha a fuarthas roimhe seo agus le formáidí rathúla, trí leas iomlán a bhaint as uirlisí agus tionscnaimh tacaíochta daonlathais na Parlaiminte atá ann cheana agus trí fhormhaoirseacht pharlaiminteach mhéadaithe ar phróiseas aontachais an Aontais agus ar athchóirithe gaolmhara a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hathchóirithe toghchánacha lena n-áiritheofar toghcháin shaora, chothroma agus dhaonlathacha i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; á chur i bhfáth gur réamhchoinníollacha iad tagarmharcanna maidir le hiolrachas, sláine páirtithe, trédhearcacht mhaoiniú na bpáirtithe agus na meán, agus neamhspleáchas breithiúnach agus na meán le haghaidh tacaíocht airgeadais agus dul chun cinn; ag spreagadh an Aontais agus na mBallstát ionstraimí rannpháirtíochta a úsáid ina mbeidh saoránaigh, parlaimintí, an tsochaí shibhialta agus daoine óga rannpháirteach chun tuairimí a mhalartú, comhthuiscint a mhéadú agus braistint úinéireachta a chothú sula dtarlóidh aontachas foirmiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na feachtais bhréagaisnéise mhailíseacha agus mhórscála atá á ndéanamh go leanúnach ag an Rúis le blianta fada anuas, a bhfuil méadú tagtha ar a ndéine ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á thabhairt dá haire gur pointe fócasach soiléir d’oibríochtaí FIMI na Rúise iad tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus comharsanacht an Aontais, arb é ceann de na haidhmeanna atá leis míchlú a tharraingt ar an Aontas agus an luach a mheastar a bhaineann le lánpháirtiú an Aontais a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>ag spreagadh idirphlé níos láidre AE leis an tsochaí shibhialta agus tacaíocht níos mó do na meáin imscrúdaitheacha neamhspleácha, do chomhlachtaí seiceála fíricí agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar litearthacht sna meáin chun an bhréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI) a chomhrac go héifeachtach; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tacaíocht leanúnach agus dlúthchomhar le tíortha uile an mhéadaithe a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar chur isteach seachtrach láidir ina bpróiseas cóineasaithe leis an Aontas agus ina bpróisis toghcháin; á iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm na ceachtanna a foghlaimíodh ó Mhisean Comhpháirtíochta an Aontais sa Mholdóiv; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht ionstraimí an Aontais agus feabhas a chur orthu, ar ionstraimí iad atá ceaptha chun cabhrú le tíortha is iarrthóirí FIMI a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún an Sciath Eorpach don Daonlathas atá beartaithe a leathnú chuig na tíortha aontachais, agus ar an gcaoi sin a n-acmhainneacht freagairt do bhagairtí amhail FIMI agus feachtais bhréagaisnéise a threisiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS an comhar le tíortha leochaileacha an mhéadaithe a dhoimhniú maidir le hathléimneacht faisnéise, cibearshlándáil agus bagairtí hibrideacha; ag iarraidh ar SEGS agus ar thoscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha a n-acmhainneachtaí faoi seach a neartú tuilleadh chun bréagaisnéis agus bolscaireacht i gcoinne CBES an Aontais a chomhrac, lena n-áirítear trí infheistíocht a dhéanamh i bhfeachtais chumarsáide chun tionchar eachtrach a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur léirigh an Rúis í féin níos mó agus níos mó mar chosantóir domhanda ar ‘luachanna traidisiúnta’ trí Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise a ionstraimiú mar mheán don bhréagaisnéis agus do theilgean cumhachta boige, go háirithe i dtíortha an iar-Aontais Shóivéadaigh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil na cleachtais sin ceaptha chun an bonn a bhaint den daonlathas, den chomhtháthú sóisialta agus de threoshuíomhanna atá ar son na hEorpa; á iarraidh go n-áireofaí in CBES agus sa bheartas um méadú bearta sonracha chun cur i gcoinne an tionchair sin, lena n-áirítear taidhleoireacht chreideamhbhunaithe, cumarsáid straitéiseach, agus tacaíocht do phobail reiligiúnacha a bhí ina n-íospartaigh an leatroim Shóivéadaigh;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtais agus parlaimintí thíortha an mhéadaithe.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>