<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P10_TA(2026)0122</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Rialú, trédhearcacht agus inrianaitheacht ionstraimí feidhmíochtbhunaithe</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A10-0022/2026 -  Rapóirtéir:Monika Hohlmeier)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2026 maidir le rialú, trédhearcacht agus inrianaitheacht ionstraimí feidhmíochtbhunaithe (2025/2032(INI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagail 311, 312, 319, 323 agus 324 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">1 </STRING>IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2093/oj.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na dearbhuithe comhpháirteacha a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin agus do na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">2 </STRING>IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán Airgeadais),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">3 </STRING>IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj.</FIELD></FOOTNOTE> (an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">4 </STRING>IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach de chuid an Aontais a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">5 </STRING>IO C 177, 17.5.2023, lch. 115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh uaithi an 27 Feabhra 2024 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">6 </STRING>IO C, C/2024/6750, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6750/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach <FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">7 </STRING>IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2020/1222/oj.</FIELD></FOOTNOTE>(‘IIA’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do sheasamh uaithi an 16 Nollaig 2020 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">8 </STRING>IO C 445, 29.10.2021, lch. 240.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 10 Deireadh Fómhair 2024 ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2023, maille leis na freagraí ó na hinstitiúidí,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil speisialta 13/2024 ó CIE an 2 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘Absorption of funds from the Recovery and Resilience Facility – Progressing with delays and risks remain regarding the completion of measures and therefore the achievement of RRF objectives’ [Ionsú cistí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Ag déileáil le moilleanna, ach tá rioscaí fós ann a mhéid a bhaineann le bearta a chríochnú agus le cuspóirí STA a bhaint amach], tuarascáil speisialta 14/2024 ó CIE an 11 Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘Green transition – Unclear contribution from the Recovery and Resilience Facility’ [An tAistriú Glas – Doiléire faoin rannchuidiú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta], agus tuarascáil speisialta 22/2024 ó CIE an 21 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Double funding from the EU budget – Control systems lack essential elements to mitigate the increased risk resulting from the RRF model of financing not linked to costs’[Cistiú dúbáilte ó bhuiséad an Aontais – Níl eilimintí bunriachtanacha sna córais rialaithe trína ndéanfaí an riosca méadaithe a eascraíonn as samhail STA nach bhfuil nasctha le costais a mhaolú],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’athbhreithniú 03/2025 an 16 Meitheamh 2025 ó CIE dar teideal ‘Opportunities for the post-2027 Multiannual Financial Framework’[Deiseanna don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil tar éis 2027], athbhreithniú 04/2025 an 19 Meitheamh 2025 ó CIE dar teideal ‘The Future of EU Cohesion Policy: Drawing lessons from the past’[Todhchaí Bheartas Comhtháthaithe an Aontais: Ceachtanna a fhoghlaim ón am atá caite],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 7 Bealtaine 2025 maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú, agus don tuairim ón gCoiste um Rialú Buiséadach don Choiste um Buiséid maidir le buiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">9 </STRING>Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0090.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid an 23 Aibreán 2025 ar urscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023, Roinn III – An Coimisiún, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus an naoú, an deichiú agus an t-aonú Ciste Forbraíochta Eorpach déag,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún ó mhí na Nollag 2023 dar teideal ‘Study supporting the mid-term Evaluation of the Recovery and Resilience Facility’ [Staidéar lena dtacaítear leis an Meastóireacht mheántéarma ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2024 ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), a foilsíodh an 3 Márta 2025,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ó mhí Mheán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal ‘The future of European competitiveness’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpah na Réigiún an 8 