<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0105</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Patryk Jaki</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0108/2026 - Rapóirtéir:Adrián Vázquez Lázara)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Patryk Jaki (2025/2171(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Patryk Jaki, arna tíolacadh ag an gCúirt Dúiche do Vársá-Śródmieście le litir dar dáta an 6 Lúnasa 2025, i ndáil le himeachtaí coiriúla a tionscnaíodh ina choinne trí dhíotáil phríobháideach arna comhdú ag ionadaí dlíthiúil an ionchúisitheora phríobháidigh, agus a fógraíodh sa Pharlaimint an 8 Meán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Patryk Jaki an 23 Márta 2026 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne:
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0108/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i litir dar dáta an 6 Lúnasa 2025, gur thíolaic an Chúirt Dúiche do Vársá-Śródmieście iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Patryk Jaki, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh sa Pholainn,  i dtaca le himeachtaí coiriúla a tugadh os a comhair i leith cion líomhnaithe atá faoi réir ionchúiseamh príobháideach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, le linn na tréimhse ón 5 Meitheamh 2024 go dtí an 7 Meitheamh 2024, ag gníomhú dó go gairid i ndiaidh a chéile agus plean réamhbheartaithe á shaothrú aige, agus le hintinn dhíreach, go líomhnaítear go ndearna Patryk Jaki an t-ionchúisitheoir príobháideach — breitheamh — a chlúmhilleadh ar an mbealach seo a leanas: (i) le linn cruinniú feachtais toghcháin in Będzin an 5 Meitheamh 2024, i malartú le duine de na daoine a bhí i láthair ag an gcruinniú, líomhnaítear go ndearna Patryk Jaki ráitis faoin ionchúisitheoir príobháideach inar  ag maíomh gur údaraigh sé i ngan fhios dó féin úsáid earraí spiaireachta Pegasus, agus (ii) an 7 Meitheamh 2024 líomhnaítear gur scaip Patryk Jaki taifead den mhalartú sin ar fud na tíre trí na mórmheáin (i.e. ardáin na meán sóisialta Instagram, Facebook agus X (Twitter)), inar maíodh go ndearna an t-ionchúisitheoir príobháideach faillí ina dhualgais mar bhreitheamh a bhaineann le ‘fiosrúcháin agus seiceálacha’ neamhshonraithe a dhéanamh maidir leis an modh faireachais oibríochtúil i gcomhthéacs iarrataí ar orduithe faireachais oibríochtúla a mheas, gur fheidhmigh sé a ghairm mar bhreitheamh go míchuí, agus go raibh sé claonta de dheasca go raibh sé faoi thionchar páirtí pholaitiúil;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, dá bhrí sin, go líomhnaítear go ndearna Patryk Jaki clúmhilleadh ar an ionchúisitheoir príobháideach le hintinn dhíreach é a náiriú i súile an phobail agus damáiste a dhéanamh dá chlú, agus go gcaillfeadh sé an mhuinín is gá chun a dhualgais mar bhreitheamh a chomhlíonadh; de bhrí go bhféadfadh na gníomhaíochtaí líomhnaithe a bheith ina gcion faoi Airteagal 212(1), i gcomhar le hAirteagail 212(2) agus 12(1), de Chód Coiriúil na Polainne;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur toghadh Patryk Jaki chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i Meitheamh 2019 agus, dá bhrí sin, go raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach ionann an cion líomhnaithe, agus nach bhfuil baint ag an iarraidh ina dhiaidh sin ar dhíolúine Patryk Jaki a tharscaoileadh, le tuairim a thug Patryk Jakr ná le vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go dteachtfaidh a Feisirí, i gcríoch a mBallstáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a mBallstáit féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, ón lá a fógraítear torthaí na dtoghchán go dtí an lá a théann a shainordú nó a sainordú in éag, nach gcuirfear teachta faoi réir cuntasacht choiriúil gan toiliú <STRING ITALIC="on">Sejm</STRING> Phoblacht na Polainne agus nach gcoinneofar ná nach ngabhfar é nó í gan toiliú an <STRING ITALIC="on">Sejm</STRING>, ach amháin i gcásanna inar gabhadh é nó í agus cion á dhéanamh aige nó aici agus inar gá é nó í a choinneáil chun conair cheart na n-imeachtaí a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá nach cosúil gurb é rún na n-imeachtaí dlíthiúla i dtrácht dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Patryk Jaki mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, do neamhspleáchas na Parlaiminte;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Patryk Jaki a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na Polainne agus chuig Patryk Jaki.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>