<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0103</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha: iarratas EGF/2025/005 AT/KTM - an Ostair</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0060/2026 -  Rapóirtéir: Janusz Lewandowski)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2026 ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón Ostair - EGF/2025/005 AT/KTM (COM(2026)0010 – C10-0026/2026 – 2026/0037(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2026)0010 – C10‑0026/2026),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/691/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj)<STRING ITALIC="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CAI’), agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A10-0060/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórimeachtaí agus mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur thíolaic an Ostair iarratas EGF/2025/005 AT/KTM d’fhonn ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED, i ndiaidh 1 488 n-iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> in KTM Gruppe (KTM), san earnáil eacnamaíoch arna rangú faoi rannán 30 den Dara Athbhreithniú ar NACE (Monarú trealaimh iompair eile) i réigiún na hOstaire Uachtaraí (AT31), le 233 iomarcaíocht laistigh de thréimhse thagartha ón 25 Feabhra 2025 go dtí an 25 Meitheamh 2025, agus 1 255 iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go dtarlódh scor do ghníomhaíocht 200 oibrí iomarcach nó daoine féinfhostaithe ar a laghad le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar atá lonnaithe i mBallstát; de bhrí, maidir leis na 1 255 iomarcaíocht ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht roimh an tréimhse thagartha 4 mhí nó ina diaidh, gur féidir nasc cúisíoch soiléir a dhéanamh leis an teagmhas a spreag deireadh le gníomhaíocht do na hoibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán CED;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur chomhdaigh KTM le haghaidh dócmhainneachta an 29 Samhain 2024 agus gur formheasadh plean athstruchtúraithe an 25 Feabhra 2025; de bhrí gur cúis imní iad cinntí áirithe ón gcuideachta maidir le dáileadh díbhinní in 2021 agus 2024 agus tairbhe á baint aici as státchabhair phoiblí le linn phaindéim COVID-19;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur thug an Ostair le fios go bhfuil Seirbhís Phoiblí Fostaíochta na hOstaire Uachtaraí agus Cúige na hOstaire Uachtaraí ag soláthar réamh-mhaoiniú agus cómhaoiniú náisiúnta na mbeart;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus sa reachtaíocht náisiúnta maidir le comhiomarcaíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais mhargadh an tsaothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa sa mhargadh saothair, agus oiliúint scileanna á tairiscint dóibh chun a rochtain ar riachtanais mhargadh an tsaothair amach anseo a éascú, agus iad á n-ullmhú don aistriú glas agus digiteach;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018)<FOOTNOTE><FIELD> Airteagal 8 de Rialachán CAI.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go léiríonn athlonnú gníomhaíochtaí monaraíochta lasmuigh den Aontas le déanaí gur gá iomaíochas agus athléimneacht thionscal na hEorpa sa mhargadh domhanda a neartú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán CED agus go háirithe in Airteagal 4(2), pointe (a) de, comhlíonta agus go bhfuil an Ostair i dteideal EUR 1 806 624 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán EUR 3 011 040, a chuimsíonn EUR 2 895 120 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 115 920 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á thabhairt dá haire gur chuir údaráis na hOstaire an t-iarratas isteach an 15 Meán Fómhair 2025, agus, tar éis don Ostair faisnéis bhreise a fháil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 6 Feabhra 2026 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an 11 Feabhra 2026; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an t-am a ghiorrú idir iarratas ar chúnamh CED a thíolacadh agus an cinneadh maoiniúcháin, agus cearta Pharlaimint na hEorpa mar bhrainse amháin den údarás buiséadach á gcoimirciú go hiomlán ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 1 488 n-oibrí a ndearna imeachtaí dócmhainneachta KTM difear dóibh, arbh iad an líon is mó riamh san Ostair Uachtarach; á thabhairt dá haire, thairis sin, go mbeidh 420 oibrí iomarcacha san iomlán ina dtairbhithe spriocdhírithe agus go bhfuiltear ag dréim leis go nglacfaidh siad páirt sna bearta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á thabhairt dá haire gurbh é KTM an táirgeoir gluaisrothar ba mhó san Aontas agus an fhochuideachta ba mhó de Pierer Mobility AG; á chur in iúl gur oth léi gur chinn an mháthairchuideachta