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Athbhreithniú meántéarma ar Phlean Téarnaimh an Aontais tar éis COVID-19 (An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta)’<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">10 </STRING>IO C, C/2024/7057, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7057/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéis atá foilsithe ar an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta (Scórchlár STA),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint dá taighde inmheánach, dá hanailís dhomhain agus dá seisiúin faisnéise a bhaineann le cur chun feidhme STA,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 17 Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘Much more than a market– speed, security, solidarity: empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens’ [Margadh Thar an gCoitiantacht – Luas, slándáil, dlúthpháirtíocht: an Margadh Aonair a chumhachtú chun todhchaí inbhuanaithe agus rathúnas a bhaint amach do shaoránaigh uile an Aontais] (tuarascáil Letta),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an 20 Feabhra 2024 ón nGrúpa Ardleibhéil sa Choimisiún maidir le Todhchaí an Bheartais Comhtháthaithe dar teideal ‘Forging a sustainable future together – Cohesion for a competitive and inclusive Europe’ [Todhchaí inbhuanaithe a chothú le chéile – Comhtháthú le haghaidh Eoraip atá iomaíoch cuimsitheach],
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal An Bóthar i dtreo an Chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil Eile (COM(2025)0046),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘A Competitiveness Compass for the EU’ [Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach] (COM(2025)0030),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Márta 2025, an 6 Márta 2025 agus an 19 Nollaig 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla do théarma an Choimisiúin 2024-2029, arna dtíolacadh ag Uachtarán toghaí an Choimisiúin an 18 Iúil 2024,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 20 Samhain 2024 dar teideal ‘EU budget and place-based policies: proposals for new design and delivery mechanisms in the MFF post-2027 [Buiséad agus beartais áitbhunaithe an Aontais: tograí le haghaidh sásraí nua deartha agus seachadta sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil tar éis 2027]<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">11 </STRING>IO C, C/2025/279, 24.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/279/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat rianaithe caiteachais buiséid agus creat feidhmíochta buiséid agus rialacha cothrománacha eile le haghaidh chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais (COM(2025)0545),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2025 ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">12 </STRING>Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0128.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0074/2025),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialacha 55 agus 148(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A10-0022/2026),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an líon tosaíochtaí polaitiúla in AE, rud a fhágann úsáid fhreagrach na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil níos criticiúla ná riamh; de bhrí go n-éilítear le bainistíocht fhónta airgeadais, mar a shainmhínítear sa Rialachán Airgeadais, go gcuirfear cistí AE chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta, lena n-áiritheofar go n-úsáidfear acmhainní ar bhealach costéifeachtach, go mbainfear cuspóirí amach in am trátha, sa chainníocht iomchuí, agus ar an bpraghas is fearr, agus go mbainfear amach na torthaí agus na tionchair atá beartaithe; de bhrí go dtreisíonn sé sin riachtanas an fhaireachais i mbainistíocht airgeadais chun a ráthú go mbeidh toradh follasach ar infheistíocht mar thoradh ar chaiteachas ó thaobh fás eacnamaíoch, iomaíochais agus bhaint amach thosaíochtaí AE de;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, má tá maoiniú AE i bhfoirm tacaíochta nach bhfuil nasctha le haisíoc costas incháilithe ach le torthaí, aschuir nó táscairí feidhmíochta eile, go mbraitheann íocaíochtaí ar gharspriocanna nó spriocanna réamhshainithe a bhaint amach, rud nach mór a fhíorú sula ndéantar aon eisíocaíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbaineann an cur chuige sin, trí eisíocaíochtaí a dhíchúpláil ó chaiteachais iarbhír, an bonn ó rochtain ar shonraí costas iarbhír, rud a chuireann bac ar mheasúnuithe ar bharainneacht, ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht; á thabhairt chun suntais go gcoisceann an bhearna sonraí sin neamhrialtachtaí, rioscaí calaoise agus cistiú dúbailte a shainaithint go córasach, agus cumas an Aontais sásraí luathrabhaidh agus measúnuithe riosca sonraíbhunaithe a chur chun feidhme á lagú ag an am céanna;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, in éagmais fíorú caiteachais, go méadaítear an riosca go mbeidh meastacháin chostais neamhchruinne ann, sa tslí sin an bonn a bhaint de bhainistíocht fhónta airgeadais, de thrédhearcacht agus de chuntasacht; de bhrí gur