<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0104</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Global Gateway -– na tionchair roimhe seo agus an treo don todhchaí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0045/2026 -  Rapóirtéirí:Chloé Ridel, Hildegard Bentele)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2026 maidir le Global Gateway ‑ na tionchair roimhe seo agus an treo don todhchaí (2025/2073(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 208 agus 322(1) de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas comhpháirteach an 30 Meitheamh 2017 ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún dar teideal ‘The New European Consensus on Development – Our world, our dignity, our future’ [An Comhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – ‘Ár ndomhan, ár ndínit, ár dtodhchaí’]<FOOTNOTE><FIELD> IO C 210, 30.6.2017, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil agus don nasc idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin mar a d’fhormhuinigh an Chomhairle agus an Coimisiún é,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009<FOOTNOTE><FIELD> IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (Rialachán ICFCI – An Eoraip Dhomhanda),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 330, 20.9.2021, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1529/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘EU Gender Action Plan (GAP) III – An ambitious agenda for gender equality and women’s empowerment in EU external action’ [Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (GAP) – Clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais] (JOIN(2020)0017),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le straitéis AE le haghaidh comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (JOIN(2021)0024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal ‘The Global Gateway’ (JOIN(2021)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 2 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal 'Building sustainable international partnerships as a Team Europe' [Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta inbhuanaithe a chothú mar Fhoireann na hEorpa](JOIN(2024)0025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas (2020-2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a thábhachtaí atá sé d’fhorbairt eacnamaíoch chuimsitheach, inbhuanaithe agus chothrom,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéis sláinte domhanda an Aontais,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí<FOOTNOTE><FIELD> IO L 201, 3.8.2010, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/427/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do nóta ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2022 maidir le socruithe oibre i dtaca le rialachas Global Gateway,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 21 Meitheamh 2024 maidir leis an meastóireacht mheántéarma ar ionstraim ICFCI-an Eoraip Dhomhanda, agus an 21 Samhain 2023 maidir le cur chuige Fhoireann na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2025 maidir le cur chun feidhme straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Eoraip Dhomhanda (COM(2025)0551),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuairim 03/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a ghabhann leis an meastóireacht ón gCoimisiún ar an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, a foilsíodh an 12 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 17/2025 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2025 dar teideal ‘EU aid for trade to least developed countries – Needs are being tackled, but EU funding is not on track to meet 2030 target’ [Cabhair an Aontais don trádáil do na tíortha is lú forbairt — Táthar ag dul i ngleic le riachtanais, ach níl cistiú an Aontais ar an mbóthar ceart chun sprioc 2030 a bhaint amach],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD), a tháinig i bhfeidhm san Aontas an 22 Eanáir 2011, i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rún 70/1 ó na Náisiúin Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal ‘Transforming our World: the 2030 Agenda for Sustainable Development’ (clár oibre 2030), arna ghlacadh ag Cruinniú Mullaigh de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe i Nua-Eabhrac agus lena mbunaítear spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Pháras, a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, go háirithe a fhorálacha a bhaineann le hoiriúnú, athléimneacht agus tacaíocht do na tíortha is leochailí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na conclúidí ón Dara Cruinniú Mullaigh Domhanda um Fhorbairt Shóisialta, a tionóladh in Doha ón 4 go dtí an 6 Samhain 2025, inar athdhearbhaíodh an tábhacht lárnach a bhaineann le forbairt shóisialta, le cosaint shóisialta uilíoch agus leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an neamhionannais mar cholúin bhunriachtanacha den fhorbairt inbhuanaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chreat na Náisiún Aontaithe maidir le Comhar um Fhorbairt Inbhuanaithe mar phríomhionstraim phleanála agus cur chun feidhme ar leibhéal na tíre do ghníomhaíochtaí forbartha na Náisiún Aontaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa maidir le Maoiniú don Fhorbairt, a glacadh ag an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta, a tionóladh in Addis Ababa, an Aetóip, ón 13 go dtí an 16 Iúil 2015, agus do Dhoiciméad Toraidh Gealltanais Sevilla, a glacadh ag an gCeathrú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta, a tionóladh in Sevilla, an Spáinn ón 30 Meitheamh go dtí an 3 Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dréachtmheabhrán tuisceana idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Theas maidir le comhpháirtíocht um thrádáil agus infheistíocht ghlan, a síníodh an 20 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Theas lena mbunaítear comhpháirtíocht straitéiseach maidir le slabhraí luacha mianraí agus miotal inbhuanaithe, a síníodh an 20 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún an 21 Eanáir 2021 uaithi maidir le nascacht agus an caidreamh idir AE agus an Áise<FOOTNOTE><FIELD> IO C 456, 10.11.2021, lch. 117.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá rún an 24 Samhain 2022 ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt sa todhchaí<FOOTNOTE><FIELD> IO C 167, 11.5.2023, lch. 57.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Nollaig 2023 ar chur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/4163, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4163/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Eanáir 2024 ar impleachtaí slándála agus cosanta thionchar na Síne ar bhonneagar criticiúil san Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5719, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5719/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Eanáir 2024 maidir le straitéis chuimsitheach Eorpach maidir le calafoirt a fhorbairt<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/5716, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5716/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4388, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4388/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 2 Aibreán 2025 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2025/4390, 9.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4390/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 6 Bealtaine 2025 ar rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2026/574, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/574/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh uaithi an 7 Bealtaine 2025 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn III – An Coimisiún, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus an naoú, an deichiú agus an t-aonú Ciste Forbraíochta Eorpach déag<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0077.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 9 Iúil 2025 maidir le cur chun feidhme agus baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i bhfianaise Fhóram Polaitiúil Ardleibhéil 2025<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0159.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Fhorbairt faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Fhorbairt (A10-0045/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gur bunaíodh an straitéis Global Gateway an 1 Nollaig 2021 agus é mar aidhm léi a bheith ina creat suaitheanta de chuid an Aontais le haghaidh nascacht inbhuanaithe agus infheistíocht dhomhanda, agus mar mhalairt ar Thionscnamh Creasa agus Bóthair na Síne, agus ailíniú a dhéanamh le cuspóir níos leithne an chomhphobail idirnáisiúnta rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a ghiaráil chun maoiniú forbartha a ardú ó ‘bhilliúin go trilliúin’ chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe is costasaí de SDGanna; de bhrí gur straitéis agus tionscnamh beartais í, agus nach ionstraim ná rialachán atá inti féin; de bhrí go mbaineann Global Gateway leas as an ollstruchtúr airgeadais do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe beartas agus buiséad an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus go sonrach ionstraim NDICI-an Eoraip Dhomhanda, dá chreat dlíthiúil agus dá chistiú dlíthiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, i dtimpeallacht ina bhfuil iomaíocht agus éiginnteacht gheopholaitiúil méadaithe anois, go ndéanfar leis an straitéis Global Gateway, má chuirtear i bhfeidhm agus má chuirtear i láthair i gceart í, seasamh geopholaitiúil agus infheictheacht gheopholaitiúil an Aontais a mhéadú ar an leibhéal domhanda trí bhorradh a chur faoi naisc chliste, ghlana agus shlána idir an tAontas agus a chomhpháirtithe i réimsí na dteicneolaíochtaí digiteacha, an fhuinnimh agus an iompair agus trí chórais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain, faoi chuimsiú Chlár Oibre 2030 agus na SDGanna ábhartha, chomh maith le hiomaíochas tionsclaíoch na hEorpa a athbhunú, a spleáchais in earnálacha criticiúla a laghdú agus tionchar méadaitheach na Síne a fhrithchothromú;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go bhfuil na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus tíortha agus críocha thar lear (TCTLanna) lonnaithe gar do limistéir straitéiseacha chun tionscadail Global Gateway a fhorbairt; de bhrí go mbíonn tionchar dearfach ag forbairt na limistéar sin ar shábháilteacht agus rathúnas na réigiún is forimeallaí agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nár cheart do chistiú ón Aontas faoi Global Gateway tairbhe a dhéanamh d’eintitis a bhaineann an bonn ó leasanna slándála agus eacnamaíocha na hEorpa, lena n-áirítear cuideachtaí faoi smachtbhannaí an Aontais, fiontair atá faoi úinéireacht nó rialú stáit ar iomaitheoirí sistéamacha iad, nó oibritheoirí atá páirteach i sárú smachtbhanna, aistrithe dé-úsáide chuig an Rúis nó gníomhaíochtaí naimhdeacha eile; de bhrí gur cheart go mbraithfeadh rannpháirtíocht i dtionscadail Global Gateway ar chomhlíonadh iomlán bhearta sriantacha an Aontais agus ar iarrachtaí intaofa chun sárú a chosc;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil tionchar geopholaitiúil