<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0079</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dul i ngleic le bacainní ar an margadh aonair don chosaint</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0017/2026 - Rapóirtéir:Tobias Cremer)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2026 maidir le dul i ngleic le bacainní ar an margadh aonair don chosaint (2025/2143(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Versailles a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gCeannairí Stáit nó Rialtais an 11 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don phlean gníomhaíochta ‘<STRING ITALIC="on">Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security</STRING>’ [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint – Ar mhaithe le hAontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta], a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1 </STRING>IO L 331, 14.12.2017, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2315/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009, lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2 </STRING>IO L 146, 10.6.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/43/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3 </STRING>IO L 216, 20.8.2009, lch. 76, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/81/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4 </STRING>IO L 170, 12.5.2021, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/697/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Iúil 2023 maidir le tacú le táirgeadh armlóin (ASAP)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5 </STRING>IO L 185, 24.7.2023, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1525/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2418 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hionstraim a bhunú chun tionscal cosanta na hEorpa a threisiú trí sholáthar comhoibríoch (EDIRPA)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6 </STRING>IO L, 2023/2418, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2418/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú (‘Rialachán EDIP’)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7 </STRING>IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/2653 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/694, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697, (AE) 2021/1153 agus (AE) 2024/795, a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí maidir le cosaint a dhreasú i mbuiséad an Aontais chun an Plean ReArm Europe a chur chun feidhme<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">8 </STRING>IO L, 2025/2653, 22.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2653/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) tríd an Ionstraim um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">9 </STRING>IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlús a chur le deonú ceadanna le haghaidh tionscadail ullmhachta cosanta (COM(2025)0821), ar thogra ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2025 le haghaidh rialachán Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006, (CE) Uimh. 1272/2008, (AE) Uimh. 528/2012, (AE) 2019/1021 agus (AE) 2021/697 a mhéid a bhaineann le hullmhacht cosanta agus le hinfheistíochtaí agus coinníollacha cosanta a éascú don tionscal cosanta (COM(2025)0822), agus ar an togra ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2025 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa lena leasaítear Treoracha 2009/43/CE agus 2009/81/CE, a mhéid a bhaineann le haistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Aontas a shimpliú agus soláthar slándála agus cosanta a shimpliú (COM(2025)0823), mar chuid den phacáiste Omnibus um Ullmhacht Cosanta an 17 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach maidir le cosaint na hEorpa, go háirithe conclúidí an 6 Márta 2025, an 20 Márta 2025, 26 Meitheamh 2025 agus an 23 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 ar chur chun feidhme Threoir 2009/81/CE, maidir le soláthar i réimsí na cosanta agus na slándála, agus Threoir 2009/43/CE, maidir le haistriú táirgí a bhaineann le cosaint<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">10 </STRING>IO C 494, 8.12.2021, lch. 54.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">11 </STRING>IO C, C/2025/4388, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4388/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2025 maidir le gnéithe institiúideacha na Tuarascála maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa (Tuarascáil Draghi)<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">12 </STRING>Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0285.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Márta 2024 dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch nua um an gCosaint Eorpach: Ullmhacht san Aontas a bhaint amach trí thionscal cosanta na hEorpa atá níos freagrúla agus níos athléimní’ (JOIN(2024)0010),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile don tréimhse 2024-2029, dar teideal ‘Rogha na hEorpa’, a chuir an t-iarrthóir d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ag an am, Ursula von der Leyen, i láthair an 18 Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING>’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (Tuarascáil Draghi) agus, go háirithe, do Chaibidil 4 di maidir leis an tslándáil a mhéadú agus spleáchais a laghdú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Sauli Niinistö an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Safer Together – Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness</STRING>’ [Níos Sábháilte le Chéile – Ullmhacht Shibhialtach agus Mhíleata na hEorpa a Neartú, chomh maith lena Réidhe] (Tuarascáil Niinistö),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta an 10 Aibreán 2024 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Much more than a Market – Speed, Security, Solidarity: Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens</STRING>’ [I bhfad níos mó ná Margadh – Luas, Slándáil, Dlúthpháirtíocht: An Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas a bhaint amach do shaoránaigh uile an Aontais] (Tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Páipéar Bán Comhpháirteach maidir le Ullmhacht Cosanta na hEorpa 2030’ (JOIN(2025)0120),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shlándáil agus Cosaint (A10-0017/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go