<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0110</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Alvise Pérez</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0119/2026 -  Rapóirtéir:Mario Furore)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Alvise Pérez (2025/2222(IMM))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Alvise Pérez (Luis Pérez Fernández) a tharscaoileadh, arna tíolacadh ag Cúirt Uachtarach na Spáinne trí litir dar dáta an 7 Deireadh Fómhair 2025, i dtaca le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh ina choinne agus a fógraíodh sa Pharlaimint an 22 Deireadh Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>tar éis éisteacht a thabhairt do Alvise Pérez an 24 Márta 2026, i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, <STRING ITALIC="on">Marr</STRING>a v <STRING ITALIC="on">De Gregorio and Clemente</STRING>, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parliament</STRING>, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, <STRING ITALIC="on">Patriciello</STRING>, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, <STRING ITALIC="on">Gollnisch</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parliament</STRING>, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, <STRING ITALIC="on">Junqueras Vies</STRING>, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 71(1) agus (2) de Bhunreacht na Spáinne,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0119/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i litir dar dáta an 7 Deireadh Fómhair 2025, gur iarr Uachtarán Chúirt Uachtarach na Spáinne go ndéanfaí díolúine Alvise Pérez, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh sa Spáinn, a tharscaoileadh i dtaca le cionta líomhnaithe a tharla in 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go léirítear san iarraidh go líomhnaítear gur fhoilsigh riarthóir cainéil Telegram ar a dtugtar ‘<STRING ITALIC="on">Alvise Pérez Cha</STRING>t’ ráitis i mí Eanáir agus i mí Feabhra 2024 ina léirítear ainmneacha ‘na ndaoine atá freagrach as an ngéarleanúint idé-eolaíoch ar a dtugtar coireanna fuatha’, ag tagairt go háirithe don ionchúisitheoir poiblí tarmligthe um choireanna fuatha in Valencia; de bhrí gur ghin na ráitis a foilsíodh ar an gcainéal sin freagairt láithreach ó go leor leantóirí den chainéal, a sheol níos mó ná 1 500 trácht chuig an ionchúisitheoir poiblí tarmligthe sin, de chineál maslach den chuid is mó; de bhrí go bhféadfadh an t-iompar líomhnaithe a bheith ina gcionta ciaptha nó stalcaireachta, ina ghríosú chun ionsaí a dhéanamh ar údarás nó ar oifigeach poiblí, ina chomhéigean agus/nó ina scaipeadh fuatha trí na meáin shóisialta, de bhun Airteagal 172-b agus Airteagal 18(1) de Chód Coiriúil na Spáinne i dtaca le hAirteagal 553 de Chód Coiriúil na Spáinne.
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur toghadh Alvise Pérez chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i Meitheamh 2024 agus nach raibh sé, dá bhrí sin, ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth na gcionta líomhnaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí nach ionann na cionta líomhnaithe, agus nach bhfuil baint ag an iarraidh dá éis sin ar dhíolúine Alvise Pérez a tharscaoileadh, le tuairim a chuir sé in iúl ná le vóta a chaith sé i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, go dteachtfaidh a Feisirí, i gcríoch a mBallstáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a mBallstáit féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 71(1) agus (2) de Bhunreacht na Spáinne an méid seo a leanas:
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
‘(1).	Beidh pribhléid iomlán ag teachtaí agus ag seanadóirí i ndáil le tuairimí a nochtar le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh..
</CONS><CONS>
(2).	Le linn a dtéarma oifige, beidh díolúine freisin ag teachtaí agus ag seanadóirí agus ní fhéadfar iad a ghabháil ach amháin má fhaightear iad i mbun cion a dhéanamh. Ní féidir iad a chúiseamh ná a ionchúiseamh gan údarú roimh ré ón dlísheomra dlíthiúil ábhartha’;
</CONS></GRCONS><GRCONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb é is cuspóir don díolúine dá bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh an Pharlaimint agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhlíonadh dualgas parlaiminteach agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) dá Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta í díolúine pharlaiminteach don Fheisire, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa ina hiomláine agus a Feisirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh Parlaimint na hEorpa aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin le nach cosúil gurb é rún na n-imeachtaí dlíthiúla i dtrácht dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Alvise Pérez mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus, dá bhrí sin, do neamhspleáchas Pharlaimint na hEorpa;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh uirthi féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir<FOOTNOTE><FIELD> breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, <STRING ITALIC="on">Briois</STRING> v <STRING ITALIC="on">Parliament</STRING>, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cinneadh díolúine Alvise Pérez a tharscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla Ríocht na Spáinne agus chuig Alvise Pérez.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST></SDOCTA>