agus an cumas comhpháirtíochtaí fadtéarmacha a thabhairt i gcrích ar mhaithe leis an leas frithpháirteach ag brath den chuid is mó ar neart eacnamaíoch, ar rochtain ar mhargaí agus ar acmhainneacht institiúideach, chomh maith le treochláir a chomhaontaítear go frithpháirteach; de bhrí gur cheart comhpháirtíocht agus infheistíochtaí Global Gateway a bheith ag brath ar chómhalartacht agus ar shochar agus leas frithpháirteach, soiléir agus nithiúil; de bhrí go mbeidh gá le réitigh nua atá oiriúnaithe do chomhthéacsanna sonracha chun athrú ó chaidrimh deontóra-faighteora go comhpháirtíochtaí infheistíochta comhthairbheacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go gcruthaíonn idirspleáchas i slabhraí digiteacha, fuinnimh agus soláthair deiseanna agus leochaileachtaí araon don Aontas; de bhrí go gcuireann rannpháirtíocht éifeachtach na hearnála príobháidí agus cur chun feidhme tionscadal, maoiniú leormhaith, agus comhordú láidir le comhpháirtithe, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, le hinchreidteacht an Aontais mar ghníomhaí domhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur chun leasa an Aontais é forbairt shóisialta, eacnamaíoch, dhaonna agus chomhshaoil a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí leis an tsochaí shibhialta, taidhleoireacht fheabhsaithe agus comhar gnó;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gurb é is príomhchuspóir do chomhar an Aontais um fhorbairt, mar a leagtar síos in Airteagal 208 CFAE, an bhochtaineacht a laghdú agus a dhíothú go fadtéarmach, lena n-éilítear infheistíocht san oideachas, i gcruthú post, sa tsláinte agus sa chosaint shóisialta, i measc réimsí eile, agus comhar maidir leo, chun a áirithiú go mbainfear amach Clár Oibre 2030 agus na SDGanna, agus leasanna geopholaitiúla an Aontais á gcosaint agus á gcur chun cinn ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go bhfuil spriocanna cainníochtúla sainithe go soiléir ag ICFCI-an Eoraip Dhomhanda don fhorbairt dhaonna, don chomhionannas inscne agus don ghníomhú ar son na haeráide; de bhrí go ngeallann Global Gateway ardchaighdeáin a chaomhnú maidir le cearta an duine, cearta sóisialta agus cearta oibrithe agus trédhearcacht, comhpháirtíochtaí comhionanna a chruthú seachas spleáchais, agus clár oibre infheistíochta daonlathach a thairiscint;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn infheistíochtaí inbhuanaithe atá bunaithe ar luach i dtíortha comhpháirtíochta le cobhsaíocht agus slándáil dhomhanda; de bhrí go bhfuil 23 % de dhaonra an domhain ina gcónaí i gcomhthéacsanna leochaileacha; de bhrí go bhfuil sé fós chun leas straitéiseach an Aontais ionstraimí sonracha a úsáid chun dul i dteagmháil le stáit leochaileacha atá buailte ag coinbhleacht, lena n-áirítear trí Global Gateway; de bhrí gur féidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus tionscadail bhonneagair sna tíortha sin a bheith rathúil agus tionchar dearfach suntasach a bheith acu má dheartar mar is ceart iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí gurb ionann anois an bhearna infheistíochta SFI i dtíortha i mbéal forbartha agus USD 4 thrilliún in aghaidh na bliana; de bhrí go dtugann tiomantas na hearnála príobháidí do na SFInna an deis méid na ngníomhaíochtaí forbartha agus a n-inbhuanaitheacht a mhéadú trí phoist a chruthú, fás eacnamaíoch a spreagadh agus bochtaineacht a dhíothú;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas agus a Bhallstáit 0.7 % dá n-ollioncam náisiúnta a chaitheamh ar chúnamh oifigiúil forbraíochta (COF) arb é is aidhm dó forbairt eacnamaíoch agus leas tíortha i mbéal forbartha a chur chun cinn; de bhrí nár cheart do bhreithnithe geopholaitiúla prionsabail éifeachtacht na forbartha a shárú ná tosaíochtaí na dtíortha comhpháirtíochta a shaobhadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí nach féidir torthaí marthanacha a bhaint amach gan gealltanas ó thíortha comhpháirtíochta an fhorbairt dhaonlathach a neartú san fhadtéarma;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil rath Global Gateway ag brath ar chur chuige Fhoireann na hEorpa, a bhfuil iarracht déanta aige le 3 bliana anuas úinéireacht, tiomantas agus guth níos aontaithe an Aontais a léiriú ar fud an domhain; de bhrí go bhféadfaí coincheap Fhoireann na hEorpa a fheabhsú tuilleadh maidir le clársceidealú comhpháirteach, dearadh tionscadal, rialachas, cinnteoireacht agus cuimsiú geallsealbhóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur sainaithníodh roinnt tionscadal suaitheanta de chuid Global Gateway cheana féin mar thosaíochtaí faoi Chomhpháirtíocht G7 le haghaidh Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí go bhfuil pleananna comhpháirtíochta náisiúnta bunaithe ag roinnt Ballstát; de bhrí go moltar do na Ballstáit dea-chleachtas a roinnt;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí gur chuir an Pharlaimint in iúl gur geal léi Global Gateway mar fhreagairt chomhbheartaithe ón Aontas ar dhúshláin dhomhanda, agus ag an am céanna gur chuir sí in iúl go bhfuil easnaimh ina rialachas, lena n-áirítear ailíniú le tosaíochtaí na dtíortha comhpháirtíochta, tionchar, rannpháirtíocht agus trédhearcacht na ngeallsealbhóirí, chomh maith le heaspa tuairiscithe rialta ar thionchar na dtionscnamh suaitheanta; de bhrí nach leagtar síos próiseas cinnteoireachta Global Gateway sa dlí ach go rialaítear é le nósanna imeachta inmheánacha an Choimisiúin agus le cinntí na Comhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí gur cheart don Pharlaimint a tionchar iomlán a fheidhmiú ina ról grinnscrúdaithe dhaonlathaigh i mbeartas agus rialachas Global Gateway, chomh maith le cuntasacht a áirithiú i meastóireacht tionscadal;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí, laistigh den straitéis Global Gateway reatha, nach bhfuil aon ról gníomhach ag comhlachtaí tofa i dtíortha is faighteoirí, lena n-áirítear parlaimintí, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus saineolaithe neamhspleácha, sa chinnteoireacht ná san fhaireachán agus i gcuntasacht a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gur beag rochtain atá ag an bpobal ar fhaisnéis faoi thionscadail Global Gateway;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí go bhféadfadh spriocanna agus uirlisí faireacháin agus meastóireachta níos fearr cabhrú le measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na dtionscadal le cuspóirí forbartha agus tionchair dhíobhálacha a chosc i dtíortha is faighteoirí;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Stocáireamh, cuspóirí straitéiseacha agus fís</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á mheabhrú gur coincheap geopholaitiúil straitéiseach é tionscnamh Global Gateway lena gcomhtháthaítear beartais maidir le comhar eachtrach, eacnamaíoch agus forbartha, lena n-áirítear rannpháirtíocht an Aontais i gcosaint na haeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, sa chlaochlú digiteach, agus in earnálacha na sláinte, an taighde, an oideachais agus an iompair, arb é is aidhm dó comhpháirtíochtaí fadtéarmacha, straitéiseacha, comhthairbheacha a bhunú d’fhonn slabhraí soláthair inbhuanaithe agus athléimneacht a thógáil agus a dhaingniú san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta araon, go háirithe trí rannpháirtíocht níos láidre ón earnáil phríobháideach; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh tionscnamh Global Gateway ina straitéis fhadtéarmach bunaithe ar shamhail uile-rialtais; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an t-athrú ó shamhail an deontóra-faighteora i dtreo comhpháirtíochtaí ar bhonn cothrom; á chur i bhfáth gur cheart díriú ar infheistíochtaí cliste i mbonneagar ardcháilíochta, ag urramú ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil, agus iad a ailíniú le leasanna agus luachanna an Aontais, lena n-áirítear an smacht reachta, cearta an duine agus noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha; á chur i bhfáth go bhfuil comhordú le hinstitiúidí idirnáisiúnta, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí agus cumarsáid straitéiseach shaincheaptha, lena n-áirítear i dtíortha is faighteoirí, bunriachtanach chun go mbainfidh an ionstraim an scála inmhianaithe amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur chruthaigh dúshláin gheostraitéiseacha nua amhail cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tionchar agus teanntás méadaitheach na Síne agus na Rúise, deireadh le Gníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID) agus ciorruithe breise ar COF, lena n-áirítear i roinnt Ballstát san Aontas, bearnaí suntasacha maoinithe i soláthar seirbhísí poiblí bunriachtanacha; á chur i bhfáth nach mór do ghníomhaithe bheartas eachtrach agus slándála agus forbartha an Aontais úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní ganna agus comhordú níos fearr a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí chun giaráil, láithreacht, tionchar agus infheictheacht an Aontais ar fud an domhain a mhéadú trí bhíthin infheistíochtaí a théann chun tairbhe don dá thaobh, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta, comhionannas agus slite beatha na bpobal áitiúil a fheabhsú agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na SFInna a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil an cumas ag an straitéis Global Gateway infheistíochtaí inbhuanaithe Eorpacha a chomhlánú, a éascú agus a neartú ar fud an domhain, ar infheistíochtaí iad a thugann deis do thíortha comhpháirtíochta a dtionscail a fhorbairt agus breisluach agus poist fiúntacha áitiúla a chruthú, agus rochtain a thabhairt do na tíortha sin ar phríomh-mhargaí san Aontas; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis na comhpháirtíochtaí fadtéarmacha a thairgeann an tAontas faoi Global Gateway fíorthairiscint mhalartach a chruthú do thíortha comhpháirtíochta maidir lena gcuspóirí forbartha agus eacnamaíocha agus, ag an am céanna, rannchuidiú le spriocanna uileghabhálacha an Aontais maidir le hiomaíochas, athléimneacht, éagsúlú agus uathriail straitéiseach chomh maith le spriocanna idirnáisiúnta a comhaontaíodh go comhpháirteach a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire thoil pholaitiúil Uachtarán an Choimisiúin an straitéis Global Gateway a leathnú le linn théarma reachtach 2024-2029; ag tabhairt dá haire gur fhormhuinigh an Chomhairle breis agus 250 tionscadal suaitheanta ó 2022 i leith; ag tabhairt dá haire freisin gur slógadh EUR 306 billiún faoi dheireadh 2024 de réir staidreamh an Choimisiúin; á chur in iúl gur saoth léi an easpa soiléireachta agus trédhearcachta maidir leis an teist chistiúcháin agus an chaoi ar thángthas ar an bhfigiúr EUR 306 bhilliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur leanadh cur chuige ró-láraithe, ó bharr anuas, i ndáil le roghnú tionscadal; ag tabhairt dá haire go bhfuil an coincheap agus na critéir le haghaidh tionscadail Global Gateway fós doiléir; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt do shamhail ina ndéantar an t-éileamh i dtíortha comhpháirtíochta a mheaitseáil le tairiscintí ó ghnólachtaí Eorpacha, i gcomhréir le cuspóirí eachtracha, eacnamaíocha agus forbartha an Aontais, agus le gealltanais idirnáisiúnta, go háirithe Clár Oibre 2030 agus Comhaontú