thug CIE rabhadh arís agus arís eile faoi easnaimh i measúnuithe costais, inathraitheacht i gcaighdeáin iniúchta náisiúnta, agus laigí in acmhainneacht formhaoirseachta an Choimisiúin;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhféadfaí go gcaithfeadh an Coimisiún go neamhréireach leis na Ballstáit mar thoradh ar lánrogha leathan le linn a mheasúnú ar comhlíonadh garspriocanna agus spriocanna, nó go scaoilfí cistí roimh am sula gcomhlíonfar na coinníollacha eisíocaíochta ina n-iomláine;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur shainaithin CIE laigí i ndearadh chóras rialaithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, lena n-áirítear róspleáchas ar chomhlachtaí náisiúnta, rianta iniúchóireachta neamhiomlána, teipeanna sistéamacha agus rioscaí cur i bhfeidhm neamhréireach ar fud na mBallstát; ag tabhairt dá haire go bhfuil na laigí sin níos measa fós toisc ilroinnt agus neamhréiteacht na gcóras náisiúnta sonraí, rud a chuireann bac ar idir-inoibritheacht, ar bhrath tráthúil riosca agus ar chosaint éifeachtach sonraí pearsanta in oibríochtaí iniúchta agus rialaithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí go mbraitheann rialú ionstraimí feidhmíochtbhunaithe ar chreidiúnacht sásraí faireacháin náisiúnta; de bhrí go méadaíonn easnaimh sa smacht reachta an riosca do leasanna airgeadais AE, ó tá a gcosaint ag brath ar bhreithiúnacht neamhspleách agus ar chomhlachtaí frithchalaoise uathrialacha;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go n-éilíonn cuntasacht dhaonlathach go ndéanfaí ról na Parlaiminte mar reachtóir agus údarás buiséadach agus urscaoilte a choimirciú, le sásraí cuntasachta dochta agus trédhearcacht iomlán ar fhaighteoirí deiridh chistí an Aontais, agus de bhrí nár cheart na Ballstáit agus údaráis náisiúnta eile a mheas mar fhaighteoirí deiridh chistiú an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dúshláin a dhéanann difear do thrédhearcacht, do chuntasacht agus do rialú éifeachtach ionstraimí feidhmíochtbhunaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur i bhfáth, mar a fhoráiltear sa Rialachán Airgeadais, nach mór d’ionstraimí feidhmíochtbhunaithe prionsabail na dlíthiúlachta, na rialtachta, na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta a urramú agus nár cheart go ndéanfaí dochar choíche do bhainistíocht fhónta airgeadais agus do thrédhearcacht mar gheall ar shimpliú; á iarraidh go mbeadh rialuithe rioscabhunaithe agus comhréireacha ann, agus á áitiú gur cheart go ngabhfadh táscairí d’ionstraimí feidhmíochtbhunaithe torthaí nithiúla agus breisluach an Aonais seachas aschuir réamhshainithe amháin; á chur i bhfáth, nuair a dheartar i gceart iad, gur féidir leis na hionstraimí sin an bhéim ar thorthaí, ar athchóirithe agus ar iomaíochas a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) agus a fhócas ar dháileadh bunaithe ar chomhlíonadh sásúil garspriocanna agus spriocanna an chéad mhórionstraim fheidhmíochtbhunaithe ar leibhéal an Aontais atá bunaithe go heisiach ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais (FNLC); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh samhail STA a mhacasamhlú in ionstraimí airgeadais eile amhail an tSaoráid don Úcráin agus Saoráid na mBalcán Thiar; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tograí ón gCoimisiún chun samhail chomhchosúil a úsáid sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile d’fhormhór chláir mhaoiniúcháin an Aontais lena n-áirítear i gcás Cheannteideal 1; ag tabhairt dá haire gur dhreasaigh STA, go pointe áirithe, roinnt infheistíochtaí agus athchóirithe náisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ceachtanna a fhoghlaim ó na laigí criticiúla a nochtadh le samhail seachadta láraithe fheidhmíochtbhnaithe STA, mar a d’aithin CIE agus an Coimisiún, lena n-áirítear cuntasacht laghdaithe agus maoirseacht theoranta ar leibhéal an Aontais ar chomhlíonadh rialacha agus rialachán; á chur i bhfios go láidir nach mór trédhearcacht maidir le faighteoirí deiridh a chinntiú trí chóras tuairiscithe aonfhoirmeach, idir-inoibritheach ar fud an Aontais a mbeidh rochtain ag an gCoimisiún, ag CIE, ag OIPE agus ag an bParlaimint air; á thabhairt chun suntais gur féidir breisluach an Aontais a threisiú trí líon na dtionscadal trasteorann a mhéadú agus trí chumhachtaí cinnteoireachta dóthanacha na n-eintiteas fonáisiúnta a chinntiú, go háirithe na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i ndearadh agus i gcur chun feidhme na saoráide;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á mheas, cé go bhfuil sé beartaithe go mbeidh STA ina ionstraim fheidhmíochtbhunaithe, gur minic a thugann a chur chun feidhme tús áite do thorthaí seachas d’aschur;; á chur in iúl gur oth léi go bhféadfadh na garspriocanna agus na spriocanna atá sainmhínithe go doiléir, agus béim á leagan go príomha ar ionchuir agus ar aschuir seachas ar thorthaí, an bonn a bhaint de bhaint amach chuspóirí STA; á chreidiúint gur cheart eochairtháscairí feidhmíochta níos sonraí a bhunú le hionstraimí feidhmíochtbhunaithe amach anseo, lena gcinnteofar go dtiocfaidh infheistíochtaí le cuspóirí na hionstraime agus go