<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0080</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tionscadail shuaitheanta Eorpacha leasa choitinn i réimse na cosanta</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0014/2026 - Rapóirtéir:Lucia Annunziata)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2026 maidir le tionscadail shuaitheanta Eorpacha leasa choitinn i réimse na cosanta (2025/2144(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagail 42(2) agus 42(3) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 2, 107(3)(b), 114, agus 346 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 2(e) de Phrótacal Uimh. 10 maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha (PESCO) a bunaíodh le hAirteagal 42(6) CAE agus don fhógra comhpháirteach maidir le PESCO a shínigh airí 23 Bhallstát an 13 Samhain 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Versailles a glacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais an 11 Márta 2022, go háirithe mír 22 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ‘An Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint – Le haghaidh Aontais Eorpaigh a chosnaíonn a saoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a chuireann le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta’, a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormheas an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh (JOIN(2022)0024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Márta 2023 dar teideal ‘European Union Space Strategy for Security and Defence’ [Straitéis Spáis an Aontais Eorpaigh don tSlándáil agus don Chosaint] (JOIN(2023)0009),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Márta 2024 dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch nua um an gCosaint Eorpach: Ullmhacht san Aontas a bhaint amach trí thionscal cosanta na hEorpa atá níos freagrúla agus níos athléimní,’ (JOIN(2024)0010),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 21 Feabhra 2025 dar teideal: Plean gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí (JOIN(2025)0009),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don pháipéar bán comhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Páipéar Bán Comhpháirteach maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030’ (JOIN(2025)0120),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (CEF)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 170, 12.5.2021, lch. 149, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/697/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/2643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2025 lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta a áirithiú<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/2643, 29.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2643/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán EDIP), go háirithe Caibidil IV de maidir le Tionscadail Eorpacha Leasa Choitinn i réimse na Cosanta (EDPCInna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí atreisiú an tionscail cosanta Eorpaigh (COM(2025)0122),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/694, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697, (AE) 2021/1153, (AE) 2023/1525 agus (AE) 2024/795, a mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí maidir le cosaint a dhreasú i mbuiséad an Aontais chun an Plean ReArm Europe a chur chun feidhme (COM(2025)0188),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/1106 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2025 lena mbunaítear an Ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE) trí Atreisiú an Tionscail Cosanta Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/1106, 28.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1106/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘Preserving Peace – Defence Readiness Roadmap 2030’ [‘Síocháin a Chaomhnú – Treochlár Ullmhachta Cosanta 2030’] (JOIN(2025)0027),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear rialacha comhchoiteanna faoina rialaítear onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata<FOOTNOTE><FIELD> IO L 335, 13.12.2008, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chreatnóta ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2025 dar teideal ‘Defence Readiness Roadmap 2030’ [‘Treochlár Ullmhachta um Chosaint 2030’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chuig an gComhairle an 11 Aibreán 2025 dar teideal ‘Annual progress report on the Implementation of the Strategic Compass for Security and Defence’ [Tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir le Cur Chun Feidhme an Chompáis Straitéisigh don tSlándáil agus don Chosaint],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 22 agus an 23 Meitheamh 2017, go háirithe conclúidí mhír 8 maidir le PESCO, agus an 6 Márta 2025, go háirithe conclúidí mhír 3(f),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéisí slándála náisiúnta Bhallstáit an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuairim 02/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2024 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach agus creat beart chun infhaighteacht agus soláthar tráthúil táirgí cosanta (EDIP) a áirithiú’, agus go háirithe mír 42 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2024 ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), chomh maith lena tuarascáil an 14 Samhain 2023 dar teideal ‘The 2023 EU Capability Development Priorities’ [‘Tosaíochtaí Forbartha Cumas an Aontais 2023’], agus do thuarascáil 2024 dar teideal ‘Coordinated Annual Review on Defence’ [‘Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint’],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ar dhul chun cinn ó Rúnaíocht PESCO i mí Mheán Fómhair 2025 maidir le tionscadail PESCO,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Mario Draghi