<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF2" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0120</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tábhacht na reachtaíochta maidir le héigniú atá bunaithe ar thoiliú in AE</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0047/2026 -  Rapóirtéirí: Evin Incir, Joanna Scheuring-Wielgus)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 i dtaobh thábhacht na reachtaíochta maidir le héigniú atá bunaithe ar thoiliú san Aontas (2025/2040(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 2 agus d’Airteagal 3(2) agus (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, d’Airteagail 8, 10 agus 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus d’Airteagail 83(1) agus 82(2) CFAE, lena dtugtar aghaidh ar aitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais agus do chomhar póilíneachta agus breithiúnach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 83(1) CFAE, a lamhálann don Pharlaimint agus don Chomhairle íosrialacha a bhunú maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainmhíniúiú i réimsí na coireachta fíorthromchúisí ina bhfuil gné thrasteorann, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 21 di, lena dtoirmisctear idirdhealú, d’Airteagal 45 di, lena mbunaítear an ceart chun saorghluaiseachta, agus d’Airteagal 47 di, lena mbunaítear an ceart chun triail chóir a fháil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), a dhaingnigh an tAontas in 2023, go háirithe Airteagal 36 de, lena gceanglaítear gníomhartha gnéasacha neamhthoiliúla a choiriúlú, agus do na tuarascálacha faireacháin tíre ón nGrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Teaghlaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 21 agus 3 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a bhunaíonn comhionannas inscne mar bhunluach de chuid an Aontais, atá le príomhshruthú sna beartais agus sna cláir uile,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dara tuarascáil ghinearálta maidir le gníomhaíochtaí an Ghrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Teaghlaigh, a foilsíodh i mí Aibreáin 2021,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Mholadh Rec (2002)5 an 30 Aibreán 2002 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le mná a chosaint ar fhoréigean, lena n-áitítear ar Bhallstáit Chomhairle na hEorpa pionós a ghearradh ar aon ghníomh gnéasach a dhéantar i gcoinne daoine nach dtugann toiliú, fiú mura léiríonn siad comharthaí frithbheartaíochta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/29/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Treoir maidir le Cearta Íospartach), a sholáthraíonn creat ceartais atá dírithe ar íospartaigh, lena n-áirítear i gcásanna foréigin ghnéasaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2024 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (COM(2024)0060), lena n-áirítear sainmhíniú ar ghníomh neamh-chomhthoiliúil, agus do sheasamh na Parlaiminte an 17 Meitheamh 2025 maidir leis an togra seo<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0116.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE<FOOTNOTE><FIELD> IO C 117, 11.3.2022, lch. 88.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do straitéis AE um chomhionannas inscne 2020-2025, ina n-iarrtar cosaint fheabhsaithe ar fhoréigean inscnebhunaithe agus oideachas gnéasach cuimsitheach ina gcuirtear feasacht toilithe chun cinn,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a bheith á thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach<FOOTNOTE><FIELD> IO C 283, 11.8.2023, lch. 149.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) an 4 Nollaig 2003 in <STRING ITALIC="on">MC</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Bhulgáir</STRING> (Iarratas Uimh. 39272/98), inar bhunaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine oibleagáid dhearfach na stát forálacha an dlí choiriúil a achtú chun éigniú a imscrúdú agus a phionósú go héifeachtach, inar soiléiríodh go bhfuil baol ann go bhfágfaidh cruthúnas ar fhrithsheasmhacht fhisiciúil cineálacha áirithe éignithe gan phionós, agus inar chinn sí go gceanglaítear le hAirteagail 3 agus 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) pionósú agus ionchúiseamh éifeachtach aon ghnímh ghnéasaigh neamhthoiligh, lena n-áirítear in éagmais cur i gcoinne fisiciúil,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhreithiúnas ECtHR an 27 Bealtaine 2021 in <STRING ITALIC="on">JL</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Iodáil</STRING> (Iarratas Uimh. 5671/16), inar cinneadh gurb ionann spleáchas ar steiréitíopaí agus milleán ar íospartaigh le linn trialacha éignithe agus sárú ar an gceart go n-urramófaí an saol príobháideach faoi Airteagal 8 ECHR,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Phrionsabail Yogyakarta, a glacadh i mí na Samhna 2006, agus do Phrionsabail Yogyakarta Plus 10, a glacadh i mí na Samhna 2017,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na suirbhéanna agus do na tuarascálacha a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), amhail suirbhé 2014 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus, go háirithe suirbhé 2024 maidir le foréigean inscnebhunaithe san Aontas, ar dá réir a d’fhulaing 17,2 % de na mná i mBallstáit an Aontais foréigean gnéasach<FOOTNOTE><FIELD> FRA, EIGE agus Eurostat, <STRING ITALIC="on">EU gender-based violence survey — Key results: Experiences of women in the EU-27</STRING> [Suirbhé foréigin inscnebhunaithe san Aontas — Príomhthorthaí: eispéiris na mban in AE-27], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024, lch.14.</FIELD></FOOTNOTE>, agus tuarascáil 2024 maidir le daoine LGBTIQ+ san Eoraip,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil FRA an 10 Meitheamh 2025 dar teideal <STRING ITALIC="on">Fundamental Rights Report 2025 </STRING>[Tuarascáil 2025 ar Chearta Bunúsacha], go háirithe do Thuairim 2 ó FRA maidir le híospartaigh foréigin ar mná iad a chosaint go héifeachtach<FOOTNOTE><FIELD> FRA, <STRING ITALIC="on">Fundamental Rights Report 2025</STRING>[Tuarascáil ar Chearta Bunúsacha 2025], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2025, lch. 77.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do dhearbhú na Náisiún Aontaithe an 15 Meán Fómhair 1995 dar teideal ‘Dearbhú Bhéising agus Clár Oibre Gníomhaíochta’ agus do thorthaí a chomhdhálacha athbhreithnithe ina leith,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú agus do Mholadh Ginearálta Uimh. 35 (2017) ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú an 26 Iúil 2017 maidir le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus don phrionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ a chumhdaítear ann, agus go háirithe do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) 3, 4, 5, 10 agus 16,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Theachtaireacht Uimh. 34/2011 an 21 Feabhra 2014 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú, lena n-áitítear ar stáit athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht um éigniú trí dheireadh a chur le ceanglais a bhaineann le fórsa nó cruthúnas ar dhul i bhfód agus an easpa toilithe a chur i gcroílár an chiona,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus go háirithe d’Airteagal 7(1)(g) de, lena n-aithnítear éigniú agus cineálacha eile foréigin ghnéasaigh mar choireanna in aghaidh an chine dhaonna nuair a dhéantar iad mar chuid d’ionsaí forleathan nó córasach atá dírithe ar aon phobal sibhialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón Rapóirtéir Speisialta maidir le foréigean in aghaidh na mban, a chúiseanna agus a iarmhairtí an 19 Aibreán 2021 dar teideal ‘<STRING ITALIC="on">Rape as a grave, systematic and widespread human rights violation, a crime and a manifestation of gender-based violence against women and girls, and its prevention’</STRING> [Éigniú mar shárú tromchúiseach, córasach agus forleathan ar chearta an duine, ar coir é agus léiriú ar fhoréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus na gcailíní, agus é a chosc], a cuireadh faoi bhráid an 47ú seisiún de Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chomh maith leis an gcreat reachtaíochta maidir le héigniú a ghabhann léi,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 59 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A10-0047/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go gcoiriúlaítear gníomhartha foréigin ghnéasaigh faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine sa chogadh agus in aimsir na síochána araon; de bhrí, i gcomhthéacs an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta agus an dlí choiriúil idirnáisiúnta araon, go sainaithnítear éigniú mar choir chogaidh fhéideartha, mar choir in aghaidh an chine dhaonna, nó mar ghníomh a chuireann le cinedhíothú, ar choinníoll go bhfuil gnéithe riachtanacha eile de na coireanna sin ann; de bhrí go gcuirtear an t-aicmiú sin in iúl i Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (Airteagal 8) agus i gCoinbhinsiúin na Ginéive 1949 agus sna Prótacail Bhreise; de bhrí go n-áirítear sa léirmhíniú dlíthiúil ar éigniú mar choir chogaidh, de réir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, an toiliú a bheith in easnamh mar ghné ríthábhachtach;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, de réir ECtHR, go dtugann sainmhínithe atá bunaithe ar úsáid fornirt mar phríomhghné na coire cosaint neamhleor d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh agus go gcuireann siad cosaint éifeachtach neamhspleáchas gnéasach daoine aonair i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí gur sárú é an t-éigniú ar raon de chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun sláine coirp, an ceart chun neamhspleáchais agus chun neamhspleáchais ghnéasaigh, an ceart chun príobháideachais, an ceart chun an caighdeán is airde sláinte coirp agus meabhairshláinte is féidir a bhaint amach, ceart na mban chun comhionannais os comhair an dlí, agus na cearta chun bheith saor ó fhoréigean, ó idirdhealú, ó chéastóireacht agus ó íde eile atá cruálach nó mídhaonna; de bhrí, leis an éigniú freisin, go gcuirtear cosc ar an íospartach leas iomlán a bhaint as raon de chearta daonna eile, amhail an ceart chun na beatha, dínit, iomláine choirp agus mheabhrach, an ceart chun saoirse agus slándála pearsanta, an ceart chun comhionannais laistigh den teaghlach agus os comhair an dlí gan beann ar inscne agus féiniúlacht inscne, agus an ceart chun bheith saor ó idirdhealú, ó chéastóireacht agus ó dhrochíde eile, i measc nithe eile;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil foréigean inscnebhunaithe fós ar cheann de na sáruithe is forleithne agus is tearcthuairiscithe ar chearta an duine san Eoraip agus go n-éilítear freagairt Eorpach dó; de bhrí, leis an gcreat dlíthiúil idirnáisiúnta reatha um chearta an duine, go n-aithnítear éigniú mar shárú ar chearta an duine agus mar chineál foréigin inscnebhunaithe a dhéanann difear do mhná agus do chailíní den chuid is mó; de bhrí go bhfuil éigniú ar cheann de na cineálacha foréigin inscnebhunaithe is forleithne agus is brúidiúla, ar sárú é ar shláine fhisiciúil, shíceolaíoch agus ghnéasach agus neamhspleáchas coirp daoine aonair agus a bhfuil éifeachtaí tromchúiseacha marthanacha aige ar mharthanóirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go gcuireann foréigean inscnebhunaithe teorainn mhór le rannpháirtíocht na mban agus na gcailíní sa saol poiblí agus lena rochtain ar cheartas, ar oideachas agus ar neamhspleáchas eacnamaíoch, agus, dá bhrí sin, gur bac struchtúrach é ar fhíor-chomhionannas inscne a bhaint amach; de bhrí go mbíonn iarmhairtí tromchúiseacha agus fadtéarmacha ar íospartaigh an éignithe, lena n-áirítear iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha, amhail cailliúint fostaíochta, spleáchas airgeadais, éagobhsaíocht tithíochta agus rannpháirtíocht laghdaithe san oideachas nó san ionad oibre, rud a chuireann le héifeachtaí an fhoréigin agus a dhaingníonn neamhionannas inscne;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, de réir FRA agus EIGE, gur fhulaing 17,2 % de mhná in AE foréigean gnéasach, lena n-áirítear éigniú agus gníomhartha gnéasacha eile nár iarr siad, agus gur éigníodh bean amháin as 20, le forneart, ó 15 bliana d’aois i leith<FOOTNOTE><FIELD> FRA agus EIGE, <STRING ITALIC="on">Violence against women: an EU-wide survey – Results at a glance</STRING> [Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé uile-Aontais – Sracfhéachaint ar na torthaí], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2014, lch. 20.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, de réir FRA, go bhfuil méadú tagtha ar an bhforéigean i gcoinne daoine LADTIA+ le blianta beaga anuas, agus go bhfuil mná trasinscneacha neamhchosanta go díréireach ar fhoréigean fisiciúil agus gnéasach; de bhrí go bhfulaingíonn daoine LADTIA+ foréigean gnéasach freisin mar gheall ar a n-inscne, a bhféiniúlacht inscne, a léiriú inscne agus a saintréithe gnéis; de bhrí gurb ionann costas measta bliantúil an fhoréigin inscnebhunaithe in AE agus EUR 366 bhilliún;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go gcruthaíonn gné thrasteorann chion an éignithe riachtanas speisialta maidir le héigniú a chomhrac ar bhonn comhchoiteann laistigh de AE chun cosaint níos comhsheasmhaí agus rochtain chomhionann ar cheartas a áirithiú d’íospartaigh ar fud na mBallstát uile, agus roinnt príomhghnéithe ann: an gá atá le híosleibhéal cosanta a áirithiú do gach bean sna Ballstáit uile, an gá atá le híosleibhéal cosanta a áirithiú nuair a fheidhmíonn mná a saoirse gluaiseachta ar fud an Aontais, ós rud é go mbaineann easpa sainmhíniú comhchuibhithe ar éigniú an bonn ó dheimhneacht dhlíthiúil na n-íospartach agus ó rochtain ar cheartas agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé a bheith ina bhacainn ar shaorghluaiseacht, agus an gá agus an oibleagáid dlí an Aontais a ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiún Iostanbúl, lena gceanglaítear éigniú a choiriúlú ar bhonn easpa toilithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an tírdhreach dlíthiúil atá ann faoi láthair in AE fós ilroinnte, agus léirmhínithe breithiúnacha éagsúla agus sainmhínithe éagsúla á dtabhairt ar éigniú nach léirítear leo i gcónaí caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine ná ceanglais Choinbhinsiún Iostanbúl maidir le toiliú; de bhrí go mbaineann an easpa sainmhínithe dlíthiúla comhchuibhithe ar fud na mBallstát an bonn ó chearta íospartach, go gcuireann sí bac ar chomhar trasteorann, agus go gcuireann sí le saoirse ó phionós do dhéantóirí na coire agus le heaspa feasachta ar cad is gníomh foréigin ghnéasaigh ann; cé go ndéanann roinnt Ballstát éigniú a shainmhíniú fós ar bhonn úsáid fornirt nó bagartha, agus ar an gcaoi sin go n-eisiatar go leor íospartach ó chosaint dhlíthiúil; de bhrí go gcuireann sé sin béim ar an ngéarghá atá le sainmhíniú ar éigniú ar fud an Aontais atá bunaithe ar thoiliú; de bhrí, dá ndéanfaí sainmhíniú dlíthiúil comhchoiteann ar éigniú a thabhairt isteach atá bunaithe ar easpa toilithe, go gcabhrófaí le feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach agus le feabhas a chur ar bhailiú agus ar inchomparáideacht sonraí maidir le héigniú in AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur shínigh na Ballstáit uile Coinbhinsiún Iostanbúl ach nach bhfuil sé daingnithe ag cúig Bhallstát go fóill<FOOTNOTE><FIELD> An Bhulgáir, an tSeicia, an Ungáir, an Liotuáin agus an tSlóvaic.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí nach ndearna ach dhá cheann acu sin athchóiriú le déanaí ar a reachtaíocht chun go mbeadh ról lárnach ag an toiliú maidir le coir an éignithe a shainiú<FOOTNOTE><FIELD> An Bhulgáir agus an tSeicia.