<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0102</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha: iarratas EGF/2025/007 BE/Casa - an Bheilg</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0061/2026 -  Rapóirtéir: Hélder Sousa Silva)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2026 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/007 BE/Casa (COM(2026)0003 – C10-0025/2026 – 2026/0038(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2026)0003 – C10-0025/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (‘Rialachán CAI’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj<STRING ITALIC="on">).</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0061/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórimeachtaí agus mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur thíolaic an Bheilg iarratas EGF/2025/007 BE/Casa d’fhonn ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED i ndiaidh 416 iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> in Casa International NV (Casa) sa Bheilg, sna hearnálacha eacnamaíocha atá aicmithe faoi rannán 47 den Dara Athbhreithniú ar NACE (Trádáil mhiondíola, seachas feithiclí mótair agus gluaisrothair) agus Rannán 52 (Trádstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair) i réigiún Chúige Antuairp (BE21), Flóndras, laistigh de thréimhse thagartha ón 6 Márta 2025 go dtí an 6 Iúil 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a) de Rialachán CED; de bhrí go mbaineann 257 n-iomarcaíocht le Casa International NV (trádáil mhiondíola), a bhfuil 65 asraon miondíola aige ar fud na Beilge, agus go mbaineann 159 n-iomarcaíocht le Casa Logistics NV (trádstóráil), atá freagrach as stóráil agus dáileadh chuig na hasraonta seo;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go ndearna Casa iarratas ar fhéimheacht an 6 Márta 2025; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar fhéimheachtaí sa Bheilg ó 2022 i leith, go háirithe san earnáil miondíola, atá ag dul faoi chlaochlú struchtúrach ollmhór arna spreagadh ag an méadú ar ríomhthráchtáil agus ag nósanna tomhaltóirí atá ag athrú; de bhrí gurb ionann mná agus 67,5 % den lucht saothair lena mbaineann sa chás seo; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go gcuirfí san áireamh leis na bearta tacaíochta faoi CED na riachtanais shonracha agus na bacainní sonracha atá os comhair na mban sin agus iad ag dul isteach arís sa mhargadh saothair;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil réamh-mhaoiniú agus cómhaoiniú náisiúnta na mbeart á soláthar ag VDAB;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur chomhlíon na fiontair lena mbaineann na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta maidir le comhiomarcaíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa sa mhargadh saothair agus oiliúint scileanna á tairiscint dóibh ag an am céanna chun an rochtain atá acu ar an margadh saothair a éascú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018)<FOOTNOTE><FIELD> Airteagal 8 de Rialachán CAI.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán CED agus go háirithe in Airteagal 4(2), pointe (a) de, comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 1 916 733 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 85 % den chostas iomlán EUR 2 254 980, a chuimsíonn EUR 2 168 980 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 86 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir údaráis na Beilge an t-iarratas isteach an 23 Meán Fómhair 2025, agus, tar éis faisnéis bhreise a fháil ón mBeilg, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 6 Feabhra 2026 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an 11 Feabhra 2026; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-am a ghiorrú idir iarratas ar chúnamh CED a thíolacadh agus an cinneadh maoiniúcháin, agus cearta Pharlaimint na hEorpa mar bhrainse amháin den údarás buiséadach á gcosaint go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le hoibrithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht in dhá fhiontar de chuid Casa agus gur tairbhithe spriocdhírithe a bheidh iontu go léir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh deacrachtaí airgeadais ag Casa ar feadh roinnt blianta roimh an dearbhú féimheachta, rud a d’eascair as leitheadúlacht mhéadaitheach na ríomhthráchtála, iomaíocht idirnáisiúnta mhéadaithe agus dálaí iomaíocha éagóracha, rud a d’fhág go raibh ganntanais leachtachta thromchúiseacha ann agus nach raibh sé in ann ceannaitheoirí ionchasacha a shainaithint don chuideachta; á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar chumas na bainistíochta gnó asleaganacha a chosc trí oiriúnú don chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair agus chun déileáil go réamhghníomhach le mórtheagmhais athstruchtúraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire, cé go bhfuil na hionchais fostaíochta is fabhraí ag cúntóirí díolacháin iomarcacha, go mbíonn deacrachtaí níos mó ag oibrithe trádstórais poist nua a fháil agus go dteastaíonn tacaíocht bhreise uathu trí uas-sciliú, athsciliú, athlonnú nó ath-imlonnú; ag iarraidh ar údaráis na Beilge