an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa agus do Chaibidil 4 di i ndáil leis an tslándáil a mhéadú agus spleáchais a laghdú,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta an 17 Aibreán 2024 dar teideal ‘Much more than a market’ [Margadh thar an gCoitiantacht] agus, go háirithe, do Chaibidil 3 di ‘A single market to play big: scale matters’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Sauli Niinistö an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Safer Together: Strengthening Europe’s Civilian and Military Preparedness and Readiness’ [‘Níos Sábháilte le Chéile: Ag Neartú Ullmhacht agus Réamhullmhacht Sibhialta agus Míleata na hEorpa’], agus go hairithe Caibidil 7 di,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhar idir an tAontas agus ECAT an 10 Eanáir 2023,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Chruinniú Mullaigh na Háige arna eisiúint ag ceannairí stáit agus rialtais ECAT a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh sa Háig an 25 Meitheamh 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don 10ú tuarascáil ar dhul chun cinn an 10 Meitheamh 2025 maidir le cur chun feidhme an tacair chomhchoitinn de thograí a d’fhormhuinigh Comhairlí an Aontais agus ECAT an 6 Nollaig 2016 agus an 5 Nollaig 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na cláir um threalamh comhoibritheach arna mbainistiú ag an Eagraíocht um Chomhchomhar Armála (OCCAR),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2025 ar an bpáipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/3151, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3151/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe míreanna 4 agus 58 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4389, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4389/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe mír 46 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shlándáil agus Cosaint (A10-0014/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, leis na dúshláin a bhaineann leis an meath ar an tsíocháin agus ar an tslándáil dhomhanda, saothrú a cogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine ag an Rúis, agus le teacht chun cinn bagairtí nua agus bagairtí atá ag teacht chun cinn ar shlándáil an Aontais, go gceanglaítear ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a n-infheistíocht chosanta a mhéadú go suntasach chun cumais mhíleata agus faisnéise a fhorbairt a chuirfidh ar a gcumas a gceannasacht, a neamhspleáchas agus a n-iomláine chríochach a chosaint, agus chun díspreagadh a neartú, chomh maith le gníomhú agus freagairt go neamhspleách nó i gcomhpháirtíocht lena gcomhghuaillithe, go háirithe laistigh de ECAT, ar bhagairtí láithreacha agus ar bhagairtí a bheidh ann amach anseo;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionsaithe méadaitheacha ar bhonneagar criticiúil Eorpach, lena n-áirítear cibirionsaithe agus sabaitéireacht, ina mbagairt thromchúiseach ar ár saol laethúil agus ar ár ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ar fud an Aontais, agus go bhfuil gá le freagairt chomhordaithe ón Aontas trí thionscadail Eorpacha ar mhórscála;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur cosúil go bhfuil an chogaíocht, a raibh forlámhas ag gnáth-airm uirthi go stairiúil, ag teacht chun cinn ‘ó chruach go gréasán’; de bhrí go bhfuil cibearchumais agus oibríochtaí líonraithe á n-ionchorprú níos mó agus níos mó ann, agus go bhfuil straitéisí cogaíochta á gclaochlú trí theicneolaíochtaí nua agus tríd an intleacht shaorga (IS) agus nach bhfuil siad teoranta a thuilleadh do chumhacht lámhaigh ollmhór agus d’achrann ar mhórscála, ach go bhfuil siad ag bogadh i dtreo córais a mhionadúchán agus a dhílárú, mar is léir ó úsáid drón agus sciurdán drón i ngach réimse, armán atá cumasaithe ag an intleacht shaorga, mianaigh chliste, agus córas diúracán iniompartha i láithreacha catha; de bhrí go bhfuil scairdeitleáin trodaíochta, longa, airtléire, umair chatha agus feithiclí talún ag éirí níos leochailí i leith ionsaithe beachtais agus, dá bhrí sin, go dteastaíonn cosaint níos fearr uathu, ós rud é go bhfuil siad fós bunriachtanach d’oibríochtaí míleata agus slándála; de bhrí go bhfuil gá fós le córais thraidisiúnta arm agus armlón a tháirgeadh agus a úsáid ar mhórscála, nuair is gá;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go gciallaíonn an pharaidím nua choinbhleachta sin nach bhfuil aon réigiún de chuid an Aontais díolmhaithe ón mbagairt ionsaithe, cur isteach, bréagaisnéis, treascairt shíceolaíoch nó ionsaithe hibrideacha a d’fhéadfadh a bheith ann; de bhrí go bhfuil ullmhúchán straitéiseach do choinbhleacht fhada ríthábhachtach i gcónaí chun athléimneacht fhadtéarmach slándála agus cosanta a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil an spás ag éirí ina réimse straitéiseach atá ag éirí níos plódaithe agus níos conspóidí, agus go bhfuil méadú ag teacht ar armú na gcodanna talún agus spáis araon; de bhrí gur aithin ECAT gurb é an spás an cúigiú réimse oibríochtúil straitéiseach, ag aithint na ndúshlán slándála atá ag dul i méid a eascraíonn as an spás agus, dá bhrí sin, gur gá é a dhéanamh níos sláine;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, i dteachtaireacht chomhpháirteach uaidh an 5 Márta 2024 dar teideal ‘A new European Defence Industrial Strategy’ [Straitéis Thionsclaíoch nua um an gCosaint Eorpach], gur thug an Coimisiún chun suntais nach raibh ach 18 % den chaiteachas iomlán ar threalamh ag Ballstáit an Aontais tiomnaithe do sholáthar comhoibríoch trealaimh cosanta an Aontais in 2022, i bhfad faoi bhun an tagarmhairc chomhchoitinn 35 % atá ann faoi láthair arna leagan síos ag na Ballstáit ag Bord Stiúrtha Aireachta GEC in 2007; de bhrí go leagtar síos i dTreochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta sprioc 40 % ar a laghad den soláthar cosanta a eagrú mar sholáthar comhpháirteach faoi