<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0107</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Tomasz Buczek</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0116/2026 -  Rapóirtéir:David Cormand)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Tomasz Buczek (2025/2193(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Tomasz Buczek a chuir Cúirt Dúiche Tarnobrzeg, an Dara Dlísheomra Coiriúil, ar aghaidh le litir dar dáta an 12 Meán Fómhair 2025, i dtaca le himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ina choinne trí dhíotáil phríobháideach arna comhdú ag ionadaí dlíthiúil an ionchúisitheora phríobháidigh, agus a cuireadh in iúl sa suí iomlánach an 6 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di éisteacht a thabhairt do Tomasz Buczek an 23 Márta 2026 agus ag féachaint do na doiciméid a thíolaic sé, i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 8 agus d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) den Ionstraim maidir le toghadh Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach an 20 Meán Fómhair 1976,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne:
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0116/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i litir dar dáta an 12 Meán Fómhair 2025, gur tharchuir Cúirt Dúiche Tarnobrzeg, an Dara Dlísheomra Coiriúil, an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Tomasz Buczek, Feisire do Pharlaimint na hEorpa a toghadh sa Pholainn, i ndáil le díotáil phríobháideach a comhdaíodh ina choinne mar gheall ar chion líomhnaithe faoi Airteagal 217(1) de Chód Coiriúil na Polainne;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata ar tharscaoileadh díolúine, an 21 Meán Fómhair 2024, gur tionóladh slógadh toghcháin in Tarnobrzeg i láthair Tomasz Buczek; de bhrí gur ghlac an t-iarratasóir príobháideach páirt sa chruinniú thuasluaite, go háirithe trína thuairimí a chur in iúl maidir le hábhair pholaitiúla, lena n-áirítear gníomhaíochtaí Tomasz Buczek; de bhrí, de réir na hiarrata ar tharscaoileadh díolúine, gur sciob Tomasz Buczek an mionmheigeafón a bhí ag an iarratasóir príobháideach ina lámha chun a ghlór a dhéanamh inchloiste agus de bhrí go líomhnaíodh go raibh an ghníomhaíocht chomh foréigneach sin nach bhfuil an meigeafón ag feidhmiú a thuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go líomhnaítear go bhfuil na heilimintí a chomhdhéanann ionsaí ar shláine fhisiciúil ag gníomh Tomasz Buczek, cion dá dtagraítear in Airteagal 217(1) de Chód Coiriúil na Polainne;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur toghadh Tomasz Buczek chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha in 2024 agus go raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach bhfuil baint ag an gcion líomhnaithe agus an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine Tomasz Buczek leis aon tuairim a thug sé ná leis na vótaí a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear, le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a mBallstáit féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, ón lá a fógraíodh torthaí na dtoghchán go dtí an lá a rachaidh a shainordú nó a sainordú in éag, nach gcuirfear teachta faoi réir cuntasacht choiriúil gan toiliú <STRING ITALIC="on">Sejm</STRING> Phoblacht na Polainne agus nach gcoinneofar ná nach ngabhfar é nó í gan toiliú an <STRING ITALIC="on">Sejm</STRING>, ach amháin i gcásanna inar gabhadh é nó í agus cion á dhéanamh aige nó aici agus inar gá é nó í a choinneáil chun conair cheart na n-imeachtaí a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine,dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh  Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh Parlaimint na hEorpa aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá nach cosúil é gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Diana Iovanovici Șoșoacă ina cáil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus de bhrí sin, do neamhspleachas Pharlaimint na hEorpa
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar ‘chosantóir’<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v an Pharlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Tomasz Buczek a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na Polainne agus chuig Tomasz Buczek.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>