<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0119</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Rialú ghníomhaíochtaí airgeadais Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta — tuarascáil bhliantúil 2024</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0086/2026 -  Rapóirtéir:Dick Erixon)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 maidir le rialú ghníomhaíochtaí airgeadais Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2024 (2025/2237(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2024 ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) an 30 Eanáir 2025 dar teideal ‘Tosaíochtaí chun rathúnais’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Infheistíochta BEI 2024/2025 an 5 Márta 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">Innovation, integration and simplification in Europe</STRING> [Nuálaíocht, lánpháirtiú agus simpliú san Eoraip], agus do Thuarascáil Infheistíochta BEI 2023/2024 an 7 Feabhra 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">Transforming for competitiveness</STRING> [Claochlú don iomaíochas],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Ghrúpa BEI ar chur chun feidhme Bheartas Trédhearcachta Ghrúpa BEI in 2023, a foilsíodh an 1 Iúil 2024, agus do Bheartas Trédhearcachta Ghrúpa BEI, arna formheas an 17 Samhain 2021 agus arna leasú an 16 Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threochlár Straitéiseach 2024-2027 ó Ghrúpa BEI an 21 Meitheamh 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil 2023/2024 ar an Tionchar Domhanda ó BEI an 13 Meitheamh 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2025/504 ón gComhairle an 11 Márta 2025 lena leasaítear Prótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1 </STRING>IO L, 2025/504, 14.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/504/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Phlean Gníomhaíochta um Shlándáil agus Cosaint ó Ghrúpa BEI a tíolacadh ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais i Lucsamburg an 12 Aibreán 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phlean Oibríochtúil 2024-2026 ó Ghrúpa BEI an 9 Feabhra 2024 agus do Phlean Oibríochtúil 2025-2027 ó Ghrúpa BEI an 30 Eanáir 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thríú tuarascáil bhliantúil ó Ghrúpa BEI an 15 Iúil 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">EIB Group activities in EU cohesion regions</STRING> [Gníomhaíochtaí Ghrúpa BEI i réigiúin chomhtháthaithe an Aontais Eorpaigh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chinneadh ó Bhord BEI an 21 Márta 2025 lena dteorannaítear gníomhaíochtaí eisiata, a leanann an seasamh ón gComhairle Eorpach dar dáta an 6 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Aontas Coigiltis agus Infheistíochta - Straitéis chun Rachmas agus Iomaíochas Eacnamaíoch na Saoránach a Chothú san Aontas Eorpach’ (COM(2025)0124),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 10 Meitheamh 2025 ó Ghrúpa BEI dar teideal <STRING ITALIC="on">Complaints Mechanism – 2024 annual report</STRING> [Sásra Gearán — tuarascáil bhliantúil 2024],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascálacha bliantúla ó Choiste Iniúchóireachta BEI don bhliain 2024, a foilsíodh an 12 Meán Fómhair 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil BEI an 26 Meitheamh 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">EIB Group support for EU businesses: Evidence of impact in addressing market failures</STRING> [Tacaíocht Ghrúpa BEI do ghnólachtaí an Aontais Eorpaigh: Fianaise ar thionchar maidir le haghaidh a thabhairt ar chliseadh sa mhargadh],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Márta 2024 dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch nua um an gCosaint Eorpach: Ullmhacht san Aontas a bhaint amach trí thionscal cosanta na hEorpa atá níos freagrúla agus níos athléimní’ (JOIN(2024)0010),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 22/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 21 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Cistiú dúbailte ó bhuiséad an Aontais’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 07/2025 ó CIE an 19 Márta 2025 dar teideal ‘An Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Ghrúpa BEI an 8 Lúnasa 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">December 2024 - European Investment Bank Group Risk Management Disclosure Report</STRING> [Nollaig 2024 - Tuarascáil ó Ghrúpa BEI ar Nochtadh Bainistíochta Riosca],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2024 ó Ghrúpa BEI maidir le hImscrúduithe, a foilsíodh an 4 Lúnasa 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Márta 2025 dar teideal ‘Páipéar Bán Comhpháirteach maidir le hUllmhacht Cosanta na hEorpa 2030’ (JOIN(2025)0120),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil mhí Iúil 2025 ó Ghrúpa BEI dar teideal <STRING ITALIC="on">EIB Group’s contribution to the European Union’s 2021 – 2027 Multiannual Financial Framework (MFF): A synthesis of evaluative evidence</STRING> [Rannchuidiú Ghrúpa BEI le Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 an Aontais Eorpaigh: sintéis d’fhianaise mheastóireachta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do staidéar ó 2024 ón gCoimisiún dar teideal <STRING ITALIC="on">Access to equity financing for European defence SMEs</STRING> [Rochtain ar mhaoiniú cothromais do FBManna cosanta na hEorpa]<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2 </STRING>An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um an Tionscal Cosanta agus an Spás <STRING ITALIC="on">Access to equity financing for European defence SMEs</STRING>, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024, https://data.europa.eu/doi/10.2889/698738.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim 01/2026 ó CIE an 12 Eanáir 2026,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do ráiteas CC 1/2025 ó Choiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh an 30 Meán Fómhair 2025 maidir le hiniúchadh poiblí seachtrach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil ó Enrico Letta an 17 Aibreán 2024 dar teideal <STRING ITALIC="on">Much more than a Market – Speed, Security, Solidarity: empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens</STRING> [Margadh Thar an gCoitiantacht – Luas, slándáil, dlúthpháirtíocht: an Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas a bhaint amach do shaoránaigh uile an Aontais] (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 25 Aibreán 2024 ón gcoiste saineolaithe faoi chathaoirleacht Christian Noyer dar teideal <STRING ITALIC="on">Developing European capital markets to finance the future</STRING> [Margaí caipitil na hEorpa a fhorbairt chun an todhchaí a mhaoiniú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 9 Meán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal <STRING ITALIC="on">The future of European competitiveness</STRING> [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don phreasráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, an 4 Márta 2025 maidir leis an bpacáiste cosanta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 12 Márta 2025 ar an bpáipéar bán maidir le todhchaí chosaint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3 </STRING>IO C, C/2025/3151, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3151/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do liosta na ngníomhaíochta eisiata ó Ghrúpa BEI, a foilsíodh an 17 Iúil 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0086/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil Grúpa BEI comhdhéanta de BEI — an institiúid airgeadais iltaobhach is mó ar domhan, atá faoi úinéireacht iomlán Bhallstáit an Aontais — agus den Chiste Eorpach