Pháras;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil an straitéis Global Gateway bunaithe ar Rialachán NDICI-an Eoraip Dhomhanda; ag cur sonrú, thairis sin, sa togra ón gCoimisiún maidir leis an ionstraim nua don Eoraip Dhomhanda agus ag tabhairt dá haire nár thapaigh sé an deis aon fhorálacha substainteacha códúcháin maidir le Global Gateway a chur san áireamh; ag cur in iúl thoilteanas na Parlaiminte mar chomhreachtóir teacht suas le tograí soiléirithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór do Global Gateway leanúint de bheith fréamhaithe i bpríomhchuspóir chomhar um fhorbairt an Aontais, eadhon an bhochtaineacht a laghdú agus deireadh fadtéarmach a chur léi;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach cothromaíocht a áirithiú idir cistiú COF agus cistiú neamh-COF, agus á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhordú le hionstraimí agus beartais neamhfhorbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún a chur in iúl an gcomhlíonann tionscadail Global Gateway critéir COF;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíochtaí soiléire agus trédhearcacha a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar thionchar forbartha idirghabhálacha Global Gateway arna gcistiú ó COF an Aontais agus a bhfuil gníomhaithe earnáil phríobháideach an Aontais rannpháirteach iontu, agus ar a n-incháilitheacht maidir le critéir Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta; á chur i bhfáth gur cheart modheolaíochtaí den sórt sin a chomhlánú le measúnuithe ar ábharthacht straitéiseach, agus nascacht agus comhintinn iontaofa, athléimneacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach tionscadal á gcur san áireamh, agus á iarraidh go ndéanfaí tuairisciú rialta don Pharlaimint ar bhealach a léiríonn cuspóirí défhorbartha agus geopholaitiúla Global Gateway;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé faireachán agus meastóireacht níos córasaí a dhéanamh ar thionchair thionscadail Global Gateway chun cuntasacht, trédhearcacht agus éifeachtacht an tionscnaimh a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach amháin go bhfuil infheistíochtaí i gcumhachtú na mban agus i gcaipiteal sóisialta i gcomhréir le luachanna an Aontais ach go bhfuil siad brabúsach go heacnamaíoch freisin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur chuige inscne-fhreagrúil a chur i bhfeidhm i gclársceidealú Global Gateway, chun a áirithiú go rannchuideoidh infheistíochtaí le comhionannas inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, maidir leis an rogha a leagtar amach in Airteagal 12(2) de Rialachán ICFCI-an Eoraip Dhomhanda maidir le clársceidealú agus cur chun feidhme comhpháirteach idir an Coimisiún agus na Ballstáit, nár cuireadh í i bhfeidhm go rathúil agus gur cuireadh comhar níos scaoilte Fhoireann na hEorpa ina háit; á iarraidh go ndéanfaí an riachtanas clársceidealaithe chomhpháirtigh sin a chomhtháthú san ionstraim um an Eoraip Dhomhanda a bheidh ann amach anseo agus go gcuirfear i bhfeidhm go leormhaith í, mar a iarrann páirtithe leasmhara Global Gateway go comhsheasmhach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chreat Fhoireann na hEorpa, lena n-áirítear tionscnaimh Fhoireann na hEorpa, lena gcuirfear faisnéis ar fáil maidir le stádas reatha a ndul chun cinn, na gníomhaithe lena mbaineann, a maoiniú agus a bpríomhthorthaí forbartha;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tábhacht gheopholaitiúil na straitéise Global Gateway </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh go neartódh an tAontas a sheasamh straitéiseach, a chomhpháirtíochtaí agus a chreidiúnacht dhomhanda trí rogha inbhuanaithe, thrédhearcach agus dhaonlathach a thairiscint, tríd an straitéis Global Gateway, ar shamhlacha agus ar thionscnaimh bhonneagair iomaíocha, ailínithe le luachanna bunúsacha an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, Global Gateway a chur chun cinn go héifeachtach agus go tapa mar rogha mhalartach inbhuanaithe ar thionscnaimh ionsaitheacha iomaitheoirí amhail an tSín agus an Rúis, ar minic a bhíonn éifeachtaí diúltacha tromchúiseacha ag a dtacaíocht san fhadtéarma, lena n-áirítear spleáchas ollmhór ar fhiachas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cur chuige uathúil 360 céim Global Gateway, lena gcomhlánaítear infheistíochtaí le tacaíocht chun an smacht reachta a neartú i dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear neamhspleáchas breithiúnach agus bearta frithéillithe, agus d’institiúidí cuntasacha agus daonlathacha, agus ar an gcaoi sin lena n-áirithítear go mbeidh fíorthionchar ag tionscadail arna maoiniú ag an Aontas agus go mbeidh siad ailínithe le luachanna bunúsacha an Aontais agus leis na SFInna, agus le timpeallacht rialála chumasúcháin a fhorbairt i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le creataí comhshaoil, sóisialta agus rialachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go mbraitheann éifeachtacht Global Gateway ar a fhreagrúlacht d’fhíorthosaíochtaí na dtíortha comhpháirtíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh tionscnaimh Global Gateway chomh cuimsitheach agus chomh cuntasach agus is féidir, go ndearfar iad i gcomhpháirt le geallsealbhóirí áitiúla agus go mbeidh siad ailínithe le straitéisí forbartha náisiúnta agus réigiúnacha na dtíortha comhpháirtíochta i gcomhréir le prionsabal úinéireacht na dtíortha; á thabhairt chun suntais gur gá idirphlé beartais, infheistíocht, comhar um fhorbairt agus gníomhaíocht taidhleoireachta a nascadh chun comhleanúnachas straitéiseach agus tionchar marthanach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún tionscadail Global Gateway a dhearadh chun comhlántacht agus ailíniú láidir a áirithiú le tionscnaimh lena gcuirtear ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus iltaobhachas chun cinn i bhfianaise foirmiú bloc agus teannas méadaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhordú níos doimhne ann le comhpháirtithe atá ar aon intinn agus atá toilteanach seasamh leis na prionsabail thuasluaite agus ag féachaint lena gcaidreamh a éagsúlú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha, ag dul níos faide ná comhaontuithe idirbheartaíochta, agus ag an am céanna a bheith comhoiriúnach le leasanna straitéiseacha an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a chosnaíonn sé in G7, in G20 agus sna Náisiúin Aontaithe, d’fhonn an tionchar comhchoiteann a uasmhéadú agus caighdeáin chomhleanúnacha, maoiniú agus cur chun feidhme tionscadal a áirithiú, i dtimpeallacht gheopholaitiúil iomaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí go bhfuil roinnt tionscadal Global Gateway á gcur chun feidhme ag cuideachtaí Síneacha de shárú díreach ar chuspóir an tionscnaimh, is é sin rogha mhalartach ar an Tionscnamh Creasa agus Bóthair a chur ar fáil agus fíorluach náisiúnta a chruthú i dtíortha comhpháirtíochta; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí imscrúdú láithreach ar rannpháirtíocht na gcuideachtaí Síneacha go léir atá páirteach in Global Gateway;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú go gcuireann bunphrionsabal an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt, a chumhdaítear in Airteagal 208(1) CFAE, d’oibleagáid ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cuspóirí an chomhair um fhorbairt a chur san áireamh i ngach beartas ar dócha ar beartais iad a dhéanfaidh difear do thíortha i mbéal forbartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á iarraidh go mbeadh ailíniú níos éifeachtaí ann idir an straitéis Global Gateway agus comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe; ag iarraidh ar an Aontas úsáid níos mó a bhaint as a neart normatach, agus an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus forbairt inbhuanaithe á leabú aige mar bhunchlocha faoi gach tionscadal Global Gateway, agus breisíocht á áirithiú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur i bhfáth go rannchuidíonn neartú na cobhsaíochta agus na slándála i dtíortha comhpháirtíochta le deiseanna eacnamaíocha, athléimneacht agus forbairt inbhuanaithe fhadtéarmach a chothú, agus ar an gcaoi sin dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce neamhrialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhtháthú an chláir oibre maidir le comhtháthú beartais ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe in Global Gateway an Aontais bunriachtanach le haghaidh cur chuige forbartha comhtháite inbhuanaithe agus geo-eacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tosaíocht d’infheistíochtaí i bhfuinneamh, in amhábhair chriticiúla agus san aistriú glas, chun spleáchas an Aontais ar iomaitheoirí eachtracha a laghdú, lena n-áirítear i ngréasáin fuinnimh in-athnuaite, i gconairí hidrigine glaine, agus in iompar inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin forbairt inbhuanaithe dhomhanda agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais araon a neartú; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh ceannasacht dhigiteach fheabhsaithe agus nascacht iontaofa ann, agus caighdeáin dhigiteacha dhaonlathacha á gcur chun cinn ag an am céanna ar an leibhéal domhanda;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá infheistíochtaí Global Gateway a ailíniú le próisis díchill chuí an Aontais atá ann cheana agus a bheith oscailte agus tairbheach do ghníomhaithe margaidh áitiúla agus réigiúnacha agus don tsochaí shibhialta, agus cabhrú le bearnaí bonneagair agus neamhionannais a dhúnadh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an mbochtaineacht dhigiteach agus fuinnimh, go háirithe i gceantair thuaithe agus fhorimeallacha, lena n-áiritheofar go mbeidh na tairbhí a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus táirgeadh mianraí, amhail ioncam agus poist, le brath ag pobail áitiúla agus ag tíortha is táirgeoirí; á iarraidh go ndéanfadh tíortha comhpháirtíochta na bearnaí sin a shainaithint i gcomhairle le fiontair áitiúla, le pobail agus le gníomhaithe na sochaí sibhialta; á chur i bhfáth nach mór cruthú luacha áitiúil a bheith ag gabháil leis na tionscadail sin agus prionsabail na hinrochtaineachta agus an deartha uilíoch a n-urramú do chách chun a áirithiú nach gcruthóidh bonneagar bacainní nua agus go spreagfar cuimsiú iomlán daoine faoi mhíchumas sna suíomhanna is leochailí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart tionscadail fuinnimh Global Gateway a dhearadh le solúbthacht leordhóthanach chun freagairt do riachtanais theicneolaíocha agus mhargaidh atá ag athrú i dtíortha comhpháirtíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún sásraí a áireamh chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, infheistíochtaí a ath-leithdháileadh nó a choigeartú chun a áirithiú go leanfaidh tionscadail de bheith ábhartha, costéifeachtach, agus ailínithe le riachtanais fuinnimh athraitheacha na dtíortha comhpháirtíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór d’infheistíochtaí fuinnimh ghlais faoi Global Gateway a bheith íogair ó thaobh na coinbhleachta de agus bunaithe ar phrionsabail an rialachais acmhainní atá cóir agus trédhearcach, go háirithe i gcás ina bhfuil eastóscadh amhábhar criticiúil i gceist; á iarraidh go ndéanfaí faireachán ar thionchair dhíobhálacha chomhshaoil agus chearta an