<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0121</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An ról atá ag an taidhleoireacht maidir leis na haigéin ar mhaithe le hiomaíochas iascach agus dobharshaothrú an Aontais</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0043/2026 -  Rapóirtéir:Željana Zovko)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 maidir le ról thaidhleoireacht na n-aigéan ar mhaithe le hiomaíochas iascach agus dobharshaothrú an Aontais (2025/2054(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 2, 3(5), 43, 349 agus 355 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhbheartas iascaigh (CBI) an Aontais agus dá ghné sheachtrach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú 1995 maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Morimirceach Éisc a chur chun feidhme,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú an 19 Meitheamh 2023 faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i ndáil le bithéagsúlacht mhuirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (Comhaontú BLDN),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2025/2077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/2077, 14.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2077/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 dar teideal ‘Comhshocrú Eorpach um an Aigéan’ (COM(2025)0281) agus don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 24 Meitheamh 2022 dar teideal ‘An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm - Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le clár oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan’ (JOIN(2022)0028),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘An Comhshocrú don Mheánmhuir — Aon Mhuir Amháin, Aon Chomhshocrú Amháin, Aon Todhchaí Amháin’ (JOIN(2025)0026), go háirithe Roinn II.6 de, dar teideal ‘Geilleagar Gorm inbhuanaithe a chur chun cinn’,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú chun cosc a chur ar iascach mórmhara neamhrialáilte i lár an Aigéin Artaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 73, 15.3.2019, lch. 3.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le Fóirdheontais Iascaigh arna ghlacadh le cinneadh aireachta an 17 Meitheamh 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuarascálacha ón Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) dar teideal <STRING ITALIC="on">Review of the state of world marine fishery resources — 2025</STRING> [Athbhreithniú ar staid acmhainní iascaigh muirí an domhain — 2025] agus <STRING ITALIC="on">The State of World Fisheries and Aquaculture 2024</STRING> [Staid an Iascaigh Dhomhanda agus an Dobharshaothraithe 2024],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le rialachas na n-aigéan, iascach agus an geilleagar gorm,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2023 maidir leis na himpleachtaí atá ag gníomhaíochtaí iascaireachta na Síne ar iascach an Aontais agus an bealach chun cinn<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/2652, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2652/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A10-0043/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go gcumhdaíonn na haigéin agus na farraigí 71 % de dhromchla an Domhain agus os cionn 65 % de chríoch an Aontais; de bhrí, a bhuí leis na réigiúin is forimeallaí a thugann láithreacht dó i ngach aigéan, go ndéanann an tAontas maoirseacht ar an gcomhlimistéar muirí is mó ar domhan, ina bhfuil 25 mhilliún km² de limistéir eacnamaíocha eisiacha agus cósta os cionn 70 000 km; de bhrí go bhfuil 40 % de dhaoine san Aontas ina gcónaí laistigh de 50 km den fharraige;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil cabhlach iascaireachta an Aontais, a chuimsíonn láithreacht an Aontais ar na farraigí, comhdhéanta de thart ar 69 000 soitheach, a bhfuil 75 % díobh á n-úsáid ag iascairí cósta agus mionscála, agus go bhfuil sé ar cheann de na cabhlaigh iascaireachta is inbhuanaithe agus is rialaithe go docht ar domhan; de bhrí go bhfuil cuótaí atá ag laghdú, costais oibriúcháin arda, ualaí riaracháin agus rialála, aosú an chabhlaigh iascaireachta agus na n-iascairí, easpa dreasachta chun glúnta nua a mhealladh isteach san earnáil, agus iomaíocht éagórach ó thíortha nach bhfuil san Aontas a bhfuil caighdeáin níos ísle acu; de bhrí gur príomhchodanna iad iomaíocht chóir agus bainistiú inbhuanaithe iascaigh d’earnáil rathúil agus bhrabúsach, mar a léirítear i dtuarascáil eacnamaíoch bhliantúil 2024 maidir le cabhlach iascaireachta an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>	de bhrí go bhfuil caillteanas suntasach soithí AE mar thoradh ar an easpa coinníollacha comhionanna d’iascairí de chuid an Aontais agus nach de chuid an Aontais iad le blianta beaga anuas, ar soithí iad a onnmhairíodh go sealadach nó a díoladh le tíortha nach de chuid an Aontais iad; de bhrí, nuair a fhágann soitheach AE talamh iascaireachta faoi Eagraíocht Réigiúnach Bainistithe Iascaigh (ERBI), go gcuirtear soitheach ó thír nach de chuid an Aontais í ina ionad, a oibríonn de ghnáth faoi chaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta níos ísle; de bhrí, ag an am céanna, go bhfuil méadú ag teacht ar allmhairí ó na tíortha sin isteach i margadh an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go gcuireann earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe AE thart ar EUR 5.5 billiún in aghaidh na bliana le geilleagar AE agus go gcuireann sí fostaíocht dhíreach ar fáil do thart ar 193 000 iascaire agus táirgeoir dobharshaothraithe ar fud na hEorpa; de bhrí go bhfuil tionscal próiseála agus cannadóireachta éisc ag an Aontas a bhfuil gné shuntasach shocheacnamaíoch aige nach mór a chaomhnú agus a neartú freisin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go n-allmhairíonn an tAontas 70 % dá bhia mara, rud a chruthaíonn spleáchas straitéiseach, a bhaineann an bonn den neamhthuilleamaíocht agus a chuireann an earnáil i mbaol cleachtais éagóracha; de bhrí go n-éilíonn an staid sin forálacha inrianaitheachta agus trédhearcachta, rialuithe teorann níos láidre agus comhchuibhiú sásraí custam agus clásail choimirce agus chómhalartachta uathoibríocha, chomh maith le hoifig rialaithe allmhairiúcháin AE a bhunú chun a áirithiú go gcomhlíonann gach allmhairiú caighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin is infheidhme san Aontas;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur páirtí conarthach é an tAontas in 18 ERBInna agus i 4 choinbhinsiún réigiúnacha maidir le farraigí agus go bhfuil ról ceannasach aige i gcaibidlíocht iltaobhach maidir le bainistiú iascaigh agus caomhnú muirí; de bhrí go n-aithníonn an tAontas gurb iad ERBInna bunchlocha rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan chun stoic éisc a bhainistiú agus a chaomhnú agus gur ionstraimí bunriachtanacha iad chun taidhleoireacht idirnáisiúnta na n-aigéan a chothú, chun comhar a neartú i measc náisiúin chósta agus iascaireachta agus chun rialachas