raibh na blianta fada de sholáthar cosanta dírithe ar an leibhéal náisiúnta, ar ilroinnt thionsclaíoch, bacainní rialála, tearcinfheistíocht, measúnuithe ar bhagairtí agus cuspóirí beartais eachtraigh éagsúla, easpa pleanála comhtháite cumais agus éileamh comhiomlánaithe, chomh maith le hiomaíocht i réimse na maoine intleachtúla, gur chuir sé sin cosc ar mhargadh aonair cosanta a bhí comhtháite go hiomlán, rud a thabhaigh costais bhreise shuntasacha don cháiníocóir agus a bhain an bonn de chumas an Aontais sábháilteacht a shaoránach a chosaint, ar an gcaoi sin, a thabhaigh costais shuntasacha bhreise don cháiníocóir agus, ag an am céanna, a bhain an bonn de chumas an Aontais sábháilteacht a shaoránach a chosaint, a lagaigh bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa (BTTCE) agus a chuir cosc ar neamhspleáchas straitéiseach, athléimneacht agus iomaíochas na hEorpa a bhaint amach go hiomlán;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go leagtar béim i dtuarascálacha Letta agus Draghi ar mheascán de laigí struchtúracha a dhéanann difear d’iomaíochas BTTCE agus go sainaithnítear iontu ilroinnt, caiteachas neamhleor ar chosaint phoiblí agus rochtain theoranta ar mhaoiniú mar phríomhdhúshláin, agus dá bhrí sin go n-aithnítear iontu gur gá fíormhargadh aonair a thógáil don chosaint; de bhrí go gcuirtear i dtábhacht sa Pháipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa gur cheart go ndíreodh gníomhaíocht ar rialacha agus nósanna imeachta maidir le soláthar cosanta, aistrithe táirgí cosanta laistigh den Aontas agus aitheantas frithpháirteach do cheadanna deimhniúcháin náisiúnta; de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir i dtuarascáil Niinistö freisin gur gá ullmhacht fhoriomlán na hEorpa a fheabhsú, lena n-áirítear athléimneacht shibhialtach agus mhíleata a chomhtháthú, agus á chur i bhfios gur féidir freastal ar na riachtanais sin ar bhealach níos éifeachtúla le margadh aonair don chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil bonn tionsclaíoch cosanta Eorpach atá athléimneach, iomaíoch agus nuálach fíor-riachtanach chun an Compás Straitéiseach a bhaint amach agus chun cumas an Aontais a áirithiú chun díspreagadh agus cosaint a dhéanamh i bhfianaise Chlár Oibre Ullmhachta 2030; de bhrí go n-éilíonn sé sin beartas comhleanúnach tionsclaíoch agus teicneolaíoch lena dtacaítear le cumais idir-inoibritheacha, lena ndaingnítear slabhraí soláthair criticiúla, lena dtacaítear le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus lena gcuirtear nuálaíocht dé-úsáide chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndearna cur chuige ródhian na mBallstát eile maidir le haistrithe laistigh den Aontas agus rialuithe onnmhairiúcháin san am a chuaigh thart difear ar leith do chuideachtaí cosanta atá bunaithe i mBallstáit bheaga, rud a léiríonn conas is féidir le scrogall amháin an bonn a bhaint de shlabhraí soláthair ar fud an Aontais; de bhrí go bhfuil bacainní iontrála ar leith roimh FBManna ar mhargaí cosanta; de bhrí nach bhfuil forálacha saincheaptha maidir le tionscadail chosanta trasteorann chomhoibritheacha i rialacha iomaíochta agus creataí státchabhrach reatha an Aontais, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar chomhar tionsclaíoch agus ar chomhdhlúthú tionsclaíoch; de bhrí nach bhfuil aon bhlocdhíolúine shonrach ná sásra éascaitheach comhchosúil ann do thionscadail chosanta arna gcistiú ag ionstraimí maoiniúcháin de chuid an Aontais, rud a chruthaíonn éiginnteacht dhlíthiúil do chuideachtaí atá i mbun taighde agus forbartha comhpháirtí (T&F); de bhrí go gcuireann an easpa creat leormhaith maoine intleachtúla agus ceadúnúcháin le haghaidh T&F cosanta arna chistiú go poiblí srian ar mhonarú iltáirgeoirí dearaí deimhnithe Eorpacha agus go gcuireann sé teorainn le héifeachtacht ionstraimí um sholáthar comhpháirteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil ganntanas mór oibrithe oilte agus lucht saothair atá ag dul in aois os comhair thionscal cosanta na hEorpa, rud a d’fhéadfadh scrogaill táirgthe a chruthú agus bac a chur ar leathnú; de bhrí go gcuireann ceanglais éagsúla náisiúnta imréitigh slándála do phearsanra an tionscail cosanta agus do chuideachtaí cosc ar chomhar trasteorann méadaithe trí ghnólachtaí nó innealtóirí a imréitítear chun faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil i mBallstát amháin a chur faoi réir grinnfhiosrúchán fada dúblach i mBallstáit eile; de bhrí go gcuireann timthriallta forbartha fada agus drogall mór roimh riosca bac ar ghlacadh agus ar chur i bhfeidhm tapa teicneolaíochtaí nuálacha ag fórsaí armtha na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, chun tacaíocht phoiblí do na hinfheistíochtaí sin a mhéadú, gur gá na torthaí agus na tairbhí eacnamaíocha a scaipeadh ar fud an Aontais ar bhealach cothrom agus comhréireach, agus sainiúlachtaí na mbonn tionsclaíoch cosanta náisiúnta á gcur san áireamh; de bhrí gur cheart go n-áiritheofaí le comhar trasteorann rannpháirtíocht chothrom agus iomlán FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga sa slabhra luacha cosanta agus comhtháthú réigiúnach a neartú ar fud an Aontais; de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag infheistíochtaí cosanta poist ardcháilíochta a chruthú ar fud raon leathan réigiún, rud a chuideoidh le cuspóirí comhtháthaithe a bhaint amach;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur nocht teagmhais a tharla le déanaí na rioscaí a bhaineann le comhchruinniú an tslabhra soláthair in earnáil cosanta na hEorpa, agus gur minic a bhíonn táirgí agus ionchuir chriticiúla cosanta ag brath ar líon aonair soláthróirí nó ar líon an-teoranta soláthróirí; de bhrí go gcruthaíonn comhchruinniú den sórt sin pointí aonair teipe agus leochaileachtaí le linn géarchéime, agus béim á leagan ar an ngéarghá atá le héagsúlú agus iomarcaíocht i bhfoinsí soláthair;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, de réir thuarascáil Draghi, nach raibh sa soláthar comhoibríoch Eorpach ach 18 % den chaiteachas ar sholáthar trealaimh cosanta in 2022, i bhfad faoi bhun an tagarmhairc 35 % a comhaontaíodh i gcreataí na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC); de bhrí go bhfuil an cuspóir polaitiúil leagtha síos ag an Aontas leath dá threalamh cosanta ar a laghad a fhoinsiú ó tháirgeadh Eorpach faoi 2030;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur bealach é an cuspóir maidir le margadh aonair don chosaint a chruthú chun slándáil agus uathriail straitéiseach