<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0078</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Moladh maidir le comhar feabhsaithe idir an tAontas agus Ceanada sa chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, lena n-áirítear na bagairtí ar chobhsaíocht eacnamaíoch agus ar cheannasacht Cheanada</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0035/2026 -  Rapóirtéir:Tobias Cremer)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RECOM><TI><STRING BOLD="on">Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2026 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún nó chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/ Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le comhar feabhsaithe idir an tAontas agus Ceanada i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, lena n-áirítear na bagairtí ar chobhsaíocht eacnamaíoch agus ar cheannasacht Cheanada (2025/2168(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ceanada, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 329, 3.12.2016, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2016/2118/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, a síníodh an 30 Deireadh Fómhair 2016 agus atá i bhfeidhm go sealadach ón 1 Aibreán 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir Ceanada, de pháirt, agus an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile<FOOTNOTE><FIELD> IO L 11, 14.1.2017, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2017/37/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, a tháinig i bhfeidhm go sealadach an 21 Meán Fómhair 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhpháirtíocht Straitéiseach idir an tAontas agus Ceanada maidir le hAmhábhair, a seoladh an 21 Meitheamh 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhpháirtíocht Dhigiteach idir an tAontas agus Ceanada agus don Chomhghuaillíocht Ghlas idir an tAontas agus Ceanada, a seoladh an 23 Samhain 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ó cheannairí an Aontais Eorpaigh agus Cheanada dar teideal ‘Enduring Partnership, Ambitious Agenda’ [Comhpháirtíocht Bhuanseasmhach, Clár Oibre Uaillmhianach], a glacadh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus Ceanada a tionóladh sa Bhruiséil an 23 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhpháirtíocht Slándála agus Chosanta idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, a síníodh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus Ceanada a tionóladh an 23 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Chruinniú Mullaigh ECAT sa Háig an 25 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 26 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhghuaillíocht G7 um Tháirgeadh Mianraí Criticiúla faoi stiúir Cheanada, a fógraíodh an 17 Meitheamh 2025 agus a seoladh an 31 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach an 12 Samhain 2025 tar éis an cheathrú cruinniú de chomhchoiste aireachta idir Ceanada agus AE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, a glacadh an 13 Meán Fómhair 2007,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá moladh an 26 Samhain 2025 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún nó chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/ Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le straitéis taidhleoireachta agus comhar geopholaitiúil an Aontais san Artach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 121 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0035/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs geopholaitiúil ina bhfuil méadú ar iomaíocht mhór cumhachta, ar luaineacht pholaitiúil, slabhraí soláthair domhanda ilroinnte, caomhnaitheacht atá ag dul i méid, úsáid na trádála mar arm, ar leochaileachtaí sa tslándáil eacnamaíoch agus ar dhlús an athraithe aeráide, nach mór do AE an comhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis amhail Ceanada a dhoimhniú; de bhrí go bhfuil leas comhroinnte agus méadaithe ag AE agus Ceanada a gcomhar a dhoimhniú, a naisc eacnamaíocha a neartú agus an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chaomhnú, agus comhsheasaimh acu maidir le beagnach gach réigiún den domhan; de bhrí go bhfuil an tAontas fós ina chomhghuaillí iontaofa agus dílis de Cheanada;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur comhpháirtithe straitéiseacha iad an tAontas agus Ceanada atá aontaithe ina dtuairim go bhfuil an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus comhar iltaobhach, go háirithe i réimsí na slándála agus na trádála, tairbheach do shochaithe Cheanada agus do shochaithe na hEorpa agus don chomhphobal idirnáisiúnta agus gur cheart, dá bhrí sin, go ndéanfadh comhghuaillíochtaí domhanda comhpháirtithe atá ar aon intinn leo iad a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an chomhpháirtíocht idir AE agus Ceanada lárnach anois maidir leis an iltaobhachas agus an daonlathas a chosaint agus a chaomhnú ar fud an domhain tráth a bhfuil na prionsabail agus na héachtaí seanbhunaithe sin faoi bhagairt leanúnach agus mhéadaitheach; de bhrí go bhfuil Ceanada agus Ballstáit uile AE ina bpáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go raibh comhar seanbhunaithe ann idir AE agus Ceanada san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), chomh maith le tiomantas oibriú le chéile chun an córas trádála idirnáisiúnta riailbhunaithe a chobhsú agus a neartú, ar córas é atá faoi bhagairt faoi láthair, chun EDT a nuachóiriú agus a chóras um réiteach díospóidí a athbheochan, lena n-áirítear tríd an gComhshocrú maidir le hEadráin Eatramhach Achomhairc;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhar éifeachtach idir an tAontas agus Ceanada atá bunaithe ar cheannaireacht agus freagracht chomhpháirteach ríthábhachtach chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, amhail cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogaíocht hibrideach na Rúise i gcoinne sochaithe daonlathacha, iomaíocht gheopholaitiúil san Artach, gníomhaíochtaí na Síne atá ag éirí níos teanntásaí agus comhéigean eacnamaíoch na Síne lasmuigh de na creataí atá bunaithe go hidirnáisiúnta, luaineacht mhéadaithe i mbeartas eachtrach na Stát Aontaithe, an t-athrú aeráide agus an staid sa Mheánoirthear;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhar idir an tAontas agus Ceanada laistigh de na creataí atá ann cheana bunriachtanach chun rathúnas a chaomhnú agus a fheabhsú don dá pháirtí; de bhrí go n-áirítear ar shamplaí den chomhar bunriachtanach sin trádáil agus comhar eacnamaíoch, agus uaillmhianta comhpháirteacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, an intleacht shaorga (IS) agus teicneolaíochtaí eile atá ag teacht chun cinn, an tslándáil, lena n-áirítear comhar míleata, an fhrithsceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac, agus bonneagar, fuinneamh, sláinte agus slándáil bia;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, an 1 Nollaig 2025, gur éirigh le Ceanada agus leis an Aontas caibidlíocht a thabhairt i gcrích maidir le comhaontú le haghaidh rannpháirtíocht Cheanada sa chlár um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE), agus ar an gcaoi sin tógáil ar a gComhpháirtíocht Slándála agus Chosanta a síníodh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus Ceanada i mí an Mheithimh 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go meastar go bhfuil tionchar dearfach ag CETA, rud a mhéadaíonn go suntasach an trádáil in earraí agus seirbhísí idir an tAontas agus Ceanada faoi thart ar 63 % agus EUR 75.6 billiún, rud a chuireann deireadh le 99 % de na línte taraife agus go bhfuil tionchar dearfach díreach aige ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) san Aontas agus i gCeanada araon, agus go bhfuil méadú tagtha ar líon na FBManna atá i mbun trádáil dhéthaobhach; de bhrí nár fíoraíodh an imní a bhí ann ar dtús go bplúchfadh mairteoil ó Cheanada margadh na hEorpa, agus nach raibh ach thart ar 2 % den chuóta bliantúil le haghaidh mairteola a bunaíodh faoi CETA á úsáid in 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin fós ann i bhforfheidhmiú CETA i réimsí áirithe, amhail comhar rialála, an chaibidil maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe, agus rochtain thrédhearcach ar shonraí soláthair iomlána<FOOTNOTE><FIELD> An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch et al., ‘Study in support of an ex-post evaluation of the Comprehensive Economic and Trade Agreement (CETA) between the EU and its Member States and Canada – Final report – Annexes’ [Staidéar chun tacú le meastóireacht ex-post ar an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Ceanada – Tuarascáil chríochnaitheach – Iarscríbhinní], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025, https://data.europa.eu/doi/10.2781/9705637.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil na caibidlí maidir le ríomhthráchtáil, trádáil agus forbairt inbhuanaithe agus an fhoráil maidir le cosaint infheisteoirí in CETA as dáta agus nach léiríonn siad beartas reatha an Choimisiúin; de bhrí go bhfuil tograí curtha ar aghaidh ag Rialtas Cheanada chun feabhas a chur ar in-fhorfheidhmitheacht fhorálacha trádála agus forbartha inbhuanaithe CETA;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le CETA do chreat le haghaidh aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí i ngairmeacha rialáilte amhail ailtireacht, cuntasaíocht agus innealtóireacht;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil eolas traidisiúnta ag pobail dhúchasacha i gCeanada nach féidir é a athsholáthar, go ngníomhaíonn siad mar phríomh-mhaoir éiceachóras agus go ndéanann an t-athrú aeráide, an t-imeallú socheacnamaíoch agus díghrádú comhshaoil difear díréireach dóibh cheana féin; de bhrí gur fhormhuinigh Ceanada agus an tAontas araon Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, lena n-áirítear gealltanas dul i gcomhairle agus comhoibriú de mheon macánta le pobail dhúchasacha chun a saorthoiliú feasach roimh ré a fháil sula bhformheasfar aon tionscadal a dhéanann difear dá dtailte, dá gcríocha nó dá n-acmhainní;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil Ceanada, trína thiomantas do thacaíocht fhadtéarmach a sholáthar don Úcráin agus trína cheannaireacht láidir le linn a Uachtaránachta ar G7, ina chomhpháirtí straitéiseach don Aontas agus ina chomhghuaillí iontaofa de ECAT;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach mór leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na n-ionstraimí atá ann cheana maidir le comhar idir an tAontas agus Ceanada agus an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Ceanada a fheabhsú go láidir chun gur féidir leis an Aontas agus Ceanada seasamh go daingean i gcoinne chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, athbhreithniúchas na ngníomhaithe geopholaitiúla, géarú na bhfeachtas cogaíochta hibridí i gcoinne sochaithe daonlathacha, an athraithe aeráide, agus na ndúshlán don ord trádála domhanda;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">á mholadh go ndéanfadh an Chomhairle, an Coimisiún agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin/ Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an méid seo a leanas:</INT.LI>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An Chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Ceanada: creat institiúideach</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>an deis tráth seo an bhriste san ord idirnáisiúnta agus na ndúshlán comhroinnte a thapú chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas agus Ceanada agus an caidreamh a ardú go leibhéal nua chun leasanna agus luachanna coiteanna a shaothrú i dtimpeallacht dhomhanda atá ag athrú go tapa;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>a n-iarrachtaí a uasmhéadú chun na conclúidí ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus Ceanada an 23 Meitheamh 2025 a chur chun feidhme go pras, trí chéimeanna nithiúla a ghlacadh chun dul chun cinn follasach a bhaint amach sna réimsí a leagtar amach sa ráiteas comhpháirteach agus sa Chomhpháirtíocht Slándála agus Chosanta, lena n-áirítear trí chur le rannpháirtíocht Cheanada, mar an t-aon tír neamh-Eorpach, i gclár SAFE chun an comhar cosanta is dlúithe is féidir a bhunú i ndomhan ina bhfuil iomaíocht mhór chumhachta ag dul i méid;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>idirphlé il-leibhéil a threisiú, lena n-áirítear cruinnithe mullaigh agus tionscnaimh chomhpháirteacha amhail misin trádála agus infheistíochta, chomh maith le formáidí comhair fadtéarmacha ar an leibhéal oibre trí oifigigh tionscadail thiomnaithe a shannadh do shruthanna oibre éagsúla, chun an comhar a dhoimhniú agus bealaí a aimsiú i dtreo rannpháirtíocht straitéiseach idir Ceanada agus an tAontas chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar dhúshláin dhomhanda amhail an intleacht shaorga, fuinneamh, an t-athrú aeráide agus an chibearshlándáil, go háirithe tráth a bhfuil an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe faoi bhrú méadaitheach; a áirithiú go mbeidh an tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí saineolacha rannpháirteach san idirphlé sin i gcás inarb iomchuí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>tacú le ról níos láidre don idirphlé parlaiminteach sa chomhpháirtíocht straitéiseach agus malartuithe parlaiminteacha déthaobhacha rialta agus comhar maidir le príomh-shaincheisteanna a áirithiú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>a thabhairt dá haire go bhfuil stádas breathnóra dlíthiúil ag Ceanada i gComhairle na hEorpa; a iarraidh go méadófaí an comhar ar an leibhéal parlaiminteach agus go dtabharfadh Comhairle na hEorpa cuireadh do Cheanada go rialta freastal ar chruinnithe idirpharlaiminteacha mar bhreathnóir;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhoibriú ar an mbeartas eachtrach agus slándála</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>comhar le Ceanada a mhéadú chun freagairt ar bhagairtí slándála ar ár sochaithe, amhail cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ionsaithe hibrideacha, an sceithlitheoireacht agus cur isteach ar shochaithe daonlathacha ar an dá thaobh den Atlantach, teanntás agus comhéigean eacnamaíoch na Síne, cúlú na Stát Aontaithe ón ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, iarmhairtí an athraithe aeráide, an intleacht shaorga, an chibearshlándáil agus an staid sa Mheánoirthear, ar nithe iad uile a chuireann comhtháthú sóisialta ár sochaithe i mbaol;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(g)</SYMBOL>a chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarrachtaí comhpháirteacha agus le tiomantas frithpháirteach chun an tsíocháin, an tslándáil, an chobhsaíocht agus an athléimneacht a chur chun cinn trí chur chuige iomlánaíoch i leith na cosanta i réigiúin leasa choitinn eile, lena n-áirítear garchomharsanacht an Aontais, go háirithe na tíortha is iarrthóirí agus Cugas Theas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(h)</SYMBOL>treochlár a leagan amach chun cur chun feidhme iomlán agus tráthúil na ngealltanas a rinneadh sa Chomhpháirtíocht Slándála agus Chosanta a áirithiú, lena soláthraítear creat polaitiúil comhleanúnach cuimsitheach don idirphlé agus don chomhar ar fud raon leathan i réimsí na síochána, na slándála agus na cosanta, lena n-áirítear tionscnaimh slándála agus cosanta an Aontais a roghnaíodh lena gcomhlánaítear comhar na bpáirtithe in ECAT, amhail clár SAFE agus Plean ReArm Europe/Ullmhacht 2030;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>Ceanada a chomhtháthú, a mhéid is féidir, i mBonn Teicneolaíoch agus Tionsclaíoch Cosanta an Aontais agus é mar aidhm leis comhlántacht agus cost-éifeachtúlacht a mhéadú don dá pháirtí, lena n-áirítear slabhraí soláthair míleata agus tionsclaíocha a chomhtháthú agus straitéisí agus taighde cosanta a chomhchuibhiú i réimsí amhail longthógáil bristeora oighir agus oibriú calafort; tathant ar an gcomhar idir an tAontas agus Ceanada maidir le cur chun feidhme 5G a rialáil chun dianchaighdeáin slándála a chomhlíonadh; na Ballstáit a spreagadh chun cead a thabhairt d’fhiontair Cheanada páirt a ghlacadh ina bpróisis soláthair phoiblí;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(j)</SYMBOL>aitheantas a thabhairt do thiomantas leanúnach agus rannchuidiú míleata Cheanada le slándáil na hEorpa, go háirithe a cheannaireacht maidir le hAthdhearbhú Oibríochta ECAT sa Laitvia, ballraíocht sa Chomhghuaillíocht Dhomhanda i gcoinne Daesh, Tionscnaimh Fothaithe Acmhainní ECAT sa Mheánoirthear agus Comhghuaillíocht na nDrón, agus tuilleadh comhair a spreagadh i bpríomhréimsí chun borradh a chur faoi tháirgeadh a bhaineann le dróin i sineirgíocht le tionscnaimh thionsclaíocha agus theicneolaíocha an Aontais; a iarraidh go mbeadh ionaid oiliúna chomhpháirteacha Eorpacha maidir le cumas drón agus frithdhrón ann i gcomhar le Ceanada; comhaontú déthaobhach le Ceanada a mholadh le haghaidh comhtháirgeadh slán agus