táirgeadh a aistriú go dtí an tSín agus an India i mí na Nollag 2023 mar gheall ar dhálaí iomaíocha éagóracha; á thabhairt dá haire go raibh roinnt iomarcaíochtaí tosaigh mar thoradh air sin a chuir deireadh le 300 post agus gur thug na caillteanais díolacháin a d’eascair as sin ar KTM laghduithe costais a dhéanamh, lena n-áirítear níos mó ná 500 oibrí a leagan as le linn 2024;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh ar an máthairchuideachta tús a chur le próiseas athstruchtúraithe agus, le linn an chéad dúnta táirgeachta de chuid KTM in 2025, gur cuireadh os cionn 750 fostaí breise ar iomarcaíocht; á thabhairt dá haire gur sholáthair an t-infheisteoir Bajaj Auto International Holdings B.V. na hacmhainní ba ghá chun a áirithiú go raibh KTM in ann leanúint de bheith ann an 22 Bealtaine 2025, lenar seachnaíodh féimheacht KTM, agus lenar ceadaíodh tús a chur le táirgeadh arís i mí Iúil 2025 agus srian á chur leis an gcaiteachas ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh KTM ar cheann de na brandaí gluaisrothar is rathúla san Eoraip tráth, go raibh sé ina fhostóir suntasach agus ina cholún eacnamaíoch criticiúil de go leor soláthróirí i gceantar Braunau san Ostair Uachtarach; á thabhairt dá haire, dá réir sin, gur tháinig méadú 37,1 % ar an dífhostaíocht sa cheantar sin i mí na Samhna 2024, i gcomparáid leis an mí céanna den bhliain roimhe sin; á thabhairt dá haire gur shroich an dífhostaíocht an leibhéal is airde riamh i gceantar Braunau in 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú, i gcomhaontú leis na comhpháirtithe sóisialta, gurb iad na bearta seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar do na hoibrithe: bainistiú cáis; gairmthreoir agus treoshuíomh; oiliúint agus athoiliúint; cuardach poist réamhghníomhach; liúntais oiliúna; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé poist ardcháilíochta atá dírithe ar an todhchaí a chothú chun athléimneacht fhadtéarmach eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá dlúthchomhar le gnólachtaí agus fostóirí réigiúnacha chun a áirithiú go bhfreagróidh cláir oiliúna agus athcháiliúcháin do riachtanais nithiúla mhargadh an tsaothair agus go n-éascófar ath-imeascadh tapa oibrithe iomarcacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú gur ionstraim dlúthpháirtíochta agus aistrithe chóir é CED agus cé go gcuireann sé tacaíocht ar fáil tar éis caillteanais post, nach féidir leis teacht in ionad beartas tionsclaíoch réamhghníomhach; á chur i bhfáth nach mór é a bheith ina phríomhchúram ag an Aontas cosc a chur ar dhúnadh den sórt sin ar an gcéad dul síos trí na dálaí a chruthú chun táirgeadh tionsclaíoch a choinneáil iomaíoch, agus ag an am céanna infheistíocht a dhéanamh i scileanna d’oibrithe ardcháilithe agus d’oibrithe tionsclaíocha araon; á chur i bhfios go láidir an gá le tacaíocht shonrach a sholáthar atá saincheaptha do próifílí oibrithe a bhfuil leibhéil ísle oideachais acu, agus bearta á nglacadh chun féimheachtaí a laghdú agus aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí sóisialta as a dtagann eisiamh ón lucht saothair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth go n-áiritheoidh údaráis na hOstaire infheictheacht an chistithe ón Aontas agus go leagfaidh siad béim ar a bhreisluach trí fhaisnéis éifeachtach agus spriocdhírithe a chur ar fáil do thairbhithe, d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, do chomhpháirtithe sóisialta agus don phobal i gcoitinne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh go ndéanfar meastóireachtaí críochnúla deiridh ar na bearta a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear faisnéis shoiléir faoin gcaoi ar úsáideadh na cistí agus i dtaobh cé acu ar caitheadh iad i gcomhréir leis na pleananna formheasta nó nár caitheadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thosaigh an Ostair ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do thairbhithe agus ar chaiteachas riaracháin a thabhú chun CED a chur chun feidhme an 1 Márta 2025 agus, dá bhrí sin, go dtosóidh an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta sin agus go mairfidh sí, faoi seach, go dtí 24 mhí ina dhiaidh sin agus go dtí 31 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á thabhairt dá haire gur thug údaráis na hOstaire dearbhú go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe sa rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ina gcur chun feidhme, agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á athdhearbhú nach ceadmhach cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag treorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón Ostair - EGF/2025/005 AT/KTM</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2026/850.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>