Infheistíochta (CEI); de bhrí gur cheart gurb é a bheadh i ngníomhaíochtaí bainc phoiblí dul i ngleic le teipeanna soiléire sa mhargadh agus le bearnaí infheistíochta i gcás ina bhfuil maoiniú príobháideach in easnamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur cheart do Ghrúpa BEI, i gcomhréir le forálacha Chonarthaí an Aontais, rannchuidiú le forbairt chothromaithe agus sheasta an mhargaidh inmheánaigh chun leas an Aontais; de bhrí gur cheart dá infheistíochtaí díriú ar thionscadail a sholáthraíonn breisíocht agus luach ar airgead inléirithe agus arb é is aidhm dóibh an margadh inmheánach a fhorbairt, nó ar thionscadail leasa choitinn nach féidir a mhaoiniú go hiomlán leis na modhanna atá ar fáil i mBallstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur cheart do mhaoiniú BEI buiséid náisiúnta agus maoiniú príobháideach a chomhlánú, seachas teacht ina n-ionad, agus prionsabal na coimhdeachta a urramú, go háirithe i réimsí beartais a bhfuil inniúlacht náisiúnta go príomha acu; de bhrí nach mór do mhaoiniú BEI breisluach soiléir a sholáthar don Aontas agus torthaí intomhaiste a léiriú ó thaobh na breisíochta fíre de;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn Grúpa BEI le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn laistigh den Aontas agus go dtacaíonn sé le beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt trí bhearta a chuirtear chun feidhme lasmuigh den Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go n-iarrtar i dtuarascálacha Letta agus Draghi maidir le todhchaí an Aontais go neartófaí iomaíochas an Aontais, go leagtar béim iontu ar ról ríthábhachtach chomhtháthú an mhargaidh agus go leagtar béim iontu ar an ngá atá le dlús a chur leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach araon chun Eoraip níos láidre a thógáil; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag Grúpa BEI, go háirithe trí CEI, maidir le tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar a gcumas rochtain a fháil ar mhargaí airgeadais; de bhrí gur cheart ról BEI sa tithíocht a mheasúnú de réir critéir bhreisíochta, agus iarrachtaí náisiúnta a chomhlánú seachas teacht ina n-ionad;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur sócmhainn straitéiseach don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit í an rátáil chreidmheasa AAA atá ag BEI;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go ndírítear sa tuarascáil seo ar an ngné rialaithe de ghníomhaíochtaí BEI agus go ndéantar measúnú inti ar luach ar airgead, ar chuntasacht agus ar bhainistiú fónta acmhainní an Aontais; de bhrí go bhfágann leathnú leanúnach shainordú BEI agus an méadú ar ráthaíochtaí bhuiséad an Aontais a thacaíonn le hoibríochtaí BEI gur dlisteanach agus riachtanach go bhfásfaidh leibhéal an ghrinnscrúdaithe sheachtraigh dá réir;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí nach mór don chuntasacht dhaonlathach leanúint de bheith ar chomhchéim le ról BEI, atá ag fás; de bhrí gur cheart go mbeadh doimhneacht agus cáilíocht mhaoirseacht na Parlaiminte ar oibríochtaí airgeadais BEI i gcomhréir le déine an chomhair idir BEI agus an Coimisiún, rud atá an-suntasach anois; de bhrí gur cheart cuntasacht dhaonlathach agus trédhearcacht níos fearr a bheith ag gabháil le ról méadaitheach BEI; de bhrí go gcuirfeadh grinnscrúdú parlaiminteach méadaithe le cuntasacht dhaonlathach BEI agus go n-éilítear leis sin tuairisciú trédhearcach, rochtain ar iniúchóireacht agus obair leantach struchtúrtha ar mholtaí na Parlaiminte;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go rannchuidíonn cosaint éifeachtach do sceithirí agus iriseoireacht iniúchach le calaois a chosc agus le bainistíocht fhónta airgeadais a shaothrú, toisc go bhfeabhsaíonn siad trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go bhfuil BEI faoi úinéireacht na mBallstát, agus go bhfuil EUR 248.8 billiún de chaipiteal suibscríofa aige ar dliteanas é don cháiníocóir; de bhrí nach bhfuil iasachtaíocht BEI le feiceáil i staidreamh fiachais náisiúnta; de bhrí go bhfágann an cineál sin lasmuigh den chlár comhardaithe go bhfuil dianchaighdeáin éifeachtúlachta agus iniúchadh seachtrach bunriachtanach; de bhrí nach mór leathnú shainordú BEI a mheaitseáil le socruithe iniúchóireachta seachtracha a neartú;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go bhfuil sásraí inmheánacha cuntasachta ag Grúpa BEI, nach féidir iad a chur in ionad rialú daonlathach seachtrach neamhspleách agus formhaoirseacht ag CIE, áfach;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, faoi chreat reatha an Chonartha agus faoi Reacht BEI, go bhfuil an comhar idir BEI agus an Pharlaimint i gcomhthéacs na tuarascála bliantúla ar rialú bunaithe den chuid is mó ar shocruithe neamhfhoirmiúla agus ar chleachtais sheanbhunaithe seachas ar oibleagáidí institiúideacha ceangailteacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí go gur gá, faoi shamhail ghnó BEI, na caighdeáin is airde sláine, cuntasachta agus trédhearcachta a chomhlíonadh, agus gur gá bearta leormhaithe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach chun maoiniú gach cineáil calaoise, sciúrtha airgid, sceimhlitheoireachta agus coireachta eagraithe a sheachaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go bhfuil ról lárnach ag BEI maidir le cuspóirí seachtracha an Aontais a chur chun cinn trína ghníomhaíochtaí iasachtaithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear trí BEI Domhanda, a seoladh in 2022, atá le hailíniú le beartais agus tosaíochtaí an Aontais ar fud an domhain; de bhrí gur breithniú ábhartha é comhar éifeachtach le tíortha comhpháirtíochta maidir le bainistiú imirce, lena n-áirítear athligean isteach agus filleadh imirceach nach bhfuil aon cheart dlíthiúil acu fanacht san Aontas, i gcomhthéacs chreat iasachtaithe sheachtraigh an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh an fhoireann ar gach leibhéal de Ghrúpa BEI, lena n-áirítear an bhainistíocht shinsearach agus an Bord, cothrom ó thaobh inscne agus geografaíochta de, agus prionsabail roghnúcháin bunaithe ar fhiúntas á n-urramú go hiomlán ag an am céanna; de bhrí go bhfuil folláine na foirne agus creat acmhainní daonna atá trédhearcach agus cothrom ábhartha d’athléimneacht agus sláine institiúideach;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Oibríochtaí airgeadais agus feidhmíocht BEI</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh feidhmíocht chobhsaí airgeadais ag BEI in 2024 agus gurbh ionann a thorthaí comhdhlúite in 2024 agus EUR 3.38 billiún; á chur i bhfáth gur gá go leanfadh ráta creidmheasa AAA de chuid BEI de bheith ina phríomhchuspóir do rialachas BEI; á chur i bhfáth gur sócmhainn straitéiseach é ráta creidmheasa AAA de chuid BEI chun coinníollacha fabhracha maoinithe a áirithiú; á chur i bhfáth nach mór leanúint de rath a thomhas agus go ndéanfaí é a thomhas níos mó agus níos mó trí thorthaí eacnamaíocha agus beartais inléirithe, ní hamháin trí mhéideanna sínithe; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart feidhmíocht airgeadais a bheith tomhaiste de réir na fianaise maidir le breisíocht beartas, luach ar airgead agus torthaí intomhaiste; á mheabhrú gur cheart nós imeachta simplithe a aighniú go tréimhsiúil le haghaidh athbhreithniú neamhspleách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tháinig méadú faoi thrí ar sciar na n-íocaíochtaí atá thar téarma níos mó ná 90 lá, arbh ionann é agus EUR 281.3 milliún san iomlán ag deireadh 2024 agus arb ionann é agus 0.06 % den phunann iasachta iomlán (i gcomparáid le EUR 82.4 milliún nó 0.02 % ag deireadh 2023), agus, cé go n-aithníonn sí go bhfuil siad fós an-íseal de réir caighdeáin bhaincéireachta, ag iarraidh ar BEI míniú a thabhairt ar na cúiseanna is bunús leis sin agus tuairisciú a