dheireadh 2027; de bhrí, chun dlús a chur le hacmhainneacht thionscal cosanta na hEorpa, gur iarr an Chomhairle Eorpach ar na Ballstáit, an 23 Deireadh Fómhair 2025, infheistíochtaí cosanta a dhíriú níos mó agus níos mó ar fhorbairt, táirgeadh agus soláthar comhpháirteach le tacaíocht ó GEC; de bhrí go bhfuil comhordú na n-iarrachtaí i measc na mBallstát chun leithdháileadh éifeachtúil acmhainní a áirithiú, ilroinnt a laghdú agus dlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí cosanta nuálacha bunriachtanach chun margadh lánoibríochtúil a bhunú; de bhrí go bhfuil gá le dreasachtaí níos láidre agus laghdú ar ualaí riaracháin chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus a áirithiú ag an am céanna go leanfaidh an comhar de bheith faoi thionchar an mhargaidh, bunaithe ar cheanglais maidir le cumas cosanta agus ar phróisis chomhlántacha pleanála cosanta an Aontais, a Bhallstát agus ECAT;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go bhfuil ‘Tionscnaimh Shuaitheanta Ullmhachta Eorpacha’, mar a cuireadh i láthair i dTreochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta, bunaithe ar chur chuige cuimsitheach i leith na cosanta, lena gcuimsítear cosaint ar ionsaithe míleata díreacha agus ullmhacht do bhagairtí hibrideacha araon; de bhrí gur deis iad chun nuálaíocht, idir-inoibritheacht agus iomaíochas a chothú laistigh de thionscal cosanta an Aontais, trí chomhpháirtíochtaí tionsclaíocha comhpháirteacha nuálacha a fhorbairt maidir le teicneolaíochtaí teorann, trí Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (BTTCE) a neartú go suntasach agus trína spleáchas ar theicneolaíochtaí tríú tír a laghdú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gurb iad na Ballstáit atá suite ar theorainneacha thoir an Aontais na Ballstáit is mó atá neamhchosanta ar bhagairtí tromchúiseacha agus go bhfuil siad bunriachtanach do shlándáil an Aontais ina iomláine; de bhrí, sna conclúidí uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2025, gur thug an Chomhairle Eorpach dá haire nach mór aghaidh a thabhairt mar ábhair thosaíochta ar na bagairtí láithreacha ar thaobh thoir an Aontais agus ar thacaíocht nithiúil a sholáthar do na Ballstáit; de bhrí go dtugtar chun suntais i dTreochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta gurb iad an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin agus Faireachán ar an gCliathán Thoir na tionscnaimh atá le seoladh ar dtús; de bhrí, mar a moladh, go bhfuil sé beartaithe leis an bhFaireachán ar an gCliathán Thoir teorainneacha thoir an Aontais a threisiú, trí chumais chosanta talún, cabhlaigh agus aeir a chomhtháthú le córais agus teicneolaíochtaí frithdhrón éifeachtacha agus úrscothacha atá ríthábhachtach freisin don Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur fórsaí armtha náisiúnta na mBallstát go príomha iad úsáideoirí deiridh táirgí cosanta agus nach féidir leis na Ballstáit, dá bhrí sin, machnamh a dhéanamh ar a n-infheistíochtaí i dtionscadail thionsclaíocha chosanta a mhéadú ach amháin má bhaineann na tionscadail sin le cumais mhíleata leasa choitinn a fhorbairt dá bhfórsaí armtha; de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 346 CFAE go bhféadfaidh aon Bhallstát cibé bearta is gá leis a ghlacadh chun leasanna bunúsacha a shlándála a chosaint agus ar bearta iad a bhaineann le hairm, muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a thrádáil;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go leagtar síos leis an gCompás Straitéiseach maidir le Slándáil agus Cosaint an cuspóir dreasachtaí a fhorbairt chun infheistíochtaí comhoibríocha na mBallstát a spreagadh i dtionscadail chomhpháirteacha agus i soláthar comhpháirteach cumas cosanta a fhorbraítear ar bhealach comhoibríoch laistigh de Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le Rialachán (AE) 2025/2643 lena mbunaítear an Clár um an Tionscal Cosanta Eorpach (EDIP) do chur chun feidhme EDPCInna; de bhrí gurb é atá in EDPCInna tionscadail thionsclaíocha chomhoibríocha atá dírithe ar iomaíochas BTTCE a threisiú ar fud an Aontais, agus ag an am céanna rannchuidiú le forbairt chumais mhíleata na mBallstát atá ríthábhachtach do leasanna slándála agus cosanta an Aontais, agus ailtireacht oscailte agus mhodúlach, nuálaíocht dé-úsáide, agus rannpháirtíocht trasteorann fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus cuideachtaí meánchaipitlithe a chur chun cinn ar fud na réimsí oibríochtúla uile, eadhon réimsí talún, muirí, aeir, spáis agus cibearshlándála; de bhrí go n-áirítear in EDIP freisin na Struchtúir do Chlár Armála na hEorpa (SEAPanna), creat dlíthiúil nua is féidir a úsáid le haghaidh tionscnaimh chomhoibríocha armála faoi scáth tionscadal suaitheanta;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, mar a cuireadh i bhfios go láidir sa teachtaireacht ‘An tSíocháin a Chaomhnú – Treochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta’, gurb í an Úcráin an chéad líne chosanta atá fós ag an Eoraip agus gur dlúthchuid í d’ollstruchtúr cosanta agus slándála na hEorpa; de bhrí go bhfuil comhar idir tionscail chosanta an Aontais agus na hÚcráine, go háirithe i gcomhthéacs tionscadail shuaitheanta nó EDPCInna, ríthábhachtach dá margaí, dá n-iomaíochas agus dá n-acmhainneacht nuálaíochta faoi seach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aithint an mhéadaithe fhoriomláin ar chaiteachas cosanta i measc Bhallstáit an Aontais mar léiriú soiléir ar a dtiomantas freagairt don timpeallacht slándála atá ag dul in olcas, trí chumais mhíleata a fheabhsú, díspreagadh a neartú, agus a dtiomantas comhchoiteann do chosaint Eorpach agus thrasatlantach a threisiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil sprioc chaiteachais ECAT maidir le 2 % dá OTI a dhíriú ar chaiteachas cosanta faoi dheireadh 2025 bainte amach nó sáraithe ag roinnt Ballstát, go háirithe iad siúd atá lonnaithe ar theorainneacha thoir