duine a d’fhéadfadh a bheith ann, agus ar an mbaol go gcuirfí leis an neamhionannas agus leis an gcoinbhleacht, lena n-áirítear i gcomhthéacsanna leochaileacha; á chur i bhfáth, go háirithe, go mbaineann sé sin le tionscadail mhóra bhonneagair amhail gléasraí cumhachta hibrideacha, tionscadail hidrigine, mianadóireacht litiam, lárionaid sonraí, leathnú calafort, aerfoirt agus conairí iompair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil neamhdheimhneacht an uisce níos mó is níos mó ina bagairt mhór ar dhearcthaí fáis eacnamaíoch i dtíortha comhpháirtíochta, ag tabhairt le fios go n-áirítear tionscadail agus beartais uisce in Global Gateway; á aithint go bhfuil forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe ag brath freisin ar dhobharlaigh shláintiúla, agus á iarraidh go ndéanfaí ‘gné ghorm’ a chomhtháthú go córasach in infheistíochtaí Global Gateway atá mar bhonn taca leis an tslándáil uisce, leis an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus leis an bhforbairt shocheacnamaíoch fhadtéarmach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag cur béim ar an acmhainneacht a chuirtear ar fáil le Global Gateway d’iarrachtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide, le hinfheistíochtaí lenar féidir rannchuidiú le creidmheasanna carbóin ardcháilíochta a ghiniúint i dtíortha comhpháirtíochta, lena mbainfear torthaí comhthairbheacha amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú ar a mhéid a leanann Global Gateway de bheith go hiomlán mar chuid den Chomhpháirtíocht um Bonneagar agus Infheistíocht Dhomhanda, gealltanas comhroinnte G7 chun tacú le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i mbonneagar inbhuanaithe, cuimsitheach, athléimneach agus ardcháilíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe ann le comhpháirtithe atá ar aon intinn d’fhonn gréasán athléimneach nascachta iontaofa a thógáil, go háirithe, ach ní go heisiach, comhpháirtithe amhail an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an tSeapáin, an Astráil, an Nua-Shéalainn, Poblacht na Cóiré, an India agus an Téaváin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhar agus comhordú leanúnach leis na Náisiúin Aontaithe agus lena ghníomhaireachtaí, a d’fhéadfadh feabhas a chur ar láithreacht dhomhanda an Aontais agus ar an gcaoi a mbraitear í thar lear; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún, in éineacht leis na Ballstáit trí Fhoireann na hEorpa, agus le gach comhpháirtí ábhartha eile de chuid Global Gateway atá ar aon intinn, cur le heolas áitiúil, saineolas teicniúil na Náisiún Aontaithe agus leis an ról atá aige maidir le timpeallacht chumasúcháin a chruthú, úinéireacht áitiúil a áirithiú, forbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus tacú le tíortha comhpháirtíochta córais athléimneacha a thógáil don tsláinte, don oideachas agus don chosaint shóisialta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar um fhorbairt</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á chur i bhfáth gurb iad an tAontas agus a Bhallstáit na soláthraithe COF is mó ar fud an domhain fós; á chur i bhfios go láidir gur sócmhainn eacnamaíoch mhór de chuid an Aontais é an cumas atá aige rochtain a sholáthar ar mhargadh inmheánach tarraingteach, agus ag an am céanna a bheith in ann réaltachtaí áitiúla a thuiscint agus a urramú chomh maith le freagairt do riachtanais maidir le forbairt dhaonna, cosaint an chomhshaoil agus cruthú post cuibhiúil áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag cur sonrú in acmhainneacht Global Gateway mar uirlis a bhfuil tionchar aici chun leas a bhaint as na cistí is gá chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, agus chun freagairt do leas go leor tíortha comhpháirtíochta in infheistíocht phríobháideach agus i gcomhtháthú domhanda slabhraí luacha áitiúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá leanúint de thacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta trí chomhar an Aontais um fhorbairt i gcomhthéacsanna nach freagra leordhóthanach ar a riachtanais í an straitéis Global Gateway; á chur i bhfáth go n-éilíonn comhthéacsanna leochaileacha agus comhthéacsanna ina bhfuil coinbhleacht aird ar leith agus cineálacha saincheaptha infheistíochta, amhail deontais agus gníomhaíocht chomhbheartaithe i measc gníomhaithe daonnúla, forbartha agus síochána, lena n-áirítear sna tíortha is lú forbairt, lena gcomhlánaítear nó lena dtéitear níos faide ná Global Gateway, agus béim ar leith á leagan ar dhul i dteagmháil le gníomhaithe áitiúla agus iad a chumhachtú; á iarraidh go mbeadh straitéis uaillmhianach ann le cur chuige duinelárnach i leith comhthéacsanna leochaileacha chun cothú na síochána a chur chun feidhme tríd an nasc idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, nár cheart COF traidisiúnta a atreorú ó na háiteanna is mó a bhfuil gá leis agus nach mór dó leanúint de bheith ina uirlis bhunriachtanach chun tacú le hearnálacha amhail cúram sláinte, oideachas, talmhaíocht áitiúil ar mhionscála, slándáil bia, cothú, uisce, tithíocht leormhaith agus cosaint shóisialta, ar réamhriachtanais iad do shochaithe cobhsaí, cuimsitheacha agus rathúla, agus gur cheart don Aontas feabhas a chur ar fhaireachán chun a áirithiú nach ndéanfar COF a atreorú chuig críoch choiriúil nó éillitheach; á chur i bhfios go láidir gur féidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí COF don fhorbairt dhaonna a chomhlánú ach nár cheart dóibh teacht ina ionad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach trí thionscadail Global Gateway chun ullmhacht dhomhanda i gcoinne bagairtí sláinte a neartú trí infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt acmhainneachtaí coisc, ullmhachta agus freagartha agus i dtionscnaimh inbhuanaithe monaraíochta áitiúla agus fothaithe acmhainneachta i dtíortha comhpháirtíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á aithint go mbraitheann líon suntasach tíortha comhpháirtíochta Global Gateway go mór ar an talmhaíocht mar phríomhfhoinse ioncaim, fostaíochta agus slándála bia; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear san áireamh in athbhreithnithe straitéiseacha agus measúnuithe cur chun feidhme Global Gateway amach anseo riachtanais shonracha agus acmhainneacht forbartha na hearnála talmhaíochta i dtíortha comhpháirtíochta; á aithint go bhfuil maoiniú tréan ón earnáil phoiblí, le tacaíocht ó ghealltanais mharthanacha deontóirí, bunriachtanach chun torthaí iomlánaíocha agus inbhuanaithe maidir le forbairt an duine a bhaint amach; á dhearbhú gur féidir róil chomhlántacha thábhachtacha a bheith ag infheistíocht phríobháideach agus ag maoiniú nuálach in éineacht le cistiú poiblí tréan, ach ní ina ionad sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth go dtugtar le tuiscint freisin leis an gcur chuige 360 céim go dtacófar le forbairt oideachais agus oiliúna, comhionannais agus cuimsitheachta, go háirithe maidir leis an óige agus comhionannas inscne; ag tabhairt dá haire go n-éilíonn sé sin idirghabhálacha cuimsitheacha beartais agus fothú acmhainneachta; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leis an Aontas, tríd an gcur chuige sin, cothrom iomaíochta a chruthú do ghnólachtaí Eorpacha, go háirithe i leith infheisteoirí eachtracha eile, agus ceanglais maidir le hábhar áitiúil á n-urramú ag an am céanna, tacú le riachtanais forbartha na dtíortha comhpháirtíochta agus infheictheacht Fhoireann na hEorpa a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tionscadail Global Gateway chun cearta leanaí a phríomhshruthú mar chuid de bhunphrionsabail an Aontais, lena n-áirithítear cosaint ar dhúshaothrú agus ar shaothar leanaí, chomh maith le cláir lena bhfeabhsaítear rochtain ar oideachas, ar shláinte agus ar chosaint shóisialta; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí comhdhlúite chun feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta i dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear fothú acmhainneachta chun tacú le hathchóirithe i réimsí amhail éascú infheistíochta, soláthar poiblí, beartas iomaíochta agus an timpeallacht ghnó fhoriomlán, agus tacaíocht do córais láidre chuntasaíochta; á chur i bhfáth gur tosca tábhachtacha iad bonneagar eacnamaíoch cobhsaí agus stát feidhmiúil iontaofa a thógáil agus acmhainneacht táirgeachta áitiúil a mhéadú chun deireadh fadtéarmach a chur leis an mbochtaineacht; á mheabhrú gur minic a bhíonn dúshláin airgeadaíochta agus leachtachta ann do chuideachtaí áitiúla mar gheall ar éagobhsaíocht sa ráta malairte agus inmhalartacht theoranta a n-airgeadraí, rud a d’fhéadfadh srian a chur lena rannpháirtíocht i dtionscadail idirnáisiúnta agus an bonn a bhaint dá gcobhsaíocht airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá an comhar acadúil agus eolaíoch mar cholún de chlár oibre digiteach agus nuálaíochta Global Gateway; á iarraidh ar an gCoimisiún Fís Eorpach, Erasmus+ agus cláir mhalartaithe dhomhanda a ghiaráil i sineirgíocht le tionscadail Global Gateway chun go mbeidh mic léinn éirimiúla in ann staidéar a dhéanamh san Eoraip agus an saineolas áitiúil i dtíortha comhpháirtíochta a mhéadú, agus borradh a chur faoi thaighde comhoibríoch, malartú eolais agus forbairt scileanna digiteacha; á chur i bhfios go láidir go neartódh cur chuige den sórt sin acmhainneachtaí oideachais agus taighde ar fud an domhain agus go n-áiritheofaí go mbeadh forbairt caipitil dhaonna agus aistriú teicneolaíochta ag gabháil le hinfheistíochtaí sa nascacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas a thionchar polaitiúil agus eacnamaíoch a úsáid chun clár oibre domhanda maidir le cothroime agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chur chun cinn; á chur i bhfáth nach mór d’infheistíochtaí Global Gateway cabhrú le neamhionannais a laghdú, tacú le forbairt dhaonna agus córais chuimsitheacha agus chothroma a chur chun cinn lena mbaineann agus lena sroichtear an 40 % is boichte den daonra chomh maith leo siúd is mó atá i mbaol eisiaimh, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, mná, cailíní agus pobail easáitithe; á thabhairt chun suntais gur cheart don chomhar um fhorbairt córais airgeadais na dtíortha comhpháirtíochta a neartú; á chur i bhfios go láidir gur cheart na hiarrachtaí sin a bheith bunaithe ar chur chuige 360 céim Global Gateway agus gur cheart faireachán a dhéanamh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chreidiúint gur cheart d’infheistíochtaí poist chuibhiúla, inrochtana agus inbhuanaithe a chur chun cinn, agus béim ar leith á leagan ar ghrúpaí leochaileacha a chuimsiú i margadh an tsaothair; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart tacú le hinfheistíochtaí trí ghairmoiliúint agus scileanna, aistriú eolais agus teicneolaíochta le hinstitiúidí oideachais agus ionaid oiliúna áitiúla gaolmhara, agus trí oiliúint múinteoirí, bunfhoghlaim, bonneagar inrochtana agus ábhair foghlama oiriúnaithe, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh cláir ailínithe le comhthéacs socheacnamaíoch gach tíre comhpháirtíochta agus go neartóidh siad creatlach tháirgiúil na tíre;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach bhfuil na hacmhainní airgeadais ag go leor comhpháirtithe do thionscadail bhonneagair ar mhórscála; ag cur béim ar an bhfíoras, ina