soláthróidh siad tionchar dearfach agus breisluach soiléir don Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún a chinntiú go ndéanfar ionstraimí feidhmíochtbhunaithe amach anseo a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát, go mbeidh siad trédhearcach ina ndearadh agus cobhsaí le himeacht ama chun comhsheasmhacht, cuntasacht agus éifeachtacht fhadtéarmach a chothú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth gur baolach go gcruthaíonn spleáchas ar mheastacháin chostais ex ante, gan caiteachas iarbhír a fhíorú, bearna sa chuntasacht struchtúrach, go gcuireann sé teorainn leis an bhféidearthacht measúnú a dhéanamh ar luach ar airgead agus dá bhrí sin, go mbainfí an bonn de phrionsabail na barainneachta agus na héifeachtúlachta; á chur i bhfios go láidir gur gá sásraí fíoraithe rioscabhunaithe agus ábharthachtbhunaithe a chur chun feidhme le tairseacha atá sainmhínithe go soiléir le haghaidh seiceálacha éigeantacha; á iarraidh ar an gCoimisiún chun mianadóireacht sonraí, uirlisí cros-seiceála, agus anailísíocht a chomhtháthú go córasach in ionstraimí feidhmíochtbhunaithe amach anseo chun neamhrialtachtaí agus rioscaí éillithe agus coinbhleachtaí leasa a bhrath;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na tograí ón gCoimisiún chun úsáid ghinearálaithe a bhaint as maoiniú nach bhfuil nasctha le costais sa chéad CAI eile, á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach coimircí leormhaithe a bheith ann chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú i gcur chun feidhme chistiú an Aontais; á thabhairt chun suntais gur gá measúnú cúramach a dhéanamh ar aistriú suntasach den sórt sin i dtreo maoiniú nach bhfuil nasctha le costais a úsáid i bhfianaise na n-easnamh a sainaithníodh in ionstraimí feidhmíochtbhunaithe roimhe seo nó atá ann cheana, agus á chur i bhfáth gur gá meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar STA;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di an t-ualach fiachais agus na costais iasachtaíochta atá ag dul i méid san Aontas; ag tabhairt dá haire go meastar i dTuarascáil Bhliantúil 2024 ó CIE go bhféadfadh gur mhó ná EUR 900 billiún faoi 2027 iasachtaíocht gan íoc an Aontais, beagnach deich n-oiread leibhéal 2020 sular tugadh isteach pacáiste téarnaimh NextGenerationEU (NGEU); ag tabhairt rabhaidh go bhfuil riosca ag baint le costais iasachtaíochta atá ag ardú do bhuiséid amach anseo agus go gcuireann siad srian ar spás fioscach tosaíochtaí nua;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á dhearbhú go méadaíonn úsáid ghinearálaithe maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, agus an t-ualach riaracháin á laghdú go féideartha, an baol go mbeidh neamhrialtachtaí, cistiú dúbailte agus calaois ann, rud a laghdaíonn trédhearcacht agus inrianaitheacht chistí an Aontais; á chur i bhfáth go bhféadfaidh maoiniú tionscadal neamh-inmharthana atá ceaptha chun garspriocanna a chomhlíonadh, seachas luach ar airgead, leanúint as easpa naisc le costais; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról grinnscrúdaithe ag an bParlaimint le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a mhaoirsiú, go háirithe an t-údarás atá aici urscaoileadh a dheonú; á iarraidh go mbeadh rialachas láidir sa chéad CAI eile atá ceaptha chun a chinntiú gur féidir leis an bParlaimint a ról mar an t-údarás urscaoilte a fheidhmiú go hiomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil na gnéithe a bhaineann leis an smacht reachta i dtogra ón gCoimisiún don CAI do 2028-2034, agus á iarraidh ar chreat aontaithe, comhleanúnach agus cuimsitheach ar fud gach clár maoinithe AE faoi scáth an Rialacháin maidir le Coinníollacht; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh aon chur i bhfeidhm MNNC comhoiriúnach go hiomlán leis an rialachán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh OIPE, ag deireadh 2024, ag láimhseáil 311 chás ghníomhacha a bhain le NGEU, ar bhain gach cás seachas ceithre cinn acu le STA, arb ionann iad agus thart ar 17% de na himscrúduithe calaoise caiteachais ghníomhaigh uileagus méadú thart ar 51% ar chásanna a bhaineann le NGEU i gcomparáid le 2023; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb ionann an damáiste measta do leasanna airgeadais an Aontais agus EUR 2,8 billiún, arb ionann é agus 30% (i gcomparáid le 25% in 2023) den damáiste measta iomlán a eascraíonn as calaois chaiteachais uile an Aontais; á thabhairt chun suntais go bhfuil tuairisciú cásanna ag institiúidí AE fós íseal, rud a léiríonn tuilleadh imní faoi chumas an Choimisiúin ar chur chun feidhme STA a mhaoirsiú go héifeachtach; á mheabhrú, as 27 mBallstát AE, go bhfuil 24 Bhallstát páirteach in OIPE faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di go ndíríonn ionstraimí feidhmíochtbhunaithe a úsáideann FNLC níos mó ar iniúchtaí córais ná ar rialuithe ar chaiteachas arna thabhú go hiarbhír; ag tabhairt rabhaidh nach bhféadfaidh iniúchtaí córais den sórt sin saincheisteanna bunúsacha a nochtadh a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus an bonn a bhaint di agus ó chosaint leasanna airgeadais an Aontais; á chreidiúint, fiú faoin ollstruchtúr airgeadais