inbhuanaithe na mórmhara a áirithiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>	de bhrí go bhfuil 20 comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe (CCIInna) ag an Aontas; de bhrí, in ainneoin nach bhfuil 7 gcinn díobh i bhfeidhm faoi láthair, go gcruthaíonn CCIInna líonra comhaontuithe le tíortha comhpháirtíochta, ar ardán é freisin le haghaidh tuilleadh comhair i ndáil le bainistiú iascaigh domhanda agus rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur bagairt shuntasach don bhithéagsúlacht mhuirí iad aigéadú na n-aigéan, bruscar muirí, ró-iascaireacht, truailliú plaisteach, speicis ionracha, díghrádú gnáthóg agus an t-athrú aeráide trí theochtaí farraige atá ag ardú agus minicíocht mhéadaitheach tonnta teasa muirí, agus go bhfuil iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), ró-iascaireacht agus scáthchabhlaigh ina mbagairt ar bhithéagsúlacht agus iascach domhanda agus AE, agus go gcruthaíonn siad iomaíocht éagórach d’iascairí AE;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>	de bhrí gur bagairt ar leith agus mhéadaithe ar an tslándáil mhuirí, ar an tsláinte phoiblí agus ar an tsábháilteacht i limistéir chósta iad scáthchabhlacha agus struchtúir úinéireachta doiléire, lena n-áirítear tríd an riosca méadaithe go dtarlódh doirteadh ola, sceitheadh de thaisme, scaoileadh dramhaíola guaisí agus teagmhais eile a chuireann beatha an duine, slite beatha agus éiceachórais chósta i mbaol;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>	de bhrí go bhfuil dúshlán na saoirse loingseoireachta agus an chumais oibriú ar muir ag dul i méid ar fud an domhain agus go bhfuil rioscaí méadaitheacha roimh bhonneagar muirí bunriachtanach;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>	de bhrí go dtéann bagairtí hibrideacha, cibirionsaithe agus gníomhartha sabaitéireachta a rinneadh le déanaí thar theorainneacha, ós rud é go n-áirítear leo damáiste do phíblínte agus do cháblaí cumarsáide faoi uisce, cur isteach ar an gcóras suite domhanda (GPS) i Muir Bhailt agus sa Mhuir Dhubh agus ionsaithe ar bhealaí loingseoireachta sa Mhuir Rua; de bhrí gur tosaíocht straitéiseach do gheilleagar, nascacht agus ceannasacht dhigiteach AE anois é dul i ngleic le nochtadh bonneagair mhuirí, línte cumarsáide farraige, agus trádáil dhomhanda do bhagairtí hibrideacha, cibirionsaithe, píoráideacht agus teannas geopholaitiúil atá ag dul i méid, agus dá bhrí sin do bhagairtí ar an tslándáil mhuirí;
</CONS><CONS>
<NO.P>L.</NO.P>de bhrí gur tharla an cúigiú babhta caibidlíochta le haghaidh conradh domhanda maidir le plaistigh amach anseo i mí Lúnasa 2025 ach nár thángthas ar aon chomhthoil maidir le conradh;
</CONS><CONS>
<NO.P>M.</NO.P>de bhrí gur tugadh castachtaí nua isteach le Brexit do rialachas iascaigh AE san Atlantach Thoir Thuaidh, rud a rinne difear diúltach do chomhar struchtúrtha agus ordúil i mbainistiú iascaigh agus i rialachas na n-aigéan, lena n-áirítear leithdháileadh cuótaí, rochtain ar mheánna iascaireachta agus dinimicí trádála;
</CONS><CONS>
<NO.P>N.</NO.P>de bhrí go neartaítear le Rialachán (AE) 2025/2077 cumas an Aontais gníomhú i gcoinne cleachtais iascaireachta neamh-inbhuanaithe arna ndéanamh ag tíortha nach de chuid an Aontais iad, trí chritéir shoiléire a shainiú maidir le ‘mainneachtain comhoibriú’, bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta agus ar fhianaise eolaíoch neamhspleách, agus é mar aidhm leis, stoic éisc chomhroinnte a chosaint, comhar laistigh de ERBInna a threisiú agus cothrom iomaíochta a áirithiú d’iascairí AE a oibríonn de réir ardchaighdeáin inbhuanaitheachta;
</CONS><CONS>
<NO.P>O.</NO.P>de bhrí go moltar sa Chomhshocrú Eorpach um na hAigéin 6 phríomhthosaíocht don Aontas, lena n-áirítear taidhleoireacht aigéin AE a neartú, sláinte na n-aigéan a chosaint agus a athbhunú, slándáil mhuirí a fheabhsú agus taighde agus eolas ar na haigéin a chur chun cinn;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Taidhleoireacht maidir leis na haigéin a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don Aontas leanúint de bheith i gceannas ar an gclár oibre maidir le rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan, ós rud é go bhfuil sé suite go huathúil, i bhfianaise mhéid a limistéir mhuirí, shuíomh geostraitéiseach na réigiún is forimeallaí sna haigéin uile, a cheannaireacht stairiúil, a ábharthacht agus a thábhacht eacnamaíoch, agus a cheannaireacht dhlíthiúil agus rialála; á mheabhrú go bhfuil an limistéar eacnamaíoch eisiach is mó ar domhan ag an Aontas agus go bhfuil sé ar cheann de na ceannródaithe cheana féin maidir le bainistiú inbhuanaithe, cosaint, coimirciú agus athbhunú a ghnáthóg agus a acmhainní muirí do na glúine atá le teacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á chur i bhfáth gur sócmhainn gheopholaitiúil agus eacnamaíoch é an t-aigéan atá lárnach d’iomaíochas agus d’fhéiniúlacht chultúrtha na hEorpa, agus gur cuid de rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan í taidhleoireacht maidir leis na haigéin; á chreidiúint nár cheart é sin a bheith teoranta do chuir chuige gheopholaitiúla nó slándála amháin ach gur cheart bainistiú agus rialachas ginearálta na n-aigéan a chur san áireamh freisin, lena léirítear gnéithe comhshaoil, eacnamaíocha, cultúrtha, sóisialta agus críochacha na farraige agus tábhacht na farraige do phobail iascaireachta agus do phobail na réigiún cósta, na réigiún oileánach agus na réigiún is forimeallaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí taidhleoireacht maidir leis na haigéin a phríomhshruthú i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear forbairt, agus ina chomhbheartas eachtrach agus slándála, chun ord muirí riailbhunaithe a chosaint trí chomhar iltaobhach i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS); ag tabhairt dá haire go gcabhródh comhar feabhsaithe i measc na mBallstát agus ghníomhaireachtaí AE, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, le saothrú inbhuanaithe acmhainní muirí a áirithiú, le caighdeáin chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta AE a chur chun cinn, go háirithe in eagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear FAO, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus EDT, agus le hiascaireacht NNN a chomhrac, trí rialuithe níos déine ar allmhairí iascaigh neamhrialáilte agus trí choinníollacha níos déine chun rochtain a fháil ar EEZanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le scáthchabhlacha, píoráideacht, imeaglú agus gníomhartha naimhdeacha nó foréigneacha a thagann ó thíortha nach de chuid an Aontais iad, atá chun dochair d’iascairí an Aontais agus do bhonneagar muirí an Aontais, trí bhearta sonracha amhail misin chabhlaigh, faireachán satailíte trí úsáid a bhaint as Copernicus, agus ladrainn chabhlaigh; á iarraidh go neartófaí misin mhíleata, neamh-mhíleata agus chabhlaigh an Aontais atá tiomnaithe d’fhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN, ar gháinneáil agus ar scáilchabhlaigh agus iad a chomhrac, agus do