leith sin, go leagtar béim láidir in Global Gateway ar fhorbairt bonneagair agus ar fhothú acmhainneachta chun feidhmiú mar chatalaíoch don fhás inbhuanaithe agus don chomhtháthú réigiúnach chomh maith le nascacht leis an Aontas; ag tabhairt dá haire go raibh fócas ar leith ag tionscadail shuaitheanta Global Gateway do 2023, 2024 agus 2025 ar bhonneagar, agus gur thug níos lú ná 10 % aghaidh ar oideachas agus ar thaighde, agus nár dhírigh ach beagán os cionn 10 % ar an earnáil sláinte; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh torthaí eacnamaíocha agus sóisialta níos airde a bheith mar thoradh ar leibhéil níos airde infheistíochta sa tsláinte, san oideachas agus sa taighde ná mar a bheadh mar thoradh ar infheistíocht sa bhonneagar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil leibhéil arda fiachais phoiblí ann in go leor tíortha i mbéal forbartha, go háirithe san Afraic fho-Shahárach, rud a chuireann bac ar a gcumas infheistíocht a dhéanamh agus seirbhísí sóisialta agus seirbhísí bunúsacha a sholáthar; ag tabhairt dá haire gurb í an tSín an creidiúnaí déthaobhach is mó do go leor tíortha i mbéal forbartha agus gur chuir a cleachtais iasachtaithe le leibhéil fiachais atá ag ardú; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionscadail Global Gateway ann i roinnt tíortha bochta a bhfuil fiachais ollmhóra acu; á chur i bhfios go láidir gur cheart go seachnófaí le tionscadail Global Gateway fiachas a dhéanamh níos measa nó ‘sáinn fiachais’ nua a chruthú; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit an t-ualach fiachais ar thíortha i mbéal forbartha a laghdú agus a mhaolú, go háirithe iad siúd sa Domhan Theas, trí thacú le faoiseamh fiachais domhanda agus athstruchtúrú fiachais, agus prionsabail Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt maidir le hiasachtú agus iasachtaíocht cheannasach fhreagrach a chur chun cinn agus prionsabail inbhuanaitheachta fiachais ECFE á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire go dtéann an córas rátála creidmheasa atá ann faoi láthair chun tairbhe go díréireach do thíortha sa Domhan Thuaidh thar na tíortha sa Domhan Theas; á iarraidh ar an gCoimisiún na rioscaí agus na costais iasachtaíochta níos airde sin a mheastar a bheith ann a chur san áireamh; á áitiú gur cheart babhtálacha fiachais ar an dúlra nó fiachais ar an aeráid a chur ar fáil tríd an straitéis Global Gateway; ag tabhairt dá haire gur cheart cuntas a thabhairt ar thionscadail aistrithe ghlais Global Gateway faoi Airteagal 6(4) de Chomhaontú Pháras as a rannchuidiú le creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil rochtain ar mhaoiniú fós ina phríomhdhúshlán do go leor tíortha i mbéal forbartha; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le tíortha i mbéal forbartha chun constaicí maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú a shárú; ag aithint na tábhachta a bhaineann le deontais chun cineálacha eile maoiniúcháin a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún na sásraí is gá a bhunú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na comhpháirtithe uile atá rannpháirteach i dtionscadail Global Gateway reachtaíocht an Aontais agus caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha go hiomlán i réimsí na frithbhreabaireachta, an fhrithéillithe agus na sláine airgeadais, lena n-áirítear seiceálacha sláine, uirlisí measúnaithe riosca agus bainistithe riosca agus córais faireacháin chun éilliú, sreabha aindleathacha airgeadais agus cineálacha eile iompraíochta mí-eiticiúla a chosc, a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhairliúchán luath, cuimsitheach agus leordhóthanach le tíortha comhpháirtíochta faoi chuimsiú rialachas Global Gateway, sula mbunaítear tionscadail, chun a áirithiú go ndéanfar prionsabail éifeachtacht na forbartha a urramú, lena n-áirítear úinéireacht áitiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), lena n-áirítear comharchumainn agus fiontair an gheilleagair shóisialta, in Global Gateway a éascú, lena n-áirítear trí phróisis chuíchóirithe agus fuinneoga airgeadais tiomnaithe, for-rochtain spriocdhírithe, rochtain shimplithe ar thairiscintí agus sásraí tacaíochta a bhunú chun feabhas a chur ar a n-iomaíochas idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá FBManna i gcruthú post áitiúil, d’úinéireacht áitiúil agus do bhreisiú luacha, agus á iarraidh go gcuirfí a saintréithe sonracha san áireamh go cuí, mar shampla maidir le méid agus méideanna airgeadais na dtionscadal ar féidir leo tabhairt fúthu agus maidir leis na hacmhainneachtaí chun oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh; á chur i bhfáth, in éineacht le FBManna na dtíortha comhpháirtíochta, gur comhpháirtithe cur chun feidhme bunriachtanacha iad FBManna Eorpacha le haghaidh Global Gateway; á chur i bhfios go láidir gur cheart do Globabl Gateway tairbhí cómhalartacha a ghiniúint trí shlabhraí luacha inbhuanaithe, nuálaíocht agus poist ardcháilíochta a chruthú san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún deis a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith páirteach ar bhealach níos éifeachtaí agus ag céim níos luaithe i ndearadh tionscadal, i gcinnteoireacht agus i maoiniú; á thabhairt chun suntais go bhfuil dhá ról acu - mar chomhpháirtithe cur chun feidhme agus mar thairbhithe; á mheabhrú go ndéantar go leor cinntí maidir le cur chun feidhme tionscadal ar an leibhéal fonáisiúnta inar cheart leasanna agus riachtanais na saoránach a chur i gcuntas go dlúth;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Rialachas </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais Global Gateway agus á éileamh go mbeadh rannpháirtíocht níos fónta ag an bParlaimint ar comhchéim leis na Ballstáit;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nár tháinig Bord Global Gateway le chéile ach faoi dhó go dtí seo, in ainneoin pleananna le haghaidh cruinnithe bliantúla, i mí na Nollag 2022 agus i mí Dheireadh Fómhair 2025, agus go bhfuil raon feidhme teoranta aige maidir le grinnanailís agus plé nó stiúradh gníomhaíochtaí agus tionscadal amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht ardleibhéil a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach mór don bhord feidhmiú ar bhealach atá comhlántach leis an mBord Infheistíochta um an Eoraip Dhomhanda a bheidh ann amach anseo, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a sainorduithe faoi seach a shoiléiriú agus a theorannú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh go mbeadh an modh chun tionscadail shuaitheanta a roghnú bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus cháilíochtúla agus go seachnófaí iomadú díobhálach tionscadal an tráth céanna, lena n-uasmhéadofaí an tionchar foriomlán agus lena n-áiritheofaí rath intomhaiste; á iarraidh ar an gCoimisiún breisluach thionscadail shuaitheanta Global Gateway a shoiléiriú i gcomparáid le tionscadail nach tionscadail shuaitheanta iad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á mholadh go ndearfaí tionscadail shuaitheanta mar éiceachórais inar féidir le gnólachtaí i dtíortha comhpháirtíochta agus san Aontas oibriú go héifeachtach agus rath a bheith orthu; á áitiú go gcuirfí ‘ábhar Eorpach’ chun cinn i dtionscadail shuaitheanta agus ag tús rannpháirtíocht na dtíortha comhpháirtíochta, agus go léireofar go soiléir tairbhí na dtionscadal sin i dtíortha comhpháirtíochta; ag moladh do na ngeallsealbhóirí uile glacadh le comhar fadtéarmach ós rud é go mbraitheann infheistíochtaí go mór ar rannpháirtíocht fhadtéarmach agus ar shlándáil pleanála go háirithe i mbonneagar, i bhfuinneamh agus i mianadóireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar Bhord Global Gateway tuarascálacha ó gheallsealbhóirí a mheas agus leas córasach a bhaint as fianaise staidrimh, a bheidh le comhroinnt ar bhealach tráthúil agus soláimhsithe leis na Ballstáit agus leis an bParlaimint, chun stiúradh polaitiúil a threorú, comhordú a fheabhsú agus clársceidealú amach anseo a choigeartú i gcás inar gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á mholadh gurbh é Bord Global Gateway a bheadh sa chomhlacht oibríochtúil lárnach chun an straitéis Global Gateway a chur chun feidhme, go háirithe i ndáil le critéir chun tionscadail shuaitheanta a shainiú, tionscadail shuaitheanta a roghnú agus creatdálaí leormhaithe agus maoiniú leordhóthanach a sholáthar dóibh; á iarraidh go ndéanfaí tionscadail agus comhpháirtíochtaí a mheastar a bheith ‘straitéiseach’ i gcomhthéacsanna eile a ailíniú agus a dhéanamh comhsheasmhach le tionscadail shuaitheanta faoi Global Gateway; á chur i bhfios go láidir gur gá comhdhéanamh an Bhoird a athrú chun rannpháirtithe atá inniúil ar an leibhéal oibríochtúil a áireamh, agus gur gá minicíocht a chruinnithe a mhéadú agus a chláir oibre a dhíriú ar chinnteoireacht; á mholadh go rachadh na comhlachtaí comhairleacha faoin bpróiseas ‘oibríochtúil’ céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an cur chuige i leith Global Gateway a athrú ó chur chuige ó bharr anuas go cur chuige atá dírithe ar an éileamh; á mheabhrú go bhfuil rannpháirtíocht níos láidre ó earnáil phríobháideach na hEorpa i gcroílár na straitéise Global Gateway; á mholadh, dá bhrí sin, go ndéanfaí rannpháirtíocht rialta agus thrédhearcach ionadaithe na hearnála príobháidí Eorpaí a áirithiú chun cuidiú le Global Gateway a mhúnlú agus a fhorbairt tuilleadh; á mheabhrú freisin gur cheart go mbeadh an tionscnamh Global Gateway faoi stiúir comhpháirtithe, agus pleananna forbartha náisiúnta agus áitiúla á n-urramú agus á gcomhoiriúnú; á áitiú go dtabharfaí cuireadh do Thoscaireachtaí an Aontais agus d’ionadaithe ó thíortha comhpháirtíochta chuig cruinnithe den Bhord, ar bhonn ad hoc, lena n-áirítear ionadaithe ó údaráis áitiúla, ón tsochaí shibhialta agus ó ghnólachtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag Toscaireachtaí an Aontais maidir le comhordú a dhéanamh le geallsealbhóirí áitiúla, deiseanna infheistíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, eolas domhain a fhorbairt faoi iomaitheoirí an Aontais agus faoi na bearnaí atá ann cheana, agus tacú le comhpháirtithe áitiúla a n-iarratais ar thionscadail a ailíniú le tosaíochtaí áitiúla agus le tosaíochtaí an Aontais, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí acmhainní leordhóthanacha daonna, airgeadais agus teicniúla ar fáil do Thoscaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear trí chláir oiliúna spriocdhírithe, chun go mbeidh siad in ann na cúraimí sin a chomhlíonadh; ag cur go láidir i gcoinne aon phleananna chun foireann Thoscaireachtaí an Aontais i dtíortha comhpháirtíochta a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na geallsealbhóirí uile lena mbaineann go n-áiritheofaí comhairliúchán agus rannpháirtíocht fhóinteach Ardán Comhairleach na Sochaí Sibhialta agus na nÚdarás Áitiúil de chuid Global Gateway, agus eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta, grúpaí agus ceardchumann imeallaithe, eagraíochtaí ban agus eagraíochtaí daoine faoi mhíchumas, chomh maith le FBManna áitiúla agus pobal dúchasach, agus go ndéanfaí na dálaí a chruthú do na gníomhaithe sin chun go mbeadh ról daonlathach agus comhpháirtíochta fiúntach acu, lena n-áirítear trí thráthchláir iomchuí, minicíocht agus obair