<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0094</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An t-éilliú a chomhrac</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0048/2024 -  Rapóirtéir: Raquel García Hermida-Van Der Walle)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2026 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne éilliú a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2023)0234 – C9-0162/2023 – 2023/0135(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0234),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 82(1) pointe (d), agus d’Airteagal 83(1) agus (2), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0162/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne agus Teach na dTeachtaí san Iodáil, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/886, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/886/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 29 Samhain 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/1048, 9.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1048/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Nollaig 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Rialú Buiséadach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0048/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2023)0135</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Márta 2026 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac, a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle agus an Choinbhinsiúin um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2026/1021.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST></SDOCTA>