</FIELD></FOOTNOTE>; de bhrí, ó tháinig Coinbhinsiún Iostanbúl i bhfeidhm, gur leasaigh 16 Bhallstát a reachtaíocht chun coincheap an toilithe mar ghné bhunaitheach de choir an éignithe a ionchorprú nó a dhéanamh níos sainráite; de bhrí gur aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún in 2023 i gcás réimsí faoina inniúlacht eisiach; de bhrí go raibh foráil Choinbhinsiún Iostanbúl maidir le sainmhíniú ar éigniú, ar sainmhíniú é atá bunaithe ar thoiliú, ina cor cinniúnach d’athchóiriú dlíthiúil, rud ar léiriú é ar aistriú ón gcur chuige traidisiúnta trína dtugtar le tuiscint leis an sainmhíniú ar éigniú go nglactar leis go bhfuil foréigean ann; de bhrí go luann FRA i dTuarascáil um Chearta Bunúsacha 2025 uaidh gur cheart do na Ballstáit a bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl daingnithe acu foréigean gnéasach a choiriúlú trí úsáid a bhaint as sainmhínithe ar éigniú agus ar chineálacha eile foréigin ghnéasaigh, ar sainmhínithe iad atá bunaithe ar thoiliú;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go raibh ról lárnach ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine maidir leis an tuiscint nua-aimseartha ar éigniú faoi dhlí chearta an duine a mhúnlú, go háirithe trína breithiúnas cinniúnach in <STRING ITALIC="on">MC</STRING> v an <STRING ITALIC="on">Bhulgáir</STRING> in 2003, inar bhunaigh sí an oibleagáid dhearfach ar na stát forálacha an dlí choiriúil a achtú chun éigniú a imscrúdú agus a phionósú go héifeachtach, inar chinn sí go bhfuil an baol ann go bhfágfaí cineálacha áirithe éignithe gan phionós mar gheall ar chruthúnas ar fhrithsheasmhacht fhisiciúil ón íospartach agus go mainníonn sí neamhspleáchas gnéasach a chosaint mar a cheanglaítear faoi Airteagail 3 agus 8 ECHR, agus inar chinn sí go n-éilítear leis na hairteagail sin pionósú agus ionchúiseamh éifeachtach aon ghnímh ghnéasaigh neamhthoiliúil, lena n-áirítear in éagmais frithbheartaíocht fhisiciúil; de bhrí gur cáineadh i mbreithiúnais ECtHR ina dhiaidh sin, amhail na breithiúnais a tugadh in <STRING ITALIC="on">JL</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Iodáil</STRING> (2021) agus <STRING ITALIC="on">X</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chipir</STRING> (2025)<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 27 Feabhra 2025, <STRING ITALIC="on">X</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chipir</STRING>, Iarratas Uimh. 40733/22.</FIELD></FOOTNOTE>, úsáid argóintí agus steiréitíopaí a chuireann an milleán ar íospartaigh in imeachtaí breithiúnacha, ina gcinntear gurb ionann cleachtais den sórt sin agus sárú ar an gceart chun measa ar an saol príobháideach faoi Airteagal 8 ECHR, agus go mbuanaíonn siad claontacht agus go gcuireann siad bac ar rochtain ar cheartas do mharthanóirí foréigin ghnéasaigh; de bhrí gur shuigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, ina breithiúnas in <STRING ITALIC="on">HW</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Fhrainc</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 23 Eanáir 2025, <STRING ITALIC="on">HW</STRING> v <STRING ITALIC="on">An Fhrainc</STRING> (Uimh. 13805/21).</FIELD></FOOTNOTE>, gur cineál foréigin ghnéasaigh é aon ghníomh gnéasach neamhthoiliúil; de bhrí, ina breithiúnas in <STRING ITALIC="on">L agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Fhrainc</STRING><FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine an 24 Aibreán 2025, <STRING ITALIC="on">L agus Eile</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Fhrainc</STRING>, Iarratais Uimh. 46949/21, 24989/22 agus 39759/22.</FIELD></FOOTNOTE>, gur léirmhínigh ECtHR Airteagail 3 agus 8 ECHR mar cheangal ar pháirtithe in ECHR córais dlí choiriúil a bheith acu lenar féidir gníomhartha gnéasacha neamhthoiliúla a phionósú;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go luaitear i Lámhleabhar na Náisiún Aontaithe maidir le Reachtaíocht i ndáil le Foréigean in aghaidh na mBan nach mór foráil a dhéanamh sa reachtaíocht d’imthosca géaraitheacha, lena n-áirítear, mar shampla, aois an mharthanóra, an caidreamh idir an marthanóir agus déantóir an fhoréigin fhisiciúil, úsáid foréigin fhisiciúil nó bagairt foréigin fhisiciúil, déantóirí iomadúla coire a bheith ann, agus iarmhairtí tromchúiseacha fisiciúla nó meabhracha an ionsaithe ar an íospartach; de bhrí go luaitear sa lámhleabhar freisin gur cheart don reachtaíocht ‘ionsaí gnéasach laistigh de chaidreamh (i.e. ‘éigniú pósta’) a choiriúlú go sonrach, trína fhoráil go mbeidh feidhm ag forálacha ionsaithe ghnéasaigh ‘gan beann ar chineál an chaidrimh’ idir déantóir na coire agus an gearánach nó trína lua ‘nach cosaint ar chúiseamh as ionsaí gnéasach faoin reachtaíocht aon phósadh ná aon chaidreamh eile’;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí, an 16 Meán Fómhair 2021, gur ghlac an Pharlaimint rún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE; de bhrí gur iarradh sa rún sin ar na Ballstáit an sainmhíniú ar ‘éigniú’ ina ndlí náisiúnta a leasú ionas go mbeidh sé bunaithe ar easpa toilithe, agus gur cuireadh i bhfios go láidir ann gur sárú tromchúiseach ar chearta agus ar dhínit an duine é foréigean inscnebhunaithe agus gur cineál foréigin inscnebhunaithe é an t-éigniú;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur cheart Airteagal 83 CFAE a bheith ina bhunús dlí is infheidhme do thograí reachtacha maidir le cion an éignithe toisc gur coir an-tromchúiseach é an t-éigniú a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis agus go dtagann sé faoi réimse na coireachta ‘teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí’;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí nach bhfuil an téarma ‘dúshaothrú gnéasach’ in Airteagal 83(1) CFAE teoranta don gháinneáil amháin, ó theorannódh léirmhíniú cúng den sórt sin go héagórach idir ‘gáinneáil ar dhaoine agus dúshaothrú gnéasach ban agus leanaí’ agus cionta gáinneála; de bhrí go léirítear leis an bhfoclaíocht agus leis an gcleachtas reachtach, lena n-áirítear an Treoir maidir le Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/93/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, go gcumhdaítear le ‘teacht i dtír gnéasach’ raon níos leithne cionta, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach; de bhrí go dtagraíonn dúshaothrú gnéasach go coitianta d’úsáid éagórach duine eile chun tairbhe gnéasaí, ina bhfuil leochaileacht íospartach lárnach do choir an éignithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 36 de Choinbhinsiún Iostanbúl gach gníomh gnéasach neamhthoiliúil a choiriúlú agus go sonraítear ann ‘nach mór toiliú a thabhairt go deonach mar thoradh ar shaorthoil an duine a mheasúnaítear i gcomhthéacs na n-imthosca máguaird’; de bhrí go bhfuil an prionsabal sin comhsheasmhach le rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus le cásdlí náisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>P.</NO.P>de bhrí gur comhaontú deonach é toiliú chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ghnéasach ar leith agus gur féidir é a tharraingt siar tráth ar bith;
</CONS><CONS>
<NO.P>Q.</NO.P>de bhrí go bhfuil sainmhínithe ar an éigniú, ar sainmhínithe iad atá bunaithe ar thoiliú, tugtha isteach ina gcóid choiriúla cheana féin ag go leor Ballstát<FOOTNOTE><FIELD> An Ostair, an Bheilg, an Chróit, an Chipir, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, Éire, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn.</FIELD></FOOTNOTE> agus ag roinnt tíortha Eorpacha eile<FOOTNOTE><FIELD> An Íoslainn, an Iorua, Montainéagró, an Úcráin agus an Ríocht Aontaithe.</FIELD></FOOTNOTE>, rud a fhágann go bhfuil coireanna mí-úsáide gnéasaí á gcosc, á dtuairisciú agus á n-ionchúiseamh ar bhealach níos éifeachtúla agus go bhfuil méadú tagtha ar fheasacht an phobail;
</CONS><CONS>
<NO.P>R.</NO.P>de bhrí go raibh seasamh agus sainordú na Parlaiminte ar an treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac go láidir i bhfabhar sainmhíniú atá bunaithe ar thoiliú ar chion an éignithe a áireamh sa téacs, mar atá sa togra ón gCoimisiún; de bhrí go raibh an Chomhairle den tuairim, ar an drochuair, nár cheart coiriúlú an éignithe a áireamh sa treoir sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>S.</NO.P>de bhrí gur áiríodh sa togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac togra chun éigniú a choiriúlú ar bhonn an aitheantais go n-áirítear éigniú le ‘teacht i dtír gnéasach ar mhná’; de bhrí go bhfuil an léirmhíniú sin comhsheasmhach le gealltanas na gConarthaí don chomhionannas idir mná agus fir; de bhrí, mar sin, gur bunús dlí iomchuí é Airteagal 83(1) CFAE chun íosrialacha AE a bhunú ar an sainmhíniú ar éigniú;
</CONS><CONS>
<NO.P>T.</NO.P>de bhrí gur minic a chuirtear ceisteanna ar mharthanóirí éignithe faoina n-easpa frithbheartaíochta i gcoinne ionsaí gnéasach, agus déantóirí coire á mhaíomh gur léiriú ar chomhaontú éighníomhach í an easpa frithbheartaíochta ar thaobh na n-íospartach; de bhrí, i staidéar de chuid na Sualainne, gur thuairiscigh 70 % d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh doghluaiseacht thonach shuntasach, ar a dtugtar an ‘freagairt reoite’ freisin; de bhrí gurb í freagairt ar a dtugtar ‘staic uamhnachta’ (nó doghluaiseacht thonach), seachas frithsheasmhacht fhisiciúil ghníomhach in aghaidh dhéantóir na coire, an fhreagairt is coitianta i measc marthanóirí an éignithe; de bhrí gur freagairt neamhdheonach choiteann agus frithluail mharthanais í an easpa frithsheasmhachta nó an ‘reo’ i bhfianaise na bagartha, agus go bhféadfadh doghluaiseacht a bheith mar thoradh uirthi (staidiúir sheasta, teannas matáin a chailleadh, neamhábaltacht gníomhaíochtaí deonacha a dhéanamh), scaradh, lena ndéantar feasacht duine a dhícheangal ó mhothú agus mothúcháin shuaiteacha agus phianmhara a thagann chun cinn ina gcorp, agus cailliúint braistinte gníomhaireachta; de bhrí nach féidir neamhaird a dhéanamh den réaltacht sin chun rochtain ar cheartas a áirithiú do mharthanóirí éignithe agus chun timpeallacht dhlíthiúil agus shóisialta a chur chun cinn nach nglactar le héigniú inti a thuilleadh;