leantach ar thoradh na gcruinnithe sin a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh ról comhlántach ag an Ardán i rialachas Global Gateway agus go rannchuideodh sé go fóinteach le tionscadail a roghnú, a dhearadh agus a chur chun feidhme, agus ar an gcaoi sin dlisteanacht agus glacadh áitiúil thionscadail Global Gateway a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhairliúcháin níos minice agus níos oibríochtúla leis an nGrúpa Comhairleach Gnó, lena n-áirítear ionadaithe gnó ón Domhan Theas, atá dírithe ar chinnteoireacht agus ar thorthaí nithiúla; á áitiú gur gá aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa féideartha, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí cheanglais trédhearcachta airgeadais; á mholadh go ndéanfadh comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Gnó a rannpháirtíocht i dtionscadail Global Gateway a dhearbhú; á áitiú a thábhachtaí atá sé FBManna Eorpacha agus áitiúla a áireamh sa Ghrúpa Comhairleach Gnó;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil ról láidir ag an bParlaimint maidir le beartais eacnamaíocha, aeráide, dhigiteacha, trádála agus iomaíochais an Aontais a mhúnlú; á thabhairt chun suntais nár chuir rialachas reatha Global Gateway ar chumas na Parlaiminte a dualgais ghrinnscrúdaithe a fheidhmiú ná rannchuidiú le taidhleoireacht pharlaiminteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl go gcreideann sí go bhfuil rannpháirtíocht níos láidre ón bParlaimint fíor-riachtanach, agus í ar an t-aon institiúid de chuid an Aontas a thoghtar go díreach, chun dlisteanacht dhaonlathach agus comhtháthú beartais na straitéise Global Gateway a áirithiú, agus chun a hinfheictheacht a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach grinnscrúdaithe agus stiúrtha straitéisigh ag an bParlaimint, lena n-áirítear maoirseacht pharlaiminteach fheabhsaithe ar shainaithint, roghnú agus cur chun feidhme tionscadal, chomh maith le meastóireacht chórasach ar thorthaí agus ar thionchar; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór ról lárnach a bheith ag an bParlaimint maidir lena áirithiú go mbainfidh infheistíochtaí Global Gateway úsáid éifeachtach as acmhainní agus go mbeidh siad ailínithe go hiomlán le luachanna, cuspóirí forbartha agus caighdeáin inbhuanaitheachta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn a chur ar fáil don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme thionscadail Global Gateway, agus athbhreithniú straitéiseach rialta agus struchtúrtha ar chur chun feidhme Global Gateway ag coistí inniúla na Parlaiminte chun a áirithiú go leanfaidh a chuspóirí, a thosaíochtaí agus a fhócas geografach de bheith ábhartha, comhleanúnach agus ailínithe le spriocanna gníomhaíochta seachtraí agus tosaíochtaí forbartha an Aontais, agus leis an gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag teacht chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>ag cur i dtábhacht, thairis sin, de réir mar a thagann méadú ar úinéireacht na mBallstát ar an straitéis Global Gateway, an luacha a bhaineann le cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcomhar grinnscrúdúcháin agus maoirseachta idir Parlaimint na hEorpa agus parlaimintí náisiúnta chun léiriú a dhéanamh ar chur chuige Fhoireann na hEorpa; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta don chomhairliúchán leordhóthanach, rannpháirtíocht agus ionadaíocht leormhaith a áirithiú, lena n-áirítear sa Bhord níos oibríochtúla a bheidh ann amach anseo; á iarraidh go mbeadh parlaimintí tíortha comhpháirtíochta rannpháirteach, lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt go rialta agus trí thionóil iltaobhacha atá ann cheana;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag cur sonrú i Mol Infheistíochta Global Gateway a cruthaíodh le déanaí agus á chur in iúl gur geal léi an cuíchóiriú atá beartaithe ar iarratais tionscadail; á chur i bhfáth nach mór don phróiseas iarratais agus don chomhordú le Foireann na hEorpa ar an leibhéal náisiúnta a bheith trédhearcach; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, áfach, go bhfuil easpa ionadaíochta ann ó thíortha comhpháirtíochta, go háirithe ón tsochaí shibhialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá freisin le faisnéis níos fearr maidir le deiseanna Global Gateway do chuideachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna, agus á áitiú go gcuirfí an Mol chun feidhme ar bhealach lena n-éascaítear rochtain do FBManna; á iarraidh, thairis sin, go dtabharfaí léiriú soiléir, poiblí, cothrom le dáta agus inrochtana ar gach tairiscint agus tionscadal atá beartaithe, leanúnach agus curtha i gcrích, chomh maith le deiseanna cistiúcháin, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna agus ar chuideachtaí ó Bhallstáit bheaga nach mbíonn buanionadaíochtaí acu go minic i dtíortha comhpháirtíochta agus ar lú an seans go mbeidh na hacmhainní riaracháin phoiblí acu chun conairí a chruthú d’infheistíocht san earnáil phríobháideach; á mholadh go mbunófaí ardán meaitseála do chomhpháirtithe gnó agus do cheannaitheoirí féideartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfios gur gá tionscadail a bheith inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, nó a bheith ann chun tacú le soláthar earraí poiblí, agus go mbraitheann inmharthanacht thionscadail Global Gateway ar chreataí agus beartais dhlíthiúla chomhleanúnacha, amhail comhaontuithe trádála, beartais chánach, comhaontuithe ceannaithe táirgí, córais trádála astaíochtaí agus sásraí coigeartaithe carbóin ar theorainneacha; á iarraidh ar an gCoimisiún an tionscnamh Global Gateway a ailíniú ar bhealach níos fearr lena chlár oibre beartais inmheánaigh agus lena thionscnaimh amhail an Clár Oibre Iomaíochais, an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Deacáid Dhigiteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>á mholadh go dtabharfadh an Coimisiún, agus tionscadail á roghnú aige, tosaíocht dóibh siúd a bhfuil tábhacht straitéiseach shuntasach ag baint leo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá tionscadail trasteorann Global Gateway chun trádáil agus forbairt le príomh-chomhpháirtithe a neartú agus chun tacú le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach níos doimhne i dtíortha comhpháirtíochta; á chur i bhfáth gur cheart go rannchuideodh forbairt bonneagair, i gcás inarb indéanta, le comhtháthú trádála idir-réigiúnach, go háirithe i measc gheilleagair Chomharsanacht an Deiscirt, na hAfraice, Mheiriceá Laidinigh agus na hÁise Thoir Theas; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le Limistéar Saorthrádála Mór-roinne na hAfraice chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt réigiúnach agus á iarraidh go rannchuideoidh Global Gateway, ar bhealach spriocdhírithe, le haghaidh a thabhairt ar bhacainní agus scrogaill roghnaithe a chuir moill ar a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacú le slabhraí luacha idir-réigiúnacha agus nascacht réigiúnach a fhorbairt de réir a chéile, lena n-áirítear trí idirphlé agus cúnamh teicniúil atá dírithe ar dhúshláin rialála agus bacainní neamhtharaife a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>69.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil luach straitéiseach ag comhpháirtíochtaí um thrádáil agus infheistíocht ghlan, a leanann loighic atá bunaithe ar thrádáil agus atá dírithe ar chláir, lena gcomhlánaítear cur chuige tionscadalbhunaithe Global Gateway agus comhtháthú réigiúnach níos fearr á chumasú ag an am céanna agus lena rannchuidítear leis an sprioc dhomhanda na SFIanna a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach rochtain ar an margadh a chomhcheangal le huirlisí maoinithe agus cistiúcháin an Aontais amhail an Eoraip Dhomhanda agus Global Gateway; ag moladh don Choimisiún féachaint ar conas is féidir le comhpháirtíochtaí um thrádáil agus infheistíocht ghlan, a neartaítear trí mheán Global Gateway, cabhrú le bacainní neamhtharaife do thíortha comhpháirtíochta a laghdú, lena n-áirítear trí dhíolúintí spriocdhírithe ó reachtaíocht roghnaithe de chuid an Aontais nó trí aitheantas coibhéise; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht leathan geallsealbhóirí ó ghnólachtaí a chothú, go háirithe FBManna, ceardchumainn, an tsochaí shibhialta agus pobail áitiúla; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí toilteanach an comhar idir parlaimintí a neartú, grinnscrúdú cuí a dhéanamh ar an gcur chun feidhme leanúnach agus rannchuidiú le comhpháirtíocht daoine le daoine a thógáil mar bhonn do rath frithpháirteach breise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>70.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí feabhas suntasach ar thrédhearcacht, ar chuntasacht dhaonlathach agus ar fhaisnéis dhaonlathach, ar shásraí láidre faireacháin agus meastóireachta, agus ar thuairisciú rialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>71.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí tomhas éifeachtach ar thionchar thionscadail Global Gateway go háitiúil, lena n-áirítear a dtorthaí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha, amhail a rannchuidiú le díothú na bochtaineachta, chomh maith lena n-inbhuanaitheacht airgeadais agus eacnamaíoch, agus úsáid á baint as táscairí a bhaineann le cruthú post, aistriú eolais, cuimsiú sóisialta agus comhionannas inscne, i gcomhréir le cuspóirí domhanda sóisialta agus caipitil dhaonna, amhail SFInna agus Plean Gníomhaíochta III maidir le hInscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>72.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, fianaise a chur ar fáil maidir leis na tairbhí a bhaineann le tionscadail Global Gateway d’fhiontair áitiúla, go háirithe FBManna, do ghnólachtaí inbhuanaithe agus cuimsitheacha amhail comharchumainn agus fiontair shóisialta, pobail áitiúla agus an lucht saothair i dtíortha comhpháirtíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na dtionscadal agus an fhianaise sin a fhoilsiú chun a áirithiú, ex ante agus ex post, go n-urramóidh tionscadail Global Gateway gealltanais maidir le cearta an duine agus go mbeidh éifeachtaí dearfacha acu ar an ngeilleagar áitiúil agus go mbeidh éifeachtaí iarmhartacha dearfacha acu ar chodanna níos leithne den tsochaí; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di staidéir agus imscrúduithe ar infheistíochtaí seachtracha inar léiríodh uaireanta fianaise theoranta ar thairbhí áitiúla, lena n-áirítear do FBManna agus do phobail i dtíortha comhpháirtíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>73.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún ionstraimí nua a fhorbairt a bheidh bunaithe ar chreat fianaisebhunaithe chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar dháileadh agus ar thionchar na n-idirghabhálacha i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe i réimsí amhail cáilíocht agus cainníocht post, oideachas cuimsitheach, sláinte, caighdeáin mhaireachtála, tionchair ar na grúpaí is leochailí, neamhionannas agus comhtháthú sóisialta, oiriúnú don athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil, agus forbairt fiontar áitiúil, lena n-áirítear FBManna, ós rud é go gcabhródh sé sin le tionchar áitiúil idirghabhálacha agus comhpháirtíochtaí reatha an Aontais a bharrfheabhsú agus a leathnú agus go dtacódh sé le dearadh tionscadal a bheidh ann amach anseo a mbeidh éifeachtaí marthanacha acu i dtíortha comhpháirtíochta; á chur in iúl gur geal léi an marcóir neamhionannais agus an measúnú tionchair dáileacháin mar uirlisí úsáideacha chun faireachán a dhéanamh ar thionchar thionscadail Global Gateway; á iarraidh go ndéanfaí na sonraí a dhí-chomhiomlánú de réir inscne agus aoise chun cuimsiú agus tairbhí na mban agus na gcailíní a rianú; á chur i bhfios go láidir go bhfeabhsaítear trédhearcacht sa chaiteachas leis an gcur chuige eimpíreach sin agus go neartaítear leis ról maoirseachta Pharlaimint na hEorpa mar chuid den údarás buiséadach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>74.