shábháilteacht soithí a rialú; á mheabhrú go bhfuil méadú ag teacht ar an mbaol go dtarlódh mórtheagmhais truaillithe agus go gcuirfí limistéir chósta agus a bpobail i mbaol; á mholadh go mbunófaí saoráid éigeandála agus feabhsúcháin AE chun cabhrú le hiarrachtaí freagartha agus téarnaimh i ndiaidh tionóiscí comhshaoil a bhaineann leis na hoibríochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi cuspóir an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan maidir le straitéis chomhtháite a fhorbairt lena n-aontaítear beartais mhuirí agus lena bhforbraítear comhleanúnachas ar fud na n-earnálacha, trí thaidhleoireacht na n-aigéan, an geilleagar gorm, freagracht chomhshaoil, cosaint, straitéis thionsclaíoch mhuirí, táirgeadh iascaigh agus dobharshaothraithe, slándáil mhuirí, trádáil agus beartas forbartha a chomhtháthú, i measc nithe eile; á chur i bhfios go láidir, trí mheascán d’imscaradh cabhlaigh, faireachas bonneagair, bearta árachais agus cobhsaithe margaidh, cibearchosaintí feabhsaithe agus forfheidhmiú láidir dlíthiúil, gur féidir leis an Aontas bealaí trádála agus láithreacha iascaireachta slána agus iontaofa a choinneáil, agus ar an gcaoi sin a inchreidteacht agus a cheannaireacht san ord domhanda riailbhunaithe a neartú; á iarraidh go n-eagrófar ‘cruinnithe mullaigh maidir le haigéin’ go rialta ar leibhéal an Aontais, ina mbeidh na hairí ábhartha uile, an Pharlaimint agus an Coimisiún rannpháirteach, chun obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan agus chun rialachas idirnáisiúnta láidir dinimiciúil maidir leis na haigéin agus taidhleoireacht aigéin a fhorbairt, lena rannchuideofar le clár oibre níos leithne an Aontais maidir leis na haigéin agus leis an ord domhanda riailbhunaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an Comhaontú nua don Mheánmhuir mar thionscnamh suaitheanta chun an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an rathúnas a neartú sa réigiún; ag tabhairt dá haire, go háirithe, an bhéim ar chreataí dlíthiúla a bhaineann le ERBInna a chur chun cinn agus a fheabhsú agus iascaireacht NNN sa Mheánmhuir a chomhrac trí fhothú acmhainneachta, faireachán, rialú agus faireachas; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil sé d’aidhm aige cabhrú le tionscadail réigiúnacha ar mhórscála a shlógadh lena gcruthaítear deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cabhlach iascaireachta na Meánmhara comhdhéanta den chuid is mó de shoithí ar mhionscála, arb ionann iad agus thart ar 80 % de chabhlach iomlán an Aontais sa réigiún, agus go bhfuil dúshláin iomadúla roimhe cheana féin agus roimh chabhlaigh as tíortha comharsanachta a dhéanann difear do tharraingteacht agus d’inbhuanaitheacht shocheacnamaíoch na hearnála; ag aithint a thábhachtaí atá sé comhar réigiúnach a chothú maidir leis an tslándáil mhuirí, cosaint an chomhshaoil agus forbairt inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis an Aontas don Réigiún Meánmhuirí agus le comhlachtaí réigiúnacha eile, tús áite a thabhairt do chur chun feidhme an chomhshocraithe sin agus leas a bhaint as taithí agus dea-chleachtas na dtionscnamh den chineál sin a bhí ann roimhe seo chun tairbhí inláimhsithe a áirithiú do phobail chósta, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine óga, ar mhná, ar ghnólachtaí beaga, ar éiceachórais, ar bhiafhlaitheas agus ar athléimneacht eacnamaíoch ar fud an imchuach agus na Mara Duibhe atá nasctha leis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as rialachas láidir idirnáisiúnta aigéin agus as taidhleoireacht aigéin mar uirlis straitéiseach chun cuspóirí coiteanna agus leasanna straitéiseacha AE a chur chun cinn trína rannpháirtíocht in ERBInna agus trína líonra CCIInna, agus béim ar leith á leagan ar rialachas inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin fíorchothrom iomaíochta, comhlíonadh agus iomaíocht chóir a áirithiú idir iascairí AE agus iascairí as tíortha nach de chuid an Aontais iad, agus béim á leagan ar an ngá atá ann go gcoinneodh an tAontas cabhlach iascaireachta ar bun ar féidir leis leas a bhaint as na deiseanna iascaireachta nua a chruthófar le leathnú CCIInna chun biafhlaitheas an Aontais a dhaingniú, agus a rannchuideofar le hathléimneacht eacnamaíoch áitiúil agus le bainistiú inbhuanaithe acmhainní.
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>	á chur in iúl gur geal léi gur fógraíodh glúin nua CCIInna, mar a leagtar amach sa Chomhshocrú Eorpach Aigéin, atá ailínithe le straitéisí réigiúnacha an Aontais don Afraic agus don réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go n-urramóidh na comhaontuithe sin comhairle eolaíoch agus cearta an duine, agus an comhar déthaobhach le tíortha comhpháirtíochta á dhoimhniú tuilleadh agus comhghníomhaíocht i bhfóraim idirnáisiúnta amhail ERBInna á neartú, agus go dtreiseoidh siad freisin ceannaireacht dhomhanda an Aontais maidir le comhpháirtíochtaí iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart don ghlúin nua CCIInna sin deis a chur ar fáil freisin chun inbhuanaitheacht cabhlaigh a fheabhsú, brú ar stoic a shaothraítear go mór a laghdú, tionscnaimh táirgí iascaireachta a éagsúlú agus spleáchas an Aontais ar tháirgí iascaireachta ó thíortha nach de chuid an Aontais iad a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chumarsáide a bhfuil tionchar domhanda aici a ghlacadh chun a uaillmhianta agus a cheannaireacht a dhearbhú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí aird ar chomhaontuithe nach bhfuil á n-úsáid faoi láthair, chun iad a ghníomhachtú trí chaibidlíocht a thionscnamh nó iad a fhoirceannadh, chun a chur ar chumas oibreoirí AE socruithe eile a fhiosrú i gcomhréir le rialacha AE is infheidhme, amhail údaruithe díreacha; á chur i bhfios go láidir go ndéantar CCIInna a eisiamh go sainráite óna raon feidhme i gComhaontú EDT maidir le Fóirdheontais Iascaigh 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún leanúint dá iarrachtaí, go háirithe trína ghníomhaíocht in ERBInna, trína líonra CCIInna agus trína mheabhráin tuisceana, trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr a thabhairt do na náisiúin iascaireachta uile, go háirithe iad siúd nach gcomhlíonann na hardchaighdeáin shóisialta, sábháilteachta agus inbhuanaitheachta chéanna agus a chomhlíonann cabhlaigh an Aontais, lena n-áiritheofar go bhformhuineoidh siad caighdeáin lena gcosnaítear oibrithe i gcomhréir le coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir lena ngníomhaíochtaí cabhlaigh, a ngabhálacha a thuairisciú go cruinn agus bearta caomhnaithe agus bainistíochta a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cur chun feidhme Threoirlínte Deonacha FAO maidir le hIascaigh Inbhuanaithe ar Mhionscála a chur chun cinn, cearta tionachta iascairí ar mionscála agus rochtain ar acmhainní iascaireachta a chosaint agus rannpháirtíocht na n-iascairí ar mionscála sna cinntí a dhéanann difear dóibh a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint, i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta na Meánmhara, ar bhealaí chun bainistiú comhroinnte acmhainní muirí agus cothrom iomaíochta a chur chun cinn agus a chomhchuibhiú i dtéarmaí rialacha agus rialuithe, cobhsaíocht agus slándáil réigiúnach, chun todhchaí eacnamaíoch fhadtéarmach na n-oibreoirí a áirithiú, mar shampla, tríd an gcomhar in ERBInna a dhoimhniú nó trí CCII a thabhairt i gcrích;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór do CCIInna a ráthú go gcaithfear go cothrom agus go neamh-idirdhealaitheach le soithí AE, le táillí agus coinníollacha rochtana atá comhréireach, trédhearcach agus ailínithe le prionsabal na cothroime iomaíochta; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh na soithí uile a oibríonn in EEZanna de thíortha comhpháirtíochta faoi réir na gceanglas airgeadais agus teicniúil céanna agus mar a bhíonn soithí AE faoina réir, mar shampla trí bhearta comhuaineacha; á iarraidh go neartófaí an clásal neamh-idirdhealaithe i bprótacail CCII a bheidh ann amach anseo chun cosc a chur ar thíortha comhpháirtíochta coinníollacha níos fabhraí – airgeadais nó teicniúla – a dheonú do chabhlaigh eachtracha eile; ag cur béim ar an ngá atá le faireachán agus forfheidhmiú éifeachtach a dhéanamh ar na clásail sin, agus aird á tabhairt ar an easpa faisnéise mionsonraithe atá ann faoi láthair i meastóireachtaí an Choimisiúin maidir lena gcur chun feidhme agus lena n-éifeachtacht; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún anailís agus sonraí cuimsitheacha maidir leis an ngné sin a áireamh go córasach i dtuarascálacha meastóireachta CCII amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1005/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, aghaidh a thabhairt ar an easpa trédhearcachta in earnálacha iascaireachta de thíortha nach de chuid an Aontais iad a eascraíonn, mar shampla, as bratacha áise, bocáil brataí, struchtúir chasta chorparáideacha agus easpa faisnéise poiblí maidir le húinéirí tairbhiúla; á thabhairt chun suntais, thairis sin, a thábhachtaí atá sé cosc a chur ar chabhlaigh nach de chuid an Aontais iad agus nach bhfuil chomh hinbhuanaithe céanna a chur in ionad chabhlach an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheas go bhfuil sé tábhachtach tosaíocht a thabhairt sa chaibidlíocht do láithreacht AE agus rochtain ar mheánna do shoithí a bhfuil bratach AE ar foluain acu; á chreidiúint gur fearr soithí a bhfuil bratacha Bhallstáit AE ar foluain acu a bheith ann don soláthar bia, agus dá rialú agus dá inbhuanaitheacht, agus go gcuireann sé le neamhspleáchas straitéiseach AE maidir le slándáil bia;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á aithint go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le comhfhiontair san iascaireacht mar shamhail úsáideach don chomhar idir an tAontas agus tíortha nach de chuid an Aontais iad; á thabhairt chun suntais go ngineann na scéimeanna sin luach eacnamaíoch agus sóisialta, laistigh den Aontas agus i dtíortha nach de chuid an Aontais iad araon, agus soláthar próitéine muirí ardcháilíochta a ghabhtar go hinbhuanaithe do thomhaltóirí an Aontais á áirithiú, rud a chuidíonn le hiascaireacht fhreagrach, fostaíocht chóir agus fás inbhuanaithe a chur chun cinn, agus a rannchuidíonn go díreach le roinnt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chomh maith le cuspóirí an Aontais maidir le rialachas na n-aigéan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é formheasta aici, teachtaireacht chomhpháirteach an 24 Meitheamh 2022 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le clár oibre an Aontais maidir le rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan agus gur ghlac an Coimisiún an Comhshocrú Eorpach um an Aigéan le déanaí, nach mór tacú lena chur chun feidhme leis na hacmhainní airgeadais is gá, lena n-áirítear an EUR 1 bhilliún a gealladh ag tríú Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin le haghaidh gealltanais dheonacha chun an bhithéagsúlacht mhuirí a choimirciú agus chun forbairt geilleagair ghoirm inbhuanaithe a threisiú; á chur in iúl gur geal léi comhtháthú an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan sa Chompás Iomaíochais mar ghné straitéiseach d’fhás fadtéarmach AE, agus á chur in iúl gur oth léi an riosca iomaíochta i measc na n-earnálacha muirí maidir le rochtain ar an gcistiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas tacú le páirtithe leasmhara ábhartha chun comhghuaillíocht thionsclaíoch mhuirí Eorpach a bhunú lena gcomhtháthófar iascach, dobharshaothrú, longthógáil, loingseoireacht, infheistíochtaí straitéiseacha agus teicneolaíocht, agus idirspleáchas na n-earnálacha muirí uile á aithint ó thaobh iomaíochais, fostaíochta, fuinnimh agus aistrithe digiteacha de agus úsáid ó thaobh inbhuanaithe acmhainní muirí agus uisceacha de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) méadú suntasach a dhéanamh ar an infheistíocht in oiliúint thaidhleoirí AE maidir le saincheisteanna a bhaineann leis na haigéin, agus béim ar leith á leagan ar shaineolas a neartú maidir le rialachas muirí agus aigéin laistigh de thoscaireachtaí AE agus i misin chuig tíortha nach de chuid an Aontais iad, go háirithe tíortha cósta; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar a dtuiscint ar infheistíochtaí, oibríochtaí agus dúshláin an gheilleagair ghoirm laistigh dá réimsí inniúlachta, agus i gcomhréir leis an straitéis Global Gateway; á iarraidh go mbeadh SEGS rannpháirteach i dtábhacht straitéiseach an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan a chur chun cinn, le tacaíocht nó treoir ó ardstiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin, lena n-áirítear Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta (AS MARE);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Iomaíochas maidir le hiascach agus dobharshaothrú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid den mheastóireacht leanúnach ar CBI, réitigh a thíolacadh chun ualaí riaracháin a laghdú agus nósanna imeachta riaracháin a shimpliú trí thogra omnibus agus nósanna imeachta a bhrostú do thionscadail lena bhfeabhsaítear slándáil bia agus biafhlaitheas; á mheas go neartófar comhchaighdeáin inbhuanaitheachta le dea-shampla earnáil bhrabúsach, chun bheith ar thús cadhnaíochta i bhforbairt na gcaighdeán sin ar fud an domhain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras gur céimeanna bunriachtanacha iad gníomhaíochtaí amhail rochtain ar limistéir thalún agus chósta a shimpliú, arna bhforbairt i ndlúthchomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, chun earnáil dobharshaothraithe inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch a choinneáil; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuideodh CBI athbhreithnithe nó comhbheartas nua dobharshaothraithe le slándáil bia agus biafhlaitheas a fheabhsú trí sholáthar cobhsaí bia mara a áirithiú do thomhaltóirí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur í bhfáth gur sócmhainní straitéiseacha iad an t-iascach agus an dobharshaothrú don tslándáil bia agus don