dhéanamh ar na bearta ceartaitheacha a glacadh; á chur i bhfáth nach mór faireachán cúramach a dhéanamh ar aon mhéadú ar neamhchosaintí neamhthuillmheacha chun cobhsaíocht airgeadais agus seasamh creidmheasa BEI a choimirciú; á thabhairt chun suntais go sáraíonn na méaduithe sin ar neamhchosaintí neamhthuillmheacha agus ar íocaíochtaí atá thar téarma an fás 2 % sa phunann iasachta fhoriomlán;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">InvestEU, simpliú an chreata airgeadais ilbhliantúil, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhormheas BEI 38 n-oibríocht faoi InvestEU in 2024, agus leas á bhaint as EUR 1.7 billiún de ráthaíocht an Aontais; á áitiú nach mór don tuairisciú méadrachtaí ionchurbhunaithe a chomhlánú le táscairí tioncharbhunaithe lena léirítear fíorthorthaí eacnamaíocha agus nach mór measúnú breisíochta agus anailís <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> ar phlódú féideartha a áireamh ann, lena n-áirítear le haghaidh oibríochtaí a chuirtear chun feidhme trí idirghabhálaithe airgeadais; á iarraidh go mbeadh cur chuige buiséadaithe feidhmíochtbhunaithe ann ina ndéanfaí measúnú ar leithdháiltí caipitil agus tosaíochtaí straitéiseacha bunaithe ar éifeachtúlacht chruthaithe, ar thorthaí ar infheistíochtaí agus fíorluach ar airgead, mar aon le spriocanna céatadáin réamhchinntithe a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart measúnú a dhéanamh ar chlár InvestEU de réir cháilíocht a idirghabhálacha agus a dtionchair intomhaiste freisin agus ní hamháin de réir chainníocht an chistithe a úsáidtear; á mheabhrú nach bhfuil aon chreataí tomhais infhíoraithe i bhfeidhm faoi láthair chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí tionscadal arna gcistiú faoi InvestEU;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbíonn neamhéifeachtúlachtaí mar thoradh ar thírdhreach cistiúcháin ilroinnte agus casta an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach maorlathas a laghdú chun iomaíochas a athbhunú agus gur cheart don simpliú an t-ualach riaracháin a laghdú gan rianta iniúchóireachta, trédhearcacht ná rialuithe frithchalaoise a lagú; á thabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí simplithe measúnuithe ‘Am chun Margaidh’ déanta ag BEI; á iarraidh ar BEI príomhtháscairí feidhmíochta bliantúla a fhoilsiú maidir le formheasanna agus laghduithe intomhaiste ar an ualach riaracháin d’iarratasóirí, go háirithe FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, a léiriú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an mheastóireacht leanúnach ar chreat BEI maidir le Breisíocht agus Tomhas Tionchair agus ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag dréim leis na torthaí sa chéad leath de 2026; á iarraidh ar BEI agus ar an gCoimisiún modheolaíocht chomhchoiteann breisíochta <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> a bhunú d’oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, agus tuairisciú go rialta ar a éifeachtaí ar leibhéal na punainne agus na hearnála;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Slándáil fuinnimh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar BEI meastóireacht a dhéanamh ar gach tionscadal ísealcharbóin, lena n-áirítear tionscadail núicléacha, de réir critéir oibiachtúla agus thrédhearcacha, lena n-áirítear déine carbóin saolré, cobhsaíocht eangaí agus cost-éifeachtúlacht, agus neodracht theicneolaíoch á cur i bhfeidhm agus díriú ag an am céanna ar thionscadail straitéiseacha trasteorann chun breisluach don Aontas a mhéadú; ag tabhairt dá haire gur infheistigh BEI os cionn EUR 27 mbilliún san aistriú fuinnimh agus sa tslándáil fuinnimh in 2024, lena n-áirítear foinsí in-athnuaite fuinnimh, eangacha agus stóráil; á iarraidh ar BEI tosaíocht a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh agus don chostéifeachtúlacht, agus lánurraim á tabhairt do cheart ceannasach na mBallstát a meascán fuinnimh a chinneadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di na ceanglais dhíréireacha chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (CSR) a fhorchuirtear ar iasachtaithe BEI; ag tabhairt rabhaidh go ndíspreagann oibleagáidí iomarcacha maidir le nochtadh tionscadail atá inmharthana go heacnamaíoch agus go gcruthaíonn siad míbhuntáistí iomaíocha do ghnólachtaí Eorpacha; á iarraidh ar BEI athbhreithniú a dhéanamh ar a cheanglais tuairiscithe CSR d’fhonn comhréireacht a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas cosanta agus slándála</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannchuidiú Ghrúpa BEI le síocháin, slándáil agus cosaint na hEorpa, mar a leagtar amach sa Pháipéar Bán maidir le Cosaint na hEorpa - Ullmhacht 2030, trína thacaíocht do thionscnaimh lena bhfeabhsaítear uathriail straitéiseach agus athléimneacht an Aontais, chun tionscal cosanta an Aontais a neartú, bonneagar cibearshlándála a fheabhsú agus nuálaíocht i dteicneolaíochtaí cosanta criticiúla a chur chun cinn trí chistiú a chur ar fáil agus infheistíocht phríobháideach a ghiaráil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna Bord BEI cinneadh an 21 Márta 2025 critéir incháilitheachta Ghrúpa BEI le haghaidh infheistíochtaí slándála agus cosanta a leathnú, lena dteorannaítear gníomhaíochtaí eisiata, i gcomhréir leis na tograí a d’fhormheas ceannairí an Aontais ag an gComhairle Eorpach an 6 Márta 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ról leantach agus feabhsaithe BEI maidir le cosaint na hEorpa a neartú trí infheistíochtaí spriocdhírithe sa bhonneagar cosanta agus sibhialtach araon, i gcomhréir le spriocanna níos leithne an Aontais maidir leis an nuálaíocht a chur chun cinn agus slándáil an Aontais a fheabhsú; á chur i bhfáth gur cheart do BEI leanúint d’infheistíocht a dhéanamh in Eoraip atá sábháilte agus slán, ag tacú le bonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta na hEorpa agus le soláthar táirgí, seirbhísí agus teicneolaíochtaí lena neartaítear acmhainneachtaí cosanta, taighde agus forbairt, agus nuálaíocht na hEorpa; á iarraidh go ndéanfaí raon feidhme na n-infheistíochtaí incháilithe a choigeartú tuilleadh chun an sprioc uaillmhianach rannchuidiú le cosaint agus slándáil na hEorpa a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú mór tagtha ar mhaoiniú slándála agus cosanta BEI ó EUR 0.5 billiún in 2023 go EUR 1.04 billiún in 2024, agus go bhfuil méadú breise tagtha air in 2025; á chur i bhfios go ndéanfar Tionscnamh Straitéiseach reatha BEI um Shlándáil na hEorpa, ar fiú EUR 8 mbilliún é, a chomhtháthú i gcuspóir beartais phoiblí trasearnálaigh buan, lena gcomhlánófar spriocanna beartais phoiblí atá ann cheana, lena mbainfear uasteorainneacha réamhshainithe do mhaoiniú slándála agus lena gceadófar tacaíocht mhéadaithe agus sholúbtha i gcomhréir le tosaíochtaí na Comhairle; á iarraidh go gcuirfí iarscríbhinn tuairiscithe bhliantúil thiomnaithe faoi bhráid na Parlaiminte maidir le hoibríochtaí slándála agus cosanta, lena n-áirítear breisíocht, luas cur chun feidhme, coimircí soláthair, rialuithe sláine agus socruithe comhroinnte riosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh ar BEI sineirgí le hinfheistíochtaí sa chosaint arna maoiniú ag buiséad an Aontais a neartú tuilleadh agus na hinfheistíochtaí sin a ailíniú chun bheith níos dlúithe le tionscnaimh uile-Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do BEI a áirithiú go gcomhlánóidh a infheistíochtaí spriocanna beartais cosanta níos leithne an Aontais agus go rannchuideoidh siad le barainneachtaí scála a bhaint amach i gcumais chosanta na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú suntasach tagtha ar thacaíocht BEI d’oibríochtaí slándála agus cosanta; á chur i bhfáth nach mór aon leathnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar thacaíocht BEI