na hEorpa a bhaint amach, agus nach críoch ann féin é; de bhrí gur cheart go bhfreastalódh comhtháthú tionsclaíoch cosanta ar chumas an Aontais a shaoránaigh agus a luachanna a chosaint, athléimneacht agus díspreagadh a áirithiú, agus seasamh lena shaoirse gníomhaíochta; de bhrí nach mór cothromaíocht a bhaint amach idir éifeachtúlacht an mhargaidh agus riachtanais na ceannasachta agus na dlúthpháirtíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfágfadh pleanáil, forbairt, táirgeadh agus soláthar comhpháirteach cosanta san Aontas go bhféadfaí éifeachtúlacht agus éifeachtacht mhéadaithe na hinfheistíochta poiblí agus na ngnóthachan tionsclaíoch agus oibríochtúil a mhéadú, rud a mhéadódh glacadh sóisialta agus polaitiúil na méaduithe riachtanacha ar infheistíocht cosanta ag amanna ina bhfuil buiséid srianta agus a chuirfeadh feabhas suntasach ar chumas an Aontais agus a Bhallstát ullmhacht iomlán cosanta a bhaint amach roimh 2030 agus fíoraontas cosanta Eorpach a bhunú; de bhrí gur cheart gníomhaíocht chomhpháirteach den sórt sin san Aontas a chomhordú le próisis phleanála ECAT agus gur cheart dúbláil neamhriachtanach gníomhaíochtaí a sheachaint léi;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach ndéanfaidh na Ballstáit breithniú ar a n-infheistíocht agus a gcomhar i gcomhthionscadail chosanta a mhéadú ach amháin má bhaineann siad sin le cumais mhíleata leasa choitinn a fhorbairt dá bhfórsaí armtha;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur chuir an tAontas i láthair roinnt tionscnamh arb é is aidhm dóibh ullmhacht cosanta an Aontais a threisiú, dálaí infheistíochta a fheabhsú agus gníomhaíocht chomhpháirteach a dhreasú, ach nár mhol sé, go dtí seo, na bearta claochlaitheacha is gá chun fíormhargadh aonair do tháirgí cosanta a bhunú; de bhrí nach ndearnadh rialacha an Aontais maidir le soláthar cosanta (Treoir 2009/81/CE) agus maidir le haistrithe laistigh den Aontas (Treoir 2009/43/CE) a thabhairt cothrom le dáta go cuimsitheach go fóill in ainneoin athruithe suntasacha sa timpeallacht slándála; de bhrí gur minic a mheasann páirtithe leasmhara go bhfuil an dá threoir róchasta agus go bhfuil trasuí na mBallstát mall agus achrannach, rud a éilíonn iarracht riaracháin dhíréireach agus atá ina chúis le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí, i bhfianaise na mbagairtí geopholaitiúla atá ag dul i méid, go háirithe cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a hionsaithe hibrideacha agus a briogadh i gcoinne an Aontais, chomh maith leis an sceimhlitheoireacht agus an éagobhsaíocht sa Mheánoirthear agus san Afraic, go bhfuil 90 % de shaoránaigh an Aontais ag súil, mar is ceart, le comhar méadaithe ón Aontas i réimse na slándála agus na cosanta, lena n-áirítear laistigh de ECAT agus le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo, chun saoránaigh a chosaint agus leasanna agus luachanna an Aontais a chosaint ar an leibhéal domhanda; de bhrí go n-éilíonn an timpeallacht slándála atá ag éirí níos éagobhsaí i ngarchomharsanacht an Aontais freagairt chomhleanúnach agus chomhordaithe, go háirithe chun gluaiseacht gan bhac táirgí agus seirbhísí cosanta a áirithiú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Fís de mhargadh aonair cosanta san Aontas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú, de réir thuarascáil Draghi, go bhféadfadh coigilteas ollmhór éifeachtúlachta suas le 30 % den chaiteachas cosanta bliantúil ar fud an Aontais a bheith mar thoradh ar chomhar feabhsaithe, rud a chuirfeadh borradh suntasach faoi éifeachtacht an chaiteachais cosanta atá ann faoi láthair; á chur i bhfios go láidir go bhfuil buntáistí níos leithne ann d’iomaíochas, athléimneacht agus ceannasacht straitéiseach an Aontais, ós rud é go ngeallann sé deiseanna suntasacha fostaíochta, forbairt eacnamaíoch agus ceannaireacht theicneolaíoch ar fud an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil fíormhargadh aonair don chosaint ríthábhachtach chun iomaíochas cuideachtaí Eorpacha a chothú, ní hamháin laistigh den Aontas ach ar an margadh domhanda freisin, áit a gcaithfidh siad dul in iomaíocht le príomhchonraitheoirí na Stát Aontaithe agus ó thíortha eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chreidiúint gur gá athmhachnamh iomlán a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann an tAontas agus a Bhallstáit i gcomhar le chéile agus a gcomhoibríonn siad le chéile maidir le cúrsaí cosanta mar gheall ar na dúshláin shuntasacha agus na bagairtí atá rompu; á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas agus a Bhallstáit a thuiscint ar tháirgeadh thionscal na cosanta a athrú ó bhonn trí fhíormhargadh aonair don chosaint a fhorbairt, mar a iarradh i dtuarascálacha Letta, Draghi agus Niinistö agus sa Pháipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa; ag tathant ar na Ballstáit frithluail náisiúnacha maidir lena mbonn tionsclaíoch náisiúnta a shárú, aird níos mó a thabhairt ar na tairbhí a bhaineann le comhar cosanta ar leibhéal an Aontais ina bpleanáil cosanta náisiúnta, agus aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag tacaíocht ghníomhach ó institiúidí agus ó ghníomhaireachtaí an Aontais maidir leis an gcomhar sin a éascú agus a chomhordú, agus muinín fhrithpháirteach i measc na bpáirtithe leasmhara uile á neartú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth nach féidir ach le fíormhargadh aonair don chosaint na hacmhainní is gá a sholáthar chun BTTCE iomaíoch, nuálach agus athléimneach a bhunú agus a choinneáil ar bun i ndáiríre atá in ann an trealamh is gá a sheachadadh sna tréimhsí ama is gá agus ar an scála is gá agus chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch, thionsclaíoch agus airgeadais BTTCE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil fíormhargadh aonair do tháirgí cosanta fíor-riachtanach chun na bearnaí cumais a dhúnadh agus chun díspreagadh a athbhunú agus, dá bhrí sin, gur bunchloch riachtanach é d’Aontas láidir, ceannasach agus iomaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún gníomhú go pras chun fíormhargadh aonair don chosaint a chruthú, ag gníomhú dóibh ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh araon; á mheabhrú go bhfuil géarghá le comhiomlánú an éilimh trí sholáthar comhoibríoch agus trí bhainistíocht saolré, simpliú rialála, agus comhtháthú tionsclaíoch trasteorann ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin agus chun spleáchas ar thíortha nach bhfuil san Aontas a laghdú, mar a leagtar amach i