fhorbairt tuaithe. ag tathant ar an gCoimisiún iascach agus táirgeadh bia uiscigh a chomhtháthú go hiomlán i straitéisí níos leithne an Aontais maidir le slándáil bia, cothú agus inbhuanaitheacht; á áitiú gur cheart trí cholún inbhuanaitheachta CBI a fhorbairt go cothrom agus nár cheart go mbainfeadh aon cheann acu an bonn d’inmharthanacht na gceann eile; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit an comhar idir iascairí agus páirtithe leasmhara muirí eile a neartú faoi chreat an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe, i réimsí amhail pleanáil spásúil mhuirí, imscaradh fuinnimh in-athnuaite, eagrú shlabhra an tsoláthair bia mara, an geilleagar ciorclach agus éagsúlú, agus aitheantas á thabhairt d’fhéiniúlacht agus ról níos leithne na n-iascairí mar chaomhnóirí na muirthimpeallachta agus mar spreagthóirí na forbartha áitiúla i bpobail chósta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh ar na tosca agus na treochtaí struchtúracha agus comhshaoil a dhéanann difear d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach, d’iomaíochas, do spleáchas agus do bhrabúsacht na n-oibreoirí iascaigh, dobharshaothraithe agus céad-díola agus próiseála, go háirithe sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí; á mholadh go bhforbrófaí bearta chun aghaidh a thabhairt ar na tosca agus na treochtaí sin trí ghníomhaíocht shonrach agus láithreach ionas nach rachadh gníomhaíochtaí iascaireachta AE i léig de réir a chéile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur i bhfios gur gá earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe AE a dhéanamh tarraingteach agus iomaíoch i gcomparáid le hiomaitheoirí domhanda; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ngeallfaidh na Ballstáit uile agus na páirtithe leasmhara ábhartha go ndéanfaidh siad córas CATCH a chur chun feidhme go pras do na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe uile a allmhairítear isteach san Aontas, agus úsáid dheonach an chórais ag tíortha nach de chuid an Aontais iad a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí bearta spriocdhírithe chun athnuachan ó ghlúin go glúin a áirithiú agus chun tarraingteacht gairmeacha iascaireachta a fheabhsú, do mhná freisin, tríd an méid seo a leanas a áirithiú; bainistiú agus atógáil inbhuanaithe stoc éisc infheistíocht i gcabhlaigh iascaireachta nua-aimseartha, shábháilte agus dhigitithe gan a n-acmhainneachtaí iascaireachta a mhéadú, cláir oiliúna, sábháilteacht ar muir, gairmoiliúint a fhorbairt, go háirithe i gcothabháil ladrann muirí agus róbat cianoibrithe, galar ceirde agus neamhghairmiúil a chosc, tionscnaimh coiscthe riosca agus dálaí oibre feabhsaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil srianta buana nádúrtha agus geografacha roimh na réigiúin oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí a dhéanann difear d’iomaíochas a gcabhlach iascaireachta agus a ngeilleagar oileánach; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar infheistíochtaí agus ar bhearta, ar chistiú agus ar thacaíocht, mar shampla, do dhícharbónú, athnuachan agus nuachóiriú cabhlach iascaireachta agus feabhsuithe bonneagair, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, chun tarraingteacht a fheabhsú, athnuachan glúine agus todhchaí na hearnála iascaigh sna réigiúin sin a choimirciú, agus chun rannchuidiú le forbairt áitiúil inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí i gcomhpháirtíochtaí iascaigh an Aontais le tíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe le tíortha comharsanachta nó le réigiúin chomharsanachta, mar shampla i bhfoirm bonneagair, cabhlaigh nó tacaíochta earnála, ionas go seachnófaí aon staid iomaíochta éagóraí idir iascairí sna réigiúin is forimeallaí agus iascairí i dtíortha comharsanachta nach tíortha de chuid an Aontais iad a bhfuil a soithí á n-athnuachan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feasacht tomhaltóirí a chur chun cinn agus trédhearcacht agus inrianaitheacht a spreagadh, lena n-áiritheofar go gcuirfear faisnéis mhionsonraithe ar fáil, go digiteach freisin, maidir le tionscnamh, cáilíocht agus inbhuanaitheacht na dtáirgí bia mara uile; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go gcomhlíonfaidh bia mara agus táirgí muirí AE agus iad siúd a allmhairítear isteach san Aontas caighdeáin chomhchosúla chomhshaoil, shóisialta, inrianaitheachta, inbhuanaitheachta agus leasa ainmhithe, arna bhforfheidhmiú trí fhaireachán agus smachtbhannaí éifeachtacha, i gcomhréir le rialacha EDT agus le clásail chomhuaineacha a bheidh ann amach anseo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht maidir le hiarrachtaí dícharbónaithe agus le hathnuachan agus nuachóiriú cabhlaigh, agus aird ar leith á tabhairt ar staid agus riachtanais an chabhlaigh iascaireachta sna réigiúin agus sna hoileáin is forimeallaí; á chur i bhfios go dtugtar le fios sa staidéar a rinne sí le déanaí<FOOTNOTE><FIELD> Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, <STRING ITALIC="on">The future of the EU fishing fleet – First assessment of Member States’ EMFAF programmes for 2021-27 </STRING>[Todhchaí chabhlach iascaireachta an Aontais — an chéad mheasúnú ar chláir CEMID na mBallstát do 2021-27], Samhain 2024.</FIELD></FOOTNOTE> gur cheart go mbreithneofaí le hionstraimí tacaíochta d’iascaigh amach anseo coinníollacha nach bhfuil chomh sriantach céanna maidir le tacaíocht chun an chéad soitheach iascaireachta a fháil, chun innill a athnuachan nó innill nua a fháil agus le haghaidh feabhsuithe ar shoithí a éilíonn tonnáiste breise, agus srianta á gcur i bhfeidhm chun ró-acmhainneacht nó ró-iascaireacht a sheachaint ar leibhéal ranna cabhlaigh aonair nó an chabhlaigh náisiúnta ina iomláine; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, aghaidh a thabhairt air sin agus meastóireacht agus simpliú á ndéanamh aige ar bhacainní rialála neamhriachtanacha laistigh de CBI agus den Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID);
