<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0115</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Leas madraí agus cat agus a n-inrianaitheacht</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0104/2025 - Rapóirtéir: Veronika Vrecionová)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas madraí agus cat agus a n-inrianaitheacht (COM(2023)0769 – C9-0443/2023 – 2023/0447(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0769),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 agus Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0443/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Márta 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/3388, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3388/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Nollaig 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0104/2025),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é<FOOTNOTE><FIELD> Cuirtear an seasamh seo in ionad na leasuithe a glacadh an 19 Meitheamh 2025 (IO C, C/2025/6280, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6280/oj).</FIELD></FOOTNOTE>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur sonrú sna ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’<STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P10_TC1-COD(2023)0447</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Aibreán 2026 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas madraí agus cat agus a n-inrianaitheacht</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2026/1818.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">Ráitis maidir le Rialachán (AE) 2026/1818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2026 maidir le leas madraí agus cat agus a n-inrianaitheacht</STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">+</STRING> IO L, 2026/1818, 10.8.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1818/oj.</FIELD></FOOTNOTE></STI>
<STRING BOLD="on">Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an bpas peata </STRING>

Measann an Coimisiún gur rud dearfach é an tionscnamh chun digitiú an phas peataí a bunaíodh faoi Dhlí an Aontais maidir le Sláinte Ainmhithe a chumasú. Tá measúnú mionsonraithe cuimsitheach ar impleachtaí agus módúlachtaí teicniúla agus praiticiúla an chuspóra digitithe sin le déanamh laistigh de 2 bhliain, i gcomhar leis na Ballstáit, lena n-áirítear breithniú a dhéanamh ar mhórchoinníollacha teicniúla, praiticiúla agus bonneagair agus ar an rogha an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a úsáid, ar rogha í a forbraíodh a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Déanfaidh an Coimisiún breithniú ar ghlacadh gníomhartha tarmligthe faoin Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe chun foráil a dhéanamh maidir leis an bpas peataí a dhigitiú a luaithe a bheidh na céimeanna sin curtha i gcrích.

<STRING BOLD="on">Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an liosta dearfach peataí</STRING>

Mar a fógraíodh in athbhreithniú 2022 ar phlean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra, sheol an Coimisiún staidéar ar an ngá atá le ‘liosta dearfach peataí’ a thabhairt isteach ar fud an Aontais, ar an mbreisluach a bhaineann leis sin agus ar a indéanta atá sé é sin a dhéanamh. Cuirfear tuarascáil chríochnaitheach an staidéir sin ar fáil go poiblí go luath in 2026. Breithneoidh an Coimisiún an bhfuil gá le haon obair leantach.’
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>