dtuarascálacha Letta agus Draghi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach, muinín an phobail as institiúidí, cuntasacht agus trédhearcacht a áirithiú chun an tacaíocht phoiblí is gá a áirithiú do chaiteachas méadaithe i réimse na cosanta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dáileadh cothrom agus cóir a ráthú ar fud an Aontais maidir leis na costais agus na tairbhí a bhaineann leis an mborradh atá tagtha ar chaiteachas cosanta na hEorpa;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bacainní i mbealach margadh aonair don chosaint</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go mbíonn dúbailt, spleáchais sheachtracha agus neamhéifeachtúlachtaí nach bhfuil gá leo mar thoradh ar struchtúr reatha thimpeallacht thionsclaíoch na cosanta agus go gcuireann sé bac ar BTTCE agus ullmhacht cosanta an Aontais a neartú; á chur i bhfios go láidir, in éineacht le tearcinfheistíocht agus an easpa pleanála maidir le caiteachas fadtéarmach ar chosaint, go gcuireann an ilroinnt sin cosc ar bharainneachtaí scála a d’fhéadfaí a bhaint amach as soláthar agus táirgeadh trealaimh cosanta a chomhthiomsú ar fud cuideachtaí Eorpacha; á thabhairt chun suntais a ríthábhachtaí atá sé an ilroinnt i dtimpeallacht thionsclaíoch cosanta an Aontais a shárú, leas a bhaint as barainneachtaí scála a d’fhéadfadh a bheith ann, agus léargas níos fearr a fháil ar na bacainní ar an margadh aonair don chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do mhargadh aonair don chosaint deiseanna cothroma rannpháirtíochta a ráthú do thionscail agus d’eagraíochtaí taighde, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ó na Ballstáit uile, lena n-áirítear geilleagair bheaga, agus nár cheart go mbeadh samhail thionsclaíoch cosanta ró-láraithe mar thoradh air; á chur i bhfios go láidir go gcuireann dearadh margaidh den sórt sin le comhtháthú eacnamaíoch trí phoist ardcháilíochta monaraíochta agus T&F a chruthú i réigiúin éagsúla an Aontais, lena n-áirítear réigiúin nach bhfuil chomh forbartha sin ó thaobh an gheilleagair de; á thabhairt dá haire, thairis sin, go gcuireann an t-éagsúlú geografach sin le hathléimneacht agus slándáil an tsoláthair agus go gcuidíonn sé freisin le cruthú monaplachtaí agus míbhuntáistí do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an easpa torthaí ó phleanáil chomhordaithe cumais agus caiteachas ar tháirgí cosanta reatha ar fud an Aontais, rud a fhágann go bhfuil rialacha agus critéir incháilitheachta éagsúla ann agus go gcaitear cistí ar bhealach neamhéifeachtúil, rud a chruthaíonn éiginnteacht dhlíthiúil agus a fhágann go minic go dtugann na Ballstáit tús áite don chomhar déthaobhach le tíortha nach bhfuil san Aontas; á chur in iúl gur oth léi gur minic a chuireann tosaíochtaí arna gcinneadh go náisiúnta cosc ar chomhar torthúil laistigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi an t-easnamh leanúnach muiníne frithpháirtí i measc na mBallstát, rud a léirítear, i measc nithe eile, sa drogall lárionaid réigiúnacha inniúlachta tionsclaíche a chruthú, i méid teoranta comhair trasteorann agus i bpleanáil chomhpháirteach cumais, i leibhéal neamhleor soláthair earraí agus seirbhísí laistigh den Aontas a bhaineann le cosaint, agus i srianta dúbailte nó réamhchúraim ar aistrithe trealaimh cosanta laistigh den Aontas, lena gcuirtear bac ar shlabhraí soláthair Eorpacha atá comhtháite go hiomlán a fhorbairt agus lena gcuirtear bac suntasach ar fhíormhargadh aonair cosanta a fhorbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chreidiúint nach gcuireann creataí reachtacha reatha an Aontais coinníollacha ar fáil maidir le soláthar earraí le timthriallta nuálaíochta tapa, amhail i réimse fhorbairt na ndrón; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an bonn á bhaint fós den mhargadh aonair don chosaint mar gheall ar chur i bhfeidhm a rialacha nach bhfuil comhchuibhithe go leordhóthanach ag na Ballstáit agus trí úsáid dhíréireach a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear faoi Airteagal 346 CFAE, rud a chuireann bac ar an iarracht i dtreo soláthar comhpháirteach cosanta an Aontais; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tacaíocht thiomnaithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga chun a rannpháirtíocht i slabhra soláthair thionscal na cosanta a éascú, d’fhonn an nuálaíocht a mhéadú agus iomarcaíochtaí tionsclaíocha á dtógáil ag an am céanna lena méadaítear athléimneacht agus slándáil soláthair an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbaintear an bonn fós ón margadh aonair don chosaint mar gheall ar chomhchuibhiú neamhleor i gcur i bhfeidhm a rialacha ag na Ballstáit; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, go háirithe, an úsáid a bhaintear go minic as Airteagal 346 CFAE, ar rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) i roinnt cásanna gur úsáideadh é ar bhealach gan údar agus gur baineadh mí-úsáid as ar an gcaoi sin; á chur i bhfáth gur gá aistriú i dtreo cur chuige chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais a choimirciú, i bhfianaise na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair agus na mbagairtí ar aontacht an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á mheas gur colún tábhachtach de mhargadh aonair feidhmiúil don chosaint é lánurraim na mBallstát do Chomhsheasamh an Aontais maidir le honnmhairiú arm<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">13 </STRING>Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99 ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á mheas, in éagmais córas rialaithe onnmhairiúcháin comhchuibhithe de chuid an Aontais agus easpa aitheantais fhrithpháirtigh do cheadanna, ceadúnais, deimhnithe agus imréitigh slándála éagsúla, go bhfuil bacainní fós á gcruthú ar fheidhmiú margaidh aonair don chosaint trína dtionchar ar aistrithe laistigh den Aontas; á mheabhrú go bhfuil táirgeadh cosanta ag brath go mór sa lá atá inniu ann ar shlabhraí soláthair trasteorann comhtháite san Aontas, le comhpháirteanna a fhaightear ó roinnt Ballstát, rud a chruthaíonn éiginnteacht don tionscal agus do shlabhraí soláthair i gcás bloc onnmhairiúcháin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le réiteach praiticiúil lena gcuirtear san áireamh réaltacht na spleáchas reatha ar thíortha nach bhfuil san Aontas, agus i bhfianaise thábhacht mhéadaitheach na n-amhábhar criticiúil do BTTCE agus an nochtadh a d’fhéadfadh a bheith ag tíortha nach bhfuil san Aontas do bhearta comhéigneacha; ag cur béim