an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á aithint freisin go bhfuil gá ní hamháin le méadú ar chaiteachas cosanta náisiúnta chun slándáil agus cosaint na hEorpa a neartú ach le haistriú cuimsitheach i dtreo comhordú, éifeachtúlacht agus comhtháthú níos fearr ar an gcaoi a ndéanann na Ballstáit a mbeartais chosanta a fhorbairt, a chur chun feidhme agus acmhainní a chur ar fáil dóibh; á chur i bhfáth nach mór an t-aistriú sin ó chur chuige atá náisiúnta den chuid is mó i leith na cosanta i dtreo comhthuiscint ar shlándáil chomhchoiteann agus ar sheasamh díspreagtha an Aontais a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do cheannasacht na mBallstát agus dá n-inniúlachtaí i réimsí na slándála agus na cosanta, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire, d’ainneoin iarrachtaí méadaithe cosanta, go bhfuil easnaimh leanúnacha roimh an Aontas agus a Bhallstáit i gcumais chomhchoiteanna straitéiseacha, i struchtúir cheannais agus rialaithe, agus in acmhainneacht mhíleata inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais, go háirithe, gur shainaithin na Ballstáit na bearnaí cumais tosaíochta tosaigh seo a leanas<FOOTNOTE><FIELD> Mar a liostaítear ar leathanach 3 den teachtaireacht chomhpháirteach dar teideal ‘An tSíocháin a Chaomhnú — Treochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta’.</FIELD></FOOTNOTE>: cosaint aeir agus diúracán, córais airtléire, diúracáin agus armlón, dróin agus córais frithdhrón, cumasóirí straitéiseacha, lena n-áirítear i ndáil le spás agus bonneagar criticiúil, soghluaisteacht mhíleata, cibearchogaíocht, cogaíocht intleachta saorga agus cogaíocht leictreonach, comhrac ar talamh, agus slándáil mhuirí; á chur i bhfios go láidir go gcuireann na bearnaí sin teorainn shuntasach le cumas an Aontais agus a Bhallstát díspreagadh a neartú agus rannpháirtíocht chosanta fhada ar mhórscála a chothú, sa dóchúlacht mhéadaithe go ndéanfar gníomhartha cogaíochta hibridí nó gnáthchogaíochta; á iarraidh go ndéanfaí bearta práinneacha chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh chumais chriticiúla sin trí chomhar feabhsaithe i gcúrsaí straitéiseacha agus tionsclaíocha araon, pleanáil chomhordaithe, agus infheistíochtaí spriocdhírithe chun ullmhacht cosanta a áirithiú; ag aithint na n-iarrachtaí atá déanta ag geallsealbhóirí EDTIB chun dul i ngleic leis na dúshláin sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá cumasóirí straitéiseacha uathrialacha a fhorbairt chun bearnaí cumais a líonadh, ar cumasóirí iad nach féidir le fórsaí armtha na mBallstát oibríochtaí míleata comhpháirteacha a dhéanamh go héifeachtach dá n-uireasa; á mholadh, i ndáil leis an méid sin, go bhforbrófaí ailtireacht choiteann shábháilte agus shlán chun ceannas, rialú, cumarsáid, faisnéis, faireachas, spriocanna a fháil agus taiscéalaíocht a dhéanamh, chomh maith le cumais choiteanna chosanta i réimsí an spáis, an aeraistrithe agus an mhuiraistrithe straitéisigh, athbhreoslú aer go haer agus rioscaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha a chosc; ag moladh obair GEC, lena dtugtar forléargas agus anailís ar thírdhreach cosanta an Aontais agus lena gcuirtear moltaí ar fáil maidir le deiseanna comhair i ndáil le forbairt agus éadáil cumais trí na Tosaíochtaí Forbartha Cumas agus tríd an Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil róil chomhlántacha, chomhleanúnacha agus a threisíonn a chéile ag ECAT agus ag an Aontas; á iarraidh go mbeadh níos mó rannpháirtíochta sa chomhar idir Ballstáit an Aontais agus comhghuaillithe ECAT, i gcomhréir leis an tríú Dearbhú Comhpháirteach an 10 Eanáir 2023 maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT, chun cumais chosanta a fhorbairt agus chun na bearnaí atá ann cheana a líonadh; á thabhairt chun suntais gur cheart gach iarracht Eorpach ina leith sin a dhéanamh i ndlúthchomhar le ECAT, agus é mar aidhm leis sin comhar tionsclaíoch agus idir-inoibritheacht a neartú; á iarraidh go méadófaí rannpháirtíocht Eorpach i struchtúir ECAT atá ann cheana le haghaidh comhair agus á mheabhrú freisin gur gá comhleanúnachas an aschuir a áirithiú idir próiseas pleanála forbartha cumais an Aontais agus Próiseas Pleanála agus Athbhreithnithe ECAT; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar idir-inoibritheacht trealaimh mhíleata idir Ballstáit an Aontais agus comhghuaillithe ECAT, go háirithe trí chomhoiriúnacht idir a gcaighdeáin agus a sonraíochtaí a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á aithint go bhfuil gá fós freastal ar riachtanais chosanta láithreacha le soláthairtí nó tacaíocht ó thíortha nach bhfuil san Aontas; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, go bhfuil slándáil na hEorpa fós ag brath go mór ar thionscal cosanta tíortha nach bhfuil san Aontas; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair agus i bhfianaise an cheanglais atá ar an Aontas freagracht níos mó a ghlacadh as cosaint, go bhfuil gá le haistriú bainistithe agus de réir a chéile ó spleáchas ar thíortha nach bhfuil san Aontas go neamhspleáchas straitéiseach agus BTTCE a neartú;  á chur in iúl go n-aontaíonn sí leis an gcuspóir spleáchas ar mhonaróirí agus ar sholáthróirí nach bhfuil san Aontas a laghdú go suntasach nó a chéimniú amach de réir a chéile, a mhéid is féidir, lena n-áirítear i réimse na n-amhábhar agus na mianraí tearc-chré, i gcás ina bhfuil réitigh choibhéiseacha ann nó inar féidir iad a fhorbairt laistigh den Aontas, atá bunriachtanach d’uathriail straitéiseach an Aontais agus do shlándáil an tsoláthair; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí bearta chun EDTIB a neartú agus a iomaíochas a fheabhsú, lena n-áirítear trí thosaíocht uaillmhianach agus dhinimiciúil an Aontais a thabhairt do sholáthar cosanta, do mhargaí oscailte agus iomaíocha do chuideachtaí an Aontais, do chomhar tionsclaíoch trasteorann laistigh den Aontas agus le comhpháirtithe iontaofa agus atá