reatha agus faoin tsamhail cur chun feidhme do chistiú an Aontais, go bhfuil laigí sistéamacha léirithe ag córais rialaithe roinnt Ballstát, rud a fhágann nach ndéantar calaois nó neamhrialtachtaí eile a bhrath agus a chosc, amhail i gcás OPEKEPE sa Ghréig nó na cásanna a bhaineann le cistí forbartha tuaithe sa tSlóvaic chomh maith le cásanna eile le déanaí i roinnt Ballstát, ina léirítear an gá atá le maoirseacht níos láidre ag AE; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, bearta ceartaitheacha cinntitheacha a dhéanamh, nósanna imeachta iniúchóireachta agus creidiúnaithe a neartú, agus a áirithiú nach féidir le teipeanna sistéamacha comhchosúla tarlú arís, agus prionsabal na comhréireachta maidir le dualgais tuairiscithe agus doiciméadachta á urramú ag an am céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil caighdeáin agus tairseacha soiléire sa reachtaíocht maidir le hionstraimí feidhmíochtbhunaithe, amhail STA, agus sna tograí ón gCoimisiún le haghaidh CAI 2028-2034 i gcás ina meastar nach leor córais náisiúnta bhainistíochta agus rialaithe nó nach bhfuil siad iontaofa, rud a fhágann, bearta ceartaitheacha nó fionraíochtaí faoi bhreithiúnas lánroghnach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn úsáid ghinearálaithe FNLC ar CIE agus ar na húdaráis iniúchta náisiúnta a ngníomhaíochtaí a oiriúnú go suntasach agus bogadh i dtreo cur chuige iniúchta éagsúil; ag tabhairt rabhaidh go mbeidh dúshláin shuntasacha ag baint le haistriú den sórt sin, gan ullmhacht na n-údarás iniúchóireachta a áirithiú, agus go bhféadfadh sé bearna struchtúrach a chruthú sa rian iniúchóireachta a mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha aige do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus don nós imeachta um urscaoileadh araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi na taifid iniúchóireachta neamhiomlána a thug CIE faoi deara faoi na hionstraimí feidhmíochtbhunaithe, amhail STA, lena lagaítear inrianaitheacht agus lena gcuirtear teorainn le cumas na Parlaiminte agus CIE grinnscrúdú a fheidhmiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil baol ann go mbeidh inathraitheacht i gcáilíocht agus i neamhspleáchas rialuithe mar thoradh ar spleáchas mór ar údaráis náisiúnta agus ar iniúchóirí seachtracha, gan coimircí láidre agus treoir mhionsonraithe ón gCoimisiún, cúnamh teicniúil agus oiliúint thiomnaithe maidir le modheolaíocht iniúchta feidhmíochta rud a chuireann an tAontas i mbaol clú agus cáile; á chur i bhfios go láidir, trí thacú le húdaráis náisiúnta iniúchta, go rannchuideofar le cáilíocht fheabhsaithe agus le comhsheasmhacht níos fearr;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á thabhairt chun suntais nach táscaire ratha, de réir sainmhínithe, iad ionsú nó eisíocaíochtaí cistí; á chur in iúl gur oth léi gur lean laghdú ar an uaillmhian a bhí beartaithe ar dtús, go háirithe i ndáil le hathchóirithe, as an mbéim ar ionsú sna leasuithe is déanaí ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheabhrú nach mór do na comhlachtaí iniúchta sna Ballstáit caighdeáin iniúchta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta a chomhlíonadh; ag tabhairt rabhaidh go mbaintear an bonn d’iontaofacht a gcuid oibre mura ndéantar amhlaidh agus go bhfuil rioscaí ag baint leis do chur chuige na hiniúchta aonair; ag cur sonrú i dtorthaí leantacha CIE ar easnaimh údarás iniúchta náisiúnta áirithe ó thaobh raon feidhme, cáilíochta, doiciméadachta agus tuairiscithe de; á chur i bhfáth gur gá creat soiléir freagrachtaí chun cáilíocht agus comhsheasmhacht a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag cur béim ar an bhfíoras go méadaíonn córais ilroinnte TF agus sonraí ar fud na mBallstát an riosca go mbeidh earráidí, neamhrialtachtaí, cistiú dúbailte, moilleanna agus tuairisciú neamhréireach ann; á mheabhrú, chun inrianaitheacht iomlán chistí AE a áirithiú, gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile go mbunófaí córas aonair comhtháite agus idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin, lena n-áirítear uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca, ina dtógtar ar na huirlisí agus ar na bunachair sonraí láithreacha – ach gan a bheith teoranta dóibh – i gcomhthéacs athmhúnlú an Rialacháin Airgeadais; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur dhiúltaigh na Ballstáit d’úsáid córais den sórt sin a dhéanamh éigeantach ó thús an chéad CAI eile; á chur in iúl gur geal léi iarracht leanúnach an Choimisiúin chun córas idir-inoibritheach den sórt sin a fhorbairt, ina dtógtar ar uirlis ARACHNE agus ag tathant ar na Ballstáit uile leas iomlán a bhaint as an gcóras sin; á chur i bhfáth go mbraitheann éifeachtacht aon samhla cistiúcháin nua ar iontaofacht agus comhsheasmhacht na mbunsonraí agus na n-uirlisí faireacháin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá córas idir-inoibritheach a dhearadh a chloíonn leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfios go láidir nach mór do chóras den sórt sin faisnéis chruinn agus thráthúil a sholáthar, bréagdheimhnigh a íoslaghdú agus feidhmiú go hiontaofa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus do gheallsealbhóirí a bheith rannpháirteach sa bhainistíocht chomhroinnte sa chéad CAI eile, lena n-áirítear i gcás ionstraimí feidhmíochtbhunaithe, i gcéim an deartha, na cinnteoireachta agus na pleanála agus i gcéim an chur chun feidhme agus an tseachadta araon trí chur chuige rialachais il-leibhéil, chun breisluach tionscadal trasteorann don Aontas a áirithiú agus chun díriú ar thorthaí intomhaiste seachas ar aschuir;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>ag tabhairt dá haire, trí dheontais agus ionstraimí airgeadais a chomhcheangal i gcreataí feidhmíochtbhunaithe, go gcuirtear le castacht agus go méadaítear na rioscaí a bhaineann le cistiú dúbailte, neamhrialtachtaí, calaois, róchúiteamh agus slabhraí cuntasachta laga; á chur i bhfáth, go háirithe, nuair nach bhfuil maoiniú nasctha le costais, go méadaítear tuilleadh an baol go mbeidh forluí ann idir sruthanna éagsúla cistiúcháin agus go mbaintear an bonn de dhearbhú na bainistíochta fónta airgeadais mar gheall ar an easpa fíoraithe costais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios nach gá go laghdaíonn faireachán feidhmíochtbhunaithe ualaí riaracháin, ó d’fhéadfadh córais laga fíorúcháin costais fholaithe a chruthú gan gan dearbhú a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí feidhmíochta a chuíchóiriú, teimpléid tuairiscithe a shimpliú, deireadh a chur le hiarrataí iomarcacha ar shonraí agus aghaidh a thabhairt ar chastacht nach gá na n-iarrataí ar íocaíocht; á mheas go bhfuil gá le fothú acmhainneachta ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit d’aon aistriú chuig úsáid samhlacha seachadta feidhmíochtbhunaithe toisc go bhfuil na riachtanais faireacháin, rialaithe agus iniúchóireachta i gcás samhlacha seachadta feidhmíochtbhunaithe éagsúil le riachtanais ionstraimí atá bunaithe ar aisíocaíocht costas incháilithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt rabhaidh, sa chomhthéacs geopholaitiúil reatha agus i bhfianaise an bhrú bhuiséadaigh mhéadaithe, go bhfuil an baol ann go n-aistreofar cothromaíochtaí institiúideacha i bhfabhar lánrogha feidhmiúcháin agus ar shiúl ón gcuntasacht dhaonlathach toisc úsáid mhéadaitheach ionstraimí feidhmíochtbhunaithe, gan aghaidh a thabhairt ar na laigí a sainaithníodh in STA, lena n-áirítear trí ghrinnscrúdú parlaiminteach a neartú; á áitiú nach mór don Pharlaimint agus don Chomhairle a bheith páirteach in aon samhail rialachais d’ionstraimí feidhmíochtbhunaithe ar théarmaí comhionanna; ag diúltú d’aon togra chun cur as don chothromaíocht institiúideach agus an bonn a bhaint de ról na Parlaiminte mar an t-údarás buiséadach agus urscaoilte;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Moltaí chun rialú, trédhearcacht agus cuntasacht ionstraimí feidhmíochtbhunaithe a neartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chreidiúint nár cheart samhail FNLC d’ionstraimí feidhmíochtbhunaithe a úsáid mar mhodh ginearálaithe cur chun feidhme nó aisíocaíochta idir na Ballstáit agus na tairbhithe, ach amháin i gcás tairbhithe beaga a chuireann tionscadail chun feidhme faoi thairseacha airgeadais áirithe, ina gcumasaítear córas seachadta simplithe fad a chothabháiltear creat rialaithe láidir; á chur i bhfios go láidir, go háirithe, gur cheart go leanfadh tionscadail mhórscála chasta de bheith bunaithe ar chostais, ó éilíonn a raon feidhme, a bhfad agus a maoiniú il-leibhéil tuairisciú airgeadais mionsonraithe agus sonraí caiteachais infhíoraithe chun faireachán agus cuntasacht chuí a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sásra a bhunú i gcás aisghabhálacha i gcásanna ina dtagann dialltaí suaithinseacha chun cinn idir meastacháin chostais ex ante agus seiceálacha ex post, go háirithe nuair a sheachadtar tionscadail faoi bhun an chostais a measadh ar dtús; á chur i bhfáth nach mór do na coigeartuithe sin caiteachas iarbhír a léiriú chun sláine airgeadais, luach ar airgead agus cuntasacht a chinntiú; á iarraidh go n-úsáidfí cnapshuimeanna agus roghanna costais simplithe go leanúnach agus go leathnaithe, go háirithe i gcás infheistíochtaí beaga nó meánmhéide, mar uirlisí éifeachtacha agus comhréireacha chun ualaí riaracháin a laghdú, inrochtaineacht a mhéadú do thairbhithe beaga, agus cuntasacht agus inrianaitheacht a choinneáil ar bun in úsáid chistí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á áitiú nach mór buiséad trédhearcach a bheith mar thoradh ar bhuiséad simplithe chomh maith; ag tathant ar an gCoimisiún rochtain phoiblí a thabhairt ar fhaisnéis nós imeachta, lena n-áirítear modheolaíocht an mheastacháin ar chostais, agus rochtain a thabhairt don Pharlaimint ar chostais mheasta na bpleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí (pleananna CNR);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>á iarraidh go mbeadh córas cuntasachta aontaithe ann a chumasóidh inrianaitheacht ranníocaíochtaí bhuiséad AE le tionscadail shonracha agus lena bhfíorthairbhithe deiridh, lena n-áirítear conraitheoirí agus fochonraitheoirí, chomh maith le húinéirí tairbhiúla; ag cur béim ar a thábhachtaí atá infheictheacht tionscadal arna gcistiú ag AE a chinntiú do na saoránaigh; á thabhairt