ar an bhfíoras, gan rochtain ráthaithe agus phleanáilte ar ionchuir amhail dúile tearc-chré, leathsheoltóirí agus miotail ardghráid, nach féidir cuspóirí uaillmhianacha na hEorpa maidir le borradh cosanta agus uathriail straitéiseach a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á mheas go bhfuil comhordú idir próisis forbartha cumais chosanta an Aontais agus na mBallstát agus Próiseas Pleanála agus Athbhreithnithe Cosanta ECAT fíor-riachtanach chun comhleanúnachas agus idir-inoibritheacht a áirithiú idir na Ballstáit agus comhghuaillithe ECAT nach Ballstáit den Aontas iad; á chur in iúl gur oth léi an easpa comhaontaithe comhair idir ECAT agus an tAontas atá tiomnaithe don mhalartú faisnéise maidir le caighdeáin ECAT (STANAGanna), a d’fhéadfadh an tAontas a fhorfheidhmiú ansin trí ionstraimí ceangailteacha; á chur i bhfáth go bhfuil neamhéifeachtúlachtaí, dúbailtí agus easpa idir-inoibritheachta ann le blianta beaga anuas mar thoradh ar easpa forfheidhmithe caighdeán agus go bhfuil sé fós ina fhadhb;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Deireadh a chur leis na bacainní</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tathant ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún cistiú leordhóthanach a thabhairt do chláir chosanta an Aontais faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun na Ballstáit a dhreasú go héifeachtach chun páirt a ghlacadh i bhforbairt agus soláthar comhpháirteach cumais agus chun a dtionscail chosanta a dhreasú chun dul i mbun comhar trasteorann níos dlúithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht ag creataí nua, amhail na Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn um an gCosaint, lena n-áirítear na ceithre thionscadal shuaitheanta a mholtar i dTreochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta, agus na Struchtúir do Chláir Armála na hEorpa, chun na cuspóirí sin a bhaint amach le cúnamh ó chistiú fadtéarmach leordhóthanach; á chur i bhfáth gur cheart, leis an gcistiú, tús áite a thabhairt do thionscadail a bhfuil breisluach Eorpach soiléir, idir-inoibritheacht, inbhuanaitheacht thionsclaíoch fhadtéarmach agus tionchar oibríochtúil acu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire na srianta reatha atá ann in acmhainneacht mhonaraíochta an tionscail cosanta Eorpaigh, atá ag dul i méid mar sin féin, agus á iarraidh ar na Ballstáit cur chuige ‘ceannaigh san Eoraip’ a chur i bhfeidhm, lena dtugtar tús áite do sholáthar comhoibríoch agus táirgeadh méadaithe táirgí cosanta ó BTTCE, ón Úcráin, ó thíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch/Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (LEE/CSTE) agus, mar shraith chomhlántach bhreise, ó thíortha eile nach bhfuil san Aontas lena bhfuil Comhpháirtíocht Slándála agus Cosanta sínithe ag an Aontas, toisc go n-áiritheofaí leis go mbeadh méid ordaithe intuartha ag BTTCE, go gcuirfí dlús le hinfheistíocht phríobháideach in T&F le haghaidh táirgí cosanta, agus go gcabhrófaí le BTTCE táirgí cosanta nuálacha a sholáthar i méideanna leordhóthanacha; á iarraidh ar na Ballstáit conarthaí a shíniú lena soláthraítear comharthaí éilimh comhiomlánaithe do tháirgí Eorpacha atá cobhsaí agus idir meántéarmach agus fadtéarmach, agus ar an gcaoi sin cinnteacht infheistíochta a chruthú do BTTCE chun uas-scálú a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit caitheamh leis an Úcráin mar dhlúthchuid den mhargadh aonair don chosaint a mhéid is féidir trí chomhpháirtíochtaí tionsclaíocha, rochtain ar shásraí soláthair chomhpháirtigh, agus rannpháirtíocht i gcláir an Aontais a éascú, amhail an Ciste Eorpach Cosanta agus an Ionstraim thiomnaithe um Thacaíocht don Úcráin faoin gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach, chun comhtháthú na hÚcráine de réir a chéile i slabhraí soláthair BTTCE a chumasú, agus é á chur i gcuntas gur leis an Aontas atá todhchaí na hÚcráine agus go gcuirfeadh a comhtháthú tairbhí ar fáil do BTTCE, trí ardteicneolaíochtaí cosanta agus acmhainneachtaí tionsclaíocha nuálacha na hÚcráine atá cruthaithe ag cathanna, agus do bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hÚcráine araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chreidiúint gur gá cur chun feidhme Threoir 2009/81/CE maidir le cosaint agus soláthar slándála íogair a fheabhsú go suntasach agus á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú uaillmhianach a mholadh; á chur i bhfios go láidir a úsáidí atá sé cead a thabhairt do na Ballstáit úsáid a bhaint as creatchonarthaí a chéile chun ullmhacht cosanta an Aontais a mhéadú sa ghearrthéarma, ós rud é go gcuireann sé ar a gcumas soláthar níos tapúla agus níos éifeachtúla a dhéanamh, agus iad ag dréim leis san fhadtéarma go ndéanfar soláthar trí chreatchonarthaí coiteanna nó comhpháirteacha arna gceapadh i gcomhréir le critéir soláthair Eorpacha ón tús; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as foirmeacha éagsúla conartha ina bhforáiltear don nuálaíocht, iomaíocht agus infheistíochtaí caipitil phríobháidigh, agus comhlíonadh iomlán na rialacha iomaíochta, na gceanglas sláine agus na gcaighdeán frithéillithe á áirithiú ag an am céanna, agus ;á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag margaí caipitil na hEorpa maidir leis an nuálaíocht cosanta a mhaoiniú; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart gnéithe a bhaineann le slándáil agus cosaint, amhail comhpháirteanna sibhialtacha a bheith in earraí míleata, a chur i gcuntas in aon athbhreithniú ar Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">14 </STRING>Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, leagan nuashonraithe de na comhpháirtíochtaí nuálaíochta cosanta a thíolacadh san athbhreithniú cuimsitheach atá ar na bacáin ar Treoir 2009/81/CE, chun an ionstraim sin a oiriúnú ar bhealach níos fearr do shainiúlachtaí an mhargaidh cosanta agus don chomhthéacs slándála dúshlánach atá ann faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, agus rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le hiomaíocht agus Státchabhair á gcur i bhfeidhm, nach mór don Choimisiún tosaíocht a thabhairt d’aontacht agus do shláine an mhargaidh aonair chun saobhadh iomaíochta a sheachaint agus chun cothrom na Féinne agus comhtháthú idir na Ballstáit a choimirciú, agus aird ar leith á tabhairt ar na Ballstáit bheaga a bhfuil a n-acmhainneachtaí fioscacha chun tacú lena dtionscail chosanta náisiúnta níos teoranta; á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann go ndéanfaí an margadh aonair a ilroinnt agus an bonn a bhaint den chothrom iomaíochta do chuideachtaí, go háirithe FBManna, ar fud an Aontais Eorpaigh mar gheall ar úsáid fhorleathan fóirdheontas náisiúnta chun tacú le hinfheistíocht i réimse na cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún moladh a eisiúint maidir le léirmhíniú ar Airteagal 346 CFAE chun cur chuige comhchuibhithe agus aonfhoirmeach a éascú ar fud an Aontais, lena dtabharfar aghaidh ar an ngá atá le leasanna bunúsacha slándála na mBallstát a chosaint go docht agus ar úsáid a bhaint go heisceachtúil as Airteagal 346 CFAE, i gcomhréir leis an réaltacht reatha d’ollstruchtúir slándála idirspleáiche san Aontas; á mheas gur cheart go gcuirfí ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme foriomlán Airteagal 346 CFAE, ar bhonn cás ar chás, chun aon mhí-úsáid struchtúrach a d’fhéadfadh a bheith ann a leigheas, i gcomhréir le cásdlí CBAE agus leis an réaltacht reatha d’ollstruchtúir slándála idirspleáiche san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil, go háirithe chun fréamhshamhlacha táirgí nua a thástáil, agus tús áite a thabhairt d’infheistíocht i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha; á chur i bhfáth go bhfuil breisluach ag baint le dlúthchomhar le geallsealbhóirí cosanta agus teicneolaíochta na hÚcráine sna réimsí an-nuálach sin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé inmharthanacht airgeadais cuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, a dhéanann infheistíocht sa nuálaíocht sin a chosaint; á chur i bhfáth gur cheart go n-éascódh bearta sonracha comhar trasteorann do FBManna, go háirithe i gcibeartheicneolaíochtaí, IS, agus teicneolaíochtaí gan foireann agus dé-úsáide, ag tógáil ar ionaid barr feabhais atá ann cheana sna Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tionscnamh Eorpach ‘luasaire nuálaíochta cosanta’ a bhunú, ar aon dul le samhlacha coincheapa amhail Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Thionscadail Ardtaighde Cosanta (DARPA) nó Luasaire Nuálaíochta Cosanta ECAT don Atlantach Thuaidh (DIANA), lena ndéanfaí tionscadail taighde cosanta ardriosca agus ardluaíochta a chistiú agus conairí meara a chur ar fáil chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha a thástáil agus a chomhtháthú i gcláir Eorpacha um chumas cosanta; ag tabhairt dá haire go bhfágann ionstraimí T&F de chuid an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear EDF, Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais (EUDIS) agus an Mol um Nuálaíocht Cosanta an Aontais (HEDI), úinéireacht na dtorthaí le tairbhithe agus nach dtugann siad don Choimisiún ná do Bhallstáit is cómhaoinitheoirí ach cearta teoranta nach mbaineann le táirgeadh; á iarraidh ar an gCoimisiún córas iomchuí maoine intleachtúla a cheapadh a bheidh saincheaptha d’íogaireachtaí réimse na cosanta, agus ag an am céanna a bheidh tarraingteach go leor d’aireachtaí cosanta náisiúnta agus don tionscal araon, chun a áirithiú gur féidir leis an gclár aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus tosaíochtaí cumais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá rialacha a shimpliú agus fáil réidh le bacainní a bhaineann le haistrithe laistigh den Aontas de tháirgí cosanta, lena n-áirítear aitheantas frithpháirteach do chritéir agus do dheimhniú agus iarrataí ar réamhúdarú a shimpliú; á chur in iúl gur saoth léi úsáid theoranta ceadúnas ginearálta aistrithe faoi Threoir 2009/81/CE agus an úsáid fhorleathan de cheadúnas aonair, agus á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí chun rialacha a shimpliú agus ualaí riaracháin a laghdú laistigh den chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh go práinneach chun aistrithe táirgí cosanta laistigh den Aontas a chomhchuibhiú tuilleadh, chun cúrsaíocht níos simplithe de na táirgí sin a áirithiú laistigh den Aontas, go háirithe deireadh a chur le ceanglais údarúcháin do chomhpháirteanna atá comhtháite cheana féin nó atá le comhtháthú i dtáirge cosanta agus nach féidir a aistriú ná a onnmhairiú amhlaidh; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit oibriú i dtreo na sprice céanna sin agus na bearta a mholtar san Omnibus um Ullmhacht Cosanta a thrasuí agus a chur i bhfeidhm go pras maidir le haistrithe táirgí cosanta laistigh den Aontas; á iarraidh ar na Ballstáit Comhsheasamh AE maidir le honnmhairiú arm a urramú go hiomlán agus féachaint, nuair is féidir, ar chomhchuibhiú breise a dhéanamh ar na rialacha onnmhairiúcháin maidir le hearraí cosanta; á mholadh, mar thúsphointí a d’fhéadfadh a bheith ann, córais rialaithe onnmhairí a chomhchuibhiú, ceadúnais ghinearálta aistrithe a leathnú nó Conradh Aachen a úsáid, agus an Treoir maidir le hAistrithe Ionchorparáide<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">15 </STRING>Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críche fostaíochta mar oibrithe séasúracha, IO L 157, 27.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/66/oj).</FIELD></FOOTNOTE> a neartú chun aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Aontas a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, ar GEC agus ar na Ballstáit oibriú ar scéim chun aitheantas frithpháirteach a thabhairt d’imréitigh agus deimhnithe slándála, ionas go ndéanfaí imréitigh a eisítear i mBallstát amháin a ghlacadh i mBallstáit eile; á mholadh go mbunófaí coinbhinsiún deonach maidir le comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach i ndáil le himréitigh slándála i measc Bhallstáit an Aontais, ina n-aithneofar an t-imréiteach slándála náisiúnta atá ag cuideachta nó duine aonair i mBallstát amháin i mBallstáit eile a ghlacann páirt sa chomhaontú, faoi réir comhroinnt faisnéise agus formhaoirseacht iomchuí; á iarraidh ar GEC forbairt an chreata sin a éascú agus á iarraidh ar na Ballstáit é a thabhairt chun críche go pras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé athléimneacht shlabhraí soláthair cosanta na hEorpa a neartú agus laghdú a dhéanamh ar phointí aonair teipe agus ar nochtadh do bhearta comhéigneacha a d’fhéadfadh a teacht ó thíortha nach bhfuil san Aontas, rúd atá léirithe ag an mbagairt ón tSín teorainn a chur le honnmhairí amhábhar; á éileamh go gcuirfí béim shonrach ar riachtanais chosanta le cur chun feidhme an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">16 </STRING>Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dreasachtaí a chruthú d’éagsúlú an tslabhra soláthair, lena n-áirítear tacaíocht d’iontrálaithe nua