</CONS><CONS>
<NO.P>U.</NO.P>de bhrí gur féidir le tosca amhail comhéigean, fórsa, bagairtí, spleáchas airgeadais agus síceolaíoch, riochtaí fisiciúla nó meabhracha – amhail doghluaiseacht thonach, reo, iontas, staid eagla, imeaglú, neamh-chomhfhiosacht, meisce, géilleadh ceimiceach, codladh, tinneas, gortú coirp, míchumas nó riochtaí eile, nó staid eile leochaileachta ar leith — nó idirdhealú struchtúrach agus trasnach leochaileachtaí agus contúirtí a chruthú agus gur féidir leo saorthoiliú a chosc, atá ríthábhachtach i gcásanna éignithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>V.</NO.P>de bhrí gur féidir le tráma ó ionsaí gnéasach tionchar a imirt ar fheidhmiú na cuimhne, á fhágáil go mbíonn na himeachtaí ilroinnte nó in easnamh agus go mbíonn saobhadh i seichimh ama, rud a fhágann go bhfuil sé deacair cuimhneamh ar an ord inar tharla na himeachtaí; de bhrí go bhfuil baint ag tráma a eascraíonn as éigniú le neamhord struis iarthrámaigh agus le siomptóim thromchúiseacha mheabhairshláinte eile, lena n-áirítear aird laghdaithe, imní, taomanna scaoll, dúlagar tromchúiseach, athchuimhní agus tromluithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>W.</NO.P>de bhrí, má bhraitear ar fhianaise ábhartha frithbheartaíochta, bhagairtí nó d’fhoréigin, go mbuanaítear miotais agus steiréitíopaí díobhálacha éignithe maidir leis an gcaoi a mheastar a n-iompróidh íospartaigh, rud a chuirfidh le híospairt thánaisteach, go háirithe i gcásanna nach gcloíonn íospartaigh le hionchais a ceapadh sa tsochaí maidir le tráma, frithbheartaíocht nó díobháil infheicthe; de bhrí go rannchuidíonn na cleachtais sin le mímhuinín sna córais forfheidhmithe dlí agus ceartais, rud a fhágann go mbíonn rátaí ísle tuairiscithe i measc íospartach agus saoirse ó phionós do dhéantóirí coire;
</CONS><CONS>
<NO.P>X.</NO.P>de bhrí gur cearta dosháraithe iad neamhspleáchas gnéasach agus sláine coirp, agus gurb é is cuspóir do reachtaíocht um éigniú atá bunaithe ar thoiliú cosaint na reachtaíochta sin a neartú; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach aistriú chuig samhail dlí um éigniú, ar samhail í atá bunaithe ar thoiliú, chun a aithint gur féidir neamhspleáchas gnéasach agus sláine ghnéasach a shárú fiú i gcásanna nach bhfuil aon fhoréigean fisiciúil ann, amhail i gcás ina bhfuil dinimic chomhéigneach nó mí-úsáid cumhachta ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>Y.</NO.P>de bhrí gurb é is aidhm do bhéim a leagan ar thábhacht an neamhspleáchais ghnéasaigh comhionannas inscne agus, go háirithe, comhlíonadh chearta na mban agus na gcailíní a chur chun cinn; de bhrí go leagtar béim go háirithe le reachtaíocht um éigniú atá bunaithe ar thoiliú ar cheart na mban cinntí a dhéanamh fúthu féin agus faoina gcoirp féin;
</CONS><CONS>
<NO.P>Z.</NO.P>de bhrí gur cheart go mbeadh toiliú ina chuid lárnach den reachtaíocht maidir le héigniú; de bhrí go bhfuil gá le reachtaíocht um éigniú atá bunaithe ar thoiliú chun cásanna a chumhdach ar bhealach níos éifeachtaí ina dtosaíonn an gníomh gnéasach chomh tobann sin nach bhfuil aon deis ag íospartaigh a dtoil a chur in iúl nó iad féin a chosaint sula gcuirtear tús leis an ngníomh; de bhrí go bhfuil reachtaíocht um éigniú atá bunaithe ar thoiliú bunriachtanach freisin chun aghaidh a thabhairt níos fearr ar chásanna nach bhfuil an t-íospartach in ann cur i gcoinne an ghnímh mar gheall ar eagla;
</CONS><CONS>
<NO.P>AA.</NO.P>de bhrí go léiríonn an fhianaise gur daoine aitheantais nó páirtithe dlúthchaidrimh a dhéanann formhór na n-éignithe agus go dtarlaíonn siad laistigh, ach gur minic sna cásanna sin a bhítear in amhras faoi íospartaigh agus nach gcreidtear iad laistigh den chóras ceartais choiriúil, go háirithe i ndlínsí ina bhfuil feidhm fós ag ceanglais fianaise atá as dáta, rud a bhuanaíonn na miotais gur strainséirí in áiteanna poiblí de ghnáth a dhéanann éignithe agus gurb iad na híospartaigh a spreagann an t-éigniú nó a chuireann i gcéill go ndearnadh é; de bhrí go dtreisítear na miotais sin tuilleadh le léirithe neamhleora sna meáin, leis an dioscúrsa poiblí, agus le heaspa feasachta poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AB.</NO.P>de bhrí go bhfuil miotais agus gnáth-thuiscintí a nglactar go coitianta leo maidir le héigniú agus ionsaí gnéasach díobhálach do choir an éignithe a shainmhiniú agus gur bagairtí breise iad ar fholláine marthanóirí, ar thoilteanas tuairisciú a dhéanamh agus ar chosaint ar íospairt thánaisteach agus gur cúis iad le hionchúiseamh agus rochtain ar cheartas a chosc; de bhrí go bhfuil na gnáth-thuiscintí agus na miotais sin a nglactar leo ar cheann de na tosca a chuidíonn leis an tsaoirse ó phionós a bhaineann le héigniú a bhuanú agus a chuireann bac ar reachtaíocht iomchuí a fhorbairt;
</CONS><CONS>
<NO.P>AC.</NO.P>de bhrí go bhfuil méid an fhoréigin ghnéasaigh fós á mheas go mór faoina luach, ós rud é go bhfágtar formhór mór na gcoireanna gnéasacha fós gan nochtadh; de bhrí nach ndéantar go leor éigniú a thuairiscítear a ionchúiseamh ar chor ar bith, agus nach mbíonn ciontú mar thoradh ar fhormhór mór na n-ionchúiseamh as éigniú; de bhrí go gcuireann sé sin le heaspa muiníne na mban sa chóras, go mbíonn rátaí ísle tuairiscithe mar thoradh air agus go mbuanaíonn sé an bhraistint sa tsochaí go mbíonn saoirse ó phionós ann, rud as a n-eascraíonn normalú an fhoréigin ghnéasaigh, an t-éigniú san áireamh; de bhrí go gcuireann saoirse fhorleathan ó phionós i gcás éignithe le coimpléasc forleathan na gcreideamh agus na norm sóisialta lena spreagtar ionsaí gnéasach na bhfear agus lena dtacaítear le foréigean in aghaidh na mban, lena gcruthaítear timpeallacht ina ndéantar foréigean gnéasach a normalú agus ina dtugtar údar dó trí neamhionannais inscne leanúnacha agus trí dhearcthaí díobhálacha maidir le hinscne agus gnéasacht; de bhrí nach bhfuil sé inghlactha nach mbeadh aon iarmhairtí ar éigniú a dhéanamh gan foréigean fisiciúil; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach gach cineál éignithe a ionchúiseamh go comhsheasmhach chun muinín an phobail as córais cheartais a choinneáil agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun foréigean gnéasach a chosc; de bhrí go bhfuil reachtaíocht um éigniú atá bunaithe ar thoiliú ríthábhachtach chun na dearcthaí maidir le cionta gnéasacha a léiriú agus a aistriú agus chun feasacht a mhúscailt ar fud AE, agus ar an gcaoi sin líon na gcionta gnéasacha a laghdú ar deireadh; de bhrí gur féidir le reachtaíocht atá bunaithe ar thoiliú aistriú paraidíme a spreagadh i dtreo an ghá atá le toiliú a lorg seachas díreach easpa cur i gcoinne soiléir in aghaidh gníomh gnéasach;
</CONS><CONS>
<NO.P>AD.</NO.P>de bhrí go soiléirítear sa Tuarascáil Mhíniúcháin a ghabhann le Coinbhinsiún Iostanbúl, maidir le hAirteagal 36(2) den Choinbhinsiún, chun foréigean gréasach a ionchúiseamh, lena n-áirítear éigniú, ‘go mbeidh gá le measúnú atá íogair ó thaobh an chomhthéacs de ar an bhfianaise chun a shuí ar bhonn cás ar chás ar thoiligh an t-íospartach faoi shaoirse leis an ngníomh gnéasach a rinneadh. Ní mór a aithint sa mheasúnú sin go léiríonn íospartaigh raon leathan freagairtí iompraíochta ar fhoréigean gnéasach agus ar éigniú agus ní bheidh sé bunaithe ar thoimhdí maidir le hiompraíocht thipiciúil i gcásanna den sórt sin. Tá sé chomh tábhachtach céanna a áirithiú nach mbeidh tionchar ag steiréitíopaí inscne agus miotais faoi ghnéasacht fear agus ban ar léirmhínithe ar an reachtaíocht maidir le héigniú agus ar ionchúiseamh cásanna éignithe’;
</CONS><CONS>
<NO.P>AE.</NO.P>de bhrí, i dTheachtaireacht Uimh. 34/2011 uaidh, go n-áitíonn Coiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú ar stáit athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht um éigniú trí dheireadh a chur le ceanglais a bhaineann le fórsa nó cruthúnas ar threá agus an easpa toilithe a chur i gcroílár an chiona, agus i mMoladh Ginearálta Uimh. 35 (2017) uaidh, go n-áitíonn sé ar stáit foréigean inscnebhunaithe a aithint mar chineál idirdhealaithe agus athchóirithe dlíthiúla a ghlacadh lena n-áirithítear deireadh a chur leis an bhforéigean sin, lena n-áirítear trí ghníomhartha gnéasacha neamhthoiliúla a choiriúlú agus trí thacú le rochtain ar cheartas agus ar sheirbhísí do gach bean agus cailín, go háirithe iad siúd a bhfuil cineálacha trasnacha idirdhealaithe os a gcomhair;