</NO.P>á mholadh go ndéanfaí monatóireacht ar mhéid agus rath rannpháirtíocht na gcuideachtaí Eorpacha agus áitiúla; á mholadh, thairis sin, go ndéanfaí faireachán ar bhunú slabhraí soláthair agus luacha, gnóthachan nuálaíochta, athléimneachta agus breisluacha eacnamaíoch i dtíortha comhpháirtíochta agus san Aontas araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>75.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún staidreamh caighdeánaithe, mionsonraithe agus inchomparáide a fhoilsiú go rialta maidir le cur chun feidhme Global Gateway, ina léireofar, i measc nithe eile, sciar an tsoláthair agus na gconarthaí arna ndámhachtain ar chuideachtaí an Aontais agus lasmuigh den Aontas, méid agus dáileadh earnálach na hinfheistíochta príobháidí arna slógadh ó gach Ballstát agus na príomhthairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a ghintear, agus fianaise a chur ar fáil maidir le héifeacht ghiarála ráthaíochtaí an Aontais, ionstraimí airgeadais agus maoiniú cumaiscthe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil na sonraí sin bunriachtanach chun measúnú a dhéanamh ar fhíorleibhéal ‘ábhair Eorpaigh’ i dtionscadail Global Gateway agus chun luach ar airgead a áirithiú do cháiníocóirí an Aontais; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfágfadh na bearta trédhearcachta sin go bhféadfaí a mheas cibé an gcomhlíonann tionscadal a chuspóir sonraithe maidir le caipiteal príobháideach suntasach a shlógadh le haghaidh tionscadail inbhuanaithe agus straitéiseacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>76.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil gá le modheolaíocht aontaithe a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi chun infheistíochtaí slógtha faoi Global Gateway a ríomh, lena n-áirítear idirdhealú soiléir idir cistiú bhuiséad an Aontais, ranníocaíochtaí na mBallstát, giaráil na hearnála príobháidí agus tionscadail athlipéadaithe atá ann cheana; á iarraidh ar an gCoimisiún figiúirí iniúchta bliantúla a fhoilsiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>77.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe a rinneadh le déanaí ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil maidir le Global Gateway ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin ach á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le faisnéis níos mionsonraithe maidir le tionscadail Global Gateway, critéir roghnúcháin, foinsí cistiúcháin, measúnuithe tionchair <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING>, rannpháirtíocht geallsealbhóirí, comhpháirtithe cur chun feidhme, breisluach áitiúil, agus torthaí a bhfuiltear ag súil leo chomh maith le torthaí tomhaiste, lena n-áirítear i dtéarmaí tionchair trádála agus dul chun cinn i dtreo na SFInna a bhaint amach; á chreidiúint go bhfuil trédhearcacht agus cumarsáid éifeachtach bunriachtanach chun intuarthacht a áirithiú, muinín na dtíortha comhpháirtíochta a chothú, ceannach isteach slán, móiminteam a chothú agus breisluach Global Gateway a léiriú; ag cur sonrú sa togra ón gCoimisiún le haghaidh creat nua rianaithe agus feidhmíochta ar cheart dó rannchuidiú le faireachán agus tuairisciú a chuíchóiriú, bunaithe ar phríomhtháscairí feidhmíochta; á chur i bhfios go bhfuil feasacht theoranta ar an tionscnamh Global Gateway in go leor tíortha comhpháirtíochta fós ina bac mór ar a rath; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh níos mó infheictheachta ann, go mbeadh cur síos níos mionsonraithe ann agus go mbeadh straitéis chumarsáide chomhleanúnach ann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>78.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil easpa aitheantais agus infheictheachta fós ag branda Global Gateway, go háirithe i measc tíortha comhpháirtíochta; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh straitéis chumarsáide shoiléir agus chomhordaithe ann a mbeidh acmhainní maithe aici, lena n-áirítear cumarsáid ilteangach lena ndíreofar ar leasanna agus ar thorthaí an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta do gheallsealbhóirí áitiúla mar thairiscint dhearfach na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>79.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún trédhearcacht a fheabhsú i gcur chun feidhme an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus trí fhaisnéis mhionsonraithe a nuashonraítear go rialta a fhoilsiú maidir le comhaontuithe ráthaíochta, infheistíochtaí sínithe agus eisíoctha, comhpháirtithe cur chun feidhme agus tairbhithe, mar a mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>80.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí an straitéis Global Gateway a chódú agus a chomhtháthú sa Rialachán maidir leis an Eoraip Dhomhanda atá le glacadh roimh an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile le haghaidh na tréimhse 2028-2034; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil géarghá le feabhsú den sórt sin chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht an tsainordaithe a áirithiú; ag cur sonrú i dtreoirphrionsabail na Parlaiminte ina leith sin, eadhon ról oibríochtúil lárnach Bhord Rialachais Global Gateway maidir le tionscadail a shainiú agus a roghnú, athrú ó chur chuige atá faoi stiúir an Choimisiúin go cur chuige ón mbun aníos lena ndírítear ar chlár oibre claochlaitheach inbhuanaithe ar mhaithe leis an leas frithpháirteach, agus rannpháirtíocht níos láidre na n-earnálacha gnó, na gcomhpháirtithe agus na Parlaiminte, chomh maith le cuntasacht mhéadaithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cistiú agus soláthar amach anseo</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>81.</NO.P>á chur i dtábhacht gur gá na hionstraimí airgeadais atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na hEorpa le haghaidh thionscadail Global Gateway a choigeartú chun an comhthéacs straitéiseach, an riachtanas maidir leis an slabhra soláthair, sainiúlachtaí na hearnála agus an timpeallacht iomaíoch a chur san áireamh agus nach mór iad a thiontú ina mbosca uirlisí lena bhféadfar comhpháirtíochtaí comhthairbheacha agus cothrom iomaíochta a chruthú do ghnólachtaí Eorpacha i dtíortha comhpháirtíochta; á chur i bhfáth go bhfuil sé bunriachtanach cothromaíocht a áirithiú idir maoiniú COF agus maoiniú neamh-COF; á mheabhrú don Choimisiún go bhfuil ceanglas ann faoi láthair nach mór do 93 % ar a laghad den chaiteachas faoi NDICI-an Eoraip Dhomhanda na critéir le haghaidh COF a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>82.</NO.P>á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart líon áirithe tionscadal suaitheanta a chur i leataobh d’athléimneacht eacnamaíoch an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>83.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil rannpháirtíocht earnáil phríobháideach an Aontais, na dtíortha comhpháirtíochta agus na gcomhpháirtithe iontaofa i gcroílár na dtionscadal a chuirtear chun feidhme faoi Global Gateway; á thabhairt chun suntais nach mór d’eintitis ón Aontas nó do chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo a bheith ina sciar suntasach d’aon chuibhreannas atá rannpháirteach i dtionscadail Global Gateway;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>84..</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar mór ag beartais um sholáthar, próisis díchill chuí agus coincheap na dtairiscintí ar rath nó ar theip thionscadail Global Gateway; á iarraidh go n-úsáidfí critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais chomh maith le critéir maidir le cáilíocht, nuálaíocht, athléimneacht agus rannpháirtíocht Eorpach, agus slándáil, iontaofacht, inbhuanaitheacht agus iomaíochas; á iarraidh ar an gCoimisiún ‘soláthar straitéiseach’ a shainiú agus a áirithiú go léireoidh nósanna imeachta soláthair agus critéir roghnúcháin tionscadal na ceanglais a leagtar amach thuas, agus béim á leagan ar chritéir cháilíochtúla maidir le praghas, trédhearcacht a chothabháil, iomaíocht chóir agus luach ar airgead a chur chun cinn, agus leasanna straitéiseacha agus neamhspleáchas an Aontais a chosaint chomh maith le hailíniú lena luachanna; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar choigeartuithe ar a chur chuige maidir le soláthar poiblí agus ar a rialacha chun cothrom iomaíochta a áirithiú do chuideachtaí Eorpacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>85.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún critéir incháilitheachta den sórt sin a chur chun feidhme do chuideachtaí a ghlacann páirt i dtionscadail Global Gateway chun a áirithiú go gcoinneoidh cuideachtaí ón Aontas, ó thíortha atá ar aon intinn agus ó thíortha comhpháirtíochta rialú oibríochtúil i gcónaí sna tionscadail lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>86.</NO.P>ag moladh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) as a Threochlár um Sholáthar Straitéiseach a chur i bhfeidhm agus as sciar suntasach de thionscadail arna maoiniú ag BEI a bheith curtha chun feidhme cheana féin ag cuideachtaí an Aontais; á iarraidh ar BEI measúnú criticiúil a dhéanamh ar a chur chuige col riosca agus é a athrú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trádáil agus infheistíocht a chur chun cinn </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>87.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart do Global Gateway, i gcás tionscadail ag a bhfuil gné trádála agus infheistíochta, caidreamh trádála agus infheistíochta atá chun tairbhe gach páirtí a fheabhsú agus a éascú, go háirithe trí chonairí trádála agus deiseanna gnó nua a oscailt, lena n-áirítear do FBManna, agus trí thacú le forbairt agus nuachóiriú an bhonneagair lena n-éascaítear trádáil, rud atá ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar chostais arda trádála; á aithint, i ndomhan atá ag éirí níos iomaíche agus ina n-úsáidtear spleáchais trádála mar arm agus mar uirlisí comhéigin eacnamaíoch go mór, go bhfuil ról ríthábhachtach ag Global Gateway maidir le tacú le héagsúlú slabhraí soláthair, spleáchais chriticiúla in earnálacha ríthábhachtacha a laghdú, seasamh geopholaitiúil an Aontais a neartú agus a athléimneacht straitéiseach, slándáil eacnamaíoch agus iomaíochas fadtéarmach a fheabhsú, mar a d’iarr Mario Draghi ina thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa, agus, i gcomhréir le prionsabal an Chomhtháthaithe Beartas ar mhaithe le Forbairt, tacú le tosaíochtaí forbartha na dtíortha comhpháirtíochta agus a bpróisis chinnteoireachta dhaonlathacha a urramú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>88.