ar aon intinn leo, agus do rochtain chothrom ar sholáthar do FBManna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á thabhairt chun suntais, gan margadh aonair lánfheidhmiúil de chuid an Aontais a bhunú do tháirgí agus seirbhísí cosanta, go bhfuil an baol ann go gcuirfear amú an méadú ar chaiteachas cosanta náisiúnta trí neamhéifeachtúlachtaí, rud a chuirfidh le hilroinnt bhreise EDTIB; á iarraidh ar na Ballstáit soláthar comhpháirteach cosanta a neartú agus comhar a fheabhsú maidir le cumas cosanta a fhorbairt chun idir-inoibritheacht agus idirmhalartacht a fheabhsú, leithdháileadh éifeachtúil acmhainní a áirithiú, EDTIB a threisiú, infheistíocht phríobháideach a mhealladh, ilroinnt i margadh cosanta an Aontais a laghdú, agus éagsúlacht na dtáirgí cosanta éagsúla lena dtugtar aghaidh ar riachtanais oibríochtúla chomhchosúla ar fud an Aontais a laghdú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do na Ballstáit rannpháirteacha soláthar a dhéanamh go comhpháirteach i gcomhthéacs tionscadail shuaitheanta agus gur cheart do thionscadail shuaitheanta rannchuidiú leis an sprioc 40 % den soláthar cosanta a eagrú mar sholáthar comhoibríoch faoi dheireadh 2027;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumais chosanta a fhorbairt trí thionscadail shuaitheanta i réimsí tosaíochta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag aithint an togra ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála sraith tionscnamh suaitheanta Eorpach tosaigh a sheoladh, mar chuid de Threochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta; ag tabhairt dá haire gur fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an treochlár sin agus tiomantas na mBallstát ceithre Thionscnamh Shuaitheanta Ullmhachta Eorpacha tosaigh a fhorbairt – an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin, Faireachán ar an gCliathán Thoir, an Aersciath Eorpach agus Sciath Spáis na hEorpa; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear raon an-leathan cumas cosanta leis na tionscadail shuaitheanta sin atá beartaithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur de chineál trasearnálach iad agus go rannchuidíonn siad le leasanna slándála speictrim iomláin an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit rannpháirteacha agus ar GEC, dá bhrí sin, na cuspóirí sonracha, an amlíne agus na garspriocanna a shainaithint go soiléir maidir le cur chun feidhme, tograí maoinithe, sásraí rialachais, raon feidhme teicneolaíoch agus méid ionchasach gach ceann de na tionscadail sin; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le coincheap oibríochtúil agus rialachas soiléir chun a chinneadh cé a dhéanann céard, go háirithe i gcásanna a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, mar shampla nuair a eitlíonn drón naimhdeach ó Bhallstát amháin go Ballstát eile; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh dearadh agus cur chun feidhme na dtionscadal sin cuimsitheach, lena n-áiritheofar go n-ionchorprófar gnáth-chomhpháirteanna cosanta iontu in éineacht le hardteicneolaíochtaí, chun inbhuanaitheacht oibríochtúil a ráthú i gcás coinbhleachtaí fadtréimhseacha; á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirteacha a áirithiú go gcomhlíonfar garspriocanna gach tionscadail, go gcuirfear bailchríoch ar na comhghuaillíochtaí cumais a leagtar amach sa treochlár agus a ndícheall a dhéanamh tionscadail shuaitheanta a sheoladh go pras, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an cur chuige atá beartaithe don Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin, arb é is aidhm dó córas ilsrathach atá chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de a fhorbairt ag a bhfuil cumais idir-inoibritheacha chun dróin a bhrath, a rianú agus a chur ó mhaith, agus cumais chun spriocanna talún a bhaint amach trí theicneolaíocht drón a ghiaráil le haghaidh beacht-ionsaithe; á aithint gur cheart cumais frithdhrón a bheith go hiomlán idir-inoibritheach agus nasctha idir na Ballstáit chun feasacht staide a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus chun cumas Bhallstáit an Aontais gníomhú le chéile agus bonneagar criticiúil a dhaingniú i gcomhar le ECAT a áirithiú; á aithint go bhfuil dúshláin ag baint le córas feidhmiúil cosanta drón a bhaint amach faoin tionscnamh seo agus á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí treoirthionscadail chun feidhme ina mbeadh líon níos lú Ballstát rannpháirteach mar chéim thosaigh, rud a d’fhágfadh go mbeadh cur chuige 360 céim ann a luaithe a bheadh na córais oibríochtúil agus éifeachtach go leor lena gcur in úsáid ar bhonn níos forleithne.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart ceanglais shonracha chosanta agus díspreagtha thaobh thoir an Aontais a chur san áireamh i dtionscadail shuaitheanta; á chur in iúl gur geal léi an cur chuige atá beartaithe don Fhaireachán ar an gCliathán Thoir, atá ceaptha chun cur le hacmhainneacht na mBallstát atá ar theorainn na Rúise aghaidh a thabhairt ar raon leathan bagairtí agus rioscaí, lena n-áirítear bagairtí hibrideacha, úsáid scáthchabhlach na Rúise chun oibríochtaí agus faireachas sabaitéireachta a dhéanamh, agus riosca an fhogha armtha; á thabhairt chun suntais gurb é atá ann ceithre ghné na cosanta ar talamh, na feasachta staide, na gcóras aerchosanta agus frithdhrón, agus na slándála muirí i Muir Bhailt agus sa Mhuir Dhubh a chomhtháthú; ag tacú leis an gcuspóir atá beartaithe cumas cuimsitheach cosanta teorann a bhunú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le slándáil an Aontais ina iomláine, le córais faireachais ilfhearainn, cumais drón agus frithdhrón, cumais cogaíochta leictreonaí, córais beacht-ionsaithe, agus comhordú oibríochtúil freagrúil; á iarraidh go n-áireofaí bearta chun athléimneacht chun tosaigh a neartú, bearta cosanta bonneagair agus cumais chibearchosanta a threisiú, agus idir-inoibritheacht réigiúnach agus ullmhacht