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ceannaireacht chomhshaoil agus eolaíoch</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi ceannaireacht AE i rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan, go háirithe trína ról maidir le Comhghuaillíocht Ard-Uaillmhéine um Bithéagsúlacht i limistéir lasmuigh den Dlínse Náisiúnta de 47 gcomhalta a chruthú; á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm Chomhaontú BLDN faoi UNCLOS chun caomhnú éifeachtach agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta a áirithiú, agus chun cosaint éifeachtach agus bainistiú inbhuanaithe na mórmhara a áirithiú; á iarraidh go n-oibreodh an creat nua ar bhealach comhordaithe agus comhlántach le comhlachtaí idirnáisiúnta atá ann cheana lena n-áirítear ERBInna, FAO agus an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta, agus le CBI; á chur i bhfáth gur cheart an comhaontú a chur chun feidhme agus an treoir a thrasuí agus inniúlachtaí na gcomhlachtaí sin, <STRING ITALIC="on">acquis</STRING> an Aontais agus inniúlachtaí na mBallstát á n-urramú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an deimhniú gurb ionann anois an mhainneachtain bearta bainistithe iascaigh a ghlacadh, a chur chun feidhme nó a fhorfheidhmiú – bídís faoi ERBInna nó faoi chomhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha – agus mainneachtain comhoibriú faoi dhlí an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, i gcomhar leis na Ballstáit, na hionstraimí uile atá ar fáil a úsáid chun a áirithiú go gcomhoibreoidh tíortha nach de chuid an Aontais iad, lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe (IO L 316, 14.11.2012, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1026/oj).</FIELD></FOOTNOTE>, lena mbunaítear creat chun bearta a shainaithint agus a ghlacadh do thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad a mhainníonn comhoibriú agus lena gceadaítear iascaireacht neamh-inbhuanaithe a dhéanamh ar stoc leasa choitinn don Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag aithint a thábhachtaí atá prionsabal an réamhchúraim maidir le moratóir idirnáisiúnta ar mhianadóireacht domhainfharraige mar ábhar freagrachta comhshaoil domhanda a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do rialachas na n-aigéan agus don iascach; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail mianadóireachta domhainfharraige go dtí go ndéanfar staidéar agus taighde leordhóthanach ar a n-éifeachtaí ar an muirthimpeallacht agus ar an mbithéagsúlacht; á áitiú go leanfaidh an tAontas de bheith rannpháirteach go gníomhach sna hiarrachtaí domhanda maidir le taighde agus taiscéalaíocht na domhainfharraige, agus na caighdeáin is airde á leagan síos aige maidir le bainistiú inbhuanaithe acmhainní; á chur in iúl gur geal léi an sos réamhchúraim maidir le mianadóireacht domhainfharraige arna mholadh ag an gCoimisiún; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit tacú leis an gcur chuige sin, lena n-áirítear tríd an Údarás Idirnáisiúnta um Ghrinneall na Farraige, go dtí go mbeidh taighde eolaíoch cuimsitheach agus eolas cuimsitheach ar thionchar na mianadóireachta domhainfharraige ar fáil agus go dtí gur féidir a léiriú gur féidir na gníomhaíochtaí sin a bhainistiú gan cailliúint bithéagsúlachta ná díghrádú an éiceachórais a chruthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á iarraidh go dtacófaí le moratóir idirnáisiúnta ar mhianadóireacht domhainfharraige agus á mheabhrú don Aontas agus dá Bhallstáit, mar chomhaltaí den Údarás Idirnáisiúnta um Ghrinneall na Farraige agus i gcomhréir le UNCLOS, go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu freagairt le bearta iomchuí d’aon iarrachtaí dul timpeall ar an Údarás Idirnáisiúnta um Ghrinneall na Farraige mar an comhlacht idirnáisiúnta inniúil maidir le gníomhaíochtaí mianadóireachta domhainfharraige a rialáil lasmuigh de dhlínsí náisiúnta, ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag na hiarrachtaí sin ar rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a éileamh go n-urramóidh gach tír agus réigiún an moratóir idirnáisiúnta ar sheilg míolta móra agus ar fhiach céiticeach mór arna chur ar fáil ag an gCoimisiúin Idirnáisiúnta um Sheilg Míolta Móra agus ag comhlachtaí idirnáisiúnta, agus á iarraidh nach mbainfí mí-úsáid as na heisceachtaí atá ann cheana mar thacaíocht do chuspóirí tráchtála;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór measúnuithe tionchair iomlána agus comhairliúchán éifeachtach leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann a bheith ann sula n-ainmneofar aon limistéir mhuirí faoi chosaint (LMFCanna), agus nach mór cuspóirí soiléire agus bearta éifeachtacha faireacháin, rialaithe agus faireachais a bheith acu, bunaithe ar an eolas eolaíoch agus ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil; á thabhairt chun suntais gur gá trí cholún na forbartha inbhuanaithe a chur san áireamh nach mór a bheith fite fuaite le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais agus le tábhacht na n-iascairí agus na bpobal cósta i gcomhtháthú an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á mheabhrú gur gá aird ar leith a thabhairt ar an réigiún Artach, i gcomhréir le straitéis 2021 an Artaigh, agus á chur in iúl go dtacaíonn sí go háirithe leis na hiarrachtaí a rinneadh maidir leis an dá limistéar mhuirí faoi chosaint nua a bhunú in oirthear an Antartaigh agus i Muir Weddell san Aigéan Antartach; ag tabhairt dá haire na measúnuithe tionchair agus an cur i gcoinne mholtaí LMFC a chuir roinnt páirtithe in iúl laistigh den Choimisiún um Chaomhnú Beo-Acmhainní Muirí Antartacha; á iarraidh go ndéanfaí abhcóideacht ghníomhach ar na limistéir mhuirí faoi chosaint sin mar chuid den fhreagairt riachtanach ar uaillmhianta gníomhaithe domhanda eile sna réigiúin sin, ar uaillmhianta iad atá ag fás agus a d’fhéadfadh a bheith neamh-inbhuanaithe agus go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí déthaobhacha agus iltaobhacha chun tacaíocht a áirithiú chun LMFCanna nua a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di leathnú agus comhchruinniú na ngabhálacha iascaireachta crilleanna san Aigéan Theas ag roinnt tíortha nach de chuid an Aontais iad le 10 mbliana anuas agus na bagairtí gaolmhara ar éiceachórais an Antartaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le moratóir 5 bliana ar iascaigh crilleanna san Aigéan Theas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór d’fhianaise eolaíoch leanúint de bheith mar chnámh droma na cinnteoireachta i rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan, ag feidhmiú mar airgeadra coiteann i gcaibidlíocht iltaobhach agus ag tacú le rialachas inbhuanaithe san iascach agus sa dobharshaothrú; ag cur béim bhreise ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i gcomhlachtaí eolaíocha a sholáthraíonn an fhianaise atá mar bhonn agus taca leis na cinntí sin agus cúnamh a thabhairt dóibh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á mheabhrú a thábhachtaí atá ceannaireacht dhomhanda an Aontais maidir le Creat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montréal a chur chun feidhme lena n-aithnítear a thábhachtaí atá bearta caomhnaithe éifeachtacha limistéarbhunaithe eile (OECManna) mar chur chuige comhlántach i leith LMFCanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé OECManna a áireamh chun an sprioc maidir le cosaint 30 % de na haigéin ar fud an domhain faoi 2030 a bhaint amach, ar choinníoll go gcomhlíonann OECManna na critéir sa chreat sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tacú le tiomantas an Chomhshocraithe Eorpaigh um an Aigéan tionscnamh uile-Eorpach um fhaire na n-aigéan a bhunú mar bhunchloch chun feabhas a chur ar thuiscint agus ar bhainistiú na n-éiceachóras muirí; ag tacú le Faireachlann Eorpach um an Domhainfharraige san Atlantach a chruthú, agus cruthú líonra domhanda faireachlann a chomhroinneann sonraí agus a spreagann soghluaisteacht i measc eolaithe á chur chun cinn; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann laistigh den