aistriú slán teicneolaíochta cumas chuig córais in aghaidh aerárthaí gan foireann (C-UAS) trí fhorbairt agus maoiniú comhpháirteach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(k)</SYMBOL>tógáil ar rannchuidiú luachmhar Cheanada le tionscadail na Soghluaisteachta Míleata agus NetLogHubs araon faoi chuimsiú Buanchomhar Struchtúrtha an Aontais (PESCO) agus ar rannchuidiú seanbhunaithe Cheanada le misin shibhialta agus mhíleata an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC); tuilleadh comhair agus leathnú rannpháirtíocht Cheanada i dtionscadail bhreise PESCO agus i dtionscnaimh chosanta an Aontais a spreagadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(l)</SYMBOL>an comhar le Ceanada a athbhreithniú agus a mhéadú chun cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha cogaíochta a chomhrac agus chun cur i gcoinne gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha amhail bréagaisnéis arna scaipeadh ag stáit naimhdeacha nó cur isteach ar thoghcháin, lena n-áirítear i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht an Aontais, a chuireann comhtháthú sóisialta inár sochaithe i mbaol go suntasach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(m)</SYMBOL>comhordú agus comhar a chur chun cinn a thuilleadh i bpríomhréimsí amhail bainistiú géarchéime, síochánaíocht, soghluaisteacht mhíleata, cibearshlándáil, frithsceimhlitheoireacht, slándáil spáis, slándáil fuinnimh, IS agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear ríomhaireacht chandamach, chun príomhchumais a fhorbairt go comhpháirteach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(n)</SYMBOL>tuilleadh forbartha a dhéanamh ar thacaíocht dhaingean an Aontais agus Cheanada do cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine, agus ar a gcomhar maidir le cúnamh fadtéarmach polaitiúil, míleata, airgeadais agus daonnúil a sholáthar, go háirithe trí fhormáidí G7 agus trí Chomhghuaillíocht na dTíortha Toilteanacha, inter alia, trí oibriú go comhpháirteach i dtreo comhghuaillíocht láidir idirnáisiúnta a chruthú i bhfabhar sócmhainní ceannasacha blocáilte de chuid na Rúise a úsáid i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta trí iasacht chúitimh, agus trí oibriú le chéile ar Ardán ilghníomhaireachtaí comhordaithe Deontóirí don Úcráin agus trí ráthaíochtaí slándála iarchogaidh a chur ar bun don Úcráin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(o)</SYMBOL>smachtbhannaí a chomhordú, leithlisiú taidhleoireachta na Rúise a shaothrú le Ceanada agus le comhpháirtithe eile agus féachaint go comhpháirteach ar bhealaí eile chun an brú ar an Rúis a mhéadú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(p)</SYMBOL>oibriú i gcomhpháirt le Ceanada chun cuntasacht iomlán a áirithiú as coireanna cogaidh agus coireanna tromchúiseacha eile arna ndéanamh i ndáil le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear trí thacú le Binse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin a bhunú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(q)</SYMBOL>tuilleadh forbartha a dhéanamh ar thacaíocht chomhordaithe an Aontais agus Cheanada do cheannasacht, d’iomláine chríochach agus d’athléimneacht Phoblacht na Moldóive i bhfianaise gníomhaíochtaí hibrideacha spriocdhírithe Chónaidhm na Rúise agus i bhfianaise iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(r)</SYMBOL>údaráis Cheanada a spreagadh chun leanúint de rannpháirtíocht na tíre agus í a fheabhsú, in éineacht leis an Aontas, i dtionscnaimh dhaonnúla agus ar son an daonlathais, go háirithe i gcás na Bealarúise, lena n-áirítear trí thacaíocht mhéadaithe d’ionstraimí lena gcumasaítear cúnamh spriocdhírithe, solúbtha agus éifeachtach ar fud an domhain;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(s)</SYMBOL>oibriú i gcomhar le Ceanada chun ár gcaidreamh coiteann leis na Stáit Aontaithe a chothú go comhpháirteach, rud atá ríthábhachtach do shlándáil agus do gheilleagar Cheanada agus an Aontais araon;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(t)</SYMBOL>an comhordú idir an tAontas agus Ceanada a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ilghnéitheacha a bhaineann le fás agus teanntás na Síne, lena n-áirítear sna Balcáin Thiar;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(u)</SYMBOL>teagmháil níos dlúithe a dhéanamh le Ceanada maidir le cobhsaíocht a chaomhnú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, ag tógáil ar láithreacht sheanbhunaithe Cheanada sa réigiún agus a straitéisí Ind-Chiúin-Aigéanacha faoi seach a ailíniú chun réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá saor, oscailte, cuimsitheach agus riailbhunaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear trí oibriú i gcomhpháirt le comhpháirtithe réigiúnacha (amhail Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, an tSeapáin agus comhpháirtithe eile) maidir le slándáil mhuirí, nascacht agus an dlí idirnáisiúnta a chaomhnú i Muir na Síne Thoir agus Theas agus i gCaolas na Téaváine;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(v)</SYMBOL>oibriú le Ceanada i dtreo síocháin chóir mharthanach sa Mheánoirthear i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta trí réiteach caibidlithe dhá stát; dlús a chur leis an gcomhar chun soláthar cabhrach daonnúla do shibhialtaigh in Gaza a áirithiú, agus tacú leis na hiarrachtaí taidhleoireachta agus oibríochtúla uile atá dírithe ar chobhsaíocht chuimsitheach réigiúnach a fheabhsú, agus á áirithiú ag an am céanna nach mbeidh ról ag Hamas in Gaza amach anseo; cur i gcoinne stáit mhailíseacha amhail an Iaráin a chuireann an tslándáil agus an tsíocháin sa réigiún i mbaol; iarrachtaí comhpháirteacha a dhéanamh