<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0108</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Diana Iovanovici Şoşoacă</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0117/2026 -  Rapóirtéir:Dominik Tarczyński)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Diana Iovanovici Şoşoacă (2025/2196(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Diana Iovanovici Şoşoacă, a fuarthas le litir dar dáta an 24 Meán Fómhair 2025 ó Aire Ceartais na Rómáine, lenar tarchuireadh iarraidh ón Oifig Ionchúisitheora Phoiblí a ghabhann le hArd-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas na Rómáine,  i dtaca le himeachtaí coiriúla atá tionscanta i gcoinne Diana Iovanovici Şoşoacă, agus a fógraíodh sa Pharlaimint an 9 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis di éisteacht a thabhairt do Diana Iovanovici Şoşoacă an 24 Márta 2026 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra</STRING> v <STRING ITALIC="on">De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C 163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 72(1) agus (2) de Bhunreacht na Rómáine,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0117/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i litir dar dáta an 24 Meán Fómhair 2025, gur tharchuir Aire Dlí agus Cirt na Rómáine iarraidh ó Oifig Ionchúisitheora na hArd-Chúirte um Achomharc agus um Cheartas na Rómáine, , ar dhíolúine Diana Iovanovici Şoşoacă, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh sa Rómáin, a tharscaoileadh, i dtaca  le himeachtaí coiriúla a bhaineann le roinnt cionta a líomhnaítear a rinneadh ar dhátaí éagsúla idir an 10 Nollaig 2021 agus an 11 Feabhra 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, go ndearna triúr duine gearán lena líomhnaítear gur bhain Diana Iovanovici Șoșoacă agus daoine eile a saoirse de na gearánaigh agus ar cheathrú duine ar feadh tuairim is 20 nóiméad idir 15:40 agus 16:00 an 10 Nollaig 2021, in árasán i mBúcairist; de bhrí gur cion  de bhun Airteagal 205(1) de Chód Coiriúil na Rómáine é an ghníomhaíocht líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, an 28 Feabhra 2024, gur thug Institiúid Náisiúnta ‘Elie Wiesel’ Rialtas na Rómáine um Staidéar ar an Uileloscadh sa Rómáin fógra d’údaráis bhreithiúnacha gur líomhnaíodh, an 19 Feabhra 2024, ar shuíomh gréasáin oifigiúil pháirtí SOS România, gur foilsíodh preaseisiúint ón bpáirtí sin arna síniú ag Diana Iovanovici Șoșoacă, mar uachtarán ar an bpáirtí céanna, inar líomhnaíodh gur ghlóraigh sí duine a ciontaíodh mar choirpeach cogaidh faoi Dhlí na Rómáine Uimh. 312/1945 chun na daoine sin atá ciontach as an tír a thabhairt chun tubaiste náisiúnta nó as coireanna cogaidh a ionchúiseamh agus a phionósú; de bhrí gurb ionann an ghníomhaíocht líomhnaithe agus cion de bhun Airteagal 5 d’Ordú Rialtais Éigeandála Uimh. 31/2002 ón Rómáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, an 27 Bealtaine 2024, gur thuairiscigh an Lárionad um Fhaireachán agus um Chomhrac an Fhrithsheimíteachais sa Rómáin, an 13 Bealtaine agus an 14 Bealtaine 2024, go líomhnaítear go ndearna Diana Iovanovici Șoșoacă ráitis phoiblí, lena n-áirítear trína cuntas poiblí Facebook, agus í ar áitreabh Pharlaimint na Rómáine, inar chuir sí coireanna stairiúla i gcoinne mhuintir na Rómáine i leith na nGiúdach i dteannta a chéile; de bhrí gurb ionann an ghníomhaíocht líomhnaithe agus cion de bhun Airteagal 3 de Dhlí Uimh. 157/2018 na Rómáine maidir le bearta chun an frithsheimíteachas a chosc agus a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, an 14 Bealtaine 2024, go líomhnaítear go ndearna Diana Iovanovici Șoșoacă, agus í ar áitreabh Pharlaimint na Rómáine chun freastal ar chomhshuí de Theach na dTeachtaí agus de Sheanad na Rómáine, ráitis inar cuireadh coireanna stairiúla i gcoinne mhuintir na Rómáine i leith na nGiúdach i dteannta a chéile; de bhrí gurb ionann an ghníomhaíocht líomhnaithe agus cion de bhun Airteagal 6(1) de Reacht Rialtais Éigeandála Uimh. 31/2002 ón Rómáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, an 5 agus an 6 Deireadh Fómhair 2024, go líomhnaítear go ndearna Diana Iovanovici Șoșoacă roinnt ráiteas poiblí ar líne inar glóiríodh daoine agus gluaiseachtaí áirithe a measadh a rinne coireanna cogaidh nó a ghlac páirt i gcoireanna cogaidh faoi dhlí náisiúnta na Rómáine, agus inar cuireadh coireanna stairiúla agus reiligiúnacha i leith na nGiúdach i dteannta a chéile; de bhrí gur cionta de bhun Airteagal 5 de Reacht Rialtais Éigeandála Uimh. 31/2002 ón Rómáin iad na gníomhaíochtaí líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, an 1 Nollaig 2024, gur líomhnaíodh gur mhol Diana Iovanovici Șoșoacă go poiblí duine a ciontaíodh i gcoireanna cogaidh faoi dhlí náisiúnta na Rómáine, trí ráitis a rinneadh ar líne agus i ngníomhartha chun smaointe agus coincheapa léigiúnacha (a bhain le heagraíocht Gharda Iarainn na Rómáine) agus smaointe agus coincheapa ciníocha agus seineafóbacha a chur chun cinn go poiblí i ndáil leis an bpobal Giúdach; de bhrí gur cionta de bhun Airteagal 5 de Reacht  Rialtais Éigeandála Uimh. 31/2002 ón Rómáin iad na gníomhaíochtaí líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, an 15 Nollaig 