<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0089</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar dhíolúine Nikos Pappas a tharscaoileadh</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0077/2026 -  Rapóirtéir: Krzysztof Śmiszek)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2026 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Nikos Pappas a tharscaoileadh (2025/2194(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Nikos Pappas a tharscaoileadh, a fuarthas le litir dar dáta an 10 Meán Fómhair 2025 ó Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Chúirt Uachtarach na Poblachta Heilléanaí ina raibh iarraidh ón Ionchúisitheoir ag Cúirt Chéadchéime na hAithne maidir le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh ina choinne, agus arna bhfógairt sa Pharlaimint an 6 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Nikos Pappas an 28 Eanáir 2026 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C‑200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">An Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">An Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0077/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i litir dar dáta 10 Meán Fómhair 2025, gur tharchuir Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Chúirt Uachtarach na Poblachta Heilléanaí iarraidh ón Ionchúisitheoir ag Cúirt Chéadchéime na hAithne ar dhíolúine Nikos Pappas, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh sa Phoblacht Heilléanach, a tharscaoileadh i ndáil le gníomhartha clúmhillte agus masla líomhnaithe, ar cionta iad faoi Airteagal 361(1) agus Airteagal 363 de Chód Coiriúil na Gréige - gníomhartha coiriúla arb ionann iad agus oilghníomh;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, go léirítear sa ghearán, go líomhnaítear go ndearna Nikos Pappas éilimh bhréagacha agus chlúmhillteacha faoi iriseoir, i gcomhthéacs agallamh le haghaidh seó ar líne, os comhair tríú páirtithe, ag maslú a onóra d’aon ghnó; de bhrí go líomhnaítear go ndearna Nikos Pappas na cionta sin san Aithin an 20 Márta 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur toghadh Nikos Pappas chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i Meitheamh 2024 agus nach raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe; de bhrí go dtéann an gearán ina choinne siar go dtí an 10 Meitheamh 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach ionann an cion líomhnaithe, agus nach bhfuil baint ag an iarraidh dá éis ar dhíolúine Nikos Pappas a tharscaoileadh, le tuairim a nocht sé ná le vóta a chaith sé agus a dhualgais á gcomhlíonadh aige de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go bhfuil ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí parlaiminte a mBallstáit féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 62 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí, nach bhféadfar aon Fheisire, le linn a théarma oifige, a ionchúiseamh, a ghabháil, a chur i bpríosún ná a chur faoi réir bearta eile lena mbaineann cailleadh saoirse gan údarú a fháil ó Theach na dTeachtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ná an Pharlaimint agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir í a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin, gnéithe fíorasacha a thugann le fios gurb é rún na n-imeachtaí dlíthiúla atá i gceist ná an bonn a bhaint dá ghníomhaíocht pholaitiúil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, ní féidir Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">An Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266, mír 91.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chinneadh díolúine Nikos Pappas a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach bonn chuig údarás inniúil na Poblachta Heilléanaí agus chuig Nikos Pappas.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>