chun tacú le haistriú polaitiúil síochánta agus le cosaint na bpobal uile sa tSiria; oibriú le Ceanada chun cúnamh a thabhairt don Iordáin agus don Liobáin, atá thíos go mór le héagobhsaíocht sa réigiún;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(w)</SYMBOL>idirphlé débhliantúil maidir leis an mbeartas eachtrach a bhunú chun comhar straitéiseach a chumasú maidir leis na saincheisteanna is airde tosaíocht;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(x)</SYMBOL>béim a leagan ar thiomantas comhroinnte an Aontais agus Cheanada Clár Oibre na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil a chur chun cinn trí chomhar déthaobhach agus iltaobhach feabhsaithe; an dá thaobh a spreagadh chun tionscnaimh chomhpháirteacha nithiúla, iarrachtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí taidhleoireachta a fhorbairt lena ndíreofar ar pheirspictíochtaí inscne a chomhtháthú ar fud na mbeartas síochána agus slándála;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(y)</SYMBOL>leanúint de thacaíocht a thabhairt don Chomhghuaillíocht Ghlas idir an tAontas agus Ceanada mar ghealltanas comhpháirteach do ghníomhaíocht uaillmhianach chomhshaoil agus aeráide ar an leibhéal domhanda, lena n-áirítear tacaíocht do chur chun feidhme iomlán chuspóirí agus spriocanna Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal agus Chomhaontú Pháras;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">An t-iltaobhachas a neartú:</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(z)</SYMBOL>an comhar le Ceanada a neartú a thuilleadh chun an t-iltaobhachas a chosaint chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar na réaltachtaí geopholaitiúla contúirteacha atá ag teacht chun cinn agus a dhéanann difear dár luachanna, dár leasanna agus dár slándáil chomhroinnte, chomh maith le comhtháthú sóisialta ár sochaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aa)</SYMBOL>an comhar idir an tAontas agus Ceanada a threisiú laistigh d’fhóraim iltaobhacha agus lasmuigh díobh araon trí sheasaimh a chomhordú, tionscnaimh a ailíniú agus oibriú le chéile chun luachanna comhroinnte a chosaint;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ab)</SYMBOL>oibriú i ndlúthchomhar agus go comhsheasmhach chun ról ríthábhachtach agus feidhmiú na n-institiúidí idirnáisiúnta a chosaint, amhail na Náisiúin Aontaithe, an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, EDT agus ECAT, agus fóraim idirnáisiúnta amhail G7 agus G20; i ndáil leis sin, ag iarraidh ar Cheanada agus ar thíortha eile atá ar aon intinn leo leanúint de bheith ag cloí le noirm EDT ina gcaidreamh déthaobhach le tíortha seachas na Stáit Aontaithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ac)</SYMBOL>iarrachtaí a chomhordú chun an t-athchóiriú straitéiseach, atá thar am, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe agus EDT, a bhaint amach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ad)</SYMBOL>comhar laistigh d’institiúidí iltaobhacha iasachtaithe a threisiú, agus sineirgí sa mhargadh caipitil agus fothú acmhainneachta a fheabhsú, lena n-áirítear le haghaidh maoiniú cosanta;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar maidir leis an Artach</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ae)</SYMBOL>béim a leagan ar thábhacht straitéiseach an réigiúin Artaigh don Aontas agus do Cheanada araon, i bhfianaise a ábharthachta geopholaitiúla, comhshaoil agus eacnamaíche atá ag dul i méid; a iarraidh go mbeadh comhar níos doimhne ann idir an tAontas agus Ceanada maidir leis an Artach, lena n-áirítear maidir le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, saoirse loingseoireachta agus slándáil mhuirí, comhar míleata, taighde eolaíoch, agus faireachán agus cosaint chomhshaoil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(af)</SYMBOL>a chur in iúl gur cúis bhuartha di míleatú an Artaigh, lena n-áirítear leathnú na Rúise ar bhonneagar míleata agus láithreacht straitéiseach mhéadaitheach na Síne, agus ag obair le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe chun an tArtach a chaomhnú mar réigiún síochána agus cobhsaíochta agus úsáid á baint as na huirlisí teicniúla agus dlíthiúla iomchuí uile, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ag)</SYMBOL>rialachas iltaobhach Artach le Ceanada a neartú, lena n-áirítear comhar tríd an gComhairle Artach agus ECAT, agus le stáit bhreathnóireachta, chun seasamh leis an dlí idirnáisiúnta agus chun saoirse mhuirí agus cosc coinbhleachtaí a áirithiú; tionscnaimh faoi stiúir an Aontais agus Cheanada a chur chun cinn le haghaidh idirphlé, freagairt ar ghéarchéimeanna agus cleachtaí comhpháirteacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ah)</SYMBOL>a mholadh go mbunófaí creat tiomnaithe comhair Artaigh idir an tAontas agus Ceanada ina mbeidh idirphlé struchtúrtha idir institiúidí an Aontais agus Cheanada chun feasacht staide chomhpháirteach agus cosaint bonneagair a chur chun cinn, chun dul i ngleic le dúshláin aeráide agus chomhshaoil, agus chun leasanna, cearta agus oidhreacht na bpobal Artach agus na bpobal dúchasach a chosaint;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ai)</SYMBOL>beartais chumasúcháin a chur chun cinn lena n-áiritheofar gur féidir le pobail dhúchasacha san Artach a saorthoiliú feasach roimh ré a fheidhmiú maidir le tionscadail a dhéanann difear dá dtailte, dá gcríocha nó dá n-acmhainní; idirphlé struchtúrtha a bhunú le Ceanada maidir le cosaint an éiceachórais agus na bithéagsúlachta, caighdeáin chomhshaoil idirnáisiúnta a chur chun feidhme, bonneagar athléimneach, slándáil mhuirí, agus eolas dúchasach a chomhtháthú sa chinnteoireacht; comhar níos