i réimse na slándála agus na cosanta a bheith faoi réir coimircí diana trédhearcachta, cuntasachta agus cearta an duine, critéir shoiléire eisiaimh, faireachán ar úsáid deiridh, agus tuairisciú rialta don Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh ar BEI bacainní a shainaithint lena gcuirtear bac ar infheistíochtaí cosanta agus cosanta teorann lena neartófaí athléimneacht agus slándáil an Aontais, agus comhlíonadh dhlí an Aontais agus maoirseacht dhaonlathach á n-áirithiú ag an am céanna; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach bacainní a bhaint chun torthaí slándála inláimhsithe a bhaint amach; á mheabhrú nach mór d’aon leithdháileadh cistí ó BEI, trí InvestEU agus trí ionstraimí airgeadais eile chun críoch cosanta agus le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí criticiúla, leasanna slándála náisiúnta na mBallstát a urramú go hiomlán; á chur i bhfios go láidir gur cheart d’údaráis agus do chomhlachtaí inniúla iniúchóireachta institiúidí an Aontais rialuithe iniúchóireachta críochnúla agus leanúnacha sholáthar do thríú heintitis agus do thríú tíortha ar tairbhithe de chistiú ón Aontas iad agus a chuireann infheistíochtaí agus tionscadail i réimse na cosanta ar fáil, chun úsáid thrédhearcach chistiú an Aontais a áirithiú; á chur i bhfáth nár cheart go mbainfeadh toradh na n-infheistíochtaí agus na dtionscadal sin an bonn de leasanna slándála náisiúnta na mBallstát; á iarraidh ar BEI a fhócas a leathnú ar shlándáil agus athléimneacht réigiúnach a fheabhsú; ag cur béim ar an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag BEI i gcruthú bonneagair a thacaíonn leis an tslándáil réigiúnach agus a chothaíonn comhar níos fearr idir na Ballstáit i gcúrsaí fuinnimh agus cosanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an comhar dlúth agus struchtúrtha arna bhunú le Ciste Nuálaíochta ECAT chun sineirgí a áirithiú agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí a uas-scálú i gcás nach leor caipiteal príobháideach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Infheistíochtaí i réimsí inniúlachta náisiúnta </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheabhrú go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin tithíochta ar bhonn níos éifeachtaí ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal náisiúnta; á thabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag Grúpa EIB chun breisluach a áirithiú don Aontas agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin tithíochta ar na leibhéil áitiúla agus náisiúnta trí thacú le réitigh in-scálaithe a chomhlánaíonn iarrachtaí náisiúnta agus a bhaineann torthaí intomhaiste amach; á aithint go bhfuil infheistíochtaí i mbonneagar tithíochta i réigiúin bheagfhorbartha ailínithe go hiomlán le sainordú BEI agus le cuspóir BEI a chumhdaítear leis an gConradh maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn trí dhíriú ar réigiúin bheagfhorbartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á thabhairt dá haire go bhfuil plean gníomhaíochta ag Grúpa BEI le haghaidh tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe agus go bhfuil sé tiomanta d’infheistíocht a dhéanamh san earnáil; ag aithint go bhfuil Grúpa BEI tiomanta d’infheistíochtaí a mhéadú sa bhonneagar sóisialta, lena n-áirítear tithíocht shóisialta agus inacmhainne, mar a leagadh amach ina thosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh 2024 go 2027 agus ina phlean gníomhaíochta do 2026-2028; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tacaíocht spriocdhírithe BEI d’athchóiriú an stoic tithíochta atá ann cheana feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar choinníoll go léiríonn na hoibríochtaí sin breisíocht agus luach ar airgead;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á mheabhrú gur gá breisíocht agus comhlántacht le cistí poiblí eile agus le hiasachtóirí tráchtála eile a áirithiú, agus cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur i gcrích ag an am céanna, lena n-áirítear maidir le hoideachas, agus á chur i bhfáth gur cheart rannpháirtíocht BEI a theorannú do thionscadail a bhfuil luach inléirithe ar airgead acu, amhail bonneagar taighde trasteorann nó cláir scileanna lena dtugtar aghaidh ar bhearnaí i margadh an tsaothair ar fud an Aontais; ag áitiú gur gá nach dtiocfaidh cistiú ó BEI in ionad buiséid oideachais náisiúnta;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tacaíocht do FBManna, cuideachtaí meánchaipitlithe, gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis agus gnólachtaí eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do BEI díriú ar fhíorchlistí margaidh agus ar chistiú agus tionscadail a agus a chistiú nach ndéanfadh an earnáil phríobháideach a mhaoiniú léi féin, nó nach ndéanfadh sí a mhaoiniú ach amháin faoi choinníollacha nach bhfuil chomh fabhrach céanna; á chur i bhfáth nár cheart infheistíochtaí BEI a chur in ionad caipiteal príobháideach ná a bheith ina n-ionad do chaiteachas buiséadach athfhillteach náisiúnta; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach timpeallacht iomaíoch mhargaidh a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag cuideachtaí móra an Aontais i struchtúr eacnamaíoch an Aontais, go háirithe iad siúd atá ag feidhmiú in earnálacha bunriachtanacha amhail fuinneamh, cosaint agus bonneagar; á iarraidh go mbeadh cur chuige cothrom ann lena n-áiritheofar go leanfaidh BEI de thacaíocht a thabhairt do chuideachtaí móra an Aontais chun caipiteal infheistíochta a áirithiú do mhórthionscadail agus do thionscnaimh taighde agus forbartha, agus ar an gcaoi sin iomaíochas domhanda agus ceannasacht eacnamaíoch an Aontais a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag spreagadh BEI chun leanúint dá ról maidir le feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú do FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólacht atá ag méadú a chuireann feabhas ar iomaíochas fadtéarmach an Aontais, toisc go mbíonn bacainní rompu go minic ar chistiú ó institiúidí airgeadais traidisiúnta, agus maidir le maoiniú spriocdhírithe a chur ar fáil chun a áirithiú go bhfuil go leor acmhainní acu chun fás agus rath a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi an leathnú leanúnach atá á dhéanamh ar líon na n-institiúidí comhpháirtíochta agus á iarraidh go leanfar de chumhdach leathan geografach agus earnála a bhaint amach; á iarraidh ar BEI sciar an mhaoinithe atá dírithe ar infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear an t-iomaíochas a mhéadú, go háirithe in earnálacha straitéiseacha amhail ardmhonaraíocht, teicneolaíochtaí digiteacha agus athléimneacht fuinnimh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag cur sonrú i dtorthaí Thuarascáil Speisialta CIE 07/2025 lena ndeimhnítear ábharthacht thacaíocht an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), ach freisin nár léiríodh a breisíocht go leordhóthanach agus nár fhíoraigh an Coimisiún éifeacht phlódaithe CEIS; á chur i bhfáth go bhféadfaí na hábhair imní chéanna a chur in iúl freisin maidir le hoibríochtaí BEI faoi InvestEU; á chur i bhfios go láidir go bhfuil rioscaí ag baint le hinfheistíochtaí príobháideacha a phlódú amach, amhail préimheanna riosca a chomhbhrú go saorga, go háirithe i margaí amhail fuinneamh in-athnuaite, lena mbaintear an bonn ó chomharthaí praghais lena dtreoraítear infheistíocht éifeachtúil, agus go bhféadfaí é a mheas mar chineál glas-snasaithe; á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe plódaithe <STRING ITALIC="on">ex post</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbíonn ualaí riaracháin níos airde i gceist uaireanta le hiasachtaí BEI ná iasachtaí tráchtála; ag tabhairt rabhaidh go bhfágann ceanglais tuairiscithe iomarcacha nach bhfuil maoiniú BEI chomh tarraingteach