<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0109</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Grzegorz Braun</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0118/2026 - Rapóirtéir:Adrián Vázquez Lázara)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Grzegorz Braun (2025/2241(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Grzegorz Braun, a fuarthas le litir dar dáta an 31 Deireadh Fómhair 2025 ó Ard-Ionchúisitheoir Phoblacht na Polainne, lena dtarchuirtear iarraidh ó Ardcheannasaí Phóilíní na Polainne i dtaca le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh i gcoinne Grzegorz Braun, agus a fógraíodh sa Pharlaimint an 13 Samhain 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhíoras go meastar gur dhiúltaigh Grzegorz Braun dá cheart chun éisteachta i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marra v De Gregorio agus Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch v an Pharlaimint</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch v an Pharlaimint</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0118/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i litir dar dáta an 31 Deireadh Fómhair 2025, gur tharchuir Ard-Ionchúisitheoir Phoblacht na Polainne iarraidh ó Ardcheannasaí Phóilíní na Polainne ar dhíolúine Grzegorz Braun, Feisire de Pharlaimint na hEorpa arna thoghadh sa Pholainn, a tharscaoileadh, i ndáil le cionta líomhnaithe a tharla in 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, an 10 Iúil 2025, le linn chomóradh 84 bliana ar shléacht an phobail Ghiúdaigh, agus iad ina seasamh le grúpa daoine i lár bóthair phoiblí in Jedwabne, go líomhnaítear gur chuir Grzegorz Braun bac ar thrácht ar an mbóthar sin; de bhrí gur cion faoi Airteagal 90(1) d’Acht an 20 Bealtaine 1971 – Cód na Míghníomhartha í an ghníomhaíocht líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de réir na hiarrata, an 10 Iúil 2025, in Jedwabne, gar don bhealach isteach chuig Reilig na nGiúdach, le linn chomóradh 84 bliana ar shléacht an phobail Ghiúdaigh, agus é ag seasamh le grúpa daoine i lár bóthair phoiblí, go líomhnaítear nár chomhlíon Grzegorz Braun orduithe a d’eisigh oifigeach póilíneachta inar iarradh air é féin a iompar i gcomhréir leis an dlí agus cead a thabhairt d’fheithiclí dul thart, rud a chuir bac suntasach agus d’aon ghnó ar chomhlíonadh dualgas oifigiúil; de bhrí gur cion faoi Airteagal 65a d’Acht an 20 Bealtaine 1971 – Cód na Míghníomhartha í an ghníomhaíocht líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur toghadh Grzegorz Braun chun Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i Meitheamh 2024 agus mar sin go raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí nach ionann na cionta líomhnaithe, agus nach bhfuil baint ag an iarraidh dá éis sin ar dhíolúine Grzegorz Braun a tharscaoileadh, le haon tuairim a chuir sé in iúl nó le haon vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go dteachtfaidh a Feisirí, i gcríoch a mBallstáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a mBallstáit féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 105(2) agus (5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne, ón lá a fógraíodh torthaí na dtoghchán go dtí an lá a rachaidh a shainordú nó a sainordú in éag, nach gcuirfear teachta faoi réir cuntasacht choiriúil gan toiliú Sejm Phoblacht na Polainne agus nach gcoinneofar ná nach ngabhfar é nó í gan toiliú an Sejm, ach amháin i gcásanna inar gabhadh é nó í agus cion á dhéanamh aige nó aici agus inar gá é nó í a choinneáil chun conair cheart na n-imeachtaí a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh Parlaimint na hEorpa aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin le rá nach cosúil gurb é rún na n-imeachtaí dlíthiúla i dtrácht dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Grzegorz Braun mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, agus, dá bhrí sin, do neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois v Parlaimint</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Grzegorz Braun a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na Polainne agus chuig Grzegorz Braun.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>