oibríochtúil iomlán a áirithiú i gcás géarchéime;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth gur deis mhaith iad tionscadail shuaitheanta chun iomaíochas, éifeachtúlacht agus cumas nuálaíochta EDTIB a neartú; á aithint gur gá sainmhíniú a chomhaontaítear go forleathan ar ‘thionscadail shuaitheanta leasa choitinn’ a bhunú mar thionscnaimh chomhoibríocha uile-Eorpacha ar mhórscála ina mbeidh an oiread Ballstát agus is féidir rannpháirteach, i gcumas cosanta agus i bhforbairt thionsclaíoch, lena n-áirítear cumasóirí straitéiseacha laistigh de chreat comhchoiteann amhail EDIP lena bhféadfar iad a shainaithint agus a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach laistigh de bheartais chosanta agus thionsclaíocha an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach tionscadail shuaitheanta a shainiú chun comhar éifeachtach a áirithiú i measc na mBallstát, chun acmhainní a chomhthiomsú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí criticiúla cumais agus chun bogadh i dtreo fíor-Aontas Eorpach um Chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le BTTCE a neartú trí chomhar leis an Úcráin, le tíortha comhlachaithe faoi chuimsiú an chomhair a bunaíodh faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch<FOOTNOTE><FIELD> IO L 1, 3.1.1994, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1994/1/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, le tíortha nach bhfuil san Aontas atá ar aon intinn, agus le tíortha a bhfuil comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta sínithe ag an Aontas leo; ag cur béim ar an bhfíoras, ina leith sin, go bhfuil saineolas agus fios gnó teicneolaíoch lárnach faighte ag tionscal cosanta na hÚcráine bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí fhórsaí armtha na hÚcráine ar an láthair chatha agus ag aithint Chomhghuaillíocht na nDrón atá beartaithe leis an Úcráin; á mholadh, chun dul i ngleic leis na timthriallta nuálaíochta malla san Aontais, chun taighde agus forbairt agus táirgeadh a nascadh, agus chun forbairt theicneolaíoch leanúnach a áirithiú, go mbeadh na tionscadail shuaitheanta oscailte, a mhéid is féidir agus lánurraim á tabhairt do leasanna slándála an Aontais agus a Bhallstát, do rannpháirtíocht na hÚcráine, na dtíortha comhlachaithe agus na dtíortha a shínigh comhpháirtíocht slándála agus cosanta leis an Aontas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bunú agus cur chun feidhme cuí tionscadal suaitheanta a shainaithint agus a áirithiú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór cuspóirí na dtionscadal suaitheanta a ailíniú le cuspóirí cosanta comhaontaithe an Aontais agus a bheith comhleanúnach le spriocanna ECAT maidir le forbairt cumais; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar réimsí teicneolaíochta nuálacha don chosaint agus rannchuidiú le cumais chosanta cheannródaíocha a fhorbairt a fhreagraíonn do riachtanais na cogaíochta nua-aimseartha, lena n-áirítear an gá méadaitheach atá le hoibríochtaí míleata ilfhearainn, trúpaí agus airm a líonrú, cibearchosaint a áirithiú, bailiú, stóráil, próiseáil, comhroinnt, córais gan foireann agus uirlisí tacaíochta cinnteoireachta atá bunaithe ar an Intleacht Shaorga a fhorbairt, ionsaithe doimhne agus beachta a fheidhmiú agus ionsaithe drón a chomhrac; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá úsáid eiticiúil agus fhreagrach chórais IS i gcomhréir iomlán leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit an Aontais an cibear-réimse agus teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú i bpríomhthosaíochtaí cosanta an Aontais, chun ceannasacht sonraí agus ullmhacht chomhchoiteann i gcoinne bagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí a áirithiú; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh áirithiú na cibearshlándála agus na hathléimneachta mar chuspóir trasearnálach ag na tionscadail shuaitheanta uile, lena n-áiritheofar bonneagar digiteach slán, cosaint na gcóras ceannais agus rialaithe agus sláine na sreafaí sonraí ar fud réimsí oibríochtúla, i gcomhréir le Beartas Cibearchosanta an Aontais agus le tosaíochtaí an Chompáis Straitéisigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le tionscadail shuaitheanta lena gcumhdaítear réimse an spáis – réimse straitéiseach atá ag éirí níos míleataithe – ós réimse é ar a bhfuil roinnt gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil ag brath, amhail cumarsáid shlán agus bailiú faisnéise; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé tionscadail shuaitheanta a chomhtháthú le bonneagar straitéiseach iompair agus lóistíochta, amhail conairí soghluaisteachta míleata trasteorann agus bonneagar dé-úsáide, go háirithe in oirthear agus in oirdheisceart na hEorpa, atá ríthábhachtach le haghaidh imscaradh tapa agus athléimneacht feadh an chliatháin thoir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag tionscadail shuaitheanta comhar agus nuálaíocht níos dlúithe a chothú i sásraí rialachais ar leibhéal an Aontais agus i measc Bhallstáit an Aontais, lena léirítear dea-chleachtas i dtreo straitéis choiteann agus chomhordaithe do chosaint na hEorpa, agus an t-eolas a fuarthas san Úcráin faoi stiúradh cogaíochta nua-aimseartha á chur san áireamh ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún straitéisí soiléire gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a bhunú chun tionscadail shuaitheanta a fhorbairt, lena n-áiritheofar go ndéanfar iarrachtaí fadtéarmacha taighde agus forbartha agus nuálaíochta a chomhordú go comhleanúnach le hinfheistíochtaí gearrthéarmacha i gcumais chosanta chriticiúla, chun dul chun cinn teicneolaíoch agus ullmhacht oibríochtúil láithreach araon a ráthú; á chur i bhfáth, thairis sin, nach mór dea-rialachas tionscadal suaitheanta a bheith bunaithe ar fhís chomhroinnte agus ar chomhordú éifeachtach i measc a ‘ngníomhaithe clársceidealaithe’, is é sin an Coimisiún, ceanncheathrú