chun suntais gur gá íocaíochtaí a nascadh le comhall garspriocanna agus spriocanna comhleanúnacha atá sainmhínithe go soiléir chun an t-ailíniú idir athchóirithe agus infheistíochtaí a neartú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá córas meastóireachta ex post a thabhairt isteach bunaithe ar na spriocanna a baineadh amach le gach ionstraim, arna dtomhas de réir a dtáscairí feidhmíochta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur i bhfáth nár cheart maoiniú ón Aontas a dheonú ach amháin do bhearta atá nasctha go díreach le tionscadail nithiúla infhíoraithe a léiríonn dul chun cinn nithiúil, torthaí intomhaiste, a rannchuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais, agus ar féidir faireachán agus iniúchadh éifeachtach a dhéanamh orthu, faoi réir tuairisciú trédhearcach, lena n-áirítear ar luach ar airgead agus ceanglais feiceálachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún staonadh ó mhodheolaíochtaí meastacháin costais casta nó amhantracha a thabhairt isteach, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó thrédhearcacht agus ó inchomparáideacht ar fud na mBallstát; á áitiú, ina ionad sin, go ndéanfaí roghanna costais simplithe comhchuibhithe agus infhíoraithe a fhorbairt agus a úsáid ar bhonn níos leithne a soláthraíonn soiléireacht, a laghdaíonn ualaí riaracháin agus a choinníonn leibhéal iomchuí cuntasachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh go mbeadh critéir shoiléire chomhlíonta ann chun a chinneadh cathain a chomhlíonann aon ionstraimí feidhmíochtbhunaithe aschuir nó torthaí beartaithe, le sainmhínithe aonfhoirmeacha ar fud na mBallstát;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe tréimhsiúla ar fhíorchostais a thabhaítear i gcur chun feidhme ionstraimí feidhmíochtbhunaithe i gcomparáid le meastacháin chostais na mBallstát chun neamhréireachtaí a chosc; á chreidiúint gur cheart go spreagfadh na measúnuithe sin rialuithe agus iniúchtaí go huathoibríoch i gcásanna ina bhfuil difríochtaí suntasacha idir fíorchostais agus costais mheasta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á áitiú nach mór comhghaol idir na hiarratais ar íocaíocht agus comhlíonadh garspriocanna agus spriocanna ar thaobh amháin agus cur chun feidhme tionscadal nithiúil ar an taobh eile a bheith ag teastáil chun aon úsáid a bhaint as samhail FNLC; á chur i bhfáth go bhfuil inrianaitheacht chistiú an Aontais i mbaol go mór gan an comhghaolú sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>á iarraidh go mbunófaí córas aonair comhtháite, idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin, lena n-áirítear uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca; á éileamh nach mór úsáid an chórais idir-inoibrithigh nua sin a bheith ina réamhchoinníoll chun rochtain a fháil ar chistiú ón Aontas sa chéad CAI eile; á éileamh go gcruthóidh an Coimisiún deaiseanna atá inrochtana go poiblí, lena lamháiltear do na saoránaigh measúnú a dhéanamh ar an luach a ghintear le cistiú ón Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún ardanailísíocht sonraí agus uirlisí IS a úsáid chun rianú feidhmíochta, meastóireacht agus tuairisciú a fheabhsú, ualach oibre láimhe a mhaolú agus na próisis tuairiscithe a chuíchóiriú, agus cistiú dúbailte agus rioscaí eile a chosc chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á éileamh go mbunódh agus go bhfoilseodh an Coimisiún tairseacha soiléire i gcás bearta ceartaitheacha, lena n-áirítear leibhéil déine, chun cóir chomhionann agus forfheidhmiú comhsheasmhach a ráthú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>á áitiú nach mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhall na ngarspriocanna agus na spriocanna, agus na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil á gcur i gcuntas agus nach mór dóibh modheolaíocht thrédhearcach chaighdeánaithe a leanúint, le scóráil dhoiciméadaithe agus bonn cirt cuí le haon dialltaí os cionn na tairsí dlíthiúla; á iarraidh go gcuirfí gach comhad measúnaithe ar fáil don Pharlaimint agus do CIE;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á éileamh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann i gcur chun feidhme ionstraimí feidhmíochtbhunaithe, lena gceanlaítear foilsiú tráthúil mheasúnuithe uile an Choimisiúin, tuarascálacha náisiúnta, achoimrí iniúchta, agus gníomhaíochtaí téarnaimh, i bhformáidí atá inrochtana, inchomparáide, infhíoraithe agus furasta le húsáid, lena n-áirithítear gur féidir leis an bParlaimint, le CIE agus leis na saoránaigh grinnscrúdú a dhéanamh ar úsáid chistí an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart go leanfadh rochtain ar fhaisnéis cur chuige cascáide, lena n-áirithítear rochtain fíor-ama iomlán agus neamhshrianta do CIE, ceart ráthaithe agus neamhshrianta don Pharlaimint ceisteanna a chur agus faisnéis a iarraidh, agus rochtain iomchuí, thrédhearcach do shaoránaigh i gcomhréir le rialuithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; á mheabhrú nach mór do gach beart trédhearcachta na ceanglais cosanta sonraí faoi RGCS agus faoi reachtaíocht ábhartha eile an Aontais a chomhlíonadh; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór cur chun feidhme agus dul chun cinn iarbhír na dtionscadal a léiriú go cruinn sna sonraí poiblí atá ar fáil, seachas gealltanais nó eisíocaíochtaí pleanáilte a dhéantar chun garspriocanna agus spriocanna faoi phleananna náisiúnta a chomhlíonadh agus chuige sin amháin, agus ar an gcaoi sin fíorléargas a thabhairt ar na torthaí a baineadh amach ar an láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á chur i bhfáth nach mór rochtain a bheith ag CIE ar bhunachair sonraí agus córais faisnéise uile an Choimisiúin a úsáidtear chun sonraí idir an Coimisiún agus na Ballstáit a bhailiú, a mhalartú agus chun faireachán a dhéanamh orthu; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh rochtain dhíreach agus phras ag CIE ar na sonraí bunaidh arna dtaifeadadh sa chóras, gan modhnú, comhiomlánú ná eagarthóireacht roimh ré ag údaráis náisiúnta ná ag seirbhísí an Choimisiúin; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an rochtain sin bunriachtanach chun neamhspleáchas, iontaofacht agus éifeachtacht iniúchtaí a áirithiú agus chun seasamh le trédhearcacht agus cuntasacht i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á iarraidh go n-áireofaí i dtuairisciú feabhsaithe ar ionstraimí feidhmíochtbhunaithe sonraí ar leibhéal an tionscadail atá comhchosúil le sonraí an Bheartais Comhtháthaithe, lena soláthrófar dáileadh geografach an chistithe agus na n-idirghabhálacha ar an leibhéal fonáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>á iarraidh go gcuirfí feabhas ar thaifid iniúchta trína cheangal go ndéanfaí doiciméadú córasach ar chéimeanna fíorúcháin agus trína áirithiú go mbeidh taifid iomlán, inrochtana agus in-iniúchta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>á éileamh go gcuirfeadh an Coimisiún coimircí láidre i bhfeidhm chun obair iniúchta seasmhach, neamhspleách agus ardcháilíochta a áirithiú ar fud na mBallstát uile, lena n-áirítear trí threoir mhodheolaíoch mhionsonraithe, cúnamh teicniúil inbhuanaithe i gcás ina léiríonn údaráis iniúchta laigí leanúnacha, agus oiliúint thiomnaithe ar chaighdeáin iniúchta feidhmíochta; á áitiú nach mór spleáchas ar na húdaráis náisiúnta agus ar na hiniúchóirí seachtracha a bheith coinníollach ar chomhall na gcoimircí sin chun inathraitheacht i gcáilíocht an rialaithe a chosc; á iarraidh ar na Ballstáit coimircí a bhunú chun neamhspleáchas na n-údarás náisiúnta iniúchta ar na comhlachtaí polaitiúla agus riaracháin atá freagrach as bainistiú cistí a chinntiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>á iarraidh go dtabharfaí isteach uirlisí anailíseacha tuarthacha arna gcumhachtú ag IS chomh maith le cumais mheaisínfhoghlama a chumasódh d’iniúchóirí measúnuithe riosca fíor-ama a dhéanamh agus aimhrialtachtaí a aithint ar shlí níos éifeachtaí agus iniúchtaí luach ar airgead agus athbhreithnithe spriocdhírithe a dhéanamh i gcásanna easnaimh sheasmhacha arna sainaithint ag CIE; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá uirlisí uathoibrithe mianadóireachta sonraí agus IS a ghiaráil chun aimhrialtachtaí a shainaithint agus oibleagáidí tuairiscithe breise ar thairbhithe comhlíontacha á seachaint ag an am céanna; á mheabhrú nach mór na teicneolaíochtaí IS sin a úsáid i gcomhréir iomlán le rialacha cosanta sonraí AE agus nach mór tacú leo trí oiliúint chuimsitheach do na húdaráis náisiúnta iniúchta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún coimircí d’ionstraimí airgeadais a neartú, lena n-áirítear uasteorainneacha táillí bainistíochta níos déine, rialacha trédhearcacha maidir le dámhachtainí díreacha, agus rialuithe chun cistiú dúbailte agus sáruithe ar rialacha maidir leis an státchabhair a chosc; á éileamh nár cheart go ndéanfadh uasteorainneacha na dtáillí bainistíochta, go háirithe i gcás dámhachtainí díreacha do bhainisteoirí cistí i gcás táirgí cothromais nó cuasachothromais, an luach ar airgead de thacaíocht an Aontais a chreimeadh, go háirithe i gcás ina bhfuil líon na n-oibríochtaí measartha beag;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á athdhearbhú gur gá trédhearcacht a fheabhsú trí shamhail Scórchlár STA a leathnú chun na n-ionstraimí feidhmíochtbhunaithe uile, chun tráthúlacht agus inchomparáideacht an tuairiscithe náisiúnta a fheabhsú, agus chun rochtain phoiblí, inrianaitheacht agus cuntasacht a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún idir-inoibritheacht iomlán chórais sonraí AE agus náisiúnta a chinntiú, ionchuir de láimh a laghdú, cáilíocht sonraí a fheabhsú agus inrianaitheacht fíor-ama a chumasú síos go dtí leibhéal na dtairbhithe deiridh; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún a chinntiú go mbeidh sonraí ar fhíorfhaighteoirí deiridh cistithe ionstraime feidhmíochtbhunaithe, lena n-áirítear conraitheoirí agus fochonraitheoirí, ar fáil i bhfíor-am do na húdaráis iniúchta agus urscaoilte agus do OIPE agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á áitiú nach mór sainchumais na Parlaiminte mar reachtóir, údarás buiséadach agus údarás urscaoilte a urramú go hiomlán, agus go dtabharfar rochtain di ar na sonraí uile is gá chun a feidhmeanna a fheidhmiú;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>