<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0106</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Daniel Obajtek</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0115/2026 -  Rapóirtéir:Pascale Piera)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Daniel Obajtek (2025/2172(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Daniel Obajtek, a fuarthas le litir dár dáta an 21 Iúil 2025 ó Phríomh-Ionchúisitheoir Phoblacht na Polainne , lena dtarchuirtear iarraidh ó Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Réigiún Vársá i dtaca leis na himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh i gcoinne Daniel Obajtek, agus a fógraíodh i bParlaimint na hEorpa an 8 Meán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Daniel Obajtek an 12 Feabhra 2026 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115;</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0115/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i litir dar dáta an 21 Iúil 2025, gur tharchuir Ard-Ionchúisitheoir Phoblacht na Polainne iarraidh ó Oifig an Ionchúisitheora Phoblact Réigiún Vársá, ar tharscaoileadh dhíolúine Daniel Obajtek, feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh sa Pholainn, i ndáil leis an gcion líomhnaithe faoi Airteagal 233(1) de Chód Coiriúil na Polainne agus Airteagal 49 i gcomhar le hAirteagal 3 de Dhlí an Phreasa an 26 Eanáir 1984;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata ar tharscaoileadh díolúine, gur chuir Oifig Ionchúisitheoir Réigiún Vársá tús le himscrúdú an 15 Bealtaine 2024 mar gheall ar fhianaise bhréagach líomhnaithe; de bhrí, de réir na hiarrata sin, gur chomhdaigh beirt duine an fhianaise bhréagach líomhnaithe sin an 11 Bealtaine 2023, lena n-áirítear Daniel Obajtek ina cháil mar fhinné agus tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin dliteanas coiriúil a tabhaíodh i gcás fianaise bhréagach, sna himeachtaí os comhair Chúirt Réigiúnach Vársá-Śródmieście i Vársá i leith na caingne sibhialta a thionscain an t-iarratasóir i gcoinne an chosantóra i leith cion dá dtagraítear in Airteagal 212(2) de Chód Coiriúil na Polainne, maidir le clúmhilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, gur thug Polski Koncern Naftowy ORLEN Spółka Akcyjna conradh i gcrích maidir le dáileadh na hirise seachtainiúla ‘NIE’, arna foilsiú ag an gcuideachta faoi dhliteanas teoranta URMA ag gach díolphointe ag stáisiúin seirbhíse ORLEN; de bhrí gur dáileadh eagrán 10 den iris sheachtainiúil an 10 Márta 2023; de bhrí, an 14 Márta 2023, i Vársá, gur líomhnaíodh gur iarr Daniel Obajtek ina cháil mar chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí Polski Koncern Naftowy ORLEN Spółka Akcyjna, go mbainfí eagrán 10/2023 den iris sheachtainiúil ‘NIE’ mar ábhar práinne ó sheilfeanna na n-asraonta uile de chuid Polski Koncern Naftowy ORLEN Spółka Akcyjna – toisc gur léiríodh ar chlúdach eagrán na hirise seachtainiúla sin íomhá den Phápa Eoin‑Pól II agus cros chéasta ina lámha aige, ina raibh bábóg nochta crochta ar an gcros in ionad Íosa agus mar gheall ar ábhar na hirise inar cuireadh in iúl ar bhealach diúltach na bearta a ghlac an Pápa Eoin Pól II maidir leis an tsaincheist a bhaineann le teacht i dtír gnéasach ar mhionaoisigh ag baill na cléire – agus nach mbeadh sí ar fáil a thuilleadh lena dhíol, rud a chuir teorainn le ceannach na hirise, a gheall Polski Koncern Naftowy ORLEN Spółka Akcyjna a dháileadh, ar sárú é a thagann faoi raon feidhme Airteagal 49, i gcomhar le hAirteagal 3 de Dlí an Phreasa an 26 Eanáir 1984;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur toghadh Daniel Obajtek chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024 agus, dá bhrí sin, nach raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe, ná tráth thionscnamh an imscrúdaithe choiriúil i leith na gcionta líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach bhfuil baint ag na cionta líomhnaithe agus an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine Daniel Obajtek leis an tuairim a thug sé ná leis an vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear sa chéad mhír, pointe(a) d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa go bhfuil aga Feisirí , i gcríoch a mBallstáit féin, na díolúintí a thugtar d’fheisirí pharlaimint <STRING HIGHLIGHT="on">a</STRING> mBallstá<STRING HIGHLIGHT="on">i</STRING>t féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, ón lá a fógraíodh torthaí na dtoghchán go dtí an lá a rachaidh a shainordú nó a sainordú in éag, nach gcuirfear teachta faoi réir cuntasacht choiriúil gan toiliú <STRING ITALIC="on">Sejm</STRING> Phoblacht na Polainne agus nach gcoinneofar ná nach ngabhfar é nó í gan toiliú <STRING ITALIC="on">Sejm</STRING>, ach amháin i gcásanna inar gabhadh é nó í agus cion á dhéanamh aige nó aici agus inar gá é nó í a choinneáil chun conair cheart na n-imeachtaí a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh Parlaimint na hEorpa aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin le rá nach cosúil gurb é rún na n-imeachtaí dlíthiúla i dtrácht dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Daniel Obajtek mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, dá bhrí sin, do neamhspleáchas na Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, nach féidir Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint na hEorpa, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Daniel Obajtek a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na Polainne agus chuig Daniel Obajtek.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>