<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0081</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Gáinneáil ar dhaoine agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine atá nasctha le hearcú náisiúnach nach Rúisigh iad, go háirithe ón Afraic, do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(B10-0157, 0165, 0166, 0167, 0170 agus 0175/2026)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2026 maidir le gáinneáil ar dhaoine agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine atá nasctha le hearcú náisiúnach nach Rúisigh iad, go háirithe ón Afraic, do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2026/2641(RSP))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 150(5) agus 136(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil oirbheartaíocht earcaíochta mheabhlach agus comhéigean á n-úsáid ag an Rúis chun na mílte náisiúnach eachtrach ó stáit éagsúla san Afraic a earcú, agus go bhfuil daoine aonair á n-earcú aici freisin ó Chúba agus ón Áise Theas agus Láir, chun a cogadh foghach brúidiúil, gan chúis, gan údar agus neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine a chothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur léirigh tuarascálacha iniúchta agus roinnt stát san Afraic gur ann do líonraí earcaíochta lena ndírítear go córasach ar dhaoine aonair ó limistéir ísealioncaim, go príomha trí ardáin na meán sóisialta, le gealltanais bhréagacha fostaíochta, oideachais nó saoránachta; de bhrí go mealltar earcaigh chun taisteal chun na Rúise, go mbaintear a ndoiciméid aitheantais díobh agus go ndéantar iad a choinscríobh go héigeantach faoi chomhéigean nó faoi bhagairtí; de bhrí go léiríonn cás Francis Ndung’u Ndarua, náisiúnach ón gCéinia a earcaíodh go calaoiseach agus a seoladh chuig an túslíne san Úcráin, cruálacht mhór na gcleachtas sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go dtuairiscítear go gcumasaíonn údaráis na Rúise na scéimeanna earcaíochta sin trí chuideachtaí atá nasctha leis an stát, trí idirghabhálaithe, trí struchtúir mhíleata agus trí oifigigh ambasáide;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go léiríonn teistiméireachtaí go dtugtar ar earcaigh Afracacha na dualgais túslíne is contúirtí a dhéanamh, go gcaitear leo amhail is gur féidir i gcónaí earcach eile a fháil, agus go ndéantar mí-úsáid chiníoch agus idirdhealú ciníoch orthu;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go dtuairiscítear gur cuireadh dallamullóg ar na céadta ban san Afraic chun oibriú i monarchana cóimeála ladrann sa Rúis faoi dhálaí an-chontúirteach agus dúshaothraithe;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á cháineadh go láidir gur ann do gháinneáil ar náisiúnaigh eachtracha agus dá n-earcú isteach i seirbhís mhíleata na Rúise, agus gur ann do dhúshaothrú saothair a bhaineann leis an gcogadh; á chur i bhfáth gur sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta iad na cleachtais sin agus go bhféadfaidís a bheith ina gcoireanna cogaidh agus ina gcoireanna in aghaidh an chine dhaonna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tathant ar gach stát lena mbaineann earcú náisiúnach eachtrach a imscrúdú agus a chomhrac agus iad siúd go léir a dhéanann é, a éascaíonn é nó a chuireann chun cinn é a thabhairt chun cuntais, forairdeall i measc oifigigh inimirce a fheabhsú, rabhadh réamhghníomhach a thabhairt do shaoránaigh faoi na contúirtí a bhaineann le taisteal chun na Rúise mar gheall ar thairiscintí líomhnaithe poist nó oideachais, agus aisdúichiú láithreach náisiúnach eachtrach arna n-earcú go calaoiseach a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar ardáin na meán sóisialta a bhfreagrachtaí maidir le cearta an duine a chomhlíonadh agus comhoibriú leis na húdaráis ábhartha chun inneachar a úsáideann líonraí míthreoracha earcaíochta agus gáinneála ar dhaoine atá nasctha leis an Rúis a shainaithint agus a bhaint; á iarraidh ar stáit na hardáin sin a thabhairt chun cuntais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú ag teacht ar úsáid oirbheartaíochta earcaíochta meabhlaí i gcomhthráth le tionchar méadaitheach na Rúise i stáit san Afraic, lena n-áirítear trí chuideachtaí míleata príobháideacha agus trí fheachtais ionramhála faisnéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á éileamh go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach leis na cleachtais earcaíochta sin agus go ráthódh sí aisdúichiú neamhchoinníollach daoine aonair arna n-earcú go calaoiseach; á chur in iúl go bhfuil freagracht ar údaráis na Rúise as na scéimeanna sin a chruthú agus a chumasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tarraingt aird ar chás Francis Ndung’u Ndarua; á iarraidh go ndéanfaí é a aisdúichiú; ag tathant ar an Rúis a ghaolta a chur ar an eolas faoin áit a bhfuil sé agus faoina riocht sláinte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dul i dteagmháil leis na stáit lena mbaineann agus tacú lena n-iarrachtaí dul i ngleic leis an ngáinneáil ar dhaoine agus scaoileadh agus aisdúichiú íospartach a éascú; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí spriocdhírithe a fhorchur ar na daoine aonair agus ar na heintitis atá freagrach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, chuig na Ballstáit, chuig an Aontas Afracach, chuig Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus chuig údaráis na Rúise agus na hÚcráine.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>