sa mhargadh agus do FBManna; á chur i bhfáth nár cheart go mbainfeadh saothrú na cost-éifeachtúlachta an bonn de shlándáil náisiúnta an tsoláthair; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar rioscaí sa slabhra soláthair agus réimsí de chomhchruinniú contúirteach a shainaithint, agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le héagsúlú soláthair; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar chásanna ina ndiúltaíonn fosholáthróirí ó thíortha nach bhfuil san Aontas ábhair a sheachadadh má tá siad le húsáid i bhfeidhmeanna míleata; á chur i bhfáth go bhfuil gá le creat dlíthiúil lena n-áiritheofar iontaofacht chonarthach ar fud shlabhraí soláthair na cosanta; á iarraidh ar an gCoimisiún stoc-chairn straitéiseacha a bhunú i gcomhréir le Straitéis AE um Aontas na hUllmhachta; ag cur béim, ina leith sin, ar a thábhachtaí atá an córas maidir le slándáil an tsoláthair arna bhunú faoin gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh an táirgeadh tionsclaíoch, an infheistíocht agus an cruthú luacha i réimse na cosanta cothrom ó thaobh na geografaíochta de agus go rannchuideoidh siad leis an gcóineasú eacnamaíoch agus sóisialta laistigh den Aontas agus, ag an am céanna, an athléimneacht a fheabhsú trí éagsúlú geografach agus réaltacht na mbagairtí slándála atá os comhair na mBallstát ina gcomharsanachtaí faoi seach a léiriú; á iarraidh go ndéanfaí pleanáil infheistíochta i réimse na cosanta ar bhealach lena neartófar an comhtháthú sóisialta laistigh de na réigiúin agus de na Ballstáit agus eatarthu, agus an athléimneacht á feabhsú ag an am céanna le linn géarchéimeanna cosanta, ar choinníoll nach mbainfidh sé sin an bonn d’aidhm na costéifeachtúlachta, an luais agus na hiomaíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún treoir shoiléir a eisiúint maidir leis an gcaoi a ndéanfar breithnithe cosanta agus slándála a mheas i gcinntí maidir le rialú cumaisc a dhéanann difear do BTTCE, i gcomhréir le beartas iomaíochta an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, féachaint ar oiriúnuithe spriocdhírithe ar rialacha iomaíochta an Aontais chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do riachtanais uathúla an tionscail cosanta, amhail blocdhíolúine spriocdhírithe a thabhairt isteach do thionscadail T&F um an gcosaint arna maoiniú ag cláir an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart déileáil le slándáil an tsoláthair agus le laghdú ar spleáchais straitéiseacha mar chritéir dhearfacha agus measúnú á dhéanamh ar chumaisc nó mar bhearta cabhrach in earnáil na cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá ról níos réamhghníomhaí a fhorbairt don Aontas maidir le hinfheistíocht a chothú i dteicneolaíochtaí agus i dtáirgí dé-úsáide, go háirithe nuair is cuid de shlabhraí soláthair táirgí cosanta iad, mar bhealach chun feabhas a chur ar shlándáil soláthair agus athléimneacht an Aontais in aghaidh bagairtí hibrideacha agus bagairtí atá ag teacht chun cinn; ag moladh go ndéanfaí tráchtálú sibhialtach na dteicneolaíochtaí sin a chur chun cinn mar bhealach chun deiseanna margaidh a mhéadú, seach-iarmhairtí dearfacha a chruthú, agus BTTCE a neartú, lena gcothófaí sineirgí idir forbairt mhíleata agus shibhialtach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dreasachtaí a chruthú chun slabhraí soláthair na n-ionchur is criticiúla do tháirgí cosanta a theorannú don Aontas, lena n-áirítear trí Shaoráid Chothromais Cosanta neartaithe, atá dírithe ar thráchtálú ag céim dhéanach, ar mhaoiniú uas-scálaithe agus ar rochtain FBManna ar chonairí tástála agus ar chibearraonta; á chur i bhfáth gur cheart an earnáil ‘spás nua’ atá ag teacht chun cinn agus a hacmhainneacht nuálach maidir le teicneolaíochtaí dé-úsáide a shaothrú go hiomlán freisin i leith forbairtí cosanta agus sibhialtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na coigeartuithe dlíthiúla, nós imeachta agus rialála a bheadh riachtanach chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas agus a Bhallstáit rialacha soláthair agus táirgthe cosanta a oiriúnú go tapa i gcás cogaidh nó mórghéarchéime slándála, agus chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar an margadh aonair; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, a áirithiú go ndéanfar cleachtadh den sórt sin a ailíniú leis an gcóras slándála soláthair a áirítear sa Chlár um an Tionscal Cosanta Eorpach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá ullmhacht i bhfoirm creat teagmhasach le haghaidh soláthar éigeandála agus borradh tionsclaíoch, a d’fhéadfaí a ghníomhachtú go tapa más gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chreidiúint gur cheart d’institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ról a fheabhsú maidir le comhordúcháin a éascú idir na Ballstáit agus á chur in iúl gur geal léi an rannchuidiú ó GEC, go háirithe tríd an bPlean Forbraíochta um Chumas agus tríd an Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart a saineolas a shaothrú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag GEC maidir le margadh aonair um an gcosaint a chur chun cinn agus á iarraidh ar na Ballstáit sainordú agus acmhainní GEC a neartú ina leith sin; ag tacú le rannpháirtíocht níos mó ó GEC i dtionscnaimh an Aontais um an gcosaint agus maidir le bacainní leanúnacha ar an margadh aonair um an gcosaint a shainaithint; á iarraidh go ndéanfaí HEDI a fhorbairt agus a imscaradh go réigiúnach laistigh de GEC, d’fhonn a ról mar ardán lárnach a leathnú lena nascfar FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, ionaid taighde agus príomhchonraitheoirí; á chreidiúint go daingean go gcuideoidh neartú GEC le cothú na muiníne frithpháirtí agus an chomhair fhrithpháirtigh is gá chun an margadh aonair um an gcosaint a chur chun cinn, ós rud é go bhfuil deis uathúil ag GEC ab bhearna idir leasanna náisiúnta agus leasanna Eorpacha a dhúnadh; á chur in iúl gur geal léi freisin rannchuidiú na ngníomhaireachtaí soláthair iltaobhacha amhail an Eagraíocht um Chomhchomhar Armála, a chuireann comhchuibhiú trealaimh chun cinn i measc na mBallstát agus stáit chomhpháirtíochta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le cistiú Eorpach breise atá tiomnaithe do dhul i ngleic leis an mbearna tráchtálaíochta i nuálaíocht táirgí cosanta; á iarraidh go mbeadh ionstraimí neartaithe ann chun a áirithiú go mbeidh fíor-rochtain inscálaithe ag FBManna agus ag cuideachtaí meánchaipitlithe ar chaipiteal príobháideach agus ar chláir chosanta, lena n-áirítear trí sholáthar