2024, go líomhnaítear gur bhagair Diana Iovanovici Șoșoacă go díreach go ndéanfadh sí gníomhartha foréigin i gcoinne beirt phóilíní agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu a bhaineann le fíneáil riaracháin a forchuireadh roimhe sin; de bhrí gurb ionann an ghníomhaíocht líomhnaithe agus cion de bhun Airteagal 257(1) agus (4) de Chód Coiriúil na Rómáine;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, an 25 Feabhra 2025, gur thug an Institiúid um Imscrúdú ar Choireanna Cumannacha agus Cuimhne Dheoraithe na Rómáine, ar eagraíocht rialtais í, fógra d’údaráis bhreithiúnacha gur thug Diana Iovanovici Șoșoacă óráid ag suí iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2025, inar líomhnaíodh gur mhol sí dá comhghleacaithe straitéisí beartais eachtraigh a fhorbairt atá múnlaithe ar straitéisí beartais eachtraigh Nicolae Ceaușescu, a ciontaíodh i gcinedhíothú de bhun bhreithiúnas an 25 Nollaig 1989 ó Bhinse Míleata Críochach Bhúcairist; de bhrí gurb ionann an ghníomhaíocht líomhnaithe agus cion de bhun Airteagal 5 de Reacht Rialtais Éigeandála Uimh. 31/2002 ón Rómáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur toghadh Diana Iovanovici Șoșoacă chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2024, agus, dá bhrí sin, nach raibh sí ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa tráth a rinneadh aon cheann de na gníomhaíochtaí líomhnaithe a luaitear san iarraidh, ar gníomhaíochtaí iad a rinneadh an 10 Nollaig 2021, an 19 Feabhra 2024, agus an 13 agus an 14 Bealtaine 2024; de bhrí go raibh Diana Iovanovici Șoșoacă ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na ngníomhaíochtaí líomhnaithe a luadh san iarraidh a rinneadh an 5 agus an 6 Deireadh Fómhair 2024, an 1 Nollaig 2024, an 15 Nollaig 2024 agus an 11 Feabhra 2025; de bhrí, cé is moite de na gearáin nó na himeachtaí coiriúla i gcoinne Diana Iovanovici Șoșoacă maidir le gníomhaíochtaí líomhnaithe an 10 Nollaig 2021 agus an 19 Feabhra 2024, gur tionscnaíodh gach imeacht coiriúil eile tar éis di a bheith tofa mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ‘nach bhfuil Feisirí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh’;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí go mbaineann an cion líomhnaithe a rinneadh an 11 Feabhra 2025 maidir le glóiriú líomhnaithe Nicolae Ceaușescu, a ciontaíodh mar choirpeach cogaidh faoi dhlí náisiúnta na Rómáine, le ráiteas a rinne sí le linn shuí iomlánach Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg le linn díospóireacht ar an ‘Straitéis chuimsitheach níos leithne idir AE agus an Meánoirthear’; de bhrí, dá bhrí sin, gurb ionann an ráiteas sin agus tuairim arna tabhairt nó vóta arna chaitheamh ag Diana Iovanovici Șoșoacă i gcomhlíonadh a dualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí nach ionann na cionta uile líomhnaithe eile, agus nach bhfuil baint ag an iarraidh atá fós ann ar dhíolúine Diana Iovanovici Șoșoacă a tharscaoileadh le haon tuairim a thug sí ná le vóta a chaith sí agus a dualgais á gcomhlíonadh aici de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go dteachtfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a mBallstáit féin, na díolúintí a thugtar d’fheisirí pharlaimint a mBallstáit féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 72(1) agus (2) de Bhunreacht na Rómáine an méid seo a leanas:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
‘1.	ní thabharfar aon Teachta ná Seanadóir chun cuntais go breithiúnach as vótaí a caitheadh ná as tuairimí polaitiúla a nochtadh le linn dóibh a n-oifig a fheidhmiú;
</CONS><CONS>
2.	féadfaidh na Teachtaí agus na Seanadóirí a bheith faoi réir imscrúdú coiriúil, nó féadfar iad a ionchúiseamh go coiriúil i leith gníomhartha nach mbaineann lena vótaí ná lena dtuairimí polaitiúla arna dtabhairt i bhfeidhmiú a n-oifige, ach ní dhéanfar iad a chuardach, a choinneáil ná a ghabháil gan toiliú an Dlísheomra lena mbaineann siad, tar éis éisteacht a fháil. Is í Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí a ghabhann leis an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas amháin a dhéanfaidh an t-imscrúdú agus an t-ionchúiseamh. Beidh dlínse ag an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas ar an gcás seo’;
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh Parlaimint na hEorpa aon fhianaise ar <STRING ITALIC="on">fumus persecutionis</STRING>, is é sin le rá nach cosúil é gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht dochar a dhéanamh do  ghníomhaíocht pholaitiúil Diana Iovanovici Șoșoacă ina cáil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus dá bhrí sin, do neamhspleachas Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Pharlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Diana Iovanovici Şoşoacă a tharscaoileadh i leith na gcionta líomhnaithe dá dtagraítear i bpointí B, C, D, E, F, G agus H;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cinneadh gan díolúine Diana Iovanovici Şoşoacă a tharscaoileadh i leith an chiona líomhnaithe dá dtagraítear i bpointe I;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla na Rómáine agus chuig Diana Iovanovici Şoşoacă.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>