</CONS><CONS>
<NO.P>AF.</NO.P>de bhrí go bhfuil comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú ina mbunluacha de chuid an Aontais, ina gcearta bunúsacha, ina bprionsabail lárnacha de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ina gcoinníollacha riachtanacha le haghaidh dul chun cinn; de bhrí go bhfuil toirmeasc ar idirdhealú ar bhonn gnéis, inscne agus forais eile faoi Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AG.</NO.P>de bhrí gur treoirphrionsabal tábhachtach é an trasnachas a chumhdaítear i ndlí AE; de bhrí go bhfulaingíonn mná neamhionannais agus idirdhealú trasnach, lena n-áirítear neamhionannais agus idirdhealú atá nasctha lena gcine, lena dtionscnamh eitneach nó sóisialta, lena ngnéaschlaonadh, lena bhféiniúlacht inscne agus lena léiriú inscne, lena reiligiún nó lena gcreideamh, lena stádas cónaithe nó lena míchumas; de bhrí go bhfuil foréigean gnéasach inscnebhunaithe ar cheann de na saincheisteanna is suntasaí maidir le comhionannas inscne agus nach féidir fíordhul chun cinn a dhéanamh maidir le comhionannas inscne ach amháin trí chur chuige trasnach a chur chun feidhme; de bhrí, trí chur chuige trasnach a chur i bhfeidhm, gur féidir aghaidh a thabhairt ar bhacainní struchtúracha ar chomhionannas inscne agus fianaise a bhailiú chun tagarmharcanna a chruthú agus bealach a leagan síos chun bogadh i dtreo beartais straitéiseacha agus éifeachtacha chun idirdhealú sistéamach, eisiamh agus neamhionannais shóisialta a chomhrac;
</CONS><CONS>
<NO.P>AH.</NO.P>de bhrí, i bhfianaise chineál struchtúrach an neamhionannais inscne agus an fhoréigin inscnebhunaithe, go bhféadfar toiliú a thabhairt faoi choinníollacha comhéigin nó brú shóisialta, rud lena dtugtar chun suntais go bhfuil gá le cur chuige lena n-ionchorpraítear ní hamháin neamhspleáchas aonair, ach freisin dinimic na cumhachta sóisialta, noirm inscne agus dáileadh éagothrom na gníomhaireachta idir fir agus mná;
</CONS><CONS>
<NO.P>AI.</NO.P>de bhrí go bhfuil foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean gnéasach, ina chúis agus ina iarmhairt ar na neamhionannais struchtúracha agus ar na neamhshiméadrachtaí cumhachta atá fréamhaithe i steiréitíopaí inscne agus i noirm shóisialta; de bhrí gur gá dúshlán a thabhairt do na noirm sin agus athchóirithe cuimsitheacha dlíthiúla, sóisialta agus oideachais a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean den sórt sin;
</CONS><CONS>
<NO.P>AJ.</NO.P>de bhrí go gcuireann steiréitíopaí inscne atá fréamhaithe go domhain maidir le gnéasacht agus moráltacht na mban le coimpléasc forleathan na gcreideamh agus na norm sóisialta lena spreagtar ionsaí gnéasach na bhfear agus lena dtacaítear le foréigean in aghaidh na mban, lena gcruthaítear timpeallacht ina ndéantar foréigean gnéasach a normalú agus ina dtugtar údar dó trí neamhionannais inscne leanúnacha agus trí dhearcthaí díobhálacha maidir le hinscne agus gnéasacht; de bhrí go mbíonn stiogmatú agus cóir idirdhealaitheach ban áirithe agus daoine eile mar thoradh air sin mar gheall ar noirm shóisialta agus ghnéis inscneacha a bheith á sárú acu nó ós rud é nach gcomhlíonann siad róil inscne;
</CONS><CONS>
<NO.P>AK.</NO.P>de bhrí gur féidir éigniú, lena n-áirítear gnéithe a d’fhéadfadh a bheith ann sula ndearnadh an choir, amhail mealltóireacht agus camscéimeanna ar líne, tarlú i gcomhthéacsanna trasteorann; de bhrí go dtarlaíonn foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní i spásanna ar líne agus as líne araon, agus go n-áirítear leis foréigean gnéasach arna éascú ag an teicneolaíocht, ciapadh, comhroinnt neamhthoiliúil íomhánna dlúthphearsanta, agus rialú comhéigneach; de bhrí go ndéanann na cineálacha mí-úsáide sin difear díréireach do mhná agus do ghrúpaí imeallaithe agus nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach in go leor creataí náisiúnta;
</CONS><CONS>
<NO.P>AL.</NO.P>de bhrí go bhfuil cúram leighis láithreach, ildisciplíneach, inrochtana agus cuimsitheach de dhíth ar íospartaigh éignithe, lena n-áirítear bainistiú cliniciúil ar éigniú, ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe, lena gcuimsítear frithghiniúint éigeandála, próifiolacsas iarnochta, cóireáil le haghaidh ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha, chomh maith le rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, agus tacaíocht tráma, agus nach mór, thairis sin, an rogha a bheith acu tacaíocht fhadtéarmach a fháil, lena n-áirítear comhairleoireacht shíceolaíoch; de bhrí nach gcuirtear rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte bunriachtanacha áirithe ar fáil i roinnt Ballstát;
</CONS><CONS>
<NO.P>AM.</NO.P>de bhrí go sainmhínítear cultúr an éignithe mar chóras struchtúrach agus forleathan dearcthaí, iompraíochtaí, luachanna agus norm sóisialta lena ndéantar foréigean gnéasach a normalú agus beag is fiú a dhéanamh de, len mbaintear an bonn ón toiliú, lena mbuanaítear miotais faoin éigniú agus lena gcothaítear normalú an fhoréigin sin sa tsochaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>AN.</NO.P>de bhrí go léiríonn leitheadúlacht ard na híospartha tánaistí go bhfuil teip mhór ní hamháin ar chórais cheartais, ach go léiríonn sí freisin dlíthe atá as dáta nach bhfuil bunaithe ar thoiliú, rochtain ar cheartas a sholáthar do mharthanóirí<FOOTNOTE><FIELD> Comhairle na hEorpa, <STRING ITALIC="on">Cás L. agus Eile v. an Fhrainc: criminal-law system inadequate for the punishment of all non-consensual sexual acts, exposing rape victim to secondary victimisation</STRING> [córas an dlí choiriúil neamhleor chun gach gníomh gnéasach neamhthoiliúil a phionósú: íospartach éignithe á nochtadh d’íospairt thánaisteach], alt nuachta, Comhairle na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc, an 24 Aibreán 2025.</FIELD></FOOTNOTE>, mar is léir ó na rátaí ísle tuairiscithe i measc íospartach, ón easpa cúnaimh i gcomhréir lena riachtanais, ó infhaighteacht nósanna imeachta inrochtana agus ó na rátaí ísle ciontaithe i gcásanna éignithe, lena léirítear easnaimh chórasacha sa chaoi a dtugann údaráis forfheidhmithe dlí agus córais bhreithiúnacha aghaidh ar chásanna éignithe, rud a fhágann, dá réir sin, go bhfuil tuiscint fhorleathan shochaíoch ann go bhfuil saoirse ó phionós ann do choir an éignithe agus gur bacainn thromchúiseach é ar chomhionannas inscne;
</CONS><CONS>
<NO.P>AO.</NO.P>de bhrí go dtarlaíonn íospairt thánaisteach nuair a fhulaingíonn íospartaigh tuilleadh díobhála, ní mar thoradh díreach ar ghníomh coiriúil an éignithe, ach mar thoradh ar an gcaoi a ndéileálann institiúidí agus daoine aonair eile leo; de bhrí gurb é is cúis le híospairt thánaisteach nochtadh an íospartaigh do dhéantóir na coire arís agus arís eile, cóir neamh-mhothálach, amhail ceistiú arís agus arís eile faoi na himeachtaí céanna, dearcthaí milleánacha i leith íospartach, úsáid teanga mhíchuí nó barúlacha neamh-mhothálacha acu siúd a thagann i dteagmháil le híospartaigh, trí idirghabhálacha leighis agus trí imeachtaí dlíthiúla, lena n-áirítear a bhfad, agus próisis institiúideacha eile; de bhrí go mbaineann íospairt thánaisteach an bonn ó chearta íospartach, go gcuireann sí bac ar a rochtain ar cheartas agus go mbuanaíonn sí a tráma, lena n-áirítear trí neamhord struis iarthrámaigh, dúlagar agus imní a chruthú, rud a chuireann bac ar a dtéarnamh;
</CONS><CONS>
<NO.P>AP.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn cineál trámach an éignithe agus a thionchar fadtéarmach ar shláinte fhisiciúil agus shíceolaíoch, ar shlándáil, ar shláine coirp, ar fholláine agus ar shaol sóisialta íospartach freagairt chomhordaithe atá íogair ó thaobh inscne agus tráma de ó fhoireann oilte agus speisialaithe, go háirithe i ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus i measc na mna breithiúna, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna éignithe agus chun íospairt thánaisteach a sheachaint; de bhrí go bhfuil oiliúint gairmithe dlí agus forfheidhmithe dlí fós neamh-aonchineálach agus neamhleor i roinnt Ballstát; de bhrí go bhfuil cur chun feidhme éifeachtach na sainmhínithe ar an éigniú sa dlí, ar sainmhínitheatá bunaithe ar thoiliú iad, ag brath ar chumas na bpóilíní, na n-ionchúisitheoirí agus na n-údarás breithiúnach na forálacha sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gceart agus, dá bhrí sin, a áirithiú go leanfar de dhíriú ar easpa toiliú a tugadh faoi shaoirse agus ní ar fhianaise ar fhrithbheartaíocht nó ar fhoréigean fisiciúil; de bhrí go dtreisítear steiréitíopaí díobhálacha maidir le héigniú trí dhualgas cruthúnais a chur ar íospartaigh chun fianaise a sholáthar go raibh easpa toilithe ann;