cuíchóirithe, trí rialacha atá fabhrach don nuálaíocht agus trí thacaíocht meaitseála trasteorann, agus ar an gcaoi sin go n-áiritheofar a rannpháirtíocht mhéadaithe agus an leithdháileadh níos cothroime de chistí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gorlanna réigiúnacha teicneolaíochta um an gcosaint a bhunú faoi scáth HEDI chun tacú le cuibhreannais trasteorann FBManna, chun meantóireacht a chur ar fáil maidir le dul i ngleic le soláthar a bhaineann leis an gcosaint, agus chun tástáil agus bailíochtú teicneolaíochtaí nuálacha a éascú i gcomhar le húsáideoirí deiridh míleata;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas agus do ECAT comhaontú cuimsitheach comhair a shíniú maidir le pleanáil agus forbairt cumais chun pleanáil chomhleanúnach agus chomhlántach agus cumais chosanta idir-inoibritheacha a áirithiú, agus maidir le caighdeánú ; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don chomhar sin neamhspleáchas an dá eagraíocht a urramú agus dúbláil á seachaint agus comhroinnt chothrom ualaigh á cur chun cinn ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar le GEC, togra reachtach a ullmhú lena gcruthófaí creat comhchuibhithe de chuid an Aontais le haghaidh caighdeáin theicniúla atá ceangailteach ó thaobh dlí agus le haghaidh deimhniú táirgí cosanta, agus leas á bhaint as Córas Tagartha na gCaighdeán Cosanta Eorpach (EDSTAR) agus, i gcás inarb iomchuí, trí STANAGanna ECAT ar leith a chódú i reachtaíocht an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, creat a mholadh le haghaidh tástáil agus deimhniú comhpháirteach Eorpach ar threalamh cosanta in ionad bailíochtú náisiúnta ar leithligh a bheith ann do gach táirge cosanta, agus go mbeadh saoráidí coiteanna tástála agus deimhniúcháin ann freisin; á iarraidh ar na Ballstáit a n-iarrachtaí soláthair agus forbartha cumais a ailíniú le tosaíochtaí pleanála cosanta ECAT, lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht iomlán na gcóras agus lena seachnófar struchtúir chomhthreomhara; á chur i bhfios go láidir, le tionscal Eorpach um an gcosaint atá níos láidre agus níos comhtháite, gur cheart go gcuirfí feabhas ar rannchuidiú na hEorpa laistigh de ECAT agus ar an gcomhroinnt dualgas thrasatlantach, agus comhar oscailte á choinneáil ag an am céanna le comhpháirtithe iontaofa amhail an Úcráin, tíortha LEE/CSTE agus stáit na Comhpháirtíochta Slándála agus Cosanta; ag moladh go gcuirfí Plean Gníomhaíochta ECAT maidir le Glacadh Tapa arb é is aidhm dó dlús a chur le próisis soláthair náisiúnta agus iarracht a dhéanamh timthriallta fála, prótacail tástála agus creataí deimhniúcháin a athchóiriú, lena n-áiritheofar go leanfaidh an nuálaíocht mhíleata de bheith bord ar bhord leis an timpeallacht bhagartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>ag cur sonrú sna moltaí a bhaineann le cosaint atá curtha i láthair ag iar-Phríomh-Aire na hIodáile Enrico Letta in 2024 ina thuarascáil dar teideal <STRING ITALIC="on">Much More Than a Market</STRING> [Margadh Thar an gCoitiantacht]; ag tabhairt dá haire go gcuireann bacainní cánach agus nósanna imeachta éagsúla maidir le cáin bhreisluacha i gcláir soláthair chomhoibríoch bac ar chuspóirí Ullmhacht Cosanta 2030 a bhaint amach, ar bhorradh a chur faoi thionscail chosanta, agus ar leathnú na gclár comhpháirteach; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar thuarascáil Letta agus iarrachtaí a mhéadú chun bacainní cánach a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit gairmeacha i dteicneolaíocht na cosanta a chur chun cinn do ghairmithe óga, lena n-áirítear trí fheachtais feasachta maidir le rannchuidiú na hearnála leis an tslándáil Eorpach agus leis an nuálaíocht theicneolaíoch san Eoraip; á mholadh go mbunófaí comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha idir cuideachtaí um an gcosaint, institiúidí oideachais agus rialtais chun píblínte tallainne a chruthú; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún straitéisí scileanna earnáilsonracha a mholadh, in idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta, agus ceardchumainn san áireamh, amhail cláir oiliúna agus deiseanna don fhoghlaim ar feadh an tsaoil chun na bearnaí scileanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo sa tionscal um an gcosaint a líonadh; á mholadh, chuige sin, go n-áireofaí go sainráite i gclár oibre Aontas na Scileanna an earnáil um an gcosaint, lena n-éascófar soghluaisteacht oibrithe oilte ar fud na mBallstát chuig na háiteanna is mó a bhfuil gá leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na tairbhí airgeadais agus oibríochtúla a d’fhéadfadh a bheith ag an margadh aonair um an gcosaint a chainníochtú tuilleadh, lena n-áirítear gnóthachain éifeachtúlachta agus méadú ar chumas míleata comhchoiteann, trí mheasúnú tionchair neamhspleách; á iarraidh go gcruthófaí pointe teagmhála aonair inar féidir le geallsealbhóirí bacainní a thuairisciú, fianaise a bhailiú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2025 ina n-iarrtar tuarascáil bhliantúil maidir le hullmhacht thionsclaíoch chosaint an Aontais, agus á iarraidh go gcomhlánófaí é sin le ‘scórchlár an mhargaidh aonair um an gcosaint’, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún i gcomhar le GEC; á chur i bhfáth gur cheart táscairí a rianú leis an scórchlár sin amhail sciar an tsoláthair maidir le cosaint a dhéantar go comhpháirteach nó trí iomaíocht oscailte uile-Aontais, leibhéil an chomhair thionsclaíoch trasteorann, rátaí rannpháirtíochta FBManna agus laghduithe ar dhúbailt córais; á chur i bhfios go láidir gur cheart go ngabhfadh sé freisin na tairbhí socheacnamaíocha a bhaineann le cláir Aontais um an gcosaint ar fud na mBallstát agus na réigiún, lena n-áirítear cruthú post agus forbairt thionsclaíoch, chun mionchoigeartú beartais a threorú agus muinín an phobail a threisiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chreidiúint go daingean, chun dlisteanacht dhaonlathach agus trédhearcacht bheartais chosanta an Aontais a ráthú le linn cogaíocht hibrideach agus feachtais bhréagaisnéise, nach mór do Pharlaimint na hEorpa ról lárnach a bheith aici i bpleanáil, maoirseacht agus grinnscrúdú na mbeart sin; á chur i bhfios go láidir nach mór trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle, ar na Ballstáit agus ar GEC bealaí slána a áirithiú chun faisnéis rúnaicmithe agus rúnda a mhalartú leis an bParlaimint, leis an tionscal cosanta agus leis na húdaráis náisiúnta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>