céanna don earnáil phríobháideach agus go bhféadfadh siad tionscadail atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de a dhíspreagadh; á iarraidh ar BEI pleananna a fhoilsiú chun srianta a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BEI measúnú a dhéanamh ar conas dlús a chur le ham BEI chun margaidh agus sainorduithe maoinithe agus ceanglais tuairiscithe a shimpliú, gan cur isteach ar chaighdeáin iniúchóireachta; á iarraidh ar BEI tuairisciú a dhéanamh ar fhianaise maidir le bearna sa mhargadh agus ar thorthaí <STRING ITALIC="on">ex post</STRING> agus ar shimpliú riaracháin, amanna próiseála agus ualach doiciméadachta, i bhfianaise dhigitiú Ghrúpa BEI agus thionscnaimh ‘Am chun Margadh’;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Réimsí beartais an chomhtháthaithe, na haeráide, na digitithe agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á chur i bhfáth go ndéantar tuairisciú bunaithe ar aschuir tomhais méide seachas ar thorthaí; á iarraidh ar BEI leanúint de tháscairí atá dírithe ar thorthaí a úsáid, agus iad a mhéadú fiú, amhail astaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> a seachnaíodh agus poist fhadtéarmacha san earnáil phríobháideach a cruthaíodh in aghaidh an euro a infheistíodh; á mholadh go mbeadh ann do thagarmharcáil in aghaidh idirghabhálacha inchomparáide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór tuairisciú aeráide agus inbhuanaitheachta a bheith bunaithe ar aschuir agus torthaí infhíoraithe (lena n-áirítear laghduithe astaíochtaí, gnóthachain athléimneachta agus éifeachtaí giarála), le tacaíocht ó mhodheolaíocht punainne chomhleanúnach agus ó mheastóireacht neamhspleách;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh maoiniú comhtháthaithe EUR 38.3 billiún ag Grúpa BEI in 2024, arb ionann é agus 48 % de mhaoiniú iomlán an Aontais; á iarraidh ar BEI sonraí tionchair de réir réigiúin a fhoilsiú chun grinnscrúdú éifeachtach a cheadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh ar BEI trédhearcacht a mhéadú maidir lena chuspóirí trasearnálacha trí idirdhealú soiléir a dhéanamh idir spriocanna a shainordaítear le rialacháin an Aontais agus iad siúd arna dtionscnamh ag BEI féin; á iarraidh go ndéanfaí miondealú mionsonraithe ar an gcaoi a mbíonn spriocanna éagsúla san iomaíocht le haghaidh acmhainní; ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go gcruthófar comhdhéanamh punainne nach féidir a dhéanamh go matamaiticiúil mar gheall ar charnadh leanúnach spriocanna príomhshruthaithe forluiteacha; á iarraidh ar BEI tuairisciú trédhearcach a dhéanamh ar na comhbhabhtálacha idir spriocanna beartais atá in iomaíocht; á athdhearbhú gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar chuspóirí príomhshruthaithe maidir lena bhfíorthionchar; ag tabhairt dá haire, i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ann faoi láthair agus na ndúshlán slándála atá os comhair na hEorpa, gur cheart infheistíochtaí cosanta agus slándála, lena n-áirítear tacaíocht do bhonneagar cosanta teorainneacha seachtracha, a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh ar BEI agus ar CEI tacú le hinfheistíochtaí sa chibearshlándáil, san fhaireachas agus i dteicneolaíochtaí digiteacha, chun an Eoraip a dhéanamh níos athléimní agus, ag an am céanna, na sásraí comhair atá ann cheana a neartú agus seirbhísí bunriachtanacha a chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gníomhaíochtaí BEI lasmuigh den Aontas Eorpach </STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á áitiú go mbeidh leibhéal an iasachtaithe lasmuigh den Aontas faoi réir coimircí láidre maidir le trédhearcacht, cosaintí frithchalaoise, comhlíonadh smachtbhannaí, cearta an duine agus an smacht reachta, agus go gcuirfear san áireamh leis comhar maidir le comhaontuithe um fhilleadh agus go leanfaidh sé de bheith comhsheasmhach le cuspóirí beartais sheachtraigh an Aontais; á iarraidh go neartófaí rialuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus <STRING ITALIC="on">ex post</STRING>, lena n-áirítear inrianaitheacht na dtairbhithe deiridh, agus go mbeadh bearta láidre frithéillithe, trédhearcacht níos mó nó trédhearcacht choibhéiseach, measúnuithe tionchair <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus cuntasacht phoiblí iomlán in oibríochtaí uile BEI lasmuigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur glacadh, in 2024, an tSaoráid don Úcráin, a leanann tionscnamh BEI don Úcráin agus lena mbunaítear sásra tacaíochta bunaithe ar acmhainní buiséadacha an Aontais; ag spreagadh na mBallstát chun a áirithiú go leanfar de thacaíocht láidir a chur ar fáil don tír i gcomhréir lena riachtanais; á iarraidh ar BEI trédhearcacht agus inrianaitheacht a chuid tionscadal san Úcráin a áirithiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé acmhainneacht riaracháin agus iniúchóireachta údaráis na hÚcráine, a bhfuil sé de chúram orthu na gníomhaíochtaí cistithe a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a rialú, a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>Ag tabhairt dá haire go bhfuil EUR 2.3 billiún eisíoctha ag BEI i bhfaoiseamh éigeandála agus i dtacaíocht tionscadail don Úcráin ó thús chogadh foghach na Rúise; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear neamhchosaint eisíoctha BEI san Úcráin den chuid is mó le ráthaíochtaí ón Aontas faoi Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh an Aontais<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4 </STRING>Ag deireadh 2024, b’ionann an neamhchosaint iomlán eisíoctha agus EUR 3 227.1 milliún (i gcomparáid le EUR 3 144.3 milliún ag deireadh 2023) agus, as an méid sin, cumhdaítear EUR 3 068.1 milliún (95 %) le ráthaíochtaí cuimsitheacha ón Aontas, cumhdaítear EUR 146.6 milliún (5 %) le ráthaíochtaí riosca polaitiúla ón Aontas agus cumhdaítear EUR 12.4 milliún faoi shainorduithe comhroinnte riosca (i gcomparáid le EUR 2 962.7 milliún, nó 94 %; EUR 166.8 milliún, nó 5 %; agus EUR 14.8 milliún, nó 1 %, faoi seach, ag deireadh 2023).</FIELD></FOOTNOTE>; á thabhairt chun suntais gur chuir tacaíocht BEI don earnáil phríobháideach ar chumas bhainc na hÚcráine leanúint d’iasachtaí a thabhairt don fhíorgheilleagar; ag tabhairt dá haire, faoi dheireadh 2024, go raibh ráthaíochtaí airgeadais EUR 500.5 milliún deonaithe ag BEI ar neamhchosaintí, a cumhdaíodh go hiomlán freisin le ráthaíochtaí an Aontais, do chontrapháirtithe atá lonnaithe san Úcráin; ag tabhairt le fios go gcoinníonn BEI láithreacht áitiúil san Úcráin agus go bhfuil foireann á soláthar d’oifig Chív de réir a chéile; ag athdhearbhú a hiarrataí ar BEI nuashonruithe rialta, mionsonraithe a chur ar fáil don údarás buiséadach agus do na comhlachtaí iniúchóireachta ábhartha maidir le heisíocaíocht agus cur chun feidhme na gcistí a chumhdaítear le ráthaíochtaí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur roghnaíodh Grúpa BEI in 2024 mar cheann de phríomh-chomhpháirtithe cur chun feidhme an Chreata Infheistíochta don Úcráin, ar cuid é den tSaoráid don Úcráin faoina leithdháilfidh an tAontas EUR 50 billiún le linn na tréimhse 2024-2027 chun buiséad stáit na hÚcráine a mhaoiniú, infheistíocht a spreagadh agus tacaíocht theicniúil a sholáthar; ag tabhairt dá haire go bhfuil an creat comhdhéanta de ráthaíochtaí agus deontais d’institiúidí airgeadais Eorpacha agus d’institiúidí airgeadais forbartha eile agus go bhfuil EUR 2 bhilliún ar a laghad den tacaíocht atá ar fáil beartaithe chun iasachtú BEI don earnáil phoiblí a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil BEI tiomanta chun calaois agus éilliú a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu maidir le cur chun feidhme thionscadail Ghrúpa BEI san Úcráin; á chur in iúl gur geal léi socruithe comhair BEI le húdaráis frithéillithe agus imscrúdaitheacha