dlúithe a spreagadh i réimsí eolaíochta agus cultúrtha chun pobail dhúchasacha a chumhachtú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aj)</SYMBOL>feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas agus Ceanada maidir leis an tslándáil Artach, lena n-áirítear trí fhaireachán comhpháirteach a dhéanamh ar chonairí muirí straitéiseacha, córais luathrabhaidh chomhpháirteacha agus measúnuithe ar bhagairtí a bhunú, aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha agus traidisiúnta, amhail cibirionsaithe, trasnaíocht GPS agus oibríochtaí scáthchabhlaigh, agus bonneagar criticiúil Artach a choimirciú, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí, píblínte agus córais chumarsáide;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ak)</SYMBOL>a mholadh do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar thionscadail nua PESCO le Ceanada, amhail tionscadail maidir le cuardach agus tarrtháil nó freagairt don chomhshaol, chun cumais CBSC san Artach a fheabhsú; cleachtaí ionsamhlúcháin AE-Cheanada a spreagadh atá dírithe ar chur chun feidhme leathan an tSásra um Chosaint Shibhialta san Artach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(al)</SYMBOL>straitéis slándála muirí an Aontais agus beartas spáis an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach le comhpháirtithe straitéiseacha amhail Ceanada ar dheiseanna agus ar dhúshláin nua sa réigiún Artach; measúnú a dhéanamh, i gcomhar le Ceanada, ar leathnú na gclár satailíte atá ann cheana chun riachtanais shonracha an réigiúin Artaigh a chumhdach, lena n-áirítear úsáid fheabhsaithe Copernicus chun faireachán a dhéanamh ar an Artach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(am)</SYMBOL>dlúthchomhar le Ceanada a spreagadh maidir le bonneagar snáthoptaice a fhorbairt chun conairí digiteacha nua a chruthú lena bhfeabhsófar nascacht do phobail Artacha agus lena dtacófar le seirbhísí cúraim sláinte agus sóisialta níos fearr, le deiseanna oideachais ar líne agus le rochtain ar an ngeilleagar domhanda;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(an)</SYMBOL>tacú le hiarrachtaí chun athléimneacht a neartú i gcoinne brú a d’fhéadfadh a bheith ann ó ghníomhaíochtaí Dhaon-Phoblacht na Síne atá ag dul i méid i gcónaí agus ó ghníomhaithe eile nach dtugann tús áite d’eastóscadh mianraí inbhuanaithe riailbhunaithe; a iarraidh go mbeadh comhar níos doimhne ann le Ceanada agus go ndéanfadh Tascfhórsa East Stratcom faireachán ar fheachtais tionchair lena ndírítear ar chinntí eastósctha mianraí Artacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ao)</SYMBOL>an comhar le Ceanada a dhoimhniú maidir le dul i ngleic le tionchar an athraithe aeráide ar an Artach, straitéisí oiriúnaithe a fheabhsú, tacú le gníomhaíochtaí faireacháin agus infheistíochtaí a mhéadú i dtaighde, iompar, bonneagar digiteach agus fuinnimh, teicneolaíochtaí spáis, loingseoireacht inbhuanaithe, eastóscadh agus próiseáil inbhuanaithe amhábhar, fuinneamh in-athnuaite agus gníomhaíochtaí ísealcharbóin eile, turasóireacht, agus athléimneacht fhoriomlán;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ap)</SYMBOL>comhthionscnaimh taighde Artacha a chur chun cinn le Ceanada, lena n-áiritheofar go mbeidh rioscaí slándála dé-úsáide curtha san áireamh sa chomhar eolaíoch freisin; comhroinnt sonraí oscailte, faireachán ar fhorbairtí aeráide, comhshaoil agus straitéiseacha, agus comhtháthú taighde i bpleanáil beartais agus slándála a spreagadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aq)</SYMBOL>oibriú i ndlúthchomhar le Ceanada, lena n-áirítear trí bhealaí amhail Comhghuaillíocht na dTíortha Toilteanacha, chun seasamh le chéile chun neamhspleáchas na Graonlainne agus gníomhú mhuintir na Graonlainne a choimirciú, i gcomhthéacs leas geopholaitiúil méadaithe san Artach, mar a léiríodh le reitric riarachán Trump maidir le hionghabháil, agus comhéigean eacnamaíoch agus míleata na Graonlainne agus dearbhú na Síne gur ‘stát gar don Artach’ í; oibriú i gcomhar le Ceanada chun a áirithiú go gcuirfear ardchaighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais i bhfeidhm i gcur chun feidhme tionscadal bonneagair agus mianadóireachta san Artach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ar)</SYMBOL>an comhar idir an tAontas, Ceanada, an Danmhairg agus an Ghraonlainn a neartú, ag tógáil ar an gcomhaontú stairiúil ar thángthas air chun díospóidí teorann seanbhunaithe a réiteach go síochánta; fáilte a chur roimh shíniú an Mheabhráin Tuisceana nua, a bhaineann go sonrach le hiascaigh, idir an Ghraonlainn agus críoch Nunavut i gCeanada;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trádáil earraí agus seirbhísí, trádáil dhigiteach, infheistíocht agus slándáil eacnamaíoch </STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(as)</SYMBOL>tairbhí CETA a chur chun cinn laistigh de na Ballstáit agus den Aontas, lena n-áirítear rochtain mhéadaithe ar an margadh, trádáil shimplithe agus bacainní riaracháin laghdaithe do FBManna, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin, go háirithe trí na hacmhainní a leithdháiltear ar fheachtais a mhéadú chun feasacht ghnólachtaí an Aontais ar na deiseanna trádála a mhéadú; cur le torthaí dearfacha CETA chun oibriú i dtreo a chur chun feidhme iomlán agus gach deis a thapú chun an caidreamh trádála agus infheistíochta le Ceanada a neartú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(at)</SYMBOL>an comhar agus an t-ailíniú rialála a dhoimhniú a thuilleadh ar bhealach trédhearcach trí Phrótacal CETA maidir le glacadh frithpháirteach le torthaí ar mheasúnú comhréireachta agus trí obair níos déine a dhéanamh i bhFóram CETA um Chomhar