Aontas maidir le taighde agus nuálaíocht chun comhar agus soghluaisteacht eolaíoch mhuirí a neartú agus ceannaireacht an Aontais san eolaíocht mhuirí a threisiú; á iarraidh ar an Aontas, i bhfianaise an chúlaithe a tugadh faoi deara in iarrachtaí comhpháirtithe domhanda áirithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, dlús a chur lena iarrachtaí sa chomhar eolaíoch agus lena thiomantas don chomhar eolaíoch chun éiceachórais mhuirí agus chósta a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir gur gá tacaíocht airgeadais leormhaith a chur ar fáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnamh tiomnaithe ‘Baltach Glan’ a bhunú, faoin gComhshocrú Eorpach um an Aigéan, lena dtabharfar aghaidh ar dhúshláin uathúla chomhshaoil agus sábháilteachta Mhuir Bhailt; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar mór fós ag eotrófú, ag truailliú agus ag an láithreacht d’iarsmaí guaiseacha cogaidh ar imchuach na farraige, lena n-áirítear muinisin, oibreáin cheimiceacha agus éilleáin eile ar ghrinneall na farraige;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beartas trádála agus rialachas domhanda na n-aigéan</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil freagracht ar an Aontas a ról ceannaireachta a choinneáil i bhfóraim idirnáisiúnta trí iltaobhachas a spreagadh, trína bheith ag plé leis na comhpháirtithe ábhartha uile maidir le hinbhuanaitheacht agus rialachas aigéan iascaigh, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe agus an tSín, agus trí chaighdeáin dhomhanda a leagan síos maidir le hinbhuanaitheacht mhuirí agus iomaíocht chóir; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil ról tábhachtach ag na comhairlí comhairleacha, amhail an Chomhairle Chomhairleach Fadraoin, maidir le comhairle a thabhairt don Choimisiún i ndáil le ceapadh agus cur chun feidhme beartais; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé go gcuirfí a gcomhairle i gcuntas go cuí sa chinnteoireacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm Chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais Iascaigh; á chur i bhfios go láidir gur garsprioc é an comhaontú sin maidir le deireadh a chur le fóirdheontais dhíobhálacha iascaigh a chuireann le ró-iascaireacht agus ró-acmhainneacht, agus ar an gcaoi sin cothrom iomaíochta agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní muirí a chothú ar fud an domhain; ag spreagadh an Choimisiúin cur leis an rath sin trí thaidhleoireacht aigéin, trí dhul i dteagmháil go réamhghníomhach le tíortha nach de chuid an Aontais iad, go háirithe le mórnáisiúin iascaireachta, chun daingniú agus cur chun feidhme éifeachtach an chomhaontaithe sin agus na caibidlíochta leanúnaí a chur chun cinn chun na chéad chéimeanna eile a chomhaontú, agus chun gealltanais dhomhanda maidir le bainistiú iascaigh inbhuanaithe, trédhearcach agus cothrom a chur chun cinn;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur i bhfáth go bhfuil ERBInna dea-bhainistithe, a fhreastalaíonn ar chaibidlíocht iltaobhach éifeachtach as a n-eascraíonn rialacha comhchoiteanna láidre agus dea-chomhlíonadh na rialacha sin, lárnach chun iomaíochas san iascach agus sa dobharshaothrú a bhaint amach, agus ar an gcaoi sin béim a leagan ar a thábhachtaí atá infheistíocht in acmhainneacht na ERBInna sin, agus comhar le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus taidhleoireacht an Aontais a neartú sna fóraim sin; á chur i bhfáth go bhfuil comhlachtaí comhlíontachta ERBI fós tearcúsáidte ag an Aontas agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún cásanna neamhchomhlíontachta ag tíortha nach de chuid an Aontais iad a ardú agus aghaidh a thabhairt orthu sna coistí comhlíontachta ábhartha ERBI;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit seiceálacha custaim a neartú le cumhachtaí feabhsaithe, agus leas iomlán á bhaint as gníomhaireacht chustaim nua AE chun iascairí a chosaint ar gháinneálaithe ar dhrugaí agus ar imircigh agus ar ghníomhaíochtaí aindleathacha eile a chuireann sábháilteacht agus cobhsaíocht réigiúnach iascairí i mbaol; á mheabhrú go gcosnaítear iascairí ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus go gcoinnítear muinín na dtomhaltóirí, trí inrianaitheacht táirgí bia mara, comhlíonadh éifeachtach caighdeán inbhuanaitheachta agus cómhalartacht le tíortha nach bhfuil san Aontas i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras go mbaineann líonraí coiriúla a úsáideann earnáil an iascaigh ina n-oibríochtaí an bonn de rialachas inbhuanaithe na n-aigéan, go ndéantar geilleagair áitiúla a shaobhadh agus go gcuirtear slite beatha i réigiúin chósta i mbaol; á chur i bhfáth go rannchuideofar le geilleagar aigéin níos sábháilte agus níos athléimní má téitear i ngleic go héifeachtach leis an gcoireacht eagraithe san iascach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na socruithe fadtéarmacha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe lena ndeonaítear rochtain chómhalartach iomlán ar uiscí iascaireachta go dtí an 30 Meitheamh 2038; á iarraidh ar an gCoimisiún forairdeall a dhéanamh maidir le faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an Ríocht Aontaithe, chun leasanna AE agus a oibreoirí agus a shaoránaigh a choimirciú, agus chun fanacht go daingean i gcoinne aon chinntí aontaobhacha lena laghdófaí <STRING ITALIC="on">de facto</STRING> rochtain iascairí AE ar uiscí na Ríochta Aontaithe, amhail iad siúd a bhaineann le cur chun feidhme nó ainmniú beartaithe LMFCanna agus leis an toirmeasc ar iascaireacht corr gainimh, agus sásraí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a úsáid chun aon chaillteanas de chearta iascaireachta a d’eascródh as sin a leigheas; á iarraidh ar an gCoimisiún socruithe iascaigh fadtéarmacha agus cobhsaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú freisin tar éis 2038;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á iarraidh ar an Aontas dlús a chur lena rannpháirtíocht leis an Iorua tríd an gcruinniú comhchéime ardleibhéil maidir le hidirphlé iascach agus na n-aigéan chun saincheisteanna atá fós gan réiteach a shocrú amhail fiachas trosc na hIorua atá dlite don Aontas ó 2021 agus cothrom iomaíochta a áirithiú idir iascairí an Aontais agus iascairí na hIorua; á iarraidh ar an gCoimisiún gach iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú cuimsitheach maidir le stoic chomhroinnte le stáit chósta chun ró-iascaireacht na stoc sin a chosc agus chun deiseanna iascaireachta cothroma agus inbhuanaithe a ráthú d’iascairí an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as na roghanna uile a chuirtear ar fáil le Rialachán (CE) Uimh. 1026/2012 maidir le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe, lena n-áirítear smachtbhannaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur i bhfáth gur cheart don Aontas a chumhacht mhargaidh a úsáid mar uirlis straitéiseach chun a leasanna a chosaint agus chun inbhuanaitheacht a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir nach mór rochtain ar