na hÚcráine agus á iarraidh ar BEI faisnéis maidir le coimircí sláine, maolú rioscaí calaoise agus sásraí aisghabhála d’oibríochtaí a bhaineann leis an Úcráin a áireamh ina thuarascáil chuig an bParlaimint, agus slándáil oibríochtúil agus rúndacht á n-áirithiú; ag athdhearbhú a hiarrata go n-áiritheofaí go mbeadh sásraí formhaoirseachta éifeachtacha ag gabháil le himscaradh cúnaimh airgeadais agus á áitiú gur cheart do BEI a bheith in ann formhaoirseacht shoiléir a dhéanamh, i gcónaí agus gan srian, ar a infheistíochtaí uile lasmuigh den Aontas maidir leis na tionscadail a fhaigheann tacaíocht agus a fhaigheann cúnamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur ghlac Bord Stiúrthóirí BEI Treochlár Straitéiseach Domhanda BEI; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil ról ag BEI in Global Gateway agus i gcomhpháirtíochtaí BEI le Foireann na hEorpa agus le comhpháirtithe na Náisiún Aontaithe chun an tionchar is mó is féidir a bhaint amach ar an láthair; á iarraidh ar BEI agus ar na Ballstáit ról na mbanc Eorpach le haghaidh spreagadh agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile a neartú chun cabhrú le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach a ghiaráil tuilleadh; á iarraidh ar BEI díriú freisin ar sheirbhísí poiblí fíor-riachtanacha ina thionscadail lasmuigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á aithint go bhfuil an Úcráin á cosaint féin i gcoinne fhogha neamhdhleathach na Rúise agus nach mór iarrachtaí frithéillithe a shaothrú a mhéid is féidir agus na himthosca urghnácha sin á gcur san áireamh; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil bearta láidre frithchalaoise agus frithéillithe bunriachtanach chun muinín na gcáiníocóirí a choinneáil agus chun tacaíocht leanúnach phoiblí don Úcráin a áirithiú; á iarraidh ar BEI a áirithiú go mbeidh cistí na Saoráide don Úcráin faoi réir dianchaighdeáin iniúchóireachta; á áitiú gur cheart go mbeadh formhaoirseacht neamhshrianta ag BEI ar a infheistíochtaí uile lasmuigh den Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar BEI a áirithiú, go háirithe dá ghníomhaíochtaí uile lasmuigh den Aontas, i ngach comhaontú le hidirghabhálaithe, le hinstitiúidí comhpháirtíochta agus le heintitis cur chun feidhme, go mbeidh cearta rochtana éifeachtacha ag CIE, ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) orthu, agus go mbeidh rian iniúchóireachta ar fáil go dtí leibhéal na bhfaighteoirí deiridh i gcás inarb indéanta, i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ollstruchtúr cuntasachta BEI</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéal cuntasachta reatha Ghrúpa BEI mar thoradh ar BEI a bheith ag feidhmiú faoi dhéchóras faoina ndéanann an Coimisiún agus CIE agus an Pharlaimint grinnscrúdú indíreach ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais ina gcinneadh maidir le hurscaoileadh bhuiséad an Aontais, agus go bhfuil oibríochtaí a mhaoinítear ó acmhainní dílse BEI a thagann ó na Ballstáit – arb ionann iad agus níos mó ná trí cheathrú d’oibríochtaí BEI – lasmuigh, den chuid is mó, d’iniúchadh seachtrach córasach agus de ghrinnscrúdú parlaiminteach náisiúnta agus Eorpach; ag tabhairt dá haire freisin nach bhfuil BEI faoi réir aon mhaoirseacht baincéireachta sheachtrach, murab ionann agus an Banc Ceannais Eorpach, a ndéanann an Sásra Aonair Maoirseachta maoirseacht air;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á thabhairt faoi deara go bhfuil struchtúr dlúth cuntasachta inmheánaí ag BEI agus go ndéanann iniúchóir seachtrach formhaoirseacht ar oibríochtaí agus ar chóras cuntasaíochta BEI; ag aontú go bhfuil an struchtúr sin i gcomhréir, tríd is tríd, le cleachtais idirnáisiúnta; á chur i bhfáth, de réir mar a leathnaíonn ról traidisiúnta BEI in éineacht leis an úsáid mhéadaitheach a bhaintear as ionstraimí casta airgeadais agus oibríochtaí cumaiscthe, go bhfuil trédhearcacht agus nochtadh BEI á gceistiú go minic, go bhfuil a chreat eiticiúil fo-optamach, go ndéantar an tuairisciú don Pharlaimint ó am go chéile, go bhfuil athrú tagtha ar an gcomhar leis an Ombudsman Eorpach agus go bhfuil ról CIE teoranta ag na rialacha agus na socruithe cur chun feidhme atá ann faoi láthair; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le gníomhaíochtaí inláimhsithe ó BEI chun aghaidh a thabhairt ar an gcás sin, i gcomhréir leis na hiarrataí roimhe seo a áirítear sna rúin ón bParlaimint agus leis an infhaighteacht d’idirphlé agus don chomhar arna gcur in iúl ag an údarás Eorpach buiséadach agus um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag meabhrú thorthaí ráiteas CC 1/2025 ón gCoiste Teagmhála, inar sainaithníodh go foirmiúil bearnaí criticiúla in iniúchadh poiblí seachtrach BEI; ag tabhairt dá haire go bhfuil paradacsa ann ina leathnaítear sainordú BEI agus ráthaíochtaí buiséid an Aontais, ach go bhfuil cumhachtaí iniúchóireachta fós srianta; á iarraidh ar BEI páirt ghníomhach a thabhairt d’uasfhorais iniúchóireachta náisiúnta sa phróiseas sin chun cuntasacht a áirithiú d’oibríochtaí nach gcumhdaítear faoi láthair le CIE agus chun cuntasacht agus maoirseacht láidir a ráthú, lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt go rialta maidir le réimsí riosca agus trí obair leantach a dhéanamh ar mholtaí iniúchóireachta; á athdhearbhú go bhfuil gá le hathrú ar an gConradh chun rochtain iomlán agus neamhshrianta a thabhairt do CIE, agus a shainordú á fheidhmiú aige, ar oibríochtaí uile BEI chun cuntasacht dhaonlathach a ailíniú le neamhchosaint airgeadais BEI atá ag athrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di féimheacht Northvolt AB, an monaróir ceallraí a rinne iarratas ar fhéimheacht sa tSualainn an 12 Márta 2025 tar éis dó tairbhe a bhaint as pacáiste suntasach iasachtaithe BEI de bheagán os cionn EUR 942.6 milliún, a síníodh in 2020 mar chuid den mhaoiniú fiachais a tiomsaíodh chun suíomh gigeamhonarchan a leathnú; ag tabhairt dá haire gur cosúil go bhfuil rioscaí comhchosúla ann le fiontair mhórscála chomhchosúla amhail Stegra (H2 Green Steel); á iarraidh go nochtfaí measúnuithe riosca BEI agus na measúnuithe iar-oibríochta, lena n-áirítear meastóireacht ar nochtadh airgeadais agus leormhaitheas na dtáscairí luathrabhaidh, a luaithe a cheadófar sin leis na próisis leanúnacha; á éileamh go ndéanfaí athbhreithniú ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chás Northvolt; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhord Stiúrthóirí BEI sásraí a bhunú chun rioscaí sistéamacha in infheistíochtaí suaitheanta a bhrath go luath chun atarlú cásanna comhchosúla a chosc; á iarraidh ar BEI na próifílí measúnaithe riosca do na gníomhaíochtaí sin agus do ghníomhaíochtaí comhchosúla eile a nochtadh, lena n0áirítear maidir le rioscaí rialachais, comhchruinnithe agus teicneolaíochta, ar bhealach atá comhiomlánaithe go hoiriúnach agus comhlíontach ó thaobh na rúndachta de; ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI mionsonraí a chur ar fáil maidir leis an bpróiseas meastóireachta agus cinnteoireachta a tharla roimh an infheistíocht in Northvolt AB, agus míniú a thabhairt ar an gcaoi ar theip ar thionscadal ríthábhachtach den sórt sin in ainneoin mhaímh BEI go ndéanann sé faireachán leormhaith agus leanúnach ar thairbhithe a thacaíochta airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á iarraidh ar BEI teorainneacha feabhsaithe tástála struis agus comhchruinnithe riosca a bhunú do mhórthionscadail straitéiseacha, agus tuairisciú don Pharlaimint maidir le neamhchosaint chomhiomlán ar iasachtaithe aonair ardriosca;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á iarraidh ar BEI meastóireacht chórasach agus tuairisciú poiblí a dhéanamh ar na híocaíochtaí déanacha agus na féimheachtaí tairbhithe ar fud a phunainne iasachtaithe; á