mhíleata agus gníomhaireachtaí soláthair phoiblí Bhallstáit an Aontais agus cuideachtaí tionsclaíocha cosanta; á mheas go bhféadfadh tionscadail shuaitheanta tairbhe a bhaint as an gcomhar atá ann cheana faoi chuimsiú thionscadail PESCO agus Ciste Eorpach Cosanta (CEC) agus cur leis an gcomhar sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á aithint go bhfuil roinnt cuideachtaí cosanta Eorpacha tar éis páirt a ghlacadh cheana féin le himeacht ama i mórthionscadail chomhoibríocha thrasnáisiúnta ar fud réimsí éagsúla a bhaineann le gné na slándála; á thabhairt chun suntais gur féidir leis na cás-staidéir sin a bheith ina samplaí de dhearadh agus de bhainistiú tionscadal suaitheanta; á chur i bhfáth, sa bhreis ar a gcéimeanna forbartha agus táirgthe, gur cheart do thionscadail shuaitheanta a áirithiú freisin go mbunófaí creataí comhchoiteanna chun iad a oibriú, a chothabháil agus a bhainistiú ar feadh a saolré ar leibhéal an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag aithint gur cruthaíodh EDPCInna mar uirlis nua faoi Chlár EDIP; á aithint go bhféadfaí tionscadail shuaitheanta a fhorbairt freisin faoina creat; ag tabhairt dá haire gur féidir EDPCInna a fhorbairt i gcomhthéacs Struchtúir do Chlár Armála na hEorpa; á chur i bhfáth gur cheart do EDPCInna idir-inoibritheacht agus athléimneacht slabhraí soláthair a fheabhsú agus leanúint de bheith comhlántach go hiomlán le pleanáil cumais ECAT mar a leagtar amach i dTreochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a dhícheall a dhéanamh ailíniú coincheapúil agus nós imeachta iomlán a bhaint amach idir creataí cur chun feidhme tionscadal suaitheanta agus ionstraimí atá ann cheana amhail PESCO, CEC, EDIP agus EDPCInna, ionas go bhfeidhmeoidh na hionstraimí sin go comhleanúnach agus go dtreiseoidh siad a chéile go frithpháirteach laistigh d’ollstruchtúr cosanta an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, soiléiriú a thabhairt ar an gcaoi a ndéanfar EDPCInna a struchtúrú agus a chomhcheangal sa chleachtas chun tionscadal suaitheanta a chruthú, lena n-áirítear na sásraí rialachais, seicheamhaithe agus comhordaithe is gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá sineirgí níos láidre a chothú idir taighde, nuálaíocht agus forbairt thionsclaíoch laistigh d’éiceachóras cosanta an Aontais; á aithint, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil ról rannpháirteach ag geallsealbhóirí ábhartha, amhail eagraíochtaí taighde, institiúidí acadúla, moil nuálaíochta, ionaid teicneolaíochta, agus comhlachtaí tástála agus deimhniúcháin ó na Ballstáit uile; á iarraidh go n-áireofaí an raon is leithne is féidir de ghníomhaithe tionsclaíocha i dtionscadail shuaitheanta, go háirithe cuideachtaí meánchaipitlithe, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, chun leathadh na nuálaíochta ar fud speictream iomlán EDTIB a chumasú agus chun slándáil an tsoláthair a neartú; á iarraidh, go mbunófaí grúpa ardleibhéil Eorpach um thionscal cosanta chun comhar éifeachtach agus idirphlé agus rannpháirtíocht níos dlúithe leis an tionscal a áirithiú ar fud na hEorpa uile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht chothrom gheografach a áirithiú i dtionscadail shuaitheanta, ar cheart é a bheith d’aidhm acu an rannpháirtíocht is leithne is féidir a bhaint amach do na Ballstáit, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil tionscail chosanta atá ag teacht chun cinn acu; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go gcuirfeadh tionscadail shuaitheanta ar chumas na mBallstát rannpháirteach uile tairbhe a bhaint as dul chun cinn teicneolaíoch agus as acmhainneachtaí táirgeachta agus rannchuidiú le cumais agus athléimneacht a neartú ar fud an Aontais ina iomláine; á chur i bhfáth freisin gur cheart go mbeadh na tionscadail sin fós oscailte do Bhallstáit nua a bheith rannpháirteach, agus gur cheart rannpháirtíocht Ballstát breise le himeacht ama a spreagadh agus a éascú; á iarraidh go mbeadh sásraí cómhaoinithe ann atá solúbtha agus cuimsitheach, lena n-áiritheofar gur féidir leis na Ballstáit uile, gan beann ar mhéid eacnamaíoch, páirt fhóinteach a ghlacadh i dtionscadail shuaitheanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an ghné réigiúnach de straitéis thionsclaíoch cosanta an Aontais a neartú agus á chur i bhfáth an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tionscadail shuaitheanta maidir le héifeachtaí seach-iarmharta teicneolaíochta, tairbhí eacnamaíocha, fostaíocht oilte agus comhtháthú sóisialta ar fud na réigiún san Aontas; á iarraidh go mbeadh rialtais réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach agus go dtabharfaí an deis do réigiúin an Aontais tairbhe a bhaint as tionscadail shuaitheanta chun comhúinéireacht i gcúrsaí cosanta a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá cosc a chur ar theicneolaíochtaí míleata, go háirithe teicneolaíochtaí íogaire atá ag teacht chun cinn agus ítimí criticiúla dé-úsáide, go háirithe i réimsí an spáis, na dteicneolaíochtaí candamacha agus na hintleachta saorga, a bheith á n-aistriú chuig tíortha naimhdeacha nó chuig iomaitheoirí sistéamacha lasmuigh den Aontas; ag tathant ar na Ballstáit atá rannpháirteach i dtionscadail shuaitheanta comhordú a neartú agus gealltanas a thabhairt cur chuige coiteann a leanúint agus straitéis choiteann agus coinníollacha coiteanna a shainiú agus a chomhaontú chun ceadúnais onnmhairiúcháin a dheonú do thíortha neamh-rannpháirteacha nach bhfuil san Aontas le haghaidh táirgí a eascraíonn as tionscadail shuaitheanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí sásra comhordaithe rioscabhunaithe um rialú onnmhairí i measc na mBallstát atá rannpháirteach i dtionscadail shuaitheanta, a bheidh ailínithe le cuspóirí Chompás Straitéiseach an Aontais agus a bheidh comhsheasmhach le hinniúlachtaí náisiúnta, sainchumais agus oibleagáidí idirnáisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear iad siúd faoi ECAT;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialachas tionscadal suaitheanta agus ról na Parlaiminte</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tograí a thíolacadh tuilleadh le haghaidh tionscadail shuaitheanta lena dtugtar aghaidh ar fhorbairt cumas cosanta agus lena gcuirtear ar chumas na mBallstát a n-iarrachtaí náisiúnta a ailíniú ar bhealach níos fearr le cuspóirí cosanta comhaontaithe an Aontais agus i gcomhréir le spriocanna ábhartha ECAT maidir le forbairt cumais; á thabhairt chun suntais gur cheart go gcuirfí san áireamh sna tograí tionscadail riachtanais shonracha na mBallstát is mó atá neamhchosanta ar an riosca go dtiocfadh gnáthbhagairtí míleata agus hibrideacha chun cinn; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go mbeadh tionscail chosanta rannpháirteach i sainiú thosaíochtaí agus raon feidhme na dtionscadal suaitheanta a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh roghnú na dtionscadal suaitheanta bunaithe ar fhiúntas agus go mbeadh sé ag brath ar nósanna imeachta trédhearcacha, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht chothrom gheografach agus lena gcuirfear cosc ar chomhchruinniú na sochar cinnteoireachta nó tionsclaíoch i líon teoranta Ballstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á mholadh go nglacfadh an Coimisiún, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus GEC páirt le ról comhairleach, tacaíochta agus comhordúcháin chun cur chun feidhme tionscadal suaitheanta a éascú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh maidir le comhairle mhíleata straitéiseach a thabhairt agus moltaí a dhéanamh don Choiste Polaitiúil agus Slándála<STRING BOLD="on">,</STRING> go háirithe maidir le cuspóirí cumais a fhorbairt, a mheasúnú agus a athbhreithniú, agus á iarraidh, i ndáil leis sin, go n-áireofaí go foirmiúil é i gcreat rialachais tionscadal suaitheanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag gealladh a róil ghrinnscrúdaithe, reachtacha agus bhuiséadacha a fheidhmiú maidir le tionscadail shuaitheanta a chomhordú, a chur chun feidhme agus a mhaoiniú ar bhonn faisnéis agus tuarascálacha rialta agus cuimsitheacha ón gCoimisiún; ag cur sonrú ina húdarás buiséadach agus a freagracht maidir le húsáid chistí an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí tuairisciú poiblí agus grinnscrúdú parlaiminteach rialta chun cuntasacht a áirithiú agus chun muinín a chothú i dtionscadail shuaitheanta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Maoiniú tionscadal suaitheanta a áirithiú san fhadtéarma </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cistiú leormhaith agus tiomnaithe ann faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun maoiniú fadtéarmach tionscadal suaitheanta a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cistiú leormhaith agus iomchuí do thionscadail shuaitheanta nach gcuireann isteach ar na cistí a leithdháiltear ar réimsí straitéiseacha eile de bhuiséad an Aontais atá dírithe ar an gcosaint; á thabhairt chun suntais gur gá cuid den chistiú sin a thiomnú do thionscnaimh oiliúna, forbartha scileanna agus coinneála tallainne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfáth gur féidir barainneachtaí scála suntasacha a ghiniúint, costais a laghdú agus a áirithiú go n-úsáidfear cistí poiblí agus airgead na gcáiníocóirí ar an mbealach is éifeachtúla agus is freagraí trí chumais chosanta a fhorbairt go comhpháirteach ar leibhéal an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag teacht leis an mbarúil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa’ maidir le togra Cláir um an Tionscal Cosanta Eorpach gur dócha go rachaidh an t-am is gá chun tionscadail shuaitheanta a thabhairt chun críche thar an tréimhse cur chun feidhme dhá bhliain dá bhforáiltear leis an gClár um an Tionscal Cosanta Eorpach; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, chun go mbainfidh tionscadail shuaitheanta tairbhe as cistiú Cláir um an Tionscal Cosanta Eorpach, nach mór do na Ballstáit lena mbaineann gealltanas a thabhairt iad a chómhaoiniú ar feadh a ré iomláine, i bhfad níos faide ná tréimhse thosaigh dhá bhliain; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá pleanáil fhadtéarmach d’infheistíocht leanúnach agus do leanúnachas tionsclaíoch chun uathriail straitéiseach na hEorpa a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart cómhaoiniú tionscadal suaitheanta a bheith bunaithe ar bhainistiú fónta agus ar phleanáil bhuiséadach, ar chostéifeachtúlacht agus ar thrédhearcacht; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit garspriocanna, táscairí feidhmíochta, rialuithe airgeadais tréimhsiúla agus athbhreithnithe ar chaiteachas arna thabhú i gcur chun feidhme tionscadal suaitheanta a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chuid dá mbuiséid náisiúnta cosanta a chur i leataobh go córasach chun tionscnaimh chomhpháirtíochta a fhorbairt agus chun trealamh cosanta a sholáthar a tháirgtear faoi chuimsiú tionscadail shuaitheanta i réimsí ina ngineann iarrachtaí comhpháirteacha breisluach, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE agus Airteagal 346 CFAE; faoi chuimsiú tionscadail shuaitheanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag spreagadh na mBallstát pleanáil bhuiséadach cosanta náisiúnta a chomhordú le spriocanna cumais ECAT chun comhlántacht a áirithiú agus ilroinnt acmhainní a sheachaint; á iarraidh ar na Ballstáit féachaint ar bhealaí chun ionstraim airgeadais sheachbhuiséid a bhunú lena bhféadfaí codanna áirithe de bhuiséid náisiúnta cosanta a chomhthiomsú agus a fhrithpháirtiú ar leibhéal an Aontais, chun saolré iomlán na dtionscadal suaitheanta a chumhdach;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig ECAT, chuig Tionól Parlaiminteach ECAT, chuig gníomhaireachtaí slándála agus cosanta an Aontais agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>