mhargadh an Aontais a bheith coinníollach ar chaighdeáin an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áiritheofar nach dtagann bia mara a allmhairítear isteach san Aontas ó fhoinsí neamhdhleathacha ná neamh-inbhuanaithe ná ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil caidreamh seanbhunaithe ag an Aontas leis an nGraonlainn maidir le hábhair a bhaineann le hiascach agus á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé an caidreamh d’iascairí an Aontais a dhoimhniú agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh chun bainistiú inbhuanaithe stoc éisc san Atlantach Thuaidh a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, maidir le rialacha AE a bhaineann le tíortha nach de chuid an Aontais iad agus lena gceadaítear iascaireacht neamh-inbhuanaithe, go ndéanfaí iad a chur chun feidhme go cuí agus go hiomlán, soiléireacht dhlíthiúil níos fearr a sholáthar maidir le cleachtais iascaireachta neamh-inbhuanaithe agus bearta forfheidhmiúcháin AE a spreagadh faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear srianta trádála amhail toirmisc ar allmhairí, chun cumas an Aontais a neartú chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais neamh-inbhuanaithe, go háirithe iad siúd a dhéanann difear do stoic bheaga pheiligeacha amhail ronnach, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú idir beartas trádála agus cuspóirí taidhleoireachta aigéin; á chur i bhfáth go bhfuil go leor de na cleachtais sin dea-aitheanta cheana féin ach nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na bearta forfheidhmiúcháin atá ann faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>ag tathant ar an gCoimisiún sásraí faireacháin, rialaithe agus forfheidhmithe a neartú maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta agus sreafaí trádála bia mara na Rúise, lena n-áirítear athlastálacha agus athonnmhairí trí thíortha nach de chuid an Aontais iad; á iarraidh go gcuirfí srianta breise ar allmhairiú táirgí iascaigh ón Rúis; á iarraidh go dtabharfaí isteach diancheanglais inrianaitheachta agus cigireachtaí comhordaithe agus go gcoiscfí éisc arna ngabháil nó arna bpróiseáil ag oibreoirí Rúiseacha teacht isteach i margadh an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhsheasmhacht a áirithiú idir na caighdeáin a fhorchuirtear ar tháirgeoirí an Aontais agus na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí allmhairithe, go háirithe i gcomhthéacs na gcomhaontuithe trádála atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus a chomhpháirtithe trádála, mar shampla trí bhearta scáthánacha a thabhairt isteach; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún leanúint de mheasúnú a dhéanamh ar ábharthacht na dtaraif-chuótaí uathrialaitheacha i bhfianaise a dtionchair ar thionscal iascaireachta an Aontais agus iad a oiriúnú i gcás inar gá; á iarraidh an athuair go gcaithfí le héisc stánaithe agus le bia mara stánaithe mar ‘tháirgí íogaire’ sa chaibidlíocht trádála; á iarraidh go mbeadh údaráis an Aontais cúramach agus dlús a chur le rialuithe chun a áirithiú nach toradh iascaireachta NNN iad aon onnmhairí a thairbhíonn de tharaif-chuótaí uathrialaitheacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar cuspóirí CBI a chomhtháthú go hiomlán i seasamh an Aontais i ngach fóram idirnáisiúnta, amhail an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch nó an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fána agus Flóra Fiáine i mBaol, ina bpléitear acmhainní bitheolaíocha na mara, lena n-áirítear acmhainní iascaigh;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bearta buiséadacha agus institiúideacha</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á áitiú go láidir go bhfuil gá le cistiú suntasach do rialachas agus do thaidhleoireacht na n-aigéan, go háirithe chun earnáil straitéiseach iascaireachta a choinneáil ar bun, chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas a ghealltanais dhomhanda a chomhlíonadh, a ról straitéiseach a neartú agus tacú le hathléimneacht na bpobal cósta amach anseo; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach léirítear leis na tograí don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile ach imfhálú EUR 2 bhilliún don iascach agus don dobharshaothrú don tréimhse 2028-2034, arb ionann é agus beagnach aon trian den leibhéal cistiúcháin ráthaithe a bhí aige roimhe sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún leibhéal leormhaith cistiúcháin a ráthú sa chreat airgeadais ilbhliantúil iar-2028 do chaiteachas a bhaineann le hiascach, amhail na cuspóirí a chumhdaítear faoi láthair in CEMID; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé go bhfanfadh cistí AE ina n-uirlis láidir chun tacú le hathnuachan glúine, comhionannas inscne, slándáil bia, nuachóiriú cabhlaigh agus inbhuanaitheacht shocheacnamaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag an iascach ar mionscála maidir le geilleagair agus pobail áitiúla a chothú ar fud an domhain; á chur i bhfáth, chun go gcuirfidh an tAontas feabhas ar a neamhspleáchas straitéiseach agus bia, go bhfuil sé ríthábhachtach stoic an Aontais a atógáil agus, chun na dálaí a chruthú d’athléimneacht agus d’iomaíochas fadtéarmach an Aontais, go bhfuil sé ríthábhachtach go dtacóidh an tAontas agus an leibhéal náisiúnta araon go leormhaith le hearnáil iascaireachta ar mionscála an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbíonn acmhainneacht chostasach réamh-mheastacháin i gceist le gach taidhleoireacht, agus go mbeadh sé iomchuí, dá bhrí sin, ionstraim airgeadais shonrach a bhunú don iascach sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, mar shampla trí Chlár na Roghanna a Bhaineann go Sonrach le hIargúltacht agus le hOileánacht (POSEI-Iascach) a athbhunú, ar clár é a comhtháthaíodh in CEMID, chun tacú leis an earnáil srianta geografacha agus struchtúracha a shárú agus inmharthanacht fhadtéarmach na bpobal iascaireachta áitiúil a áirithiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé a áirithiú go n-úsáidfear uirlisí reatha, amhail Seirbhís Mhuirí Copernicus, agus cumais nó teicneolaíochtaí nua, amhail dróin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach agus níos simplí ag iascairí agus ag páirtithe leasmhara sa gheilleagar gorm ar ionstraimí maoiniúcháin, trí chistí tiomnaithe íosta a leithdháileadh, amhail an Ciste Eorpach Iomaíochais, a thacaíonn le hinfheistíocht i ngeilleagar gorm inbhuanaithe, agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda, atá mar bhonn agus mar thaca ag rialachas agus taidhleoireacht na n-aigéan agus iarrachtaí chun iascaireacht NNN a chomhrac, chomh maith le cistiú do SFPAnna agus d’fhoinsí cistiúcháin comhlántacha amhail an Ciste um Aistriú Cóir, REPowerEU, Fís Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta; ag tathant ar an gCoimisiún cobhsaíocht leordhóthanach riaracháin agus dhlíthiúil a ráthú d’infheistíochtaí príobháideacha chun forbairt na n-earnálacha muirí a chothú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>