Rialála;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(au)</SYMBOL>tús a chur gan mhoill leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú trádála digití neamhspleách uaillmhianach chun CETA a chomhlánú, comhaontú nár cheart dó bac a chur ar chur chun feidhme acquis digiteach an Aontais ná an spás beartais a bheidh ag ceachtar den dá pháirtí amach anseo a laghdú chun an réimse digiteach a rialáil, agus nach mór dó na forálacha cothrománacha maidir le sreafaí sonraí trasteorann agus cosaint sonraí pearsanta i gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta an Aontais a urramú go hiomlán, ardleibhéal cosanta tomhaltóirí ar líne agus rialacha intuartha a áirithiú d’oibreoirí gnó agus feabhas a chur ar an gcomhar déthaobhach sa gheilleagar digiteach trí chaighdeáin agus bonneagar a ailíniú, iomaíochas a fheabhsú, comhar maidir leis an gcibearshlándáil, an intleacht shaorga (IS) agus taighde candamach a áirithiú, agus deiseanna nua a chruthú sa ríomhthráchtáil agus i seirbhísí digiteacha, go háirithe do FBManna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(av)</SYMBOL>oibriú i ndlúthchomhar le Ceanada chun forfheidhmiú níos láidre, tomhais tionchair níos soiléire agus ailíniú rialála feabhsaithe a áirithiú i ndáil le cur chun feidhme chaibidil CETA maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear trí saothar éigeantais agus saothar leanaí a chomhrac agus trí mhachnamh a dhéanamh ar thograí Rialtas Cheanada chun in-fhorfheidhmitheacht na bhforálacha trádála agus forbartha inbhuanaithe a fheabhsú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(aw)</SYMBOL>oibriú i ndlúthchomhar le Ceanada chun rochtain na sochaí sibhialta ar fhaisnéis agus rannpháirtíocht dhíreach na sochaí sibhialta i gcoistí faoi CETA a mhéadú, roimh gach ceann de na cruinnithe coiste speisialaithe ábhartha agus ina ndiaidh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ax)</SYMBOL>oibriú go dlúth le Ceanada chun córas a chur i bhfeidhm, faoi CETA, maidir le sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú ar earnálacha oibríochta na ngnólachtaí atá faoi úinéireacht na mban agus maidir le gníomhaíochtaí trádála na mban;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ay)</SYMBOL>leanúint de bheith ag obair le Ceanada chun ionstraim iomchuí agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha nithiúla a shainaithint chun rochtain ar CETA a éascú do phobail dhúchasacha agus chun a áirithiú go mbainfidh siad tairbhe as agus go rachfar i gcomhairle leo agus go mbeidh siad rannpháirteach go fóinteach ann, lena n-áirítear trína saorthoiliú feasach roimh ré a áirithiú i gcur chun feidhme CETA agus na comhpháirtíochta straitéisí maidir le hamhábhair;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(az)</SYMBOL>a aithint gur rannchuidigh CETA go mór le héagsúlú agus athléimneacht shlabhraí soláthair an Aontais agus Cheanada agus leis an méadú ar allmhairí amhábhar criticiúil de thionscnamh Cheanada san Aontas; a chur in iúl gur geal léi an Chomhghuaillíocht um Tháirgeadh Mianraí Criticiúla, tionscnamh G7 faoi stiúir Cheanada chun táirgeadh agus soláthar domhanda mianraí criticiúla a éagsúlú agus a dhaingniú; a chur i bhfios go láidir go gcuireann an chomhpháirtíocht straitéiseach um amhábhair idir an tAontas Eorpach agus Ceanada comhordú agus gníomhaíocht chomhpháirteach chun cinn mar fhreagairt ar shrianta ar onnmhairiú arna bhforchur ag tríú tíortha ar mhianraí criticiúla agus ar acmhainní eile a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, agus lena dtreiseofar slándáil an tslabhra soláthair agus athléimneacht eacnamaíoch; a áirithiú go ndéanfar tuilleadh forbartha ar thionscadail chomhpháirteacha faoin gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas Eorpach agus Ceanada maidir le hamhábhair lena n-áirítear trí chomhar teicniúil agus eolaíoch neartaithe agus trí infheistíocht mhéadaithe sa bhonneagar, agus an t-idirphlé maidir leis an mbeartas tionsclaíoch le Ceanada a neartú tuilleadh;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ba)</SYMBOL>comhar a chothú le Ceanada mar phríomh-chomhpháirtí don tslándáil fuinnimh agus a iarraidh go leathnófaí an tIdirphlé Ardleibhéil i ndáil le Fuinneamh idir an tAontas agus Ceanada chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt maidir le hidrigin, teicneolaíochtaí ísealcharbóin inbhuanaithe eile, cosaint bonneagair chriticiúil fuinnimh agus trádáil inbhuanaithe san fhuinneamh; leanúint den chomhar atá ann cheana maidir le teicneolaíochtaí núicléacha, lena n-áirítear breoslaí agus seirbhísí timthrialla breosla, trí Chomhaontú um Chomhar Núicléach nuachóirithe agus cuimsitheach idir Ceanada agus Euratom a chaibidliú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bb)</SYMBOL>féachaint ar chomhar a d’fhéadfadh a bheith ann idir an tAontas, Ceanada agus eintitis agus réigiúin gheopholaitiúla eile atá ar aon intinn leo, amhail Meiriceá Laidineach agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, nó faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Chuimsithigh Fhorásaigh do Chomhpháirtíocht an Aigéin Chiúin agus na hÁise, chun trádáil a chur chun cinn, spleáchais straitéiseacha a laghdú, go háirithe ar an tSín, athléimneacht a mhéadú, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin trádála dhomhanda, lena n-áirítear tríd an margadh cruach a threisiú chun ró-acmhainneacht dhomhanda a chomhrac, agus trádáil riailbhunaithe a cheadú i measc comhpháirtithe; a chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, seoladh na caibidlíochta maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Ceanada agus an India, chomh maith le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir AE agus an India;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bc)</SYMBOL>tathant ar na 10 mBallstát nach bhfuil CETA daingnithe acu go fóill é sin a dhéanamh go pras; a athdhearbhú a thábhachtaí atá cur i bhfeidhm iomlán CETA, mar chomhartha tábhachtach polaitiúil roimh chomóradh 10 mbliana, in 2027, ar a chur i bhfeidhm sealadach, go háirithe sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, agus mar réamhriachtanas chun acmhainneacht eacnamaíoch iomlán an chomhaontaithe a bhaint amach; dul i dteagmháil go déthaobhach leis na Ballstáit sin chun a n-ábhair imní a shainaithint;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Forbairt dhomhanda</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bd)</SYMBOL>dlúthchomhar le Ceanada a áirithiú chun cabhrú le bearnaí criticiúla a líonadh, creataí forbartha iltaobhacha a threisiú, gníomhú mar fhrithmheáchan níos láidre i gcoinne réimis fhorlámhacha agus cur i gcoinne a dtionchair dhomhanda atá ag dul i méid, forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta cuimsitheacha, agus tacaíocht a choinneáil don tsochaí shibhialta agus d’athléimneacht dhaonlathach, lena n-áirítear i dtíortha comharsanachta an Aontais agus i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, go háirithe;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(be)</SYMBOL>aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn atá ag bagairt ar an bhforbairt dhomhanda, lena n-áirítear díchóimeáil Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) agus an sos i gcúnamh eachtrach na Stát Aontaithe;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Oideachas, taighde agus naisc duine le duine</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bf)</SYMBOL>obair leantach a dhéanamh go pras ar an ngealltanas an comhar a dhoimhniú i réimsí amhail naisc duine le duine, an cultúr, an óige, tacaíocht do bheartais chuimsitheacha agus creat na Comhpháirtíochta Digití idir an tAontas agus Ceanada;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bg)</SYMBOL>athléimneacht na sochaí a mhéadú trí chomhlachas Cheanada le Fís Eorpach a ghiaráil, comhar maidir le hoideachas, taighde, cultúr agus comhar eolaíoch sna réimsí straitéiseacha a fheabhsú, soghluaisteacht thrasatlantach mac léinn, fiontraithe óga, taighdeoirí agus infheisteoirí agus daoine óga i gcoitinne a éascú agus a spreagadh don obair, staidéar agus obair dheonach, agus iniúchadh breise a dhéanamh ar na deiseanna le haghaidh teagmhálacha duine le duine agus malartuithe staidéir, ag tógáil ar Erasmus+ agus ag múscailt feasachta faoi ionstraim soghluaisteachta lucht saothair Chárta Gorm AE;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bh)</SYMBOL>oibriú i ndlúthchomhar le Ceanada maidir le haitheantas frithpháirteach do ghairmeacha rialáilte a leathnú chuig earnálacha eile, amhail an innealtóireacht agus an chuntasaíocht, tar éis comhaontú um aitheantas frithpháirteach a ghlacadh maidir le cáilíochtaí gairmiúla d’ailtirí faoi CETA<FOOTNOTE><FIELD> Cinneadh Uimh. 1/2024 ón gComhchoiste um Aitheantas Frithpháirteach do Cháilíochtaí Gairmiúla an 10 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar amach comhaontú i ndáil le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí gairmiúla le haghaidh ailtirí (IO L, 2024/2873, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2873/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Athléimneacht dhaonlathach agus comhionannas a chur chun cinn</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bi)</SYMBOL>comhoibriú le Ceanada maidir le hathléimneacht dhaonlathach a chur chun cinn ar fud an domhain, trí chur chuige iomlánaíoch slándála a chur chun cinn agus trí thacú leis na meáin shaora, le sláine toghcháin, le comhtháthú sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta i ndaonlathais leochaileacha;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bj)</SYMBOL>feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis na meáin shóisialta agus cuideachtaí móra teicneolaíochta a rialáil, agus reachtaíocht Ghníomh an Aontais um Sheirbhísí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).</FIELD></FOOTNOTE> agus an Ghnímh um Margaí Digiteacha<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1925/oj).</FIELD></FOOTNOTE> á neartú ag an am céanna;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bk)</SYMBOL>oibriú i ndlúthchomhar le Ceanada chun rialachas freagrach IS a fhorbairt i gcomhréir leis an gCreat-Choinbhinsiún maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta, a bhfuil an tAontas agus Ceanada araon ina sínitheoirí leis;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bl)</SYMBOL>comhar agus malartú dea-chleachtas a chothú chun comhionannas agus cuimsiú grúpaí imeallaithe a chur chun cinn go comhpháirteach san Aontas, i gCeanada agus ar fud an domhain, ag tógáil ar thionscnaimh amhail Aontas Comhionannais an Aontais agus Straitéis Cheanada um Cheartas Dúchasach;</ITEM>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Barúlacha deiridh</STRING></STRING>
<ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bm)</SYMBOL>leanúint d’fhíor-chomhpháirtíocht straitéiseach a fhorbairt le Ceanada, bunaithe ar mhuinín, ar phrionsabail agus ar luachanna comhroinnte atá fréamhaithe sa dlí idirnáisiúnta agus sa daonlathas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(bn)</SYMBOL>rannpháirtíocht i dtionscnaimh chomhair a chur chun cinn ní hamháin le rialtas láir Cheanada, ach lena údaráis chúigeacha agus bhardasacha agus le comhlachtaí ábhartha eile freisin;</ITEM></LIST>
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RECOM></TXTLST></SDOCTA>