tacaíocht shaincheaptha shonrach a sholáthar chun cabhrú le hoibrithe a n-easnaimh a shárú agus poist nua a aimsiú atá ailínithe le riachtanais mhargadh an tsaothair; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ath-imeascadh na n-oibrithe a leagadh as a bpost ríthábhachtach chun geilleagar Eorpach a bheidh slán i bhfad na haimsire agus a mbeidh bonn tionsclaíoch láidir aige a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go raibh tionchar diúltach ag an méadú ar fhéimheachtaí le dhá bhliain anuas ar an ráta fostaíochta i roinnt réigiún sa Bheilg, go háirithe sa Bhruiséil agus in Olen (Cúige Antuairp); á thabhairt dá haire gur cailleadh thart ar 45 000 post sa Bheilg laistigh de 18 mí mar gheall ar fhéimheachtaí, a tharla den chuid is mó i bhFlóndras; ag leagan béim ar an bhfíoras go bhfuil riosca na dífhostaíochta sa Fhlóndras os cionn dhá oiread níos airde do dhaoine le leibhéal íseal oideachais; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá timpeallacht atá fabhrach do ghnólachtaí lena gcuirtear ar chumas d’fhiontair leanúint de bheith iomaíoch, lena gcruthaítear poist agus lena gcuirtear le fás eacnamaíoch inbhuanaithe.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhaontú leis na saineolaithe agus na comhpháirtithe sóisialta, gurb iad na bearta seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar do na hoibrithe: seisiúin faisnéise chun treoir a thabhairt maidir le hath-imeascadh sa mhargadh saothair; seirbhísí socrúcháin sheachtraigh chun oibrithe a threorú agus iad ag cuardach poist; idirghabháil ghníomhach lena ndírítear ar phróifíl gach cuardaitheora poist; cláir phearsantaithe le haghaidh forbairt scileanna, lena n-áirítear scileanna TF; oiliúint agus athoiliúint; oiliúint aonair san ionad oibre; rannpháirtíocht ag aonach fostaíochta; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé poist ardcháilíochta atá dírithe ar an todhchaí a chothú lena neartaítear an t-iomaíochas agus lena dtacaítear leis an gclaochlú digiteach, agus a áirithiú ag an am céanna go gcuirfear CED chun feidhme i gceart agus go rannchuideoidh sé le hathléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart do chomhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach le linn chur chun feidhme iomlán bhearta CED, lena n-áirítear an chéim faireacháin, chun cáilíocht agus ábharthacht na tacaíochta a thairgtear do thairbhithe a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú gur ionstraim dlúthpháirtíochta agus aistrithe chóir é CED agus cé go gcuireann sé tacaíocht ar fáil tar éis caillteanais post, ní féidir leis teacht in ionad beartas tionsclaíoch réamhghníomhach; á mheas gur gá slógadh CED a leabú i bhfreagairt bheartais níos mó ar gach leibhéal polaitiúil chun a áirithiú go bhfaighidh na hoibrithe a ndéantar difear dóibh deiseanna leormhaithe i gcomhréir lena gcáilíochtaí agus lena scileanna; á chur i bhfáth nach mór é a bheith ina phríomhchúram ag an Aontas cosc a chur ar dhúnadh den sórt sin ar an gcéad dul síos, trí na dálaí a chruthú chun táirgeadh tionsclaíoch a choinneáil iomaíoch, agus ag an am céanna infheistíocht a dhéanamh i scileanna d’oibrithe ardcháilithe agus tionsclaíocha araon; á chur i bhfios go láidir gur gá tacaíocht shonrach a sholáthar atá saincheaptha do phróifílí oibrithe a bhfuil leibhéil ísle oideachais acu, agus bearta á nglacadh chun féimheachtaí a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí sóisialta as a dtagann eisiamh lucht saothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth go n-áiritheoidh údaráis na Beilge infheictheacht an chistithe ón Aontas agus go leagfaidh siad béim ar a bhreisluach trí fhaisnéis éifeachtach agus spriocdhírithe a chur ar fáil do thairbhithe, d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, do chomhpháirtithe sóisialta agus don phobal i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí meastóireachtaí críochnaitheacha críochnúla ar na bearta a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear faisnéis shoiléir faoin gcaoi ar úsáideadh na cistí, faoi cé chomh rathúil agus a bhí iarrachtaí chun oibrithe a ath-imeascadh sa mhargadh saothair, agus an bhfuil na cuspóirí ar cruthaíodh CED ina leith bainte amach ag na bearta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 14 Márta 2025 agus, dá bhrí sin, gurb ón dáta sin go dtí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin a bheidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 6 Márta 2025 agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas sin incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin go dtí 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thug údaráis na Beilge dearbhú go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á athdhearbhú nach ceadmhach cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar údaráis phoiblí nó chuideachtaí faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna; á mheabhrú gur sásra teoranta, spriocdhírithe agus comhlántach é CED.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2025/007 BE/Casa</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2026/851.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>