</CONS><CONS>
<NO.P>AQ.</NO.P>de bhrí go bhfuil oideachas gnéasachta agus caidrimh atá cuimsitheach agus bunaithe ar thoiliú bunriachtanach chun mífhaisnéis agus miotais faoi éigniú agus gnéasacht a laghdú, chun aghaidh a thabhairt ar noirm inscne agus chun gach cineál foréigin inscnebhunaithe a chosc, lena n-áirítear éigniú; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach d’iarrachtaí coisctheacha go ndéanfar fir agus buachaillí a spreagadh chun comhionannas inscne a chur chun cinn, steiréitíopaí díobhálacha inscne agus samhlacha míshláintiúla agus díobhálacha fearúlachta a cheistiú agus tuairimí ar ghnéas atá bunaithe ar theidlíocht a cheistiú; de bhrí go bhfuil an t-aistriú chuig cultúr atá bunaithe ar thoiliú ríthábhachtach chun timpeallacht urraime frithpháirtí agus sábháilteachta atá dírithe ar idirghníomhaíochtaí sóisialta sláintiúla a áirithiú; de bhrí gur uirlis ríthábhachtach é oideachas gnéasachta, toilithe agus caidrimh atá inscne-íogair, cuimsitheach agus oiriúnach ó thaobh aoise de a sholáthar chun éigniú agus foréigean gnéasach a chosc agus chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>AR.</NO.P>de bhrí go n-iarrtar le SDG 5 de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe go mbainfí amach comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní uile, agus go n-iarrtar le SDG 16 go ndéanfaí sochaithe síochánta agus cuimsitheacha, rochtain ar cheartas agus institiúidí éifeachtacha, cuntasacha a chur chun cinn;
</CONS><CONS>
<NO.P>AS.</NO.P>de bhrí go n-iarrtar le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus leis an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, agus go háirithe SDGanna 3, 4, 5, 10 agus 16, go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean gnéasach, go mbainfí amach comhionannas inscne, rochtain ar cheartas, oideachas agus urraim chuimsitheach, agus go ndéanfaí iomláine choirp agus mheabhrach gach duine aonair a chosaint;
</CONS><CONS>
<NO.P>AT.</NO.P>de bhrí go bhfuil dúshláin á dtabhairt d’easnaimh na mBallstát maidir le haghaidh a thabhairt ar na tosca struchtúracha agus normatacha as a n-eascraíonn saoirse ó phionós do dhéantóirí coire le mórshiúlta, agóidí agus gluaiseachtaí na sochaí sibhialta, amhail an ghluaiseacht #MeToo, atá ag labhairt amach os ard faoin éigniú agus a bhí ina spreagadh d’athruithe reachtacha i roinnt Ballstát; de bhrí go n-áirítear ar chásanna a spreag agóidí forleathana cás an ‘Paca Mac Tíre’ sa Spáinn agus cás Gisèle Pelicot sa Fhrainc, ar léiriú iad ar neamhdhóthanacht na sainmhínithe ar éigniú atá bunaithe ar fhorneart agus nach bhfuil dírithe ar thoiliú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh, gan mhoill, lena mbunaítear sainmhíniú uile-Aontais ar éigniú atá bunaithe ar an gceanglas maidir le toiliú feasach a thugtar faoi shaoirse agus is féidir a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 36 de Choinbhinsiún Iostanbúl;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a bhaineann úsáid fós as sainmhínithe ar éigniú bunaithe ar thoimhde an fhoréigin tús a chur le hathruithe reachtacha chun an sainmhíniú a chur i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is déanaí agus chun an tacaíocht agus an chosaint is gá agus is leormhaith a chur ar fáil d’íospartaigh agus do mharthanóirí éignithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mBallstát a bhfuil sainmhínithe ar fhoréigean gnéasach, ar sainmhínithe iad atá bunaithe ar thoiliú, tugtha isteach acu i gcomhréir le hAirteagal 36 de Choinbhinsiún Iostanbúl, agus á iarraidh ar an gCoimisiún na Ballstáit nach ndearna amhlaidh go fóill a spreagadh chun Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á athdhearbhú gur caighdeán idirnáisiúnta um chearta an duine a leagtar síos i gCoinbhinsiún Iostanbúl í reachtaíocht lena ndéantar éigniú a choiriúlú ar bhonn easpa toilithe; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a chomhlíonadh agus á iarraidh orthu dul níos faide fós chun marthanóirí agus íospartaigh éignithe a chosaint agus chun tacú leo agus chun deireadh a chur le gach léiriú den tsraith chasta fhorleathan creideamh agus norm sóisialta lena spreagtar ionsaí gnéasach na bhfear agus lena dtacaítear le foréigean in aghaidh na mban, lena gcruthaítear timpeallacht ina ndéantar foréigean gnéasach a normalú agus ina dtugtar údar dó trí neamhionannais inscne leanúnacha agus trí dhearcthaí díobhálacha maidir le hinscne agus gnéasacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á athdhearbhú gurb í reachtaíocht atá bunaithe ar easpa toilithe an t-aon chreat leormhaith, cuimsitheach, trámathreoraithe agus fianaise-bhunaithe lena gceadaítear rochtain ar cheartas do mharthanóirí éignithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil torthaí dearfacha ag reachtaíocht um éigniú atá bunaithe ar thoiliú maidir le rochtain ar cheartas, lena n-áirítear rátaí níos airde tuairiscithe agus ciontuithe, agus go dtugtar ionchais níos fearr léi do théarnamh marthanóirí agus d’fholláine mhothúchánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún togra a thíolacadh, ar bhonn an tríú fomhír d’Airteagal 83(1) CFAE, le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena sainaithnítear foréigean inscnebhunaithe mar réimse nua de choireacht AE chun cur chuige comhchoiteann a áirithiú d’fhonn gach cineál foréigin inscnebhunaithe a chomhrac go héifeachtach, atá ar cheann de na sáruithe is forleithne ar chearta bunúsacha in AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur i bhfáth gur léiriú soiléir, dearfach amháin, a thugtar faoi shaoirse agus gan débhrí, atá ina thoiliú bailí agus nach féidir tost, easpa cur i gcoinne ó bhéal nó fisiciúil nó easpa ‘níl’ a léirmhíniú mar thoiliú, agus nach dtugtar le tuiscint le toiliú roimh ré, iompar gnéasach roimhe seo ná aon chaidreamh le ciontóir roimhe seo nó san am i láthair, lena n-áirítear stádas pósta nó aon stádas comhpháirtíochta eile, toiliú leanúnach nó toiliú amach anseo d’aon ghníomhartha gnéasacha; á chur i bhfáth gur féidir toiliú a tharraingt siar tráth ar bith roimh ghníomh gnéasach nó lena linn; ag tabhairt dá haire gur féidir toiliú a chur in iúl ar bhealach ar bith fad a thugtar é go deonach mar thoradh ar shaorthoil an duine agus go ndéantar é a mheas i gcomhthéacs na n-imthosca a bhaineann leis, i gcomhréir le hAirteagal 36 de Choinbhinsiún Iostanbúl;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfios go láidir nach mór toiliú a mheas i gcomhthéacs na n-imthosca a bhaineann leis, á aithint nach féidir toiliú a thabhairt i gcás ina bhfuil foréigean, bagairt, iontas, meabhlaireacht, mí-úsáid cumhachta, lena n-áirítear smachtú, comhéigean, riocht fisiciúil nó meabhrach, amhail staid eagla, imeaglaithe, neamh-chomhfhiosachta, reo de bharr eagla nó tráma, meisce, géilleadh ceimiceach, codladh, tinneas, gortú coirp, míchumas nó i gcás atá an-leochaileach ar bhealach eile, nó aois; á aithint gur féidir leis na stáit sin cosc a chur ar an gcumas toiliú deonach agus feasach a thabhairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé freagairtí tráma a aithint amhail doghluaiseacht thonach nó an ‘freagairt reoite’, ar freagairt néarbhitheolaíoch neamhdheonach ar eagla nó ar bhagairt í a bhféadfadh pairilis shealadach agus doghluaiseacht agus cailliúint an chumais labhartha a bheith mar thoradh uirthi, agus an ‘freagairt lútála’, ar straitéis mharthanais í a fhorbraítear faoi chomhéigean agus arb é atá i gceist léi déantóir na coire a cheansú mar iarracht géarú nó díobháil a sheachaint; á chur i bhfios go láidir go dtarlaíonn freagairtí tráma den sórt sin le linn an éignithe agus an fhoréigin ghnéasaigh agus nach mór, dá bhrí sin, iad a léiriú sa reachtaíocht agus sa chleachtas breithiúnach chun cur chuige atá trámathreoraithe agus dírithe ar mharthanóirí a áirithiú, agus ar an gcaoi sin a aithint go dlíthiúil nach ionann an easpa frithsheasmhachta agus toiliú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige trasnach agus íospartach-lárnach a chur i bhfeidhm maidir leis na beartais ábhartha uile chun rochtain ar cheartas a áirithiú agus comhionannas inscne a bhaint amach, agus á aithint gur minic a dhéantar foréigean inscnebhunaithe agus idirdhealú inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean gnéasach amhail éigniú, níos measa mar gheall ar thosca eile idirdhealaithe agus steiréitíopaí inscne, agus go gcruthaíonn trasnú na dtosca sin cineálacha iomadúla agus uathúla idirdhealaithe lena n-éilítear bearta spriocdhírithe a bhaineann go sonrach leis an gcomhthéacs, lena n-áirítear reachtaíocht, chun cosaint agus tacaíocht chomhionann a áirithiú do gach íospartach agus do gach marthanóir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór feidhm a bheith ag reachtaíocht um éigniú atá bunaithe ar thoiliú freisin i dtimpeallachtaí digiteacha agus fíorúla, inar féidir gníomhartha gnéasacha neamhthoiliúla a dhéanamh, amhail éigniú ionsamhlaithe nó idirghníomhaíochtaí gnéasacha comhéignithe; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha síceolaíocha a bheith ag gníomhartha den sórt sin ar mharthanóirí agus, dá bhrí sin, nach mór iad a aithint go dlíthiúil agus a ionchúiseamh dá réir sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán ag íospartaigh agus ag marthanóirí éignithe ar chúram agus seirbhísí leighis speisialaithe láithreacha, cuimsitheacha, sábháilte, rúnda agus speisialaithe a fhad is gá, amhail bainistiú cliniciúil ar éigniú agus sláinte agus soláthar ceart gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear frithghiniúint éigeandála cliniciúla, próifiolacsas iarnochta, cóireáil d’ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha agus rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, arna gcomhlánú le rochtain ar chúram fadtéarmach tráma, tacaíocht shíceolaíoch agus shíceasóisialta, agus seirbhísí leantacha iomchuí chun tacú leis an téarnamh; ag athdhearbhú chineál criticiúil na seirbhísí sin do mharthanóirí agus a thábhachtaí atá siad chun na torthaí sláinte is fearr is féidir a ráthú agus chun cabhrú le marthanóirí a mbraistint neamhspleáchais coirp a fháil ar ais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit Airteagal 26 de Threoir (AE) 2024/1385 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac a mhéid a bhaineann le saintacaíocht a sholáthar d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh atá oiriúnaithe dá riachtanais shonracha, saor in aisce agus i ndáileadh geografach agus acmhainneacht gheografach leordhóthanach; á thabhairt chun suntais gur gá rochtain a bheith ag íospartaigh agus ag marthanóirí uile an fhoréigin ghnéasaigh ar acmhainní amhail ionaid ghéarchéime 24 uair an chloig, inar féidir leo cúram leighis, tacaíocht shíceolaíoch agus comhairle dlí a fháil gan tuarascáil fhoirmiúil a bheith comhdaithe acu; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú, thairis sin, go mbeidh rochtain ag íospartaigh agus ag marthanóirí ar thacaíocht dhlíthiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag spreagadh malartú leanúnach dea-chleachtais i measc na mBallstát chun comhchuibhiú na gcaighdeán cóireála a chur chun cinn agus chun tacaíocht agus cóireáil chomhsheasmhach, oilte agus ardcháilíochta a áirithiú d’íospartaigh agus do mharthanóirí foréigin ghnéasaigh ar fud an Aontais ar fad;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á iarraidh go láidir go mbeadh seirbhísí poiblí ar fáil ag gach céim den phróiseas cúitimh, go háirithe maidir le tacaíocht agus cúnamh riachtanach síceolaíoch agus dlíthiúil a sholáthar chun fostaíocht a lorg; á iarraidh ar na Ballstáit Coinbhinsiún Iostanbúl a chomhlíonadh trí bhearta cosanta agus tacaíochta a chur ar fáil d’íospartaigh agus do mharthanóirí agus béim á leagan ar chearta an duine agus ar shábháilteacht an duine, agus ar an gcaoi sin íospairt thánaisteach a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh gairmithe ar dócha go mbeidh teagmháil acu le híospartaigh éignithe, lena n-áirítear oifigigh forfheidhmithe dlí, pearsanra leighis fóiréinseach, foireann na cúirte, breithiúna agus ionchúisitheoirí, dlíodóirí, gairmithe cúraim sláinte, fostaithe seirbhísí sóisialta, foireann oideachais agus foireann ábhartha eile agus gairmithe túslíne, oiliúint éigeantach rialta, leormhaith, éifeachtach agus shaincheaptha; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an oiliúint sin dírithe ar íospairt thánaisteach na marthanóirí a chosc chun steiréitíopaí díobhálacha inscne a sheachaint agus a shainaithint, deireadh a chur le hiompraíochtaí agus dearcthaí milleánaithe íospartach agus caitheamh le híospartaigh ar bhealach atá íogair ó thaobh tráma, inscne, leanaí agus míchumais de, i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2024/1385 agus gan dochar do neamhspleáchas breithiúnach agus do dhifríochtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún cláir oiliúna a fhaigheann tacaíocht ón Aontas a leathnú atá ailínithe le dea-chleachtas breithiúnach agus á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an acmhainneacht agus na hacmhainní ag seirbhísí túslíne chun freagairt go héifeachtach do riachtanais íospartach agus marthanóirí trí oiliúint éigeantach a áirithiú do gach gairmí dlí agus do gach ball foirne forfheidhmithe dlí a bhíonn i dteagmháil le híospartaigh an éignithe
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfaighidh gairmithe sláinte, lena n-áirítear péidiatraiceoirí, gínéiceolaithe, obstatraithe, cnáimhseacha agus foireann tacaíochta síceolaíche, oiliúint spriocdhírithe chun iarmhairtí fisiciúla, síceolaíocha agus gnéasacha an éignithe i marthanóirí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, ar bhealach trasnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit comhar a mhéadú idir údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis bhreithiúnacha, an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí pobalbhunaithe, EIGE agus gníomhaithe speisialaithe ábhartha eile maidir le hoiliúint a fhorbairt, go háirithe maidir le steiréitíopaí díobhálacha inscne, idirdhealú trasnach agus míthuiscintí, miotais agus steiréitíopaí maidir le héigniú, ar nithe iad uile a chuireann bac fós ar chur chun feidhme na reachtaíochta um éigniú atá bunaithe ar thoiliú; á thabhairt chun suntais go rannchuidíonn oifigigh phóilíneachta agus breithiúna a bhfuil eolas agus scileanna méadaithe acu chun gach marthanóir foréigin ghnéasaigh a thuiscint agus a urramú, le tearcthuairisciú níos ísle agus le hathíospairt a íoslaghdú agus timpeallacht níos sábháilte á cruthú ag an am céanna do mharthanóirí; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, a áirithiú go leanfaidh oiliúint do chomhaltaí na mbreithiúna agus do ghairmithe dlí agus forfheidhmithe dlí caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus cásdlí i ndáil le héigniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit treoirlínte speisialaithe atá íogair ó thaobh inscne de a fhorbairt agus a eisiúint, i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus sainseirbhísí na mban, do na húdaráis ábhartha, lena n-áirítear breithiúna a bhfuil baint acu le himeachtaí coiriúla agus, i gcás inarb ábhartha, le himeachtaí sibhialta a bhaineann le coir an éignithe; á chur i bhfios go láidir nach mór do na treoirlínte sin treoracha a chur ar fáil maidir le conas caitheamh le híospartaigh ar bhealach atá íogair ó thaobh tráma agus inscne de, steiréitíopaí inscne a shainaithint agus a sheachaint, agus a áirithiú go ndéanfar íospartaigh, lena n-áirítear iad siúd a ndéantar idirdhealú trasnach orthu, a urramú agus a chosaint ar íospairt thánaisteach agus ar athíospairt; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, nach mór treoracha a áireamh sna treoirlínte maidir le conas íospartaigh a tharchur chuig sainseirbhísí tacaíochta, lena n-áirítear seirbhísí leighis, chun a áirithiú go bhfaighidh siad cóireáil iomchuí; á iarraidh go ndéanfaí na treoirlínte a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le sainseirbhísí na mban chun a n-éifeachtacht a áirithiú agus chun na torthaí is fearr is féidir a áirithiú d’íospartaigh, chomh maith le deireadh a chur leis na heasnaimh shistéamacha agus struchtúracha lena gcothaítear braistint shochaíoch saoirse ó phionós i leith éigniú agus lena gceadaítear do dhéantóirí an fhoréigin ghnéasaigh gan pionós a ghearradh orthu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á thabhairt dá haire nach mór athchóiriú reachtach a chomhlánú le bearta oideachais atá dírithe ar athrú iompraíochta a chothú agus ar thuiscint a mhéadú ar thábhacht an toilithe i gcaidrimh ghnéis; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte AE a chur ar aghaidh in 2026, a bheidh inrochtana i ngach ceann de 24 theanga