áitiú gur cheart go n-áireofaí sa mheastóireacht sin anailís ar bhunchúiseanna chun a shainaithint an eascraíonn teipeanna as dícheall cuí neamhleor, suaití seachtracha, nó saincheisteanna sistéamacha i modheolaíochtaí roghnúcháin tionscadal; á chur i bhfáth go bhfuil tuairisciú trédhearcach bunriachtanach chun measúnú a dhéanamh ar luach ar airgead agus chun muinín cáiníocóirí a choinneáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á áitiú go láidir go neartófaí cosc coinbhleachtaí leasa i bhfianaise na gcásanna fáinne fí agus mholtaí an Ombudsman Eorpaigh le déanaí; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcód iompair chun tréimhsí marana níos déine a fhorfheidhmiú do leas-uachtaráin BEI, chun an Coiste um Eitic agus um Chomhlíonadh a chumhachtú chun bearta maolaithe riosca a fhorchur, agus chun rialacha níos soiléire a bhunú maidir le rannpháirtíocht leas-uachtaráin BEI i gcinntí a bhaineann lena dtíortha tionscnaimh; á chur i bhfios go láidir gur foilsíodh faisnéis le déanaí lena sainaithnítear cúig chás ó 2019 i leith d’iarchomhaltaí chomhlachtaí cinnteoireachta BEI a líomhnaítear a bheith bainteach le cásanna fáinne fí, lena n-áirítear cás inar ceapadh leasuachtarán BEI ina chomhalta boird d’eintiteas ar shínigh sé iasacht BEI ina leith; á chur in iúl go bhfuil síneadh curtha leis an tréimhse mharana go dtí 24 mhí; á mheabhrú go n-iarrtar ar chomhaltaí an Choiste Bainistíochta an Coiste um Eitic agus um Chomhlíonadh a chur ar an eolas faoi aon chaibidlíocht ar fhostaíocht ionchasach agus formheas a lorg lena haghaidh; ag comhroinnt thuairim an Ombudsman Eorpaigh gur cheart ról Choiste BEI um Eitic agus um Chomhlíonadh a neartú; á mheabhrú gur cheart bearta maolaitheacha, amhail imfhálú agus tréimhsí marana, a mheas a bheith doshéanta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann d’iniúchadh inmheánach ag BEI arna sceitheadh ina luaitear go bhfuil ‘feabhas suntasach ag teastáil’ ar fhorálacha coinbhleachta leasa, lena n-áirítear mainneachtain coinbhleachtaí dealraitheacha agus féideartha a chumhdach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil dearbhuithe leasa ó chomhlachtaí rialaithe agus iniúchóireachta BEI agus CEI mí-ailínithe le bainc forbartha iltaobhacha eile agus leis an mBanc Ceannais Eorpach agus nach mór iad a cheartú gan mhoill; á chur i bhfios go láidir go bhfuil easpa údaráis, neamhspleáchais agus raon feidhme le feidhmeanna BEI agus CEI maidir le comhlíonadh eitice agus go bhfuil rioscaí ag baint le línte tuairiscithe casta lena nochtar sonraí pearsanta íogaire; ag tathant ar BEI a rialacha a ailíniú leis an Líonra Eitice Eagraíochtaí Iltaobhacha agus tuairisciú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí leantacha a rinneadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur eol di nach bhfuil feidhm fhoirmiúil ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5 </STRING>Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).</FIELD></FOOTNOTE> maidir le BEI agus go bhfuil sé beartaithe le Beartas Trédhearcachta BEI, bunaithe ar ‘toimhde an nochta’, oibriú ar leithligh ón Rialachán seo, ach é a ailíniú leis; á iarraidh ar BEI, i gcomhthéacs a athbhreithnithe in 2026 ar a Bheartas Trédhearcachta, na heisceachtaí ar ‘toimhde an nochta’ a theorannú do chásanna a bhfuil géarghá leo agus a bhfuil údar cuí leo; á iarraidh ar BEI miontuairiscí níos mionsonraithe ar chruinnithe a Bhoird Stiúrthóirí a fhoilsiú, lena n-áirítear taifid vótála agus réasúnuithe a bhaineann go sonrach leis an tionscadal, agus rúndacht dhlisteanach á hurramú i gcás inar gá;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tabhairt dá haire líon na gcásanna a dtugtar fúthu le sásra gearán BEI ag dul i méid (113 chás in 2024, 104 in 2023 agus 97 in 2022); á chur i bhfáth go bhfuil an sásra gearán fós ina phróiseas féintagartha um réiteach díospóidí atá leabaithe go hiomlán i struchtúr BEI, a bhaineann dá neamhspleáchais, a bhfuil a thorthaí faoi réir athbhreithnithe agus formheasa ag na struchtúir bhainistíochta chéanna a bhfuil sé ceaptha grinnscrúdú a dhéanamh orthu; ag tabhairt dá haire go ndéantar ceapacháin go hinmheánach gan formhaoirseacht sheachtrach; á chur in iúl gur oth léi nach dtuairiscíonn sé cásanna aonair don Bhord Stiúrthóirí agus nach ndéanann sé ach achoimrí a chomhiomlánú i dtuarascálacha dhá uair sa bhliain; á iarraidh ar BEI athchóiriú a dhéanamh ar an sásra gearán chun fíor-neamhspleáchas agus cuntasacht sheachtrach a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ualach oibre méadaithe ar an Rannán Imscrúduithe (IG/IN) in 2024 (244 líomhain nua, ar tarchuireadh 49 líomhain díobh chuig OLAF agus OIPE); á chur in iúl gur oth léi go bhfuil easpa faisnéise leordhóthanaí fós i dtuarascáil bhliantúil IG/IN maidir leis an méid airgeadais, na cistí agus na sainorduithe dá ndéantar difear, na cineálacha tionscadal, na bearta maolaitheacha, agus na Ballstáit lena mbaineann; á iarraidh arís ar Ardchigire BEI agus ar Cheann IG/IN cáilíocht sonraí a fheabhsú agus dul i dteagmháil leis an bParlaimint chun rannchuidiú ar bhealach níos fearr le cosaint na leasanna airgeadais lena mbaineann, agus cothromaíocht chuí idir trédhearcacht agus rúndacht á saothrú; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí sa tuairisciú sin anailís ar bhunchúiseanna chun a shainaithint an eascraíonn teipeanna as dícheall cuí neamhleor, fachtóirí seachtracha, nó saincheisteanna sistéamacha sa roghnúchán tionscadal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi comhar Ghrúpa BEI le OLAF, OIPE agus Europol agus ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh 29 dtarchur chuig OLAF agus 20 tarchur chuig OIPE in 2024; á chur in iúl gur geal léi spéis BEI rochtain a fháil ar uirlis scórála riosca ARACHNE de chuid an Choimisiúin; á iarraidh ar an gCoimisiún an rochtain sin a éascú gan mhoill, chun brath agus cosc calaoise a neartú ar fud oibríochtaí uile BEI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil córas eisiaimh uathrialach BEI ná Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) an Choimisiúin go hiomlán coibhéiseach agus nach n-oibríonn siad le cómhalartacht uathoibríoch; á iarraidh ar BEI a Bheartas Eisiaimh a ailíniú go hiomlán le EDES an Choimisiúin ó thaobh caighdeáin chinnteoireachta, torthaí agus leigheasanna de, lena n-áirítear trasaithint chórasach cinntí eisiaimh i gcás inar féidir ó thaobh an dlí de; ag athdhearbhú a hiarrata ar Ghrúpa BEI agus ar an gCoimisiún comhoibriú chun bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus leigheasanna a mholadh, lena n-áirítear nós imeachta brostaithe chun cinntí eisiaimh BEI a fhorfheidhmiú trí EDES;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi clár BEI um chomhlíonadh smachtbhannaí agus á iarraidh go ndéanfaí tuairisciú rialta ar rialuithe scagtha smachtbhannaí agus ar choimircí chun teacht timpeall a sheachaint in oibríochtaí arna maoiniú ag BEI; á iarraidh ar Ghrúpa BEI feabhas a chur ar nósanna imeachta scagtha le haghaidh infheistíochtaí cothromais a dhéantar trí idirghabhálaithe airgeadais, lena n-áirítear cistí caipitil fiontair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>ag tabhairt dá haire, an 10 Meitheamh 2024, gur fhoilsigh BEI Iarscríbhinn XII a ghabhann lena Rialacha Foirne, dar teideal <STRING ITALIC="on">Framework for recognition of trade unions at the European Investment Bank</STRING> [Creat chun aitheantas a thabhairt do cheardchumainn ag an mBanc Eorpach Infheistíochta; ag cur sonrú in iarrachtaí leanúnacha BEI maidir le folláine na foirne, lena n-áirítear meabhairshláinte, agus comhdheiseanna; á iarraidh ar BEI beartais éagsúlachta agus cuimsithe a neartú, lena n-áirítear bearta lena dtugtar aghaidh ar chuimsiú míchumais agus ar chomhionannas deiseanna; á mheabhrú