</NO.P>á chur i bhfáth go mbraitheann rath Global Gateway ar chreat trádála cobhsaí intuartha; á iarraidh go n-áireofaí in infheistíochtaí Global Gateway, i gcás inarb ábhartha, comhpháirteanna um éascú trádála, lena n-áiritheofaí forbairt cheart inbhuanaithe agus gnóthachain chearta inbhuanaithe i leith rochtain ar an margadh chomh maith le féidearthachtaí onnmhairiúcháin do thíortha comhpháirtíochta; á iarraidh go n-áiritheofaí sineirgí idir tionscnaimh Global Gateway agus beartas trádála an Aontais, lena n-áirítear comhaontuithe trádála, chomh maith le tosaíochtaí cur chun feidhme faoina gcaibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe, Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife agus creataí agus sásraí trádála eile atá ann cheana; á chur i bhfios go láidir, chun sineirgí den sórt sin a áirithiú, gur gá scagadh a dhéanamh freisin ar thionscadail shuaitheanta Global Gateway le haghaidh rioscaí slándála agus straitéiseacha, go háirithe i gcás ina bhféadfadh cuideachtaí atá faoi rialú an stáit ó stáit fhorlámhacha smacht a fháil ar bhonneagar criticiúil digiteach, muirí, iompair, fuinnimh nó cumarsáide; á iarraidh go mbeadh Global Gateway ailínithe go maith le rialacha EDT, agus, a mhéid is féidir, go dtacófaí le tíortha comhpháirtíochta a áireamh sa chóras trádála réigiúnach agus domhanda atá bunaithe ar rialacha; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an sreabhadh trádála agus infheistíochta a ghintear faoi Global Gateway;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>89.</NO.P>á iarraidh go mbeadh Global Gateway rannpháirteach san earnáil phríobháideach ar bhonn níos dírí, trí chur chun cinn na trádála agus infheistíochta, agus chun gealltanas a dhaingiú ó ghnólachtaí Eorpacha tathant ar thíortha comhpháirtíochta páirt a ghlacadh i dtionscadail shuaitheanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>90.</NO.P>á iarraidh go mbeadh cúnamh teicniúil méadaithe ann chun tacú le hacmhainneacht institiúideach agus athchóiriú rialaitheach, dírithe go háirithe ar phróisis trádála a chuíchóiriú agus cumas na dtíortha comhpháirtíochta a neartú i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áitítear caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta, caighdeáin theicniúla, caighdeáin inbhuanaitheachta, digitiú custaim agus inrianaitheacht an tslabhra luacha; á chur i bhfios go láidir nach mór do Global Gateway, mar sin féin, an spás intíre rialaitheach a urramú agus nach mbeadh sé coinníollach ar athchóirithe rialaitheacha lena lagaítear údaráis rialaitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>91.</NO.P>á iarraidh ar Global Gateway tacú le tionscadail chumasúcháin trádála lenar féidir fás eacnamaíoch, comhtháthú agus cruthú post atá cuimsitheach go sóisialta agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhaint amach, agus lena n-urramaítear cearta an duine; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh na tionscadail sin, go háirithe conairí taistil, chun dochar coinníollacha fostaíochta ná chun dochar chosaint an tsaothair agus an chomhshaoil; á iarraidh go ndearbhófar go gcuirfidh tionscadail feabhas ar iomaíochas frithpháirteach, lena n-áirítear trí ailíniú le spriocanna aeráide a chumasú agus trí thacú le comhlíonadh bhearta inbhuanaitheachta uathrialacha an Aontais a bhaineann le trádáil lena dtéitear i ngleic le hastaíochtaí carbóin agus drochthionchair ar an gcomhshaol, agus trí chearta an duine a chur chun cinn; á chreidiúint gur cheart do Global Gateway, agus iarracht á déanamh aige soláthar athléimneach na n-amhábhar criticiúil is gá don aistriú glas agus do shlándáil eacnamaíoch an Aontais a dhaingniú, forbairt chuimsitheach a chur san áireamh agus a áirithiú go mbainfidh comhpháirtithe trádála tairbhe as eastóscadh acmhainní trí phróiseáil áitiúil agus trí aistriú scileanna agus fios gnó, agus breisluach a ghiniúint do phobail áitiúla; á mheabhrú, i gcomhréir le hiarrachtaí thaidhleoireacht ghlas an Aontais, gur cheart do Global Gateway cur leis an aistriú fuinnimh; á iarraidh go n-áiritheofaí, le cistiú ó Global Gateway, idir-inoibritheacht le caighdeáin an Aontais, nósanna imeachta trédhearcacha, agus urraim do chaighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais, lena n-áirítear trí chórais faireacháin leantaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Uirlisí airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>92.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go raibh maoiniú forbartha agus oibríochtaí infheistíochta atá bunaithe ar ráthaíochtaí á gcur chun feidhme ag an Aontas i bhfad roimh sheoladh Global Gateway in 2021, lena n-áirítear tríd an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>93.</NO.P>ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe agus ar an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus, ar cheart iad a bheith ina mbunús le haghaidh an chéad Chiste um an Eoraip Dhomhanda eile a thacaíonn leis an straitéis Global Gateway sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, nach mór dóibh freisin dul chun cinn a thomhas maidir le neamhionannais a laghdú agus forbairt dhaonna, cuimsiú agus inrochtaineacht a fheabhsú, chomh maith le caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn; á áitiú gur gá aon ionstraim airgeadais a bheidh ann amach anseo a bheith bunaithe ar mheasúnú fónta ar mhaoiniú atá ann cheana féin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le trédhearcacht agus tuairisciú níos fearr, chomh maith le struchtúir fheabhsaithe bainistithe riosca agus rialachais, agus ó thaobh mhionsonraí ainmníocht an bhuiséid de freisin; á mheas gur cheart deireadh a chur leis na bacainní lena gcuirtear cosc faoi láthair ar FBManna Eorpacha páirt níos leithne a ghlacadh i dtionscadail Global Gateway, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna do na dúshláin a eascraíonn as an gcomhthéacs maoinithe ar mhórscála agus le cuideachtaí ilnáisiúnta mar phríomh-chomhpháirtithe san earnáil phríobháideach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>94.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá cur chuige cuimsitheach Fhoireann na hEorpa; ag moladh don Choimisiún, do BEI, don Bhanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus d’institiúidí airgeadais forbartha náisiúnta ionstraimí dí-rioscaithe Global Gateway a dhearadh agus a chur chun feidhme chun iad a dhéanamh níos simplí agus níos intuartha, agus oibriú ar bhealach lena n-osclófar rochtain go gníomhach do ghnólachtaí ó na Ballstáit uile, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil aon institiúidí airgeadais forbartha náisiúnta acu, lena gcuirfear ceanglais iontrála chomhréireacha agus deiseanna saincheaptha ar fáil do FBManna, agus chun scéimeanna tiomnaithe árachais riosca pholaitiúil a cheapadh do thionscadail Global Gateway;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>95.</NO.P>á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá uirlisí chun trádáil agus onnmhairiú a chur chun cinn, lena n-áirítear gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, ráthaíochtaí, táirgí árachais agus comhpháirtíochtaí gnó, mar chomhpháirteanna lárnacha de bhosca uirlisí Global Gateway; ag moladh don Choimisiún agus do na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhordú maidir le húsáid gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, gníomhaíochtaí taidhleoireachta eacnamaíche agus cuairteanna polaitiúla ardleibhéil faoi chur chuige Fhoireann na hEorpa, d’fhonn onnmhairí inbhuanaithe agus iontráil sa mhargadh a éascú do chuideachtaí Eorpacha i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe FBManna; á iarraidh go mbeadh coimircí láidre ann chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha idirnáisiúnta, cuspóirí forbartha an Aontais agus caighdeáin an Aontais maidir le cearta an duine, an comhshaol, trédhearcacht aeráide agus inbhuanaitheacht fiachais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>96.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir le haon oibríochtaí lena mbaineann gníomhaíocht chomhpháirteach nó chomhordaithe idir gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin Eorpacha agus institiúidí airgeadais forbartha, lena n-áirítear trí chritéir roghnúcháin tionscadail, tairbhithe agus measúnuithe tionchair a fhoilsiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>97.</NO.P>á mheabhrú gurb é BEI Domhanda, brainse forbartha an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ceann de phríomhghníomhaithe cur chun feidhme na straitéise Global Gateway agus dá bhrí sin go bhfuil coinne leis go gcuirfidh sé na caighdeáin is airde trédhearcachta agus cuntasachta i bhfeidhm ina thionscadail; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na comhpháirtithe cur chun feidhme faisnéis ghaolmhar a fhoilsiú ar bhealach tráthúil agus inrochtana; ag moladh don Choimisiún an comhar le BEI, mar bhanc an Aontais, a uasmhéadú, rud ba cheart a léiriú sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile; ag moladh d’institiúidí maoinithe forbraíochta a chuireann tionscadail Global Gateway chun feidhme, amhail BEI, gach measúnú fiachais a bhaineann le tionscadail a chur ar fáil go poiblí; ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh BEI Domhanda dírithe ar chlár oibre cothrom agus inbhuanaithe um fhorbairt i dtíortha is faighteoirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>98.</NO.P>á chur i bhfios go láidir gur gá úsáid níos mó a bhaint as maoiniú cumaiscthe agus as ionstraimí lamháltais i gcás inarb iomchuí chun tionscadail a dhéanamh inmharthana ó thaobh na tráchtála de; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí BEI éifeachtúlachtaí a uasmhéadú tuilleadh agus próisis a chuíchóiriú, lena n-áirítear trí spleáchas frithpháirteach a chur i bhfeidhm le comhpháirtithe tiomnaithe Fhoireann na hEorpa nuair is féidir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>99.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí measúnú ar a mhéid a d’fhéadfaí acmhainní COF a shlógadh faoi Global Gateway le cabhair ó BEI, chun idirdhealú níos soiléire a bhaint amach freisin idir clár oibre iomaíochais an Aontais a thagann ó fhoinsí neamh-COF agus an clár oibre forbartha a chumhdaítear le COF ; á chur i bhfios go bhfuil ionstraimí cistiúcháin sonracha de dhíth ar theicneolaíochtaí nua agus nuálacha agus ar FBManna agus gur cheart deontais a bheith ar fáil chomh maith le hiasachtaí, ionstraimí dí-rioscaithe agus b’fhéidir cothromas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>100.</NO.P>á mheabhrú, sa bhreis ar BEI Domhanda, nach mór do bhainc forbartha iltaobhacha eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme Global Gateway cloí freisin le hardchaighdeáin trédhearcachta agus chuntasachta; á chur i bhfáth gur cheart do na bainc forbartha iltaobhacha uile atá rannpháirteach in oibríochtaí Global Gateway breisíocht forbartha a léiriú, cleachtais a sheachaint lena méadaítear leochaileachtaí fiachais i dtíortha comhpháirtíochta, agus a maoiniú a ailíniú le torthaí forbartha atá cothrom, inbhuanaithe agus tairbheach go háitiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na prionsabail sin;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>101.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>