AE, maidir le hoideachas gnéasachta agus caidrimh atá íogair ó thaobh inscne de, trasnach agus cuimsitheach agus bunaithe ar thoiliú, ar cheart iad a bheith dírithe ar steiréitíopaí inscne a cheistiú, agus béim á leagan ar chineál struchtúrach an neamhionannais inscne agus ar a láithreacht i ngnéasacht agus i gcaidrimh, ar iompar neamhfhoréigneach a chur chun cinn, agus ar oibriú i dtreo deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú, neamhionannas agus idirdhealú; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtreoirlínte sin ag na Ballstáit agus measúnú orthu a fhoilsiú roimh dheireadh an téarma reatha; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go n-áireofar oideachas cuimsitheach gnéasachta agus caidrimh atá oiriúnach ó thaobh aoise de i gcuraclaim oideachais náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag feachtais múscailte feasachta poiblí agus ag cláir choisc chun aghaidh a thabhairt ar mhiotais éignithe agus chun cultúr toilithe a chur chun cinn, go háirithe i measc daoine óga, ós rud é go spreagann easpa leanúnach an oideachais gnéasachta mífhaisnéis agus steiréitíopaí díobhálacha; á iarraidh ar an gCoimisiún feachtais múscailte feasachta phoiblí uile-Aontais a chur i gcrích chun oideachas a chur ar dhaoine faoi thoiliú, caidrimh, sláine ghnéasach agus neamhspleáchas coirp agus chun cur i gcoinne miotais a bhaineann le héigniú; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, feachtais a fhorbairt lena ndéantar ábhar frith-inscne agus bolscaireacht incel ar líne a chomhrac, lena ndírítear go háirithe ar fhir óga, lena ndéantar foréigean gnéasach a normalú agus lena mbuanaítear steiréitíopaí díobhálacha inscne a chuireann leis an tsraith chasta forleathan creideamh agus norm sóisialta lena spreagtar ionsaí gnéasach na bhfear agus lena dtacaítear le foréigean in aghaidh na mban, lena gcruthaítear timpeallacht ina ndéantar foréigean gnéasach a normalú agus ina dtugtar údar dó trí neamhionannais inscne leanúnacha agus trí dhearcthaí díobhálacha maidir le hinscne agus gnéasacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhallfaidh na Ballstáit Airteagal 35 de Threoir (AE) 2024/1385 chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac trí thionscnaimh oideachais atá bunaithe ar fhianaise agus ar thoiliú, feachtais agus bearta feasachta atá dírithe ar athrú iompraíochta agus tuiscint a chothú a aithníonn toiliú mar ní a thugtar faoi shaoirse, atá frithpháirteach agus atá bunaithe go hiomlán ar phrionsabail neamhspleáchas an choirp agus na sláine gnéis a ghlacadh agus a chur i gcrích go rialta; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar thrasuí na treorach sin ag na Ballstáit, agus go háirithe ar Airteagal 35 di;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a reachtaíocht maidir leis an tréimhse theorann do chionta éignithe a oiriúnú, ós rud é gurb í an easpa toilithe gné lárnach na gcionta sin agus nach bhfuil go leor íospartach in ann na fíorais a aithint, a ainmniú nó a thuairisciú ach amháin tar éis imeacht ama fhada, go minic mar gheall ar thráma, eagla, brú sóisialta nó easpa eolais ar dhinimic an toilithe; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá síneadh a chur le reacht na dtréimhsí chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a ráthú i gcomhréir le cearta bunúsacha; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint le déanaí ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh feidhm ag aon tréimhse theorann maidir leis na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 9 den Treoir maidir le Mí-Úsáid Ghnéasach Leanaí; á chur i bhfáth go gcuireann tréimhsí teorann atá róghearr cosc ar íospartaigh ceartas a lorg agus go mbaineann siad an bonn óna gcosaint; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an tearcthuairiscithe agus a áirithiú nach gcuirfidh tréimhsí teorann cosc ar ionchúiseamh éifeachtach cionta éignithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar cúiteamh éifeachtach, lena n-áirítear cúiteamh, d’íospartaigh uile an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean gnéasach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; á mheabhrú gur cheart an cúiteamh sin a bheith leormhaith, gan mhoill, iomlánaíoch agus comhréireach le tromchúis na díobhála a rinneadh agus gur cheart na rioscaí a bhaineann le hidirdhealú trasnach a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh cláir do chiontóirí ar fáil dóibh siúd a tharchuirtear nó a dhéanann iad féin a tharchur, lena n-áirítear lasmuigh den chóras ceartais choiriúil, agus go mbeidh rochtain láithreach ar thacaíocht, agus aitheantas á thabhairt don ról atá acu maidir le foréigean inscnebhunaithe amach anseo a chosc, labhairt amach os ard faoin éigniú, agus deireadh a chur le coimpléasc forleathan na gcreideamh agus na norm sóisialta lena spreagtar ionsaí gnéasach fireann agus lena dtacaítear le foréigean in aghaidh na mban, timpeallacht a chruthú ina ndéantar foréigean gnéasach a normalú agus ina dtugtar údar dó trí neamhionannais inscne leanúnacha agus trí dhearcthaí díobhálacha maidir le hinscne agus gnéasacht inár sochaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag tacú go láidir leis an tsochaí shibhialta agus le marthanóirí éignithe labhairt amach os ard faoin éigniú; á aithint gurb é an brú ón tsochaí shibhialta agus ó mharthanóirí éignithe an príomhspreagadh chun athruithe reachtacha a éileamh sna Ballstáit; á mheabhrú a thábhachtaí atá an ceart chun comhthionóil shíochánta maidir le hathruithe sochaíocha a thabhairt i gcrích agus maidir le reachtaíocht um éigniú atá bunaithe ar thoiliú a éileamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag sainseirbhísí na mban, lena n-áirítear ionaid tacaíochta do mhná, ionaid dídine do mhná, línte cabhracha, ionaid éigeandála um éigniú, ionaid atreorúcháin maidir le foréigean gnéasach agus seirbhísí coisctheacha príomhúla, maidir le comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil d’íospartaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú leormhaith a chur ar fáil chun cothabháil agus forbairt na seirbhísí sin a áirithiú; á éileamh go dtabharfaí tacaíocht neartaithe d’eagraíochtaí sin na sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta na mban, trí thacaíocht airgeadais mhéadaithe agus curtha in áirithe i mbuiséad AE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhpháirtíochtaí láidre agus inbhuanaithe le heagraíochtaí pobail agus le cosantóirí chearta na mban, go háirithe i dtíortha ina bhfuil an spás sibhialta faoi bhagairt agus ina bhfuil an fhrithfhreagairt i gcoinne an chomhionannais inscne agus cearta gnéis agus atáirgthe ag dul i méid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cur chun feidhme, forfheidhmiú agus faireachán na reachtaíochta maidir le foréigean gnéasach agus éigniú a neartú, agus á iarraidh go bhforbrófaí tagarmharcanna agus táscairí uile-Aontais chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an Aontas maidir leis an gcomhar le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe a neartú, amhail Mná na Náisiún Aontaithe agus Ciste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal, agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, maidir le comhionannas inscne a chur chun cinn agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe a chomhrac faoi chuimsiú Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising agus Chlár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag spreagadh idirphlé agus comhar leanúnach idir institiúidí AE, na Ballstáit agus an tsochaí shibhialta chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar fhoréigean gnéasach ní hamháin mar ghníomh aonair díobhála, ach freisin mar léiriú ar neamhionannas inscne agus idirdhealú struchtúrach níos leithne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcumhdófar le córais sheanbhunaithe chun sonraí maidir le foréigean inscnebhunaithe a bhailiú bailiú, a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh staidreamh maidir le héigniú, lena n-áirítear sonraí imdhealaithe maidir le hinscne, aoisghrúpa (leanbh/duine fásta), bunús ciníoch agus eitneach an íospartaigh agus dhéantóir na coire, agus an caidreamh idir an t-íospartach agus déantóir na coire, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin; á iarraidh go dtacódh EIGE agus FRA leis an bpróiseas faireacháin agus go rannchuideoidís tuilleadh le bailiú sonraí agus taighde maidir le gach cineál foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>