a thábhachtaí atá ionadaíocht gheografach chothrom agus cothromaíocht inscne i bpoist earcaíochta agus bhainistíochta, agus á athdhearbhú gur cheart gurb é roghnú bunaithe ar fhiúntas an príomhchritéar agus á iarraidh ar BEI tuairisciú a dhéanamh ar ionadaíocht gheografach agus inscne ar gach leibhéal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá cosaint do sceithirí agus creataí láidre frithéillithe;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trédhearcacht, grinnscrúdú agus formhaoirseacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag admháil go gcuirtear na príomhchúraimí iniúchta ábhartha de chúram ar Choiste Iniúchóireachta BEI; á chreidiúint go bhféadfaí, mar thoradh ar ionadaithe seachtracha cáilithe a bheith rannpháirteach i gcúraimí sonracha de chuid an Choiste Iniúchóireachta, oibiachtúlacht anailísí an Choiste Iniúchóireachta a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha ar thrédhearcacht agus ar rochtain ar fhaisnéis le blianta beaga anuas, amhail iarrachtaí chun feabhas a chur ar dhoiciméadú na cinnteoireachta, lena n-áirítear léiriú ar na tromlaigh riachtanacha i gcás inarb infheidhme; ag tabhairt faoi deara go bhfuil nochtaí agus inrianaitheacht ar leibhéal an tionscadail fós míchothrom, go háirithe i gcás oibríochtaí a bhaineann le hidirghabhálaithe airgeadais agus struchtúir chasta ráthaíochta; á iarraidh ar BEI a tháscairí inmheánacha a ailíniú ar bhealach níos fearr le caighdeáin inbhuanaitheachta uile-Aontais (mar shampla, tríd an neamhréireacht idir méadrachtaí Chóimheas Gníomhaíochta Aeráide BEI agus Chóimheas Sócmhainne Glaise an Aontais a cheartú); á mheabhrú gur réamhchoinníoll riachtanach é tuairisciú leormhaith chun trédhearcacht a bhaint amach agus á chur in iúl gur oth léi go mbraitheann tuairisciú don Pharlaimint ar láithreacht dheonach Uachtarán BEI, a tharlaíonn ó am go chéile, i suí iomlánach nó ag cruinniú leis an gcoiste a bhfuil inniúlachtaí earnála aige;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag cur sonrú i dtorthaí Innéacs Trédhearcachta 2025 na nInstitiúidí Maoinithe Forbraíochta, lena léirítear go bhfaigheann BEI scór faoi bhun bainc forbartha iltaobhacha eile, amhail an Banc Domhanda, Banc Forbartha na hÁise agus Banc Forbartha na hAfraice, maidir le méadrachtaí trédhearcachta fhoriomlán; ag aithint, áfach, láidreachtaí suntasacha BEI a sainaithníodh i dtuarascáil mhí na Samhna 2025 <STRING ITALIC="on">Behind the Billions</STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6 </STRING>Publish What You Fund, ‘<STRING ITALIC="on">Behind the Billions: Tracking the missing pieces of MDB climate finance data</STRING>’, Samhain 2025.</FIELD></FOOTNOTE>, lena gcuirtear lipéad ar nochtadh BEI mar dhea-chleachtas chun inrianaitheacht beagnach iomlán a sholáthar maidir lena mhaoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart do BEI an cheannaireacht atá léirithe aige i gcumhdach sonraí a ghiaráil anois chun na sonraí tionchair gráinneacha agus na modheolaíochtaí caighdeánaithe is gá a sholáthar ar mhaithe le héifeachtacht agus luach ar airgead a infheistíochtaí a fhíorú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gurb eol di nach bhfuil iasachtaí BEI faoi réir na n-oibleagáidí infheictheachta céanna le deontais; á iarraidh, áfach, ar BEI a áirithiú go ndéanfar foráil, leis na creataí conarthacha agus dlíthiúla is infheidhme, do thrédhearcacht i ngach tionscadal a mhaoinítear le tacaíocht ó BEI agus do léiriú soiléir go ndéantar iad a chistiú le tacaíocht ó shaoránaigh na mBallstát, chun feasacht an phobail ar na tairbhí nithiúla a sholáthraítear le hinfheistíocht ón Aontas a fheabhsú agus muinín na gcáiníocóirí as úsáid acmhainní poiblí a neartú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>ag athdhearbhú a barúlacha maidir leis an tábhacht a bhaineann le beartas maidir le calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chur chun feidhme go hiomlán; á chur in iúl gur geal léi an tástáil a rinneadh ar uirlis nua rátála riosca maidir le sláine cánach in 2024 chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí cánach i dtionscadail agus go bhfuil sí ag tnúth le measúnú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme uileghrúpa in 2025; ag athdhearbhú a hiarrata ar BEI staonadh ó chistiú a thabhairt do thairbhithe nó d’idirghabhálaithe airgeadais a bhfuarthas amach go bhfuil baint acu le míchleachtais chánach, nó a bhfuil baol mór ann go mbeidh baint acu leo, agus á chur i bhfios go láidir go gcuireann cánachas dúbailte ar infheistíochtaí trasteorann, chomh maith le timpeallachtaí casta cánach, srian ar infheistíochtaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi moill BEI maidir le hobair leantach a dhéanamh ar thuarascáil bhliantúil na Parlaiminte maidir le rialú a ghníomhaíochtaí airgeadais don bhliain 2023<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7 </STRING>Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Bealtaine 2025 maidir le rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta – tuarascáil bhliantúil 2023 (IO C, C/2026/574, 24.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/574/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, a chuirtear ar fáil go traidisiúnta i gcomhréir le cleachtas a bunaíodh go leor blianta roimhe sin; á chur i bhfáth go rachadh comhar níos struchtúrtha agus níos intuartha chun tairbhe don dá pháirtí; á áitiú go bhfuil meabhrán tuisceana nó comhaontú idirinstitiúideach bunriachtanach chun an comhar sin a bhunú maidir le malartú faisnéise, éisteachtaí agus obair leantach, lena gcuirfí na cleachtais atá bunaithe den chuid is mó cheana le BEI i bhfeidhm go foirmiúil; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé dearbhaithe ag BEI go bhfuil sé ar fáil chun dul i mbun idirphlé chun a áirithiú go mbeidh an comhar bunaithe ar ghealltanais institiúideacha intuartha seachas ar shocruithe neamhfhoirmiúla; ag athdhearbhú a hiarrata go dtabharfaí an socrú sin chun críche go tapa; á iarraidh go bhféachfaí ar bhealaí breise chun feabhas a chur ar an gcomhordú idir an Pharlaimint, na parlaimintí náisiúnta agus na huasfhorais iniúchóireachta agus go mbeadh malartú feabhsaithe ann leis an tsochaí shibhialta agus leis an saol acadúil, rud a chothódh trédhearcacht níos fearr;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gníomh iardain i leith na moltaí ón bParlaimint</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">ag tathant ar BEI obair leantach a dhéanamh, ar bhonn tráthúil, ar na moltaí a d’eisigh an Pharlaimint agus tuairisciú ar na torthaí a baineadh amach agus ar thionchar na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun a thosaíochtaí agus beartais an Aontais a chur chun feidhme, i ndáil go háirithe leis an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>tionchar (eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta) a straitéise infheistíochta agus na torthaí arna mbaint amach ó thaobh rannchuidiú le forbairt chothromaithe agus sheasta an mhargaidh inmheánaigh chun leasa an Aontais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>gníomhaíochtaí arna nglacadh chun feabhas a chur ar chosc agus ar chomhrac coinbhleachtaí leasa, calaoise, éillithe agus cineálacha féideartha mí-iompair eile;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>bearta nua chun trédhearcacht a neartú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>bearta chun tacaíocht do FBManna agus d’oibreoirí eacnamaíocha incháilithe a neartú le linn chur chun feidhme bheartais an Aontais;</ITEM></LIST>
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus á iarraidh go ndéanfadh an Chomhairle agus Bord Stiúrthóirí BEI díospóireacht ar sheasaimh sin na Parlaiminte a léirítear ann.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>